Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 Mar 2004

Vol. 581 No. 6

Seachtain na Gaeilge: Statements (Resumed).

Sula cuireadh an díospóireacht ar athló bhí mé ag caint ar thábhacht na Gaeilge agus ar thábhacht na seachtaine seo. Tréaslaím, uair amháin eile, leis na daoine a chuir an smaoineamh seo ar aghaidh. Beidh mé ag éisteacht go cruinn agus go cúramach lena mbeidh le rá ag an bhFreasúra.

Is aisteach an rud é nach mbíonn níos mó díospóireachtaí sa Teach seo ar an nGaeilge. Scaití, ceapaim go mbíonn faitíos ar dhaoine ceist na Gaeilge a phlé. Creidim go bhfuil todhchaí ag an nGaeilge. Ceann des na rudaí is mó a thugaim faoi deara áit ar bith sa tír ná go bhfuil daoine óga le Gaeilge agus a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge. B'fhéidir go bhfuil sin ann de thoradh na Gaelscolaíochta ach sílim féin go bhfuil sé ann ar chúis eile freisin, is é sin, go bhfuil an sean droch-mheas a bhí ag Éireannaigh orthu féin agus an tuairim a bhí ag go leor daoine go gcaithfear dul ar imirce le maitheas a dhéanamh, imithe imeasc an aosa óig. Creideann aos óg na tíre seo anois go bhfuil todhchaí acu ina dtír féin, gur féidir leo dul thar sáile — go deimhin, is beag duine óg sa tír nach raibh thar sáile ag am éigin — ach ag an am gcéana creideann siad go bhfuil a dtodhchaí sa tír seo má roghnaítear é sin, agus roghnaíonn a bhformhór mór é sin a dhéanamh.

Rud amháin go bhfuil mé buartha faoi ná go bhfuil dhá aicme ag fás aníos sa tír. Tá dream le Gaeilge an-mhaith — agus tá siad i ngach uile choirnéal den tír — agus feictear dom go bhfuil níos mó daoine ann anois nach bhfuil Gaeilge ar bith acu. Is deacair dom a thuiscint cén chaoi is féidir le daoine 13 bliana a chaitheamh ar scoil agus gan an Ghaeilge a thabhairt leo. Is ceist í sin go gcaithfimid breathnú air go dearfach agus ceist a chur orainn fein cén chaoi a dtarlaíonn sé sin. Cén chaoi gur féidir leis tarlú go mbeifeá ag suí istigh i rang ag éisteacht le Gaeilge lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine agus bliain i ndiaidh bliana agus nach dtabharfá fiú cupla abairt leat? Is ceist mhór teangeolaíochta í sin, chomh maith le gach uile shórt eile.

Is cuimhin liom scoláirí ag fanacht i mo theach féin san nGaeltacht ag foghlaim na Gaeilge agus, tar éis b'fhéidir seacht nó ocht nó 10 mbliana ar scoil, gan iad in ann trí nó ceithre abairt a chur le chéile. Ach tar éis trí seachtainí bhíodar réasúnta líofa agus in ann iad féin a gcur in iúl agus comhrá a choinneáil. Má bhíodar in ann an méid sin a fhoghlaim i dtrí seachtainí le caitheamh aimsire agus le spraoi agus spórt, ba dheacair dom a thuiscint cén fáth nach shin an chaoi a rabhamar ag múineadh na Gaeilge ins na scoileanna? Is minic a dúirt mé ina dhiaidh sin go mb'fhéidir go mba cheart dúinn éirí as bheith ag múineadh na Gaeilge mar atáimid á dhéanamh agus go mb'fhearr teilifíseáin a gcur isteach sa rang scoile agus cupla cartún a chur air agus go mb'fhéidir go bhfoghlaimeodh na gasúir an Ghaeilge i bhfad níos fearr ar an mbealach sin. Go deimhin, is é an chaoi a fhoghlaimíonn gasúir teanga ná ó bheith ag éisteacht le rudaí á rá arís agus arís eile.

Is minic a chonaic muid daoine a raibh Gaeilge mhaith acu ag fágáil na scoile ach gur imigh siad as cleachtadh. Nuair a castar orthu deich mbliana ina dhiaidh sin níl an dá fhocal féin fanta acu. Ó tharla go bhfuil TG4 ann agus i bhfad níos mó daoine le Gaeilge ag breathnú ar chláracha Gaeilge agus ar chluichí peile ar TG4, beidh sé spéisiúil a fheiceáil an gcoinneoidh siad sin i dtiúin i bhfad níos mó leis an nGaeilge ná mar a choinnigh an ghlúin nach raibh aon teagmháil acu le Gaeilge nuair a d'fhág siad an scoil. Ceann des na rudaí tábhachtacha a bhain leis an Acht teanga go mbeadh an Ghaeilge feiceálach, go mbeadh sí mar chuid den saol taobh amuigh den scoil agus mar ghnáth chuid de shochaí na tíre. Thar aon mheán eile, tá an teilifís cumhachtach. Ardaíonn sé mo chroí an méid daoine a bhreathnaíonn ar na cluichí agus ar a leithéid de Ros na Rún agus na cláracha eile a bhíonn ar TG4. Sílim go mbeidh tionchar aige sin ar thuiscint dhaoine a chaillfeadh an teanga murach é agus, le cúnamh Dé, ar a gcumas í a labhairt.

I ngach uile choirnéal den tír feicimid daoine atá in ann agallamh a dhéanamh i nGaeilge. Scaití bíonn siad sách briotach agus scaití eile bíonn siad thar cinn. Ach níl rud ar bith a tharlódh sa tír nó áit ar bith a dtiocfá nach bhfaighfí daoine le Gaeilge, agus b'fhéidir daoine nach Gaeilgeoirí iad ach atá in ann agallamh a dhéanamh tré Ghaeilge agus iad féin a chur in iúl.

Is rud maith é go bhfuil an díospóireacht seo ann agus go bhfuil aird an Tí dírithe ar cheist na Gaeilge, ar thábhacht na Gaeilge agus ar an stádas atá ag an nGaeilge sa tír seo, is é sin, gurb í an chéad teanga oifigiúil agus teanga náisiúnta na tíre í.

Tá an díospóireacht seo an-thábhacht ar fad. Aontaím leis an Aire nuair a deir sé go mba chóir go mbeadh níos mó díospóireachtaí sa Teach as Gaeilge. Gan aon dabht, tá níos mó Gaeilge á labhairt ná mar a labhraítear sa tsean-am.

Since we got our independence we have spent a great deal of money on the Irish language. Tá na milliúin punt caite ins na scoileanna, ins na Gaeltachtaí agus ins na meáin cumarsáide. Tá feabhsanna tagtha ó thaobh na Gaelainne de agus tá stádas níos fearr, stádas oifigiúil, aici sa tír. Tá airgead faighte ag Conradh na Gaeilge agus na dreamanna a bhfuil suim acu san nGaelainn agus chun an Ghaelainn a chur ar aghaidh. Tá ag éirí go maith le Raidió na Gaeltachta agus ag TG4. Ag an am gcéana níl an Ghaelainn ag dul ar aghaidh sa Ghaeltacht. Ní fheadar an bhfuil níos mó daoine óga ag labhairt na Gaelainne anois ná mar a bhí 20 bliain ó shin.

We must consider how the Irish language has progressed since the foundation of the State. Statistics show that in 1926 there were 530,000 Irish speakers while from the recent census more than 1 million people claim to have a reasonable knowledge of the language. However, the number of Gaeltacht speakers has reduced alarmingly, despite the great investment and financial support successive Governments have given to the Gaeltacht. The Coimisiún na Gaeltachta report shows that young people in Gaeltacht areas are not as attracted to the language as they used to be. It is feared that many of these areas will disappear in one, two or three generations' time. This is the one issue we are all trying to address and prevent from happening.

It is not a question of money, State support or goodwill in the communities. For some reason the language is not as attractive as it used to be. There were economic reasons in the past. When people emigrated, the language was not seen as much use in securing a job abroad. The language is now useful to people, but that psychological barrier still remains when attempting to increase its usage. I have three sons who went to the Kerry Gaeltacht in the summer, where they had a good time; bhí am an-mhaith acu. Caithfimid mé a rá nach labhraíonn siad Gaeilge anois. Iarraim orthu Gaeilge a labhairt agus an rud beag seo a dhéanamh, ach ní dhéanfaidh siad é. Níl siad buartha fá Gaeilge a labhairt. They are not concerned about speaking Irish. Perhaps it is because they are young or perhaps it is because they do not realise the importance of a historic language or the richness and wealth of the culture, such as its beautiful poetry and writing, but the reality is that they are not speaking it.

As I said, despite our best will, that is a significant issue for the parents who are driving and helping in the issue ó thaobh na nGaelscoileanna dé. The number of Gaelscoileanna has increased successfully, but the reality is that it is a primary school movement at the moment, and if a student wants to continue his or her secondary education in Irish, it is not possible to do so. I think that only about five post-primary schools have Gaelscoileanna. That issue must be addressed because when students who learn all their subjects through the medium of Irish in primary school go into the post-primary sphere, the opportunity to go to a Gaelscoil does not exist for the vast majority of them. The Gaelscoileanna movement is an active and progressive movement. It links in with post-primary schools throughout the country to try to press the issue and make progress on it, but the reality is that there is not an equal driving force in the Department of Education and Science that puts forward that agenda successfully. That must be addressed.

Another issue that must be addressed is the availability of textbooks in Irish. An ceann is tábhachtaí ná foclóir. Where do our foclóir come from? If one goes into the main bookshop in Dingle to which I go, the most recent foclóir one can find goes back to some time in the 1980s — I cannot give the exact year. We are about 20 years behind. If somebody wants to use a modern dictionary, such is not available. Efforts are being made in that regard, and an important, academic and worthwhile project is under way, but we should do more on the Idirlíon. I would like to have greater access to a general knowledge foclóir to research speeches for the Dáil and pick up some more modern words than my school-based vocabulary. There have been a lot of successes, but the basic point about a dictionary in Irish needs to be addressed. It is silly that we do not have a modern one. The availability of other textbooks is also a serious disadvantage to those who want to learn Irish.

I will say a few words about going to the Gaeltacht and compare it to language schools in other languages in our country. Again, as a parent, I can speak from personal experience. Two of my children have gone to French summer schools in different colleges. Having done so, they have successfully increased their use of French, but the same was not true of their experience in the Gaeltacht. That is not a criticism of the professionalism or the knowledge of the teachers concerned. Perhaps we need to be more focused in our summer schools in Irish. Perhaps we need to look at and learn from the new language courses. They may be more dynamic than some of the courses that are available in the Gaeltacht. I am not criticising the people who are involved in those. I have no doubt that the people who went to the Minister's home to learn Irish could not have gone to a better place.

The bean an tí and the fear an tí throughout the Gaeltacht areas are committed to what they do, and no money will pay them for that. Few couples will give over their homes for three months in the summer to help people who speak Irish, so they have made a great contribution. Nevertheless, I am not convinced go bhfuil an caighdeán chomh hard nó chomh nua-aimseartha agus a d'fhéadfaí. That may or may not be controversial, but it is my personal view.

The added value of a holiday in the Gaeltacht could certainly be improved in terms of the available facilities and amenities. There is a lack of progress and amenities. There has certainly been no planned improvement in the Gaeltacht areas, although I am again probably only talking about Kerry. I would love some of the money that goes into the courses to be used significantly to improve the amenities for the young people who are on the courses. Perhaps the Minister will work out with the course providers a sum of money that could be put aside each year, if that is not already being done, to target such improvements. I have looked for many years at the same old derelict basketball court with the netting gone. It is just not good enough and it is not acceptable. People spend money in the Gaeltacht and they do not get value for it. The amenities should be improved. That would also add greatly to the lives of others who are not on Irish courses but have children in the area and might want to use the amenities.

We have worked together well in Parliament on Irish language issues. There is no fundamental disagreement between us, although there is a difference of emphasis and of policy on, for example, the status of Irish in the European Union. Fundamentally, we are all together, and the Minister's speech, which I have read, was made in the spirit of that collective effort to improve matters. Tonight is not an opportunity for scoring political points.

Sa chuid seo den tír sna bunscoileanna, tá múineadh na Gaeilge uafásach ar fad. Níl treoracha ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta ó thaobh na Gaeilge de. I say that in inverted commas. Particularly on this eastern seaboard, the teaching of Irish in primary schools is inadequate. It is just not good enough. The Minister said that he is concerned, as we all are, that young people leave primary school without two words of Irish to put together or unable to put two sentences together. We need to direct our attention to the teaching of Irish in primary schools. We need a radical reappraisal of where we are going and of the quality of the product, which in some cases is very poor, at the end of the primary school years. It is just not good enough that students leave school with no knowledge of the language. I am not blaming individual teachers, I am saying that a new ethos, a new focus and a new approach are needed in the teaching of Irish in primary schools. If we had those, we might make progress and our children would leave school with some basic, fundamental knowledge of and interest in the language.

Peig Sayers may no longer be on the curriculum, and I would not criticise the oral tradition, but the heroes of young people are modern. They are U2, Westlife or whoever. We need to focus all our attention on making it attractive to speak the language. To speak young people's language in Irish, we have to mirror their lives and interest, and we have failed to do that. That is the challenge. It shows us the need for reappraisal. It is the future of Irish. If there is to be a future for Irish, it must be in a radical reappraisal of all those issues.

Aontaím leis an Aire go bhfuil sé tábhachtach go mbíonn díospóireachta sa Teach as Gaeilge agus molaim a méid a dúirt sé, go speisialta faoi chlár leathuair a chloig sa tseachtain as Gaelainn ar TG4. Má labharfaidh Teachta Gaelainn istigh anseo, ní bheidh sé ar an teilifís agus ba cheart go mbeadh. Is teanga náisiúnta í an Ghaeilge ach níl suim ag na hiriseoirí sa Ghaeilge. Tá suim ag TG4, Raidió na Gaeltachta agus cuid de na nuachtáin ach de ghnáth is cuma le formhór na meán. Caithfimid sin a athrú.

Molaim Seachtain na Gaeilge agus tá súil agam go mbeidh coicís na Gaeilge ann an bhliain seo chugainn. Tá muid uilig ar chomhaigne agus dáiríre ó thaobh polasaí na Gaeilge go ginearálta. Cé nach bhfuil Gaelainn ag achan duine sa Teach, tá meas acu uirthi. Sin rud an-mhaith don am atá romhainn. Molaim an díospóireacht agus beidh mé ag éisteacht leis na cainteoirí uilig.

Tá áthas orm go bhfuil seans agam cupla focal a rá ar an ábhar tábhachtach seo a bhaineann linn go léir. Gabhaim mo bhuíochas leis an Aire as ucht an méid a dúirt sé faoin tábhacht a bhaineann le bunú Theilifís na Gaeilge.

Aontaím go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh téacsleabhair ar fáil ins na scoileanna ionas go mbeadh na hábhair go léir ar fáil go rialta gan stró acu san a dteastaíonn uathu ábhair a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá sé tábhachtach chomh maith go gcuirfear feabhas suntasach ar oiliúint mhúinteoirí agus ar chaighdeán na Gaeilge atá ar fáil ins na scoileanna.

Agus mé ag ullmhú dos na ráitis seo bhí mé ag léamh píosa taighde a rinne Micheál Ó Ruairc, An Inquiry into the experience of Language Shift in an Irish Context. Bhí an t-Uasal Ó Ruairc ina scoláire iar-chéime in ollscoil i Londain nuair a rinne sé agallaimh le seachtar gcainteoir a raibh Gaeilge acu. Léirigh siad an taithí a bhí acu ar an saol mór tar éis na Gaeltachtaí a bhfágáil agus a bheith ina gcónaí i Londain. Is cuimhin liom an frithfheachtas i gcoinne Theilifís na Gaeilge. Léirigh an feachtas sin nithe áirithe dom féin agus bhí sé an-chonspóideach nuair a labhair mé faoi ag oscailt oifigiúil an stáisiúin, is é sin an self loathing a bhí i gceist.

Is íontach an rud nár cailleadh an teanga go hiomlán mar brúdh an athrú teanga orainn. Achtaíodh an chéad acht in gcoinne úsáid na Gaeilge i gCill Choinnigh i 1366 agus lean an polasaí uaidh sin. Sa 19ú a cailleadh an chuid is mó den teanga.

Is é seo a dúirt Frantz Fanon i 1977:

Every colonised people — in other words every people in whose soul an inferiority complex has been created by the death and burial of its local cultural originality — finds itself face to face with the language of the civilising nation: that is, with the culture of the mother country. The colonized is elevated above his jungle status in proportion to his adoption of the mother country's cultural standards. He becomes whiter as he renounces his blackness, his jungle.

Scríodh i 1996 faoin féin-ghráin a thagann as sin:

In the Irish case differences in language and expression became equated not only with the comic but with the inept.

Tá sin an-thábhachtach. Is é an rud a bhí ag cur as dona lán des na daoine a bhí i gcoinne, mar shampla, bhunú Theilifís na Gaeilge ná go raibh an teanga ann fós agus nach raibh sí marbh. Dá mba rud é nach raibh sí tábhachtach dóibh ba chóir go mbeadh sí marbh. Bhí an Ghaeilge mar sórt paradox den phearsantacht a cheap siad a ba chóir a bheith acu.

Tugann an file Nuala Ní Dhomhnaill "teanga na Mórmháthar" ar an nGaeilge. Ceann des na mothúcháin nua atá agam féin i leith na Gaeilge ná go dtugann sí seans dom teagmháil a dhéanamh leis an samhlaíocht a bhí ag mo shinsir, is é sin, an ceangal idir na glúine atá imithe a neartú agus teagmháil a dhéanamh leis an oidhreacht sin.

Scríobhann an staraí, Joe Lee, faoin nGaeilge agus faoi gcaoi inar bheag nár chailleamar í. Scríobh sé i 1989:

It may be that there is an Irish emotional reality which is silenced in English. It may be too that many Irish no longer experience that emotional reality, that it has been parched out of them, that a particular stream of Irish consciousness has dried up with the decay of the language.

Muna bhfuil do theanga agat ní féidir an scéal iomlán a bheith agat agus ní féidir an stair iomlán a bhailiú. Caithfidh tú a bheith ag obair an t-am go léir trí theanga eile. Inár gcás is é sin an Béarla. Deir Joe Lee chomh maith:

[Irish] fell into bad company again with the founding of the State. The ethos of the official revival, despite the commitment of genuine revivalists, fostered precisely those qualities of the national character that were accentuated by colonial experience, ambiguity, evasiveness, furtiveness, mendacity.....

The blind frenzy that can still be provoked by the defiant refusal of a conquered language to lie down and die exposes the destructive passions smouldering behind the facade of metropolitan rationality.

B'fhéidir go raibh an cóilíneachas agus an chaoi inar brúdh an Béarla orainn mar údar ar an chéad ionsaí ar an dteanga féin agus ar laghdú na teanga ins an 19ú aois. Caithfimid an cheist a cur orainn féin, cad atá taobh thiar den doicheall atá ann an Ghaeilge a bheith againn? Sin an rud a bhí i gceist ag Joe Lee i 1989 agus a bhí taobh thiar dóibh san a bhí chomh dearg sin i gcoinne Theilifís na Gaeilge.

Scríobh Joe Lee:

It is more unusual for descendants of a destroyed culture to join in the disparagement of a lost language. It smacks of a parricidal impulse. The failure to revive the language has to be justified on the grounds that the discarded language was not worth reviving anyway. The values of the destroyer can thus be legitimised and internalised.

Bhí an meon sin le sonrú san bhfrithfheachtas i gcoinne Theilifís na Gaeilge agus tá sé ann fós. D'éirigh le Teilifís na Gaeilge agus le Raidió na Gaeltachta. Aontaím go hiomlán leis an Aire faoi Ros na Rún. Tá sé i bhfad níos úra mar scéal ná a lán des na soaps eile.

Tá taighde Mhíchil Uí Ruairc an-shuimiúil. Deir na daoine a labhair leis go bhfuil dhá phearsantacht acu, ceann amháin a léiríonn siad trí Bhéarla nuair atá siad ag déanamh teagmháil le daoine i Londain agus ceann eile nuair atá siad ag úsáid na Gaeilge agus ag caint faoi nithe níos doimhne, faoi mhothúcháin agus faoi rudaí a bhaineann leis an gcroí agus leis an bpearsantacht. Mar shampla, labhrann duine acu mar seo:

Níl sé bliain ó shin bhí mé fhéin agus mo dheirfiúr i mBaile Átha Cliath agus bhí muid ag caint agus, [bhí] bean ina suí le na rudaí agus d'fhiafraigh sí dinn ar Íoslainnis a bhí muid a' labhairt nó ceann dhe na teangacha Lochlannacha. Agus cuireann an cineál ruda sin gráin orm... agus ansin, ’Oh, Irish!’ [le drochmheas]

Deir bean eile a labhair le Mícheál Ó Ruairc gur cheap a máthair gur teanga an bhochtanais a bhí sa Ghaeilge agus níor labhair sí. Ach lean a hathair ag labhairt Gaeilge lei agus deir sí:

.....bhí an neamhspleáchas ionamsa — tagann sé sin ó muintir m'athar — bhíodar sin lán dó sin i gcónaí, so bhí an dúchas ann. Ach ina theannta sin bhí saol eile feicthe agamsa chomh maith. So cheapas go raibh an áit seo ceart go leor ach bhí saol eile lasmuigh, 'bhfuil fhios agat. Mura raibh aon eolas acu sin air ní ormsa a bhí an lucht! Thuigeas riamh go raibh dhá shaol difriúil ann. Bhain sé an-mhór le teanga, cúrsaí teangan. Ach ar ndóigh níor thuigeas go coinsiasach é — d'athraíos ó theanga go teanga gan cuimhneamh.

Tá sé tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge againn mar uirlis san nua-aois. Phlé muid an tseachtain seo caite an tábhachtach atá ag baint le haitheantas ar an Ghaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach, cé nach bhfuil muid ar aonfhocal ar an gcaoi sin a dhéanamh sa ngar-thréimhse. Tá sé níos tábhachtaí fós mar chuid dár n-aitheantas féin, dár gcultúr agus mar uirlis teangbhála, ní amháin leis an litríocht, ach leis an saol agus na scéalta a bhí ag na daoine nach maireann.

Bhí sé suimiúil an dearcadh a bhí ag duine de na buachaillí, Cathal, sa suirbhé"An Inquiry into the experience of Language Shift in an Irish Context", tráchtas ME ag Micheál Ó Ruairc, agus é ag caint faoin gcaoi a cuireadh brú dul isteach i bhfaoistin agus í a dhéanamh tré Bhéarla. Níor thuig sé coincheap na bpeacaí tré Bhéarla, he did not have English sins, agus bhí air iad a chumadh sa dóigh is go mbeadh sé in ann labhairt leis an sagart. Dúirt sé:

Bhuel, is beag peacaí a bhí againin sa mbunscoil, pé scéal é. Ní raibh an iomarca aird ag na múinteoirí ar pheacaí sa mbunscoil. Is nuair a thagann tú in aois an inmhe agus in aois fir, a tháinig na rudaí sin chun cinn, go háirid sna meánscoltacha an dtuigeann tú, agus.....Bhí teagasc Críostaí ionta agus ag na heaspaig agus mar sin de ann.....agus bhí go leor stuif ann faoi peacaí'gus smaointe peacaí agus chuile shórt eile. Ba ag a stáit sin a tháinig an fhoclaíocht Bhéarla isteach — céard is peaca ann agus mar sin. Bheadh sé deacair ag leaid a rugadh agus a tógadh i gConamara, nach raibh aon eolas aige ar pheacaí ach amháin ar thaobh na n-ainmhithe, dul ar a bhus nó traein, dul go meán-scoil Béarla agus ansin dhul ag inseacht peacaí as Béarla! Ca bhfaca sé na peacaí seo? Ní raibh aon bhaint acu leis.

Cuireadh i gcoinne na Gaeilge i 1336, agus sa 19ú haois tháinig an bata scoir dá labharfadh gasúr Gaeilge. Bhí an coilíneachas mar údar ar a lán a cailleadh ach ó bunaíodh an Stát bhí institiúidí eile ann ag deireadh an 19ú aois, an eaglais san áireamh, a chuir i bhfabhar an teanga a bhí ag brú ar an teanga eile. Bhí cogadh i gcónaí idir an dha theanga. Ceapann daoine áirithe nach bhfuil ach dá theanga ar an domhan, an ceann atá aige agus an ceann atá á bhrú air. Ceann de na deacrachtaí sa nua aois ná an doigh nár éirigh leis an Ghaeilge éigeantach mar cheap daoine go raibh sé á bru orthu.

Dá mba rud nach raibh méadú ag teacht orthusan atá ag baint úsáide as an teanga ar bhúnus laethúil go mbeimis ag cabhrú le húsáid na Gaeilge. Tá sé scanallach an tseachtain seo caite gur phlé muid cúrsaí Gaeilge sa Teach seo agus in "Oireachtas Report" ní raibh focal amháin faoin díospóireacht. Tarlaíonn sin go minic agus tá sé scanallach. Ní amháin go bhfuil leisce ag baint leis ach tá daoine ann a cheapann nach bhfuil tábhacht ag baint leis. Tá tábhacht ag baint leis. An díospóireacht an tseachtain seo caite, bhí sí fíochmhar ar uaireaibh ach rinne gach duine iarracht agus d'éirigh leis an díospóireacht. Pléadh an t-ábhar ina iomlán agus ag deireadh na hoíche ní raibh focal amháin ar an chóras náisiúnta teilifíse. Tá sin scanallach.

B'fhéidir go bhfuil an t-atmaisféar i bhfad níos fearr ná a cheapann daoine i measc na daoine óga. Tá siad ag taistil ar fud na hEorpa agus ag éisteacht le teangacha eile agus feiceann siad an tábhacht atá ag baint lena bpearsantacht féin agus bhféinmheas féin agus an teanga mar bhunchloch dóibh siúd.

Tá mé buíochach go bhfuil seans agam labhairt ar an ábhar seo. Dúirt daoine eile go raibh bata scoir ag daoine na blianta fada ó shin agus cuireadh scor ar an bhata nuair a labhair gasúr Gaeilge. Sin an chaoi a bhí ann agus throid daoine sa dóigh is go mbeadh an seans acu an teanga a labhairt. Tá sé tábhachtach go mbeimis ag tabhairt tacaíochta d'achan duine atá in ann cúpla focal a rá. Tá daoine sa tír seo atá ar lorg seans Gaeilge a úsáid. Nuair a bhí mé i mo dhochtúir teaghlaigh ar na hoileáin, casadh daoine aosta orm a labharfadh liom nuair nach raibh ach cúpla focal agam. Bhain siad taitneamh as a bheith ag tarraingt cúpla focal asam.

Tá a lán daoine óga aga bhfuil suim sa teanga, na mílte sna Gaelscoileanna a bhíonn ag foghlaim na Gaeilge agus ag baint taitnimh as sin agus suim mhór acu sa nGaeilge. Tá a lán rudaí eile ann a bhaineann leis an teanga — an cultúr agus an traidisiúin atá againn sa tír seo. Tá baint agam leis na geolta in Acaill agus tá sin an-thábhachtach don áit. Tá cuidiú tugtha do na geolta ag Údarás na Gaeltachta agus TG4 agus pléann siad na rudaí sin ag a bhfuil baint acu leis an teanga agus leis an chultúr.

Bhí baint agam leis an ngluaiseacht chun na ngeolta a chur ar ais ar an fharraige — ní raibh ach trí cheann acu fágtha dhá bhliain ó shin agus bheadh blianta ann nach mbeadh aon rás ann ar chóir ar bith. Bhunaigh muid Cumann Bádóirí Acta agus tá an rása ag tarlú ar bhunús bhliantúil as seo amach. B'fhéidir go mbeidh 20 gheolta ar an fharraige i mbliana agus bainfidh gach duine sult as agus labharfaidh siad as Gaeilge. Beidh coisir againn tar éis na rásaí le duaiseanna agus labharfaimid tré Ghaeilge an t-am ar fad. Tá sin tábhachtach mar is dea-shampla é do na daoine óga a spreagfaidh suim iontu sa Ghaeilge. Sin an dóigh atá an Gaeilge ag fás anois. Tá TG4 ag cur na Gaeilge chun cinn, tá seans ag gach duine cúpla focal a rá ar an teilifís.

Bhí a lán Gaeilge ag mo mháthair agus ag mo sheanmháthair agus bhí an Ghaeilge an-láidir san áit inar chónaigh siad. Tá daoine aosta ann atá an-sásta an Ghaeilge a labhairt agus is féidir leis an Rialtas rud éigin a dhéanamh ar a son leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá muid i gcónaí ag iarraidh go labharfaidh daoine óga an Ghaeilge ach cad faoi daoine eile? B'fhéidir go bhfuil siad as cleachtadh agus dá mbheadh seans acu, labharfaidís tuilleadh.

Thugainn cuairt ar an nGaeltacht nuair a bhí mé óg agus bhaininn an-taitneamh as. Sa Lochán Beag chas mé ar Phól Ó Foighil, a rinne an-obair ar son na Gaeilge. Bhuail mé leis uair amháin nuair a bhí cailín agam ar handlebars mo rothar. I was fortunate I was not sent home. Bhí mé ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ag an am sin. Tá cuimhne mhaith agam ar na rudaí a bhí le fáil sa Ghaeltacht. Chonaic mé cultúr na Gaeltachta, na céililthe agus an craic. Ní raibh alcóil le fáil ach bhaineamar an-taitneamh as na himeachtaí.

The outlook of TG4 in projecting Irish is wonderful. It is a symbol of modern Irish and a great tradition. It provides a showcase for the Irish language and culture which has not been available until the present. I am involved with Cumann Bádóirí Acla in the promotion of the Achill yawls. We try to conduct as much of our work through Irish and to use it in our gatherings afterwards when we present prizes. That gives young people a view that Irish is not just something they have in school. The fact that Irish is no longer compulsory is an advantage. Young people see that people enjoy speaking Irish and things Irish. This is important for the yawl centre which we are setting up. The involvement of people in friendly competition in Achill, Mulranny, Corraun and Clare Island will showcase the yawl, which is symbolic of the rich tradition of the area. The yawl has a rich history and our project gives people an opportunity to experience that history and to experience the yawl and the sea. I pay tribute to Údarás na Gaeltachta which has been supportive of these projects and of aon rud a thugann seans do dhaoine cupla focal Gaeilge a úsáid.

A debate took place in the House recently on the adoption of Irish as an official language in the EU. That would certainly help. The point has often been made that it is important to strengthen the language at home. The Minister has a great interest in doing that. Tá an-athas orm go raibh seans agam labhairt sa díospóireacht seo.

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge tá sé maith go bhfuil Gaeilge á labhairt sa Teach ach is trua nach bhfuil fócas ag an ndíospóireacht seo. Níl ann ach sraith ráitis. D'fhéadfaí féachaint air mar tokenism. Níl mé ag caitheamh anuas ar na Teachtaí atá tar éis labhairt nó ar an Aire féin. Ach, má táimid dáiríre faoin nGaeilge ba chóir duinn díriú isteach ar an ábhar agus díospóireacht substaintiúil a bheith againn. Cén fáth nach mbeadh díospóireacht trí Ghaeilge ar an mBille Airgeadais, mar shampla? Léireodh sé sin don domhain go bhfuilimid dáiríre faoin nGaeilge a chuir chun cinn ins an Teach seo. Chuala mé daoine ag rá gur labhraíodh níos mó Gaeilge le bliain anuas ná mar a labhraíodh le tamall de bhlianta roimhe sin ins an Teach. Léiríonn sé sin cé chomh truamhéilleach is a bhí an cás roimhe seo. Tá sé truamhéilleach fós agus tá a lán oibre fós le déanamh againn sa Teach seo agus lasmuigh de.

D'fháiltigh mé féin agus mo pháirtí roimh Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair a ritheadh é anuraidh, in ainneoin na mór cheisteanna nár réitíodh i gceart san Acht. D'fháiltigh mé chomh maith roimh cheapadh an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Ach cathain a fheicfimid beart de réir an bhriathair? Tá Acht mór substaintiúil againn agus anois caithfidh an coimisinéir agus a fhoireann obair mhór a dhéanamh agus tabhairt faoin meon frithghaelach a fheictear go rialta ina lán áiteanna sa Státchóras. Beidh an meon sin ar cheann des na mór chonstaicí a bheidh ós comhair an choimisinéara agus os comhair a fhoireann.

Léiríodh an meon sin go soiléir nuair a diúltaíodh do leasú Shinn Féin sa díospóireacht ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach coicís ó shin. Is é an rud a dúradh linn ná go mbeidh na cearta againn ach go gcaithfimid fanacht go ndéanfar cíoradh ar an gceist. Níl aon cíoradh le déanamh. Tá breall ar an Aire agus ar na státseirbhísigh a bhí ag cur comhairle air. Ceist chearta an cheist seo agus ní cóir go mbeadh orainn fanacht ar chearta.

Tá leatrom á dhéanamh orainn, ar Ghaeilgeoirí, ar lucht foghlama na Gaeilge agus orthu siúd atá báúil don Ghaeilge, mar níl na cearta teanga nó na cearta fostaíochta céanna againne agus atá ag cainteoirí theangacha oifigiúla eile san Aontas. Ní féidir, fiú amháin, teacht ar leaganacha Gaeilge den ábhar bollscaireachta a thagann ó Choimisiún na hEorpa toisc nach teanga oifigiúil í. Ina measc tá billeogaí faoi theidil mar, "Troubled Waters", "What Me a Racist?" agus an ceann ab'fhearr liomsa "The Raspberry Ice-Cream War". B'fhiú don Aire agus do gach Teachta na billeogaí seo a léamh ach más Gaeilgeoir thú níl siad ar fáil i nGaeilge. Níl siad le fáil ach ins an 11 teanga oifigiúla atá ann faoi láthair agus is trua sin.

Cad atá i gceist leis an gcoiste comhairleach atá á bhunú ag an Aire? Cé hiad, an mbeidh an coiste ar bhonn uile Éireannach, cad iad na téarmaí tagartha a bhéas aige? Más an é an dream céanna a thug comhairle don Aire ar stádas na Gaeilge a bheas ar an gcoiste, ní fiú tráithnín é. Tá go leor comhairle ar fáil don Aire cheana féin. D'fhéadfadh ról mór a bheith ag Foras na Gaeilge i bpleanáil ath-réimiú na Gaeilge. Ghlac Bord na Gaeilge roinnt den ról sin roimhe seo. Tá an Roinn féin ann, chomh maith le Comhdháil Naisiúnta na Gaeilge, a chuir comhairle ar fáil do gach éinne thar na blianta. Is é mo thuairim nach bhfuil gá le coiste comhairleach, ach fanfaidh mé go gcloisfidh mé freagra an Aire ar an gceist seo. Níl uaim ach gníomh, gníomh agus gníomh eile.

Thagair mé do mheon an Státchórais i leith na Gaeilge. Tá sé tagtha chun cinn le déanaí go bhfuil an NCT á dhiúltíu do thiománaithe tacsaí a bhfuil an fógra "Tacsaí" in airde acu i nGaeilge seachas é a bheith i mBéarla. Thug an tAire Stáit, an Teachta McDaid, freagra orm inniu maidir leis an gceist seo adúirt:

This includes a requirement that the central sections on each face of the sign shall display the word "Taxi" in yellow letters on a dark blue background of low light transmittance. There is no specific regulation providing for the use of a taxi sign as Gaeilge.

Ceart teanga é sin.

Tá a fhios sin agam.

Tá na rialacháin beagnach réidh. Tá súil agam go mbeidh siad le fáil ag deireadh Mí Aibreáin.

Sin díreach atá á rá agam. Tá súil agam go bhfuil breall orm faoin mheon seo agus go n-éireoidh leis an gcoimisinéir an cheist a athrú. Déanfaidh mé gach is féidir liom chun cuidiú leis an gcoimisinéir agus cuirfidh mé cásanna den tsórt seo faoina bhráid.

Ní feidir leis an gcoimisinéir tada a dhéanamh go dtí go ndéanfar na rialacháin. Ní féidir leis an gcoimisinéir ach rial a chur i bhfeidhm. Ní féidir leis cuid ar bith a chumadh.

Seo meon i leith na Gaeilge agus tá súil agam go gcruthófar go bhfuil an breall orm. Ansin beidh mé ag céiliúradh mar tá, go háirithe le 20 bliain anuas, céimeanna móra tógtha ag an Stát agus ag na dreamanna deonacha timpeall na tíre atá ag cur na Gaeilge chun cinn. Mar thoradh ar a gcuid oibre, tá an pobal lasmuigh ag cur brú orainn labhairt as Gaeilge sa Teach seo, díospóireacht substaintiúil a bheith againn an bhliain seo chugainn le linn Seachtain na Gaeilge agus gan bheith ag bleadráil faoin nGaeilge gan rún nó ábhar díospóireachta.

Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt leis and Teachta Tony Dempsey. Is annamh a aontaím le rud ar bith a deir an Teachta Ó Snodaigh ach aontaím lena raibh le rá aige anocht. Chaith mé cuid mhaith de mo shaol ag teagasc agus nuair a bhí mé i mo mhúinteoir an-óg, bhí an cigire ag teacht chugainn agus bhí duine den fhoireann sa scoil a dúirt go raibh orainn beagáinín "fuinneogaíocht" a dhéanamh, cuirtíní a chur suas agus amhráin agus dánta Ghaeilge a mhúineadh. Tá an chontúirt ann gur sin atá ar siúl againn anocht. Mar sin de, áfach, tá sé níos fearr go mbeadh an seans againn ceist na Gaeilge a phlé gan mórán cás díospóireachta a bheith ann agus gan aon rud a rá mar gheall air.

Tá muid tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla a reachtáil agus an Coimisinéar Teanga a cheapadh. Tús maith leath na hoibre ach tús an-bheag atá ann. Nuair a bhí mise ag fás aníos na blianta ó shin, bhí sé de phribhléid agam go raibh beirt mhúinteoir agam ag a raibh scoth na Gaeilge. Chuirfeadh sé an-áthas orm da mbéadh an líofacht agamsa a bhíodh acusan, ach níl sé. Tá an-mhuinín agam as an gcóras oideachais le hathrú a dhéanamh ar saol na tíre agus saol teangan freisin. Nuair a bhí mé ag fás aníos ba í an Ghaeilge teanga an bhochtanais, an imirce, an dífhostaíochta agus drochthithíochta.

Níl an tuairim sin aistrithe fós. Bhí mé ag éisteacht leis an Teachta O'Dowd ag labhairt níos luaithe. Tá muid ag dul i dtreise in áiteanna áirithe ó thaobh oideachais na Gaeilge, tá scoileanna lán-Ghaelacha ag déanamh sár-job, cuid acu i mo dháilcheanntar féin. Cé a cheapfadh go mbéadh scoil lán-Ghaelach i lár Bhaile Munna? Bhuail mé i ndiaidh le grúpa ó Scoil Chaitríona i nGlas Naion, scoil atá ann le fada, agus labhair mé leo trí mheán na Gaeilge agus chuir siad ceisteanna orm as Gaeilge. Tá imní orm anois go bhfuil deighilt idir an scolaíocht atá le fáil sa ghnáthscoil agus Gaeilge á múineadh agus an scolaíoct atá sna scoileanna lán-Ghaelacha. Tá yuppies de shaghas ag fás aníos i roinnt de na scoileanna lán-Ghaelacha agus ní maith é sin. Caithfimid borradh éigean a chur sna gnáthscoileanna agus téacsanna agus uirlisí níos fearr a chur ar fáil, úsáid a bhaint as TG4 sa rang mar tá sár-obair déanta ag TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Tá imní orm nach féidir an ceangal a dhéanamh idir gnáthshaol na ndaoine agus múineadh agus foghlaim na teanga. Níl an cheist sin ag dul i bhfeabhas. Tá imní orm nach bhfuil go leor múinteoirí ann anois ag a bhfuil líofacht na Gaeilge leis an teanga a mhúineadh i gceart.

Tá rudaí an-mhaith ag tarlú. Tá Fiontar ann i DCU agus is féidir cúrsaí tríú leibhéal a fhoghlaim ansin. Tá rudaí ar siúl ag daoine ar nós Eoin Ó Murchú leis an chlár atá aige tráthnóna Aoine ar Raidió na Gaeltachta. An-chlár atá ann. Tá cláracha díospóireachta ar TG4 agus tá siad ar fheabhas.

Tá súil agam nach bhfuil mórán daoine fágtha a scríobhann litir mar an ceann a bhí in The Irish Times inniu “Rather than engaging in tedious debate, English only speakers who are unable and are unwilling to communicate in Irish with Irish speakers, and who literally do not know what they are talking about, should mind their own business in this matter. It would allow others to have a fruitful discussion.” In ainm Dé tá súil agam nach mórán daoine mar sin fágtha. Tá an seans céanna againn nach bhfuil Gaeilge ar ár dtoil againn tuairim a bheith againn i leith na Gaeilge agus atá ag daoine cosúil leis.

Tá áthas orm seans a fháil labhairt fánár dteanga dúchais. Níl aon rud níos tábhachtaí i gcultúr tíre na teanga. Is droichead í idir ré atá thart agus an lá inniu. Cónaíonn ár sinsir i dteanga. Sa nGaeilge, tá nósanna, creideamh agus cur síos ar an sórt saoil a bhí ag ár sinsir le fáil. Lasmuigh den teanga, níl sin ann. Dúirt an Piarsach, "Gan teanga, gan tír". Más fíor sin, tá orainn mar pholaiteoirí cúram ceart a thabhairt don Ghaeilge.

Tá áthas orm go bhfuil Seachtain na Gaeilge ann. Nuair a tháinig na Gaill go dtí an tír seo, thuig siad cé chomh tábhachtach agus a bhí teanga agus, nuair ba mhian leo meon na ndaoine a mharú agus an rud faoi leith againn mar Éireannaigh a scriosú an chéad iarracht a rinne siad ná an teanga a mharú. Is cuimhin liom an t-amhrán "the women in the uplands digging praties speak a language that the strangers do not know". Chomh fada is nach raibh na Gaill in ann ár dteanga a labhairt, ba stráinséirí iad, ach thuig siad sin go rí-mhaith agus rinne siad tréan iarracht an teanga a mharú ach níor éirigh leo. Ós rud é nach bhfuil siad ann anois, áfach, tá an-seans ann go maróimid féin an teanga.

Braitheann aitheantas náisiúnta ar teanga, nó fiú ar chanúint áitiúil. Is féidir labhairt faoi chanúint na Mumhan nó Conamara. Tá sé deacair liom canúint Thír Chonaill a thuigbheáil toisc go bhfuil sé chomh scioptha sin. Ach níl a leithéid de rud agus canúint Loch Garmain ann. Is minic a bhím ag caint le muintir Dhún na nGall. Labhraíonn siad go han scioptha ach sin an t-aitheantas aitiúil atá acu-san. Tá sé tábhachtach go gcoimeádfaimid an t-aitheantas speisialta sin dár bpáistí.

Chun cúis na teanga a chur chun cinn caithfimid a bheith bródúil aisti. Déanann múinteoirí sár-obair ar son na Gaeilge. Fuair mé mo ghrá féin don nGaeilge ó mhúinteoir a bhí agam sa mheánscoil, Micheál Tóibín, athair an scríbhneora, Colm Tóibín. Mar sin fein, bhí rud éigin mícheart maidir le múineadh na Gaeilge; agus bhí mise páirteach i múineadh na Gaeilge le fada. Tá iar-mhic léinn ar fud na tíre gur fuath leo an Ghaeilge toisc go raibh rud éigin mícheart lena múineadh. Tá sé tábhachtach go ndéanfadh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an Teach seo módhanna múinte nua a scrúdú.

Is annamh a aontaíonn gach Teachta sa Dáil lena gcéile ach táimid ar aon aigne mar gheall ar thábhacht na Gaeilge.

Nuair a bhí mé ag éisteacht leis an Teacht Ó Díomsaigh ag caint faoin difir idir na canúintí, tháinig scéal isteach i m'intinn. B'fhéidir go dtuigfidh an Teachta Dónal Ó Muimhneachán cad é atá i gceist. I dTír Chonail bímid ag caint ar na huibheacha ach i gcúige Mumhan deir siad huíbhe. Deirtear go ndeachaigh fear as Ciarraí go Dún na nGall le cú a cheannacht. Ar ndóigh, bhí cú an-mhaith ag fear Dhún na nGall agus rinne siad an margadh. Nuair a bhí an margadh déanta agus an t-airgead díolta arsa fear Chiarraí le fear Dhún na nGall, "An itheann sé na huíbhe?" Arsa fear Dhún na nGall, "Itheann sé ina shuí nó ina sheasamh". Tuigimid uilig an ciall anois. Tuigim muintir Chiarraí; chaith mé cupla bliain i gCorcaigh agus b'fhéidir gur sin an fáth.

Rud maith é go mbeadh deis againn díospóireacht a dhéanamh ar an nGaeilge le linn Seachtain na Gaeilge. Is rud maith Seachtain na Gaeilge ar dhóigh amháin. Ach, mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, is mór an trua nach mbeadh deis againn Gaeilge a labhairt go rialta ins an Teach taobh amuigh de Sheachtain na Gaeilge. Bhí mise mar Bhall den Teach seo i 1986 nuair a bhí Lá na Gaeilge againn. Ba é an Teachta Jim O'Keeffe a bhí ina Aire Stáit agus cúram an tseirbhís phoiblí air ag an am. Táimid uilig ar aon intinn go dtugann díospóireacht den chineál seo deis duinn breathnú siar ag chúis na Gaeilge agus breathnú chun tosaigh chomh maith. Tá comharthaí dóchais agus comharthaí éadóchais le feiceáil chomh fada agus a bhaineann sé leis an nGaeilge.

Is cinnte go bhfuil comharthaí dóchais le feiceáil. Tá tagairt déanta cheana féin ag Teachtaí ó gach taobh den Teach dos na Gaelscoltacha, an comhartha dóchais is mó. Deirtear liom gur fhreastail 30,000 dalta ar Ghaelscoltacha ar fud na tíre, agus is maith an rud é sin. Nuair a bhéas an cúrsa bunoideachais déanta acu, tá mé cinnte go mbeidh siad líofa i dteanga na Gaeilge.

Bhí mé ag éisteacht leis an méid a bhí le rá ag an Teachta Ó Ciardha. Tá comharthaí éadóchais ins an bhunoideachais chomh maith. Níl seasamh na Gaeilge chomh laidir, chomh daingean ná chomh téagartha ins na gnáth bhunscoileanna ná mar a bhí sé ins na blianta a chuaigh thart. Tá roinnt cúiseanna leis sin. Níl an bhéim chéanna ar líofacht a bheith ag na múinteoirí. Muna bhfuil sé ag na múinteoirí is deacair é a chur trasna chuig na páistí. Nil éinne a phiocann suas níos tapúla ná na daltaí dearcadh an mhúinteora. Is bun-phrionsabal é sin a bhaineann le gach ábhar agus is cinnte go mbaineann sé leis an nGaeilge chomh maith.

Tá tagairt déanta do Raidió na Gaeltachta agus do TG4. Tugann sin seasamh agus stádas don nGaeilge nach raibh againn go dtí seo. Tá Raidió na Gaeltachta molta agus thar a bheith molta ach ceann des na rudaí a chaithfidh an dá stáisiún a dhéanamh ná ard-chaighdeán Gaeilge a chur i láthair mhuintir na tíre. Díreach mar a rinne an BBC leis in mBéarla ba chóir go ndéanfadh Raidó na Gaeltachta leis an nGaeilge. Bíodh sí cruinn ceart agus bíodh gach aon duine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ag iarraigh an chaighdeáin chéanna a bhaint amach. Ar ndóigh, ní bhainfidh gach duine an caighdeán sin amach agus nílimid ag dréim le go mbainfeadh, ach tá an-mheas ar iarracht a dhéanamh an caighdeán a bhaint amach. Tá páipéar nuachta laethúil agus páipéar seachtainiúil againn agus tá go leor á scríobh. Is iad san na comharthaí dóchais.

Tá comharthaí éadóchais ann chomh maith. Tá na comharthaí éadóchais le feiceáil ins an nGaeltacht. Mar shampla, tá an chuid is mó de bhunscoltacha na Gaeltachta ag teagasc gach ábhar, taobh amuigh den nGaeilge féin, trí Bhéarla. Tá rud éigin mícheart ansin. Tá 30 bliain ó shin bhí i bhfad níos mó scoltachta Gaeltacht ag teagasc trí Ghaeilge ná mar atá inniu. Tá a fhios ag an Aire go bhfuil i bhfad níos lú des na scoltacha sa Ghaeltacht ag cur isteach ar scéim na labhartha na Gaeilge inniu ná mar a bhí deich mbliana nó 20 bliain ó shin. Tá cúlú ansin a gcaithfimid aghaidh a thabhairt air agus rud éigin a dhéanamh ina thaobh.

Tá ceangal mór idir chúrsaí eacnamaíochta agus cúrsaí teanga. Muna gcuirtear cóiríocht ceart eacnamaíochta ar fáil do bhunú na Gaeltachta imeoidh siad agus beidh an teanga níos laige. Le iad a choinneáil ansin caithfimid níos mó a dhéanamh maidir le fostaíocht a chur ar fáil.

Tá dul chun cinn déanta anseo. Ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ceapadh coimisinéir teanga. Casadh an coimisinéir orm ag an deireadh seachtaine. Is céim ar aghaidh mhór í sin agus cuirimid uilig fáilte roimhe sin. Ach, is í an eagla atá orm go bhfuilimid ag tabhairt isteach reachtaíocht de gach sort i nDáil Éireann, agus b'fhéidir san Eorap amach anseo, ach nach bhfuil sé ag dul i gcionn ar an phobal chomh mór agus a ba chóir dó a bheith. Tá dílárú ar siúl i dTír Chonaill anois maidir le cúsaí chomhairle chondae. Tá an comhairle condae tar éis bogadh go dtí an Chlochán Liath chun freastal ar an Ghaeltacht. Ó fosclaíodh an oifig sin an samhradh seo caite cuireadh 20,000 glaoch isteach ann ón cheantar Gaeltachta sin agus bhí 1,700 acu i nGaeilge. Mar sin, caithfimid cur ina luí ar an phobal go bhfaighidh siad seirbhís chomh maith ins an Ghaeilge agus atá le fáil ins an Bhéarla. Tá jab mór le déanamh ansin. Tá pleananna ag an Aire anois feachtas poiblíochta a chur ar fáil agus b'fhéidir go gcuideodh sé sin. Is mó an trua go bhfuil an reachtaíocht agus an coimisinéir in áit ach nach bhfuil an pobal ag úsáid na Gaeilge chomh maith agus ab fhéidir. Níl mé ag cur locht ar an phobal. Ins na blianta a chuaigh thart bhí an dearcadh ansin nach raibh cothrom na Féinne le fáil ón seirbhís phoiblí muna ndéanfá do ghnoithe i mBéarla. Caithfimid-ne cur in iúl don phobal, agus do phobal na Gaeltachta, go bhfuil an caighdeán céanna seirbhíse le fáil trí Ghaeilge agus atá le fáil trí Bhéarla. Sin an fáth a thug mé an sampla sin de úsáid na hoifige i gceantar Gaeltachta. Níl a fhios agam cad é mar atá cursaí i nGaeltacht na Gaillimhe, a bhfuil an tAire féin lonnaithe ann, nó i nGaeltacht na Mumhan, ach is cinnte go bhfuil jab mór le déanamh.

Mar sin de, tá lúcháir orm deis a bheith agam cupla focal a rá oíche mar seo. Bhí muid aontaithe cúpla seachtain ó shin nuair a bhí stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach á phlé againn agus aontaithe faoin choiminiséar so tá dea-mhéin agus dea-thoil anseo.

I gceann dhá seachtaine, ba mhaith liom go mbeimid in ann an Ghaeilge a labhairt sa Dáil. Molaim an tAire as an smaointiú a bhí aige faoi chlár "An tSeachtain san Oireachtas" ar TG4. Dá mbeadh sin ann, is cinnte go mbeadh níos mó daoine istigh anseo ag baint úsáid as an nGaeilge. Nuair a labharaim i nGaeilge, tá a fhios agam nach gcluinfear focal ina thaobh taobh amuigh den Teach. Bíonn clár ar an teilifís tráthnóna Domhnaigh agus taispeánann sé Gaeilge á labhairt anseo agus áiteanna eile, is féidir fótheidil a chur air agus tá sé indéanta. Sin smaointiú iontach maith agus má chuirfear sin i bhfeidhm ar TG4, beidh sé chomh tábhachtach le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Má chifidh muintir na tíre agus na Gaeltactha go bhfuil ceannairí an phobail agus an Rialtais sásta úsáid a bhaint as an Ghaeilge agus sinn ag caint faoi rudaí nach mbaineann fiú leis an Ghaeltacht, beidh obair mhaith déanta.

Tá súil agam go n-éireoidh go geal le Seachtain na Gaeilge agus ba mhaith liom gur rud leanúnach a bheidh ann sna laetha amach romhainn.

Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt leis an Aire Stáit, an Teachta Hanafin. Tá áthas orm go bhfuil an díospóireacht seo ar siúl anocht, mar a bhí seachtain ó shin. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an Ghaelainn á húsáid anseo. Is í an Ghaelainn teanga dúchais is againne agus an teanga is aosta san Eoraip. Sin rud nár thuigeamar féin agus nár cheap mé féin, ach dúirt duine é liom le déanaí agus ba cheart go mbéadh muid mórálach as sin. Teanga faoi bhrú atá ann, gan dabht, agus tá sé soiléir go bhfuil baol go gcaillfear an teanga muna coimhéadaimid í. Is cailliúnt d'aon tír a teanga dúchais a chailliúnt. Tá tréithí éagsúla in achan teanga agus is tír gan anam tír gan teanga. Tá sé sin an-shoiléir agus tá sé ráite le fada an lá. Tá an teanga riachtanach dár gcultúr, neamhspleáchas agus aitheantas. Aon teanga nach bhfuil á húsáid go hoifigiúil, tá contúirt ann go gcaillfí ar fad í.

Is cuimhin nuair a tháinig mé amach as an scoil, níor labhair muid ach Gaeilge agus nuair a chuaigh mé a bhaile, labhair gach duine Gaeilge sa teach. Tháinig sé go nádúrtha dúinn. Nuair a bhí mé ar scoil, cuireadh brú orainn Béarla a labhairt agus nuair a bheimis amach ag imirt ag an scoil náisiúnta bheadh cuid de na leanaí a bheadh ag labhairt Gaeilge sa bhaile agus ag labhairt cúpla focal Béarla nuair a chuaigh siad isteach sa scoil. Tá eagla orm gur an rud a tharla le roinnt blianta anuas go bhfuil an ráiteas casadh beagán rófhada nach bhfuil an oiread sin daoine ag labhairt na Gaeilge anois agus mar a bhí.

Tá an-obair déanta ag an Aire don nGaelainn agus do na Gaeltachtaí óna ceapadh mar Aire é. Tá níos mó déanta aige ná mar a bhí déanta ag na hAirí Gaeltachta roimhe go léir le chéile. Tá an t-airgead á chur isteach sna Gaeltachtaí agus postanna curtha ar fáil agus ba cheart go mbeimis mórálach don Aire mar is féidir linn seasamh in aon Ghaeltacht agus a rá gurbh é an Aire a chuir an t-airgead isteach ann agus na postanna ar fáil. Sin slí amháin an teanga a choimheád beo.

Tá gach iarracht a dhéanamh ag an Rialtas ar son na teanga. Tá níos mó déanta ag an Rialtas ar son na Gaeilge na Rialtas ar bith eile agus sin mar ba cheart go mbéadh sé. Bhí Rialtais eile ann nár chaith pingin airgid sa nGaeltacht. A fhad is a bhí Rialtas Fianna Fáil amach as cumhacht, níor cuireadh pingin amháin i bhfeabhsúchán bóithre agus ní raibh postanna curtha ar fáil. Nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltacht, nuair a chaith sé airgead ar talamh chun postanna a chur ar fáil, ní morán daoine a chuir ina choinne.

Nuair a fuair mé iarratas ó Chonradh na Gaeilge an díospóireacht seo a aimsiú, bhí an-áthas orm géilleadh dó mar níl dóthain Ghaeilge á labhairt againn sa Teach seo, cé go bhfuil an-chuid Gaeilge ag daoine. Thaithinn sé go mór liom anocht bheith ag éisteacht le daoine ag baint úsáide as na canúintí éagsúla, an tAire, an Teachta McGinley agus an Teachta Donal Moynihan. Chuir sé i gcuimhne dom cé chomh meirgeach is atá mo Ghaeilge in ainneoin go raibh mé ag teagasc go lán aimsire as Gaeilge go dtí seacht mbliain ó shin. Tarlaíonn sin do chuile dhuine sa tír, muna bhfuil sé ag úsáid a chuid, cailleann sé í.

Is deas ansin deis a bheith againn Gaeilge a labhairt. Tá súil agam go mbeimid in ann dul ar aghaidh as seo agus níos mó Gaeilge a úsáid i ngnáthobair an Tí. Cuireann sé ionadh orm nuair a bhím ag freagairt ceisteanna ar an Central Statistics Office go dtagann daoine isteach ó gach páirtí ag labhairt na Gaeilge. Ní ghá ach deis a thabhairt do dhaoine agus glacann siad leis an seans an Ghaeilge a labhairt.

Bhí an díospóireacht níos bríomhaire cúpla seachtain ó shin toisc go raibh sé beagáinín níos conspóidí mar anocht tá muid uilig ar an taobh amháin go bhfuil muid ag seasamh ar son na Gaeilge agus ar son todhchaí na Gaeilge. An tseachtain seo chugainn beidh mé ag dul go Harvard i mBoston ar son na tíre do Lá'le Pádraig. Bhí mé ag ullmhú leis an turas agus thug mé faoi deara go bhfuil Gaeilge múinte mar chuid den scoil léinn Cheilteach. Fiche bliain ó shin, nuair a bhí mé san Rúis, bhuail mé le daoine a bhí ag foghlaim na Gaeilge ansin. Tá suim ag daoine ar fud an domhain sa Ghaeilge mar theanga maorga ársa san Eoraip agus mar sin is maith tacaíocht a thabhairt dí.

Fuair mé ríomh-phost inné ó chailín óg atá déanamh na hardteiste. Scríobh sí go raibh sé ag baint úsáid as Béarla mar cheap sí go raibh mé cosúil leis na polaiteoirí eile sa Dáil nach raibh Gaeilge acu. Scríobh mise ar ais di ag rá gur cóir di fáil amach cé hiad na daoine le Gaeilge sular mhaslaigh sí sin go léir.

Ní haon ionadh gur scríobh sí sin mar ní chloiseann sí sinn ag labhairt Gaeilge. Ar ndóigh, bhí sí ag caint faoi stádas na Gaeilge ins an Eorap.

Má táimid dáiríre faoi dhul ar aghaidh a dhéanamh — ní hamháin le hAchtanna agus le tacaíocht do mháithreacha, dos na Gaeltachtaí agus dos na mná tí — caithfimid dea-shampla a thabhairt i pé obair a dhéanaimid. Má fhéachaimid siar ins an stair feicimid gur fhás agus gur mhair an Ghaeilge nuair a bhí coimhlint ann agus nuair a bhí na húdaráis ag iarraidh an Ghaeilge a stopadh. Bhí an Ghaeilge níos láidre ansan ná mar atá sí anois nuair atá gach seans, deis agus cabhair á thabhairt ag an Rialtas. I mo dháilcheantar féin tá scoláirí breá cliste i nGaelscoileanna — Scoil Lorcáin, Coláiste Eoin, Coláiste Íosagáin agus an scoil lán-Ghaelach i mBaile Breac — ag déanamh ghnáth oibre trí mheán na Gaeilge. N'fheadair an gcaillfidh siad an Ghaeilge nuair a raghaidh siad ar choláiste agus nuair a dhéanfaidh siad staidéar ar ábhair eile? Tá sé mar chúram orainn-ne, mar Rialtas, atmasféar agus timpeallacht báúil a chur ann dos na daoine óga sin.

N'fheadar mar gheall ar na páirtithe eile, ach níl Fianna Fáil ag déanamh ár ndóthain, in ainneoin go bhfuil athbheochan na Gaeilge mar dhara aidhm againn mar pháirtí. Molaim coiste na Gaeilge i mo dháilcheantar féin as a rinne siad ag Ard-Fheis Fhianna Fáil ag an deireadh seachtaine. B'fhéidir gur mhaith leis na páirtithe eile tabhairt faoi seo freisin; tá a fhios agam go mbeidh Ard-Fheis an Chomhaontais Ghlais ar siúl ag an deireadh seachtaine.

Beidh Gaeilge ann.

Chuir siad leabhar téarmaí ar fáil do gach duine chun go bhféadfadh aon duine seasamh suas agus téarmaí Gaeilge a úsáid. Smaoineamh an-shimplí ar fad a bhí ansin a thug dea-shampla do dhaoine agus d'úsáid an-chuid daoine na téarmaí Gaeilge.

Leis an méid forbartha agus fáis atá ar thithíocht sa tír, mholfainn do dhaoine atá ag tógáil eastát nua, taighde a dhéanamh ar stair na háite agus ar an gcultúr agus an gcúlra a bhaineann leis an áit agus ainm cheart Gaeilge a thabhairt air, chun go n-úsáidfí an Ghaeilge.

Ba mhaith liom níos mó Gaeilge a fheiscint sa Teach seo taobh amuigh de Sheachtain na Gaeilge ach go háirithe.

Tá áthas orm deis a fháil labhairt ar an gceist seo, a bhfuil suim faoi leith agam féin agus ag go leor daoine sa Tigh seo innti. I gcómthéacs an áit ina bhfuilimid san Eorap anois agus de bharr an mhéid cuma stáit atá ar an Aontas Eorpach féin, is ea is tábhachtaí an Ghaeilge ó thaobh féin mheas agus dul chun cinn na tíre seo. Ag féachaint ar an mBreatain Bheag, tír nach bhfuil neamhspleáchas polaitiúil aige, tá cuma an neamhspleáchais air ó thaobh na teanga de. B'fhéidir gur ceacht duinn é sin. Gan amhras, tá samplaí suimiúla eile ar fud an domhain agus ar fud na hEorpa, an Fhionlainn mar shampla. Cé go ndeirtear nach bhfuil duine ar bith taobh amuigh den Fhionlainn a labhraíonn Fionlannais tá an teanga láidir ins an tír féin. Tá gach tír ina chás faoi leith.

Déanfaidh mé moladh amháin i dtaobh na Gaeilge de. Tugaim faoi deara nuair a bhíonn foilseacháin Gaeilge ann gur minic nach mbíonn Béarla taobh leis an nGaeilge. Ceapaim gur leisciúlacht é sin do thír atá dhá-theangach. Tá sé simplí go leor obair a thabhairt do aistritheoir, Gaeilge a chur ar reachtaíocht Bhéarla, mar shampla, agus é a fhoilsiú ina dhiaidh agus leagan Gaeilge air. Ní chabhraíonn sé sin leis na mílte daoine sa tír a bhfuil suim acu sa Ghaeilge ach nach bfhuil an téarmaíocht ar fad acu le haghaigh reachtaíocht nó ábhar eile faoi leith a léamh. Nuair a fhéachaim-se ar leabhráin ón Welsh Language Board, mar shampla, is léir go bhfuil an módh oibre i dtíortha eile an-dhifriúil. Bíonn an Bhreatnais agus an Béarla taobh le taobh i ngach aon áit a fhéachann tú. Is rud tábhachtach é seo. Má táimid i ndáiríre faoi dhaoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge agus deis a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a úsáid agus a chleachtadh ba cheart go mbeadh an Béarla taobh leis an nGaeilge. Obair thábhachtach í don choimisinéir agus don Aire a rá le gach Roinn agus le gach duine a bhfuil ról aige i gcúrsaí teanga gur cheart go mbeadh an dá theanga taobh le taobh.

Ní haon mhaitheas dos na gardaí nó do oifig an phoist foirmeacha Gaeilge a fhoilsiú agus iad a fhágaint ar sheilf go dtí go n-iarrann duine an fhoirm. D'iarr cara liom foirm Gaeilge i stáisiún na ngardaí le déanaí. Dúradh leis scríobnh isteach go dtí ceannáras an Gharda Síochána agus go bhfaigheadh sé an fhoirm dá réir. Rud mí-réadúil é sin a rá le duine. Rith sé liom go mbeadh sé níos fusa ag Britney Spears pósadh agus colscaradh a fháil ná foirm Gaeilge ar fháil más é sin an módh oibre atá ann.

Tá neart duine tar éis spreagadh agus moladh a thabhairt dos na Gaelscoileanna, agus cuirim leis sin. Is léir go bhfuil sprid na meithle go láidir i measc na nGaelscoileanna agus tá gach cabhair tuillte acu. Tá sé an-dheacair áit a fháil i go leor des na Gaelscoileanna. Tá eolas agam ar Scoil Neasain, mar shampla. B'fhéidir gur gearán maith é sin ach caithfear an t-éileamh seo a aithint agus freastal ar na Gaelscoileanna dá réir. Bíonn rang Gaeilge agamsa gach Aoine i mBaile Brigín agus le cúnamh Dé beidh Gaelscoil ag éirí as sin ar ball beag. Tá a fhios agam gur obair mhór ata ann.

Molaim Bord na Leabhar Gaeilge. Tá scéim nua Léigh Leat! tosaithe acu. Thosaigh an scéim ins na Gaelscoileanna ach tá sí ag dul timpeall na scoileanna ar fad anois agus tá an-rath uirthi. Guím gach rath, chomh maith, ar an gcoimisinéir, Seán Ó Cuirreáin, agus ar a fhoireann. Ta obair an-fhiúntach rompu agus is mór an obair í chomh maith.

Maraon leis an Aire Stáit, tá suim agam i gcúrsaí logainmneacha. Ba cheart duinn macnamh a dhéanamh ar cén fáth go mbíonn logainmneacha Gaeilge ar chomharthaí agus leagan Béarla den ainm orthu chomh maith. Rinne bailte ar nós Ceannanas Mór agus An Uaimh iarracht teanga amháin a úsáid. Ba mhaith liom go ndéanfadh an tAire machnamh ar an moladh seo: an ceart an comhartha Gaeilge a chur suas agus pictiúr de chineál éigin a chur leis ag léiriú bhrí na hainme, i dtreo is go dtuigfeadh daoine go bhfhuil brí leis an logainm ach gurb í an leagan Gaeilge an bun bhrí atá taobh thiar de.

Is minic a déantar tagairt do Bhoston. Bhuail mé le go leor daoine a d'fhoghlaim Gaeilge i mBoston agus in Éirinn chomh maith. Bhí sé go deas a bheith ag éisteacht leis an Teachta Ó Muimhneacháin. Chuir sé i gcuimhne dom na laethanta a chaith mé féin i Mhúscraí. I gCloch na Coillte in iarthar Chorcaí tá fear gurb ainm dó Tomás Mac an tSuipéir a dhein gaisce, tar éis dó Gaeilge a fhoghlaim i mBoston, trí siopaí a mhaisiú agus na hainmneacha a dhathú i nGaeilge. B'fhiú go mór cur leis an traidisiún sin.

Beidh fáilte roimh duine ar bith go dtí Ard-Fheis an Chomhaontais Ghlais sa Ghaillimh ag an deireadh seachtaine, áit a mbeidh seisiún Gaeilge an-láidir faoi sholáthar uisce.

Top
Share