Gabhaim buíochas leat, a Cheann Comhairle, as seans a thabhairt dom an t-ábhar seo a chur os comhair na Dála.
Tá sé scannallach an chaoi ina bhfuil geallúntaí briste i leith an scoil seo i gceartlár Ghaeltacht na Gaillimhe i gCarna. Tógadh scoil an Aird Mhóir sa bhliain 1872 agus tá sí i bhfíor droch-stad. Tá sé ar liosta an INTO de scoileanna atá faoi bhun chaighdeán shásúil le blianta fada. Tá gá le córais nua séarachais agus uisce agus tá géar-gá le hath-chóiriú ar an scoil go hiomlán. Tá an scoil i bhfad ró-bheag don líon scoláirí atá ag freastal uirthi. Má thiteann báisteach bíonn an clós faoi uisce agus ní féidir leis na páistí dul amach. Táthar ag brath ar portakabins, rud nach bhfuil sásúil, i gcóir múinteoir feabhais agus eile. Tá buncheist sábháilte agus sláinte i gceist anseo chomh maith.
Cúig bliain ó shin d'éirigh le muintir na háite suíomh nua a aimsiú do scoil. Dhá bhliain ó shin dúirt inealltóirí ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta go raibh an suíomh sásúil. Ach d'imigh an scoil, gan aon mhíniú agus gan tásc ná tuairisc, ó liosta na scoileanna nua a bhí le tógáil. Níor tugadh aon mhíniú dos na tuismitheoirí, dos na muinteoirí nó do mhuintir na háite. Ní fios do mhuintir an Aird Mhóir cá seasann siad ag an bpointe seo. An bhfuil siad fós ar an liosta le haghaidh scoil nua, an bhfuil siad ar liosta eile le haghaidh feabhsúcháin práinneacha nó an bhfuil siad ar liosta ar chor ar bith? Go dtí seo níl freagra faighte acu agus níor éirigh leo aon fhreagra shásúil a fháil ón Roinn maidir leis an gceist.
Cuireann sé iontas agus uafás orm go bhfuil ball den Rialtas féin as an áit, go bhfuil Aire Stáit ann agus go bhfuil triúr de lucht tacaíochta an Rialtais sa dáilcheantar. Ba chóir go mbeadh suim acu-san i gcruachás na scoile seo.
Céard atá an Roinn Oideachais agus Eolaíochta sásta a dhéanamh ag an bpointe seo? Ba mhaith liom freagra dearfa a fháil ar céard atá i ndán don scoil seo agus don áit seo. Cén fáth, mar shampla, nach bhfuil an scoil ag fáil príomhaireacht tógála? An bhfuil sé i gceist ag an Roinn tacú le scoil nua a thógáil nó nach bhfuil? Idir an dá linn, céard atá ar intinn ag an Roinn a cheadú? An bhfuil sé i gceist obair riachtanach cothabhálach a dhéanamh ar an tsean scoil? Cén liosta ar a bhfuil iarratas na dtuismitheoirí agus na múinteoirí ag an bpointe seo?
Tá leatrom uafásach agus scannalach á dhéanamh ar an bpobal seo ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Sin an fáth go bhfuil an t-ábhar seo á thógáil os comhair na Dála. Tá sé tábhachtach go gceartófar an fhadhb seo láithreach. Bheinn buíoch dá bhfaighinn freagra dearfa ón Aire nó ón Aire Stáit.