Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Mar 2005

Vol. 599 No. 6

Irish Language: Statements.

Tá áthas orm páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo agus ba mhaith liom an deis seo a thapú chun achoimre a thabhairt don Teach ar an obair atá ar siúl ag an Rialtas ar son na Gaeilge, na nithe atá bainte amach againn go dtí seo agus na spriocanna a bhfuil mé fhéin ag iarraidh díriú isteach orthu sna blianta amach romhainn.

Agus muid ag caint ar na nithe atá bainte amach againn chun leas na Gaeilge, is dócha go gcaithfear tosnú leis an Acht na dTeangacha Oifigiúla. Cé go bhfuil cáineadh déanta ar an Acht ag roinnt iriseoirí agus polaiteoirí ón lucht Freasúra, is léir nach bhfuileadar ag éisteacht le lucht labhartha na Gaeilge, a déarfadh leo gurb é an tAcht seo an rud is tábhachtaí a tharla ó thaobh chur chun cinn agus chaomhnú na Gaeilge le fada an lá. Is aisteach an rud é go raibh an bhéim ar fad ag na polaiteoirí uilig ar na heasnaimh san Acht agus é ag dul tríd an Dáil agus an Seanad. Bhí daoine á rá ag an am nach ndeachaigh se sách fada. Ar ndóigh, nuair a thosaigh na gearáin, thosaigh daoine a rá go ndeachaigh sé ró-fhada agus go raibh an-iomarca ann. Ach is dócha gur sin an saol, agus sin an chaoi a mbíonn rudaí. Is drochrud é go mbíonn an cáineadh ann. Muna mbeadh cáineadh ann, shílfeá nach raibh tionchar ar bith ag an Acht. Sílim go bhfuil sé tábhachtach achoimre a thabhairt ar an méid atá déanta go dtí seo faoin Acht.

Mar is eol don Teach, achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla ar 14 Iúil 2003. I mí Feabhra 2004, ceapadh Seán Ó Cuirreáin mar Choimisinéir Teanga. Cuireadh acmhainní ar fáil don Roinn agus d'Oifig an Choimisinéara. Le gairid, foilsíodh chéad tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara le Seán Ó Cuirreáin. Tá plean gnímh na Roinne maidir le cur i bhfeidhm an Achta réitithe agus á chur i bhfeidhm. Tá scéim na Roinne foilsithe agus á feidhmiú. Tá treoirlínte chun cuidiú le comhlachtaí poiblí scéimeanna a ullmhú á bhfoilsiú ó Mheán Fómhair 2004. D'iarr mé ar an gcéad 25 comhlacht — comhlachtaí tábhachtacha poiblí— scéimeanna a ullmhú i gcomhréir leis na treoirlínte i Meán Fómhair 2004, agus tá súil agam go mbeidh na scéimeanna sin curtha faoi bhráid na Roinne faoi dheireadh na míosa seo; ba é sprioc sé mhí a bhí i gceist. Tá naoi n-ordú logainmneacha déanta, ag cur san áireamh logainmneacha i gceantair Ghaeltachta, a thiocfaidh i bhfeidhm ar 28 Márta 2005.

Chomh maith leis an Acht teanga, i 2000 tugadh aitheantas don Ghaeilge den chéad uair i gcúrsaí pleanála fisiciúil, agus tugadh aitheantas faoi leith don Ghaeilge san Acht Oideachais. Bunaíodh an grúpa Gaelscolaíochta agus scoileanna Gaeilge. Freisin, i gComhaontú Aoine an Chéasta, tá áit faoi leith i saol an oileáin ag an Ghaeilge.

Tabharfaidh me cur síos ar ball ar na nithe — agus tá siad líonmhar — atá bainte amach againn go dtí seo, ach ba mhaith liom ar dtús na ceithre rud atá tábhachtach ó thaobh na Gaeltachta de a lua. Beidh siad mar phríomhthosaíochtaí do 2005-06, agus aontaíodh iad ag cruinniú de choiste comhairleach na Gaeltachta an Luain seo caite. Is dóigh liom go bhfuil an obair déanta ag coiste comhairleach na Gaeltachta. Nuair a bhreathnaíonn muid ar thuarascáil an Choimisiúin, feiceann muid go bhfuil go leor de na moltaí á gcur i bhfeidhm nó curtha i bhfeidhm.

Ba é an chéad tosaíocht a aontaíodh ná cúrsaí oideachais sa nGaeltacht. Aontaíodh go gcaithfear dul i gcomhairle leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta maidir le céimeanna a ghlacadh mar thosaíochtaí chun torthaí níos fearr don Ghaeilge a fháil ón gcóras oideachais scoile. Tá sé luaite agam go minic cheana féin an ról lárnach atá ag an gcóras oideachais sa nGaeltacht ó thaobh fhorbairt na Gaeilge de. D'ardaigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, an cheist seo, ní amháin i gcomhthéacs na Gaeltachta ach i gcomhthéacs náisiúnta. I measc na bhfadhbanna a luaitear tá an curaclam, caighdeán Gaeilge na múinteoirí a thagann amach as na coláistí oiliúna, an t-idirdhealú idir Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta agus áiteanna eile, agus téacsleabhair.

Aon uair dá luaitear fadhb sa tír seo, ceanglaítear milleán leis an gceist sin. Ba mhaith linn lua cé ar a bhfuil an milleán faoi rud a bheith mar seo nó mar sin. Go minic, bíonn sé sin mar bhac ar réiteach fadhbanna. B'fhearr liom fadhbanna a aithint agus rud a dhéanamh fúthu. Nárbh fhearr é sin a dhéanamh ná fáil amach cé a bhí freagrach as cibé rud nár tharla san am atá caite? Caithfimid bheith cinnte amach anseo go bhfuil scoileanna Gaeilge ag muintir na Gaeltachta, go bhfuil na háiseanna teagaisc ar fáil dóibh, agus go mbeidh ar a gcumas seirbhís Ghaeilge den scoth a chur ar fáil. Tagann sé seo muid go dtí tosaíocht eile atá thar a bheith tábhachtach. Ní féidir ualach na Gaeilge sa nGaeltacht a fhágáil ar na scoileanna agus na múinteoirí. Rinneadh é sin le ró-fhada, agus b'fhéidir go mbrisfeadh ar fhoighid na múinteoirí dá gceapfaidís gurbh é orthu siúd a thitfeadh an dualgas ar fad. Mar is eol do na Teachtaí anseo, táim ag cur béime le fada ar an tábhacht a bhaineann le Gaeilge ón gcliabhán agus an Ghaeilge a shealbhú nuair a bhíonn na gasúir an-óg. Is dá bharr sin an dara tosaíocht atá ann, ná naíolanna agus crèches, chomh maith le naíoscolaíocht Gaeilge, a chur chun cinn do thuismitheoirí a bhíonn ag labhairt Gaeilge sa mbaile, más rud é go gcaitheann an gasúr sé, seacht nó ocht n-uaire i gcrèche ina labhraítear Béarla amháin.

Ar an dtaobh eile den scéal, cad iad na féidearthachtaí atá ann do thuismitheoirí nach bhfuil Gaeilge acu féin ach atá báúil don Ghaeilge, más rud é go bhfuil an gasúr agfreastal ar naíolann lán-Ghaeilge? Tá sé aontaithe idir mo Roinn agus Údarás na Gaeltachta go gcuirfimid grúpa oibre beag le chéile le ceisteanna naíolanna Gaeltachta agus Gaeilge a chur chun cinn. Sílim gur rud an-tábhachtach é sin.

Maidir le gníomhaíochtaí eile a bhaineann leis an óige, tá an t-airgead ar fáil don naíoscolaíocht dúbailte. Tá scéim nua gcampaí samhraidh curtha ar bun. D'éirigh thar cinn ar fad leis anuraidh, agus beidh sé ar bun arís i mbliana. Tá tús curtha le scéim píolótach cuairteoirí baile. Is é an smaoineamh atá ann seo ná tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge. Tá struchtúr nua cúram leanaí bunaithe, mar a dúirt mé. Tá forbairtí idir lámha i láthair na huaire maidir le scéim labhairt na Gaeilge, agus tá súil agam go mbeidh éifeacht ag an scéim nua a bheas á fógairt i bhfad níos luaithe i saol an pháiste. Tá struchtúr óige Gaeltachta beartaithe ag Údarás na Gaeltachta, agus tá sé ag dul chun cinn leis sin.

Tá an-obair á déanamh ag na cúntóirí teanga. Bhí sé sin ar bun ar bhonn píolótach ar fad i gCorca Dhuibhne sular ceapadh mar Aire mé, ach tá an scéim sin leathnaithe amach agam mar scéim náisiúnta. Mar a deir siad i mBéarla, tá "mainstreaming" déanta uirthi. Is dóigh liom go bhfuil obair iontach mór déanta leis na coláistí Gaeilge ó thaobh an chaighdeáin de agus an fhaoiseamh cánach a frítheadh anuraidh.

Chomh maith leis sin, cuireadh ardú mór ar an deontas. Tá ceangal anois idir an íocaíocht ón Stát agus an íocaíocht ó na coláistí. Beidh ar na coláistí €1.20 a íoc do chuile euro a íocann an Stát. Beidh an Roinn ag íoc €9 in aghaidh an lae i mbliana, agus dá bharr sin, beidh na coláistí Gaeilge ag íoc íosmhéid de €10.80. Déanann sé sin beagnach scór euro — beidh sé 20 cent gearr de. I go leor cásanna, tá an t-airgead os cionn dúbailte le roinnt bheag blianta anuas.

Bunaíodh Acadamh na hOllscoile agus, ar ndóigh, tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag feidhmiú i nGaoth Dóbhair anois chomh maith leis an Cheathrú Rua agus Carna i gConamara. Luaigh mé an Chomhairle um Oideachas Gaelscolaíochta agus Scoileanna Gaeltachta cheana féin. An triú sprioc ná go leanfaimid orainn ag obair ar ábhair ar nós an Feachtas Feasachta Teanga, seirbhís raidió don aos óg, cur i bhfeidhm an Acht Teanga agus eile. Tá an sprioc seo dírithe arís ar an aos óig sa mhéid is go bhfuil muid ag brú ar aghaidh leis an obair thábhachtach a mbeidh tionchar dhíreach aige ar dhaoine óga ar nós an seirbhís raidió don aos óig. Foilseoidh suirbhé raidió le gairid agus tá go leor eolas ansin nach mbaineann go díreach le cúrsaí raidió ach atá thar a bheith úsáideach. Taispeánann sé bá an phobail don Ghaeilge i gcoitinne. Tréaslaím saothar le BCI, a rinne coimisiúnú ar sin, agus a bhí comhmhaoinithe ag Foras na Gaeilge agus agam féin. Bhí áthas orm a chloisteáil go bhfuil cinneadh déanta ag Raidió na Gaeltachta seirbhís faoi leith don óige a chur ar bun, le liricí Béarla, idir 9 p.m. agus 1 a.m. Is céim sa treo ceart é seo agus tréaslaím an nualacht le Raidió na Gaeltachta agus RTÉ.

Ní dhéanfaidh seo dochar ar bith do Raidió na Gaeltachta mar tá margaidh éagsúla ann anois ach an oiread le pobal ar bith eile agus caithfimid freastal ar na margaidh sin. Ní mar an gcéanna an rud a bheinn ag éirí a éisteacht leis agus a bheadh lucht an lae inniu ag éisteacht leis, go speisialta i gcúrsaí ceoil.

Baineann an ceathrú sprioc le pleanáil sa Ghaeltacht. Ceist achrannach í ach ní féidir seasamh siar ag ligint orainn féin nach bhfuil sí ann. Ba mhaith liom na himreoirí a thabhairt le chéile go dtiocfaimis ar thuairim coitianta. Tá mo Roinn féin agus an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ag obair ar an gceist seo agus tá grúpa oibre, NASC, bunaithe ar a bhfuil Údarás na Gaeltachta, na comhairlí condae Gaeltachta agus Coláiste na hOllscoile i nGaillimh páirteach ann. Tá dréacht-threoirlínte pleanála réitithe ag NASC do na Gaeltachtaí ar fad. Tá sin feicthe agam — tá iarracht maith déanta ach tá roinnt mhaith le plé. Tuigim ón údarás go mbeidh sé ag reáchtáil seimineáir faoi chúram NASC chun iad seo a phlé. Beidh mé féin agus mo Roinn ag glacadh páirt dearfach san obair seo le go dtiocfaimis ar threoirlínte ag a mbeidh ceannach isteach ag feidhmeannaigh na gcomhairlí condae agus, níos tábhachtaí, ag na comhairlí tofa ag pobal na Gaeltachta.

Labhair mé faoin mBille teanga agus faoi Choimisiún na Gaeltachta. Is cinnte go bhfuil muid ag leanúint ag cur moltaí an choimisiúin i bhfeidhm. Ceann de na moltaí i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta ná stádas oifigiúil don Ghaeilge san Eoraip a lorg. An t-am seo anuraidh, ní raibh mórán dóchas ag daoine go ndéanfadh mórán dul chun cinn leis an gceist seo. Ghlac an Rialtas cinneadh luath i mí Iúil seo caite go lorgófaí stádas oifigiúil oibre don Gaeilge. Tá na comhráití fós ar bun ach is féidir a rá go bhfuil obair iontach déanta ó shin leis an chás seo a chur chun cinn. Tá sé tábhachtach go leanfar leis an obair le go mbainfear an sprioc sin amach. Tá sé freisin tábhachtach a thuiscint má bhainfear amach é nach féidir linn a bheith ag breathnú ar an Eoraip ag tabhairt stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge mura a bhfuil sinn sásta an oiread céanna agus níos mó a dhéanamh sa bhaile.

Moltar i dtuarascáil an choimisiúin polasaí Stáit a bheachtú le hathréimniú na Gaeilge mar theanga náisiúnta a dhearbhú. D'fhógair mé ar 1 Márta anuraidh go mbunófaí Fóram na Gaeilge chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna éagsúla: inmholtacht plean straitéiseach soiléir sa Stát don Ghaeilge le spriocanna réalaíocha ann, go mbeadh na tosaíochtaí straitéise gearrthéarmacha soiléir, go mbeadh na tosaíochtaí maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla soiléir, go mbeadh na bealaí is fearr agus is praiticiúla ann chun dul chun cinn a bhaint amach.

Bhí roinnt chruinnithe againn den fhóram agus tá cruinniú eile le bheith ann ar an chéad mhí eile agus tá obair ar bun. De bharr an méid rudaí eile atá ar bun sa Roinn, tá an obair ag dul ar aghaidh. B'fhéidir nach bhfuil sé ag tarlú chomh scioptha agus ar mhaith liom, ach an fhadhb atá ann ná acmhainn foirne agus ama. Is soiléir ón méid atá ráite go dtí seo agus an méid atá ar bun go bhfuil muid ag éirí go leor leor a bhrú ar aghaidh ag an am céanna.

Rud eile atá déanta ná tionscnamh maidir le pleanáil teanga gur fiú €1.56 milliún. Tá seo bunaithe ar an nGaeltacht agus pleanáil teanga pobail atá i gceist. Tá sé le cur i bhfeidhm i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, a chaith suas atá €110,000 in aghaidh na bliana ag tabhairt airgid do ghrúpaí pobail éagsúla go réiteoidís agus go bhfeidhmeoidís pleananna ceart pobal teanga.

D'fhógair mé i mí Aibreáin 2003 go mbeidh 20% de bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta a infheistiú i dtionscail ina bhfuil se soiléir go bhfuil úsáid agus leathadh na Gaeilge mar phríomhmheán cumarsáide sa Ghaeltacht lárnach. Seoladh scéim fiontraíocht Ghaeilge sa Ghaeltacht i mí Meithimh 2003.

I láthair na huaire, tá mé ag déanamh athbhreithniú cuimsitheach ar chumhachtaí agus fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Mar thoradh ar an athbhreithniú seo, d'iarr an Roinn aighneachtaí an phobail agus tá suas le 70 aighneacht faighte. Scrúdófar go mionn iad sa Roinn ach ní fheicfidh mise iad go dtí tar éis an toghcháin. Tá sé tábhachtach go mbreathnóimid ar an údarás i gcomhthéacs na riachtanas atá ann i láthair na huaire.

Tá staidéar teangeolaíochta tosaithe sa nGaeltacht agus tá gá go mbeidh critéir soiléir ann cad é Gaeltacht agus go bhfágfaidh an rogha le pobal na Gaeltachta féin an dteastaíonn uatha bheith taobh istigh nó amuigh. Níl mórán glacadh agam leis, is cuma cad a deir polaiteoirí. Gaeltacht ina bhfuil daoine míshásta go mbeidh na hainmneacha i nGaeilge nó rianaibh éigin den nGaeilge ann, agus ag an am céanna nach bhfuil ag éirí stádas Gaeltachta a chailleadh, níl aon chiall lena leithéid a bheith mar Ghaeltacht agus caithfimid critéir a leagan síos a rá má theastaíonn stádas Gaeilge ó cheantar, caithfidh sé cloígh leis na critéir sin.

Ba mhaith liom díriú sa bhliain atá romhainn ná ceist foilsitheoireachta sa Ghaeilge. Níl aon amhras ach go bhfuil líon agus caighdeán na leabhar atáá bhfoilsiú ag feabhsú le blianta. Níl nós léitheoireachta na Gaeilge, áfach, chomh tréan agus ar mhaith liom. Tá bord nua Bord na Leabhar Gaeilge ceaptha agam agus tréaslaím saothar an tseanbhoird. Tá dream nua ann anois i mbun a chúram. Chas mé leis agus rinne mé soiléir gur theastaigh uaim ná go n-éireodh sé gnáthléitheoireacht a chur ar fáil a bheadh tarraingteach don phobal agus go ndéanfaimis iarracht mhór margaíocht a dhéanamh ar léitheoireacht na Gaeilge. Ba bhreá an rud é dá dtiocfadh duine ag an aerfort ar chúpla leabhar éadroma Gaeilge ar nós leabhair Béarla, nach rud don chúlsheomra de na siopaí speisialtóireachta iad agus go bhfeicfí leabhair as Gaeilge agus spéis sa phobal iontu.

Tá Foras na Gaeilge ag treabhadh leis. Tá a lán cúisigh áirithe ann de bharr na teipe ar an bhFeidhmeannas ó Thuaidh ach taobh istigh de na cúinsí atá ann, tá obair mhór ar bun ag an bhforas. Tá pianta fáis ann ar ndóigh ach feicfear go bhfuil cur chuige maith ag an bhforas agus ma bheimid beagáinín foighideach, feicfimid go dtiocfar ar réiteach ar na fadhbanna atá ann le cúpla mí anuas. Tá a fhios agam go bhfuil caidreamh nua-bhunaithe idir an foras agus na heagraíochtaí Gaeilge, agus is tuar dóchais don am atá le teacht é sin.

An rud deiridh ar mhaith liom a lua ná ceist na Gaeilge sa Teach seo. Luaigh an Coimisinéir nach mbíonn ach 1% den díospóireacht sa Teach seo as Gaeilge, agus glacaim leis gur fadhb é sin. Má tá muid macánta faoin cheist seo, tá cúiseanna ann gur mar sin atá sé. Tá sé scannalach agus is ceann de na fáthanna é nach bhfuil daoine sásta Gaeilge a úsáid sa Teach seo ná go bhfuil a fhios acu nach ndéanfar tuairisciú ar rud ar bith a deirtear i nGaeilge sa Teach seo sna mórmheáin Bhéarla, fiú má bhíonn aistriúchán ar fáil.

Nuair a bhí an tAcht Teangacha Oifigiúla ag dul tríd an Dáil, ó A go Z, ní raibh focal ariamh ar "Today in the Oireachtas" faoi. Choinnigh me súil air, agus fiú go rabhamar anseo gan mórán eile ar bun i dTithe an Oireachtais sna laethanta céanna, níorbh fhiú do na heagarthóirí a bhaineann leis an gclár sin oiread agus focal amháin den díospóireacht bhríomhar a bhí ar an Acht a chraoladh. Má chuirtear ceist cén fáth nach n-úsáideann daoine Gaeilge sa Teach seo, cuirimse síos gur sin é. Ní maith le polaiteoirí seasamh suas muna bhfuil éinne ag éisteacht leo. Níl mé á rá nach bhfuil sí tábhachtach, nó an comhghleacaí ar mo chúl, ach táimid ag iarraidh labhairt leis an bpobal. Táimid ag brath ar lucht na nuachta cothrom na féinne a thabhairt dóibh siúd a labhraíonn an Ghaeilge chomh maith le dóibh siúd a labhraíonn an Béarla, agus tá córas aistriúcháin ar fáil.

Mhol mé cheana féin agus molaim arís go smaoineodh TG4 ar chlár Gaeilge leath-uaire a dhéanamh a chraolfaí uair sa tseachtain. Thabharfaí tús áite d'óráidí i nGaeilge, ach d'fhéadfaí é a líonadh isteach le hóráidí as Béarla. Thabharfaí blas den méid a bhí le rá. Táimse cinnte dá mbeadh a leithéid de chlár ann uair sa tseachtain ar an teilifís, agus dá mba rud é go raibh óráidí i nGaeilge ag fáil tús áite ar óráidí i mBéarla ar a leithéid de chlár mar a fhaigheann na hóráidí i mBéarla tús áite ar na hóráidí i nGaeilge i láthair na huaire ar "Today in the Oireachtas", thiocfadh méadú as cuimse ar úsáid na Gaeilge sa Teach seo. Tar éis na Féile Pádraig, molaim é sin mar ghníomh don bhliain seo. Ní hé an chéad uair dá bhfuilim á mholadh sin, ach dá ndéanfaí an rud beag sin amháin, thiocfadh muid ar ais anseo ar a laghad ag caint 5% nó 10% as Gaeilge i dTithe an Oireachtais, agus b'fhéidir, ní ba mhó. Nach iontach an dul chun cinn dúinne sa Teach dá mbeadh a leithéid d'fheabhas ann in imeacht bliana?

Gabhaim buíochas leis an Cheann Comhairle as ucht an deis cainte agus tá súil agam go mbeimid in ann tuairisciú ag an am seo arís go bhfuil an oiread céanna dul chun cinn déanta agus a rinneadh le cúpla bliain anuas.

Tá lúcháir orm an deis seo a bheith agam cúpla focal a rá maidir leis an mhéid a bhí le rá ag an Aire agus mo thuairimí féin. Is dócha gur ócáid bhliantúil é seo anois nuair a thagann an tAire agus Teachtaí cosúil liom féin isteach anseo sa Dáil agus go mbíonn deis againn dearcadh siar ar cad a tharla maidir le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachtaí le bliain anuas, agus ag breathnú ar aghaidh amach romhainn sa bhliain atá le teacht. Is rud maith é.

B'fhéidir, ar an lámh eile, go léiríonn sé an pointe a bhí á dhéanamh ag an Aire nach labhraítear an Ghaeilge sa Dáil nó san Oireachtas ach 1% den am. B'shin an pointe a rinne an Coimisinéir Teanga ina thuairisc — an chéad cheann dár cuireadh ar fáil — an tseachtain seo caite. B'fhéidir go mbeadh úsáid na Gaeilge ní ba leithne, nuair a bhíonn muid ag plé le Roinn an Aire nó ar lá mar seo, dá bhféadfaí í a úsáid ar ócáidí eile.

Chuir sé gliondar orm cúpla seachtain ó shin nuair a bhí mé anseo sa Chathaoir ar feadh tamaill. Thug an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an Teachta McDowell, Bille isteach agus thug sé a óráid uilig ar an Dara Céim ó thús go deireadh as Gaeilge. Níl a fhios agam ar tugadh aon fhógraíocht dó sin ar an teilifís nó sna meáin chumarsáide eile, ach ar a laghad, tháinig an tAire isteach agus rinne sé óráid fhíorthábhachtach agus shuimiúil sa Ghaeilge. Ba chóir do níos mó Airí an rud céanna a dhéanamh. Tá fhios agam go raibh na daoine ar an taobh seo a raibh orthu freagraí a thabhairt ar an Aire an lá sin ag cuartú treorach agus comhairle maidir leis an Ghaeilge. Tá a fhios agam go ndéanann an tAire é féin a dhícheall i gcónaí. Tá a fhios agam go bhfuil cumas ag go leor de na hAirí eile an Ghaeilge a labhairt agus dá dtabharfadh siad sampla dúinn tríd an teanga a úsáid sa Teach chomh maith le daoine cosúil liom féin, bheadh treoir ansin agus caighdeán leagtha síos.

Is dócha an lá inniu, agus lá na Gaeilge sa Dáil, gur chóir tagairt a dhéanamh do Bhall den Oireachtas atá imithe uainn agus a cuireadh i ndáilcheantar an Aire féin inniu, is é sin, an t-iar-Sheanadóir agus Ball den Oireachtas, Pól Ó Foighil. Níor rugadh nó tógadh sa Ghaeltacht é, cosúil leis an Aire, ach chuaigh sé siar 40 bliain ó shin agus d'éirigh sé níos Gaelaí ná muintir na Gaeltachta iad féin. Níl sé ach ceart go bhfuileamar in ann cuimhneamh air inniu agus an obair iontach a rinne sé i measc na bpobal thiar ansin ó Bhearna amach go dtí na hoileáin. Tá a fhios agam le cúpla lá gur chuir an pobal thiar ansin an meas a bhí acu ar Phól Ó Foighil in iúl. Bheimis féin thíos ansin inniu ach amháin gur thit an díospóireacht seo ar lá a shochraide.

Nuair a bhí Pól Ó Foighil sa Teach eile, thug sé sampla chomh fada agus a bhain sé leis an Ghaeilge san Oireachtas. Sílim gur dhiúltaigh sé focal Béarla a labhairt ansin agus go ndearna sé a chuid cainteanna agus óráidí go léir i nGaeilge. Chuir sé brú ar na húdaráis i bhfeighil an Tí— agus d'éirigh leis — an córas aistriúchán comhuaineach atá sa Dáil leis na blianta a thabhairt isteach sa Teach eile chomh maith. Ar a laghad, beidh sé sin mar leac cuimhneacháin air anseo san Oireachtas — go ndéana Dia trócaire ar a anam — agus ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl dá bhean chéile, Chrissie, agus dá theaghlach uilig. Is boichte muid dá imeacht.

Rinne an tAire tagairt eile. Agus mé ag éisteacht leis, shíl mé go raibh comharthaí dóchais agus éadóchais ann chomh fada agus a bhaineann sé le staid na Gaeilge i láthair na huaire. Ina óráid, thagair an tAire do na rudaí atá déanta le cúpla bliain anuas, mar shampla, an tAcht teanga. Is cinnte gur chéim mhór ar aghaidh é sin, agus thugamar go léir tacaíocht don Bhille sin nuair a bhí sé ag dul tríd an Dáil. Tá an tAcht ar na leabhair anois mar dhlí na tíre, agus is dócha gurb é an dualgas agus an fhreagracht atá orainn ag an bpointe seo ná déanamh cinnte de go gcuirfear na moltaí agus na coinníollacha san Acht sin i bhfeidhm. Tá sé iontach tábhachtach. Is rud amháin é an tAcht a bheith againn ach is rud eile é an tAcht sin a chur i bhfeidhm. Tá an cúram sin ar an Aire agus a Roinn.

Tá comharthaí le feiceáil cheana féin. Nuair a chuirtear tuairiscí amach ó na Ranna agus na comhlachtaí Stáit, bíonn siad dátheangach, agus is céim mhór ar aghaidh é sin. Tá an chomharthaíocht á feabhsú ar fud na tíre agus ar fud na Gaeltachta, agus níl sé ach cúpla seachtain ó bhí an tAire thuas linn féin. Tá siad ag cur na leaganacha cruinn ceart i bhfeidhm. Sin iad na leaganacha oifigiúla a bheas le feiceáil againn as seo amach.

Is dul chun cinn é Acht na dTeangacha Oifigiúla. Bhí an feachtas ag dul ar aghaidh le bliain nó dhó stádas oifigiúil a bhaint amach don teanga san Eoraip. Tá lúcháir orm sa deireadh thiar thall go bhfuil an Rialtas ag glacadh cúram an fheachtais sin air agus ag dul ar aghaidh ag leibhéal na hEorpa. Má éiríonn an stádas a bhaint amach don teanga, is rud ceart é agus níl sé mínadúrtha go bhfuil sin le fáil don chéad teanga oifigiúil atá againn. Mar a dúirt an tAire, áfach, is cuma caidé an stádas a bhainfeas amach don teanga san Eoraip nó in áit ar bith eile, tá sé ag brath orainn féin sa bhaile caidé tá i ndán don Ghaeilge. Tá sé ag brath ar mhuintir na hÉireann, ag brath orainne istigh anseo sampla a thabhairt agus ag brath ar an aos óg atá ag teacht chun cinn.

Dúirt mé roimhe agus déarfaidh mé arís é gur comhartha dóchais mór iad na Gaelscoltacha ar fud na tíre. Tá fás agus forbairt ag teacht orthu bliain i ndiaidh bliana. Is dócha gurb í an fhadhb is mó atá ag tuismitheoirí agus muintir na tíre anois ná áit a fháil dá gcuid páistí sna scoltacha sin. Tá go leor Baill den Oireachtas go bhfuil a gclann ag freastal ag coláistí mar sin. Nuair a rachaidh siad fríd an chóras bhunscolaíochta, is cinnte go mbeidh an Ghaeilge foghlamtha acu i ngannfhios acu agus go mbeidh sí ar a dtoil acu ar fud a saol.

Tá deacrachtaí ann, áfach, sa Ghaeltacht fiú. Nuair a bhí mé i mbunscoil ansin, ba é an gnáththeanga ag na daltaí uilig, istigh agus amuigh, an Ghaeilge. Má tá duine as an cheantar Gaeltachta anois, go minic bíonn an Béarla le cloisteáil i gclos na scoile. Níl locht ar na múinteoirí nó ar na daltaí, tá an locht ar an chóras. Tá na meáin agus an teilifís ag teacht isteach agus go bhfuil brú an Bhéarla ag teacht isteach. Na pleananna atá ag an Aire le tabhairt faoi seo agus béim a chur ar na daoine óga agus an teanga, sin an dóigh len é a dhéanamh. Bím ag caint go rialta le múinteoirí na Gaeltachta agus tá deacrachtaí acu go fóill. Thagair an tAire go bhfuil deacrachtaí maidir le foilsitheoireacht. Tá deacrachtaí le téacsleabhair — níl ach téacs amháin le hábhair a dhéanamh trí Ghaeilge ach tá réimse de théacsleabhair sa Bhéarla. Níl sé inghlactha ag an am seo go mbeadh ar mhúinteoirí suigh síos roimh an scoil agus aistriúcháin a dhéanamh do na daltaí. Ní obair an mhúinteora í sin, tá an dualgas sin ar an Roinn nó ar an Ghúm nó foilsitheoirí éigin. Ba cheart go mbeadh téacsleabhair den chaighdeán agus éagsúlacht céanna le fáil sa chóras oideachas Gaelach agus atá ar fáil sa chóras trí Bhéarla.

Cúpla bliain ó shin, bhí sin ar intinn ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta féin acadamh a oscailt i ndáilcheantar an Theachta Uí Mhuineacháin i mBaile Bhuirne agus go mbeadh cúram air foilsitheoireacht agus dlúthdhiosca agus ábhair a chur ar fáil a chuideodh go mór le hoideachas trí Ghaeilge. Níl a fhios agam caidé atá ag dul ar aghaidh nó an bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas dhul ar aghaidh leis. Déanaim tagairt ar sin mar gur chaith mé féin tréimhse ansin mar mhac léinn agus tá foirgneamh breá ann i gceantar Gaeltachta stairiúil agus tá an Ghaeilge bríomhar beo ansin. Thabharfadh sé tacaíochta agus seasamh don teanga dá mbeadh an t-institiúid ag feidhmiú ansin mar a bhí beartaithe cúpla bliain ó shin.

Is rud nádúrtha é go mbeadh sé i gceantar Gaeltachta. I gceantar s'againne cúpla seachtain ó shin, bhí an tAire thuas agus anois tá siad ag obair ar An Charraig ar an tionscnamh Gaeilge seo. Beidh seacht bpost ansin in áras nua agus beidh daoine ag obair tré mheán na Gaeilge ar rudaí a bhaineann leis an teanga. Nuair a fheicfidh daoine eile go bhfuil fostaíocht mar sin ar fáil, beidh sé mar spriocadh dóibh dhul ar aghaidh leis.

Rinne an tAire tagairt do na meáin cumarsáide agus Raidió na Gaeltachta. Tá obair mhór déanta aige, tá sé ag craoladh 24 uair sa lá. Is dócha go bhfuil malairt tuairimíochta ag daoine éagsúla fána liricí Béarla. Ní fheicim go bhfuil rud ar bith contráilte leis. Tá muid ag déanamh an comhcheangal tré Ghaeilge agus má bhíonn na liricí i mBéarla, caithfimid glacadh leis — sin an ceol an t-aos óg ag iarraidh éisteacht leis agus má cothaíonn sé lucht éisteachta i measc an aosa óig ó 9 p.m. san oíche go dtí 1 a.m., is rud maith é sin. Bhí mé féin mar bhall na blianta ó shin de chomhairle Raidió na Gaeltachta agus tháinig an cheist sin aníos. Cé go raibh intinn oscailte agam féin san am, bhí an comhairle ag an am sin go huile agus go hiomlán in a éadan. Tá an saol ag athrú, áfach, agus ba mhaith liom rath a ghuí ar an tseirbhís úr. Tá súil agam go n-éireoidh go maith leis agus go meallfaidh sé lucht éisteachta i measc an aosa óig agus iad ag éisteacht lena a chuid achainí ag teacht amach i nGaeilge, má tá na liricí i mBéarla, tá sin páirt dár saol.

Faoin teilifís, léim an rud a bhíonn le rá ag na léirmheastóirí sna nuachtáin gach deireadh seachtaine. Cuireann sé lúcháir orm go bpioctar amach go han-mhinic cláracha TG4 agus moladh a thabhairt dó. Léiríonn sé an tsamhlaíocht atá ag na daoine óga i mbun an stáisiúin sin. Tá níos mó déanta acu ardán a thabhairt don Ghaeilge ná cuid mhór a tharla le fada anuas.

Aontaím leis an Aire, áfach, go mbeadh sé go maith dá mbeadh clár air a thabharfadh léargas ar cad a bhíonn ag dul ar aghaidh istigh anseo san Oireachtas ó thaobh na Gaeilge de. Dá mbeadh clár den sort sin, ba leor ceathrú uaire, ní bheadh sé i bhfad go dtí go mbeadh níos mó ná 1% den méid a deirtear istigh anseo trí Gaeilge. Cuireann sé iontas orm na daoine a bhíonn ag amharc ar TG4, daoine a shílfinn nach mbeadh focal Gaeilge acu. Castar daoine orm taobh amuigh den Ghaeltacht ag rá gur chonaic siad ar teilifís mé agus a leithéid. Rud ar bith a bhaineann le polaitíocht nó leis an saol poiblí, tá tarraingt na ndaoine air a bhfuil suim acu ansin. B'fhiú TG4 breathnú air sin agus ní bheadh sé ag iarraidh barraíocht uaidh dá mbeadh sé sásta ceathrú uaire sa tseachtain a chur ar fáil imeachtaí an Oireachtais le béim ar an méid atá ráite trí Ghaeilge. Spreagfadh sin sinn uilig labhairt sa teanga níos minice.

Nuair a bhí mé óg, bhí an t-uafás go deo acu le léamh ar nós Reics Carlo san Eigipt le Cathal Ó Sandair.

Bhí comórtas uair amháin sa choláiste agus iarradh orainn scéal a scríobh cosúil le sraith Reics Carlo. Bhí muid uilig ag scríobh agus b'iontach an obair a chuir sin ar fáil. Léitheoireacht iontach simplí a bhí sna leabhair, rúndiamhair agus bleachtaireacht, agus bhí sé chomh maith agus chomh suimiúil le rud ar bith a bhí le fáil i dteanga ar bith eile. Bhí comórtas ann nuair a tháinig an leabhar is déanaí Rex Carlo amach cé an chéad duine a bhí an leabhar sin léite aige nó aici. Tharla sin cúpla scór bliain ó shin ach níl a fhios agam caidé a tharla do na leabhair sin agus níl a fhios agam an mbeadh suim ag aos óg an lae inniu iontu. Ní raibh an teilifís ag an am sin ach is cinnte gur chuir sé léitheoireacht ar fáil do ghlúin iomlán daoine óga san am sin.

Thagair an tAire d'Fhoras na Gaeilge. Tá deacrachtaí ansin i láthair na huaire. Níl a fhios agam an mbaineann sin le deacrachtaí polaitíochta ó Thuaidh. Bhí sé sna meáin ansin agus tá súil agam go n-éireodh leis an fhoras na deacrachtaí sin a reiteach agus go rachaidh sé ar aghaidh ag comhoibiriú leis na heagraíochtaí deonacha a bhfuil an oiread sin déanta acu, cosúil le Conradh na Gaeilge agus Gael Linn. Cuireann sé lúcháir orm go bhfuil Gael Linn ag cur amach na seanamhráin agus ceirníní a rinne sé agus go bhfuil deis againn iad a fháil ar dioscaí anois. Cuireann sin uilig — an ceol, an léitheoireacht, an teilifís, an raidió — le stádas na Gaeilge.

Tá dul chun cinn áirithe déanta ach tá deacrachtaí go fóill, go speisialta mar a léirigh an coimisinéir. Sa chéad tuarascáil a chuir sé amach, bhí sé sásta na deacrachtaí a chíonn sé a léiriú agus aird a thabhairt orthu agus ár n-aigne a dhíriú orthu. Dúirt sé go bhfuil géar-ghá le hathbreithniú cuimsitheach fuarchúiseach ar gach gné d'fhoghlaim agus de mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais. Idir seo agus an bhliain seo chugainn, má thugaimid aghaidh ar an phointe sin agus ar na deacrachtaí sa chóras oideachais a réiteach, cé acu cáilíochta na múinteoirí nó a gcumas i nGaeilge, nó téacsleabhair, beidh sár-obair déanta againn. Níl sé inghlactha go bhfuil daltaíábalta 12 bliain a chaitheamh ag dul fríd an chóras oideachais agus nach féidir leo comhrá a dhéanamh i ndiaidh an ama sin. Caithfidh an tAire a admháil go bhfuil lúb ar lár éigin sa scéal. Tá saineolaithe agus modhanna nua teangeolaíochta ag rá go bhfuil iomarca béim ar scríobh nó ar léamh agus go bhfoghlaimíonn an páiste an teanga a labhairt sula bhfoghlaimíonn sé a scríobh nó léamh.

Sin an pointe tábhachtach a rinne an coimisinéir agus idir anois agus an bliain seo chugainn, caithfimid teacht ar réiteach air. Nuair a bheas daltaí in ann an teanga a labhairt go measartha líofa i ndiaidh a chuid ama sa chóras oideachais, beidh éirithe linn. Níl sin ag tarlú anois agus is dochar é don teanga agus do ghluaiseacht na Gaeilge.

Beidh an chuid is mó den óráid seo as Béarla. Teastaíonn uaim teachtaireacht a chur amach faoin nGaeilge agus tá seans níos fearr agam an teachtaireacht sin a chur os comhair an phobail má labhraím as Béarla. Tá an teachtaireacht sin simplí— is le gach saoránach an Ghaeilge ar chomhchéim. Tá sé tábhachtach go dtuigeann gach éinne sin agus go dtuigeann siad gur rud taitneamhach í má chuirtear chuige sin ar an modh ceart.

Tá an Ghaeilge timpeall orainn. Tá na logainmneacha againn agus astu siúd tagann eolas ar stair áitiúil chomh maith le leathnú foclóra. Tá cuid mhaith focal Gaeilge a úsáidtear sa ghnáthchaint i mBéarla. Tá seanfhocail againn agus cosúil leis na seanfhocail sa Book of Proverbs sa mbíobla, tá críonnacht ag baint leo, críonnacht éagsúil ó chríonnacht aon tír eile ar an domhain, sin críonnacht na nGael.

The Irish language is an endangered language. The only languages in Europe that are generally known to be in danger of disappearing are the Celtic languages of Britain and Ireland, such as Scottish Gaelic, Irish Gaelic and Welsh. Manx is already extinct and Cornish died out at the end of the 18th century but was artificially revived and now has a number of speakers.

This information is contained in the UNESCO Atlas of the World’s Languages in Danger of Disappearing, second edition, revised, enlarged and updated, and published in 2001. According to the author’s estimate, about 6,000 languages are spoken in the world today. Some 3,000 or more of these languages are, at least, endangered. The Atlas states:

It is important to know that a language which is in danger of disappearing can still be saved, provided that an appropriate language policy is adopted: the case of Hebrew is a good example of the revival of a language that ceased to be a living language thousands of years ago.

There are, however, important aspects to the revival of Hebrew that do not apply to the Irish language. The first is that the Hebrew people throughout the world retained a knowledge of the written Hebrew and when, eventually, the State of Israel was set up people came to settle there from all over the world. There was a need for a language for these people to communicate with one another and the fact that down through the generations a knowledge of the written Hebrew had been retained made it rational for Hebrew to become the language of Israel.

Irish people, on the other hand, do not have the same widespread ability to read the language, nor is there any great communications imperative that would make it the preferred language in the same sense as Hebrew was the preferred language for the people of the new state of Israel.

There are five categories that indicate the degree of endangerment to the language. These are potentially endangered languages, where decreasing numbers of children learn the language; endangered languages, where the youngest speakers are young adults; seriously endangered languages, where the youngest speakers have reached or passed middle age; moribund languages, where only a few elderly speakers are left; and extinct languages, where no speakers are left.

In volume 11 of the 2002 census, which deals with the Irish language, page 68, table 33 deals with Irish speakers aged three years and over, classified by frequency of speaking, age group and sex. Accordingly, I have made the following calculations: in the three to four year age group, 2.6% never use Irish; in the four to nine age group, 3.1% never use Irish; in the ten to 14 age group, 6.5% never use Irish; in the 15 to 19 age group, 19.4% never use Irish; in the 20 to 24 age group, 43% never use Irish; in the 25 to 34 age group, 46% never use Irish; in the 35 to 44 age group, 39% never use Irish; in the 45 to 64 age group, 35% never use Irish; in the 55 to 64 age group, 32% never use Irish; and in the 65 and over age group, 32% never use Irish.

There is a clear pattern here. Non-use of Irish among the 15 to 19 years group is 19.4% but there is a dramatic increase among the 20 to 24 years group. That pattern continues in the 25 to 34 years group whereas there is a reduction in the number of people aged between 35 and 65 who never use Irish. Nonetheless the 32% of 65s and over who never use the Irish language is greater than the 19.4% that never use the Irish language in the 15 to 19 years group. Ability to speak Irish is higher among females at 45.9% than males at 39.7%.

The Minister for Education and Science recently stated: "It is an accepted tenet of linguistic research that a language will struggle where a society does not create an environment for its active everyday use." However, in his inaugural report for 2004, the language commissioner states: "I firmly believe that teachers should not carry all the blame for the absence of fluency in the language on the part of so many people who have come through the educational system." The commissioner is well aware that of the occupational groups with the highest ability to speak Irish, teachers came out on top at 79.3%.

The inaugural report of the language commissioner was presented to the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs on 22 February 2005. On Friday, 4 March 2005 the Minister was reported as blaming poor levels of Irish among teachers as one of the main reasons for a shortage of workers competent in the Irish language. He said the standard of Irish among teachers needed to be looked at to help address the problem. He also stated that although there is a combination of factors behind poor levels of Irish, teacher training is a major element. He added:

One of the major problems is the large number of teachers particularly those qualified in recent years who don't have a competency in the language. We are getting a poor return for our investment of time and money in terms of learning Irish.

I invite the commissioner and the Minister to focus on the statistics that in the 15 to 19 years group 19.4% never use Irish, in the 20 to 24 years group 43% never use Irish and in the 25 to 34 years group 46% never use Irish.

Both the Minister and the commissioner would be well served to examine the environment of the Irish language, which is, at best, unsupportive and, at worst, quite hostile, rather than lunging into the blame game and singling out teachers for special mention. They have commenced the blame game. They realise that the State has not succeeded in reviving the Irish language, despite massive investment. A group must be to blame and teachers present an easy target. This is, at the very least, a sloppy, shallow and disingenuous analysis, not to mention the patronising tone.

However, I agree with one statement made by the language commissioner in his report, but he does not go far enough. He states that a public debate on this important aspect of Irish life is essential. He alludes to what changes for the better can be made in the education system, which will ensure competency in the language in return for the substantial State investment in this area of education. The commissioner reckons this investment is as much as €500 million annually. He also states the Irish language does not belong exclusively to any one section of the people but to everyone.

This is correct and goes in the right direction but the debate should not be confined to the education system solely. This is to miss the entire point. The language belongs to all the people but too few of them see it that way. Elitism and fanaticism have not helped the cause of the revival of the language. There is an urgent need for a full and frank national debate free from intimidation and elitism so that people can without fear express their views on and attitude to the Irish language. Many people are antagonistic to the Irish language. They should be made to feel that in this democratic society, they should be able to express their opinions on the Irish language or any other subject without accusations of being west Britons or not being truly Nationalist.

Such a debate is not only desirable but essential to cultivate the sense of ownership of the Irish language which will develop a proactive mindset towards the Irish language. The Irish language revival movement has absolutely nothing to fear from such a debate but its absence will contribute to further decline. Many positives relating to the language can be missed, not least the number of Irish words that are used in spoken English. Boreen, sceach, abu, amadan, ciotog, camogie, fado, smithereens and uisce beatha, spring readily to mind. There are many others and, interestingly, many Irish words are used in spoken English in Newfoundland, for example, shebeen, sleaveen, gamogue, tayscaun, galore, piseog. I refer to place names, which are all around us, such as ath, baile, cill, cluain, dun, eaglais, fear, gleann, inis, lios, maigh, moin, paroiste, rath. Not alone do these words enhance our vocabulary but these place names contain much history.

Many proverbs or seanfhocail are in everyday use, for example, ní bhíonn in aon rud ach seal; is fearr an tsláinte ná na táinte; sceitheann meisce mírú; is glasa iad na cnoic i bhfad uainn; nuair a bhíonn an cat amuigh bíonn an luch ag rince; and is binn béal ina thost. Seanfhocail contain the wisdom of the Irish race as well as serving to expand our vocabulary. The basic lesson of this is that learning Irish can be a great, enriching joy. Negativity, like the blame game, is anathema to this. This is an essential truth which is, all too often, overlooked.

We have reached an important juncture in regard to the Irish language but we are losing the battle. I refer to the well known seanfhocal, "Ní neart go cur le chéile — unity is strength." This is not a time for divisiveness, nor is it a time for the blame game. The people are co-owners of the national treasure that is the Irish language, yet not everybody appreciates this. The language should be shared and enjoyed and those of us who appreciate it should go out of our way to communicate this to others in a positive way. We allow a situation to arise by which a minority can monopolise the debate by insisting on abstract rights relating to the Irish language, which are trivial in the overall scheme of things and will only alienate others.

The UNESCO atlas states that the Irish language is endangered. It is not too late to save it. A spirit of generosity is called for and we must not fail in that.

Nuair a bhí an Teachta McGinley ag caint, rinne sé comhbhrón le clann an iar-Sheanadóir, Pól Ó Foighil. Ba mhaith liom chomhbhrón a dhéanamh freisin. Is cuimhin liom nuair a tháinig mé anseo don chéad uair, bhí choiste ann don Ghaeilge, agus bhí Pól ina baill de. Fear ann féin ab ea é. Bhí a chroí sáite sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Go ndéanfaí Dia trócaire ar a anam dílis.

Cé go bhfuil an Gaeilge i gcontúirt, tá leigheas ar an scéal. Tá sé níos furasta daoine a mhealladh ná iallach a chur ar daoine. Más rud é go mbíonn gluaiseacht na Gaeilge ró-theibí, chasfaidh daoine sa treo eile. Casfaimid daoine a mhealladh trí léiriú dóibh stair áitiúil, mar shampla. Tá sé furasta aistriú a dhéanamh ar an Trá Mhór i mo cheantar féin, mar shampla. Mar an gcéanna le Dunmore East, Dún Mór, agus Port Láirge. Tá logainmneacha mar sin ar fud na tíre. Sampla eile is ea Baile Átha Cliath, the town of the ford of the hurdles, nó Dublin agus Dubh Linn.

Tá an Ghaeilge agus stair na Gael timpeall orainn. Ní leagaimid i gcónaí an béim cheart ar sin. Tá obair mhaith déanta ag lucht teilifíse, ag TG4 agus RTE, chun an saibhris seo a chur os comhair na daoine. Tá lige san Acht teanga, mar a dúirt mé go minic sa díospóireacht ar an Bhille sin, sé sin go bhfuil sé mar cheart ag daoine dul os comhair na cúirte más rud é nach bhfuil siad sásta le cinneadh éigin den Choimisinéir Teanga. Tá súil agam nach dtarlaíodh a leithéid. Tá siúl agam nach mbeidh daoine ag iarraidh cearta nach bhfuil aon ciall ag baint leo agus nach ndéanfaidh aon mhaitheas dóibh siúd ná don Ghaeilge. Caithfear sin a sheachaint.

Tá an Gaeilge taitneamhnach. Tríd an Ghaeilge is féidir daoine a oiliúint i stair na tíre, oidhreacht na nGael agus ar an slí inar tháinig an teanga aníos chugainn.

Tá áthas orm caint mar gheall ar an Ghaeilge. Tá sé an tábhachtach don tír teanga a bheith againn. Ar feadh na mblianta bhí ar na daoine troid chun an Ghaeilge a shábháil, agus tá eolas againn faoin tally stick a bhí á usáid sna blianta chrua. Tá cultúir an saibhir againn. Is rud náireach é go raibh an Ghaeilge mar colceathair bocht uair amháin. Inniu tá athrú tagtha ar an scéal, tá suim arís sa Gaeilge agus tá daoine ag iarraidh í a chaint i gcónaí, rud atá an tábhachtach agus iontach.

Tá sluaite ag léamh nuachtáin mar Foinse agus Inniu. Is stáisiún iontach é Raidió na Gaeltachta a craolann cláracha an deas. Pléitear gach cheist ar an raidió. Freisin, tháinig athrú mór ar an scéal le TG4. Bíonn na cláracha uilig, an nuacht agus réamháisnéis na haimsire go breá. Baintear usáid as subtitles, agus tá seans ag gach duine na cláracha a thuiscint.

Tá suim nua ag daoine óga sa Ghaeilge agus sa chultúir. Nuair a bhíonn suim ag daoine sa chultúir, bíonn suim acu sa teanga. Tá sé tábhachtach go mbeadh an teanga níos láidre agus níos mó daoine ag baint úsáid as anGaeilge.

Bhí mé ag caint cúpla lá ó shin le Máirtín Daibhí, fear iontach a bhfuil ar aithne agam. Tá sé ag obair do Raidió na Gaeltachta. Bhí sé i Mulranny agus bhí an oíche againn san óstán nua ansin. Dúirt sé liom go bhfuil athrú tagtha ar an scéal. Bhuail mé le Máirtín don chéad uair nuair a bhí sé ag obair leis an Ollamh Ó Bhrollacháin in Ollscoil na Gaillimhe. Dúirt sé gur féidir le Raidió na Gaeltachta cúpla focal Béarla a úsáid anois. Tá gasúr agam atá páirteach i rock band a bhíonn ag seinm ar fud na Gaeltachta. Is rud iontach é do na buachaillí óga. Ní bheadh an seans acu sin a dhéanamh gan cúpla focal Béarla a úsáid.

Is iontach an rud é go bhfuil seans ag daoine an Ghaeilge a labhairt, agus go bhfuil seans acu a bheith páirteach sa chultúir atá againn. Ar feadh na blianta fada do dhein Conradh an Gaeilge, mar shampla, iarracht mhór ar son an teanga. Tá fáinne nua ar fáil.

Tá féile mhór againn in Acla, is é sin Cruinniú Bádóirí Acla agus tá cumann ann a chuireann an chruinniú ar fáil. Tá mé i mo chathaoirleach ar na féile. Is féile an-tábhachtach é don áit. Tagann gach duine san áit le chéile agus baineann siad taitneamh mhór as seoladh na yawl, na báid traidisiúnta. Tá iascaireacht an-tábhachtach san áit, mar a bhfuil an seoladh. Ní raibh aon ghluaisteáin ar an oileán, ach bhí na yawl againn. Glacann áiteanna eile sa cheantar páirt sa féile, mar shampla, An Chorrán, Acaill Mhór, Cliara agus Inis Bigil. Glacann siad go léir páirt i seoladh na yawl. Is seans é chun an Ghaeilge a labhairt.

Is mór an trua agus an náire nach mbíonn seans ag daoine an Ghaeilge a labhairt. Dá mbeadh an seans sin ag daoine, chuirfeadh sé níos mó béime ar an teanga agus bheadh níos mó seans ag daoine cleachtadh a fháil agus bheith níos fearr ag labhairt na teangan.

Táim an-bhuíoch as ucht obair Údarás na Gaeltachta a thugann an-tacaíocht do dreamanna mar Cumann Bádóirí Acla agus Cruinniú Bádóirí Acla. Tá sé an-tábhachtach go bhfaigheann siad an tacaíocht sin. Tuigeann an t-údarás go bhfuil ár gcultúr ceangailte leis an teanga. Táimid an-bhuíoch as Údarás na Gaeltachta. Nuair a bhíonn na daoine go léir ag seoladh na mbád, bíonn siad ag iarraidh an Ghaeilge a chuir chun cinn agus baineann siad taitneamh as freisin.

Deirtear go bhfuil 1.6 milliúin daoine in ann an Ghaeilge a labhairt. Tuigim go bhfuil sé sin mar atá sé. Tá daoine ag foghlaim na Gaeilge. Tá a lán ghaelscoileanna ann nach raibh ann roimhe seo. Tá a lán suime ag páistí agus daoine óga sa teanga a bhfuil á fhoghlaim acu. Tá sé sin an-tábhachtach ar fad. An mbeadh an suim céanna acu muna mbeadh scrúdú le dhéanamh acu sa Ghaeilge? Tá sé de dhualgas ag duine scrúdú a dhéanamh sa Ghaeilge. Tá díospóireacht ar siúl mar gheall ar an tuairim go mbeadh an Ghaeilge níos láidre gan an scrúdú. B'fhéidir nach mbeadh sé níos láidre, ach b'fhéidir freisin go mbeadh níos mó grá ag daoine don teanga muna raibh scrúdú Ghaeilge sna scoileanna.

Ní mór don Rialtas gach cabhair agus tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Ní mór dó tacaíocht a thabhairt do gach duine a bhfuil ag iarraidh an teanga a labhairt, má tá sé nó sí sa Ghaeltacht nó nach bhfuil. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh cabhair ar fáil i ngach áit ina bhfuil foghlaimeoirí. Ní mór don Rialtas leanúint leis an tacaíocht sin. Is rud an-tábhachtach é dúinn go bhfuil teanga an-saibhir againn. Ní mór dúinn é a mhéadú. Ní mór don Rialtas an tacaíocht céanna a thabhairt do dhaoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht. B'fhéidir gur cheart dúinn na Gaeltachtaí a mhéadú.

Is trua é nach bhfuil níos mó Gaeilge á labhairt sa Dáil. Deirtear nach bhfuil ach 1% dos na díospóireachtaí sa Teach trí mheán na Gaeilge. B'fhéidir go mbeadh níos mó cleachtadh ag Teachtaí agus go labhráidís níos mó Ghaeilge dá mbeadh níos mó béime ar an teanga sa Teach. Ba cheart go mbeadh níos mó seans againn an Ghaeilge a labhairt. Tá seans-mhaith againn inniu chun an Ghaeilge a labhairt sa Dáil agus is rud iontach é sin. Tá suim mhór ag daoine sean agus aosta sa Ghaeilge.

Ba mhaith liom rud a rá faoi Pól Ó Foighil, go ndéana Dia trócaire ar a anam dílis. Fear iontach ar fad ab ea é. Bhí aithne agam ar Pól, a fuair bás cúpla lá ó shin. Bhí sé ag obair an-chrua ar son na daoine sa Ghaeltacht. Rinne sé obair an-mhaith ar fad ar son an phobail.

Bhí mé sa Ghaeltacht, i Lochán Beag, nuair a bhí mé i mo ghasúr óg. Bhí mé i mo chónaí i mBéal an Átha ag an am, ach chuaigh me go dtí Lochán Beag i gContae na Gaillimhe, gar le Indreabhán, chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Ba mhaith liom scéal a insint faoin am sin. Nuair a bhí mé ar mo rothar lá amháin, agus cailín agam ar mo "handlebars", bhuaileamar le Pól Ó Foighil, a bhí ina gluaisteáin ar an mbóthar chéanna. Ní raibh focal maith le rá aige mar gheall ar an rud sin. Fear iontach ab ea Pól Ó Foighil. Bhí mo bhean chéile i Lochán Beag nuair a bhí sí óg agus bhí Pól Ó Foighil ann freisin. Dúirt sí go raibh a lán Gaeilge le foghlaim ann.

Ní raibh aon fhaitíos ar Phól an Ghaeilge a labhairt, mar bhí an Ghaeilge an teanga nádúrtha a bhí aige. Ní raibh aon fhaitíos air an chultúir Ghaeilge a chur chun cinn. Is iontach ar fad é go ndearnadh sé iarracht i gcónaí an teanga a labhairt sa Seanad. B'fhéidir nach raibh sé in ann é sin a dhéanamh, ach rinne sé a dhícheall chun an Ghaeilge a chur chun barr.

Níl aon amhras ach go bhfuil sé an-tábhachtach ar fad go mbíonn daoine óga ag dul go dtí an Ghaeltacht i gcónaí chun Gaeilge a fhoghlaim. Bíonn daoine óga sásta filleadh chun an Ghaeltacht gach samhradh, bliain in aghaidh bhliain, agus baineann siad an-taitneamh as an Ghaeltacht. Ní mór go mbeadh seans ag daoine níos aosta dul go dtí an Ghaeltacht. B'fhéidir go mbeadh siad in ann feabhas a chur ar a nGaeilge. Ní mór dom féin dul go dtí an Ghaeltacht. Tá mé an-bhródúil labhairt ar an ábhar seo.

Tá áthas orm seans a fháil chun cúpla focal a rá sna ráitis ar an Ghaeilge. Cuireann sé díomá orm gur an slua céanna atá anseo is a bhíonn ann gach uair a phléitear ceisteanna sa Teach mar gheall ar an nGaeilge. Ba mhaith liom tréaslú leis an Aire as ucht an beocht atá curtha aige ina Aireacht agus an neart atá aige ann. Ón am a thosaigh sé san oifig seo, tá a lán déanta aige a bhfuil tábhacht ag baint leis. San am atá agam, ba mhaith liom caint mar gheall ar cúpla nithe den méid sin.

Múinteoir bunscoile is ea mise. Chaith mé 30 bliain ag múineadh ábhair éagsúla, chomh maith leis an Ghaeilge. Nuair a bhí mé ag dul ar scoil, d'fhoghlaim mé beagnach gach rud trí mheán na Gaeilge i scoil beag i gContae Chiarraí. Bhí beirt múinteoir sa scoil ar dtús, ach bhí triúr ann ina dhiaidh sin. Bhíodar ar fheabhas i gcás múineadh na Gaeilge. Cé go bhfuil céim agam sa Ghaeilge, caithfidh mé a admháil go bhfuil meirg ar mo chuid líofacht. Tá sé imithe chun donais leis na blianta, ach taitníonn sé liom triail a bhaint as anois is arís trí pháirt a ghlacadh sna díospóireachtaí seo.

Ba mhaith liom labhairt faoi mhúineadh na Gaeilge. Aontaím le cuid dos na rudaí atá ráite ag an Teachta Kenny, cé nach bhfuil an ráiteas go léir léite agam. Ba cheart dúinn aire a thabhairt ar cuid de na rudaí a dúirt sé. Cad atá imithe chun donais i leith múineadh na Gaeilge sna gnáthscoileanna? Tá an caighdeán níos ísle anois ná mar a bhí sé riamh sna gnáthscoileanna. Is deacair a rá cén fáth go bhfuil sé mar sin. I mo thuairim, tá na páistí agus na múinteoirí chomh báúil agus a bhí siad ariamh i leith na Gaeilge ach an bhfuil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag cur na béime cearta ar conas a mba cheart Gaeilge labhartha a mhúineadh? An bhfuil an iomad aimsire a chaitheamh sna bunscoileanna ag cur béime ar scríobh agus léamh na Gaeilge gan an bhéim ar labhairt an teanga? Tá suim agam i scéim labhairt na Gaeilge agus tá súil agam go mbeidh éifeacht ag an scéim feabhsaithe i bhfad níos luaithe i saol an pháiste. Níl aon ghá ann nach mbeadh sé ar chumas an ghnáthpháiste an caighdeán ard céanna a bheith aige sa Ghaeilge agus atá sa Bhéarla. Aontaím leis na múinteoirí a deir go bhfuil sé deacair fiú Béarla a mhúineadh do roinnt pháistí agus atá ag cur na ceiste ansin cén fáth go gcaithfimid an méid sin ama ag iarraidh Gaeilge a mhúineadh. Is féidir Gaeilge a mhúineadh, áfach, go héifeachtach má tá an tacaíocht ann ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta a fhaigheann an Béarla. Tá an t-am tagtha le béim nua a chur ar straitéis le Gaeilge labhartha a mhúineadh sna scoileanna.

Tá sár-obair á dhéanamh ag na scoileanna lán-Ghaelacha. Tá scoil i mo dhúiche féin i mBaile Munna. Cheapfadh duine nach mbeadh seans ag éinne Gaeilge a mhúineadh ná a labhairt san áit sin ach bhí mé ag caint leis an phríomhoide agus roinnt dhaltaí cúpla lá ó shin. Is álainn an rud é dul isteach ansin agus a éisteacht leis na páistí a thagann óna hárasáin i mBaile Munna, i bhFionnghlas agus Seantrabh agus cumas na Gaeilge acu nach gceapfadh duine a bheadh sé in ann a aimsiú sna háiteanna sin ar chor ar bith. Tá an timpeallacht ann, áfach, a chuireann an Ghaeilge chun cinn. Sin an fáth go bhfuil mé chomh báúil sin do scoileanna lán-Ghaelacha.

Bhí an díospóireacht céanna ann nuair a bhí me i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach. Bhí conspóid ann faoi bilingualism in Irish education. Bhí scoilteadh ann idir na daoine a cheap go bhféadfadh córas oideachais éifeachtach a bheith ann trí Ghaeilge agus córas éifeachtach gan í. De bhrí go bhfuil an méadú mór sin tagtha ar líon na Gaelscoileanna, tá an cheist freagartha. Is féidir an Ghaeilge a leathnú tríd an straitéis sin. Tá an-obair déanta ag an Chumann Lúthchleas Gael agus an FAI agus tá súil agam go leanfaidh siad leis.

Labhair daoine ar na coláistí samhraidh. Ní raibh mé riamh mar dhalta nó mar mhúinteoir iontu ach tá aithne agam ar a lán páistí a théann ann gach samhradh agus baineann siad an-taitneamh as an trí sheachtain a chaitheann siad ann agus tá timpeallacht Gaeilge ann an t-am ar fad. Tagann siad abhaile agus bá acu don Ghaeilge.

Bhí mé in RTE inniu ag caint ar bhunreacht na hEorpa. Ag deireadh an chláir bhí mé ag labhairt leis an fhoireann agus tháinig teachtaireachtaí isteach ag deireadh an chláir agus an bhéim a bhí iontu ná go bhfuil imní ag a lán daoine cad é a tharlóidh don fhéiniúlacht Gaelach má chloífimid leis an bhunreacht sin. Beidh níos mo fuinnimh ann má ghlacann muintir na hÉireann leis an bhunreacht sin.

Ón am a tháinig Riverdance chun cinn, tá an beocht agus fairsingeacht i leith na Gaeilge nach raibh ann riamh cheana. Tá scríbhneoireacht den chaighdeán is airde ann anois trí Ghaeilge. Tá cumas ceoil ann i bhfad níos bríomhaire ná mar a bhíodh. Is féidir le Raidió na Gaeltachta agus TG4 bouquet a fháil. Ba cheart dúinn iad a thréaslú as ucht na deá-oibre atá á déanamh acu gach lá. Tá cumas ag daoine an Ghaeilge a thuiscint a bhíonn le féachaint ar TG4 nár cheap go raibh an féidreacht acu sa teanga.

Tá an clár polaitíochta ann ag Eoin Ó Murchú ar Raidió na Gaeltachta gach Aoine agus ba mhaith liom go leathnódh Raidió na Gaeltachta cláranna cosúil leis sin. Níl go leor díofa ann. B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh cláracha áitiúla ann. Tá "Caint sa Chathair" ag Raidió naGaeltachta agus tá suim ag a lán daoine ann.

Is beag a chloisim, áfach, sna stáisiúin tráchtála as Gaeilge. Bíonn cinnlínte nuachta i roinnt acu ach níor chlois mé oiread is alt amháin ar na stáisiúin sa gcathair seo. Ba cheart don Broadcasting Commission of Ireland iniúchadh isteach sa gceist sin le fáil amach cén fáth nach bhfuil siad ag cur na Gaeilge chun cinn. Tá mandate acu sin a dhéanamh.

Dúirt an tAire go bhfuil naoi ordú logainmneacha déanta aige, ag cur san áireamh ordú logainmneacha a thiocfaidh i bhfeidhm ar an 20 Márta 2005. Sin ráite, níl a fhios agam cá bhfaigheann a lán daoine na logainmneacha anois sa chathair seo agus ar fud na tíre. Tá sé deacair a thuiscint cén fáth nach bhfuil níos mó béime á cur ag na comhairlí contae agus áitiúla sa treo is go gcuirfeadh sé iachall ar na buíonta tógála úsáid a bhaint as logainmneacha a bhfuil baint acu leis an áit féin agus a bhfuil an stair áitiúil ceangailte leo. B'fhéidir go mbeadh an tAire in ann níos mó brú a chur ar na comhairlí áitiúla chun é sin a fheabhsú.

Bhí díospóireacht i rith na bliana seo caite mar gheall ar stádas na Gaeilge san Eoraip. Tá súil agam anois go bhfuilimid níos gaire aontú a fháil ónár gcomhghleacaithe sa Chomhaontas Eorpach le go mbeadh an stádas céanna ag an Ghaeilge is atá ag na teangacha eile. Tá an argóint déanta, agus tá súil agam gur ghlac gach éinne léi. I rith na seachtaine seo caite, léigh mé áit éigin go raibh gach seans ann anois go mbeadh an stádas céanna ag an Ghaeilge is atá ag na teangacha eile san AE.

Mar fhocal scoir, is dócha gur tábhachtach an rud é go bhfuil am á chur ar leataobh againn anseo chun labhairt ar chúrsaí Gaeilge, ach nach dochrach é nach bhfuil ach cúpla lá sa bhliain curtha in áirithe chun ceisteanna tábhachtacha na Gaeilge a phlé anseo. Tá a fhios agam go bhfuil ceachtanna ar fáil againne anseo chun feabhas a chur ar ár gcuid Gaeilge, agus tá a fhios agam go mbíonn a lán daoine ag freastal ar na ceachtanna sin. B'fhéidir go bhféadfaimis aontú a fháil ar bhonn traspháirteach.

Nuair a thángas isteach anseo, bhí an Teachta Sargent ann, agus gach uair dár sheas sé suas, bhí alt nó leathalt aige as Gaeilge. Deir a lán daoine gur tokenism é sin, ach ní aontaím leis sin. B'fhéidir go bhféadfaimis go léir úsáid a bhaint as an Gaeilge anois agus aríst, nó gach uair dá bhfuilimid ag labhairt. De ghnáth, cloisim an Teachta Ó Snodaigh ag baint úsáide as an Gaeilge go forleathan, chomh minic agus is féidir leis, ar feadh 20 nóiméad nó mar sin. Is dóigh liom go mb'fhéidir lena lán daoine anseo é sin a dhéanamh dá mbeadh cleachtadh ní b'fhearr acu ar chaint anseo eatarthu féin. Nílimid ag caint eadrainn féin anseo, óir tá gach éinne ag éisteacht linn amuigh. Bheadh ní ba mhó beochta sa díospóireacht seo dá dtarlódh sé i bhfad ní ba mhó.

Go raibh maith ag an Leas-Cheann Comhairle as an deis seo a thabhairt dom labhairt ar an díospóireacht seo faoin Ghaeilge. Fáiltím roimpi, rud a dhéanann mó pháirtí freisin. Cé nach gceapfadh daoine a bhí ag éisteacht leis an Aire go gcuirimid fáilte roimh an Acht teanga, cuireann a lán daoine sa Fhreasúra fáilte roimhe. Chomh maith leis sin, tá áthas orainn maidir leis an dul chun cinn a bheidh ag leanúint ar aghaidh, le cúnamh Dé, i stádas na teanga san Aontas Eorpach.

Ní mór dom é seo a rá i dtosach báire, mar ó bheith ag éisteacht leis an Aire, cheapfaí go raibh an Freasúra ar chúis amháin nó ar chúis eile i gcoinne an Achta teanga. Tá sé tábhachtach go dtuigeann agus go n-admhaíonn an tAire go bhfuil éagsúlacht tuairimí i measc daoine ina pháirtí féin, i bpáirtithe an Fhreasúra agus i measc na dTeachtaí Neamhspleácha. Tá an éagsúlacht sin mar chroílár na ceiste ó thaobh na Gaeilge de chomh maith. I measc lucht na Gaeilge, tá éagsúlacht ann. Is trua é, mar sin, go ndeir an tAire go gceapann lucht na Gaeilge rud éigin i gcomhthéacs amháin nó i gcomhthéacs eile, mar ní féidir bheith ag caint mar gheall ar dhaoine a bhaineann úsáid as teanga mar ghrúpa a smaoiníonn mar a gcéanna agus atá an-chosúil lena chéile.

B'fhéidir gur ceacht é sin san Éirinn nua-aimseartha atá againn. Bhí caint ar dhaoine ag teacht isteach ó thíortha eile, daoine a bhfuil cúlra polaitiúil difriúil acu agus mar sin de. Tá daoine de gach sórt anois ag baint úsáide as an Ghaeilge mar theanga cumarsáide, a bheag nó a mhór. Tá mé ag caint faoi dhaoine atá éagsúil ar bhealaí eile — daoine aeracha agus díreacha, Protastúnaigh agus Caitlicigh a labhraíonn Gaeilge, daoine gorma, geala agus daoine ó thraidisiúin éagsúla polaitíochta chomh maith. Seans go bhfuil sé seo níos tábhachtaí ná rud ar bith eile: daoine a labhraíonn Gaeilge atá líofa agus daoine a dhéanann iarracht Gaeilge a labhairt atá fós ag foghlaim.

Táimid go léir ag foghlaim, ach tá daoine ann atá amhrasach mar gheall ar an Ghaeilge mar mhodh cumarsáide do gach aon ócáid. Luaigh mé é seo go pearsanta leis an Aire cheana féin, ach ceapaim gur fiú díospóireacht a spreagadh faoi seo chomh maith. Tá go leor iarrachtaí á ndéanamh cáipéisí a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla, mar thoradh ar an Acht teanga, b'fhéidir. D'ainneoin sin, agus mé ag féachaint ar roinnt mhaith de na tuairiscí sin, caithfidh mé a rá go bhfuil díomá orm, ní amháin nach bhfuil an Ghaeilge atá iontu iontach ar fad ach go gcaithfear bheith líofa sa teanga chun iad a léamh.

Muna bhfuiltear líofa, caithfear bheith an-aclaí nó bheith in ann féachaint ar rudaí bun os cionn. Mar shampla, tá cúpla cáipéis agam anseo. Níl ach Béarla ar an leathanach seo: An Explanatory Guide to the European Constitution, Department of Foreign Affairs. Tá sé as Béarla ar fad go dtí go dtagann an léitheoir go dtí croílár an leabhair, agus ansin, feiceann sé go bhfuil rudaí bun os cionn. Nuair a amharcann sé go géar air, aithníonn sé gur Gaeilge í an teanga atá bun os cionn. Mar sin, bíonn ar dhuine é a chasadh bun os cionn ar fad agus toiseacht ag léamh aríst, oiread is dá mbeadh leabhar nua aige.

Mar sin, má tá mé ag ullmhú, mar a bhíonn agus mar a bheidh mé, chun ceist Bhunreacht na hEorpa a phlé, tá orm bheith ag léamh téarmaíochta as Gaeilge atá beagáinín eisceachtúil nó casta. Chun teacht ar an aistriúchán Béarla, tá orm é a chasadh bun os cionn agus dul ag cuardach an leathanaigh ar a bhfuil an leagan Béarla scríofa. I ndáiríre, ní cabhair é sin úsáid na Gaeilge a spreagadh. Bhí daoine ag caint mar gheall ar tokenism, ach i ndáiríre cosnaíonn sé go leor airgead chun an leagan Gaeilge agus Béarla a fhoilsiú. Mura bhfuil siad taobh le taobh, tá sé an dheacair an úsáid is fearr a bhaint as an dá leagan. Deirimse arís le gach duine atá freagrach as, go mór mhór leis an Aire, an Teachta Ó Cuív, gur ceart comhairle a chur ar gach Roinn, áisínteacht oifigiúil agus duine atá freagrach as na tuairiscí seo a ionadú mar uaireanta bíonn siad scartha óna chéile ar fad. Tá leabhrán amháin ón Roinn Iompair anseo agam atá as Béarla ó bhun go barr. Deireann sé Department of Transport cé go bhfuil An Roinn Iompair scríofa go han-bheag mar aitheantas go bhfuil Gaeilge ann. Road Safety Strategy 2004-2006 atá scríofa air. Cheapfadh duine, agus an leabhar á léamh, gur beag an meas a bhfuil ag an Roinn aon ábhar a chur ar fáil as Gaeilge. Má théann duine ag cuardach an leagan Gaeilge, tá sé le fáil ceart go leor agus é scríofa go léir as Gaeilge. Ciallaíonn sé seo gan amhras gur cheapann daoine ins an Roinn Iompair go bhfuil dá chineáil duine ann in Éireann: daoine a labhraíonn Gaeilge amháin and daoine a labhraíonn Béarla amháin.

Chaithfidh mé a rá arís agus arís nach mar sin a bhfuil an saol ar chor ar bith. Go dtí go dtuigeann na háisínteachtaí Stáit agus an tAire fhéin go bfhuil sé tábhachtach an Gaeilge agus an Béarla a chur i láthair, taobh le taobh, ní dhéanfar dul chun cinn le formhór muintir na hÉireann atá ag iarraidh Gaeilge a úsáid agus atá ag lorg cabhair chun í a úsáid. Más féidir foilseacháin a chur ar fail ina bhfuil Béarla agus Gaeilge taobh le taobh, is dul chun cinn a bhéas ann.

Tá an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, tar éis tuairisc an-bheomhar agus an-fiúntach a fhoilsiú agus cuirim fáilte roimhe. Níl sé ag iarraidh rudaí a shéanadh, tá sé ag plé ceisteanna atá achrannach ach gur ceart a phlé, mar shampla, úsáid na Gaeilge san Oireachtas. Tá go leor daoine le cumas na Gaeilge acu san Oireachtas ach tá saoirse cainte agam agus ag an Teachta Ó Snodaigh agus Teachtaí sa Ghrúpa Teicniúil inniu, rud nach mbíonn againn de ghnáth. Go minic, ní bhíonn deis againn labhairt chomh fada agus is mian linn de bharr go bhfuil daoine eile ag iarraidh labhairt. An uair seo, áfach, tá ganntanas daoine ag iarraidh labhairt agus tá saoirse agam labhairt le 15 nóiméad agus is iontach an deis dom sin a dhéanamh. Is droch-chomhartha é fosta. Tuigfidh an coimisinéir an chéad uair eile a bheidh sé ag labhairt leis na meáin cumarsáide cé go bhfuil Gaeilge ag go leor daoine sa Teach gur beag an meas atá acu uirthi. Tá siad gnóthach gan amhras agus ní féidir leo bheith anseo an t-am ar fad, ach is díospóireacht eisceachtúil seo agus cheap mé go mbeadh níos mó daoine ag iarraidh labhairt.

B'fhéidir go gcaithfimid a ghlacadh leis gur mar sin atá sé, cé gur mhaith liom fáilte a chur roimh níos mó daoine anseo ag labhairt as Gaeilge. San Oireachtas féin, ní bheadh an Ghaeilge á labhairt chomh minic agus a bhíonn, fiú nach minic go leor a tharlaíonn, ach amháin go bhfuil meáin cumarsáide a bhíonn ag obair trí Ghaeilge ar nós TG4, , Foinse agus daoine sna hirisí éagsúla a bhíonn ann as Béarla an chuid is mó ar nós Village agus The Irish Times anseo. I ndáiríre tá an dá rud fite fuaite le chéile. Tá na meáin a bhíonn ag tuairisciú agus na daoine a bhíonn ag caint ag féachaint agus ag éisteacht lena chéile. Mura bhfuil fáilte roimh Ghaeilge ag iriseoirí, bíonn sé níos deacra í a úsáid mar tá sé deacair go leor teachtaireacht a chur in iúl don phobal. Mura bhfuil duine ar bith ag éisteacht leis agus ag foilsiú na teachtaireachta sin, is beag an seans atá ag Ball.

Agus sinn ag caint ar seachtain na Gaeilge, ba cheart smaointiú ar conas is féidir níos mó Gaeilge a chur chun cinn san Oireachtas. Tá go leor scoileanna a thugann cuairt ar an áit seo agus go minic na laethanta seo bíonn Gaelscoileanna ina measc. Tagann scoláirí isteach go dtí an Gailearaí Poiblí le héisteacht linn. Ba cheart dúinn pleanáil a dhéanamh go mbeadh laethanta Gaeilge ann gach mí agus go mbeadh fáilte roimh scoileanna a bhíonn ag iarraidh éisteacht le díospóireacht trí Ghaeilge ar na laethanta sin. Spreagfadh sin daoine le Gaeilge a úsáid agus chuirfeadh sé fáilte níos Gaelaí rompu siúd as na Gaelscoileanna.

I mo dháilcheantar féin, tá cúrsaí Gaelscolaíochta ag méadú agus tá Gaelscoil le tosú i mBaile Bhrigín roimh i bhfad. Tá sin ag teacht ar bharr Gaelscoileanna eile agus tá go leor meánscoileanna aga bhfuil traidisiúin Ghaeilge láidir acu. Sin comhartha an-mhaith.

Tá sé tábhachtach go ndéanaimid tagairt do chúrsaí sa Ghaeltacht. Tá Údarás na Gaeltachta ag díriú ar chúrsaí fostaíochta ach bíonn go leor caint faoi chúrsaí pleanála. Ba cheart go mbeadh sin lárnach don údarás áitiúil gan é a mheascadh le hÚdarás na Gaeltachta. Sin tuairim atá ag Diarmuid Mulcahy, an t-iarrthóir atá againn i gCona Mara, duine atá ag plé le cúrsaí ceoil chomh maith le cúrsaí teanga i gComhaltas Ceoltóirí Éireann go minic. Tá daoine eile a thagann isteach sa Ghaeltacht, ar nós Brian Ó Flanagáin, atá ag seasamh linn i gCondae na Mí sna toghcháin d'Údarás na Gaeltachta. Is as Inis Ceithleann é agus chuir sé iachall air féin Gaeilge a fhoghlaim agus is sampla dúinn go léir é sin.

Mar a luaigh an Teachta Carey, caithfimid díriú ar chúrsaí logainmneacha. Má tá Gaeilge agus míniú ar na comharthaí timpeall le feiceáil, spreagfaidh sé tuiscint ar an Ghaeilge chomh maith le tuiscint ar an logainm féin.

Is cúis áthais dom a beith anseo chun cúpla focal a rá ar ráitis maidir leis an nGaeilge. Tá an-suim agam san teanga agus san cheol, rince agus cultúir freisin mar tá siad ceangailte le chéile.

Is as Dún na nGall mé, ach níl mé cosúil lena Teachtaí Coughlan, Gallagher agus McGinley. Is trua ach is fíor nach bhfuil mé in aice na Gaeltachta. Ceapann daoine go bhfuil gach duine as Dún na nGall ón Gaeltacht agus go bhfuil an teanga acu go líofa. Níl Gaeilge maith agam, ach tá cúpla focail agam. Tá mé mar Catheoirleach ar Comhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Thurasóireachta, Pobail, Tuaithe agus an Gaeltacht agus is mian liom buíochas a gabháil leis an Rialtas as ucht na díospóireachta seo. Is mór an trua nach ndéantar mórán phlé ar an Ghaeilge, agus is trua nach bhainimid úsáid as an teanga san Teach gach lá.

Cén fáth atá le sin? An bhfuil Gaeilge againn? An bhfuil suim againn san teanga? An bhfuil sé an deachair? Má bhíonn suim againn tá seans againn dul sa treo cheart.

Cúpla bhliain ó shin bhí mé ag caint faoin seans a bhí ag Teachtaí ranganna Ghaeilge a fháil anseo. Thosaigh siad agus stad siad ach tá siad ar ais arís gach seachtain agus tá sé de chuspóir agam mo chuid Ghaeilge a fháil ar ais. Bhí Gaeilge againn go léir nuair a bhímid ar scoil agus nuair a bhímid óg ach ar mo son féin níor bhain me úsáid as an teanga agus mar sin d'imigh an eolais as mo cheann. Ba mhaith liom tacú leis an tionscnamh "TD Teanga" agus sílim go raibh sé ar intinn ag cuid de na Teachtaí a chuid obair bhaile a dhéanamh agus an taithí a fháil ar an teanga arís.

Gabhaim buíochas le Maire Ní Breathnach agus an múinteoir eile atá againn. Tá súil agam go mbeidh cuid mór Gaeilge ins na Tuairisc Oifigiúil as seo amach. Beidh mé sásta an obair a dhéanamh tapaidh go leor agus deis agam caint le gach duine san i Dún na nGall go flúirseach i nGaeilge nó i mBéarla.

Gabhaim buíochas leis na daoine a rinne "Turas Teanga". Tá sé an-mhaith ar fad. Tá an grá faoi glas cosúil le "Big Brother". Tá sé nua-aimseartha agus tá suim agam san clár. Go minic sílim go raibh na cúrsaí Gaeilge cúpla bhliain ó shin "sean" nó páistiúil, ach anois tá leabhair cosúil le Sorcha sa Ghailearaí le Catherine Foley, Dúnmharu ar an Dart le Ruaidhrí Ó Baile, Turas in Eadan na Gaoithe le Peter Hartling, aistrithe go Gaeilge ag Maire Mhic Eoin, An Swastica Glas agus Ábhar Léitheoireachta d’Fhoghlaimeoirí Fásta. Freisin, tá TG4 ag déanamh a lán cláracha nua, mar a atá Raidió na Gaeltachta.

Tá a lán ar siúil taobh amuigh den Teach. Bhí an Aire Oideachas agus Eolaíochta, Mary Hanafin, i Dún na nGall cúpla seachtain ó shin. I gach áit bhí sí in ann caint le na páistí, na tuismitheoirí agus na múinteoirí as Gaeilge agus Béarla. Ní féidir le gach cuairteoir é sin a dhéanamh. Chan na páistí" Báidín Fheilimí" nó "Beidh Aonach Amárach" no chas siad ceol. Bhí na buachaillí agus na cailíní ag damhsa rince Ghaelach. Bhíáthas an domhain orm. Bhí mé an sásta mar bhí na páistí an sásta libh féin agus rinne siad iarracht iontach.

Sna scoileanna tá an Ghaeilge in iomaíocht le béarla, stair etc. Rinne mé agus an Aire cuairt ar Gaelscoil Bun Cranna agus níor labhair aon duine focal Béarla. Bhí na trí r's trí Ghaeilge. Tá sé mar an gcéanna sna Ghaelscoileanna eile agus is deas é a fheiceáil ó am go chéile. Bhí cuid de na paistí an óg ach bhí siad in ann na ceisteanna a fhreagairt gan fhadhb. Tá sé mar an gcéanna in áiteanna eile i Carndonagh agus Bun an Phobail. Bhí mé an bhródúil as an obair a dhearna siad ar son an teanga agus an cultúir. Cheap mé ar an lá sin ní amháin go raibh sé go hiontach do gach duine a bhí ann ach go mbeadh sé tairbheach don aois óg amach anseo.

Nuair a smaoiníonn duine ar an teanga, smaoinionn sé nó sí ar an aos óg. Ina lámha atá todhchaí na Gaeilge. Táúsáid na teanga ag méadú i mo áit féin. Níl sí ag fáil bháis. Tá suim ag daoine thar lear i rudaí a mbaineann leis an Ghaeilge. Lasann aghaidh duine nuair a deir tú gur Éireannach tú. Bhí mé i dTokyo an seachtain seo caite leis an Uachtaráin ag ceolchoirm "Altan agus a Chairde". Bhí na daoine go léir "ar meisce" leis an ceoil agus an damhsa Ghaelach seachas ar uisce beatha. Bhí siad ag lorg CDs nó DVDs tar éis na ceoilchoirme. Ní aon rud nua é sin. Chuir a lán daoine ceisteanna orainn faoi Eyna, Riverdance, Clannad agus U2. Bhí an tUachtaráin ag caint agus bhain sí úsáid as an Ghaeilge agus cúpla focal Japanese. Bhí suim mhór ag na daoine in aice liom an teanga a chloisint, cuid acu imircigh ón tír seo le fada an lá agus cuid eile ó Japan.

Bhí cóisir Meirceanach Lá féile Phádraig ar an chlár. D'iarr siad orm caint as Gaeilge. Ní raibh aon duine eile sa seomra as Éireann ach an triúir Teachta Dála ach bhí an teanga Gaeilge de dlúth ag gach an duine. Rinne mé mo dhícheall agus bhí siad an sásta ach tá aiféala orm nach bhfuil níos mó Gaeilge agam. Tá cultúir na nGaeilge an-suimiúil leis na daoine ó Japan. Bhuaileamar le daoine a raibh a lán eolais acu faoin tír seo ach nach raibh siad riamh anseo, agus le daoine eile atá ag obair ar an fharraige agus a mbíonn i Dún na nGall go minic gach bhliain ag ceannach iasc. Tá aithne mhaith acu ar an cheoil agus an craic agus bhí siad ábalta cúpla focal a rá as Gaeilge.

Tá sé cosúil le áiteanna eile a bhí mé roimhe sin. Bhí mé i St. Petersburg cúpla bhliain ó shin. D'oscail mé faculty nua san ollscoil, faculty of Celtic studies. Bhí cuid de na daoine san ollscoil in ann caint as Gaeilge go flúirseach agus bhí a lán eolais acu faoi gach rud a bhaineann leis an Ghaeilge. Fuair siad a lán tacaíocht ón embassy agus bhí mé an bhuíoch as an tacaíocht a fuair siad ón Stát i gcóir leabhair agus rudaí eile. Tá suim san domhain go léir san tír seo. Tá sé an deachair a rá cén fáth atá le sin, ach taitníonn rudaí Ghaelach le daoine ar fud an domhain — an ceoil, an teanga, an Guinness nó an uisce beatha agus ár daoine. Tá sé cosúil le líon an damhain alla — titeann siad isteach agus bíonn siad istigh ansin as sin amach.

When I am abroad, it scares me to see how much Ireland has influenced the world. Táimid in gach áit — hurling clubs in Argentina, faculties of Irish studies in Russia, Riverdance resounding in China, Japanese people discussing the merits of James Joyce's Ulysses and asking directions to Enya’s house. I am struck by eastern Europe marvelling at our ability to achieve economic success, St. Patrick’s Day parades all over the world, Roses of Tralee coming from every art and part and our religious presence felt in most countries going back centuries. People all over the world can say “sláinte”. Abroad our language, dancing, singing and culture are thought of in the highest terms. We have opportunities to exploit this through summer schools to teach the Irish language, culture, dance and song. When one thinks of how many countries have Irish dancing taught in them, providing summer schools is a means of keeping the tradition alive here. Anybody who has been in America for St. Patrick’s Day will have seen the number of Irish dancers there. Offering summer schools here would be a means of keeping the traditions alive. Those traditions must be kept alive because in places such as Inishowen the traditional singers are literally dying. There is possibly a role in that regard for the new traditional arts officer in the Arts Council, Liz Doherty, cailín maith as Buncrana, Contae Dún na nGall.

Tá na bunscoileanna, gaelscoileanna agus meánscoileanna ag fás go tapaidh, ach tá rudaí mí-cheart. It is still considered unusual úsáid a bhaint as Gaeilge nóí a chleachtú taobh amuigh den scoil. Only we, as individuals, can alter that practice and open minds.

Leis an Acht na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas) we have opened up the possibility that people will be able to conduct their business in either language. The Bill must be implemented. In addition, every effort should be made in this House and elsewhere to engender the feeling gur maith an rud í an Ghaeilge. It should not be unusual to frequent the local Irish language coffee shops agus na siopaí atá in áiteanna nach bhfuil ró-fhada ón Teach ar Shráid Cill Dara agus sráideanna eile.

We must foster among Gaeilgeoirí, among whom I do not yet number myself, an acceptance that it is good for people to try. Their inaccuracies should not militate against their being encouraged to continue to try and to practice. Too often the snobbery associated by some with an teanga has been its greatest enemy. Let us reach out to help, not hinder, the resurgence, particularly among na daoine óga. We must continue to provide stimulating and attractive materials in terms of highlighting our past. It is a rich past that provides an opportunity for enrichment.

Tá cláracha cosúil le "Turas Teanga" ar fheabhas agus ar TG4 bíonn cláracha cosúil le "Blind Date", a bhíonn suimiúil. We should continue to encourage Irish in this century by making it relevant. Sending children to Irish schools is now trendy but the same cannot be said for speaking Irish in this House. Many people ask us to ensure Irish is an official language of the EU. However, should we not ensure it is part of life here as well as including it on a statute book elsewhere? People should feel comfortable coming to the House to speak in the Irish language, regardless of how fluent they are. We must find a way of giving them that confidence.

Gabhaim buíochas as ucht na deise cúpla focal a rá. Deimhním go ndéanfaidh mé mo dhícheall mo chuid Gaeilge a fheabhsú chomh luath agus is féidir. Tá sé ar intinn agam cabhair a fháil agus cabhair a thabhairt ar an bhealach. An bhfuil an gloine leath lán nó leath follamh? Scríobh mé mo óráid, agus mar sin tá sé speisialta domsa. Ceapaim go bhfuil an gloine leath lán, agus má dhéanann gach duine a dhícheall, beidh seans againn go léir an Gaeilge a feabhsú agus a labhairt.

Is iontach an rud é go bhfuil an díospóireacht ar siúl. Is trua go bhfuil an ábhar os ár gcóir ró-leathan. Nílimid ag díriú ar cheist áirithe. Déanfaidh mé iarracht díriú isteach ar roinnt rudaí atá tar éis tarlú agus rudaí eile a mholaim tarlú amach anseo.

Cuirim fáilte roimh an dul chun cinn atá tar éis tarlú le bliain anuas. Glacaim go bhfuil dul chun cinn déanta. Tá Foinse agus ar fáil, tá Foras na Gaeilge ann, TG4, Raidió na Gaeltachta agus an cuma ar go bhfuil stádas nua ag teacht don teanga — níl se tagtha go fóill. Molaim an tAire agus an Rialtas as an stádas sin a lorg. Mar a dúirt mé anuraidh, is trua nach ndearna muid iarracht an stádas sin a lorg 30 bliain ó shin.

Anuraidh, bhí mé ag iarraidh go ndíreofar ar leagan Gaeilge ar tascaí chomh maith leis an leagan Béarla. Dúirt an tAire Iompair ag an am go ndéantar beart de réir an briathar, agus rinneadh é lastigh de cúpla lá. Tá seans againn dul chun cinn a dhéanamh.

Dul chun cinn eile ná go bhfuil an chéad tuairisc againn ó Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla. Tá sé go hiontach go bhfuil an oiread sin gearáin ann. Gan an méad sin a bheith ann, bheadh gach duine á rá go raibh gach rud i gceart. Tá siúl agam go mbeidh níos mó gearáin ann an bhliain seo chugainn, ach go mbeidh dul chun cinn déanta idir an dá linn ag na Ranna. Tá daoine dáiríre faoin teanga agus ag iarraidh dul i ngleic leis na Ranna agus Gaeilge a úsáid. Ba cheart go mbeidh daoine sásta a chearta a bhaint amach agus gearáin a dhéanamh nuair nach féidir leo seirbhís a fháil trí Gaeilge. B'fhéidir taobh istigh de deich mbliain tiocfaidh laghdú ar leibhéal na gearáin, agus nach mbeidh ghá le coimisinéir.

Roimh an Acht na dTeangacha Oifigiúla, mhol mé féin agus daoine eile sa Teach, mar ba chóir dúinn ar an taobh seo den Teach, agus mhol daoine i Fianna Fáil agus na PDs an rud céanna, go raibh an ghné seo an-thábhachtach. Tá siúil agam go n-éireoidh leis na choimisinéir amach anseo.

Tá fadhbanna fós ann. Luaigh an Teachta O'Shea fadhb amháin nuair a dúirt sé gur minic a bhíonn eagla orainn labhairt i nGaeilge anseo mar go dtógann na meánchumarsáide neamh-aird. Sin ghné de saol na tíre, agus caithimid fháil amach conas iompaí ar na meánchumarsáide éisteacht linn nuair a labhraíonn Teachtaí trí Gaeilge, níos forleathana na TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Tá an méad atáá rá anseo dírithe ar na meán uilig. Is trua nach bhfuil ach colúin amháin sa tseachtain ag déaileáil le rudaí a dtarlaíonn sa Teach. Tá colún san The Irish Times agus tá ceann i Daily Ireland agus i Village. Fós, níl colún sa chuid is mó de na páipéar nuachta eile.

Ní chloisim Gaeilge á labhairt ar na stáisiúin raidió sa chathair seo ach go háirithe. Ní chloisim mórán ar na stáisiúin taobh amuigh den chathair ach an oiread. Nuair a bhí díospóireacht ar siúil maidir le athrúó na stáisiúin mídhleathach go chinn áitiúil, mar shampla 98FM, bhí caint ar chéatadán cláracha trí Ghaeilge, ach níor tharla sé sin. Níl an rialá á chur i bhfeidhm más rud é go bhfuil an céatadán ann.

Tá fadhb ann i leith na Ranna, rud a luaigh Choimisinéir na dTeangacha Oifigúla. Ní féidir linn ár ghnó a dhéanamh ó tús deireadh trí Gaeilge. Beidh mé ag cuir isteach roinnt gearáin i mbliana mar gheall ar sin. Tá mé sásta seans a thabhairt an Acht a chuir i gcrích, ach tá bliain imithe agus seo an deis atá agam. Tá sé tábhachtach dúinne, mar is muidinne an pobal. Ní muidinne lucht na Dála amháin ach an pobal Gaeilge lasmuigh. Tá dúshlán ann dúinn. Dúirt sé freisin gur dúshlán é do chomhlachtaí poiblí na tíre. Tugann sé dúshlán don phobal freisin úsáid rialta a bhaint as na seirbhísí breise a bheidh ar fáil trí mheán na Gaeilge ón Státchóras in imeacht ama de bharr na reachtaíochta nua. In áit deifir a bheith ar Ghaeilgeoiríúsáid a bhaint as an Bhéarla muna bhfuil an fhoirm ar fáil, nó foirm Béarla a líonadh isteach as Gaeilge, caithfimid na foirmeacha a lorg mar Ghaeilgeoirí, iad a líonadh isteach, agus úsáid a bhaint as na seirbhísí. Deir sé ag deireadh an phíosa go bhfuil sé fíor gur mhinic a bhíodh deacracht ag duine aonair a ghnó a dhéanamh go furasta leis an Stát trí Ghaeilge san am atá caite. De réir mar a thiocfaidh méadú ar chumas an Stáit seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, beidh dúshlán ann don phobal atá inniúil ar an Ghaeilge an teanga sin a roghnú agus iad i mbun gnó leis an Stát. Sin an dúshlán dúinne, ach tá dúshlán ar an Stát chomh maith.

Ina lán réimsí, níl an Stát ag comhlíonadh a dhualgais. Sa Ghaelscolaíocht ach go háirithe, níl an Státchóras ag déanamh tosaíochta den cheist seo. Tá liosta feithimh ina lán Gaelscoileanna sa chathair seo, mar ní féidir leo leathnú. Cén fáth nach bhfuil an Státchóras, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ach go háirithe, ag cur foirgneamh nó suímh nua ar fáil dóibh nó ag tabhairt gach uile thacaíochta dóibh siúd a theastaíonn sí uathu ionas gur féidir leo Gaelscoil nua a thógaint le déileáil leis an chomhartha baoil seo agus an t-éileamh atá ann? I mo cheantar, tá Gaelscoil Inse Chór curtha i mbaol. Tá liosta feithimh an-fhada ag na húdaráis. I mBaile Phamair i mbliana, bhí siad ag lorg suímh nua, ach ní bhfuair siad é, agus dúirt an Roinn leo dul ar aghaidh sa scoil a bhí ann cheana féin in ainneoin go raibh breis agus 30 duine acu don chéad agus don dara bliain sa scoil sin. Tá sé seo fíor i ngach uile áit timpeall na tíre a bhfuil Gaelscoileanna lonnaithe. Bíonn éileamh mór ann dóibh. Is gá dúinn impí ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta tosaíocht a thabhairt sa treo is go mbeadh sí ag moladh Gaelscoileanna agus chun tosaigh ag déanamh cinnte go dtógfaí tuilleadh acu.

Tá tromaíocht á déanamh ar na daltaí a bhíonn ag freastal ar na Gaelscoileanna, mar níl na téacsleabhair ar fáil as Gaeilge go fóill, in ainneoin go bhfuil siad ar fáil i mBéarla. Ba chóir go mbeadh an obair sin ag tarlú ag an am céanna seachas ina dhiaidh. Tá a fhios agam gur thosaigh dream a dhíriú isteach ar an cheist seo, ach beidh trí bliana imithe sula mbeidh na téacsleabhair don churaclam nua ar fáil do dhaltaí i nGaelscoileanna lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht. Bhí mé ag labhairt le múinteoir ag an deireadh seachtaine a thaispeáin na cóipeanna dom a úsáideann sé chun an curaclam nua a mhúineadh. Is trua é sin, agus taispeánann sé sin teip an Státchórais déileáil leis an cheist seo.

Bhí daoine ag caitheamh anuas ar an méid airgid a chaitear ar an Ghaeilge agus an méid airgid a chosnódh an tAcht teanga. Ní gá gach uile thuairisc a fhoilsiú as Gaeilge agus as Béarla. Is féidir iad a chur ar fáil ar an Idirlíon. Sin an gléas is fearr chun cuidiú leis an Ghaeilge. Is féidir na foirmeacha a chur ar fáil ar an Idirlíon ionas nach gá do dhuine ach dul isteach in ionad Stáit á rá leis an duine atá taobh thiar den chuntar go bhfuil an fhoirm sin á lorg aige. Buailfidh an duine cnaipe, agus eiseoidh an ríomhaire an fhoirm as Gaeilge. Má tá sé ag lorg ceann de na tuairiscí millteanach móra ar a raibh an Teachta Sargent ag caint, is féidir leis dul ar an Idirlíon i mBéarla nó Gaeilge agus, amach anseo, b'fhéidir i dteanga eile. Sin an tslí ar chóir dúinn dul. Is féidir an costas a chur isteach i réimsí eile a bhaineann leis an teanga seachas é a chaitheamh amú ag foilsiú na mílte cóipeanna de thuairisc nach bhfuil aon duine ag dul a léamh in am ar bith. Gheobhaidh iad siúd ar spéis leo é ar an Idirlíon ar aon chaoi é.

Ba mhaith liom díriú isteach ar an Ghaeltacht féin. Caithfimid poist a chruthú sa Ghaeltacht a mheallann an t-aos óg fanacht inti. Sin an fhadhb is mó, ach go háirithe i nGaeltacht Thír Chonaill; bíonn an t-aos óg ag imeacht. Téann siad ar choláistí tríú leibhéil, agus ní fhilleann siad ar an Ghaeltacht. Níl na poist chuí ar fáil dóibh. Faigheann siad scileanna nua sna hollscoileanna, agus cad is fiú dóibh teacht ar ais chun na Gaeltachta muna bhfuil na poist ar fáil in aice leo? Caithfimid díriú isteach air sin. Caithfimid ógeagrais a bhunú sna Gaeltachtaí a mheallann ógánaigh an cheantair an méid Gaeilge agus an saibhreas Gaeilge atá acu a úsáid lasmuigh de na scoileanna. Ba cheart dúinn an rud ceanann céanna a dhéanamh sna ceantair sin ar fad a bhfuil Gaelscoileanna iontu, i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Tiobraid Árainn nó péáit timpeall na tíre.

Ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de, bhí an ceart ag an Teachta Kenny díriú isteach ar an cheist cén fáth nach bhfuil an oiread sin daoine ag teacht amach as na scoileanna le Gaeilge — ní ar bhonn costais. Measaim nach bhfuil go leor airgid á chaitheamh, ach is é an fhadhb atá ann ná conas is féidir linn an úsáid is fearr a bhaint as an airgead sin. Is é ceann de na fadhbanna atá ann faoi láthair ná nach bhfuil airgead curtha ar leataobh chun cuidiú le múineadh na Gaeilge sna scoileanna sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Cá bhfuil an t-airgead seo? Cá bhfuil an buntáiste ar chóir dó a bheith ann dóibh siúd atá ag cur na príomhtheanga náisiúnta chun cinn sna scoileanna? Tá dearcadh agam maidir le múineadh na Gaeilge. Ba chóir dúinn bheith ag múineadh labhairt na Gaeilge ar dtús agus ansin, ina dhiaidh sin, díriú isteach ar an ghramadach, an litríocht, agus an scríobh. Nuair a d'fhoghlaim mé Béarla agus Gaeilge, d'fhoghlaim mé an fhoclaíocht ar dtús, agus tháinig an ghramadach agus mar sin de ina dhiaidh sin.

Ó thaobh an Achta seo, is trua é gur seo an t-aon am a bhíonn díospóireacht againn atá go hiomlán i nGaeilge. Tréaslaím leis an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an Teachta McDowell, mar is eisean an t-aon Aire i mbliana a thosaigh an Dara Céim de reachtaíocht agus a labhair go huile is go hiomlán trí Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh na hAirí eile agus muid féin ag tabhairt na ceannasaíochta sin do lucht na Gaeilge. Níl Gaeilge líofa ag an Aire McDowell, agus bím ag síorthroid leis i nGaeilge agus i mBéarla, ach is eisean an duine a léirigh sampla don chuid eile againn gur chóir cur leis an méid Gaeilge a bhíonn á húsáid. Ba chóir dúinn impí ar TG4 agus Raidió na Gaeltachta díriú isteach ar dhíospóireachtaí a chuirimid ar leataobh. Ba chóir go mbeadh Déardaoin, mar shampla, as Gaeilge go huile is go hiomlán. Ba chóir dúinn díriú isteach ar rud éigin mar sin. Chuideodh sé liom agus le gach Teachta eile atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid agus muid ag déileáil le reachtaíocht dá bhfoilseofaí na Billí i nGaeilge. Tá an fhoclaíocht a bhíonn iontu deacair orainne atá líofa sa teanga ach nach bhfuil líofa sa sórt foclaíochta sin. Dá mbeadh sé i nGaeilge, bheadh sé i bhfad Éireann ní b'éasca dúinn é sin a dhéanamh.

Tréaslaím leis an Aire aríst, agus le gach duine a chuidigh sa díospóireacht seo. Ba chóir go mbeadh díospóireacht cheart againn go rialta. Mar nóta deiridh, gabhaim comhbhrón le clann an iar-Sheanadóra, Pól Ó Foighil. Bhuail mé leis cúpla uair. Fear mór na Gaeilge agus Ghaeltacht Chonamara ab ea é, agus déanaim comhbhrón lena chlann agus a pháirtí.

Tá áthas orm seans a fháil labhairt ar cheist na Gaeilge. Tá sé tábhachtach smaoineamh inniu faoin íobairt a rinne ár sinsear nuair nach raibh cead acu Gaeilge a labhairt agus an tréan-iarracht a rinne siad ár dteanga binn a choimeád beo. Dúirt Pádraig Mac Piarais, "gan teanga, gan tír" agus é ag cur síos ar an dlúthbhaint idir aitheantas náisiúnta agus an teanga. Bímid ag brath go géar ar ár gcultúr leis an aitheantas ceart a chur os comhair an domhain. Níl aon ghné den chultúr níos tábhachtaí ná an teanga. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag gach polaiteoir tacaíocht a thabhairt ar gach éinne ar fud na tíre atá ag déanamh iarrachta an Ghaeilge a chur os ár gcomhair agus an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá siad ann le fada atá ag rá go bhfuil an Ghaeilge ag fáil báis. Tááthas orm nach bhfuil sin fíor ar chor ar bith. Tá suim faoi leith ag ár muintir agus ag daoine óga sna Gaelscoileanna, fiú i mBéal Feirste. Bhí mé ag cruinniú in Áth na Sceire míó shin agus bhí tuismitheoirí ansin ag déanamh iarrachta an chéad meánscoil lán-Ghaelach a chur ar bun i Loch Garman. Bhí ionadh orm go raibh trian de na tuismitheoirí sin beirtha taobh amuigh den tír. Má tá sin mar aidhm ag daoine nár rugadh anseo go mbeidh a bpáistí in ann Gaeilge a labhairt. Tá sé tábhachtach stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpaigh. Bhíáthas orm inniu a léigh i The Irish Times an t-alt ag Denis Staunton nuair a deir sé:

Irish has moved a step closer to becoming an official and working language of the European Union after a meeting of EU ambassadors showed broad support for the proposal. Irish officials are now confident of securing within weeks the unanimous approval of all member states that is needed to change the language's status.

Cabhróidh an stádas oifigiúil sin le daoine atá ag iarraidh athbheochan a chothú. Bhí mé páirteach i ndíospóireacht in Ollscoil Bhaile Átha Cliath cúpla ansin agus bhí mic léinn a rá nár cheart airgead a chaitheamh ar cheist na teanga. Ní ghá a rá nár aontaigh mé leo. Tá sé an tábhachtach níos mó airgead a chaitheamh, ar na meánscoileanna go speisialta. Tá Gaelscoileanna i Loch Garman ach níl aon mheánscoil lán-Ghaelach.

Molaim an sár-obair atá idir láimhe ag TG4. Tuigeann sé go bhfuil suim faoi leith ag muintir na hÉireann i rudaí nár chuir RTÉ spéis iontu le fada. Baineann daoine an-taitneamh as bheith ag féachaint ar TG4 ar chluichí a imríodh na blianta ó shin sa CLG.

Bhí suim agam sa mhéid a dúirt an Teachta Ó Snodaigh faoi mhúineadh na Gaeilge. Le fada, cuireadh iomarca béim ar ghramadach agus bhí náire orainn nach raibh compordach ag labhairt na Gaeilge. Caithfimid an Gaeilge a tabhairt amach ó na scoileanna sa dóigh is nach mbeidh náire ar dhaoine nach bhfuil líofa sa teanga. Tá daoine in Éirinn ag foghlaim teangacha ar nós Fraincise, Spáinnise agus Gearmáinise ach gan bheith líofa iontu.

Tá seanfhocal ann, "mol an óige agus tiocfaidh sí". Tá sé an-tábhachtach an moladh ceart a thabhairt don óige atá ag iarraidh ár dteanga a labhairt agus a chur in iúl dóibh go mbraitheann aitheantas náisiúnta ar an dteanga.

Tá sé tábhachtach go mbeadh focail le rá ag daoine faoin ábhar tábhachtach seo. Dá mbeadh níos mó ama agam le smoaineamh níos mó ar an scéal atá faoi chaibidil inniu ach tá an-chuid rudaí ag tarlú sa saol polaitíochta agus caithfidh Teachtaí Dála gnóthacha coimeád suas leo.

Níl aon dabht ach go bhfuil an Ghaeilge mar teanga faoi dian-bhrú i láthair na huaire. Is todhchaí na teangan atá i gceist againn. Sí an cheist bunúsach ná an mairfidh an teanga. An mbeidh daoine sa tír seo ag labhairt na Gaeilge i gceann 100 bliana? Níl dabht i m'aigne ná go mbeadh sé mar thragóid uafásach dá gcaillfí an teanga dúchas. Tá mionteangacha ag fáil báis mórthimpeall an domhain. Nuair a deirimid mionteangacha ní chiallaímid nach dteangacha tábhachtacha iad ach go bhfuil mionlach á labhairt. Is tragóid do dhaonra an domhain uile nuair a tharlaíonn sin.

Tá deireadh a chur le nithe tábhachtacha sa nádúr inár bpláinéad i láthair na huaire. Tá plandaí sna foraoisí, míolra agus ainmhithe ag fáil báis mar gheall ar athrú atmaisféir nó na foraoisí a bheith gearrtha. Ón gcomhthéacs ina tháinig chun tosaigh sa domhan, tá athraithe chomh mór sin nach féidir leo a mhaireachtáil. Tá siad imithe go deo agus de thoradh air sin tá nithe ag imeacht a bhí beo a thóg na milliún blianta d'éabhlóid chun teacht i gcrích agus ansin tá siad imithe go deo. Is tragóid sin dár bpláinéad agus don chine daonna.

Is ceist cosúil leis seo í ceist na teanga. Tá teanga agus cumas labhartha a fhorbairt le 2 mhilliún bliain, de réir saineolaithe, agus tá a fhios acu go bhfuil daoine in inmhe caint le 100,000 bliain. Téann ár dteanga siar chomh fada sin. Is rud an-saibhir é seo gur cheart dúinn a chaomhnú. Tá stair na treibhe, na tíre agus an daonra gur leo an teanga in achan teanga. Tá traidisiún ag baint leis an teanga. Tá rian na staire sa teanga, agus tá sé deacair i ndáiríre ár stair a thuiscint i gceart gan aitheantas éigin a thabhairt do — nó eolas éigin a bheith ag duine ar — theanga na Gaoluinne. Tá sé níos fusa, dá bhrí sin, tuiscint a bheith againn ar cad as a dtángamar, cén saghas daoine muid, agus cad as a bhfuil muintir na tíre seo déanta suas le heolas ar an teanga.

Nuair atá eolaithe ag déanamh staidéir ar staid fhisiciúil an domhain, féachann siad ar sheanchnámhacha, seanfhothrach, seanchaisleáin agus mar sin de, agus foghlaimíonn siad uathu. Sa chuma chéanna, is féidir linn an-chuid a fhoghlaim faoinár staid agus daoine féin trí eolas a bheith againn ar an nGaoluinn agus trí staidéar na Gaoluinne sna meánscoileanna agus a leithéid. Ní theastaíonn uaimse go mbeadh an teanga mar iarsma marbh cosúil le seanfhothrach nó a leithéid ach go mbeadh sí beo agus ag dul ó ghlúin go glúin.

Tógaimis sampla an-simplí ar fad: logainmneacha na tíre. Tagann formhór logainmneacha na tíre seo ón Ghaoluinn, agus tá sé sin fíor ó cheartlár Bhéal Feirste siar go Dún Chaoin. I mo thuairim, tá sé i bhfad níos simplí stair agus traidisiún na háite a thuiscint le tuiscint éigin ar an Ghaoluinn, fiú amháin muna bhfuil líofacht ag duine ach amháin eolas éigin. Bíonn sé in aigne daoine go mór. Teastaíonn uathu go mbeadh an t-eolas seo acu — buneolas ar a laghad — ar an dteanga. B'fhéidir nach mbeidís líofa go leor chun í a labhairt, ach d'fhéadfaidís tuiscint a bheith acu ar stair, logainmneacha agus a leithéid. Cinnte, tá sé soiléir le 20 bliain anuas anois leis an mborradh a tháinig ar an chóras scolaíochta trí Ghaoluinn — bunscolaíocht agus ansin meánscolaíocht lán-Ghaoluinne — go bhfuil an-éileamh ó thuismitheoirí agus leanaí go mbeidís ábalta dul go dtí a leithéid de scoil agus an teanga a bheith acu ina dhiaidh sin.

Deir an Coimisinéir Teanga go bhfuil infheistíocht an-mhór — b'fhéidir €500 milliún in aghaidh na bliana —á cur isteach sa teanga. Deir sé go mb'fhéidir go gcaitheann scoláirí 1,500 uair trí 13 bliana ag foghlaim na teanga ar scoil gan líofacht bhunúsach a bheith acu i ndiaidh na hinfheistíochta agus an ama úd. Caithfimid iniúchadh a dhéanamh ar an scéal seo, mar tá an toil ann i measc an-chuid daoine an teanga a fhoghlaim. Caithfimid iniúchadh a dhéanamh ar na modhanna a ndéantar scolaíocht agus a múintear an Ghaoluinn tríothu. Le hinfheistíocht, acmhainní agus am den sórt sin, ba cheart go mbeadh eolas i bhfad ní ba leithne agus ní ba dhaingne ag leanaí ag teacht amach as na scoileanna. Tá sé tábhachtach go ndéanfaíé sin.

Cabhraíonn sé seo an-chuid le daoine. Tá mé féin i bhfabhar an rogha a thabhairt do dhaoine agus leanaí chomh maith cé acu an dteastaíonn uathu an Ghaoluinn a fhoghlaim nó nach dteastaíonn uathu. Tá sé mar chabhair an-mhór do leanaí agus daoine óga go bhfuil an Ghaoluinn á foghlaim acu ón am ó bhíodar an-óg le go mbeidís dátheangach. Tá aithne phearsanta agam féin air seo go gcabhraíonn an dátheangachas le duine nuair a tá sé ag iarraidh an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim. Má tá dátheangachas ag leanaí inár mbunscoileanna, nuair a thagann siad chun Fraincis, Gearmáinis nó Spáinnis a labhairt, beidh sé i bhfad níos fusa dóibh na teangacha sin a labhairt, mar go mbeidh solúbthacht teanga agus aigne acu.

Is tír dhátheangach í atá againne anseo — Béarla agus Gaoluinn — agus tá sé tábhachtach a rá nach bhfuil daoine a labhraíonn Béarla amháin níos lú in aon slí ná iadsan atá dátheangach. Bhí daoine áirithe a bheadh ag labhairt Gaoluinne le fada a bhfuil meon acu go bhfuil daoine nach bhfuil líofa sa Ghaoluinn saghas leath-Ghaelach in ionad a bheith lán-Ghaelach. Déanann sé sin an-damáiste don teanga féin, agus ba cheart go gcuirfí deireadh lena leithéid de smaoineamh agus, uaireanta, a leithéid de chaint.

Molaim na meáin chumarsáide i nGaoluinn. Dhein Raidió na Gaeltachta éacht leis na blianta fada maidir leis an Ghaoluinn. Rinne foireann Raidió na Gaeltachta éacht leis na modhanna a úsáidtear chun nuacht áitiúil a chur os ár gcomhair amach le go mbeadh fonn orainn — déanaim féin gach láé, más féidir liom —éisteacht isteach ar an stáisiún le haghaidh nuachta, nuacht áitiúil san áireamh, cé acu ó Bhaile Átha Cliath nó ó Chorca Dhuibhne. Tá TG4 mar an gcéanna.

Níl ach cúpla nóiméad fágtha agam. Tá díospóireacht ann anois agus an-chonspóid faoi riail áirithe a thabhairt isteach i gcuid de na Gaeltachtaí go gcuirfí iachall ar dhaoine atá ag ceannach tithe sna Gaeltachtaí eolas a bheith acu ar an Ghaoluinn. Tá an-fhearg ar dhaoine áirithe agus go mórmhór ar na boic mhóra agus an lucht tógála faoi seo. Táim an-bháúil leis an riail sin. Ba mhaith liom ní ba mhó smaoinimh agus díospóireachta, ach measaim, más rud é go dtógfar an-chuid tithe sa Ghaeltacht agus go gceannófar na tithe sin le daoine nach bhfuil focal Gaoluinne acu, go ndéanann sé sin an-damáiste don chultúr agus do labhairt na Gaoluinne sna ceantair úd. Díreach faoi mar a thagann an t-impiriúlachas stairiúil isteach i dtír agus go loiteann sé an teanga, tá an oiread sin brú anois ar an Ghaoluinn go bhfuil an dainséar ann go gcaillfear an teanga, agus measaim go bhfuil sé ceart an Ghaoluinn a chaomhnú trí mhodhanna den saghas seo. Ba bhreá liom ní ba mhó díospóireachta faoi sin, mar ní theastaíonn uaim bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine nach bhfuil an Ghaoluinn acu. Mar sin féin, measaim go bhfuil pointe anseo atá an-tábhachtach, agus caithfimid níos mó díospóireachta a bheith againn faoi conas an Ghaoluinn a choimeád sa Ghaeltacht.

Debate adjourned.
Top
Share