Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 18 Feb 2010

Vol. 702 No. 4

Re-appointment of An Coimisinéir Teanga: Motion.

I move:

THAT Dáil Éireann recommends Mr Seán Ó Cuirreáin for re-appointment by the President to be An Coimisinéir Teanga.

Ba mhaith liom an rún seo, a phléamar i gcoiste Oireachtais inné, a mholadh. Cuireann sé fíor áthas orm an rún go n-athcheapfadh an tUachtarán, an tUasal Seán Ó Cuirreáin, mar Choimisinéir Teanga a mholadh.

Tá ról an Choimisinéir Teanga ar cheann de na bun-chlocha ar a bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla tógtha. De réir alt 20(3) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, is í an tUachtarán a cheapann an Coimisinéir Teanga, ar chomhairle an Rialtais agus tar éis don Dáil agus don Seanad rún a rith ag moladh an duine a cheapfar. Sé bhliain a mhaireann téarma an choimisinéara agus is féidir é nó í a cheapadh arís. Ar an 22 Feabhra 2004, ceapadh Seán Ó Cuirreáin mar an chéad Choimisinéir Teanga. Tagann deireadh lena théarma oifige Dé Luain seo chugainn. Tá cinneadh Rialtais déanta rún a mholadh don Dáil agus don Seanad go ndéanfadh an tUachtarán an tUasal Ó Cuirreáin a hathcheapadh mar Choimisinéir Teanga do thréimhse eile sé bliana.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Uasal Ó Cuirreáin as ucht na hoibre ar fad atá déanta aige mar Choimisinéir Teanga. Tá obair cheannródaíochta déanta aige le sé bliana anuas. Sílim go bhfuil gach duine sa Teach seo ar aon intinn faoi seo, mar a léirigh ceannairí príomh-pháirtithe an Fhreasúra sa Dáil le déanaí agus mar a léiríodh sa choiste inné. Tá go leor bainte amach aige go dtí seo. Tá an oifig i mbéal an phobail agus is acmhainn fíor-thábhachtach í don Ghaeilge agus do phobal na tíre seo ar spéis leo úsáid na Gaeilge a chleachtadh. Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh, thar mo cheann féin agus thar cheann an Rialtais, buíochas ó chroí a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin agus lena fhoireann as ucht a gcuid oibre le sé bliana anuas.

Tacaím go láidir leis an rún atá molta le cur os comhair an Tí seo go gceapfaí an tUasal Ó Cuirreáin mar Choimisinéir Teanga in athuair.

Níor labhair an tAire chomh fada sin agus a bhí mé ag súil go labhródh sé. Ní raibh sé ach trí nóiméad ag caint agus bhí mé ag súil go mbeadh sé cúig nóiméad ag caint.

Tá lúcháir an tsaoil orm deis a bheith agam cur leis an rún seo, an Coimisinéir Teanga a hathcheapadh ar feadh téarma eile. Tá sé bliana caite aige i mbun a chuid dualgais agus sílim go n-aontaíonn gach duine sa Teach go bhfuil obair fhiúntach agus obair an-mhaith ar siúl aige. Bhí omar go léir ag fanacht agus ag tnúth lean thuarascáil bhliantiúil gach bliain. Is cinnte go mbíonn ábhar léitheoireachta suimiúil ann.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do thuairisc a chuir sé ar fáil, an tuairisc bhliantiúil do 2008. Bhí moladh iontach fiúntach sa tuarascáil sin nuair a mhol sé go mbeadh céatadán áirithe jabanna curtha ar fáil sa Stát Seirbhís do dhaoine a raibh cumas labhartha agus scríofa Gaeilge acu. Tá mé cinnte go n-aontaíonn an tAire go bhfuil laige sa Státchóras i láthair na huaire agus go bhfuil sé deacair go leor daoine a fháil a bhfuil cumas Gaeilge acu lena gcuid oibre a dhéanamh go proifisiúnta le daoine a éilíonn an tseirbhís sin. Mhol an coimisinéir go mbeadh céatadán áirithe le Gaeilge ag dul isteach sa Stát Seirbhís. Tá a fhios agam go bfhuil scéimeanna ag an Stát Seirbhís le cúrsaí Gaeilge a chur a fáil do dhaoine atá sa Stát Seirbhís cheana féin, ach bheadh sé mar incentive, nó mheallfadh sé daoine an Ghaeilge a fhoghlaim san scoil agus sa choláiste, agus mar sin de, agus cothódh sé suim sa Ghaeilge taobh amuigh, dá mbeadh a fhios ag daoine go raibh céatadán áirithe áiteanna sa Stát Seirbhís do dhaoine a raibh cumas Gaeilge acu. B'fhéidir go bhfuil seirbhísí ar fáil i bhFraincís nó i dteangacha eile, ach cén fáth nach mbeadh siad ar fáil i nGaeilge? Mar a sheasann an scéal i láthair na huaire, tá an trucail nó an carr roimh an capall. Ba chóir an capall a chur roimh an carr agus Gaeilgeoirí a thabhairt isteach a mbeadh an cumas sin iontu.

Chomh fada agus is eol domsa, tá seo molta ag an gcoimisinéir. Chuir sé ar aghaidh é chuig na daoine a bhí i mbun straitéise don teanga, chuig Fiontar agus chuig na heolaithe idirnáisiúnta. Sílim freisin gur ghlac siad le staidéar ar an Idirlíon atá ag an gCoimisinéir Teanga. Tuigeann an tAire cad atá á rá agam. Is mór an trua é nach bhfuil an moladh a rinne sé chomh láidir sa straitéis mar atá go dtí seo, ach tá dóchas agam go mbeimid ábalta athrú agus leasú a dhéanamh ar an straitéis sin. Bheadh sé iontach dá mbeimis in ann a rá, "Má tá cumas Gaeilge agat, tá seans níos fearr agat post a fháil sa Stát Seirbhís." Ní hionann sin agus a rá nach gheobhaidh duine post sa Stát Seirbhís muna bhuil Gaeilge aige nó aici, ach go mbeidh buntáiste ag duine ag a bhfuil cumas Gaeilge aige nó aici, buntáiste teoranta ach buntáiste tábhachtach. Sin é mo phríomh phointe.

Molaim go mór an obair atá á dhéanamh ag an gcoimisinéir agus molaim go mór go ndéanfar é a athcheapadh. Is oifigeach de chuid an Oireachtais é agus tá sé léirithe aige go dtí seo go bhfuil sé neamhspleách. Tá sé iontach tábhachtach gur mar sin a bheidh sé.

Níl a fhios agam cé mhéid ama atá fágtha, ach ba mhaith liom nóiméad a thabhairt do mo chomhghleacaí, an Teachta Michael Ring.

Tá sé leathuair tar éis a haon agus caithfear críochnú nó an rún a athrú go lá éigin eile. Tá orainn dul ar aghaidh go dtí an Bhille, George Mitchell Scholarship Fund (Amendment) Bill, anois.

Tá fadhb ann. Phléamar an rún seo inné sa choiste. Tá an coimisinéir le ceapadh. Tá sé as oifig Dé Luain agus seo é an lá deireanach do shuí na Dála an tseachtain seo. An féidir linn an rún a aontú inniu? Níl aon fhadhb agamsa é a phlé. Caithfinn an mhaidin ar fad á phlé, ach níl aon neart agam ar an easpa ama. Níor mhaith liom, áfach, nach bhféadfainn a dhéanamh cinnte go mbeadh sé athcheaptha — tá orm dul chuig an Seanad ag a dó a chlog — roimh Dé Luain ag an Uachtarán. Mar sin, tá sé tábhachtach go nglacfar leis an rún inniu.

An bhfuil an Teachta O'Shea sásta leis sin?

Caithfimid é sin a dhéanamh.

An fáth go raibh mise chomh gearr ag caint, ná gur thuig mé go ndúradh go raibh orainn críochnú ag leathuair tar éis a haon. Sin an fáth nár thóg mé ach an dá nóiméad.

An bhfuil gach éinne sásta leis sin? Ceart go leor. Glacaimid leis an rún.

Question put and agreed to.
Top
Share