Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 18 Nov 2010

Vol. 722 No. 3

Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge: Ráitis

Ar an gcéad dul síos, is mór agam an deis seo a fháil labhairt anseo sa Dáil inniu ar an ábhar seo. Don gcéad uair riamh ó bunaíodh an Stát, tá plean gníomhaíochta fadtéarmach ann chun fís an Rialtais don Ghaeilge a chur i bhfeidhm faoin straitéis 20 bliain. Faoin bplean cuimsitheach náisiúnta seo, beidh cur chuige córasach ann le cinntiú go bhfuil an Stát, na heagraíochtaí teanga agus an pobal ag obair as lámha a chéile ar mhaithe leis an nGaeilge.

Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an nGaeilge do mhuintir, do shochaí agus do chultúr na hÉireann. Mar theanga labhartha phobail, tá an Ghaeilge áirithe ar cheann de na teangacha is sine ar domhan atá fós beo. Ach sa lá atá inniu ann, tá sí áirithe ag UNESCO mar theanga a bhfuil stádas leochaileach aici. Má chailltear teanga, aithnítear go bhfuil sé ionann is dodhéanta í a athbheochan. Cé gur deacair a mhaíomh go bhféadfadh aon straitéis rialtais aon teanga a shlánú, tá bun-chloch leagtha amach faoin straitéis 20 bliain le cinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo le tacaíocht ón Stát.

Mar is eol don Teach, bhí go leor obair ullmhúcháin ag baint le dréachtú agus le haontú na straitéise. D'eascair an straitéis as ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge a foilsíodh sa bhliain 2006, inar dhearbhaigh an Rialtas a thacaíocht d'fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta. Leagadh síos go soiléir faoin ráiteas sin an bhun-chloch ar a bhfuil polasaí Gaeilge an Rialtais bunaithe. Is minic a dúradh roimhe sin, áfach, nach raibh aon phlean uileghabhálach ag an Stát don Ghaeilge, in ainneoin na hinfheistíochta ar fad atá déanta ag an Stát i mbuanú agus i sealbhú na Gaeilge thar na blianta. Is chun dul i ngleic leis an scéal sin gur chinn an Rialtas an straitéis 20 bliain a fhorbairt.

Ar ndóigh, bhí sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí a leithéid de straitéis i dtoll a chéile i gcomhar leis an bpobal gur leo an teanga. Dá bhrí sin, tugadh faoi phróiseas comhairliúcháin poiblí chun deis a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne a bhfuil suim acu sa teanga, a rian a fhágáil ar an straitéis. Eagraíodh cruinnithe poiblí ar fud na tíre, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht, chun deis a thabhairt do dhaoine a dtuairimí a thabhairt. Ina theannta sin, chuamar i gcomhairle le páirtithe leasmhara na teanga, idir eagraíochtaí Gaeilge, Gaeltachta, cultúrtha, spóirt agus araile. Fad is a bhí an obair chomhairliúcháin ar siúl, rinne meitheal de shaineolaithe idirnáisiúnta anailís ar staid na Gaeilge, faoi stiúir Fiontar DCU. Ó thaobh na Gaeltachta de, tugadh aird ar leith ar na moltaí a rinneadh sa Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a ullmhaíodh i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Ag an am céanna, bhí coiste Rialtais, faoi chathaoirleacht an Taoisigh, ag déanamh breithniú ar na moltaí a d'éirigh as taighde acadúil agus ón bpróiseas comhairliúcháin poiblí.

Cuireadh an dréacht-straitéis a d'eascair as an bpróiseas seo faoi bhráid an Chomhchoiste um Ghnóthaí Turasóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta i mí na Samhna 2009. Bhí cruinnithe ag an gcomhchoiste le páirtithe leasmhara na Gaeilge, san áireamh cruinniú a reáchtáladh sa Ghaeltacht. I ndiaidh na gcruinnithe seo, d'fhoilsigh an comhchoiste tuarascáil i mí lúil na bliana seo ina raibh 37 moladh inti. Ó shin i leith, pléadh na moltaí sin leis na Ranna Rialtais éagsúla agus tá siad tógtha san áireamh de réir mar is cuí sa cháipéis chríochnúil den straitéis.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcoiste, leis an gCathaoirleach, An Teachta Tomás Ó Ceit, leis an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, a bhí mar Chathaoirleach ar an bhfochoiste, agus leis na baill eile as ucht a ndúthracht i dtaca leis an straitéis. Tá sé ráite ag an gCathaoirleach i dtuarascáil an chomhchoiste go bhfuil an straitéis ar cheann de na céimeanna is suntasaí i bpleanáil teanga an Stáit le 90 bliain anuas agus go mbraitheann todhchaí na Gaeilge ar an nGaeltacht, áit a bhfuil an Ghaeilge mar phríomh-theanga an phobail.

Go deimhin, is mór an t-éacht é go bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt mar theanga phobail sa Ghaeltacht i bhfianaise an bhrú atá uirthi ó ghach aon taobh. Is sna Gaeltachtaí a maireann teanga shaibhir ár sinsear ach ní mór a bheith airdeallach faoina todhchaí mar theanga phobail. Tá fianaise sa Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht go bhfuil an chontúirt ann go mbeidh an Ghaeilge sínte ar leac an bháis mar theanga phobail mura ndéantar beart de réir briathair láithreach bonn, ach go háirithe i measc an aosa óig sa Ghaeltacht. Tá úsáid an Bhéarla i réim i ngréasáin shóisialta na n-óg, fiú sna ceantair is láidre Gaeltachta. Léiríonn an staidéar teangeolaíoch go bhfuil bearna mhór idir dearcadh agus cumas Gaeilge daoine óga sa Ghaeltacht agus an leas a bhaineann siad as an teanga ar bhonn laethúil.

Deirtear sa staidéar teangeolaíoch gurb é an teaghlach a chruthaíonn an cainteoir dúchais ach gurb é an teacht le chéile i measc an phobail a chinnteoidh forbairt agus buanú na teanga don gcéad ghlúin eile. Léiríonn fíric lom sa staidéar teangeolaíoch nach bhfuil ach idir 15 agus 20 bliain fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht. Tá mo Roinnse ag dul i ngleic leis na dúshláin seo le tionscadail ar nós scéim na gcampaí samhraidh agus scéim na gcúntóirí teanga. Is cinnte go dtógfaidh an straitéis 20 bliain ar an mbunchloch sin i gcomhar le pobal na Gaeltachta. Is tobar inspioráide, líofachta agus saibhris teanga atá sa Ghaeltacht do phobal labhartha Gaeilge na tíre agus is tacaíocht don Ghaeltacht atá sa phobal níos leithne de chainteoirí Gaeilge. Mar a deir an seanfhocal: "Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine". Faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, is ar scáth a chéile a shlánófar an teanga.

Tá uair na cinniúna tagtha anois ó thaobh na straitéise de. Ag an gcruinniú den choiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht inné, aontaíodh an straitéis chríochnúil. Is í an chéad chéim eile ná an straitéis a chur os comhair an Rialtais le ceadú, agus, ach í a bheith ceadaithe, í a fhoilsiú go foirmiúil ansin. Mar Aire, táimse ag súil go gcuirfear na bearta sin i gcrích go luath. Ina dhiaidh sin, beidh tábhacht ach go háirithe ag baint le tréimhse bhunaithe na straitéise ina mbeidh na struchtúir eagraíochta agus oibríochta le cur ar bun. Tá sé riachtanach a chinntiú go mbeidh bunchloch mhaith faoin straitéis sula gcuirtear tús leis an tréimhse fheidhmithe. Mar an phríomh-Roinn Rialtais a bhfuil cúraimí uirthi sa réimse seo, beidh mo Roinnse freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála straitéise. Beidh ról ag Údarás na Gaeltachta, mar an phríomh-ghníomhaireacht feidhmithe, a bheidh freagrach as an straitéis a sheachadadh. Chomh maith leis sin, leanfaidh Foras na Gaeilge ag seachadadh a chuid freagrachtaí reachtúla maidir leis an nGaeilge ar bhonn uile-oileánda.

I bhfianaise na géarchéime eacnamaíochta reatha, caithfear a aithint go bhfuil srian leis na hacmhainní gur féidir a dháileadh don straitéis faoi láthair. Cé nach aon áibhéil a rá go bhfuilimid ag maireachtáil in aimsir dhúshlánach, is deis atá ann freisin breathnú go fuarchúiseach ar na hacmhainní atá leithdháilte don Ghaeilge san am i láthair sa chaoi is gur féidir a chinntiú go bhfuil an leas is fearr bainte astu agus go bhfuil an luach is fearr ar airgead faighte uathu.

Deirtear gur beatha teanga í a labhairt. Cé gur féidir leis an gcóras Stáit iliomad gníomhartha a thógáil ar mhaithe leis an nGaeilge, ag deireadh an lae is faoin bpobal atá sé í a labhairt. Faoin straitéis 20 bliain, is gá don Stát, do na heagraíochtaí deonacha agus don bpobal obair as lámha a chéile ar mhaithe le buanú na teanga. Sa chomhthéacs seo, tá ról ag gach rannóg Stáit agus ag páirtithe leasmhara na Gaeilge i normalú na teanga sa tsochaí lasmuigh den Ghaeltacht agus i dtacaíocht a thabhairt do chaomhnú na Gaeilge mar theanga phobail agus mar theanga theaghlaigh sa Ghaeltacht. Léiríonn an daonáireamh go bhfuil cumas áirithe i labhairt na Gaeilge ag 42% de dhaonra na hÉireann agus léiríonn suirbhéanna éagsúla go bhfuil dearcadh dearfach i leith ár bpríomh-theanga náisiúnta ag sciar suntasach den daonra. Tugann an straitéis 20 bliain deis don Stát tógáil ar an dea-thoil agus ar an dearcadh dearfach i leith na teanga atá neadaithe i measc an phobail go ginearálta.

Tá dul chun cinn suntasach déanta ó thaobh na ndeiseanna atá ar fáil don bpobal an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an gcóras Stáit. Tá feabhas tagtha ar chúrsaí mar thoradh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a leagann dualgais reachtúla ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí i nGaeilge a sholáthar don bpobal. Tuigeann comhlachtaí poiblí anois gur ann do phobal na Gaeilge agus gur mian leo leas a bhaint as seirbhísí i nGaeilge ach iad a bheith ar fáil ón Stát. Ar ndóigh, ní fiú seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil mura mbíonn éileamh orthu. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbaineann lucht labhartha na Gaeilge leas as na deiseanna atá ann faoin Acht Teanga agus seirbhísí trí Ghaeilge a éileamh ón Státchóras. Tá ról lárnach ag na heagraíochtaí deonacha atá ag feidhmiú ar son na Gaeilge in úsáid leanúnach a bhaint as na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge atá curtha ar fáil cheana féin ag comhlachtaí poiblí agus chomh maith leis sin chun pobal labhartha na Gaeilge a spreagadh leis na seirbhísí sin a úsáid agus tuilleadh a éileamh. Ná bíodh sé le rá ag comhlachtaí poiblí go bhfuil seirbhísí á gcur ar fáil gan éileamh ar bith orthu. Sin an dúshlán atá romhainn uilig inniu. Tá sé mar sprioc ag an straitéis líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais a mhéadú ón bhfigiúr reatha de 83,000 duine go 250,000 duine as seo go ceann 20 bliain. Maidir leis an nGaeltacht, tá sé mar sprioc ag an straitéis líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a mhéadú freisin. Is é an cur chuige faoin straitéis ná go mbeidh creatlach thacaíochta ann chun an Ghaeilge a chur ar aghaidh go nádúrtha ó ghlúin go glúin laistigh den teaghlach agus den bpobal. Tá tábhacht ar leith ag baint leis seo i gcomhthéacs na Gaeltachta. Leanann úsáid teanga as cumas, deis agus dearcadh dearfach i leith na teanga. Dá bhrí sin, tá cur chuige an Rialtais faoin straitéis dírithe ach go háirithe ar chumas an phobail sa teanga a fheabhsú, ar na deiseanna úsáidte teanga atá ag an bpobal a mhéadú agus ar dhearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú.

Ós rud é go sealbhaítear an teanga tríd an gcóras oideachais go príomha lasmuigh den Ghaeltacht, tá tábhacht ar leith ag baint leis an ról atá ag múinteoirí agus ag scoileanna i bhfeasacht teanga. Caithfidh an córas oideachais a bheith i gceartlár an aonaigh chun an cumas teanga i measc an phobail a ghiniúint ar a bhfuil an straitéis bunaithe. Sa chomhthéacs seo, cabhraíonn na céimeanna atá glactha ag an Aire Oideachais agus Scileanna chun na marcanna do chumas labhartha sa Ghaeilge a mhéadú sa teastas sóisearach agus san ardteistiméireacht. Is léir, áfach, go bhfuil sé riachtanach úsáid na Gaeilge lasmuigh de gheataí na scoile a mhéadú. Aithnítear sa straitéis an ról atá ag na coláistí samhraidh chun daoine óga a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid. Is é seo ceann de na scéimeanna is tábhachtaí atá á riar ag mo Roinnse. I mbliana d'fhreastail beagnach 25,000 foghlaimeoir ar na coláistí samhraidh. Ní hamháin go gcabhraíonn na coláistí samhraidh leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc an aosa óig ar fud na tíre, ach is infheistíocht shuntasach iad san eacnamaíocht áitiúil sna ceantair Ghaeltachta freisin.

Mar is eol don Teach, tá an tír ar an ngannchuid ó thaobh acmhainní airgeadais de. Ní cóir é seo a úsáid, áfach, mar chonstaic in éadan cur i bhfeidhm na straitéise. Is fiú cuimhneamh go bhfuil dea-thoil an phobail i leith na Gaeilge chomh tábhachtach céanna is atá acmhainní airgeadais. In éagmais dhea-thoil an phobail, is beag a d'fhéadfaí a chur i gcrích go héifeachtach. Is tuar dóchais don todhchaí í an tacaíocht tras-pháirtí a tugadh don straitéis sna díospóireachtaí Dála agus Seanaid go dtí seo. Dá bhrí sin, tá dóchas láidir agam go mbeidh cur i bhfeidhm na straitéise as seo go ceann 20 bliain mar thosaíocht Rialtais, beag beann ar cibé páirtí nó páirtithe a bheidh i gcumhacht le linn na tréimhse sin.

Gabhaim buíochas leis an Aire. Cuirim fáilte roimhe go dtí an Dáil inniu. Tá ard-mheas agam ar Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, na gaelscoileanna agus na heagraíochtaí Gaeilge eile ar fud na tíre. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na daoine a thug cabhair dom le déanaí. Tá mé ag obair leis na heagraíochtaí chun an plean 20 bliain a chur chun cinn. Tá go leor rudaí i gceist sa straitéis, ar nós cursaí oideachais, an Ghaeltacht, an Ghaeilge sa bhaile, riaracháin seirbhísí don bpobal agus teicneolaíocht. Tá an liosta fada. Caithfimid tacaíocht a thabhairt d'oideachas trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Déanfar athstruchtúrú ar Údarás na Gaeltachta mar ghníomhaireacht náisiúnta Gaeilge. Tá Fine Gael ag tabhairt lán-tacaíochta don straitéis. Creideann Fine Gael gur chóir athruithe móra a dhéanamh sa chóras oideachais. Ba cheart béim mhór a chur ar an nGaeilge sa chóras. Tá gá le dearcadh dearfach nua ar an nGaeilge sa chóras oideachais sa todhchaí.

Tá scéim phíolótach agam le haghaidh Oileán Chliara. Chuaigh mé go dtí an oileán sa samhradh. Labhair mé le muintir an oileáin. Tá siad an-mhaith. Tá iarrachtaí éagsúla i gceist sa scéim phíolótach seo. Táimid ag iarraidh an teanga a chur chun cinn ar Oiléan Chliara. If I may say so, is é seo an bealach chun cinn le haghaidh na céadta míle daoine, cosúil liom, nach bhfuil ach cúpla focal acu. Tá súil agam go gcabhróidh an scéim phíolótach le turasóireacht ar an oileán. Beidh eolas ag turasóirí faoi nósanna, cultúr agus oidhreacht an oileáin. Ta mé ag foghlaim Gaeilge. Tá feabhas ag teacht orm.

Nuair a bhí mé ar scoil, buachaill dána ab ea mé. Is buachaill maith mé inniu, maybe. I will refer to the strategy, which aims to increase the numbers of daily speakers of Irish from 83,000 to 250,000, which I welcome. I thank the Minister for his support for the strategy over the past few months and we should look at the retention of Irish as a compulsory subject from primary to leaving certificate level. We have views on that in Fine Gael but we will work together within the strategy to achieve a common good with all involved agencies.

I have visited gaelscoileanna and met with various organisations. We must develop an all-Irish education at secondary level to meet demand. We must support preschool education in Irish and there should be support for the Gaeltacht summer colleges. They have carried out significant work over the years and if we can open up such areas, we could get different people to attend those colleges. Support for those colleges must remain. There should also be support for the Gaeltacht and Irish courses abroad, which have been popular.

I enjoyed meeting with representatives from various organisations, I have gone to Clare Island and I have also met a group from Carrigaholt in Kilrush. Those people are very anxious for their position to be recognised. It was wonderful to meet such people, with some returning from the United States, England and Poland, learning our national language. That is the way forward.

My brief as spokesperson for community, equality and Gaeltacht affairs is varied but I am pleased that it includes responsibility for the Irish language and the Gaeltacht. I see it as an opportunity to represent the views of residents of the Gaeltacht, the Irish-speaking population and equally those who like myself, who would like to use the language daily but sadly do not have the confidence in our ability to do so as yet.

We can consider that only 4% of Irish speakers, or roughly 72,000 people, use the language daily outside the classroom; we undoubtedly have a problem in the way we perceive Irish, and the engagement with the spoken language should be increased. The Irish language is not just the realm or property of those who speak it on a daily basis and my role is not simply to represent those who speak it fluently. My role is to try to bring about a renewed interest in the language and to do my utmost to put forward proposals which I believe will bring about that revival. If we are to truly embrace a renewed interest and use of the language, the first step must be to accept that a small proportion of Irish people can speak the language fluently and those who cannot speak it should not be criticised or ridiculed.

They should be encouraged. I do not believe the measure of an individual's commitment or passion for the revival of the language is solely linked to proficiency, and I suggest this is the way forward.

In the past five months, my views of all involved have been very positive. People have been very supportive and understanding. I again thank Conradh na Gaeilge and Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, the gaelscoileanna and all the other organisations for the support they have given me.

Fine Gael broadly supports the goals of the strategy in aiming to deliver a greater engagement with the Irish language but we believe a resurgence of the language must be brought about through real reform in our education system. The strategy is relatively low on targets and there are no clear indications as to what it will cost or when it will be implemented. As the Minister noted, progressing the strategy would appear to be completely at odds with what the Government is actually doing in this area. The capital investment programme has been slashed, which will undoubtedly have an impact on the possibility of delivering on the strategy's objectives. The Údarás elections have been postponed for at least two years, with the perception that this is denying the people of the Gaeltacht their right to democratic representation. While the Minister clarified this to an extent, the people of the Gaeltacht are worried these have not taken place. Overall, I hope this report does not end up on the shelf, gathering dust, as many reports have. The Minister has my full commitment to working with him to implement the strategy.

The greater focus on spoken Irish at secondary level is important. We know students can pass their leaving certificate but they cannot speak Irish proficiently. Nonetheless, there is renewed interest, particularly in Belfast and across Northern Ireland. I note that Sinn Féin, with other agencies, had a huge role in promoting the Irish language in those areas. We can learn much from this. There are many people who would like to get involved in various classes and the strategy is available in that regard.

The draft was finally published in November 2007 and I want it brought to fruition in the coming few days. There will be a restructuring of Údarás na Gaeltachta and support for Forás na Gaeilge, and the possibility of Údarás na Gaeltachta carrying out functions through Irish for other public bodies inside and outside the Gaeltacht will be investigated. I would be happy to see the remit of Údarás extended outside the Gaeltacht areas, which is not a threat but an opportunity. Somebody needs to lead and Údarás, with other agencies, can do so. Most people are anxious that we do the right thing and the 20-year strategy is the way forward.

With regard to the use of media and technology to support the Irish language, there are many innovative ways in which this can be done. I have received e-mails and texts in Irish. Texts are handy, and perhaps a thought for the day in Irish would be a good idea as we all use texts as well as e-mails. I would welcome an increase in licence fee revenue towards TG4 and away from RTE. Since I took over my role, I have watched TG4 more often and know it is a wonderful tool that is broadcast into every home. TG4's programming on sports and the arts has been wonderful. If it has a difficulty with finance, there should be a means of diverting licence fee revenue away from RTE and towards TG4.

There needs to be improvement in the type and availability of dictionaries in Irish. While I can access some information online, I must still use the same dictionaries I had when I was at school, so improvement in this area should be considered. There are also issues with regard to the think tank, the portal site, the digitisation programme and the EU, where huge inroads have been made in regard to recognition for the Irish language.

We are all in this together. Much work has been done and I pay tribute to my colleagues in the Fine Gael Party, particularly the man I call my spokesperson on the Gaeltacht, Deputy Dinny McGinley of Donegal South-West. He has been a great proponent of the language and has worked closely with the Minister. I miss him today as he is canvassing for a major event next week. My party leader, Deputy Enda Kenny, is a fluent Irish speaker whose children attend the gaelscoil in Tourmakeady.

I pay a special word of thanks to the gaelscoileanna throughout the country, which have provided the way forward for many children. When I visited Roscommon some weeks ago, it was wonderful to see in operation a holistic education through the Irish language, involving children, teachers and parents. It is the way forward and the Minister should consider providing more facilities to the gaelscoileanna. There is a difficulty in regard to the Gaelscoil in Ratoath, County Meath, where more funding is called for, and I hope to visit it shortly.

We hope to meet in the new year with Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge and the other groups involved, with a view to seeing how we can implement the 20-year strategy. I speak on behalf of the 450,000 people who wish they had better Irish, for one reason or another. There is a new opportunity and a new willingness, and the strategy is very welcome.

Tá áthas orm labhairt sa díospóireacht thábhachtach seo mar gheall ar an tuarascáil a tháinig ó Chomhchoiste um Gnóthaí Turarsóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

Ba mhaith liom díriú ar roinnt de na moltaí; ní féidir dul trid na moltaí go léir i ndíospóireacht mar seo. An ceathrú moladh ná forbairt geilleagar agus bonneagar na Gaeltachta a fhágáil mar phríomhchúram Údarás na Gaeltachta, nó na Gaeilge, cibé acu a bheidh ann.

Labhair an tAire faoin sprioc atá ann go mbeidh ceathrú milliúin ag baint úsáide as an nGaeilge ar bhonn dátheangach. Nuair a bunaíodh an Stát ní raibh Gaeltachtaí againn.

Bhí 250,000 sna ceantair sin agus iad ag labhairt na Gaeilge mar ghnáth teanga. Táim amhrasach maidir leis an bhfigiúr a tháinig ón daonáireamh de 83,000 daoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil. An cheist atá sa daonáireamh ná: "An bhfuil aon Ghaeilge agat?" Bheadh freagra amháin agamsa agus freagra eile ag daoine eile ar sin, mar nílimid ag tomhas an rud céanna. An rud is tábhachtaí faoin moladh a léigh mé amach ón tuarascáil ná go bhfuil an Ghaeltacht thar a bheith tábhachtach, mar is í an áit ina bhfuil an Ghaeilge bheo. Ach i ndeireadh na dála, ní féidir an Ghaeilge a choinneáil beo muna mbíonn poist ar fáil sa Ghaeltacht agus muna mbíonn ar chumas daoine sa Ghaeltacht slí beatha a bhaint amach ar aon dul le daoine in aon cheantar eile den tír. Tá gá mar sin le eagras a bheith ann chun forbairt tionscalaíochta agus fostaíochta a chur ar aghaidh sa Ghaeltacht. Sin an chéad mholadh gur mhaith liom rud a rá faoi.

Baineann moladh 22 le dearbhú a chur sa straitéis nach mbainfidh polasaí dhátheangach leis an Ghaeltacht agus nach gcuirfear i bhfeidhm sa nGaeltacht é. Tá sé thar a bheith tábhachach do pháistí na Gaeltachta go mbeidh an Bhéarla acu, agus go mbeidh sé gach pioc chomh maith acu agus ag aon dalta eile sa tír. An rud atá i gceist leis an moladh, agus aontaím leis, ná má cheapann muintir na Gaeltachta go bhfuil iachall orthu labhairt go dhátheangach, nach láidreoidh sin an Ghaeilge. Ar an lámh eile, bhíodh daoine ag imeacht ón nGaeltacht fadó, cuirim i gcás daoine a théadh thall go Sasana chun fostaíocht a fháil, agus ní raibh caighdeán maith go leor acu sa Bhéarla. Buíochas le Dia, tá an t-am sin thart. Tá sé tábhachtach go mbeidh caighdeán sa Bhéarla ag muintir na Gaeltachta atá gach pioc chomh maith leis an gcaighdeán in áit ar bith eile sa tír.

I will speak in English now because one of the things that troubles me with regard to the 20 year strategy is that people do not know about it. The vast majority of people are not aware of the strategy, which I fully support. The Government is to be complimented for providing an overall strategy for the language. I have long been critical that no strategy has been in place and there has been no framework within which to work with clearly defined objectives. This strategy is now in place but, ultimately, the most important issue is driving the strategy. If people are unaware of it in the first instance then how can they engage with it? We all agree there is a large measure of soft support for the Irish language among the public but we must convert this into something more active and we must arrange for the people to engage and develop a sense of ownership for the Irish language.

There is an issue with regard to the public mood at present. People are without hope in many cases and are concerned about where the country is headed. In the days ahead this will probably unravel in a more meaningful way inasmuch as people will receive much-needed clarification. The uncertainty is pushing them down and never before has it been more important for people's self-esteem to be lifted. Undoubtedly, part of this self-esteem relates to who we are, what we are, what we can be proud of and what makes us unique. The Irish language forms a significant part of this.

Mention has been made of seeking to revive the language but I am unsure whether that is an accurate way of describing what the objective should be. The language has not developed organically in a long time but we should seek to place an emphasis on language development. Language develops where language is used. I did not always hold this view in my teaching days but my attitude with regard to simplifying language has changed in recent years.

The Minister will recall from his teaching days the teaching of the tuiseal ginideach and the considerable difficulties that came with this, including, for example, those associated with the irregular verbs or na briathra neamhrialta, of which there are 13. Other languages have many more but they have become irregular verbs because they are used most. These are very confusing for children. We should seek to simplify these and remove obstacles to children learning the language. The process for learning the language involves hearing it first and most children hear Irish for the first time in school. We do not have what we used to call the "timpeallacht cainte" outside the school. Na Naíonraí Gaelacha serve a significant role in this regard. One hears a language, then one speaks it, reads it and, finally, one writes it.

I recall from my teacher training days that we were told that a child's capacity to absorb a language is in decline from age five onwards. The early years are very important. Having the timpeallacht cainte in place is very important. Perhaps, it does not suit every child because many children grow up in an environment where the language environment in the English language is not sufficient to move them through the education system as it becomes more involved with language and terminology. That is a significant issue.

We should concentrate on survival and protect the joy in learning the language. It can be an enriching and exciting experience. Many people have a considerable store of Irish words which may be somewhere in the sub-conscious from when they were in school. People absorb Irish language words from the media as well. Certain Irish words are also used in ordinary spoken English. Some years ago, I carried out an interesting exercise. I examined an English language dictionary based on the English spoken in Newfoundland, Canada. It was remarkable how many Irish words were in the vocabulary, including some we have stopped using but which remain in the vocabulary there.

There is a remarkable richness and a remarkable degree of vocabulary to be picked up from place names. It is also possible to learning about an area, its history and so on. However, the most important message which should come from the Oireachtas and this debate is the importance of encouraging people to use whatever Irish they have, regardless of how little it is, and to seek to create an environment whereby we encourage one another. If I know somewhat more than the next person I should help that person along.

The Minister will recall there have been occasions in the past when some people believed it was their duty to correct people who were making a valiant effort to speak Irish. I believe this has diminished greatly but there remains a need to encourage one another. Sometimes the view is taken that all the emphasis should be directed towards the next generation, younger people and people who already have Irish. However, it is very important not to forget about those who have a certain amount of Irish, who are favourable toward the development of their Irish and of the use of Irish generally and in a bilingual since. We must transmit that message.

One fundamental aspect for the success of the strategy is the need to place the responsibility for driving it with the Taoiseach's office.

That is absolutely vital. One of the recommendations of the strategy is that at the beginning of each year there should be a report on what has happened in the previous year, what the objectives were, to what extent they were achieved, whether any difficulties were experienced, and how these might be addressed. It should also contain a new programme for the coming year. A strategy is a broadly based outline which needs to be broken down into programmes and achievable objectives. To confer upon the Taoiseach's office the responsibility for driving the strategy would lead to much better co-ordination. In addition, the Taoiseach answers parliamentary questions in the House two days a week, which would allow Deputies and party leaders to ask questions about the strategy if they so desired. Equally, written questions could be tabled. This would result in continued engagement by the Oireachtas with the language, which, in its own way, would filter through to the community.

We need to consider what is being achieved currently. We are spending fairly substantial amounts on the Irish language. Dr. Ed Walsh recently offered a figure — I do not know from where it came — of €1.2 billion spent annually on the teaching of Irish in our schools. That is a considerable amount. The Coimisinéir Teanga, with whom I was in contact about this issue, provided an estimate in 2005, and he told me how he had calculated it. His figure for spending on Irish in the school system was €500 million, which is still a considerable amount. I emphasise, as did the Coimisinéir Teanga, that we are talking about an opportunity cost. In other words, if our spending on the Irish language were reduced——

A Theachta, tá nóiméad amháin fágtha agat.

I am sorry I do not have more time to develop this point. Ultimately, we need to consider everything we are spending on the Irish language and ask ourselves whether this is the best way to spend it and whether it could be better spent another way. Where we are spending money — I have my own views on this, as the Minister knows — and the objective is not being achieved, we should stop spending that money and put it somewhere else.

I welcome the report and compliment the sub-committee on it. I have discussed a small number of the recommendations. I believe it is important to drive the strategy. The recommendation that the Coimisinéir Teanga should have a role in monitoring and reporting on developments is important. The role of estimating how much we are spending on the language and how successful it is could be given in the first instance to the ESRI, perhaps in conjunction with the Coimisinéir Teanga.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil as an deis labhartha seo. Is trua é nach bhfuilimid ag déileáil le rún chun tacaíocht iomlán a thabhairt don méid a dúirt an comhchoiste. Tá sé tábhachtach go bhfuilimid ag caint ní hamháin faoin dréachtpholasaí ach faoi thuairisc an chomhchoiste freisin. D'aithin an comhchoiste fadhbanna leis an dréachtpholasaí, chomh maith le réimsí inar theip ar an Rialtas dul fada go leor. In ainneoin mo ghearán nach bhfuilimid ag déileáil le rún, tá súil agam go nglacfaidh an t-Aire go huile agus go hiomlán leis na moltaí atá sa tuairisc lena bhfuilimid ag plé faoi lathair. Tá a fhios agam go bhfuil sé deacair don Rialtas a leithéid a dhéanamh anois agus arís. D'fhoilsíodh an tuairisc trí mhí go leith ó shin. Is leor ama é sin chun déileáil le haon tuairisc agus aitheantas a thabhairt dos na moltaí atá inti. Sa chás seo, tá sé in am don Rialtas cinneadh a dhéanamh ar cad go díreach a tharlóidh maidir leis na 36 moltaí a rinne a chomhchoiste.

D'fhéadfainn bheith diúltach amach is amach faoin straitéis seo. Déanfaidh mé iarracht é sin a sheachaint. Bhíomar anseo go minic cheana. Ní hé seo an chéad uair gur foilsíodh straitéis, nó go raibh an Rialtas ag maíomh go ndéanfaí rud éigin chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a tharrtháil. Is maith an rud é go bhfuil an t-Aire anseo agus gur aithin sé go bhfuil géarchéim i gceist sa chomhthéacs seo. Is í an fhadhb atá againn ná go bhfuil na deacrachtaí seo aitheanta le blianta fada, ach níl éinne faoi dheifir chun déileáil leo. Tá iomarca ama caite againn ag plé leis an nGaeilge gan aon toradh air go dtí seo. Dúirt an t-Aire gur éacht é go bhfuil an Ghaeilge againn go fóill. Má chreideann sé é sin, agus gur ceist phráinneach í an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a tharrtháil, caithfidh sé fuadar a chur faoi na moltaí sa straitéis 20 bliain agus i dtuairisc an chomhchoiste. Is féidir roinnt dóibh a dhéanamh gan reachtaíocht — is athrú meoin atá i gceist. Is féidir é sin a dhéanamh cuíosach éasca laistigh den Státchóras.

Ní gá dom ach a lua gur féidir linn níos mó a dhéanamh sa Dáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá sé sin ráite agam ó thoghadh mé i 2002. Tá mé ag moladh ón uair sin go mbeadh na Billí a thagann os comhair na Dála ar fáil i nGaeilge ó thús, mar a tharlaíonn i bParlaimintí dátheangacha eile. Cabhródh sé sin liom agus le haon Teachta eile atá ag iarraidh reachtaíocht a phlé trí mheán na Gaeilge. Ní cheart go mbainfeadh fadhb ar bith leis an moladh sin. Tarlaíonn sé anois is arís ach sa chuid is mó, ní tharlaíonn sé. Mar thoradh ar sin, tá sé níos deacra dom mo chuid oibre a dhéanamh sa Dáil trí Ghaeilge amháin nó go dátheangach. Bíonn orm casadh ar an mBéarla.

Roinnt blianta ó sin, scríobh mé leasuithe i nGaeilge ar Bhille a bhí i mBéarla. Dúradh liom nach raibh na húdaráis sásta glacadh leo — bhí orm iad a aistriú ar ais go Béarla, in ainneoin nach rabhadar i mBéarla sa chéad dul síos. Is é sin chomh seafóideach is atá an Státchóras, atá bunaithe le tréimhse fada de bhlianta. Nuair a bunaíodh an Stát ar an gcéad dul síos, bhí post mar Aire Gaeilge le líonadh sa Rialtas. Tamall ina dhiaidh sin, cuireadh post mar Aire Gaeltachta ina áit. Measaim gur chóir go dtarlódh a leithéid d'athrú in aon Rialtas nua amach anseo. Molaim gur cheart go mbeadh an phríomhchuspóir aige nó aici ná déileáil leis an nGaeilge agus an nGaeltacht. Má tharlaíonn sé sin, léireoidh sé an phráinn a bhaineann leis an gceist agus cé chomh dáiríre agus atá an Rialtas ó thaobh tarrtháil na Gaeilge de.

Agus an méid sin á rá agam, ba chóir dom a lua gur trua go raibh an Teachta Gilmore agus, níos déanaí, an Teachta Shatter ag gearán go rabhamar ag déileáil leis an gceist seo inniu. Dúirt an Teachta Shatter go bhfhéadfadh an Ghaeilge fanacht fad is a bhí rudaí níos tábhachtaí á dhéanamh againn. Measaim nach féidir leis an nGaeilge fanacht. Níl sé maith go leor go mbeadh a leithéid á rá ag aon Bhall den Teach ag an tréimhse seo. Tá todhchaí na Gaeilge beagnach chomh práinneach le haon rud eile a bhí á phlé againn inniu. Sa deireadh thiar thall, muna bhfuil féiniúlacht, ár gcultúr féin agus meas ar ár n-oidhreacht againn, ní fiú tráithnín sinn agus is féidir leis an IMF nó aon dream eile teacht isteach agus seilbh a ghlacadh orainn. Ní Éireannaigh sinn muna bhfuil meas againn ar ár gcultúr, nó muna bhfuilimid sásta a chinntiú go bhfuil tarrtháil á dhéanamh againn.

Is ait liom roinnt de na dearcthaí atá léirithe sa Teach seo. Dúirt Teachtaí áirithe go bhfuil an Ghaeilge ró-dheacair. Tá sé deacair dóibh siúd atá níos aosta, teangacha nua a fhoglaim. Tá sé éasca do roinnt daoine aon teanga a fhoglaim. Is cuma le daoine óga faoi bhriathra rialta nó neamhrialta nuair atáimid ag iarraidh orthu an Ghaeilge a labhairt. Níl éinne ag iarraidh ar muintir na Fraince na briathra neamhrialta sa bhFraincis a athrú toisc go bhfuil sé deacair an teanga sin a fhoglaim. Ba chóir dúinn díriú isteach ar conas an Ghaeilge a mhúineadh níos fearr ag an leibhéal is ísle. Moladh maith atá sa tuairisc ón comhchoiste. Rinne an gcomhchoiste obair mhaith faoi chúram an Teachta Tom Kitt agus molaim é agus na baill eile as sin.

Tá moladh an-tábhachtach sa tuairisc maidir leis an gcuraclam. Deireann Gaeilgeoirí agus daoine óga atá ag díriú isteach ar an ardteist amach anseo go mbeidh an scrúdú ró-éasca dóibh de bharr na hathruithe atá déanta ar an gcuraclam agus nach mbeidh aon dúshlán ann dóibh mar a bhí i gcónaí ó thaobh na litríochta de agus araile. Ba chóir go nglacfadh an Roinn Oideachais agus Scileanna leis an moladh i dtaobh na hardteistiméireachta go sciobtha. Agus mé ag caint faoin Roinn, ba chóir dom a rá gur seo ceann de na príomh fadhbanna maidir leis an nGaeilge ó bunaíodh an Stát. Is fadhb i gcónaí í. Déanann an comhchoiste an moladh seo ar son An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Tá an moladh seo níos tábhachtaí ná aon rud eile anseo, mar go dtí seo tá an Roinn tar éis cur i gcoinne nó tar éis constaic a chur in aghaidh gach céim chun tosaigh a theastaigh ó Ghaelgeoirí agus ó mhuintir na Gaeltachta a dhéanamh maidir le hoideachas trí Ghaeilge. In áit a bheith ag cothú éilimh do Ghaelscolaíocht, déanann an Roinn a mhalairt. Is léir sin ó na cinntí atá glactha ag an Aire Oideachais agus Scileanna le dhá bhliain anuas gan aitheantas cuí a thabhairt do Ghaelscoileanna nua nó do Ghaelcholáistí, nó fiú díriú isteach ar an gcruachás atá ann ó thaobh Gaelscolaíochta sa tír. Tá gach Gaelcholáiste lán go doras agus tá éileamh i bhfad Éireann níos mó orthu ná gur féidir leo déileáil leis. Is ceist mhor í seo. Tá daoine sásta a bpáistí a chur chuig Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí. Má táimid dáiríre faoin nGaeloideachas, ba chóir dúinn glacadh leis an gcéim seo. Caithimid a chinntiú go mbeidh na scoileanna ann ionas go mbeidh, ar a laghad, oiliúint ar fáil do pháistí na ndaoine atá sásta a bpáistí a chur chuig na scoileanna sin.

Rud eile atá tábhachtach ná an toil phoilitiúil. Bliain i ndiaidh bliana, déanaimid ráitis sa Teach i leith na Gaeilge, go minic i lár seachtain na Gaeilge. Molaim sin, ach go minic is mise an duine a lorgaíonn an díospóireacht sin. Níl fadhb agam leis sin. Ach sa deireadh, sin an méid a bhíonn againn. Bíonn na ráitis againn agus chomh luath agus a bhíonn críoch leo, away linn ag déanamh ár obair fhéin arís, seachas díriú isteach ar na ceisteanna móra seo. Táimid ag lorg reachtaíochta maidir le hÚdarás na Gaeltachta. Tá an reachtaíocht seo á mholadh ag an Aire le blianta, ach níl an reachtaíocht sin os ár gcomhair go fóill. Luaigh mé an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an naimhdeas atá ansin i dtaobh na Gaeilge de. Luaigh mé freisin an dea shampla gur féidir linne a thabhairt sa Teach. Muna dtarlaíonn sin, ní fiú tráithnín an méid a deirtear sa Dáil uair sa bhliain. Is fíor annamh a cloistear aon duine sa Dáil ag labhairt Gaeilge, seachas nuair a bhíonn díospóireacht againn ar cheist na Gaeilge. Ní chloistear ach cúpla focal nuair atá daoine ag gabháíl buíochais leis an gCeann Comhairle.

Rinneadh tagairt do sheirbhísí trí Ghaeilge agus dúradh go bhfuil gá le hiad a bheith ar fáil. Ba chóir go mbeadh Gaelgeoirí agus daoine a thugann tacaíocht don Ghaeilge ag lorg na seirbhísí sin agus go mbainfeadh siad úsáid astu. Tá an ceart ag an Aire nuair a deireann sé sin. Ní úsáidimid na seirbhísí atá ar fáil mar chuireann siad moill ar ár ngnó go minic. Sin an fáth go gcasann daoine ar an mBéarla. Go minic freisin, bíonn rudaí níos casta ná mar a bheadh agus an tseirbhís á úsáid trí Bhéarla, toisc go mbíonn an Ghaeilge ar fhoirmeacha chomh casta sin go bhfuil sí i bhfad níos measa ná aon Bhéarla ar fhoirmeacha, cé go mbíonn sin casta go leor. Tá eagras i Sasana ar a dtugtar Plain English. Ba chóir go mbeadh an rud céanna againn anseo ó thaobh na Gaeilge de. Ba chóir go mbeadh daoine in ann aon rud atá á fhoilsiú againn a thuiscint agus go mbeadh sé ar fáil go héasca. Sa lá atá inniu ann agus leis an dul chun cinn atá déanta sa teicneolaíocht, ba chóir go mbeimis in ann na seirbhísí seo a chur ar fáil i bhfad níos tapúla agus níos forleithne.

Díreoidh mé anois ar cheann nó dhó de na moltaí a dhéanann an comhchoiste, cuid acu a chuala mé cheana. Maidir le comharthaí bóithre, rinneamar iarracht seo a mholadh don Aire Iompair cheana. Mholamar athrú meoin ó thaobh comharthaí bóithre agus comharthaí Stáit de. Mholamar go dtabharfar tús áite, nó comhchéim ar a laghad, don Ghaeilge. I mo thuairim, ba chóir tús áite a thabhairt di. Dúradh linn go mbeadh sin ró-chostasach. Níl mórán acmhainní ag an tír faoi láthair, nó sin a deirtear linn. Measaim go bhfuil bealach timpeall ar sin, ach sin scéal eile. Níl acmhainní i gceist anseo. Séard atá i gceist ná go mbeadh an meon nua i réim cibé uair atá athrú ag teacht nó aon uair atá aon chomharthaí nua á dhéanamh, seachas mar a tharlaíonn faoi láthair, gur athsmaoineamh nó afterthought a bhíonn ann. Baineann sin le comharthaí áitiúla agus araile. Fós sa lá atá inniu ann, bíonn orainn a mheabhrú do chomhairlí áitiúla go bhfuil orthu Gaeilge a chur ar na comharthaí.

Tá roinnt moltaí radcacha sa tuairisc agus tá súil agam go nglacfaidh an tAire leo. B'fhéidir nach sroichfimid na spriocanna, ach mar adúirt Donncha Ó hÉallaithe liom i ríomhphost inné, tá sé rí-thábhachtach go mbeidh na spriocanna a leagtar síos inbhainte. Measaim go bhfuil breall air agus é ag rá nach bhfuil sé indéanta, nó go mbeadh sé an-deacair, bogadh ó 80,000 daoine ag gabháil leis an nGaeilge lasmuigh den chóras oideachais go dtí 250,000 i dtréimhse 20 bliain. Measaim gur féidir sin a dhéanamh. Is léir ó thíortha eile gur féidir é a dhéanamh. An rud is tábhachtaí ná go mbeidh an toil pholaitiúil ann agus go gcuirfear na hacmhainní ar fáil. Tá súil agam nach mbeimid sa sáinn eacnamaíochta ina bhfuilimid faoi láthair thar an tréimhse 20 bliain atá le teacht. Más i gceann cúig nó deich mbliana a tharlaíonn an t-athrú, beidh an mhaoin agus na hacmhainní ann. Sin ráite, tá acmhainní ann faoi láthair, ach braitheann sé ar an Rialtas cá gcuirfear na hacmhainní sin nó cén togra a gheobhaidh tús áite. Tá gá ann go mbeadh na spriocanna insroichte. Measaim go bhfuil gach rud insroichte chomh fada agus a cuirimid ar fad chucu.

Tá obair mhaith déanta ag an gcoiste agus tá obair mhaith déanta ag an Roinn ó thaobh na straitéise de. Impím ar an Aire agus ar an Roinn go gcuirfear fuadar futhu. Caithfimid deifir a dhéanamh déileáil leis seo nó ní bheidh an Ghaeilge nó an Ghaeltacht ann amach anseo.

Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt leis an Teachta Michael Kennedy. Ar dtús báire, ba mhaith liom a rá go raibh sé mar onóir dom a bheith mar Chathaoirleach ar an gComhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Turasóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta fad agus a bhí an coiste dul i gcomhairle le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin tábhachtach seo, tugadh cuireadh do sé eagraíocht, Conradh na Gaeilge, Comhluadar agus Foras na Gaeilge ina measc, cur i láthair a dhéanamh os comhair an chomhchoiste Oireachtais ag tús na bliana. Is fiú a lua gurb í an chéad uair riamh do TG4 obair an chomhchoiste a chraoladh beo ar an teilifís. Ní hamháin sin, ach thaisteal toscaireacht de chuid an chomhchoiste siar go hIndreabhán i gConamara chun an straiteis a phlé le muintir na Gaeltachta. Rinne an comhchoiste gach iarracht dul i gcomhairle le hionadaithe ó gach réimse de shaol na Gaeilge, i ngach cearn den tír, mar chuid den phróiseas comhairliúcháin i dtaca leis an straitéis. Theastaigh ón gcomhchoiste a chinntiú go raibh ionchur ag na páirtithe leasmhara ar fad ins na moltaí a chuireamar le chéile i dtuarascáil don Aire le déanaí. Bhí sé tábhachtach go ndeachaigh an comhchoiste chun na Gaeltachta chun dul i mbun cainte le pobal labhartha na Gaeilge go díreach, agus go raibh deis ag muintir na Gaeltachta a dtuairimí a chur in iúl dúinn.

Táimid an-sásta gur baineadh leas as an gcomhchoiste mar fhóram poiblí chun plé a dhéanamh ar na gnéithe is tábhachtaí a bhaineann leis an teanga agus leis an straitéis, agus táimid an-bhuíoch gur ghlac na heagrais Ghaeilge agus pobal na teanga páirt chomh lárnach sa phróiseas comhairliúcháin. Tá ardmholadh ar leith ag dul don bhfochoiste faoin gcathaoirleach, Seanadóir Labhrás Ó Murchú, a chur an tuarascáil dheireanach le chéile ar son an chomhchoiste freisin. Is mór agam go raibh comhairliúchán chomh hoscailte, iomlán againn le pobal na Gaeilge le beagnach bliain anuas, rud a chinntíonn go bhfuil na moltaí ar fad sa tuarascáil ceangailte isteach sa mhórphictiúr do thodhchaí na teanga sna blianta amach romhainn.

Táimid ag moladh go mór, mar sin, go nglacfaí leis na moltaí uile ón gcomhchoiste chun an straitéis a neartú, agus chun a chinntiú go mbaintear spriocanna na straitéise maidir le chur chun cinn na Gaeilge amach idir seo agus 2030. Is fiú aird ar leith a tharraingt ar chuid de na moltaí sa tuarascáil áfach.

Caithfear an Ghaeltacht a chosaint go práinneach agus is gá dearbhú a chur sa straitéis nach mbainfidh beartas dátheangachais leis an nGaeltacht agus nach gcuirtear a leithéid i bhfeidhm sa Ghaeltacht riamh. Braitheann inmharthanacht na Gaeilge ar bheocht leanúnach na bpobal Gaeltachta, áit a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail; mar theanga cheannasach an teaghlaigh; agus mar phríomhtheanga an pháiste sna blianta tosaigh is tábhachtaí ó thaobh fhorbairt an linbh de. Braitheann beocht leanúnach na bpobal Gaeltachta ar chumas forbartha agus ar chothú fhostaíochta freisin, agus ní mór é seo a dhéanamh trína chinntiú go gcuirtear an maoiniú agus na hacmhainní cuí ar fáil chuige seo tríd an straitéis. Ó is gné chroí-lárnach de shlánú na Gaeilge é geilleagar Gaeltachta láidir a chothú, moltar i dtuarascáil an chomhchoiste gur cheart an ról príomhúil chun geilleagar agus bonneagar na Gaeltachta a fhorbairt a fhágáil faoi Údarás na Gaeltachta.

Molann an comhchoiste freisin gur chóir athstruchtúrú a dhéanamh ar an gComhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta mar chuideachta reáchtúil. Ba chóir go mbeidh cumhachtaí mínithe aici i ndáil le hionadaíocht a dhéanamh ar thuairimí agus ar mholtaí páirtithe leasmhara na Gaeilge maidir le beartas oideachais a cheapadh don Ghaeltacht agus do phobal na Gaeilge. Géar-riachtanas is ea é go mhúinfí an Ghaeilge go héifeachtach ó thús go deireadh an chórais oideachais i ngach áit sa tír. Tá géarghá le siollabas nua don Ghaeilge a fhorbairt ó leibhéal na naíonán beaga go leibhéal na hardteistiméireachta, mar shampla, siollabas a chuirfidh riachtanais fhorbartha teangeolaíochta cainteoirí dúchais, daltaí atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, agus daltaí inniúla Gaeilge eile san áireamh, agus go gcuirfí acmhainní ar fáil go leanúnach leis an gcúrsa seo a chur á fheidhmiú.

Ní hamháin sin ach tá sé de cheart ag gach tuismitheoir oideachas lán-Ghaeilge a roghnú dá bpáistí agus molann an comhchoiste go láidir go gcinntítear soláthar dóthanach don Ghaeloideachas do phobal uile na tíre. Ba chóir go mbeadh an rogha d'oideachas trí Ghaeilge mar chritéir ag an Roinn Oideachais agus Scileanna nuair atá suíomh nua á roghnú acu do scoileanna nua chun é seo a chinntiú. Is sampla í Gaelscoil Ráth Tó i gContae na Mí. Is í an t-aon scoil a d'oscail gan aitheantas ná tacaíocht airgid ón Roinn Oideachais agus Scileanna ar an 30 Lúnasa i mbliana. Roimh oscailt Gaelscoil Ráth Tó, níor osclaíodh Gaelscoil sna 26 Chontae ón mbliain 2008. Is léir ó liosta tinrimh na scoile go bhfuil an-éileamh ann i measc an phobail don Ghaelscoil agus ní chóir go mbeadh aon bhac ar thuismitheoirí ag iarraidh oideachais lán-Ghaeilge a thabhairt dá bpáistí i Ráth Tó ná in áit ar bith eile sa tír.

Mar fhocall scoir, ba mhaith liom a rá gur tuar dóchais don todhchaí é an tacaíocht tras-phobal atá ann don straitéis 20 bliain don Ghaeilge, agus an tacaíocht pholaitíochta tras-pháirtí atá bainte amach ag an gcomhchoiste sa tuarascáil seo i dtaca leis an straitéis. Tá na moltaí ar fad a rinneamar sa tuarascáil ag eascairt as an bplé a bhí againn le heagrais Ghaeilge, le pobal labhartha na Gaeilge — sa Ghalltacht agus sa Ghaeltacht araon — agus tá siad aontaithe ag na hionadaithe ar fad ó na páirtithe éagsúla atá ar an gcomhchoiste. Ní mór dúinn anois an deis a thapú chun na moltaí seo a chur i bhfeidhm sa straitéis. Braitheann na moltaí ar fad a luaitear sa tuarascáil go mór ar a chéile agus de bharr seo, braitheann rath na straitéise ar na moltaí ar fad a ghlacadh agus a cheangal isteach sa dhréacht dheireanach den straitéis ina n-iomláine.

Tá súil agam go n-aontaíonn an Dáil liom, agus tá súil agam go nglacfar moltaí uile an chomchoiste san áireamh ina n-iomláine sa atraitéis 20 bliain don Ghaeilge ag an staid dheireanach seo den phróiseas comhairliúcháin.

Is onóir dom labhairt anseo inniu faoi straitéis 20 bliain don Ghaeilge mar leas-chathaoirleach ar an gComhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Sa choiste sin, rinneamar scrúdú ar an dréacht straitéis, chuamar i gcomhairle leis an bpobal agus chuireamar moltaí le chéile.

Próiséas fiúntach agus tábhachtach a bhí ann. Bhí sé an-tabhachtach, mar shampla, tuairimí an phobail a fháil mar ag deireadh an lae, beidh an straitéis ag brath ar thacaíocht a fháil ón bpobal. Táim an-dóchasach go néireoidh leis an straitéis seo na spriocanna atá ann a bhaint amach. Tá go leor ann le bheith dóchasach faoi, mar shampla, na Gaelscoileanna. Tá ceithre Ghaelscoil i mo dháilcheantar féin i mBaile Átha Cliath Thuaidh agus tá an Ghaelscoil i mBaile Brigín ag lorg foirgnimh nua.

As this is a bilingual issue, I will say a few words in English. I welcome the all-party consensus we achieved on this strategy. The aim to have as many citizens as possible speaking Irish is desirable from all perspectives. We hear a great deal about Irish sovereignty at present. I have visited Connemara and the Gaeltacht is the ideal place to promote or increase the number of people who speak Irish on a daily baisis.

The committee met a number of groups and it was very encouraging to meet so many people who were involved in promoting the Irish language. Getting them focused through this 20 year strategy is vital and will be the key to success. I believe we can achieve the objective of having 250,000 people speaking Irish each day, and this strategy is the way forward. When I was in Connemara I was impressed by the level of input of Údarás na Gaeltachta. Keeping people living and working in their own area through the medium of Irish is the way forward, and providing Údarás na Gaeltachta with the funding and ability to keep going is the correct course.

A few general points should be made about Irish people. It is ironic that when they go abroad they suddenly renew their Irish identity and are prepared to use the cúpla focail in a restaurant, train or elsewhere. We should instil some of that spirit in people at home, so they can take pride in having their native language. In the current economic debate there is much talk about losing our sovereignty but the main things that identify Irish people are their language, music and art. I believe the gaelscoileanna are the way forward. There are four in my constituency and a group in Balbriggan is trying to found the first second level Gaelscoil in my constituency.

Members of the Dáil should do more. Lessons were available to Members who were anxious to brush up on their Irish which was availed of by Deputies Burke, Feighan and O'Shea, as well as myself. It is regrettable that during this session they have not recommenced. Will the Minister use his influence to have these lessons re-started which would benefit many Members?

They were cut back like everything else.

As a member of the informal feedback forum, I have pointed out the lifts used in the Leinster House complex do not have announcements in Irish. I hope when we are told we are either going up or going down in the lift, it will be in the cúpla focal.

Fianna Fáil will be going down anyway.

There was an all-party consensus on the Irish language strategy. I hope we can have the same on economic issues. The behaviour earlier this morning in the Chamber was not particularly edifying and certainly did Parliament no good. The Dáil should adopt the same strategy——

I must ask the Deputy to conclude.

——as the Portuguese Parliament of having the four-year fiscal strategies from each party published with a civilised debate on all aspects and endeavour to put the country first.

Fianna Fáil is really in trouble now.

I call on Deputy Ulick Burke. I will protect him as much as I can from his colleague.

Tá áthas orm seans a bheith agam bheith páirteach sa díospóireacht seo. Tá sé an-tábhachtach an cheist seo a phlé. Molaim an coiste a bhí i gceannas ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. An rud is tábhachtaí dom ná go bhfuil sé scríofa in Airteagal 8 den Bhunreacht "Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í." Tá sin sa Bhunreacht agus in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Aontaím leis an Teachta Kennedy agus glaoim ar an Aire tús a chur athuair leis na ranganna a bhí ar siúl do Bhaill agus d'fhoireann na dTithe anseo chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, agus úsáid na Gaeilge a chothú sa Pharlaimint. Níl cúis ar bith nach mbeidís ar fáil, tá ranganna Fraincíse ar fáil ach níl ranganna Gaeilge. Impím ar an Aire iad a chur ar fáil arís.

Tá sárobair á deanamh ag Raidió na Gaeltachta, TG4, na Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Gaeleagras agus na grúpaí go léir atá ag cur na Gaeilge chun cinn ar fud na tíre.

Since the foundation of the State, Irish has been its official language. It is unbelievable that many of us, myself included, are still unable to use it go flúirseach. It is unacceptable that lip-service has been paid to the language by successive governments and by the Department of Education and Skills. We must and can improve in making Irish a more widely used language.

A fortnight ago in Brussels, I was informed by an official there that there is a danger that, despite having fought hard over the years to make the Irish language a working EU language, its official status may be withdrawn soon. Will the Minister ensure this does not happen? It was gratifying to hear Irish MEPs using the language in the European Parliament.

The gaelscoileanna outside of the Fíor-Ghaeltacht and Breac-Ghaeltacht have done tremendous work in promoting the use of Irish not only in schools. One notices more that many towns have fograí as Gaeilge. While it may not be seen as significant use, it is still important to make the effort to use it. Organisations such as Conradh na Gaeilge and Gaeleagras have made great efforts over the years to have Irish more widely spoken.

The Department of Education and Skills, however, is not fully behind the establishment of gaelscoileanna even when there are obvious demands for them. The Department claims it is not feasible to have a gaelscoil in some areas. Today, the Joint Committee on Education and Skills heard from delegations such as An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta and Conradh na Gaeilge, on Irish language education. They pointed out that in many of the schools they have established, the annual intake of students is between 35 and 40 pupils. Still, the Department will not provide sanction for these schools. The commitment of the Department of Education and Skills to the Irish language comes into question when it stifles the efforts of parents and their children to use it. It is unacceptable and the Minister must make this known to the Tánaiste and Minister for Education and Skills.

The marks available for the leaving certificate's an scrúdú cainte have been increased to encourage caint trí Ghaeilge which is to be welcomed. However, other changes to the examination mean top-class students from Gaeltacht areas are being brought down a level because of the test's shortcomings. That is elementary stuff. Likewise, they were given pictures months beforehand and then had to come in a talk about them. The quality and demands involved in that kind of support for the Irish language needs a lot of improvement, particularly for those in the Gaeltacht areas who have to examine, analyse and present a case trí Ghaeilge at higher level for the leaving certificate.

While we have things like that we are neither advancing nor clearly supporting the language. In actual fact, we are going backwards. That is the terrible thing about it. We may talk about the big controversy in Kerry concerning total immersion in Irish and all these irrelevancies that happen; we concentrate and focus on those, but to a degree they are not important. It is important to deliver an educational system where those who have the ability to flourish trí Ghaeilge should be supported to the highest possible extent. As long as we have any obstacle to that, and the Department of Education and Skills is reluctant or hesitant to embrace and encourage it, we will have problems. The problems we have had in the past may not be the same now, but we are certainly not encouraging fully and wholeheartedly the concept of making Gaeilge an teanga náisiúnta.

Acting Chairman (Deputy Charlie O'Connor): I understand that Deputy Sargent is sharing time. At the moment, he is alone.

Go raibh fada buan mé mar sin. Feicimid conas mar a tharlaíonn sé. Leanfaidh mé orm mar tá neart le rá agam. Má thagann mo chomhghleacaithe, roinnfidh mé mo chuid ama leo. Is tábhachtach an díospóireacht í seo, go mórmhór inniu agus sinn ag caint faoi thodhchaí na tíre. Pé rud eile nach bhfuil faoin ár smacht, is cinnte go bhfuil ár dteanga faoinár smacht. Faoi mar a deirtear, "tír gan teanga, tír gan anam".

Tá sé tábhachtach a rá go bhfuil teangacha ar fud an domhain faoi bhagairt agus faoi bhrú. B'fhéidir nach dtuigtear é seo sa Dáil, os rud é go mbíonn an chuid is mó de na díospóireachtaí anseo i mBéarla. Ta sé cinnte go bhfuil an Béarla in uachtar in a lán tíortha, seachas ar fud an domhain. Tuigim go bhfuil thart ar 6,000 teangacha fágtha sa domhan. De réir Indiana University sna Stáit Aontaithe, beidh 90% dóibh imithe faoin mbliain 2100. Dá bharr sin, caithfear bheith ar an airdeall go bhfuil na coinníollacha ann chun an Ghaeilge a bhuanú, a fhorbairt agus a choimeád beo. De réir obair ata déanta ag taighdeoirí, caithfidh ar a laghad 100,000 cainteoirí a bheith ag teanga ar bith ionas go mairfidh sí. Má tá níos lú ná 100,000 cainteoirí i gceist, tá teanga faoi bhagairt agus de réir dealraimh, rachfaidh sí i léig.

Ó thaobh na Gaeilge de, táimid ar an imeall. Tá sé mar sprioc sa straitéis líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den gcóras oideachais a mhéadú ó 80,000 go dtí 250,000. Tá sé sin thar a bheith neamhréadúil sa tréimhse atá leagtha amach. De réir mar a thuigim, níl bunús eolaíoch leis an bhfigiúr de 250,000. Caithfimid bheith réadúil faoin ábhar seo. Má táimid chun sprioc éigin a bhaint amach, b'fhéidir gur chóir dúinn iarracht a dhéanamh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den gcóras oideachais a mhéadú faoi 5.7% gach bliain. Mhéadódh sé sin an líon cainteoirí Gaeilge ó 80,000 go dtí breis is 100,000. Dá dtarlódh ardú de 10% gach cúig bliana, bheadh 100,000 cainteoirí, ar a laghad, i gceist.

B'fhéidir gur cheart dúinn caint ní hamháin faoi na cainteoirí laethúla ach freisin faoi na cainteoirí seachtainiúla. Bíonn deacrachtaí ag neart daoine in Éirinn — go mórmhór iad siúd nach gcónaíonn i gcomhluadar Ghaeilge, ar nós an Ghaeltacht — an Ghaeilge a labhairt gach lá. Mar sprioc níos réadúla, ba chóir dúinn líon na ndaoine a labhrann an Ghaeilge go seachtainiúil a mheas agus a mhéadú, chomh maith leo siúd a labhrann an teanga go laethúil. Ní mór dúinn é sin a mheas.

Tá a lán rudaí maithe sa dréachtstraitéis. Ba cheart neart fuinnimh a úsáid chun í a chur i gcrích. Tá amhras orm maidir leis an moladh "údarás na Gaeilge" a dhéanamh de Údarás na Gaeltachta. Tá Údarás na Gaeltachta oilte go maith ó thaobh cúrsaí gnó de.

Tríd is tríd, áfach, ní dóigh liom gur éirigh ró-mhaith leis an údarás an Ghaeilge a bhuanú. Ní hé sin an oiliúnt cheart atá acu.

Dá bharr sin, tá amhras orm maidir leis an moladh an t-údarás a athrú go "údarás na Gaeilge". B'fhéidir go bhfuil mé mícheart - fan go bhfeicimid. An bhfuil éinne eile ag iarraidh mo chuid ama a roinnt liom?

Cuirim fáilte roimh an straitéis seo. Bhí díospóireacht maith againn leis na hAirí, an Teachta Ó Cuív agus an Teachta Pat Carey, ag an gcoiste. Is maith an rud é go bhfuil sé molta go bhfuil gá ann níos mó béime a chur ar an teanga labhartha. Aontaím freisin gur cheart go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag plé le cúrsaí pleanála agus tithíochta. Is dóigh liom go bhfuil an t-údarás an-éifeachtach agus é ag plé le deontais tithíochta agus, go háirithe, cúrsaí tionsclaíochta. Tá an-chomhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus na comhairlí contae, i gContae na Gaillimhe ar aon nós. Is maith an rud é go mbaineann moladh eile le work experience programmes a chur ar fáil do mhic léinn sna hollscoileanna agus sna hinstitiúidí teicneolaíochta. Moltar freisin gur chóir ábhar nua — "Irish Arts and Literature" — a sholáthar sna scoileanna dara leibhéal.

Chuir an tAire an-bhéim ar an airgead atá ag dul go dtí an iarthar, go háirithe go dtí Contae na Gaillimhe agus cathair na Gaillimhe. Ar ndóigh, tá go leor poist tacaithe ag turasóirí agus daoine a théann go dtí an Ghaeltacht chun an Ghaeilge a fhoglaim. Tiománann an Ghaeilge cúrsaí turasóireachta. Molaim an fochoiste. Caithfidh mé seans a thabhairt don Teachta Mattie McGrath. Ta súil agam go mbeimid in ann níos mó díospóireachtaí a eagrú sa Teach seo agus sa Seanad. Tá sé sin molta sa straitéis freisin. Aontaím gur féidir linn níos mó béime a chur ar na hábhair a dhéanann múinteoirí óga sna coláistí oiliúna. Ta súil agam go mbeidh na scoláirí in ann freastal ar an nGaeltacht agus an Ghaeilge a fhorbairt.

Cuirim fáilte roimh an tuairisc seo agus tá sé tábhachtach go bhfuil an díospóireacht seo againn inniu. Tá ról na straitéise fíor-thábhachtach don teanga, d'ár bhféiniúlacht agus d'ár gcultúr. I welcome the strategy and it is timely that we have the debate. The Irish language is an important element of our heritage and culture. It is unique to our nation. Tá na moltaí ar fad sa straitéis an-tábhachtach, ach tá suim faoi leith agam sna moltaí a bhaineann le hoideachas trí mheán na Gaeilge. Bunaíodh bord speisialta chun acmhainní agus tacaíocht a thabhairt d'oideachas den chineál sin. I am particularly pleased with the establishment of a statutory body to provide resources and support for the Irish media and education sector. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na Gaelscoileanna agus na naíonraí i dTiobraid Árann theas as an obair atá déanta acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá neart oibre chrua déanta acu ar sin. That there will be statutory supports to help them will be well-received.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Tánaiste agus don iar Aire, an Teachta Batt O'Keeffe, as suíomh a chur ar fáil do Ghaelscoil Chluain Meala. Tá an suíomh sin á lorg acu le 10 nó 11 bliain anuas agus tá áthas ar ghach éinne go bhfuil sé ceannaithe faoi dheireadh. Táimid ag súil go mór go mbeidh an scoil nua ann do na daltaí. They will have the school and premises they need. I thank the officials, the Tánaiste and everyone associated with it.

Is rud tábhachtach é go mbíonn díospóireachtaí as Gaeilge sa Teach nó go mbímid ag caint faoin nGaeilge agus chúrsaí teanga. De gnáth, bhíodh díospóireacht mar seo againn gach bliain thart ar Lá le Pádraig agus bhíodh na horáidí ag an am sin mar standard speeches for standard dates. B'fhéidir gur rud maith é go raibh na díospóireachtaí sin againn, ach i ndáiríre, má táimid chun athrú a fháil maidir le cúrsaí Gaeilge, tá sé an-tábhachtach go mbeidh straitéis fad-téarmach againn, mar atá againn anseo.

Tá rudaí maithe sa straitéis, ach tá rudaí áirithe eile inti nach aontaíonn Fine Gael leo. Ba mhaith liom díriú isteach ar chuid de na rudaí sin. Tá tuairim láidir ag Fine Gael go gcaithfimid féachaint arís ar an gceist faoi Ghaeilge a bheith éigeantach. Measann Fine Gael go mba chóir go mbeadh rogha ag scoláirí i ndiaidh na meánteiste i dtaobh na Gaeilge agus nach ceart go mbeadh sé éigeantach í a thógáil. Bhí mé ag éisteacht le Páidi Ó Lionáird ar an gclár "Seacht Lá" le déanaí agus chuala me é ag rá go mbeadh deireadh leis an nGaeilge murach an Ghaeilge a bheith éigeanteach. Ní réitím leis sin ar chor ar bith, mar tá teipthe ar an bpolasaí sin. Má theastaíonn uainn go léir go mbeadh Gaeilge á húsáid go forleathan mar ghnáth theanga laethúil, caithfimid féachaint ar an teanga le fealsúnacht eile. Caithfimid daoine a mhealladh isteach chun Gaeilge a labhairt agus chun freastal ar an nGaeltacht. Caithfimid iad a mhealladh isteach i ngnó cultúrtha na tíre.

Tá sé de cheart agamsa labhairt faoi seo mar tógadh i dteach Gaelach mé agus ó d'fhás mé aníos, téim go dtí an Ghaeltacht gach bliain. Tuigim fadhbanna na Gaeltachtaí agus creidim go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh na Gaeltachtaí ann i gcónaí. Táimse i mo chónaí i mbaile mór i gContae Lú agus tá an tAire ina chónaí ar an gcósta thoir chomh maith, sa chathair. Sa taobh seo tíre, ní bhíonn aon Ghaeilge ag an gcuid is mó de na páistí a fhreastalaíonn ar na scoileanna. Ní hamháin sin, ach i gcuid de na scoileanna tá suas le 35% de na daltaí nach bhfuil an Béarla acu mar mháthairtheanga ach oiread. Tá athruithe móra ag tarlú timpeall na tíre, go mór mór ar an gcósta thoir agus níl mórán Gaeilge ag cuid mhaith de an daltaí agus iad ag fágáil na scoile. Muna dtarlaíonn athrú de shaghas éigin, leanfaidh an scéal sin ar aghaidh agus éireoidh sé níos measa. Mar a deirimid i Fine Gael, má bhíonn an Ghaeilge bríomhar agus má mhealltar isteach daltaí, roghnóidh siad an Ghaeilge don ardteist. Ní tharlaíonn sin faoi láthair.

Tá cultúr saibhir ag baint leis an nGaeilge agus ba chóir modhanna múinte níos fearr a úsáid, go háirithe sna bunscoileanna. Ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó béime ar an nGaeilge nuair a thosaíonn páistí ar scoil. Dúradh ag an gCoiste um Oideachas agus Scileanna inniu go raibh an Ghaeilge ag teacht isteach ró-dhéanach sa churaclam do pháistí. Tá athrú pholasaí ag teastáil maidir leis sin.

Is my time up?

Five minutes remain in the slot. If Deputy O'Dowd wishes to offer some minutes to his colleague, Deputy Michael D. Higgins, he may do so.

The way the Acting Chairman was looking at me, I thought my time was up.

Excuse me, I was looking at Deputy O'Dowd out of interest.

That is the way Ministers look at us all the time. I am wasting my time. How much time is left?

Some five minutes remain but Deputy Higgins is hoping that between Deputy O'Dowd and the Fianna Fáil Deputies he may have a few minutes to contribute.

I have no problem giving him a few minutes. In fact, I will give him my second preference in the presidential election.

Caithfimid athrú bunúsach a dhéanamh i dtaobh an Ghaeilge éigeantach. Caithfimid a chinntiú go mbeidh múineadh na Gaeilge i bhfad níos bríomhaire.

Tá ceist againn freisin faoi imeall na Gaeltachtaí. Chuala mé go bhuil na Gaeltachtaí roinnte anois idir zones A, B agus C agus i zone C tá cónaí ar na daoine nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt acu go laethúil ach ar feadh céatadáin níos lú ná 39% den am. Chun an fhírinne a rá, sílim go bhfuil an Ghaeilge á labhairt níos lú ná 10% den am i gcuid den Ghaeltacht. Caithfimid díriú ar dhúichí nach Gaeltachtaí iad ar chor ar bith. Tá cuid mhór de chathair na Gaillimhe sa Ghaeltacht, ach ní chloistear aon Ghaeilge san áit sin. We must look at these issues and face them head on. Caithfimid níos mó cabhrach a thabhairt do dhaoine, do theaghaigh agus do na scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt go laethúil.

We need to change the way we do things. The policy is a failure. The Gaeltacht is getting smaller, year after year. While more people are opting to speak Irish, we must examine our Gaeltacht policy. We must get rid of our compulsory Irish after the junior certificate. We must offer people choice after the junior certificate rather than having it compulsory. Students love the subjects they want to do, not the ones they have to do. That is the challenge we face. I am not happy with what I heard in a debate on "Seacht Lá" on TG4 the other day where the person was saying as a statement of fact to Deputy McGinley that it would kill the Gaeltacht. I challenge his view. That old thinking is destroying the Irish language and the Gaeltacht. It is old hat at this stage. It just does not work anymore. We must change the way we do things. By radically changing some of the things we do, Irish will be a much more popular and used language.

I take this opportunity to wish Deputy Thomas Byrne and his family well following the birth of his new son.

Tá áthas orm an Teachta Feighan a fheiceáil anseo mar aontaím leis an Teachta O'Dowd nuair a labhair sé faoi na seantuairimí atá ag roinnt daoine. Cuireadh dearcadh in iúl dúinn i rith an tsamhraidh maidir leis an Teachta Feighan, agus dá mbeadh an dearcadh sin go forleathan, ní bheadh Gaeilge ar bith ann a thuilleadh. Caithfimid an dearcadh sin a chaitheamh amach agus caithfidh gach duine fáilte a chur roimh an iarracht atá déanta ag an Teachta Feighan agus an spreagadh a chuireann sé in iúl don bpobal. Tá sin an-tábhachtach, beidh a lán daoine ag breathnú ar an Teachta agus ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim mar gheall air.

Ba mhaith liom tacú leis an straitéis agus fáilte a chur roimpi. Céim shuntasach í maidir le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Tá a lán oibre déanta ag an Aire, ag an Rialtas agus ag an Roinn agus tá macnamh le feiceáil inti. Níl aon amhras ach gur straitéis chuimsitheach í. Tá an straitéis leagtha amach go soiléir agus is féidir é a chur chun cinn go mall éifeachtach mar is straitéis fhada í.

Beidh aonad straitéise sa Roinn agus tugaim tacaíocht dó. Ní bheinn ag iarraidh a fheiceáil an Roinn díbeartha ón Rialtas. Beidh sé d'fheidhm ag an aonad seo straitéis na Gaeilge a chur i bhfeidhm agus beidh daoine istigh ann ag obair go speisialta air seo agus is an-tacaíocht agus an-chabhair don Ghaeilge í an straitéis.

Tá áthas orm go mbeidh an Ghaeilge mar ábhar éigeantach sna scoileanna mar tá an-tábhacht ag baint leis sin. Tá tábhacht freisin ag baint leis na naíonraí; tá a fhios againn go léir an tábhacht a bhaineann le Gaelscoileanna ach tá an rud céanna fíor ó thaobh na naíonraí freisin. Tá naíonraí i mo dháilcheantar agus d'fhreastal mé ar naíonra Gaelach agus tá an-mhaitheas ag teacht astu.

Is deas a fheiceáil go mbeidh níos mó teagmhála idir an Roinn agus na húdaráis áitiúla sa Ghaeltacht. I mo dháilcheantar féin, i mBaile Ghib, beidh seo an-tábhachtach mar tá muintir na háite chun cosáin, soilse agus mar sin a chur ar fáil. Dá mbeadh comhoibriú idir an Roinn agus an chomhairle chontae, bheadh níos mó dul chun cinn ann. Tá a fhios ag an Aire cad tá ag teastáil ó Chumann Lúthchleas Gael Wolfe Tone sa Ghaeltacht i mo dháilcheantar agus tá áthas orm gur thug sé cuairt are an gceantar sin i mbliana.

Tá a lán Gaelscoileanna i mo dháilcheantar fosta, i nDún Búinne, i nDún Seachlainn, i gCill Dhéagláin, agus tá Gaelscoil an Bhradáin Feasa ann freisin, scoil ar fhreastal mé ar an bhord bainistíochta. Níor thug an Rialtas nó an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas do Ghaelscoil Rath Tó. Tá tábhacht ag baint leis an nGaelscoil sin, atá ag múineadh na ndaltaí ansin, agus tá cás déanta ag an scoil aitheantas a fháil. Dá rachadh an tAire i dteagmháil leis an Aire Oideachais agus Scileanna, bheinn sásta. Tá tábhacht ag baint le meánscoil in oirthear na Mí, in aice le Gaelscoil an Bhradáin Feasa agus tá an Roinn Oideachais ag labhairt faoi sin faoi láthair.

Tá sé suntasach an méid Baill a ghlac páirt sa dhíospóireacht seo. Léiríonn sin go bhfuil ard leibhéal suime sa Teach. Gabhaim buíochas don gCathaoirleach as ucht an deis a thabhairt dom cúpla focal a rá. Tréaslaím leis an Aire agus leis an iar-Aire, an Teachta Ó Cuív, de bharr na cinnireachta praiticiúla a thug siad don straitéis. Molaim na baill ar fad den chomhchoiste, roinnt mhaith acu a labhair anseo cheana, mar gheall ar an obair dhíograsach a rinne siad ar an tuarascáil a foilsíodh i mbliana.

Is iomaí díospóireacht a tharla sna Tithe seo tríd na blianta ar stádas agus ar thodhchaí na Gaeilge. Cé go raibh fiúntas iontu ar fad, tá céim mhór chun tosaigh á glacadh againn le foilsiú na dréacht-straitéise. Déanaim chomhghairdeas leis an Taoiseach agus le baill an choiste Rialtais a rinne dianobair ar an straitéis. Léiríonn an obair ar fad a rinneadh le dhá bhliain anuas go bhfuil dáiríreacht nua i dtaobh stádais agus neartú na Gaeilge le feiceáil sna Tithe anseo.

S'é an aidhm atá ag an straitéis ná líon na ndaoine a úsáideann an Ghaeilge go laethúil a mhéadú ó 75,000 go dtí 250,000 i gceann 20 bliana. Cuirtear béim ar an dátheangachas lasmuigh den nGaeltacht agus moltar go láidir an Ghaeilge amháin a fhorbairt mar phríomtheanga na ndaoine sna ceantair Ghaeltachta. Sa chomhthéacs sin, moltar sa straitéis go dtabharfaí dualgais nua agus cumhachtaí nua d'Údarás na Gaeltachta. Tá sé riachtanach go mbeadh ról lárnach ag an údarás i gcúrsaí pleanála, tithíochta agus infheistíochta ginearálta sa Ghaeltacht.

Mar dhuine, áfach, a rugadh agus a chaith mo shaol i gCill Dara, tá suim faoi leith agam sa straitéis agus an tionchar a bheidh aici ar thodhchaí na Gaeilge i gceantair cosúil le m'áit dhúchais féin. Tá sé i gceart go gcuirtear béim ar an oideachas, an tumoideachas ach go háirithe, sa phlean nua. Is maith is cuimhin liom agus mé i mo dheagóir i gCill Dara sna 1970í an t-iontas agus, uaireanta, an naimhdeas a mhothaigh mé ó mhuintir na háite agus mé ag dul timpeall le slua daoine óga ag labhairt na Gaeilge agus ag gníomhú go fonnmhar ar son Ógras, eagras na n-óg Chonradh na Gaeilge. In ainneoin ár neamhurchóideachas agus ár n-idéalachas ag an am, níor chreid duine ar bith againn go dtiocfadh an lá chomh luath sin is go mbeadh cúrsaí mar atá anois i gContae Chill Dara, le sé bhunscoil agus Ghaelcholáiste ag feidhmiú. I gCill Dára, tá 1,623 dalta ag fáil bunoideachais trí mheán na Gaeilge agus 200 eile ag freastal ar an scoil dara leibhéal nuabhunaithe. Is dul chun cinn iontach é sin.

Is é an fás iontach sin ar líon na nGaelscoileanna ó cheann ceann na tíre a thugann dóchas dom mar gheall ar an teanga. Is ceart agus is cóir don Rialtas agus don Roinn Oideachais agus Scileanna leanúint ar aghaidh leis an tacaíocht atá curtha ar fáil do thuismitheoirí ag a bhfuil an suim agus an fuinneamh scoileanna nua a bhunú. Caithfimid a thógáil san áireamh gurb ó na tuismitheoirí don chuid is mó a thagann an iarracht na scoileanna seo a bhunú.

Ní leor na Gaelscoileanna amháin a lua. Tá gá ann stádas agus caighdeán na Gaeilge a neartú agus a fheabhsú sna gnáthscoileanna náisiúnta agus sna meánscoileanna. Tá sé ceart go n-aithníonn an straitéis an gá atá ann le cúrsaí rialta do mhúinteoirí na Gaeilge ag gach leibhéal. Moladh sa straitéis go mbeadh scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil do mhúinteoirí atá cáilithe cheana féin. Tá sin tábhachtach, ní hamháin i gcomhthéacs chaighdeán na Gaeilge sna scoileanna, ach ó thaobh an mheoin atá á léiriú ag múinteoirí dá ndaltaí i leith na Gaeilge. Is é meon na múinteoirí agus na dtuismitheoirí a imríonn an tionchar is mó ar pháistí agus iad ag tabhairt fúthu an Ghaeilge a fhoghlaim.

Tacaím go láidir leis an straitéis seo.

I am in a position to offer Deputy Higgins a little over three minutes.

Gabhaim buíochas le mo chomhghleacaithe a thug deis dom cúpla nóiméad a chaitheamh ag plé leis an ábhar tábhachtach seo. Mar a dúirt an Teachta O'Shea, táimid i bhfábhar na moltaí. Agus é sin ráite, tá sé tábhachtach go bhfuilimid dáiríre mar gheall orthu. I mo thuairim, d'fhulaing an Ghaeilge mar nach raibh daoine dáiríre faoi straitéisí agus tuarascálacha a foilsíodh roimhe seo.

Tá mé mar Bhall den Teach seo le 25 bliain anuas. Cé go bhfáiltím roimh an duine atá in Áiléar na n-Iriseoirí faoi láthair, is léir go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar spéis na meáin i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is féidir leis an Áiléar folmhú i gcúpla soicind nuair a thosnaíonn Teachta ag labhairt Gaeilge. Tá feachtas fiachmhar frith-Ghaeilge agus frith-Ghaelach sna sceacha i gcónaí. Dúirt duine éigin nár éirigh leis an sean-straitéis, a bhí out of date. Sílim gurb é an rud sean agus díchéillí ná an meon atá acu siúd a cheapann go gcuireann líofacht sa Ghaeilge, nó aon teanga eile, constaic dá laghad ar ár n-eolas faoi chúrsaí éagsúla. Léiríonn a leithéid de thuairim aineolach an dearcadh atá acu siúd a ghlacann páirt sa bhfeachtas frith-Ghaeilge. Cén fáth nach bhfuil rud dearfach á dhéanamh acu siúd atá buartha faoin éiginnteacht a luaitear i leith na Gaeilge?

Tá sé ráite go bhféadfaí an t-ábhar Gaeilge a roinnt i dhá leath, agus béim a chur ar ábhar amháin úsáid agus líofacht na Gaeilge agus ábhar eile ar litríocht na Gaeilge. Is moladh dearfach é sin. Ní aontaím leo siúd a deireann go gcuireann caiteachas ar an nGaeilge, an teanga féin nó aon rud Gaelach constaic dá laghad ar aon rud nua-aoiseach i saol na hÉireann. Is cuimhin liom go soiléir go raibh an meon sin ann nuair a bhí mé ag iarraidh Teilifís na Gaeilge a bhunú, nó Raidió na Gaeltachta a leathnú. Má ghlactar leis go bhfuil tábhacht ag baint lenár n-aitheantas, ár samhlaíocht, ár stair agus ár litríocht, tá an Ghaeilge lárnach sa chomhthéacs sin.

Ag an bpointe seo, tá sé tábhachtach go bhfuil sraitheanna nua de dhaoine ag teacht as na gaelscoileanna. Thóg a lán daoine eile an dara sheans a thugadh dóibh i leith na Gaeilge nuair a rinneadh forbairt ar Teilifís na Gaeilge agus Raidió na Gaeltachta. Tá sé tábhachtach na daoine sin a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus an t-eolas atá acu a chur i gcrích. Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge in úsáid i bhfad níos mó i ghnáthchomhráití san áit seo agus i ndíospóireachtaí sa Teach seo agus sa Seanad. Má tá mé chun labhairt faoi thábhacht na fírinne, caithfidh mé an fhírinne a rá. Cé go bhfuil go leor de Baill an Oireachtais in ann an Ghaeilge a labhairt, tá laghdú tagtha ar úsáid na Gaeilge sa Teach seo, sa Teach eile agus sna coistí.

Cé go bhfuil Teachtaí ar gach taobh den Teach i bhfábhar na moltaí atá déanta, ní bheadh sé ar leas na teanga dúinn a cheapadh go bhfuil aon rud bainte amach againn go dtí go gcuirfí na moltaí sin i gcrích. Ba cheart go mbeadh eagrais sa Ghaeltacht chun seans a thabhairt dóibh siúd atá ag déanamh iarrachta leis an scolaíocht Gaeilge. Ba chóir an t-údarás a threisiú agus a leathnú, in ionad an Roinn Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta a chur ina áit. Tá mé buíoch go raibh seans agam cúpla focal a rá ar an ábhar tábhachtach seo.

The Chair is now obliged to call the Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs, Deputy Pat Carey, to reply. I apologise, as he will be interrupted at 3.30 p.m. I thank him for his co-operation.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil do gach éinne a ghlac páirt sa dhíospóireacht seo. Chun an fhírinne a rá, is annamh a bhíonn díospóireacht den tsaghas seo againn. Is cuma cé a bheidh sa suíochán seo — tá súil agam go mbeidh seans aige nó aici, agus ag gach éinne eile sa Teach, an straitéis agus ceisteanna na Gaeilge a phlé go minic mar ghnáthpháirt d'obair na dTithe. Is é seo an chéad uair a bhfuil straitéis don Ghaeilge ullmhaithe againn. Tá mise agus mo chomhghleacaithe sa Rialtas lán-dáiríre ina taobh. Tuigim go bhfuil formhór na mBaill lán-dáiríre faoi freisin. Ní theastaíonn uaim, nó éinne eile, cuir isteach ar aon ghné den tuairisc nó na moltaí atá inti. Tógfaidh mé an chéad chéim eile i gceann cúpla seachtain, nuair a chuirfidh mé an straitéis roimh an Rialtas. Beidh sí foilsithe go luath ina dhiaidh sin. Níos tábhachtaí fós, cuirfimid tús len í a chur i bhfeidhm go luath sa bhliain nua.

D'ardaigh Teachtaí áirithe roinnt rudaí tábhachtacha. Níl sé ar intinn ag an Rialtas aon athrú a dhéanamh ar an bpolasaí maidir le múineadh na teanga. Beidh ar dhaltaí an Ghaeilge a staidéar agus scrúdaithe a dhéanamh suas go dtí leibhéal na hardteistiméireachta — is é sin an polasaí i leith an Ghaeilge éigeantach. Tá neart fianaise chun an meon a léirigh an Teachta O'Dowd agus Teachtaí eile a dhiúltú. Beidh seans againn é sin a phlé uair éigin eile. Tá súil agam go mbeidh seans agam reachtaíocht nua a thabhairt isteach i lár na bliana seo chugainn, nó b'fhéidir níos luaithe má aontaíonn an Teach, chun cúraimí a thabhairt d'údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta. D'fhéadfainn tuilleadh eolais a thabhairt mar fhreagra ar an Teachta de Búrca, a d'ardaigh an méid atá á dhéanamh ag na hinstitiúidí chun ardscileanna a thabhairt do dhaoine ionas go mbeidís in ann déileáil leis an dualgas atá orainn an Ghaeilge a chothú mar theanga labhartha agus mar theanga oibre san Aontas Eorpach.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Teachtaí uile. Is léir go bhfuilimid ag fulaingt trí ghéarchéim eacnamaíochta faoi láthair. In am an ghátair, is fiú breathnú ar na hacmhainní atá againn mar phobal chun cuidiú linn teacht tríd an anachain. Aontaím leis an Teachta Ó hUigínn gurb í an Ghaeilge ceann de na hacmhainní is luachmhaire atá againn mar phobal. Tá an teanga ar cheann de na nithe a dhéanann idirdhealú idir pobal na hÉireann agus aon phobal eile ar domhan ó thaobh féiniúlacht chultúrtha de. Ná bíodh sé le rá ag sliocht ár sleachta gur chinn pobal na hÉireann dá ndeoin féin a dteanga dhúchais a thréigean. Tá an Ghaeilge tagtha slán in ainneoin na gcéadta bliain de chogaí agus ghortaí sa tír seo. Is fúinne atá sé mar shochaí a chinntiú go mairfidh an teanga tríd an ngéarchéim eacnamaíochta seo. Is í aidhm pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná úsáid na teanga a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn céimnithe. Aithníonn an Rialtas an buntáiste mór dá saoránaigh líofacht Béarla — an teanga is mó úsáide i ngnóthaí idirnáisiúnta — a bheith acu. Tá an Rialtas ag iarraidh a chinntiú go gcoinneofar an buntáiste seo trí shochaí dhátheangach a fhorbairt ina mbeidh an oiread daoine agus is féidir in ann Gaeilge agus Béarla a úsáid chomh héasca céanna.

Ar ndóigh, is í an Ghaeltacht tobar na Gaeilge. Is cúis imní don Rialtas an baol ina bhfuil an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus saineolaithe teanga ag tuar nach bhfuil ach idir 15 bliana agus 20 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach gníomhú láithreach bonn sa chaoi is gur féidir leis an Státchóras obair as lámha a chéile le pobal na Gaeltachta chun an teanga a shlánú sa Ghaeltacht. Ar ndóigh, is faoi phobal na Gaeltachta atá sé freisin beart a dhéanamh de réir a mbriathra ar mhaithe leis an teanga a chaomhnú. Mar a dúirt go leor Teachtaí, léiríonn suirbhéanna éagsúla go bhfuil sciar suntasach den daonra lasmuigh den Ghaeltacht báúil don Ghaeilge. Is gá teacht i dtír ar an dea-mhéin sin agus spéis an phobail i gcoitinne inár dteanga dhúchais a spreagadh. Chomh fada is a bhaineann sé leis an gcóras oideachais, tá gníomhartha fiúntacha tógtha ag an Aire Oideachais agus Scileanna ar mhaithe le múineadh agus foghlaim na Gaeilge. Creidim gur féidir tógáil ar na céimeanna sin trí chur i bhfeidhm na straitéise.

Le comhoibriú idir an Stát agus an pobal, tá súil agam go mbeidh borradh suntasach ar staid na teanga nuair a thiocfaidh deireadh le tréimhse na straitéise i gceann 20 bliain.

Top
Share