Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 9 Mar 2011

Vol. 728 No. 1

Prelude

Tháinig an Dáil le chéile ar 12 meán lae — bhí an Cléireach, Ciarán Ó Cochláin, agus an Fó-Chléireach, Rístéard Mac Cafraidh, i láthair.

The Dáil assembled at 12 noon — the Clerk of the Dáil, Mr. Kieran Coughlan, and the Clerk Assistant, Mr. Richard Caffrey, attending.

Paidir.

Prayer.

Do léigh an Cléireach Fógra Uachtarán na hÉireann lenar Lánscoireadh agus lenar Comhghairmeadh Dáil Éireann.

The Clerk read the Proclamation of the President of Ireland dissolving and convening Dáil Éireann.

Is mar a leanas a bhí Forógra Uachtarán na hÉireann ag lánscor agus ag comóradh Dháil Éireann:

The Proclamation of the President of Ireland dissolving and convening Dáil Éireann was as follows:

FORÓGRAPROCLAMATION.

De bhun comhairle a thairg an Taoiseach dom faoi alt a dó d’Airteagal a trí déag den Bhunreacht, déanaimse, MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA, Uachtarán na hÉireann, Dáil Éireann a lánscor leis seo ar an aonú lá d’Fheabhra, dhá mhíle is a haon déag, agus Dáil Éireann (a mbeidh a comhaltaí arna dtoghadh san Olltoghchán seo chugainn) a ghairm agus a chomóradh chun teacht le chéile i gcathair Bhaile Átha Cliath ar an naoú lá de Mhárta, dhá mhíle is a haon déag, ar uair an mheán lae chun cibé gnó a dhéanamh a chuirfear faoina bráid.

Pursuant to an advice tendered to me by the Taoiseach under section 2 of Article 13 of the Constitution, I, MARY McALEESE, President of Ireland, hereby dissolve Dáil Éireann on the 1st day of February, 2011, and summon and call together Dáil Éireann (the members whereof shall have been elected at the forthcoming General Election) to meet in the city of Dublin on the 9th day of March, 2011, at the hour of 12 noon for the despatch of such business as shall be submitted to it.

ARNA THABHAIRT FAOI MO LÁIMH AGUS FAOI MO SHÉALA AN AONÚ LÁ SEO D’FHEABHRA, DHÁ MHÍLE IS A HAON DÉAG.

GIVEN UNDER MY HAND AND SEAL THIS 1ST DAY OF FEBRUARY, 2011.

Brian Ó Comhain

Máire Mhic Ghiolla Íosa

————

————

Taoiseach

Uachtarán na hÉireann(President of Ireland)

Top
Share