Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 Mar 2012

Vol. 758 No. 2

Ceisteanna ó na Ceannairí

I gclár an Rialtais a foilsíodh bliain ó shin, thug an Rialtas gealltanais éagsúla agus ceann acu siúd ná go dtabharfadh sé tacaíocht láidir chun creidmheas a chur ar fáil do chomhlachtaí beaga agus meánmhéide. Anois, bliain ina dhiaidh sin, is oth liom a rá go bhfuil an gealltanas áirithe seo briste ag an Rialtas. Téann sin leis an liosta fada de ghealltanais eile atá briste ag an Rialtas.

Tá Banc Ceannais na hEorpa tar éis níos mó na €1 trilliún a chur isteach i gcóras airgeadais an Aontais Eorpaigh. Tá níos mó na 800 banc timpeall na hEorpa tar éis leas a bhaint as an scéim seo. Faraor, go dtí seo, níl comhlachtaí anseo ag fáil leasa ón infheistíocht seo. D'ardaigh mé seo leis an Tánaiste agus leis an Taoiseach an tseachtain seo caite agus is féidir a rá go bhfuil fíor-easpa práinne ag an Taoiseach agus ag an Rialtas faoin ábhar fíor-thábhachtach seo. Tá sé ráite arís agus arís eile ag eagraíochtaí ar nós ISME agus an SFA nach bhfuil creidmheas cuí le fáil ó na bainc. Toisc an easpa creidmheasa seo, tá comhlachtaí ag gearradh siar ar líon na ndaoine atá ag obair leo nó, i gcásanna áirithe, ag dúnadh síos go hiomlán. Tá comhlachtaí beaga ag rá liom gach lá gurb é an easpa creidmheasa an dúshlán is mó atá acu.

An dtuigeann an Taoiseach go bhfuil poist á gcailliúint mar gheall ar an easpa creidmheasa seo? Tá sé riachtanach go ndéanfadh an Rialtas rud éigin chun an fhadhb seo a réiteach gan aon mhoill eile. Le déanaí, dúirt Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, Patrick Honohan, go bhfuil coinníollacha creidmheasa in Éirinn níos déine anois ná in aon áit eile sa eurozone ó thaobh costas agus fála de. Fós, áfach, níl an Rialtas ag déanamh aon rud chun an fhadhb a réiteach. Tá a fhios ag gach duine go bhfuair na bainc airgead ón Stát chun creidmheas a chur ar fáil ach níor tharla sin. Nach bhfuil sé in am don Taoiseach agus don Rialtas ord a thabhairt do na bainc bheith níos solúbtha agus creidmheas a chur ar fáil chun comhlachtaí beaga ar fud na tíre a shábháil?

Ní briste atá gealltanais i dtaobh na deacrachta seo. Tá a fhios ag an Teachta go maith go bhfuil an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta ag déileáil le Bille chun creidmheas a thabhairt do chomhlachtaí beaga, ní amháin ó thaobh gealltanas dlíthiúil páirteach a thabhairt dóibh ach go mbeadh mion-chomhlacht Stáit curtha ar bun sa dóigh is go mbeadh creidmheas ar fáil do chomhlachtaí an-bheaga atá ag tosú. Tá a fhios ag an Teachta freisin go bhfuil coiste Rialtais bunaithe ar a dtugtar an EMC agus bhí na bainc istigh os comhair an choiste sin i rith na coicíse seo caite. Tá sé leagtha síos ag an Rialtas go mbeidh €3.5 billiúin de chreidmheas nua curtha ar fáil do chomhlachtaí ó na bainc.

Tá a fhios ag an Teachta, ní amháin ina dháilcheantar féin ach ar fud na tíre, go bhfuil brú ar chomhlachtaí beaga mar gheall ar an nós a bhí ag na bainc go mbeadh foirgneamh, talamh nó airgead eile mar collateral chun airgead a fháil sa chéad áit agus ní mar sin atá cúrsaí faoi láthair. Tá a fhios ag an Teachta freisin go bhfuil oifig ann chun iniúchadh a dhéanamh ar na cinntí faoi chreidmheas agus i 50% de na cásanna a thugtar os comhair na hoifige sin, tá an cinneadh aisiompaithe agus tugtar ord an creidmheas a chur ar fáil. Níl dóthain comhlachtaí ag dul isteach chuig an oifig sin agus deireann na bainc nach bhuil a dóthain iarratas ag teacht isteach ag lorg creidmheasa sa chéad áit. Bhí mé féin ag caint le bainisteoir bainc an lá cheana a thug airgead sách mór do comhlacht beag. Dúirt mé leis gur cóir go mbeadh na bainc ag caint ar na stáisiúin raidió áitiúla ag tabhairt eolais do comhlachtaí agus ag dul amach chucu ag rá leo go bhfuil airgead acu ón Rialtas agus gur cóir do na comhlachtaí déileáil leo de bharr sin. Is fíor a rá áfach, go bhfuil cuid de na comhlachtaí nach bhfuil in ann leagaint amach céard go díreach atá i gceist acu maidir le plean caiteachais don am amach rompu. I gcuid de na cásanna seo, bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh plean soiléir agus dáiríre ag na comhlachtaí beaga sula dtéann siad isteach chuig na bainc ar dtús. De réir an eolais atá againn ó na bainc, bíonnn suas le 60% de na comhlachtaí beaga a théann isteach ag iarraidh airgid agus creidmheasa gan plean caiteachais don todhchaí leagtha amach acu. Níl an geallúint briste mar sin. Mar a dúirt mé leis an Teachta Ó Máirtín, tabharfaidh an tAire, an Teachta Bruton, an Bille isteach taobh istigh de chúig nó sé seachtain.

Tá an freagra a thug an Taoiseach inniu dochreidte. Deireann sé nach bhfuil dóthain comhlachtaí ag dul chuig an CRO. An fáth nach bhfuil siad ag dul chuig an CRO agus an fáth nach bhfuil siad ag gearáin leis na bainc ná go bhfuil eagla orthu. Tá eagla orthu mar tá na bainc ag cur brú orthu. Deireann na bainc leo gan dul go dtí Teachtaí Dála, gan dul go dtí an CRO agus gan gearán a dhéanamh, nó beidh toradh ar sin. Sin atá ag tarlú.

Céard a rinne sibhse?

Tá pleananna soiléire ag na mílte comhlachtaí ar fud na tíre seo. An bun rud ná nach bhfuil aon rud ag tarlú. Cé go ndeireann an Taoiseach go bhfuil €3 billiún curtha isteach, níl an t-airgead sin ag dul go dtí na comhlachtaí beaga agus meánmhéid ar fud na tíre agus tá a fhios sin ag gach Teachta Dála sa Teach.

Céard a rinne sibhse?

Léiríonn freagra an Taoisigh go bhfuil an Rialtas i bhfad ró-neamhghníomhach mar Rialtas, fiú leisciúil ar an ábhar seo.

Ní mise atá leisciúil.

Mar atá ráite ag an Gobharnóir Honohan, tá seans gurb é an easpa creidmheasa bainc an rud is mó a bheidh mar chúis le moill a chur ar an athshlánú eacnamaíochta. Sin a deireann sé. Cuirim an cheist ar an Taoiseach arís. Nach bhfuil sé in am anois reachtaíocht a thabhairt isteach agus ordú a thabhairt do na bainc a bheith níos solúbtha agus airgead a thabhairt do na comhlachtaí beaga agus meánmhéid ar fud na tíre? Sin an áit ina bhfuil na postanna agus ina cruthófar postanna sa todhchaí.

Níl dabht ar bith ann ach gur cóir go mbeadh solúbthacht ann ó thaobh na mbanc de. Céard atá ann fé láthair? Tá ordú tugtha ón Rialtas do na bainc €3.5 billiún d'airgead nua a chur ar fáil ó thaobh creidmheasa de do comhlachtaí beaga ar fud na tíre i mbliana.

Níl sin ag tarlú.

Bhí na trí bainc istigh roimh choiste Oireachtais coicís ó shin agus an scéal a bhí acu ná go bhfuil sé i gceist acu seo a dhéanamh agus go bhfuil plean leagtha amach chuige sin. Dúirt siad leis an gcoiste go mbeadh siad in ann an cinneadh seo a chomhlíonadh maidir leis an €3.5 billiún a chur ar fáil.

Mar ionadaí poiblí, casaim go minic le comhlachtaí beaga. Bhí 300 acu anseo i mBaile Átha Cliath nuair a tháinig Leas-Uachtarán na Síne anseo agus bhí sé i gceist ag gach uile ceann acu infheistíocht a dhéanamh agus cabhair a fháil ó Enterprise Ireland ionas go mbeadh siad in ann déileáil le comhlachtaí sa tSín agus cúrsaí easportála ón tír seo a láidriú agus jabanna nua a chruthú. Ba mhaith liom a rá go mbeidh gach rud i gceart ó thaobh creidmheasa a chur ar fáil do comhlachtaí-----

Níl sé i gceart.

-----ach ní mar sin atá sé. Bíodh an Teachta cinnte faoi seo, tá sé i gceist ag an Rialtas na bainc a thabhairt isteach arís chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean a nochtaíodh don choiste an lá cheana agus faoin airgead agus an creidmheas nua a thabhairt do comhlachtaí beaga. Tá sin fíor-thábhachtach. Nuair a bheidh an cruinniú sin thart, taobh istigh de sé nó seacht seachtain, déanfaimid ráiteas sa Teach faoi. Tá an rud a dúirt an Teachta an-tábhachtach.

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé an-sásta go bhfuil an díospóireacht seo ag dul ar aghaidh as Gaeilge agus táim buíoch don Rialtas as sin. Tá a fhios ag an Teach go ndéanaim mo dhícheall mo ghiota beag Gaeilge briste a úsáid achan lá anseo agus taobh amuigh den Teach. Tá mé fíor-bhuíoch don Teachta Ó Snodaigh mar is eisean a chur an rún seo le haghaidh díospóireacht trí Ghaeilge. Is é seo an chéad uair a ndearna muid seo.

Bhí mé i Maigh Eó an tseachtain seo caite agus bhí díomá mór orm nach raibh an Taoiseach ann le bualadh liom. D'éist mé le daoine -----

Níor chuir an Teachta glaoch orm.

Níor thug sé aon cuireadh don Teachta.

Chuala mé daoine ag caint faoin droch tionchar atá ag polasaí an Rialtais ar a saolta. Tá seirbhísí tábhachtacha á dtarraingt amach as na pobail tuaithe, ina measc scoileanna, seirbhísí sláinte, oifigí phoist agus stáisiúin Gardaí. Tá táillí an Rialtais, táillí ar thithe, ardú ar an cháin bhreisluacha agus táillí ar dabhcha séarachais ag gortú mhuintir na tuaithe. Tá gnóthaí dúchasacha, feirmeoirí beaga ina measc, ag dul amach as gnónna gan cuidiú ar bith ón Rialtas nó gan creidmheas ar bith ó na bainc. Tá pobail iascaireachta scriosta. Tá glúin iomlán de daoine óga na tír ag imeacht uainn. Sin í an fhírinne.

Tá an ceart ag pobal na tuaithe saol tuaithe a bheith acu más sin is mian leo. An aontaíonn an Taoiseach le sin? Is rud maith í an éagsúlacht. Tugann an saol tuaithe éagsúlacht do mhuintir na hÉireann. Tá Sinn Féin ag déanamh a dhícheall seasamh leis na hiascairí, feirmeoirí agus daoine eile faoin dtuath mar tá a slite beatha scriosta ag an Rialtas seo agus ag ceannairí Fhianna Fáil a tháinig rompu. Iarraim ar an Taoiseach treo eile a ghlacadh. Má tá tuath na hÉireann le bheith beo agus má tá saol maith le bheith ag teallaigh faoin dtuath, caithfidh a Taoiseach an treo a athrú.

Aontaím leis an Teachta go bhfuil an ceart aige go mbíonn sé ag cleachtadh na Gaeilge atá aige. Chun an fhírinne a rá, déanann sé iarracht sin a dhéanamh chuile seachtain agus chuile am a bhíonn díospóireacht anseo ar an nGaeilge. Is maith an rud é sin agus aontaím leis an Teachta faoi sin.

Go raibh maith agat.

Ní aontaím leis an Teacht maidir leis an méid a dúirt sé faoi chomh tubaisteach agus atá an saol ag muintir na tuaithe. Beidh fáilte roimh an Teachta i mo chontae dúchais am ar bith agus tuigim go raibh an Teachta ann mar dúirt sé go raibh. Tá a fhios ag an Teachta, ó bheith in iarthar Dhún na nGall, go bhfuil coinníollacha ag baint le saol a bhaint amach sa tuath. Tá a fhios sin ag gach éinne.

Maidir le cúrsaí feirmeoireachta agus talmhaíochta, ní raibh praghasanna nó an córas sin chomh láidir le blianta fada agus atá sé faoi láthair. Tá a fhios ag an Teachta go mbeidh Uachtarántacht na hEorpa ag Éirinn sa chéad leath den bhliain seo chugainn agus go gcaithfidh an t-Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara bheith ag déileáil le hathstruchtúradh an chórais ó thaobh polasaí feirmeoireachta a phlé. Beidh sé sin tábhachtach do fheirmeoirí na hÉireann agus do mhuintir na tuaithe in Éirinn.

Ó thaobh na scoileanna agus stáisiúin na ngardaí de, tá a fhios agam go bhfuil cuid acu dúnta, i mo chontae féin agus i ngach contae eile. Nuair a bhímse ag caint le muintir na n-áiteanna sin deir siad go mbéadh sé i bhfad níos sásúla dóibh dá mbéadh garda ag dul timpeall a gceantar agus a déileáil leo ná bheith ina shuí nó ina suí i stáisiún ar feadh uair a chloig sa ló agus gan duine ar bith ag dul isteach ann.

Bhéad siadh sásta leis i Mulrany.

Bím ag caint le muintir na n-áiteanna sin. Tá sé i bhfad níos fearr dóibh go mbéadh gardaí le feiceáil ag dul thart timpeall na gceantar i dtreo is go mbéadh siad in ann glaoch isteach ar dhaoine agus go mbéadh siad ar fáil má bhíonn sé sin ag teastáil.

Tá a fhios ag gach duine i mo chontae féin go raibh ceithre scoil a mbeidh múinteoirí ag imeacht astu de bharr laghdú líon na ndaltaí

Tá i bhfad níos mó ná sin ann. Céard faoi scoil Iorrais?

Bíodh an Teachta Calleary ina thost. Chuala mé é ag caint ar an raidió an lá cheana.

Cá bhfuil Bertie?

Tá deacrachtaí ag gach duine in Éirinn ach caithfimid déileáil le cúrsaí eacnamaíochta agus leis an bhfadhb atá againn. Táimid á dhéanamh sin.

Ó thaobh na comhairlí áitiúla de, déanann siad a n-iarracht chun seirbhísí a chur ar fáil do gach duine, agus do mhuintir na tuaithe ach go háirithe. Beidh fáilte roimh an Teachta Adams am ar bith san iarthar. Bhí mé féin i gCoillte Magh an lá cheana, ag caint faoi Antaine Ó Raifteirí, fear as Cill Aodáin a bhí ar imirce i gContae na Gaillimhe. Cé gur bhásaigh sé dhá chéad bliain ó shin d'fhág sé ceol agus dánta ina dhiaidh atá fírinneach don lá atá inniu ann.

Tá mé fíor bhuíoch don Taoiseach as an fháilte fhlaithiúil sin.

B'fhéidir go mbíonn an Taoiseach ag labhairt le daoine atá difriúil do na daoine a mbímse ag labhairt leo. Glacfaidh mé dhá shampla den nós cuma liom agus den neamhshuim ar phobal na tuaithe atá le feiceáil i bpolasaithe an Rialtais. Sampla amháin is ea na scoileanna Gaeltachta agus tuaithe. Tá na scoileanna beaga seo ina gcúis mhór imní. Sampla eile is ea na damhacha séarachais. Níl moltaí ar bith ag an Rialtas faoi seo. Níl plean nó clár chun cearta mhuintir na tuaithe a bhuanadh.

Ba cheart don Taoiseach déanamh cinnte de, ós múinteoir é, go mbeidh cosaint ar na scoileanna beaga atá mar chroí na bpobal áitiúla, go háirithe na scoileanna Gaeltachta. Is gá iad a choinneáil ar oscailt. Tá siad á dhruidim ar fud na tuaithe.

Chuir mé ceist measartha shoiléir shimplí ar an Taoiseach ach ní bhfuair mé freagra soiléir. D'fhiafraigh mé den Taoiseach an nglacfadh sé treo eile. Cuirfidh mé an cheist arís. An nglacfaidh an Taoiseach treo eile ar son mhuintir na tuaithe?

Leanfaidh mé ar aghaidh leis an obair atá á dhéanamh againn ó thaobh mhuintir na tuaithe. Tá a fhios ag an Teachta gur chóir go mbeadh comhaireamh ar uimhir na dtancanna séarachais atá thart fán tír. Níl le híoc ag muintir na tuaithe ach €5 chun an t-eolas sin a chur ar fáil. Níl sé i gceist go mbéadh costas an-mhór ag baint le seo. Is é atá i gceist ná go mbeadh uisce glan sábháilte againn agus go mbeadh sé mar ba chóir. Má tá tancanna ann nach bhfuil ag déanamh an rud-----

Ar chóir dóibh a dhéanamh.

Caithfear é sin a réiteach. Ní bheidh iniúchadh nó scrúdú déanta ach ar 10% acu. Chun an liosta a chur ar fáil, is gá €5 a íoc ag gach duine a bhfuil tanc aige nó aici. Ní mór an méid é sin.

Níl ansin ach registration.

Caithfimid a bheith dáiríre faoi chúrsaí tionscail agus faoi uisce glan sábháilte a chur ar fáil chomh héifeachtúil agus is féidir. Le cupla mí anuas, chas mé ar chuid mhór de mhuintir na tíre a bhí ag caint faoi seo.

Ó thaobh scoileanna Gaeltachta agus scoileanna tuaithe de, tá athrú déanta ag an Aire Oideachais agus Scileanna faoi seo. Tháinig múinteoir isteach chugam féin an lá cheana agus dúirt sí liom go raibh gasúr sa tríú rang aice, i scoil aon mhúinteora a bhfuil sí féin ag múineadh innti. Is é adúirt sí liom nach mbeadh cara ar bith ag an ngasúr sin sa cheathrú, sa chúigiú agus sa séú rang agus é ag dul ar aghaidh go dtí an méan scoil ina dhiaidh sin. Ní bheidh plé aige le gasraí eile, toisc nach bhfuil siad ann. Ní dúnfar scoil ar bith ó thaobh pholasaí an Rialtais de.

Ní chreidim é sin.

Más mian le tuismitheoirí a rá leis an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil siad féin toilteanach teacht le chéile agus scoil nua, nó scoil níos mó, a thógáil, is athrú polasaí é sin. Tá Teachtaí agus comhairleoirí ó pháirtí an Teachta Adams ag dul thart ar fud na tíre ag rá go bhfuil an Rialtas ag dúnadh na scoileanna. Ní fíor é sin, agus ba cheart don Teachta Adams é sin a tharraingt thar n-ais. Ní bheidh scoil ar bith dúnta de réir órdú nó de réir pholasaí an Rialtais seo. Is é atá i gceist ná go mbeadh an córas oideachais in ann oideachas sár-mhaith a thabhairt do ghasraí na tíre.

An bhfuil Scoil Mín na Manrach ag dul a bheith foscailte?

Nuair a bhí mé féin i mo ghasúr d'fhreastail mé ar scoil a raibh beirt mhuinteoir innti, agus bhí mé ag múineadh sa scoil chéana.

Cuirim ceist ar an Teachta McGinley, an bhfuil scoil Mín na Manrach druidte.

(Interruptions).

Tá Sinn Féin ag dúnadh scoileanna i dTuaisceart Éireann, hand over fist.

Tá a fhios agam céard atá baill de Shinn Féin ag rá. Caithfidh an Teachta Adams labhairt leo siúd. Tá siad ag dul thart ar dud na tíre ag insint bréag faoi pholasaí oideachais an Rialtais. Ní bheidh scoil ar bith dúnta de réir pholasaí, órdú nó chinneadh an Rialtais. Caithfidh an Teachta Adams a rá lena chuid Teachtaí agus lena chuid chomhairleoirí an fhírinne a rá, uair amháin.

Tá an t-Aire Oideachais i dTuaisceart Éireann ag dúnadh scoltacha.

Ní Aire Thuaisceart Éireann atá a dúnadh na scoileanna Gaeltachta.

Is é polasí Rialtas Thuaisceart Éireann scoltacha a dhruid. Ní polasaí an Rialtais s'againne é ar chor ar bith.

(Interruptions).

Deir cinnlínte i nuachtáin na maidne go bhfuil an Stát chun moill a lorg maidir le híocíocht an €3.1 billiún a bhaineann le Banc Angla Éireannach. An bhfuil sé sin fíor? Cad atá ag tarlú, go cruinn, i láthair na huaire?

Go dtí seo, dúirt an Taoiseach nach raibh an Stát ag lorg aon laghdú maidir le híoc as na fiacha de chuid lucht speiciléireachta, baincéirí móra na hEorpa láire ar ndóigh. An bhfuil sé sin á n-athrú ag an Rialtas anois? Le reifreann ar an chomhshocrú fioscach a chur chun cinn nach bhfuil sé soiniciúil amach is amach go bhfuil cinnlínte den tsórt seo á chur chun cinn agus go bhfuil an Rialtas ag ligint air go bhfuil sé ag iarraidh na fiacha seo a laghdú?

Ciallaíonn an comhshocrú fioscach go gcuirfear déine nó austerity i bhfeidhm go buan mar bhunpholasaí eacnamaíoch sa tír seo agus mórthimpeall na hEorpa. Déanfaidh sé sin dochar tubaisteach d'eacnamaíocht na tíre seo. Tá Airí Rialtais ag gabháil thart agus ag rá go bhfuil sé socruithe cheana féin nach bhféadfaidh aon tír airgead a fháil ón meicníocht Eorpach buanseasmhach - ciste an ESM - gan glacadh ar dtús leis an gcomhshocrú fioscach.

Ceist, más é do thoil é.

Níl aon cheist aige.

Tá sé sin á rá chun muintir na tíre seo a scanrú - chun bata a chrochadh os cionn a gcloigne - i dtreo is go vótálfaidh siad "Tá" sa reafrainn atá ag teacht. Nach bhfuil sé fíor nach raibh sé sin i gconradh an ESM i mí Iúil seo caite? Nach bhfuil sé fíor gur cuireadh an alt sin isteach sar a shíníodh an leasú is déanaí ar 2 Feabhra? Cén fáth gur ghlac an Rialtas leis an dúmháil nó blackmail seo? Cén fáth gur shínigh an Taoiseach an conradh leasuithe ar 2 Feabhra faoi cheilt, gan aon díospóireacht poiblí agus taobh thiar de dhromanna muintir na hÉireann?

Tá go leor leathanaigh fágtha ag an Teachta.

Níl aon ceist aige.

Nach bhfuil sé fíor, in ainneoin gur rinneadh an feall seo, nach féidir an chonradh seo nó na leasuithe a chur i bhfeidhm go dtí go ghlacann gach ballstát leo?

Ceist, más é do thoil é.

Nach bhfuil sé fíor go gcaithfidh Dáil Éireann glacadh leis an dúmháil nó blackmail seo sar a thagann an conradh i gcrích?

Tá deich nóiméad caite ag an Teachta.

Dá bhrí sin, nach bhfuil sé fíor-----

Tá do chuid ama istigh.

-----gur féidir le Dáil Éireann cosc a chur ar an dúmháil seo a chur isteach sa socrú seo? An bhfuil an Taoiseach chun iarraidh anois go dtógfaí amach an alt seo, nó an bhfuil an bata seo ag teastáil uaidh chun scanradh a chur ar ár ndaoine ionas go vótálfaidh siad ar son an chomhshocrú fioscach?

Dá mbeadh an Teachta i bhfeighil ar an áit seo, bheadh beagnach gach éinne dífhostaithe.

Tá an port céanna á chanadh ag an Teachta Higgins, ach i dteanga eile ar maidin. Níor shínigh mé an conradh seo "faoi cheilt" ar chor ar bith. Tharla sé go han-phoiblí. Is maith an rud é do mhuintir na hÉireann, dar dtír agus do mhuintir na hEorpa. Is é atá i gceist sa chás seo ná má ghlacann tír leis an gconradh, caithfidh an tír sin coinneáil leis na gcoiníollacha a bhaineann leis. Nuair a bheidh ár dtír imithe ón bplean agus ón gcóras ina bhfuilimid ag feidhmiú faoi láthair taobh istigh de dhá bhliain, beidh seasamh i bhfad níos láidre, agus níos dáiríre ó thaobh córas na hEorpa de, againn chun iad siúd a bheidh ag smaoineamh ar infheistíocht a dhéanamh inár dtír a mhealladh más rud é go bhfuil an conradh seo glactha againn. Tá sé sin i gceist againn.

Is é a bhí i gceist ag an Rialtas i leith na díospóireachtaí a bhí ar siúl faoin ESM ná go dtabharfaí amach an tagairt don PSI ó na focail a bhí ag baint leis an ESM sa chonradh. Tá sé sin i bhfad níos fearr dúinn. Bheadh imní orthu siúd a bheadh ag iarraidh infheistíocht a dhéanamh anseo dá mbeadh an tagairt sin fágtha sa chonradh. Bhí sé an-soiléir sa díospóireacht phoiblí ag éirí as an ESM má ghlacann tír leis an gconradh, beidh sé in ann airgead a fháil ón ESM más gá leis. Ní dóigh linn go mbeidh sé sin á thabhairt i gcrích againn. Ag an am gcéanna, bheadh seasamh i bhfad níos láidre againn dá mbeadh an conradh glactha ag muintir na hÉireann. Níl bata os cionn éinne. Nílimid ag cur scanradh ar duine ar bith. Ba cheart go mbeadh díospóireacht an-soiléir agus iomlán againn faoin gconradh seo. Ba mhaith an rud é go mbeadh eolas ag gach éinne sa tír seo céard go díreach atá i gceist. Beidh traein na hEorpa ag fágáil an stáisiún ar 1 Eanáir 2013.

Ba chóir agus is ceart go mbeadh muintir na hÉireann ar an dtraein sin. Nuair a bheidh plean an Rialtais curtha i gcrích ag an Rialtas, beidh cúrsaí eacnamaíochta i bhfad níos láidre ag teacht chugainn. Is é atá i gceist againn ná an líne infheistíochta isteach go dtí an tír seo a choimeád an-láidir, ar mhaithe le jabanna, comhlachtaí agus cúrsaí easpórtála. Dúirt an Teachta Higgins go bhfuil bata mór á húsáid ag an Rialtas chun muintir na hÉireann a bhagairt, ach níl sé sin i gceist. Tá súil agam go labhróidh sé leo siúd ina dáilcheantar atá ag obair agus ag iarraidh cúrsaí easpórtála a láidriú. Ba chóir dóibh siúd agus gach éinne eile vótáil i bhfábhar an reafrainn nuair a tharlóidh sé.

Níl tairbhe ar bith leis an gcomhshocrú fioscach. Tubaiste agus damáiste amach is amach a bheidh ann déine a chuir isteach go buan i gcúrsaí eacnamaíochta na hEorpa. Dá mba rud é go raibh an chomhshocrú fioscach seo i bhfeidhm trí, ceithre nó cúig bliana roimhe seo, bheadh an praiseach eacnamaíochta céanna againn i láthair na huaire. Is í sin an fhírinne. Tá an Rialtas ag iarraidh an fhírinne a chlúdach suas. Tá sé ina phraiseach in an-chuid slite. Níl a fhios ag éinne cad atá i gceist le 0.5% d'easnamh struchtúrach, nó structural deficit. Deireann an ciste domhanda, an IMF, rud amháin agus deireann Coimisiún na hEorpa rud eile. Cad ar a bhfuil an Rialtas ag iarraidh ar mhuintir na tíre votáil ar a shon? Tá mé ag iarraidh freagra cruinn ón Taoiseach. Nach bhfuil sé fíor go gcaithfidh Dáil Éireann glacadh leis an alt seo a chuireann leasú isteach i gconradh an ESM? Caithfidh Dáil Éireann glacadh leis go mbeidh an alt seo istigh agus nach féidir airgead a tharraingt ón gciste gan glacadh leis an gcomhshocrú fioscach. Nach gciallaíonn sé sin go gcaithfidh cúlbhinseoirí de chuid Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre teacht isteach anseo agus vótáil chun an dúmháil, an blackmail, agus an bata mór seo a chur i lámha an Choimisiúin Eorpaigh?

Níl dúmháil ar bith i gceist.

Nach í sin an fhírinne ghlan? Nach feall atá i gceist é sin a dhéanamh ar ár ndaoine?

An port ceánna.

Tá an t-am istigh.

Ceadaigh dom a rá, a Cheann Comhairle, gur mór an trua é nach raibh cluasáin ar gach binse. Níl cluasáin ar leath de na binsí ar maidin.

Tá an bata mór ag teacht ar ais.

Dá bhrí sin, b'fhéidir nach dtuigeann Teachtaí áirithe tábhacht an méid atá á rá agam ar maidin. Ón gciúnas a bhí ann nuair a bhí mé ag labhairt, b'fhéidir nár thuig cuid acu mo phointe.

An sagart paróiste arís.

An port ceánna gach lá.

Níl ceist ag an Teachta Higgins ar chor ar bith.

Tá ceist agam.

Tá ceist mór aige.

Tiocfaidh an rialachán a luaigh sé i dtaobh an structural deficit i gcrích tar éis 2019. Beimid síos ag 3% ag deireadh 2015. Má leanann an rud ar aghaidh ar feadh dhá bhliain ina dhiadh sin, tá sé i gceist go dtiocfaidh an structural deficit isteach mar a luaigh an Teachta. Tá sé i gceist ag an Rialtas go mbeidh cúrsaí eacnamaíochta i bhfad níos láidre ó thaobh ár gcomhlachtaí agus cúrsaí easpórtála faoin am sin, mar a tharla sna 1990í. In ainneoin an méid a dúirt an Teachta, ní clár austerity atá i gceist anseo ach clár i bhfad níos láidre eacnamaíochta a chur ar bun. Tá sé i gceist againn go mbeidh an t-eolas ar fad faoi céard atá i gceist anseo ní hamháin ag na Teachtaí anseo ó chuile pháirtí agus na Teachtaí Neamhspleácha, ach freisin ag gach duine sa tír. Ní chonradh Eorpach atá i gceist anseo, ach conradh idir na tíortha. Ní féidir linn cosc nó deireadh a chur leis. An cheist a bheidh an Rialtas á cur ná an gceadaíonn muintir na hÉireann dúinn an conradh seo a chur i gcrích. Tá sé sínithe agam ach ní leor sin ach go mbeidh an cheist freagartha ag muintir na hÉireann a rá linn go bhfuil siad sásta glacadh leis an chonradh go bunreachtúil.

Cad faoin alt? Freagair an cheist.

Beidh seans ag gach duine i dTithe an Oireachtas labhairt sa díospóireacht a bheidh ann faoi seo.

Freagair an cheist faoin ESM.

Cad é an cheist?

Ina dhiaidh sin, nuair a thiocfaidh lá an reifrinn, beidh seans ag muintir na hÉireann glacadh leis an chonradh agus an cheist a fhreagairt.

Beidh siad ag vótáil faoina dtír féin, fúinn féin mar dhaoine agus faoin aos óg atá ag teacht inár ndiaidh.

Níl an Taoiseach ag freagairt na ceiste.

Sílim féin gur maith an rud go nglacfaidís leis an chonradh seo don am atá le teacht dár dtír. Ní hé an bata mór atá againn anseo ach beidh an t-am atá le teach i bhfad níos láidre ó thaobh eacnamaíocht na tíre, le poist ar fáil.

Top
Share