Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Committee and Remaining Stages

SECTION 1

We are discussing the Title to the Bill.

Le blianta beaga anuas, tá ábhar a bhaineann le háit na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa tír a bhuanú. Tá céimeanna móra tógtha leis an Choimisinéir Teanga, stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, an staidéar teangeolaíochta agus straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Rinneadh iarracht nuair a bhí an obair seo ar bun ag an Rialtas deireanach go mbeadh páirt lárnach ag na páirtithe uile san Oireachtas san obair seo. Anois agus athrá a dhéanamh ar bhun-reachtaíocht ní amháin na Gaeltachta ach na Gaeilge, níl an tAire Stáit glacadh le haon leasú sa Dáil nó sa Seanad. In ionad pobal na Gaeilge agus iad siúd atá báúil don Ghaeilge a aontú taobh thiar den iarracht mhór ar son na Gaeilge, tá an tAire Stáit ag cothú scaoilte. Ag tabhairt isteach an Bille seo, atá lochtach go bunúsach, tá an tAire Stáit ag tabhairt isteach Bille gan aon acmhainní taobh thiar dó, Bille a bhaineann cearta daonlathacha de phobal na Gaeltachta agus a chuireann daoine nach bhfuil aon bhaint nó eolas ag formhór acu ar an nGaeltacht i mbun roghnú ionadaithe an phobail ar son na Gaeltachta, Bille a leag an cúram pleanála ar na pobail gan acmhainní agus a shéanann freagracht an Stáit, Bille a thugann ceannas do fhoras taobh amuigh den dlínse seo ar ghnóthaí an Stáit seo. Bille nach gcuireann an straitéis 20 bliain don Ghaeilge i bhfeidhm. Níos tábhachtaí fós, is Bille é seo nach bhfuil aon tacaíocht ann dó ó na daoine is gníomhaí i saol na Gaeilge agus i saol na Gaeltachta. Iarraim ar an Aire Stáit don uair dheireanach seasamh siar ó bhruach na haille agus Céim an Choiste don Bhille seo a chur siar go dtí an fómhar. Mura ndéanfaidh an tAire Stáit sin, is oth liom go gcaithfidh mé a rá leis nach bhfuil i gceist ag Fianna Fáil aon pháirt eile a ghlacadh sa chur i gcéill atá ar bun anseo inniu. Beimid, áfach, ag teacht ar ais arís agus arís le reachtaíocht chun leasú a dhéanamh ar an mBille fíor-lochtach seo. Mar sin, ní bheimid ag glacadh tuilleadh páirte sa díospóireacht seo.

I made an error; I should have moved immediately to deal with the sections, but as I allowed Deputy Ó Cuív to speak, I will let Deputy Tóibín make his point.

Tá díomá uafásach orm, ar mo pháirtí agus ar mhuintir na Gaeltachta mar gheall ar an mBille seo. Ní amháin gur lig sé síos gluaiseacht na Gaeilge, gluaiseacht atá ag feitheamh le seasca bliain leis an mBille seo, ach tá bac dochreidte curtha ar an díospóireacht sa Seanad agus sa Dáil. Is ionann an easpa ama a thug an Rialtas don Bhille agus an easpa luacha agus easpa measa a thugann an Rialtas don teanga.

Tá fadhbanna ollmhóra ag baint leis an reachtaíocht seo, fadhbanna a dhéanfaidh damáiste don Ghaeltacht. Tá a lán rudaí in easnamh freisin. Tugann an Bille seo neamhaird ar dheiseanna atá ann chun fuinneamh a anáil ar ais sa Ghaeltacht. B'fhurasta na heasnaimh sin a réiteach dá mbeadh an Rialtas i ndáiríre faoin nGaeilge agus faoin bpróiseas comhairliúcháin leis na heagrais Ghaeilge, agus dá mbeadh an tAire Stáit i ndáiríre faoin bpróiseas daonlathach san Oireachtas.

Tá an Ghaeilge in áit na leathphingine sa Stát seo. I rith na díospóireachta gairide, chualamar beagán níos mó ná léirisc fholamha ón Rialtas agus uaireanta, focail nimhneacha, ar nós "language imperialists", mar a thug an Teachta Creed ar Ghaeilgeoirí. Ag coiste inné, dúirt an Teachta Flanagan go raibh sé in éadan airgead a chaitheamh ar eolas sláinte a fhoilsiú i nGaeilge sa Ghaeltacht.

Táimid ag teacht chuig deireadh na bliana, bliain inar rinne an Rialtas an-dochar don Ghaeilge, dochar don Choimisinéir Teanga, dochar do na Gaelscoileanna agus dochar do scéim labhairt na Gaeilge. Ba dhéistineach a fheiceáil an Rialtas ag bagairt ar Dhónal Ó Cnáimhsí, a labhair ar son Ghuth na Gaeltachta. Is léir nach bhfuil suim dá laghad ag an Roinn nó ag an Rialtas plé oscailte daonlathach a dhéanamh anseo inniu. Mar sin, diúltaímid leis an bpróiseas ina iomláine. Nílimid sásta fanacht anseo agus imeoimid chun ár ndéistin a chur in iúl faoin ábhar seo.

Go gairid, a Cheann Comhairle.

Are we speaking on section 1, amendment No. 1?

Tá agus táim ag rá go gairid gur tús maith é an Bille seo a thabhairt isteach agus is é tús maith leath na hoibre. Ach an dara leath an rud is tábhachtaí anois. Tá fadhb leis an dara leath toisc nach bhfuil an Rialtas sásta éisteacht le heagraíochtaí na Gaeltachta agus daoine go bhfuil an Ghaeilge ina gcroí acu maidir le hathruithe gur ceart a dhéanamh don Bhille seo.

Ní féidir suí anseo ar feadh na n-uaireanta, dul tríd an Bhille go foirmeálta agus gan aon mholadh substaintiúil a ghlacadh ós na daoine a dteastaíonn uathu an Bille, agus todhchaí na Gaeltachta, a shábháil.

Ráiméis amach is amach an méid adúirt an Tánaiste ar maidin mar gheall ar an Dara Chéim, gur chríochnáigh an díospóireacht go luath agus go bhféadfaí go mbéadh níos mó Teachtaí ag caint. Ní shin an cheist. Is í an cheist ná conas ar féidir an Bille a athrú. Ní féidir an Bille a athrú ar an Dara Chéim nuair atá daoine ag déanamh tairiscintí ginearálta. Is ar Chéim an Choiste ar cheart na hathraithe a chur i gcrích.

Iarraim ar an Rialtas éisteacht le heagrais na Gaeltachta agus na Gaoluinne agus le daoine a bhfuil an Ghaoluinn ina gcroí acu conas gur féidir an Bille a dhéanamh i bhfad níos fearr agus, dá bhrí sin, gníomh i bhfad níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm chun an teanga a chaomhnú agus chun borradh agus bláth a chur faoin dteanga, chun deireadh a chur le bánú na Gaeltachta agus chun an Ghaoluinn agus an Ghaeltacht a chaomhnú agus a chur i mbláth arís.

Táimid ag imeacht anois.

Deputy Tóibín, you are not formally moving your amendment.

The Deputies opposite have done it before. Just walk out.

Amendments Nos. 1 and 1a not moved.
Section 1 agreed to.
Amendments Nos. 2 and 3 not moved.
Section 2 agreed to.
Amendment No. 3a not moved.
Section 3 agreed to.
Section 4 agreed to.
Amendment No. 3b not moved.
Section 5 agreed to.
Amendments Nos. 4 to 6, inclusive, not moved.
Section 6 agreed to.
Amendments Nos. 7 to 33, inclusive, not moved.
Section 7 agreed to.
Amendments Nos. 34 to 55, inclusive, not moved.
Section 8 agreed to.
Amendments Nos. 56 to 79, inclusive, not moved.
Section 9 agreed to.
Amendments Nos. 80 to 98, inclusive, not moved.
Section 10 agreed to.
Amendments Nos. 99 to 116, inclusive, not moved.
Section 11 agreed to.
Amendments Nos. 117 to 120, inclusive, not moved.
Section 12 agreed to.
Sections 13 and 14 agreed to.
Amendment No. 121 not moved.
Section 15 agreed to.
Amendments Nos. 122 to 134, inclusive, not moved.
Section 16 agreed to.
Amendments Nos. 135 to 139, inclusive, not moved.
Section 17 agreed to.
Sections 18 and 19 agreed to.
Amendments Nos. 140 and 141 not moved.
Section 20 agreed to.
Amendment No. 142 not moved.
Section 21 agreed to.
Amendment No. 143 not moved.
Section 22 agreed to.
Sections 23 to 25, inclusive, agreed to.
Amendment No. 144 not moved.
Amendments Nos. 145 and 146 not moved.
Schedule agreed to.
Amendment No. 147 not moved.
Title agreed to.

As there are no more amendments, we will now proceed to Fifth Stage.

Ar a laghad, tá deis agam cúpla focal a rá faoin Bhille stairiúil seo, Bille na Gaeltachta, an chéad Bhille Gaeltachta a tugadh isteach sa Teach seo ó thug Risteárd ó Maolchatha isteach an chéad Bhille Gaeltachta i 1956. Is fada atá muintir na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge ag fanacht le Bille eile Gaeltachta. Tá an Bille á thabhairt isteach mar go dtuigeann muid go bhfuil géarchéim sa tír, go mórmhór sa Ghaeltacht, maidir le labhairt na teanga.

Nuair a fhéachann muid ar an toradh a bhí le daonáireamh 2011, bhí 97,000 duine ina gcónaí ins an Ghaeltacht agus ní dúirt ach 23,000 acu, duine as gach ceathrar, go labhraíonn siad an Ghaeilge go laethúil. Dúirt na heagraíochtaí Gaeilge a bhí ag caint liom, go gcaithfear rud éigin a dhéanamh. Dúradh sa suirbhé teangeolaíochta a tháinig amach i 2007 - suirbhé a chuir saineolaithe teanga as an tír seo agus tíortha eile amach - muna dtugfar aghaidh ar an fhadhb atá le labhairt na Gaeilge sna Gaeltachtaí nach mbeadh aon Ghaeltacht fágtha sa tír tar éis idir 15 agus 20 bliain. Sin a dúradh sa suirbhé is údarásaí dár cuireadh ar fáil le mo linnse. Bhí saineolas agus taighde domhain ag baint leis an suirbhé sin a rinneadh ar fud na Gaeltachtaí ar fad agus thángthas aníos leis an dearcadh sin. Muna ndéantar rud éigin taobh istigh de 15 bliain agus 20 bliain, ní bheidh aon chainteoir dúchais sa Ghaeltacht.

D'éist mé leis an Teachta Ó Cuív, a shiúl amach lena chuid Teachtaí as an Dáil, agus dúirt sé go bhfuil muid ar bhruach na haille. Ar ndóigh, ní easaontaím le sin. Táimid ar bhruach na haille. We are on the precipice, mar adeir siad i mBéarla, as far as the continuation of the language being a living language in Gaeltacht areas is concerned. Tá mé buartha gur shiúl an Teachta amach as an Teach agus gur shiúl na Teachtaí eile amach. Ní thuigim cad é an straitéis atá acusan. Tá straitéis 20 bliain againne agus tá Bille na Gaeltachta againn, ach cad é an straitéis acusan? Tá siad ag rá nach bhfuil go leor ama leis an mBille a phlé. Is féidir liom a chur in iúl don Teach gur chaith muid deich uair a chloig, ten hours, ag plé an Bhille seo i Seanad Éireann. Chaith muid sé uair ag plé an Bhille sa Teach seo agus bhí trí uair eile le tabhairt don Bhille inniu.

Mar adúirt an Tánaiste romham, bhí mise anseo seachtain ó shin, Dé hAoine seo caite, agus bhí plé againn ar Chéim a Dó den Bhille, ach ní raibh aon duine anseo le labhairt. Níor tháinig éinne isteach le labhairt. B'éigean dom brath ar na Teachtaí ó thaobh an Rialtais, go dtí nach raibh éinne fágtha. Cad a tharla ansin, ach thit an tóin as an díospóireacht agus b'éigean dúinn í a chur ar ceal. Ní raibh éinne anseo chun an díospóireacht a choinneáil ar siúl. Anois, táthar ag rá go gcaitfidh muid an t-am a chur siar mar nach bhfuil go leor ama againn chun é a dhéanamh, ach nuair a bhí an t-am againn an tseachtain seo chaite, ní raibh siad anseo. Mar sin, níl a fhios agam cé chomh dáiríre agus atá siad. Níor mhaith liomsa a rá le duine ar bith gur sin fimínteacht. Níor mhaith liom hypocrisy a chur i leith duine ar bith mar is rud mór é sin. Ach mé ag éisteacht leo inniu agus maidir leis an rud a tharla an tseachtain seo caite, is cinnte go bhfuil comhartha ceiste mór faoin dáiríreacht atá i measc na ndaoine a shiúl amach as an Teach. Bíonn siad ag caint ar daonlathas agus cé chomh tábhachtach agus atá an daonlathas. Creidim i gcónaí sa daonlathas agus sa chóras daonlathach, ach ní shílim gur comhartha maith ar an daonlathas daoine atá tofa go daonlathach ag siúl amach gan páirt a ghlacadh sa díospóireacht thábhachtach seo a bhaineann len ár teanga dúchais, céad teanga na tíre.

Is fada muid ag súil leis an mBille seo. Tháinig tuairisc choimisiún na Gaeltachta amach i 2002, tháinig an suirbhé teangeolaíochta amach ina dhiaidh sin, phlé comhchoiste an Oireachtais an ábhar agus ghlac an Rialtas a tháinig romhainn agus an Rialtas seo leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá cúig bhliain imithe thart cheana féin ó tháinig an tuaireasc ón suirbhé saineolaíochta amach. Sin an fáth nach bhfuil fonn ormsa níos mó moilleadóireachta a dhéanamh leis an Bille seo. Táimid ag cur rudaí ar an mhéar fhada le blianta. Bhí an Teachta Ó Cuív anseo, agus tá meas agam air. Fear é a rugadh agus a tógadh i mBaile Átha Cliath agus chuaigh sé siar agus thosaigh sé ag cónaí sa Ghaeltacht. Rugadh agus tógadh mise sa Ghaeltacht. Bhí an Teachta mar Aire sa Rialtas le blianta fada. Tá an Ghaeilge mar theanga aitheanta ag leibhéal na hEorpa agus mar theanga oifigiúil anseo, ach tá laigeacht ar an talamh. Sin an áit a raibh an cúlú agus an trá. Sin an fáth go bhfuil mise agus an Roinn - gabhaim buíochas le hoifigigh na Roinne agus na daoine go léir a thug cuidiú dom - ag iarraidh an Bhille seo a chur tríd an Teach. Mar a dúirt duine éigin sa pháipéar inné, táimid ag tabhairt láimhe do mhuintir na Gaeltacht ina giniúint teanga féin. We are affording the people of the Gaeltacht a direct say in their own linguistic future.

Níl easpa daonlathais ann. Táimid ag dul chuig muintir na Gaeltachta agus go dtí na pobail sna Gaeltachtaí. Tá an Ghaeltacht roinnte suas i 19 ceantar, 19 separate areas, agus tá muid ag tabhairt cuiridh - invitation - do gach ceantar acu sin, do na daoine a labhraíonn Gaeilge agus atá ina gcónaí ansin agus ag tógaint a dteallaigh le Gaeilge. Tá géarchéím ann. Tá an Béarla ag brú isteach agus ba mhaith linn an Ghaeilge a choinneáil beo sa Ghaeltacht. Na ceisteanna atá á chur againn ná cad is féidir linn a dhéanamh. Cad a mheasann daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht for many generations faoi conas gur féidir linn stop a chur leis an tráú seo agus an taoide a chasadh arís?

Sin daonlathas. Go dtí seo bhí gach Rialtas ag rá go gcaithfear é seo nó é siúd a dhéanamh - do this, do that. Ní raibh ag éirí leis. Dá mbéadh ag éirí leis ni bhéadh aon Chéim inniu. Níor éirigh leis sin. Anois, táimid ag déanamh mar a mhol Seosamh Mac Grianna, ceann de scríbhneoirí móra na Gaeilge, i 1932 agus táimid ag tabhairt focal do mhuintir na Ghaeltachta ina gcinniúint féin. Táimid ag ligint dóibh teacht aníos lena bpleananna féin.

Ach nílimid ag cur an t-ualach uilig ar na pobail Gaeltachta. Táimid chun cabhair agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh leasú iomlán ar ról Údarás na Gaeltachta. Beidh Údarás na Gaeltachta ansin. Ní bheidh 20 duine ar bhord Údarás na Gaeltachta. Beidh 12 air. Beidh cead ag comhairlí contae ina bhfuil ceantair Gaeltachta cúigear duine a ainmniú le dul ar an mbord agus beidh cead ag an Rialtas seachtar a chur air. Daoine a mbeidh saineolas agus tuiscint acu ar chúrsaí eacnamaíochta, ar chúrsaí sóisialta agus ar chúrsaí teanga a bhéas iontu. Beimid ag cur fógra ar postannapoibli.ie agus beimid ag tabhairt cuireadh do dhaoine ar fud na tíre a shíleann go bhfuil rud éigin tábhachtach le rá nó le cur ar fáil acu, chomh fada agus a bhaineann sé leis an Ghaeilge, a gcuid iarratais agus a gcuid curriculum vitae a chur isteach. Geallaim go mbeidh údarás an-chumasach ansin. Beidh sé dírithe isteach, ní hamháin ar thionscail agus ar fhostaíocht, ach ar chaomhú na teanga ins na ceantair Gaeltachta.

Má fhaigheann an Ghaeilge bás ins na ceantair Gaeltachta beidh an slabhra a théann siar dhá mhíle bliain briste. Níl aon amhras orm ná go bhfuil Gaeilge go leor ar fud na tíre. Tá an tír taistealta agam, agus na Gaeltachtaí go léir, ó ceapadh mar Aire Stáit mé. Chuaigh mé go dtí áiteacha cosúil le Cluain Dolcáin agus Ceatharlach, go háiteacha i gContae an Chláir, go Carn Tóchair i gContae Dhoire agus an Srath Bán ins an sé contaetha. Feicim an rud atá ar siúl ansin, tuismitheoirí agus daoine coitianta agus comónta ag rá gur fiú an Ghaeilge a shábháil agus go gcaithfimid rud éigin a dhéanamh. Ba mhaith leo go mbéadh gaelscoil acu, go mbeadh a gclanna ag dul go dtí an ghaelscoil agus go mbéadh Gaeilge acu. Nuair a bhímse ag dul timpeall na tíre agus nuair a fheicim é sin is mór an dóchas, an faoiseamh agus an sásamh a thugann sé dom. Sin an fáth go bhfuil mé sásta, ins an mBille úr, go mbeidh líonraí Gaeilge ins na ceantair sin agus iad ceangailte leis an Ghaeltacht.

Tá an Bille ansin le tabhairt faoi na deacrachtaí atá ins an Ghaeltacht. Tá mé thar a bheith sásta leis sin. Chuireamar a lán oibre isteach ann. D'fhéadfaimís é a chur siar cupla bliain eile, ach seo an Bille is fearr dá dtáinig muid aníos leis. D'éisteamar le daoine agus leis an rud a bhí sa straitéis 20 bliain.

Bhí leasaithe thíos ag moladh go mbéadh toghchán ann do Údarás na Gaeltachta. Shocair an Rialtas cupla uair an módh úr. Údarás úr a bheidh anseo. Nílimid ag cuimhniú ar an údarás a chuaigh thart. Rinne sé an-chuid oibre. Chothaigh sé postanna ins an Ghaeltacht. Tá mise an-bhródúil, mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, le cabhair ón Aire agus ón Rialtais ar fad, gur éirigh linn Údarás na Gaeltachta a choinneáil. Bhí cinneadh beagnach déanta deireadh a chur leis. Chonaic muid go raibh an bord snip nua chun deireadh a chur leis an údarás. Beidh Údarás na Gaeltachta ann. Táimid tar éis priomhfheidhmeannach úr a chur isteach ar an údarás agus achmhainní caipitil a thabhairt dó, chomh maith leis an méid a bhí aige anuraidh. Táimid tar éis ról úr a thabhairt dó chomh maith, is é sin na ceantair pleanála teanga a fhorbairt. Beidh tacaíocht an údaráis le fáil ag na ceantair Gaeltacht agus ag gnáth mhuintir na Gaeltachta.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dos na comharchumainn agus dos na heagrais deonacha eile atá ag saothrú ar fud na Gaeltacht agus ar fud na tíre, lá i ndiaidh lae agus seachtain i ndiaidh seachtaine, ag cur chun cinn na Gaeilge. Tá ról acu-san chomh maith. Níl an Rialtas ann féin nó an Bille ann féin chun an Ghaeilge a shábháil ins an Ghaeltacht, ach tugann sé struchtúr dúinn agus cuireann sé an struchtúr ar bun. Ag éirí amach as sin, beimíd ábalta dul ar aghaidh agus na pleananna teanga a dhéanamh, mar sin an moladh idirnáisiúnta. Leagfaidh gach ceantar síos sprioc agus cuspóir. Beidh barra ansin, cad é mar atá an Ghaeilge ins an cheantar i láthair na huaire agus cén dóigh gur féidir feabhas a chur uirthi. Beidh cúrsaí oideachais agus na seirbhísí poiblí ag teacht isteach ann. Ba mhaith liom go mbéadh gach duine ins an Ghaeltacht, agus i ngach páirt den tír, ábalta a chuid oibre agus a chuid gnóithe a dhéanamh leis na Ranna Stáit tré Ghaeilge nó tré Bhéarla. Sin an sprioc a bheimid ag iarraidh a bhaint amach.

Táimid ag súil go mbeidh líon na gcainteoirí dúchais ins an Ghaeltacht árdaithe 25%, an sprioc atá sa straitéis 20 bliain. Tháinig titim uafásach ar an líon ó bunaíodh an Stát. Nuair a bunaíodh an Stát, deirtear liom, bhí 250,000 duine a raibh an Ghaeilge acu lá i ndiaidh lae. Tá sé sin anuas anois go dtí 23,000, sin titim de 90% ó bunaíodh an Stát. Muna gcuirtear stad leis sin ní bheidh aon Ghaeltacht fágtha. Sin an rud atá taobh thiar de seo: ceantair pleanála straitéise teanga; an t-údarás ag teacht isteach chun cuidiú leis na pobail a bpleananna féin a dhéanamh amach; oiread achmhainní atá againn a chur ar fáil dóibh; agus na pleananna a thabhairt chun críche. Déanfar monatóireacht ar na pleananna bliain i ndiaidh bliana agus má tá aon cheantar Gaeltachta nach bhfuil fonn ar an phobal a bheith istigh ins an phlean beidh impleachtaí aige sin do theorainneacha na Gaeltachta.

Maidir leis na tuairimí atá ag teacht ón Ghaeltacht féin. Tá daoine a deir liomsa gur chóir dúinn teorainneacha na Gaeltachta a athrú láithreach, sula ndéanaimid aon rud, agus an Ghaeltacht a ghearradh siar. Ní aontaím leis sin. Caithfimid seans a thabhairt dos na pobail seo agus córas cuí, due process, a thabhairt dóibh. Beidh seans ag na pobail seo a bpleananna a chur i láthair. Má chuireann ceantar plean maith isteach agus má ghlacaim féin agus an Roinn leis, rachaidh an pobal ar aghaidh agus beidh gach cuidiú agus tacaíocht le fáil acu. Má thoileann pobal nach fiú plean a dhéanamh beidh impleachtai aige sin do theorainneacha na Gaeltachta. Níl mise ag iarraidh balla a chur thart ar cheantair an-bheaga a bhfuil an Ghaeilge láidir iontu. Tá mé ag iarraidh deis a thabhairt dos na ceantair ar fad, iad san a bhfuil an teanga láidir iontu agus na háiteacha nach bhfuil sí láidir, dul ar aghaidh le chéile. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.

Níl mé ag iarraidh dul ar ais go dtí an rud a tharla ins an Roinn Oideachais ins na blianta a chuaigh thart nuair a bhíodh streaming ar siúl ins na scoileanna. Táimid ag iarraidh cainteoirí le mixed ability a bheith le chéile chun cuidiú lena chéile. Tá mé ag caint ar na rudaí seo le blianta fada agus sílim gur sin an dóigh is fearr chun é a dhéanamh.

Taobh amuigh den Ghaeltacht beidh ról an-thábhachtach ag Foras na Gaeilge. Tá Foras na Gaeilge ag gníomhú ins an Tuaisceart agus ins an Deisceart. Molaim an obair atá ar siúl aige. Bhí mé ins an Tuaisceart agus chonaic mé cad é ata ar siúl ansin maidir le cur chun cinn na teanga. Ins an taobh seo den tír, beidh sé de fhreagracht ar Fhoras na Gaeilge cuidiú leis na ceantair nach bhfuil ins an Ghaeltacht an teanga á bhrú ar aghaidh. Tá an foras á dhéanamh cheana féin agus leanfaidh sé ar aghaidh leis an ról sin. Tá mise iontach dóchasach go mbeidh sé ábalta sin a dhéanamh.

Agus mé ag breathnú thart, sílim go bhfuil mé sa Teach níos faide ná éinne eile. Tá mé anseo le breis agus 30 bliain. Bhi suim agam i gcónai i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is í an Ghaeilge mo chéad theanga agus níor mhaith liom go gcaillfí an Ghaeilge ins an Ghaeltacht. Nuair a bhéas mo sheal thart mar Aire Stáit agus nuair a thiocfas an chéad Aire eile, tá súil agam go mbeidh an Ghaeilge ag fás ins an Ghaeltacht is ag teacht chun cinn.

Cuireann sé isteach orm, leis an fhírinne a rá, gur shiúil an Freasúra amach inniu agus nár ghlac Baill an Fhreasúra an deis an trí huaire a bhí againn chun a gcuid tuairimí a chur in iúl agus plé a dhéanamh ar an ábhar sin. Caitheann siad cuireadh isteach anseo ar leataobh agus caitheann siad drochmheas ar an daonlathas féin.

Tá mé anseo an oiread sin ama agus chomh fada agus a bhaineann sé le mo pháirtí féin, there are two matters on which the House has never divided for as long as I have been a Member. One of these is the Irish language.

Whether it was Bille na dTeangacha Oifigiúla nó ag leibhéal na hEorpa, thug muid i gcónaí tacaíocht don Rialtas, cé go raibh muid thall ansin. Ní dhearna sé aon difríocht, thug muid an tacaíocht i gcónaí ón taobh sin den Teach. Mheas muid i gcónaí go raibh an teanga ró-thábhachtach le scoilteadh uirthi. Cuireann sé isteach orm mar dhuine a bhfuil meas agam ar an teanga, mar dhuine de bhunadh na Gaeltachta agus mar dhuine atá anseo le tamall fada ag troid an chatha, cé acu ar an taobh seo nó an taobh eile den Teach, ar son na Gaeltachta agus ar son na Gaeilge. Tá a fhios agam go dtuigeann na heagraíochta Gaeilge sin. Na moltaí a bhí ag heagraíochtaí na Gaeilge, bhí siad ag dul i gcoinne rationale an Bhille ar fad. Bhí cinneadh déanta ag an Rialtas faoi dhó, agus na moltaí a bhí déanta, bhí siad ag dul in éadan spiorad an Bhille mar atá. Sin an t-aon ábhar nár scoilt muid i riamh uirthi agus mé istigh anseo, an Ghaeilge.

The second matter, as far as I recall, on which we never divided the House is the national question. When things got hot and heavy in this country, when democracy was under sustained pressure as never before and when politicians were attacked - some were killed - while doing their duty and working on behalf of democracy, it would have been easy to split the House on the national question but we never did so. We always put the national question ahead of mere political posturing. I hope that what happened here this morning is not simply something as base as political posturing. We had the opportunity to discuss this Bill on Friday last but while the Government managed to keep the debate going for a few hours, it eventually collapsed because no speakers were put forward by the Opposition. I find it difficult to understand the strategy of walking out which the Opposition has adopted today.

The Dáil is where we settle and debate matters and enact legislation. It is not the venue for street politics.

We had enough street politics in this country for many years. All we want now is to settle our differences in this Chamber. It is very difficult to settle any differences when one is obliged to speak to empty benches on the other side of the House.

I do not believe that what has happened here this morning does any great service to the Gaeltacht or to the ordinary people who live there. The latter and other communities outside the Gaeltacht are seeking leadership in the context of what they can do to save the Irish language. The Bill before the House is merely enabling legislation which provides the structure to allow us to devise plans to bring the language forward. A national effort is going to be made in this regard and many Government Departments will be involved. The Taoiseach and I attended a meeting of the cabinet sub-committee on the future of the Irish language this morning at which we discussed various matters relating to the language. A similar meeting was held in June and it is planned to hold another immediately after the recess. Dúirt duine éigin nach bhfuil an Rialtas seo i ndáiríre. Tá an Rialtas seo i ndáiríre, tá an coiste ar bun agus bhí cúig chruinniú ag an choiste sin. Ar maidin, bímid istigh ag 9 a.m. fá choinne cúrsaí Ghaeilge agus Ghaeltachta a phlé. Tá cruinniú eile socraithe don am nuair a thiocfaimid ar ais. Choinnigh muid Údarás na Gaeltachta. Is cinnte go bhfuilimid i ndáiríre agus tá an Rialtas ag tabhairt tosaíochta don Bhille seo.

I am aware that other Ministers and their Departments are lining up to introduce and enact legislation. We have given priority to the legislation before the House because the Taoiseach, the cabinet sub-committee, everyone present in the House and the people of the Gaeltacht understand its importance. The survey that was carried out illustrated the importance of the language. Níl leithscéal ar bith agam.

Bhí a fhios ag achan duine cad é a bhí sa Bhille. In May 2011, I announced what would happen to Údarás na Gaeltachta and the changes that would be made. I also announced an mBille Teanga at that stage. A number of months ago I announced what would be the composition of the board. Thug muid isteach an scéim tacaíochta teanga, the language support scheme, which allows us to focus our efforts in respect of young children. What we are doing in this regard is telling parents - those who live in Gaeltacht areas and those who do not - that they have a choice in the context of deciding what will be their children's first language, namely, Irish or English. By the time a child goes to school, his or her first language is already established. I acknowledge the support we are receiving from the HSE, na húdaráis sláinte, in the context of the co-operation they are giving to us. We are going into hospitals in order to inform people, immediately after their children are born, of the choice to which I refer. If they decide that their children are to be raised through Irish, we provide them with an information package. This package is being developed on an ongoing basis.

These are new departures for the language. The old ways did not work. They certainly did not work in the Gaeltacht. If we had not brought forward this Bill - the philosophy behind which is to give people a say in what is going to happen - I would be extremely pessimistic about the future. In view of the structures we are establishing under the legislation, tá mise an-dóchasach go gcasfaidh an Bille an taoide agus go sábháileoidh sé an teanga.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a thabhairt do gach Teachta a tháinig isteach agus a labhair ar an Bhille seo. Ba mhaith liom buíochas a thabhairt do gach Seanadóir a tháinig isteach le cúpla seachtain agus a labhair ar an Bhille sa Teach eile. Bhí siad go léir i ndáiríre agus rinne siad a gcás sa Seanad agus sa Teach seo. Labhair 20 Teachta istigh anseo. A total of 20 Deputies from different parties and from among the ranks of the Independents contributed to the debate on the Bill. Some of them spoke in Irish, while others made their contributions in English. That is immaterial. If a Member is genuine and wants to speak in English, I welcome that and it is fine by me. I have never been someone to use a sledge-hammer to crack a nut. The latter approach has not worked. We want to coax people to come along with us as part of this great movement.

The centenary of the 1916 Rising is approaching. We all know the part played by the Irish language and Conradh na Gaeilge and other Irish-speaking organisations in providing the leadership for that great revolution. When the centenary takes place in 2016, nothing would give me greater pleasure than for there to be an indication that the response to the legislation has been positive. Conradh na Gaeilge will celebrate its 120th anniversary next year, which is another important milestone in our linguistic history. I appeal to it and to all the other language organisations that have been working hard for many years - often without recognition or acknowledgement - to our sporting, cultural and social organisations and to the voluntary committees to come along with us on this great expedition. Let us all get involved and adopt the method of working together or to use the old Irish word "meitheal", ag obair le chéile.

We have nothing to lose by having our own language. I have no intention of repeating myself but as I travelled throughout the country I discovered that there is a well of support for Irish. When the census was taken last year, 1.77 million people expressed an interest in or an ability to speak Irish. It is this enthusiasm, interest and support which we must harness.

I hope this Bill, which has been in preparation for so long and for which we have been waiting for over 50 years, will reignite the flame of the past, so that we go forward united. We should forget political parties and affiliations. The language should be above that. In the past, perhaps it was associated with one party or another and it is still said that we are not serious about Irish. I dismiss that as merely a political charge. We all want to do the best, although we may have different approaches. This is the framework in which we must work and I appeal to all Members of the House, leaders of the community, those who are elected, those who work in a voluntary capacity-----

And those who walked out.

Those who walked out may be listening to what we are saying. It is a great pity they walked out and I hope I will never again experience anything like it. It is more a reflection on Members of the Opposition than Members on the side. We want to man the benches. We fought hard to get here and we want to occupy the benches while we are here. In the past, we were tempted to walk out but we did not.

They are packing their cases for their holidays.

Mar fhocal scor, gabhaim buíochas le gach duine, le hoifigigh na Ranna atá anseo agus leis na hoifigigh eile a thug tacaíocht agus cuidiú dom leis an mBille. Gabhaim buíochas leis na daoine a chuir isteach moltaí, le Coimisiún na Gaeltachta, leis an suirbhé teangeolaíochta agus le héinne a thug cuidiú nó comhairle dúinn maidir leis an mBille.

Tá áthas orm go bhfuil an Bille tríd. Tá sé 56 bliain ó inniu since the first Gaeltacht Bill was introduced. In 56 years time, I will not be here but people around me may be. When that time comes, I hope we will not be saying that the number of native speakers in the Gaeltacht has declined by 80% or 90%. Nothing would give me greater pleasure than the turning of the tide as a result of this Bill so that we see an increase of 50% or 60%.

Question put and agreed to.

A message will be sent to the Seanad acquainting it accordingly.