Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 1 Oct 2015

Vol. 891 No. 2

An Bille um Fhorbairt Cheathrú 1916, 2015: An Chéad Chéim

Tairgim:

Go gceadófar go dtabharfar isteach Bille ar a bhféadfaidh 1916 Quarter Renewal Limited ceaduithe áirithe a dhéanamh i ndáil le foirgnimh agus áitribh láithreacha nó bheartaithe i Limistéar Cheathrú 1916, do dhéanamh socrú go mbeidh 1916 Quarter Properties Limited ina chuideachta forbartha do Limistéar Cheathrú 1916 agus maidir le fáil éigeantach talún sa limistéar sin aige, d'údarú don Aire Airgeadais airgead a gheobhaidh 1916 Quarter Properties Limited ar iasacht a ráthú, do dhéanamh tuilleadh socruithe i ndáil le 1916 Quarter Renewal Limited agus le 1916 Quarter Properties Limited, agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe comhghaolmhara.

Iarraimse cead an Bille seo a chur faoi bhráid an Tí. Tá súil agam go dtabharfaí an cead sin agus go bhfoilseofar an Bille. Seo an chéad chéim de phróiseas a thabharfadh caomhnú agus buaine do na séadchomharthaí agus na hiarsmaí a bhaineann le tréimhse 1916 agus a chinnteodh go mbeadh aon fhorbairt bhreise a dhéanfaí ar na ceantair seo agus ar na láithreacha seo i dtiúin leis agus tuisceanach don stair agus don tábhacht a bhaineann leis na séadchomharthaí seo go náisiúnta.

Cuireadh ceist céard iad na háitribh atá i gceist agus ar ndóigh is é an príomháitreabh a luaitear le hÉirí Amach na Cásca 1916 ná Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath agus an ceantar timpeall uirthi. Ansin tá Sráid an Mhúraigh agus bhí go leor phlé faoi chaomhnú an cheantair sin agus an bhagairt atá ann fós de bharr faillí an Rialtais don cheantar sin agus don cheantar timpeall air. Caithfimid cuimhneamh go raibh a lán foirgnimh éagsúla ar fud na cathrach i seilbh ag na hÓglaigh agus ag Arm Cathartha na hÉireann. Smaoiním, mar shampla, ar an South Dublin Union, áit atá Ospidéal San Séamas anois; ar an monarcha a bhí ag Jacobs; ar Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn thuas ar Fhaiche Stiabhna; ar Mhuilte Uí Bheoláin; agus ar láithreacha eile. Ba cheart go mbeadh córas againn, mar atá molta sa mBille seo, leis na háitribh seo ar fad a chaomhnú.

Tá súil agamsa go mbeidh tacaíocht thraspháirtí don Bhille seo agus go nglacfar leis sa Teach seo gan mhoill. Bheadh súil agam go mbeadh an Rialtas sásta an Bille seo a thógáil in am an Rialtais.

Tá múnla stuama ag dul leis an mBille seo. Tá sé bunaithe ar an gcur chuige a d'oibrigh i gceantar Bharra an Teampaill i mBaile Átha Cliath. Nuair a bhreathnaímid, mar shampla, ar an gceathrú Titanic i mBéal Feirste, feicimid go n-oibríonn na ceathrúna seo. Sa gcás seo, ó tharla go raibh na háitribh a raibh na hÓglaigh agus an t-Arm Cathartha lonnaithe iontu scaipthe ar fud na cathrach, caithfidh an ceathrú seo a bheith in áiteanna éagsúla ar fud na cathrach le go mbeadh pictiúr iomlán againn ar an Éirí Amach. Cé go raibh Ard-Oifig an Phoist mar an cheanncheathrú bhí láithreacha fíorthábhachtacha eile ag baint leis an Éirí Amach.

Beimid ag ceiliúradh Éirí Amach na Cásca faoi cheann sé mhí. Tá sé ag druidim an-ghar dúinn anois. Ar ndóigh, tá go leor de na láithreacha a bhí ann in 1916 athraithe go mór ó shin ach sílim féin gur bhealach an-mhaith a bheadh anseo le cinntiú nuair a thiocfas ceiliúradh an dá chéad ar Éirí Amach na Cásca, faoi cheann céad bliain eile, go mbeadh rian na láithreacha seo le feiceáil, go mbeadh gach atá fós ann sa mbliain 2015 ann faoi cheann céad bliain agus nach ndéanfar tuilleadh scriosta nó díobhála do na láithreacha tábhachtacha seo.

Níl aon cheist ach nach mbeadh Stát ceannasach saor Éireannach ann murach an íobairt a rinne laochra 1916 agus mura mbeadh daoine ann sásta a mbeatha a chur i mbaol ar son na saoirse. Mar is eol dúinn, bhásaigh go leor daoine ar son na saoirse. Sílim féin go bhfuil sé ag dul dóibh siúd anois agus dá gcuimhne go rithfeadh muid an Bille seo agus go ndéanfadh muid cuimhniú ar chuid an-tábhachtach do stair na tíre. Ní hamháin go bhfuil sé tábhachtach do stair na tíre seo, ar ndóigh: ba é an t-Éirí Amach seo a spreag náisiúin ar fud an domhain saoirse a bhaint amach sa gcéad bhliain a lean ón Éirí Amach.

Is the Bill opposed?

Question put and agreed to.

Since this is a Private Members' Bill, Second Stage must, under Standing Orders, be taken in Private Members' time.

I move: "That the Bill be taken in Private Members' time."

However, I still hope the Government will have the wisdom to see it should be taken in Government time.

Question put and agreed to.
Top
Share