Chuir An Teachta Cassells in iúl dúinn go bhfuair an t-iar-Theachta Dála agus an t-iar-Sheanadóir, Michael Lynch, bás. Bhí sé anseo sa bhliain 1982, arís sa bhliain 1987 agus i ndiaidh sin sa Seanad. D'oibrigh mé féin leis agus thug sé seirbhís dhílis dá chontae, Contae na Mí. Ar lámh dheis Dé go raibh a anam uasal dílis.