Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage (Resumed)

Question again put: "That the Bill be now read a Second Time."

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Aire agus leis an Aire Stáit. Is deas an rud é, tar éis naoi mbliana de bhearna, go bhfuil Aire sinsearach Gaeltachta ann go bhfuil Gaeilge aici agus go bhfuil spéis aici sa Ghaeilge. Is mór an dul chun cinn é sin. Bhí sé sin leagtha síos sa straitéis 20 bliain.

Tá an-áthas orm faoin méid daoine a labhair sa Dáil inniu, Teachtaí Dála ó chuile thaobh den Teach. Bhí páirtí mór amháin ar an taobh seo den Teach nach raibh aon chainteoir acu, ach labhair go leor Teachtaí i mBéarla agus i nGaeilge. Ceann de na heasnaimh a bhí ann in 2002 nuair a phléadh an chéad Acht ná nár ghlac na daoine gan Ghaeilge mórán páirt sa Bhille.

Rud eile a chuireann fíor-áthas orm ná go bhfuil chuile duine a labhair inniu i bhfabhar Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú. Má bhraitheann muid siar go dtí 2011, an rud a bhí i gceist an t-am sin ná gur cheart é a lagú mar gur chosnaigh sé an iomarca airgid. Buíochas le Dia, ar a laghad ar bith, tá na polaiteoirí tagtha ar mhalairt intinne faoi sin agus is dul chun cinn é sin.

Ar ndóigh, in 2003 tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla ann don chéad uair. Is aisteach a rá, tar éis tagairt sonrach sa Bhunreacht in 1937 go bhféadfaí forálacha a dhéanamh de réir dlí maidir le cúrsaí teanga, nach ndearnadh é sin riamh go dtí 2003. An bliain dár gcionn, bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga. An bunús a bhí leis an oifig sin ná go mbeadh dream nó duine ann a bhféadfadh cearta a chosaint le nach mbeadh ar shaoránaigh dul chun cúirte le cearta Gaeilge a bhaint amach. Sa bhliain 2020 táimid deich mbliana trí straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Cúis aiféala nach gcuireadh an plean sin i bhfeidhm – bhí rudaí beaga agus rinneadh rudaí áirithe, mar shampla, an polasaí oideachas Ghaeltachta, ach is beag a rinneadh. Ní hé gur theip ar an straitéis, níor trialladh an straitéis, níor cuireadh é i bhfeidhm. Bhí sé i gceist gur straitéis Rialtais a bhí ann a mbeadh baint ag an bpobal leis ach a mbeadh tiomanta ag an Rialtas trí chéile, ní díreach ag an Aire amháin.

Cinnte, níor baineadh an oiread leas as Acht na dTeangacha Oifigiúla agus a d’fhéadfaí. Bhí laige áirithe le leagan amach na scéimeanna, níl aon amhras faoi sin, ach d’fheadfaí níos mó leas a bhaint as. Bhí caint ag an Roinn go leagadh muid síos na heagraíochta a raibh dualgas níos mó orthu i ngach plean níos mó a dhéanamh. Chomh maith leis sin, mar shampla, tugadh isteach na hionstraimí reachtúla maidir le comharthaíocht. Bhíomar ag réiteach ionstraim reachtúla maidir le fógraíocht. An t-aon cheist a bhí á phlé ag an am ná an é go mbeadh rogha ag an bhfógróir Stáit, mar shampla, fógra a chur in The Irish Times agus ceann eile a chur i bpáipéar Gaeilge comhionann leis chun na rialacha a chomhlíonadh nó dá mbeadh fógra i mBéarla an leor ceann i nGaeilge a chur ar TG4. Bhí buntáiste leis an cur chuige sin, mar chuireadh sé airgead breise fógraíochta i dtreo na foilsitheoirí agus lucht craolacháin na Gaeilge. Beidh sé sin le plé againn arís nuair a bheidh an Bille ag dul tríd na Dála.

Níl aon amhras faoi, ní hé gur theip ar an Acht ach níor cuireadh i bhfeidhm é. Le naoi mbliana, bhí Rialtais ann nach raibh an oiread sin spéis acu sa rud nó sa cheist.

Ba mhaith liom béim a chur ar rud. Tá an-chaint anseo ar an nGaeltacht inniu, agus tá tábhacht leis an nGaeltacht. Ní aon amhras faoi sin agus tá mé féin i mo chónaí sa Ghaeltacht cé gur rugadh agus tógadh mé i gcathair Bhaile Átha Cliath. Fuair mé mo chuid oideachas ar fad trí Bhéarla. Ach ní mhairfidh an Ghaeltacht muna bhfuil an Ghaeilge láidir ar fud na tíre. Níl aon dream níos fearr a thuigeann é sin ná lucht na Gaeltachta. Ní reservation, mar a deir siad i Meiriceá, atá ann. Is gnáth Éireannaigh iad. Tagann go leor de phobal na Gaeltachta chun cónaí sna chathracha. Mar sin, agus muid ag freastal ar phobal na Gaeilge, caithfimid é a dhéanamh chuile áit a bhfuil éileamh ann. Ceann de na rudaí is spéisiúla ná an staidéar síceolaíochta a rinne an tAthair Mícheál Mac Gréil. Bhí sé in ann a chruthú gurb é an cheantair is mó agus an pobal is mó bá leis an nGaeilge ná an pobal meánaicmeach i mBaile Átha Cliath. Le gairid, mar shampla, nuair a bhuaigh Cuala craobh iomána Bhaile Átha Cliath, ní don chéad uair, is i nGaeilge a labhair an captaen agus Gaeilge breá den scoth aige. Ní haon eisceacht é i measc clubanna Bhaile Átha Cliath agus imreoirí sinsearacha Bhaile Átha Cliath. Mar sin, caithfimid a thuiscint go gcaithfimid seirbhísí leithne a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Rud amháin a gcaithfimid a fhoghlaim maidir le reachtaíocht ná ní athraíonn reachtaíocht an saol. Is gléas í leis an saol a athrú ach inti féin, ní athraíonn sí an saol. Caithfear obair dian a dhéanamh plean cuimsitheach a bheith ann le spriocanna na reachtaíochta a bhaint amach.

Briseadh sé do chroí an cur in aghaidh a bhí ag codanna den chóras Stáit sa tír don Acht teanga deireadh. Ní féidir a rá nár tugadh isteach ionstraim reachtúil láidir maidir le comharthaíocht a dúirt go gcaitheadh comharthaí a bheith dátheangach. Shílfeá go raibh sé sin thar a bheith simplí. Chuir me tweet amach tamaillín ó shin de chomhartha a dúirt: “FOOTPATH ENDS IN 40M” agus scríofa os a cionn i nGaeilge bhí “As Gaeilge 40m”. Tá a fhios ag chuile dhuine sa Ghaeltacht agus chuile dhuine a thriail riamh ar glaoch ar Chomhairle Contae an Gaillimhe nó ar aon cheann eile de na heagrais, agus teachtaireacht ar an bhfón á rá “Má tá tú ag iarraidh seirbhís a fháil trí Ghaeilge brú uimh. 1 nó trí Bhéarla brú uimh. 2”. Nuair a bhrútar ar uimh. 1, deirtear nach bhfuil duine le Gaeilge ann faoi láthair ach teachtaireacht a fhágaint agus go dtiocfaidh duine ar ais chugat am éicint, uair éicint, lá éicint. An chéad uair eile, brúnn an duine ar uimh. 2 agus faightear an tseirbhís trí Bhéarla. Ní hionann é sin agus seirbhís.

Chonaic mé cheann breá le gairid. Cuireadh foirmeacha ar fud na Gaeltachta chuig feirmeoirí. Daonáireamh na mbeithíoch a bhí ann. Bhí an fhoirm ar fad i mBéarla. Bhí comhartha beag sa chúinne á rá má theastaíonn leagan Gaeilge, fios a chur ar an dream.

Líon muid an foirm Bhéarla isteach i nGaeilge mar ní raibh muid le rá leis an bhfeirmeoir go gcaithfeadh sé a theacht ag an gclinic an dara huair chun an fhoirm a líonadh. Is an briseadh croí den rud ar fad nach féidir an fhoirm a chur amach go dátheangach agus an gnó a dhéanamh.

Tá sprioc uaillmhianach sa Bhille maidir le 20% d’earcaíocht na Státseirbhíse a bheith bainte amach do Ghaeilgeoirí faoin bhliain 2030. Beidh daoine ag rá nach bhfuil a dhóthain ansin, nach bhfuil sé sách sciobtha agus mar sin de, ach sí fírinne an tsaoil ná go gcaithfidh muid go leor oibre a chur isteach ón lá amárach amach ag cinntiú go mbeidh na daoine ann le hearcú. Caithfidh an córas oideachais, an córas ollscolaíochta agus an córas tríú leibhéil a bheith faoi réir agus caithfear infheistíocht ollmhór a dhéanamh le go mbeidh daoine inniúil ar an nGaeilge ann le cur isteach ar na poist seo. Is féidir an sprioc sin a scríobh san Acht ach ní tharlóidh sé agus déarfaidh an tAire faoi cheann ocht mbliana nach bhfuil na daoine ann. Mar sin, ní leor an tAcht. Caithfidh an gníomh a theacht leis an Acht.

Ba mhaith liom cúpla eile a lua. Is maith liom an leagan amach atá sa Bhille seo agus tá go leor rudaí fiúntacha ann. Leagtar bunchearta síos san Acht agus cuirtear leo. Cheana féin tá buncheart ann maidir le comhfhreagras ach anois beidh rialacha ann agus beidh na bunchearta ar nós comhfhreagras san Acht féin. Beidh rialacháin, fo-orduithe agus pleananna ann freisin. Tá súil agam go bhfágfar na pleananna ann. Ní fheicim cúis ar bith iad a bhaint as mar feicim ról dóibh. Pléifidh mé an cheist sin tuilleadh leis an Aire agus an Aire Stáit ar Chéim an Choiste. Is maith liom go mbeifear in ann fo-ordú a dhéanamh ar rudaí. Is cumhacht thar a bheith tábhachtach é sin. Is cumhacht nua é, a fhorbraíonn go maith an rud atá ann agus tacaím leis sin.

Tá foráil sa Bhille a deir gur féidir le duine a ainm agus a sheoladh a úsáid i nGaeilge. Tá sé thar ama go mbeadh an ceart sin ag daoine. Níl aon rud níos seafóidí ná ag scríobh d’ainm i mBéarla. Rinne mise cúpla uair é ar shuíomh Aer Lingus. Scríobh mé isteach “Éamon Ó Cuív” agus nuair a chuaigh mé go dtí an deireadh agus bhrúigh mé an cnaipe, tháinig an rud ar ais ag rá nach féidir glacadh le m’ainm. Ansin is gá tosú arís agus d’ainm a chur isteach gan na síntí fada. Is maith an rud é go bhfuiltear ag díriú ar seo.

Tá caint ann freisin faoi theidil. Cuireann sé múisín orm go pearsanta nuair a fhaighim foirm agus deir sé Mr., Mrs. nó Miss. Táim tar éis staidéar a dhéanamh ar mo theastas breithe agus níl aon Mr., Mrs nó Miss air. An t-ainm atá ormsa ná Éamon Ó Cuív agus cé go bhfuil teideal orm mar Theachta sa Teach seo níor bhronn aon duine aon teideal orm. Is rud mínádúrtha sa Ghaeilge é. Ní théann muintir na Gaeltachta thart ag rá “an tUasal seo” agus “an tUasal siúd” mura bhfuil siad ag scigmhagadh faoi dhuine. Nach é Éamon Ó Cuív atá orm agus nach Aengus Ó Snodaigh atá ar an Teachta Ó Snodaigh? Is rud ó na Gaill é sin a tháinig isteach, le daoine ag ceapadh go raibh siad tábhachtach agus ag cur teidil orthu féin. Ba cheart go mbeadh an rogha ag an bpobal nuair atá siad ag líonadh isteach foirmeacha agus an ceart dlíthiúil a bheith acu gan teideal a úsáid. Tá cuid acu níos fearr ná cuid eile. Áine Uí Chuív atá ar mo bhean agus is giorrúchán é “Uí Chuív” de “Áine, Bean Uí Chuív”, sé sin, léiríonn sé gurb í mo bheansa í, mar is Ní Choincheannain a bhí uirthi sular phós sí. Ansin, ar an bhfoirm, cuireann sí “Mrs. Áine Uí Chuív” agus tá an rud ráite faoi dhó. Is seafóid é. Tá súil agam nuair a thagann muid ag an mBille seo, go mbeidh sé de cheart reachtúil ag daoine gan teideal a chur síos ar aon fhoirm mura bhfuil teideal acu. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil teidil ann, dubh, bán nó riabhach. B’fhéidir gur rud Eorpach é nó rud éigin ach ní rud Éireannach é. Tá níos mó seans go dtabharfaí Micil Thomas Shéamuis ort sa Ghaeltacht ná go dtabharfaidís teideal ort. B’fhéidir go ndéarfaidh daoine gur rud beag é ach breathnaíonn sé seafóideach má chuireann duine a n-ainm síos i nGaeilge. Maidir leis an rud a tháinig isteach de dhaoine ag úsáid “an tUasal Éamon Ó Cuív”, is muintir Chonradh na Gaeilge a chumadh é sin ag tús an chéad, ag déanamh aithris ar nósanna na nGall. Níl aon chiall leis ar chor ar bith.

Tá áthas orm go bhfuil an Rialtas ag díriú isteach ar cheist Coimisiún na Logainmneacha. Ní raibh mé riamh in ann a thuiscint cén fáth gur cuireadh deireadh le Coimisiún na Logainmneacha nuair nach raibh aon sábháil ann agus ní raibh an choimisiúin ag fáil aon íocaíocht. Bhí daoine le saineolas den scoth ag cur comhairle ar fáil don Stát saor in aisce. D’oibrigh sé go hiontach thar na blianta. Tá a fhios agam ar a laghad go bhfuiltear ag díriú ar an laincis dlí a cothaíodh ar mhaithe le dada.

Luaigh mé na bealaí atá ag lucht riaracháin cloí leis an dlí ach gan é a chomhlíonadh. Ceann de na samplaí is fearr ná pleanáil sa Ghaeltacht. San Acht Pleanála, caithfear suntas a thabhairt do chúrsaí teanga le linn pleanála sa Ghaeltacht. Mura ndéantar é sin, báfar na Gaeltachtaí, go mór mór iad siúd atá gar do chathracha móra, ar nós na Forbacha, an Spidéal agus Indreabhán, le scéimeanna tithíochta. Tá an-dochar déanta i mBearna agus Maigh Cuilinn. Tá cleas ag na comhairlí contae. Tá an rud céanna ar bun i gContae na Mí. Bhreathnaigh mise ar chead pleanála a tugadh i Ráth Chairn agus ar pháipéar breathnaíonn sé thar cionn, le 80% de na tithe coinnithe do Ghaeilgeoirí. Má éiríonn leo 80% Gaeilgeoirí a chur isteach ann beidh sé thar cionn, le daoine ag labhairt na Gaeilge gach chuile lá. Tá a fhios ag chuile dhuine sa Ghaeltacht go n-éireoidh le duine i dteist na Gaeilge sna comhairlí contae má tá an trí fhocal Gaeilge féin aige nó aici. Níl ann ach mugadh magadh. Ar an mbealach sin, tá an Ghaeltacht á scrios ag comhairlí contae agus na húdaráis phleanála ar fud na tíre. Caithfimid díriú ar an gceist seo agus cinntiú sa Bhille seo nó i mBille ón Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Má tá coinníoll Gaeilge ag baint le cead pleanála, caithfidh daoine atá ag cur isteach ar chead pleanála nó ag comhlíonadh an coinníoll, in eastát tithíochta mar shampla, caighdeán Gaeilge neamhspleách a bheith cruite acu, atá sách ard go bhféadfaidís a ngnó laethúil a dhéanamh trí Ghaeilge.

Is í an Ghaeltacht atáimid ag iarraidh a chothú agus bhí go leor cainte anseo inniu faoin Ghaeltacht, tacaíocht don Ghaeltacht agus é seo agus í siúd a dhéanamh don Ghaeltacht. Tá an Ghaeltacht bheag agus leochaileach. Caithfimid an rud is bunúsaí a chosaint, sé sin, gan an pobal a bháigh, mar a tharlaigh i Ráth Chairn, an Spidéal agus mar sin de. Níl an oiread sin brú sa bhealach seo ar na Gaeltachtaí atá i bhfad amach, ach mura gcosnóimid iad ó bheith báite le slua mór daoine gan Gaeilge ar bith ag teacht isteach, agus iad in ainm is a bheith ag cloí le riail pleanála, beidh deireadh lenár n-iarrachtaí ar fad an Ghaeltacht a chosaint agus beifear ag caoineadh faoi céard a tharlaigh don Ghaeltacht.

Tá brú ar an nGaeltacht ach ar bhealaí eile, ní raibh stádas nó céim níos airde riamh ag an teanga i measc an phobail.

Má bhreathnaímid siar 120 bliain, b'iad an mionlach a bhí ag tacú leis an nGaeilge ach tá go leor le déanamh agus ní cheart misneach a chailleadh. Caithfimid í a fheiceáil mar theanga náisiúnta, ní teanga pobal amháin tar éis chomh tábhachtach agus atá an Ghaeltacht. Is mar thobar na Gaeilge atá sí tábhachtach. Chomh maith leis sin, is díol suntais gur fhás líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh agus taobh istigh den Ghaeltacht idir an bhliain 2006 agus 2011. Ba i ndiaidh 2011, nuair a d'athraigh polasaí an Rialtais, a thit sé arís. Tá súil agam faoin Rialtas seo go bhfeicfimid fás uair amháin eile ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Fuair mé físeán de bheirt gasúir atá sé bliain as an Astráil inniu. Dráma beag a bhí ann a bhí curtha ar fáil do thuismitheoirí i nGaeilge. Mar labhairt an Ghaeilge le gasúr, is cuma cén áit ar domhan a labhraíonn duine í leo, tabharfaidh siad í leo gan stró. An rud go gcaithfear a dhéanamh le gasúir ná an Ghaeilge a chur ina mbealach. Súfaidh siad suas í agus ansin beidh sí acu.

Gabhaim buíochas leis an Aire agus leis an Aire Stáit. Chuala mé an méid a bhí le rá acu ní ba luaithe. Tá cúpla rud le rá agam le cur leis an méid a dúirt mo chomhghleacaithe, go háirithe an Teachta Ó Snodaigh. Ceann de na rudaí atá iontach deas ná go bhfuil Aire anseo agus muid ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Ceann de na rudaí a bhí de dhíth i cónaí ná go mbeadh Aire ag an leibhéal Rialtais a bheadh ag plé leis na ceisteanna seo. Le blianta anuas ní raibh ann ach Aire Stáit, agus cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, an Teachta Chambers.

Ceann de na rudaí nach bhfuil a fhios agamsa go fóill ná cé aige nó aici atá an chumhacht. Tá a fhios againn go n-aistrítear cumhachtaí ó Aire go Aire Stáit. An bhfuil sin déanta anseo? An bhfuil an chumhacht ag an Aire Stáit nó ag an Aire? An bhfuil an aistriú sin déanta, an bhfuil rún ann é sin a dhéanamh nó an bhfuil na cumhachtaí uilig ag an Aire? Is maith go mbeadh eolas againn air sin. Is maith an rud é freisin go bhfuil níos mó daoine ann le cuidiú leis sin agus ag cur béim ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá go leor ráite nach bhfuil mé ag iarraidh dul siar air arís ach caithfidh mé a rá go gcuirim fáilte roimh an díospóireacht atá anseo ó thaobh an Bille de. Tá sé go deas go bhfuil go leor Gaeilge le cloisteáil againn san Seomra inniu agus caithfimid cur leis sin amach anseo gan dabht. Léiríonn an díospóireacht seo go bhfuil go leor Teachtaí in achan pháirtí atá ábalta a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge. Tá a fhios agam go bhfuil an Teachta Ó Snodaigh ag iarraidh le blianta fada a chur chun tosaigh go mbeadh díospóireachtaí anseo i nGaeilge, go háirithe le linn Seachtain na Gaeilge. Ar an drochuair, rinneadh iarracht maith ar sin ag an tús ach ansin le cúpla bliain anuas tá sé ag éirí níos measa. Ba chóir dúinn níos mó a dhéanamh mar Dáil agus ceann de na coimitmintí a thug mé féin do dhaoine i nGaeltacht Thír Chonaill ná go ndéanfainn iarracht níos mó úsáid a bhaint as an nGaeilge agus mé i mbun mo chuid oibre anseo sa Teach seo.

Níl dabht ar bith ann ach go bhfuil an Bille seo fíorthábhachtach. Chuala mé an Teachta Ó Cuív ag caint ar an am nuair a foilsíodh an Bille go raibh caint ann go raibh sé ró-láidir go raibh iarrachtaí ar bun cúlú a dhéanamh ar an Bhille. Tá a fhios agam, ó thaobh Sinn Féin de, nach sin an dearcadh a bhí againne. Ón chéad dul síos, bhí muid ag iarraidh i bhfad níos mó cearta agus níos mó iarracht a bheith ann sa Bhille oifigiúil. Bhí an Teachta Ó Snodaigh ag plé na ceisteanna sin go luath agus ag rá go gcaithfear an Bille seo a láidriú.

Táimid ag fanacht i bhfad ró-fhada leis an Bhille seo. Is deas an rud é go bhfuil sé againn ach léiríonn an moill sin an easpa tábhachta a bhí ag baint leis an Bhille seo ó thaobh leibhéal Rialtas de le tamall maith anuas. Tá sé luaite ó a bhí 2011 ann go raibh leasuithe de dhíth. Tá sé trí bliana anois ó a bhí na ceannteidil againn. Níl a fhios agam an bhfuil Bille ar bith eile thart ar an Dáil a bhfuil muid ag fanacht an oiread ama sin fáchoinne. Tá sé againn agus is é sin an jab atá againn ná an Bille chomh láidir agus is féidir a bheith againn.

Mar duine a tógadh agus atá i mo chónaí i nGaoth Dobhair, tuigim an tábhacht atá ag baint le tacaíocht reachtúil a bheith ansin ó thaobh cearta na Gaeilge a láidriú agus an teanga labhartha a neartú. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil cinneadh le déanamh ag achan duine agus ag an phobal an Ghaeilge a úsáid. Tá cinneadh le déanamh fosta ag leibhéal reachtúil ó thaobh na tacaíochtaí agus na cosaintí a chur i bhfeidhm ó thaobh na teanga de. Sin an obair a táimid i mbun inniu.

Tuigimid uilig na deacrachtaí atá sa Ghaeltacht. Tá an easpa infheistíochta, an imirce agus an laghdú atá tagtha ar deiseanna i gceantair Ghaeltachta le blianta anuas pléite anseo arís inniu agus le blianta fada. Tá mé féin ag déanamh réidh don cháinaisnéis Dé Máirt agus tá a fhios againn go bhfuil pacáiste de €12 billiún le caitheamh ag an Rialtas. Sin €12 billiún sa bhreis le caitheamh ag an Rialtas. Sin an pacáiste atá sé ag caint air fáchoinne 2021. Sin €12 billiún agus beidh le feiceáil cé mhéad milliún de sin a rachaidh isteach ó thaobh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht de. Má táimid dáiríre ó thaobh achan rud atá le cloisteáil againn sa Teach seo agus má táimid ag iarraidh go mbeidh an Ghaeilge mar theanga náisiúnta a labhraítear ní hamháin sa Ghaeltacht ach taobh amuigh den Ghaeltacht, caithfidh muid an infheistíocht a dhéanamh fosta. Tá sé ceart agus cóir go bhfuil cosaintí reachtúla agus spriocanna agus a leithéid ann ach caithfear an infheistíocht a dhéanamh i gceantair Ghaeltachta agus sa Ghaeilge. Tá Conradh na Gaeilge ag tarraingt le chéile na grúpaí Gaeltachta agus Gaeilge ar fud na tíre le blianta fada anuas agus tá sé ag déanamh éileamh ar an Rialtas bliain i ndiaidh bliana ó thaobh an infheistíocht atá de dhíth. Ar an drochuair, nuair a thagann an cáinaisnéis, ní fheicimid an infheistíocht sin. Le cuidiú Dé, b'fhéidir gur seo an bhliain inar féidir linn é sin a dhéanamh.

Tá deacrachtaí faoi leith ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de agus táimid ag feiceáil sin. Tá staidéar i ndiaidh staidéar foilsithe agus léiríonn siad cé chomh dona agus cé chomh deacair agus atá na fadhbanna. Tá dóchas agam agus ag Sinn Féin nach bhfuil deireadh tagtha le saol na Gaeltachta agus go bhfuil athbheochan agus ré úr i ndán don Ghaeltacht. Caithfear an ré úr seo an tacaíocht ceart a bheith aici ón Stát. Caithfear cuspóirí soiléire a bheith leagtha amach sa reachtaíocht seo. Caithfear plean dearfach a bheith curtha i gcrích leis na cuspóirí sin a bhaint amach. Sin an príomhrud. Caithfear plean a bheith ann fosta agus caithfear an plean sin a chur i gcrích.

Cím i mo cheantar go bhfuil teaghlaigh ag bogadh ar ais, giota ar ghiota isteach san áit arís. Tá siad ag iarraidh a gclanna a thógáil le Gaeilge ach ní bhíonn na seirbhísí Stáit ábalta tacú leo chomh maith agus go mba chóir dóibh. Níl sin maith go leor agus caithfimid aghaidh a thabhairt ar an fhadhb sin. Chonaic mé i mbliana go raibh turasóirí ag teacht chuig Ghaeltacht Thír Chonaill, chuig na Dúnaibh agus chuig cheantair ar nós Gleann Cholm Cille agus a leithéid. Caithfidh an Stát maoiniú agus pleananna cinnte a chur i bhfeidhm le húsáid na teanga a chur chun cinn sna ceantair sin. Bhí na turasóirí seo ag teacht ar mhaithe leis an Ghaeilge agus ar mhaithe leis an chultúr, chomh maith leis an áilleacht atá againn sa cheantar sin. Mar shampla, caidé an plean atá ann chun déanamh cinnte de go bhfuil na heagrais phobail sna Gaeltachtaí uilig ag cumarsáid agus ag obair le chéile? Sin ceann de na rudaí go gcaithfimid aghaidh a thabhairt air. Caidé an plean atá ann ó thaobh sin? Tá go leor eagrais ag déanamh obair ar ndóigh. Níl dabht ar bith fadúda sin.

Rinneadh sárobair leis na hoifigigh phleanála teanga ach an bhfuil plean ann? An bhfuil córas ceart ann le déanamh cinnte go bhfuil siad ag obair le chéile agus ag iarraidh na spriocanna céanna a bhaint amach ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta? Tacaím le reachtaíocht láidir agus soiléir a bhfuil fís aici chun saol na Gaeilge agus todhchaí na Gaeltachta a chinntiú. Sin an fáth a bhfuilim ag tacú leis na leasuithe atá luaite ag mo chomhghleacaí, Teachta Ó Snodaigh, agus an chuid eile.

Tá fadhbanna ansin agus tá siad luaite. Is maith an rud go bhfuil spriocdháta ann ach tá sé gan maith ar bith spriocdháta a chur i reachtaíocht agus ansin cumhacht a thabhairt don Aire é sin a chur siar. Is ionann é sin agus a rá ag tús an phlean nach síltear go n-oibreoidh é. Caithfidh an sprioc a bheith i bhfad níos mó ná 20% a bhaint amach. Caithfimid féachaint ar cad a tharlóidh ina dhiaidh sin. Cad é an chéad chéim eile - 30%, 40% nó 50%? Caithfimid dul i bhfad níos faide.

Labhair an Teachta Ó Cuív ar chosaint na Gaeltachta agus aontaím leis ach, ag deireadh an lae, más sin an t-aon rud atá á dhéanamh, tiocfaidh creimeadh ar an nGaeltacht. Ní féidir a bheith ag cosaint an t-am ar fad; caithfimid dul amach ag ionsaí agus níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge. Ag caint le daoine sa Ghaeltacht agus le daoine atá ag feidhmiú ar son na Gaeilge, is léir go bhfuil íomhá nó smaoineamh acu go bhfuil siad i gcónaí ag iarraidh cosaint a dhéanamh ar ionsaithe atá á ndéanamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Táim ag caint ar chúrsaí pleanála agus ar déanamh cinnte go mbeidh coinníollacha pleanála i bhfeidhm. Is tábhachtach go mbíonn a leithéid de sin i bhfeidhm ach arís is cosaint é nuair a dhéantar cinnte go bhfuil an Ghaeilge ag 80% de lucht cónaithe eastát tithíochta agus go bhfuil siad in ann a n-obair a dhéanamh agus a teaghlaigh a thógáil i nGaeilge.

Caithfimid amharc ar an taobh eile de. Cén cineál tacaíochtaí breise a bhfuil muid chun tabhairt do dhaoine atá ag iarraidh cónaí a bheith orthu sa Ghaeltacht í féin? Nílim ag caint faoi chosaint a dhéanamh ar dhaoine le Béarla atá ag teacht isteach. Ceann de na deacrachtaí móra atá ag daoine atá tógtha le Gaeilge sna Gaeltachtaí, toisc gur ceantair iargúlta iad den chuid is mó, ná nach bhfuil aon rud i bpleananna forbartha ná infheistíochta na gcontaetha ó thaobh tús áite a thabhairt do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu chun iad a bheith ábalta cónaí a bheith orthu ina gceantair féin agus cur le tobar na Gaeilge.

Luaigh mé rud sa dhíospóireacht dheiridh. Tá a fhios agam go raibh muid ag plé leis an Aire Stáit agus feidhmeannaigh na Roinne. Bhain sé leis na tacaíochtaí do ghrúpaí agus, go háirithe, don aos óg. Caithfimid cinntiú go bhfuil an teanga ag an aos óg agus go dtógann siad a gcuid clanna le Gaeilge nuair atá siad níos sine. Mar pháirt de sin, caithfimid earnáil a bheith againn ina bhfuil an t-aos óg ábalta am a chaitheadh i dóigh ina bhfuil an Ghaeilge thart orthu.

Is ceann de na rudaí atáimid ag iarraidh i gceantar Ghaoth Dobhair ná ionad buail-isteach don aos óg. Bhíomar ag comhoibriú leis an Aire Stáit a bhí ann cheana ina leith sin. Bhí cruinniú aige liom féin agus leis an iarTheachta, Pat the Cope Gallagher, anseo i dTeach Laighean. Dúradh linn go mbeadh plean ann chun ionad óige nua a thógáil i gceantar Ghaoth Dobhair agus go raibh plean ann na milliúin euro a chaitheamh i gceantar Ghaoth Dobhair, ní hamháin ar ionad óige ach ar neart rud eile fosta. Bhí téarmaí tagartha ann do thuarascáil agus bhíomar páirteach leis sin. Rinne an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta iad. Bhí Údarás na Gaeltachta i láthair. Ceapadh comhairleoir agus bhí moltóir ann. Bhí níos mó eolais de dhíth agus a leithéid de sin. Tá sé déanta anois leis na míonna agus níl a fhios ag an ngrúpa óige ina bhfuil mé páirteach, agus níl a fhios ag na daoine eile atá ag feidhmiú go deonach, cad atá sa tuairisc sin.

Bíonn an iarTheachta Gallagher ag caint leis an Aire Stáit agus mar sin beidh a fhios aige go bhfuil sé fíorthábhachtach go gcomhoibreodh an Rialtas agus an Stát le grúpaí sa Ghaeltacht atá ag iarraidh an rud is fearr a dhéanamh. Tá sé fíorthábhachtach go mbíonn teagmháil, comhráite agus meas eatarthu. Tá an t-am caite anois. Ba chóir go n-inseodh an Stát dúinn cad atá sa tuairisc sin. An bhfuil plean ann anois le hionad óige nua a thógáil i gceantar Ghaoth Dobhair? Moladh é sin sa staidéar cuimsitheach a rinneadh i nGaoth Dobhair níos mó ná deich mbliana ó shin. Tá sé ráite ag an aos óg féin gur sin an rud atá de dhíth orthu. Moladh é sa phlean a rinne coiste oireachtais. Tá sé molta i bplean Údarás na Gaeltachta agus ag óige na Gaeltachta go mbeadh ionad buail-isteach ansin. Tá sé mar pháirt den phlean 20 bliain don Ghaeilge. Tá sé ráite gur chóir go mbeadh ionad óige sa cheantar sin. Tá an staidéar déanta, tá an t-airgead caite, tá comhairleoir ceaptha, tá an tuairisc scríofa agus os comhair an Aire Stáit, ach níor inis éinne cad atá istigh ann ná an bhfuil fadhbanna ann. Ag deireadh an lae, níl muid, mar ghrúpa pobal, agus na grúpaí deonacha atá mar pháirt den togra seo ag iarraidh ach an rud is fearr do dhaoine óige agus do dhéagóirí sa dóigh is go dtig leo am a chaitheamh in earnáil ina bhfuil an Ghaeilge timpeall orthu. Cuideoidh sé sin leis an nGaeilge agus leis an aos óg. Ba mhaith liom é sin a rá. Tá a fhios agam go bhfuil teagmháil á déanamh leis an Roinn. Molaim sin ach caithfimid a fheiceáil cad iad na moltaí atá ann sa phlean sin.

Is é an rud deireanach a luafaidh mé ná cúrsaí na n-oileán, go háirithe cúrsaí ar Thoraigh. Tá fadhb mhór maidir le Toraigh. Bhí seo pléite sa Dáil cúpla bliain ó shin. Bhí muintir Thoraí taobh amuigh de na geataí mar gheall ar fhadhbanna iompair isteach agus amach go dtí an t-oileán. Mar pháirt den réiteach, moladh go mbeidh bád gasta ansin. Rinne an Roinn é sin a chur amach chuig tender ach, ar an drochuair, tá cás cúirte ag dul ar aghaidh mar gheall air sin agus tá fadhb anois ag an Roinn an conradh sin a bhronnadh. Mar gheall air sin, níl bád gasta anois ag dul isteach agus amach go Toraigh. Tá fadhbanna millteanacha ansin agus muid ag tabhairt aghaidh ar an ngeimhreadh. Caithfimid dóigh a fháil thart air seo. Tá a fhios agam go bhfuil cás cúirte air sin ar siúl agus ní féidir baint a bheith againn leis sinn. Déanfaidh na breithiúna cinneadh ar an gceist sin amach anseo. Tá a fhios agam go bhfuil an t-airgead ann agus go bhfuil an Roinn sásta an conradh sin a bhronnadh ar cibé duine a bhainfidh an tender amach ach tá fadhb fós ann. Tá sé ag dul ar aghaidh leis na blianta. Táim ag dul isteach ag an ngeimhreadh agus níl bád gasta ann. Ní hamháin é sin, ach níl an t-ingearán a théann amach go dtí an t-oileán ábalta an tseirbhís chéanna a chur ar fáil de réir na srianta Covid-19 atá i bhfeidhm. Caithfimid a bheith ag smaoineamh taobh amuigh den bhosca ó thaobh an dóigh inar féidir linn tacaíocht a thabhairt do phobal Gaeltachta atá seacht míle amach ó chósta Dhún na nGall agus nach bhfuil seirbhís bháid farantóireachta gasta acu agus ba chóir. Tá súil agam go mbeidh an tAire agus an tAire Stáit ábalta a gcloigne a chur le chéile. Táim ar fáil. Ní féidir liom labhairt ar son na dTeachtaí eile ó Dhún na nGall ach ceapaim go mbeidh siad ar fáil freisin. Caithfimid réiteach a fháil air seo. Ní fadhb í seo a chruthaigh an Rialtas ná an Freasúra ach tá fadhb ann agus, ag deireadh an lae, caithfimid réiteach a fháil uirthi.

Gabhaim mo bhuíochas agus buíochas an Aire le gach Teachta le linn na díospóireachta inniu. Mar atá geallta sa chlár Rialtais, táthar ag iarraidh go mbeidh an Bille achtaithe roimh dheireadh na bliana agus gur Bhille níos láidre a bheidh ann.

Maidir le ceist an Teachta Doherty, beimid ag teagmháil leis chun an cheist seo a phlé. Beidh mé ag labhairt le Pat the Cope Gallagher freisin. Tá a fhios agam go bhfuil an cheist seo an-tábhachtach don Teachta agus do phobal na Gaeltachta i nDún na nGall.

Maidir le ceist eile a d'ardaigh an Teachta Doherty, níl an t-ordú a dhearna sé tagairt dó réidh go fóill ach tá céimeanna glactha chun é sin a dhéanamh. É sin ráite, tuigim ón Aire go bhfuil spéis ar leith aici sna gnéithe dá cúraimí a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht agus go mbeidh sí lárnach san obair chun an clár Rialtais a chur i bhfeidhm mar a bhaineann sí leis an teanga.

Deimhním don Teachta Ó Snodaigh go mbeidh súil againn go mbeidh an Stát in ann seirbhís níos fearr a chur ar fáil i nGaeilge tar éis an mhéadaithe sin ar earcaíocht. Luaigh gach duine pointí an-mhaith. Tógfaidh mé féin agus an tAire gach rud ar bord.

Luaim go háirithe na pointí luachmhara a d’ardaigh na Teachtaí Calleary, Ó Cathasaigh, Farrell, Doherty, Ó Cuív agus daoine eile. Beidh níos mó daoine sa Teach seo ag labhairt Gaeilge agus tá sé sin an-tábhachtach.

Tá cúpla nóiméad eile agam chun an Bille a phlé. An cáineadh is mó a tugadh ar an mBille nuair a foilsíodh é ná an easpa spriocdhátaí a bhí luaite do chuid de na beartais. Tá iarracht déanta dul ina ngleic leis an easpa sin anois trí na leasuithe a mholfaidh an Rialtas ar Chéim an Choiste. I mo chéad óráid, chuaigh mé trí na leasuithe agus tá a fhios agam go n-aontaíonn gach duine sa Teach seo fúthu. Beimid ag labhairt faoi na leasuithe eile sa choiste i gceann cúpla seachtain nó sa mhí seo chugainn. Tá súil agamsa agus an Aire go n-aontóidh Teachtaí liom nuair a deirim go bhfuil na leasuithe seo ríthábhachtach don Ghaeilge agus go gcabhróidh siad an Ghaeilge a láidriú agus a neartú sa Státchóras, ionas go mbeidh seirbhísí Gaeilge d’ardchaighdeán ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Molaim an Bille seo don Teach.

Question put and agreed to.