Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Oct 2021

Vol. 1012 No. 2

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh

Fearaim fáilte roimh an Aire Stáit. Tá leasú Uimh. 1 as ord.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 1.

Táim ag plé le leasú Uimh. 2, in ainm na dTeachtaí Ó Snodaigh, Ó Dálaigh agus Ní Fhearghail. Eascraíonn na moltaí seo as imeachtaí an choiste, is iad sin leasuithe Uimh. 2, 39, 46, 49 go dtí 51, go huile, 67 agus 305. Tá baint acu le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 2:

I leathanach 7, idir línte 21 agus 22, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(c) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar ‘cúirt’:

“ciallaíonn ‘cúirt’ aon bhinse de chuid comhlacht poiblí a gcumhachtaítear dó le dlí cearta agus dliteanais na bpáirtithe atá os a chomhair a chinneadh;”,”.

Is trua nach raibh níos mó ama againn muid féin a eagrú i gcomhthéacs an ghrúpa leasuithe seo, ach is é sin mar atá sé. Baineann na leasuithe seo ar fad - Uimh. 2, 39, 46, 49 go dtí 51, go huile, 67 agus 305 - le cúrsaí dlí agus cúirte agus aitheantas cuí a bheith tugtha don Ghaeilge os comhair na cúirte. Ní dhearnamar plé ar roinnt de na leasuithe seo ar Chéim an Choiste. Is trua nár ghlac an tAire Stáit leis an gcomhairle uainn mar a ghlac sé le roinnt de na leasuithe eile agus gur chuir sé a chuid leasuithe féin isteach. Tá roinnt díobh bunaithe ar an méid a bhí le rá ag an mbreitheamh sa chúirt mar gheall ar cheisteanna Gaeilge. Chomh maith leis sin, tá na leasuithe gafa lena lán de na cásanna cúirte atá tógtha agus á dtógáil maidir le cearta Gaeilge a fháil os comhair na cúirte. Tá saghas dabht ann maidir leis an seasamh nó an stádas oifigiúil atá ann sa chúirt.

Tá leasú Uimh. 2 simplí go leor. Is iarracht atá ann míniú a thabhairt ag tús an Bhille ar an méid go díreach atá i gceist leis an bhfocal "cúirt". Is gá é sin a dhéanamh mar uaireanta ní bhíonn gach uile chúirt clúdaithe nuair a luaitear "cúirt". Sa chás seo, táimid ag déanamh cinnte de go mbeidh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, a bunaíodh in 2015, clúdaithe in aon cheann de na cearta atá ag Gaeilgeoirí os comhair na cúirte - cearta a luaigh an Teachta Fergus O'Dowd in 2003, chun aitheantas a thabhairt dó anois. Dúirt sé an tráth sin - beagnach 20 bliain ó shin - go raibh fadhb ann. Ní cóir go mbeadh orainn é sin a phlé, fiú amháin, ar an gCéim seo ach ba chóir an reachtaíocht a thabhairt cothrom le dáta ionas go mbeidh, i gcás an leasaithe seo, an binse seo luaite agus clúdaithe ag na cearta teanga atá i gceist.

Baineann leasuithe Uimh. 39 agus 49 go 51, go huile, leis an méid a dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh. Níl mé chun é ar fad a léamh mar tá sé cuíosach fada ach impím ar dhaoine a bhfuil spéis acu sa cheist seo féachaint ar an méid a dúirt sí. Dúirt sí go raibh stádas oifigiúil ann ó thaobh na gcúirteanna de ach nach raibh aitheantas cuí á thabhairt don stádas sin. Tá sí an-eolach. Chuaigh sí chomh fada le rá go raibh na cúirteanna sa Stát seo ag cur i gcoinne na Gaeilge. Is rud mór é go ndúirt breitheamh an méid sin. Dúirt sí go bhfuil teipthe ar sheirbhísí do Ghaeilgeoirí os comhair na gcúirteanna de bharr an cur i gcoinne sin. Agus é sin ráite ag an mbreitheamh, ba chóir go mbeifear ag déanamh beart de réir an bhriathair. Is é seo an deis atá againn. Dúirt an tAire Stáit cheana go bhfuil áiteanna níos cuí don fhoráil seo ach is é seo an bealach is tapa. Tá deis againn déileáil leis an fhadhb seo chomh tapa agus is féidir, seachas a bheith ag fanacht ar reachtaíocht eile agus seans ann nach dtiocfaidh sí riamh. Tá a fhios againn ón Dáil dheireanach cé chomh fada is a thógann sé reachtaíocht maidir le breithiúna agus a leithéid a reáchtáil. Tógann sé i bhfad Éireann níos faide ná mar is cóir, b'fhéidir chomh fada is a thógann reachtaíocht faoin nGaeilge. In ainneoin tuairisc i ndiaidh tuairisce ag déileáil leis an gceist seo a fháil, ba chóir dúinn aithint go bhfuil fadhb bhunúsach ann. Níl aon leasú ag teacht ón Rialtas chun déileáil leis an méid a d'aithin an Breitheamh Uí Raifeartaigh. Ba chóir dúinn glacadh leis na leasuithe atá molta agam anseo. Muna bhfuil an tAire Stáit sásta é sin a dhéanamh, ba chóir dó féachaint athuair ar an bhfoclaíocht atá agam. Má tá fadhb ann, ba chóir dó leasú a mholadh sa Seanad chun déanamh cinnte de go bhfuil an cheist seo pléite agus go ndéileálfar leis sa deireadh thiar thall.

Déanann leasú Uimh. 39 cinnte de go bhfuil sé de cheart ag daoine ateangaireacht ó theanga amháin go teanga eile a bheith acu sna cúirteanna. Ní tharlaíonn sé sin. Níl an ceart sin ag daoine atá os comhair cúirte agus atá ag iarraidh go reáchtálfar an cás trí Ghaeilge. Is ceart bunúsach é atá ann i mbeagnach gach uile thír eile san Eoraip ina bhfuil stádas oifigiúil ag teangacha difriúla. Go minic is teangacha nach bhfuil an oiread sin daoine á labhairt a bhíonn i gceist ach faigheann na teangacha sin stádas agus meas ó na cúirteanna go fóill. Ní tharlaíonn sé sin anseo. Impím ar an Aire Stáit féachaint athuair air seo. Dúirt sé go ndéanfadh sé smaoineamh ar an leasú a bhí agam mar gheall ar an gceist seo - Uimh. 39 atá i gceist anois - agus go dtiocfadh sé ar ais lena leasú féin ar an gCéim seo ach níor tharla sé sin. Níl a fhios agam ar bhuail sé leis an tSeirbhís Cúirteanna mar a bhí i gceist aige chun go mbeadh a fhios againn go cinnte go raibh athruithe ag teacht sna cúirteanna. B'fhéidir nach bhfuil gá leis seo más rud é go bhfuil na hathruithe sin ag teacht. Ní cóir go mbeadh gá leis mar tá aitheantas tugtha do stádas na Gaeilge sa Bhunreacht. Tá an leasú seo ar an mBille curtha chun cinn agam toisc nach bhfuil an t-aitheantas cuí á thabhairt in ainneoin an Bhunreachta. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit sásta glacadh leis an leasú.

Déanann leasuithe Uimh. 40 go dtí 42, go huile, 47, 48 agus 305 déileáil le ceart daoine atá os comhair cúirte an cás a chloisteáil ina dteanga féin, is é sin, go mbeadh ateangaireacht ann.

Mar gheall ar leasú Uimh. 2, níl ach cúpla focal a rá. Mhol Teachta Dála de chuid Fhine Gael, an Teachta O'Dowd, é in 2003 chun an seanmhíniú ar "cúirt" san Acht a fheabhsú. Baineann sé seo le héagóir atá ann. Tá cearta teanga ann i mbinsí fiosrúcháin ar leith ach níl siad ann i mbinsí eile. Srianann an tAcht cearta teanga cúirte do bhinsí a bunaíodh faoi na hAchtanna a bhí i bhfeidhm roimh 2002 amháin. I gcás binsí nua fiosrúcháin a bunaíodh ó shin agus iad a bhunófar amach anseo, an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre a bunaíodh in 2015 ina measc, is cosúil nach bhfuil aon cheart ag Gaeilgeoirí labhairt os a gcomhair ina dteanga féin. Is fadhb í seo a d'aithin an Teachta O'Dowd beagnach 20 bliain ó shin. Ní cóir go mbeadh orainn í a phlé, fiú ag an staid seo, ach an reachtaíocht a thabhairt suas chun dáta ionas go mbeadh aon bhinse bunaithe ag aon chomhlacht poiblí ag am ar bith clúdaithe.

Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, nuair a deireann breitheamh chomh sinsearach leis an mBreitheamh Úna Ní Raifeartaigh nach bhfuil cearta cothroma ag dream amháin, b'éigean don Rialtas aire a thabhairt di. Dúirt sí go bhfuil na cúirteanna ag cuidiú le linguicide ina aghaidh na teanga agus nach bhfuil seirbhís leordhóthanach ar fáil in aon chor. Níl leasú ar bith ag an Rialtas chun an cúiseamh sin a fhreagairt ach go bhfuil sé ag amharc ar chinneadh statutory instruments a aistriú go Gaolainn in am réasúnta. Ní chreideann an Rialtas seo i gcearta teanga.

Táim bródúil leasú Uimh. 39 a thabhairt os comhair na Dála faoina mbeadh ceart ag daoine seirbhísí aistriúcháin bhéil chomhuaineach a bheith acu. Dúirt an tAire Stáit sa chomhchoiste go gcreideann sé go bhfuil an córas ag obair faoi láthair in ainneoin na fianaise agus an méid a dúirt an Breitheamh Uí Raifeartaigh. Tá sé soiléir nach raibh aon teagmháil ag an Aire Stáit le daoine a bhí ag iarraidh a gcearta a fháil sna cúirteanna. Gheall an tAire Stáit go bpléifeadh sé leasú leis an tSeirbhís Cúirteanna agus go mbeadh sé ar ais le leasú dá chuid féin. An raibh aon chruinniú ann? Ní bheadh aon fhadhb leis na cúirteanna Eorpacha leis sin. Is trua nach bhfuil dearbhú anseo.

Baineann leasuithe Uimh. 40 go dtí 42, go huile, 47 agus 48 le cearta do dhaoine a gcásanna a phlé as Gaeilge. Fúthu, bheadh breitheamh nó giúiré in ann an Ghaolainn a thuiscint. Ba chóir go mbeadh cáipéisí cúirte sa teanga is fearr leis an duine atá os comhair na cúirte. Níl an t-éileamh sin míréasúnta. Dá mbeadh ar dhuine a labhraíonn an Béarla a chás nó a cás a phlé i nGaeilge, bheadh raic ann. I dtír inar crochadh duine sa Teach Dóite 250 bliain ó shin, cén fáth go bhfuil sé all right go mbeadh duine ón nGaeltacht curtha san áit chéanna inniu? Chuir an Rialtas na riachtanais go mbeadh leibhéal Gaeilge áirithe ag dlíodóirí agus aturnaetha ar ceal in 2008. Bhí ar gach dlíodóir beagáinín Gaeilge a bheith aige nó aici. Anois, níl Gaeilge shásúil acu agus tá fadhbanna againn le breithiúna a fháil a bhfuil Gaeilge acu. Tá an baol ann nach mbeadh Gaeilge ag breitheamh sa Chúirt Uachtarach, áit a bhfuil dualgais ar bhreithiúna Bunreacht na hÉireann a thuiscint as Gaolainn. Faoi leasú Uimh. 50, bheadh ar 20% de dhlíodóirí nua an Ghaeilge a bheith acu faoi 2030. Is é sin an aidhm chéanna atá ann do na seirbhísí poiblí. Molaim na leasuithe sin.

Ba mhaith liom soiléiriú a fháil. Tá leasú ann, Uimh. 67, a bhfuil m'ainm air. Tá sé sa ghrúpa seo.

Ach ní bhaineann sé leis an ábhar seo. Baineann sé le comhlacht poiblí má tá folúntas ann. Níl a fhios agam anois.

Táimid ag déileáil leis anois agus mura labhraíonn an Teachta anois ní bheidh an seans aici níos déanaí.

Is é an rud atá i gceist agam anseo ná go mbeidh sprioc ama i gceist, is é sin spriocdháta, an 31 Nollaig 2025. Ba mhaith liom an deis a thapú chun a rá go bhfuil gá le spriocdháta. Ghlac an tAire Stáit le cuid den chomhairle uainn go bhfuil gá le spriocdháta, agus ar a laghad tá iarracht déanta aige ach, tríd is tríd, tá easpa spriocdháta i gceist agus easpa dáiríreachta ó thaobh an Bhille seo a chur i gcrích. Bím sa Chathaoir anseo agus cuirim brú ar na Teachtaí cloí leis na rialacha. Táimid ag tosú le leasú Uimh. 2. Tá leasú Uimh. 1 rialaithe as ord. Cuireann an leasú sin an rud i gcomhthéacs mar má tá leasú Uimh. 1 as ord, níl le déanamh agam ansin ach comhthéacs a chur ar an mBille seo arís, an fáth go bhfuil gá leis an mBille agus an rud atá á iarraidh ag an Bille seo a chur ina cheart mar tá an leasú sin as ord. Ní cothaíonn sé sin muinín ionam go bhfuil an tAire Stáit i ndáiríre in ainneoin go bhfuil cuid de na moltaí glactha aige. Tiocfaidh mé ar ais go dtí na pointí sin.

Ba mhaith liom a shoiléiriú don Teachta an bealach ina láimhseáiltear na rudaí seo. Tuigim go mbíonn teagmháil idir Oifig na mBillí agus an Roinn ó thaobh na leasuithe seo a chur le chéile i ngrúpaí.

Maidir le leasú Uimh. 2, beimid ag tógáil ar líon agus leibhéal na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge trí fheidhmiú an phlean náisiúnta agus trí chóras na gcaighdeán ar bhonn céimnithe tomhaiste. Caithfimid a bheith airdeallach agus muid ag tabhairt leasuithe isteach ar an reachtaíocht agus ar an tionchar a d'fhéadfadh siad a imirt ar reachtaíocht eile. Ní shílim dá réir go mbeidh sé ciallmhar míniú ar an téarma "cúirt" a fhorbairt faoi láthair sa reachtaíocht seo. Tá tuiscint fhorleathan ann ar céard is cúirt ann agus níor mhaith liom é sin a chur as riocht. Mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Maidir le leasú Uimh. 39, baineann an leasú seo le "ní mór" a chur in ionad "féadfaidh" sa mhéid is a bhaineann sé le córas ateangaireachta a chur ar fáil sna cúirteanna. De réir mar a thuigim, tá an córas seo i bhfeidhm cheana féin agus ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo mar sin.

Tógfaidh mé leasuithe Uimh. 46 agus 49 le chéile. Is féidir leas a bhaint as ceachtar den dá theanga oifigiúil in aon chúirt, in aon phléadáil iontu, nó in aon doiciméad a eisítear ó aon chúirt. Tá dualgas ar an gcúirt a chinntiú go bhféadfadh aon duine éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi. Mar a mhínigh mé ar Chéim an Choiste, má tá an Stát nó comhlacht poiblí mar pháirtí in imeachtaí sibhialta os comhair cúirte, bainfidh an Stát nó aon chomhlacht poiblí úsáid as an teanga oifigiúil, Béarla nó Gaeilge, atá roghnaithe ag an bpáirtí eile. Má tá níos mó ná páirtí amháin eile i gceist, beidh cinneadh le déanamh ag an Stát nó ag an gcomhlacht poiblí cibé teanga oifigiúil a bheadh réasúnach a úsáid sa chás sin. De bharr go mbeidh an tseirbhís trí Ghaeilge trasna an chórais Stáit i bhfad níos láidre faoi 2030, an Roinn Dlí agus Cirt agus an tSeirbhís Cúirteanna san áireamh, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo. Má tá an Stát nó comhlacht poiblí mar pháirtí in imeachtaí sibhialta os comhair cúirte, bainfidh an Stát nó an comhlacht poiblí úsáid as an teanga oifigiúil, Gaeilge nó Béarla, atá roghnaithe ag an bpáirtí eile. Má tá níos mó ná páirtí amháin eile i gceist, beidh cinneadh le déanamh ag an Stát nó ag aon chomhlacht poiblí faoi cibé teanga oifigiúil a bheadh réasúnach sa chás, ach más rud é go bhfuil na dualgais seo á sárú ag comhlacht poiblí, ba chóir an duine nó aon duine é sin a threorú chun gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga mar go bhfuil sé de cheart acu faoin Acht é sin a dhéanamh. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Maidir le leasuithe Uimh. 50 agus 51, aontaím gur chóir go mbeadh líon leordhóthanach breitheamh inniúil sa Ghaeilge chun seirbhís dhátheangach d'ardchaighdeán a chur ar fáil don phobal. Mar atá ráite agam roimhe seo, ní dóigh liom gur chóir é seo a dhéanamh tríd an leasú. Tá cur amach ag daoine ar an bpróiseas atá ann chun breitheamh a cheapadh agus tá gealltanas sa chlár Rialtais go ndéanfar an Bille fá Choimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha a achtú. Tá an-obair ar siúl maidir leis an mBille sin faoi láthair.

Anuas ar sin tugadh isteach Acht na ndlíchleachtóirí ar an 9 Iúil 2008 freisin agus foráiltear le halt 2 den Acht go dtabharfaidh Dlí-Chumann Corpraithe na hÉireann aird ar bheartas an Rialtais maidir le dátheangachas agus go ndéanfaidh sé gach beart réasúnta chun a chinntiú go mbeidh líon leordhóthanach aturnaetha in ann an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge. Bunaíodh clár Gaeilge in Óstaí an Rí agus i nDlí-Chumann Corpraithe na hÉireann faoin Acht seo chomh maith. Tá an clár seo cothrom le dáta agus tá sé ar fáil go poiblí ar shuíomh Idirlín na n-eagraíochtaí seo.

Tá oifig mo Roinne tar éis radharc fadtéarmach a ghlacadh maidir leis an gceist seo. Tá an-chuid oibre ar bun i láthair na huaire chun tacaíochtaí a chur ar fáil do chleachtóirí a bhfuil suim acu seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal. Déantar maoiniú a chur ar fáil do chúrsaí Gaeilge in institiúidí tríú leibhéal in Éirinn faoi Thionscnaimh Ardscileanna Gaeilge. Soláthraíonn an Roinn maoiniú do 12 chúrsa tríú leibhéal speisialaithe i réimsí eile aistriúcháin, léirmhínithe, agus dlí. Luíonn sé le réasún go mbeidh na cleachtóirí seo ar fáil lena gceapadh mar bhreithimh amach anseo. Ar na cúiseanna sin ní bheidh mé ag glacadh leis na leasuithe seo.

Maidir le leasú Uimh. 66, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. Tháinig an t-alt seo i bhfeidhm go huathoibríoch cheana féin i mí Iúil 2006 agus dá bhrí sin ní gá le dáta tosach feidhme.

Maidir le leasú Uimh. 305, mar a luaigh me cheana, tá sé de cheart ag aon duine an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt sa tír seo cheana féin, is cuma cén fáth a bhfuil siad ann: mar fhinné, mar chosantóir, mar ghearánach nó mar íospartach. Faoin mBille, leasaítear na hailt a bhaineann le toghairm giúiréithe agus d'fhógair an tAcht i gcomhréir leis sin chun foráil a dhéanamh maidir le fógra dátheangach a eisiúint ar a dhéantar duine a thoghairm chun fónamh mar ghiúróir. Tá an fhoráil á lorg ag pobal labhartha na Gaeilge le fada agus mar sin ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Tá sé á rá ag an Aire Stáit go bhfuil sé de chead ag aon duine Gaeilge a úsáid os comhair na cúirte i gcás go mbeadh daoine ag tógáil an cháis nó má tá an cás á thógáil i gcoinne an Stáit agus gur féidir leo an Ghaeilge a roghnú sa chás sin. Tá breall ar an Aire Stáit. Má théim isteach sa chúirt, is féidir liom cás cúirte a bheith agam i mBéarla le moill agus tá moilleanna sna cúirteanna. Ach ó thaobh stádas na Gaeilge de, cuirtear leis an moill sin. Ní féidir liom, dá réir, go huathoibríoch dul isteach agus an ceart agus an stádas ceannann céanna a bhaint amach. Tá moill ann toisc nach bhfuil na breithimh ann le Gaeilge, nach bhfuil na dlíodóirí ná na habhcóidí ar fáil chomh flúirseach is gur chóir. Tá daoine agus breithimh den scoth ann agus tá daoine eile nach bhfuil amhlaidh. Tá daoine ar na binsí nach bhfuil Gaeilge acu. Tá roinnt eile freisin nach bhfuil tuiscint acu ar an mBunreacht i nGaeilge. Tuigeann siad an Bunreacht ach níl an tuiscint i nGaeilge acu.

Táim an-chúramach faoin méid atá á rá agam agus ní mise a bhí á rá an méid seo mar is é seo a bhí á rá laistigh den chúirt ag an mBreitheamh Úna Ní Raifeartaigh nuair a bhí sí ag caint agus ag caitheamh anuas ar an drochshlí a caitheadh leis an nGaeilge agus atá á caitheamh léi laistigh de na cúirteanna faoi láthair. Tá fadhb ann agus í aitheanta ní hamháin agamsa ach, mar a dúirt mo chomhghleacaí níos luaithe, ag an Teachta Fergus O'Dowd 20 bliain ó shin. Níor tharla aon athrú seachas a mhalairt agus is ag dul in olcas atá ceisteanna sna cúirteanna, ní hamháin ó thaobh na Gaeilge de ach ó thaobh a lán rudaí eile, ach táimid anseo ag déileáil le ceist na Gaeilge. Níl an stádas ná an t-aitheantas cuí á thabhairt mar is cóir don Ghaeilge. Is é sin ceann de na bunfhadhbanna. Ba chóir go mbeadh sé mar choinníoll nuair atá breitheamh á roghnú - is é seo ceann de na leasuithe - go bhfuil Gaeilge acu, go bhfuil siad inniúil sa Ghaeilge agus go dtuigeann siad í.

Má tá breitheamh ann gan an tuiscint ar an nGaeilge, conas is féidir leis nó léi an dlí a aithint i gceart nó chomh tapa agus ba chóir dó nó di? Ba chóir don Aire Stáit féachaint athuair ar a bhfuil á rá agam maidir leis na breithiúna.

I ndiaidh Chéim an Choiste, labhair na hoifigigh leis an tSeirbhís Chúirteanna agus dúradh nach bhfuil aon fhadhb seirbhís a fháil i nGaeilge. Má tá an Stát nó comhlacht poiblí mar pháirtí in imeachtaí sibhialta os comhair na cúirte, baineann siad úsáid as an teanga oifigiúil, Gaeilge nó Béarla, atá roghnaithe ag an bpáirtí eile. Má tá níos mó ná páirtí eile i gceist, beidh cinneadh le déanamh ag an Stát nó ag comhlacht poiblí faoi cibé teanga oifigiúil a bheadh réasúnach a úsáid sa chás. Más rud é go bhfuil na dualgais á sárú ag comhlacht poiblí, ba chóir d'aon duine gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga, mar go bhfuil sé de cheart aige nó aici faoin Acht.

Luaigh mé roinnt de seo ar Chéim an Choiste. Fiú roimhe sin, ardaíodh an cheist seo leis an Aire Stáit ó dhreamanna eile chomh maith. Roimh 2008, bhí céim nó méid áirithe Gaeilge ag 100% de na habhcóidí agus na dlíodóirí anseo; ní raibh sé go huile is go hiomlán cruinn ach bhí Gaeilge acu. Anois, níl ach 2% de na habhcóidí atá cáilithe in ann a n-obair a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá sé sin tubaisteach. Tá leasú Uimh. 51 ar cheann de na forálacha trína bhfuilimid ag déanamh cinnte de go mbeidh 20% de na habhcóidí a bheidh á gcáiliú roimh 2030 inniúil sa Ghaeilge. Is é sin an príomhrud atá ag rith trí chuid mhór den stádas seo. Táimid ag iarraidh dul ar ais ar an mbealach ina raibh sé.

Tá seans ann, creid é nó ná creid, go mbeidh breitheamh ar an gCúirt Uachtarach nach mbeadh Gaeilge aige nó aici agus is í an chúirt a dhéanann an cinneadh maidir leis an mBunreacht. Tá sé sin an-dainséireach toisc gurb é an Bunreacht bundoiciméad an Stáit agus is é an seasamh atá ann ná go mbuann an Bunreacht as Gaeilge ar an leagan Béarla – it trumps the other one. Mura bhfuil tuiscint ag an mbreitheamh, tá sé i bhfad níos deacra tuiscint a fháil ar cad a bhí nó a bheidh i gceist nuair atá sé ina bhreitheamh nó sí ina breitheamh agus ag déileáil leis. Tá dainséar ansin. Ní smál é nó níl mé ag caitheamh anuas ar aon bhreitheamh atá ann faoi láthair. Sin mar atá. Caithfimid an fhadhb a aithint agus déileáil léi.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 3:

I leathanach 7, idir línte 24 agus 25, an méid seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘inniúlacht’ i gcomhthéacs na Gaeilge san Acht seo, agus in aon reachtaíocht eile, líofacht de leibhéal B1 nó níos airde ar an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha;”.

Tá sé dochreidte nach bhfuil seirbhísí Stáit fheiliúnaigh ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht sa bhliain 2021. Is é sin an bealach a bhfuil sé faoi láthair agus tá a fhios againn é sin. Ar ndóigh, tuigeann muintir na Gaeltachta é sin go rímhaith. Lig an Stát Gaeilgeoirí agus muintir na Gaeltachta síos ar feadh na nglúnta cheana ó thaobh an ceart a bhí agus atá acu a dteanga dhúchais a úsáid ina Stát féin. Tá sé thar am an éagóir seo a chur ina cheart agus a chinntiú go mbeidh deis ag an gcéad ghlúin eile de chainteoirí Gaeilge a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge más mian leo.

Dá bhrí sin, caithfidh an Rialtas a chinntiú go bhfuil na seirbhísí seo ar fáil sa Ghaeltacht agus tá sé ar an Aire Stáit a dheimhniú go mbeidh an bunleibhéal seo ann chun na seirbhísí seo a chur i bhfeidhm go huile is go hiomlán i nGaeilge sa Ghaeltacht. Impím ar an Aire Stáit glacadh leis an leasú seo. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil ardchaighdeán Gaeilge ag na hearcaigh sa státseirbhís agus go bhfuil dóthain fostaithe ann chun déileáil leis na daoine atá ag iarraidh seirbhísí Stáit a úsáid trí mheán na Gaeilge.

Faoinár leasú, bheadh iallach ar an státseirbhís cloí le leibhéal B1 sa Ghaeilge chun go mbeadh sé ag 20% d’earcaigh nua, ar a laghad. Is rud fíorthábhachtach é seo. Ní hamháin go gcuireadh sé sin le seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí ach chruthódh sé deiseanna fostaíochta dóibh agus spreagfadh sé ardchaighdeán Gaeilge i measc an phobail freisin. Má bhreathnaímid air go ginearálta agus má bhreathnaímid ar dhaoine atá agus a mbíonn ag caitheamh lá i ndiaidh lae trí mheán na Gaeilge - cuireann Raidió na Gaeltachta agus TG4 an nuacht agus go leor eile ar fáil trí mheán na Gaeilge - tá sé dochreidte nach bhfuil an bunleibhéal B1 seo riachtanach ionas go mbeadh ardchaighdeán ann.

Nílimid ach ag caint ar 20% de na hearcaigh nua ach dhéanfadh sé difríocht ollmhór. Léireodh sé do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus dóibh siúd atá ag tógáil a gcuid páistí trí mheán na Gaeilge, rud a bhfuilimid ar fad ag iarraidh go dtarlódh sé, go bhfuil an Stát, an Rialtas agus an tAire Stáit dáiríre faoin leibhéal Gaeilge atá ag teastáil ón státseirbhís agus go mbeadh seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge do na daoine sin.

Is é an rud is tábhachtaí agus an bealach is fearr le cinntiú go leanfaidh daoine orthu ag labhairt Gaeilge lena gcuid páistí agus comhghleacaithe ná go gcaithfidh an Stát a léiriú go bhfuil sé sásta an teanga a úsáid; go gcreideann sé go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh an Ghaeilge ann; agus go bhfuil sé ina cheart bunúsach dúinn ar fad a bhfuil Gaeilge againn, agus muintir na Gaeltachta ach go háirithe, an Ghaeilge a úsáid pé uair atáimid ag déileáil leis an Stát. Is leasú fíorshimplí ach fíorthábhachtach é seo, atá curtha chun cinn agam agus ag mo chomhghleacaithe agus tá mé ag impí ar an Aire Stáit glacadh leis seo.

Mar a dúirt mo chomhghleacaí ansin, tá an leasú seo ag déileáil le bunchaighdeán inniúlacht an státseirbhísigh. B’fhéidir go raibh i bhfad níos mó daoine sa státchóras 30, 40 nó 50 bliain ó shin a bhí inniúil sa Ghaeilge agus in ann comhrá a bheith acu le daoine mar gheall ar pé gné a raibh siad ag iarraidh déileáil leis an Stát faoi. Tá titim thubaisteach ann le tamall de bhlianta anuas. Tá sé chomh tubaisteach sin gur gá don Stát cinneadh a ghlacadh chun déanamh cinnte de go bhfuil méid áirithe dóibh siúd a bheidh á n-earcú isteach sa státseirbhís ar chaighdeán ar leith.

Bhí díospóireacht chuibheasach fhada againn ar Chéim an Choiste faoi seo, agus nuair a bhí an plé a dhéanamh ag stad réamh-reachtach. Bhí grúpaí ar nós Chonradh na Gaeilge agus Ollscoil Mhá Nuad os ár gcomhair agus is í an ollscoil a dhéanann scrúdú ar an teastas Eorpach. Ba í an ollscoil a luaigh gurbh é leibhéal B1 ar chóir go mbeadh acu siúd atá os comhair an phobail. Is é sin atá i gceist ós rud é gur daoine iad seo atá ag tabhairt seirbhíse don phobal. Bhí díospóireacht ann roimhe seo agus B2 a bhí á lorg ag an am sin. Is caighdeán an-ard é sin agus bhíomar ag smaoineamh an mbeadh sé réalaíoch go mbeadh sé sin ann.

Táthar ag caint faoi ardleibhéal na hardteistiméireachta agus onóracha a fháil. Ba chóir go mbeadh siúd atáimid ag iarraidh a bheith earcaithe le Gaeilge in ann labhairt linn as Gaeilge. Ba chóir go mbeadh tuiscint acu ar an nGaeilge agus ba chóir go mbeadh siad in ann litreacha uainn i nGaeilge a léamh ach ní gá go mbeadh ardchaighdeán gramadaí acu ar leibhéal na hardteistiméireachta nó fiú na céime. Bheadh sé go maith dá mbeadh sé sin fíor ach caithimid a bheith réalaíoch.

Sa chás seo, rinneamar seasamh siar ón seasamh a ghlac muid ar Chéim an Choiste agus chinn muid an caighdeán a ísliú ach fós níl an tAire Stáit tar éis glacadh leis seo. Ba cheart don Aire Stáit smaoineamh go dúirt sé go ndéanfadh sé féachaint air seo agus gheall sé go ndéanfadh sé scrúdú ar an gceist seo. Bhí muidne ar fad ag tnúth le go mbeadh leasú uaidh ag déileáil leis seo. Aithnímid go bhfuil a lán leasuithe eile aige atá an-mhaith agus tá súil agam go dtiocfaimid chucu ar fad ach b'fhéidir nach shroichfimid iad. Bhí mé ag súil go dtógfadh an tAire Stáit ar bord é agus go ndéanfadh sé cinneadh tar éis an méid a bhí le rá againn agus an díospóireacht a bhí againn, ach níl aon chinneadh déanta sa chás seo agus níl aon bhunchaighdeán leagtha síos ag an Aire Stáit don 20% sin a bheith earcaithe. Is trua sin mar gan seirbhís a bheith ar fáil i nGaeilge, beidh sé deacair an Bille seo a chur i gcrích i gceart.

Impím ar an Aire Stáit féachaint arís ar an méid a bhí á rá, ní hamháin ón taobh seo den Tí ach ó Bhaill ó gach páirtí nuair a bhí an díospóireacht againn. Bhí gach éinne den tuairim gur chóir go mbeadh bunleibhéal leagtha síos. Níl ansin ach bunleibhéal; ní hé nach féidir le daoine leibhéal níos airde a bheith acu. Ba bhreá liomsa go mbeadh leibhéal níos airde agam féin. Níl céim agamsa sa Ghaeilge; tá an ardteistiméireacht agam cosúil lena lán daoine eile, ach tógadh le Gaeilge mé agus sin an fáth go bhfuil mé inniúil inti. Ba chóir dúinn a bheith cúramach gan daoine a bhrú amach, ach go háirithe siúd atá sásta cuidiú, agus is féidir linn an leibhéal seo a choimeád íseal go leor ach ní ró-íseal ionas nach mbeimid ag déanamh muga magadh den reachtaíocht.

In ainneoin a dúirt Conradh na Gaeilge agus daoine eile linn nár chóir dúinn an caighdeán seo a ísliú, sin an fáth gur roghnaigh muid an leibhéal seo. Tá an ceart againn sa chás seo. B'fhiú dúinn déanamh cinnte den 20% atá luaite ag an Aire Stáit sa leasú a bheimid ag déileáil leis ó thaobh earcaíocht sa státchóras amach anseo roimh 2030. Tá sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge flaithiúil flúirseach acu, ní an cúpla focal, agus go mbeadh siad in ann an tseirbhís a thabhairt dúinn. Sin aitheantas ar an gceart atá ag Gaeilgeoirí seirbhís a fháil. Nílimid ach ag déanamh cinnte de go dtarlóidh sé agus go bhfuil slat tomhais éigin á úsáid seachas go mbeadh duine ag rá "I can speak a few words" agus tá cúig focail aige nó aici agus nuair atá cúpla pionta ólta aige nó aici tá níos mó ná cúig focail aige nó aici. Tá aithne againn ar fad ar a leithéid de dhaoine.

Tá a lán daoine sa státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu agus ní admhaíonn siad é nó ní chuireann siad trasna é. B'fhéidir go bhfuil seans go mbeidh aitheantas ann toisc gur féidir leo scrúdú an chreata comhchoiteann tagartha Eorpach a dhéanamh. B'fhéidir go mbeidh siadsan á fháil sin agus ansin bheadh aitheantas cuí dóibh chomh maith. B'fhéidir go bhfuil níos mó daoine sa státseirbhís go bhfuil ciúin agus i bhfolach áit éigin go bhfuil Gaeilge ag an leibhéal seo acu. Má tá, bheadh muid ag déanamh dul chun cinn i bhfad níos tapúla ná mar a táimid faoi láthair. Bhíodh i bhfad Éireann níos mó Gaeilgeoirí ann sula bhfuair na Rialtais roimh an ceann seo réidh leis an coinníoll go mbeadh Gaeilge acu siúd sa státseirbhís.

Ba mhaith liom mo thacaíocht a thabhairt don leasú seo. Tá gá le bunleibhéal. Níl aon chiall leis an mBille nó an rud a táthar ag iarraidh a chur chun cinn, sin an Ghaeilge, gan an bunleibhéal a bheith ann. Déanaim tagairt arís do Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán sa Dáil deireanach agus don tuarascáil a d'fhoilsigh sé. Foilsíodh an tuarascáil sin i mí Bealtaine 2018. Bhí 20 moladh ann agus ní mór dom a rá gur ghlac Fianna Fáil agus na hionadaithe ó Fhianna Fáil ar an gcoiste leis na moltaí uilig. Tá sé tábhachtach é sin a rá. Ní raibh aon easaontas. D'aontaigh muid go léir go raibh géarchéim ann agus go raibh orainn rud éigin a dhéanamh. Bhí 20 moladh i gceist agus bhí daoine dár gcáineadh toisc nach rabhamar radacach go leor ach rinneamar ár ndícheall chun gach duine ar an gcoiste a mhealladh chun aontú ar na moltaí ar fad.

Tagraím do mholadh Uimh. 13:

Molann an Comhchoiste go mbeidh Gaeilge líofa agus Béarla líofa ag gach seirbhíseach poiblí a bheidh ag obair sa Ghaeltacht, agus go mbeidh Gaeilge líofa agus Béarla líofa ag 20% de sheirbhísigh phoiblí a bheidh ag obair i ngach comhlacht poiblí.

Ní léifidh mé an moladh go léir amach ach sin moladh Uimh. 13. Níl an leasú seo ag lorg líofachta sa Ghaeilge fiú. Níl sé ach ag rá gurb ionann inniúlacht agus leibhéal B1 nó níos airde. Ní hionann B1 agus líofacht. Níl an leasú seo radacach nó iomarcach ach tá sé ag cur in iúl nach mór dúinn a bheith réalaíoch ó thaobh na Gaeilge de agus ag an am céanna aitheantas a thabhairt go bhfuil easpa líofachta i gceist. Ní thuigim cén fáth nach bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh leis an leasú seo. Is leasú bunúsach é agus is leibhéal bunúsach atá i gceist. Tagann sé díreach ón gcoiste agus ó na moltaí a bhí aige, agus bhí gach páirtí páirteach sa phróiseas sin. Sin breis agus trí bliana ó shin agus fós nílimid réidh.

Tagraím do leasú Uimh. 3. Bhí plé fiúntach againn ar Chéim an Choiste maidir le hinniúlacht sa Ghaeilge agus d'éist mé go géar leis an méid a bhí le rá ag Teachtaí ar an ábhar seo. Cé go n-aontaím go mbeadh sé fiúntach a leithéid a bheith ann, ní hé an reachtaíocht an áit cuí. Aithnítear leibhéal B2 go forleathan ar fud na cruinne mar an bunleibhéal atá ag teastáil ó dhaoine i dteanga chun a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na teanga sin.

Bíodh sin mar atá, tá riachtanais agus scileanna éagsúla ag teastáil i ról agus i gcomhthéacsanna éagsúla. D'fhéadfadh duine atá ag leibhéal B1, mar shampla, déileáil le fiosrúchán an-bhunúsach ar an nguthán nó teachtaireacht shimplí a thógáil. B'fhéidir gur leor é sin i rólanna nó i gcomhthéacsanna áirithe. Tá an méid seo deimhnithe ag Ollscoil na hÉireann Mhá Nuad, atá i mbun an chóras teastas Eorpach na Gaeilge, TEG. Bhí cruinniú ag oifig mo Roinne le hOllscoil na hÉireann Mhá Nuad ar an ábhar seo agus tá caidreamh iontach eadrainn. Tá an t-íosleibhéal seo de leibhéal B2 i bhfeidhm cheana mar chreat cáilitheacha do go leor de na comórtais oscailte náisiúnta a reáchtálann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí gach bliain nó ré bliain do na gráid ghinearálta le Gaeilge sa státseirbhis, mar shampla oifigigh cléireachais, oifigigh feidhmiúcháin, oifigigh riaracháin agus príomhoifigigh cúnta le Gaeilge.

Leis na hiarratasóirí a chuireann isteach ar na comórtais seo, caithimid a dheimhniú go bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu ag leibhéal B2. Ansin má éiríonn leo dul tríd agus ar stad ar leith den chomórtas, is iondúil go mbíonn orthu scrúdú béil agus scríofa a dhéanamh a léiríonn go bhfuil leibhéal B2 acu nó d'fhéadfaí an t-agallamh féin a reachtáil trí Ghaeilge. Agus muid ag obair i dtreo an 20% d'earcaithe nua a bheith inniúil sa Ghaeilge, ní bheidh aon athrú ag teacht air sin. É sin ráite, áfach, tá níos mó le clúdach leis an 20% seo ná earcaíochta de na gráid ginearálta amháin. Mar shampla, tagraím do na caighdeáin a bheidh le teacht isteach faoin mBille.

Táthar ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar chaighdeán na seirbhísí atá á gcur ar fáil trí Ghaeilge do mhuintir na Gaeltachta faoi láthair mar ábhar práinneach. Beidh réimse leathan seirbhísí le clúdach, mar shampla, seirbhísí leighis, iompair agus poist. Don chuid is mó díobh seo, is cumas labhartha sa Ghaeilge an rud is tábhachtaí seachas cumas scríofa. Ar bhonn praiticiúil, ní céim chun cinn a bheadh ann bac a chur ar dhaoine le togha Ghaeilge labhartha ach gan an cumas céanna scríofa ag leibhéal B2 cur isteach ar chuid de na poist seo. Sin a tharlódh dá ndéanfaimis míniú a thabhairt ar céard is inniúlacht ann sa Bhille féin, mar atá molta sa leasú seo. Bheadh an rud céanna i gceist le poist i sainréimsí chomh maith. Caithfimid a bheith réalaíoch faoi cé atá ar fáil chun na poist seo a líonadh. Táimid ag iarraidh go n-éireoidh linn agus go dtiocfaidh feabhas ar na seirbhísí trí Ghaeilge atá ar fáil sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.

Ar na cúinsí sin, cur chuige níos ciallmhaire a bheadh ann aghaidh a thabhairt ar an gceist seo sna caighdeáin, áit gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir na riachtanais éagsúla do phoist éagsúla, seachas sainmhíniú amháin, a chuirfeadh daoine as an áireamh ón tús gan aird ar riachtanais an phoist, a chur isteach sa phríomh-reachtaíocht. Dá bhrí sin, nílim chun glacadh leis na leasuithe seo.

Tá brón orm ach ní aontaím leis an Aire Stáit ar na leasuithe seo agus tá cúpla fáth leis sin. Ar an gcéad dul síos, tá a fhios againn nach bhfuil an méid atá ag tarlú faoi láthair ag obair. Níl a fhios agam a bhfaca an tAire Stáit an tvuít inniu a chuir fear éigin ar Twitter. Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh a chuid seirbhísí a dhéanamh trí Ghaeilge le An Post. Ba é an fhreagra a bhfuair sé ar ais i mBéarla ná, “We have a Irish web chat person but he is on his lunch.” Léiríonn sé sin an fhadhb atá againn i láthair na huaire. Níl an méid atá ag tarlú faoi láthair ag obair; tá a fhios againn é sin. Nílim ag rá go bhfuil an tAire Stáit ag rá seo faoi chuótaí do mhná, ach is é sin an dearcadh céanna atá ann nuair nach bhfuil an córas ag obair. Deirtear linn go minic, nuair a bhíonn muid ag caint faoi chuótaí do mhná mar gheall nach raibh go leor mná i bpost éigin, go stopfaidh sé sin daoine le scileanna eile. Muna bhfuil sé ann, caithfear athrú a dhéanamh air. Caithfimid rud éigin a dhéanamh mar níl sé ag obair. Feictear é sin ón tvuít inniu le An Post agus ó dhaoine a bhíonn ag iarraidh a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge leis an Stát agus níl an tseirbhís ann. Níl an córas ag obair. Is leasú simplí é seo a n-oibreodh. Cén fáth nach bhfuil an tAire Stáit á thacú? I ndáiríre, ní thuigim é sin. Impím air a intinn a athrú.

Is ait liom nach bhfuil an tslat tomhais leagtha síos. Impímid ar an Aire Stáit earcaíocht a dhéanamh i gcomhair níos mó Gaeilgeoirí. Táimid ag impí air slat tomhais dóibh siúd atá sa státchóras cheana féin toisc nach bhfuil sé ann. Níl a fhios ag an Aire Stáit cén leibhéal ar a bhfuil siad agus cén líofacht atá de dhíth acu. Is é an t-aon bhealach chun é sin a thomhas ná go n-úsáidtear an bealach atá luaite agus úsáidte timpeall an domhain. Is é sin an tslat tomhais. D’éist mise leis an Aire Stáit agus le daoine eile, agus d’ísligh mé an méid a bhí á lorg mar b’fhéidir go raibh an leibhéal B2 ró-ard. Impím ar an Aire Stáit arís féachaint ar an leasú seo uair amháin eile.

Luaigh an tAire Stáit na caighdeáin. Is é an fáth go bhfuil leasuithe os a chomhair ná toisc nach bhfuil leid againn fós cad a bheidh sna caighdeáin. D’impíomar ón tús ar an Aire Stáit dréachtchaighdeán a thaispeáint dúinn agus a insint dúinn cad go díreach a bheidh sé bunaithe air. Ansin bheadh tuiscint againn ar a mbeidh ann. Dá mbeadh an caighdeán sin againn fiú, bheimis in ann an treo a rachadh an tAire Stáit a thuiscint.

Bhí muidne ag féachaint ar chaighdeáin sa Bhreatain Bheag le déanaí, agus bhí cruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le Coimisinéir Teanga na Breataine Bige. Tá caighdeáin acu, ach an ionann é sin agus an a dhéanfaidh an tAire Stáit nó an é múnla difriúil a bheidh ann? Níor dúirt sé dúinn riamh cad a bheidh ann. Níl aon bhealach eile againn lena chinntiú go mbeidh an reachtaíocht seo slán agus go ndéanfaidh sí an rud ba chóir di a dhéanamh, agus sin an fáth gur chuireamar na leasuithe seo isteach.

Tuigim a bhfuil á rá ag an Aire Stáit agus b’fhéidir nach é an réiteach is fearr é an leasú seo a chur sa reachtaíocht. Tuigim é sin, ach an fhadhb atá agamsa agus atá ag daoine eile ag breathnú ar an bpróiseas ná nach bhfuil an Roinn i ndáiríre faoin gceist seo. Chuaigh alt i gComhargo mór i bhfeidhm orm agus mé ag dul siar dar teideal “An tseachantacht ina orlaí tríd” le Pádraig Breandán Ó Laighin. Leag sé amach na tuairimí a bhí aige ó thaobh an Bhille a foilsíodh ag an am. Ní raibh spriocdháta sa Bhille sin fiú. Glacaim leis go bhfuil an méid sin athraithe ó shin. Tríd is tríd, ón am a bhí mise ar an gcoiste Gaeilge, agus an phribhléid a bhí agam mar Chathaoirleach, agus ag éisteacht leis na dreamanna éagsúla a tháinig os ár gcomhair, bhí sé soiléir go raibh, agus go bhfuil fós, bearna mhór idir an córas agus na daoine atá ag obair ar an talamh agus cosmhuintir na tíre atá ag iarraidh agus ag streachailt le Gaeilge a úsáid gach lá dár saol. Táimid ag déanamh díospóireacht as an leasú seo ó Shinn Féin agus táim 100% taobh thiar de, in ainneoin go dtuigim go mb’fhéidir nach é an áit cheart é ach tá easpa muiníne agus easpa caighdeán ann, mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh. Níl na caighdeáin feicthe againn cé gur gheall an tAire Stáit agus córas dúinn go mbeadh na caighdeáin le feiceáil againn. D’impigh an Coimisinéir Teanga ar an Roinn na caighdeáin a fhoilsiú agus níor tharla sé sin. Is é sin an fáth go bhfuil mise 100% i bhfábhar an leasú seo.

Ar dtús báire, táimid i ndáiríre faoi seo. Mar a dúirt mé ar Chéim an Choiste, beidh caighdeán nua ann nuair a bheidh an Bille achtaithe. Beidh deiseanna agus poist nua ann sa Ghaeltacht. Go deimhin, bhí cruinnithe ag oifigigh mo Roinne le hOllscoil Mhá Nuad ar an ábhar seo agus bhí caidreamh iontach eatarthu.

Tá an t-íosleibhéal de leibhéal B2 i bhfeidhm cheana féin mar chritéir cháilíochta do go leor de na comórtais oscailte náisiúnta a reáchtálann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí gach bliain, nó ré bliain, do na gráid ginearálta le Gaeilge sa státseirbhís, mar shampla, oifigigh chléireachais, oifigigh fheidhmiúcháin, oifigigh riaracháin agus príomhoifigigh chúnta le Gaeilge. Bheadh an rud céanna i gceist le poist i sainréimsí chomh maith. Caithfimid a bheith réalaíoch faoi cé atá ar fáil chun na poist seo a líonadh. Táimid ag iarraidh go n-éireoidh linn agus go dtiocfaidh feabhas ar na seirbhísí trí Ghaeilge atá ar fáil sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.

Ar na cúinsí sin, cur chuige níos ciallmhaire a bheadh ann aghaidh a thabhairt ar an gceist seo sna caighdeáin, áit gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir na riachtanais éagsúla do phoist éagsúla seachas sainmhíniú amháin a úsáid, a chuirfeadh daoine as an áireamh ón tús gan aird ar riachtanais an phoist, a chur isteach sa phríomh-reachtaíocht. Dá bhrí sin, nílim chun glacadh leis an leasú seo.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 4, 5, 103 go 107, go huile, 109 agus 110 le chéile agus is féidir iad a plé le chéile.

Tairgim leasú Uimh. 4:

I leathanach 9, idir línte 2 agus 3, an méid seo a leanas a chur isteach:

"ciallaíonn 'foirm oifigiúil' foirm, lena n-áirítear foirm leictreonach, a úsáideann comhlacht poiblí i dtaca leis an gcomhlacht sin do sholáthar seirbhíse;".

Maidir le leasú Uimh. 4, is leasú é seo de chuid an Rialtais atá á mholadh agam. Baineann an leasú seo le sainmhíniú ar céard is "foirm oifigiúil" ann, rud a bhí iarrtha ag an Roinn Dlí agus Cirt. Is réiteach maith simplí é lena gcuimsítear céard is brí le "foirm oifigiúil" ann. Tá tagairt shonrach sa sainmhíniú d'fhoirmeacha ar líne, rud a bhí de dhíth ón Teachta Ó Snodaigh ar Chéim an Choiste. Tá sé sin curtha san áireamh againn anois. Molaim an leasú seo don Teach.

Maidir le leasú Uimh. 5, gabhaim buíochas leis na Teachtaí as ucht an leasaithe ach toisc go bhfuil mo leasú féin agam a chlúdaíonn an t-ábhar úd, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú sin.

Tógfaidh mé leasuithe Uimh. 103 agus 105 le chéile toisc go bhfuil siad mar an gcéanna. Níl i gceist agam glacadh leis na leasuithe seo toisc go dtugann an leasú, mar atá sé, an-solúbthacht don Aire a chomhlachtaí poiblí a ordú chun críocha an ailt a bhaineann le foirmeacha oifigiúla. Tá go leor comhlachtaí poiblí ann nach mbíonn teagmháil acu leis an bpobal nó nach mbíonn ag soláthar foirmeacha dó agus dá bhrí sin, is gá go mbeadh solúbthacht ag an Aire ar an ábhar.

Maidir le leasú Uimh. 104, tá sé fíorthábhachtach d'fheidhmiú éifeachtach na reachtaíochta seo go mbeidh discréid ag an Aire maidir le feidhmiú fhorálacha áirithe atá sonraithe sa Bhille. Mar atá curtha in iúl agam cheana, is é príomhchuspóir an Bhille seo ná soláthar níos mó de sheirbhísí Gaeilge a chur ar fáil ón tseirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde. Chuige sin, faoi alt 18A den Bhille, tá coiste comhairleach um sheirbhís Ghaeilge le bunú. Leagtar amach feidhmeanna an choiste chomhairligh ann. Tá obair fhíorthábhachtach le déanamh aige maidir le soláthar seirbhísí Gaeilge agus cúrsaí earcaíochta. Ní feidhm é den choiste comhairleach treoir a thabhairt maidir le leagan amach foirmeacha.

Mar an gcéanna, leagtar amach feidhmeanna an Choimisinéara Teanga in alt 21 den phríomh-Acht. Tá i gceist againn cur leis na feidhmeanna sin trí leasú a thabharfaidh ar chumhacht an Choimisinéara Teanga faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh aon achtachán a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla ag comhlachtaí poiblí. Is dul chun cinn mór a bheadh anseo d'oifigigh an choimisinéara. Ní fheictear dom gur ról é don choimisinéir le dul i mbun comhairle leis an Aire maidir le leagan amach foirmeacha. É sin ráite, tá caidreamh an-mhaith ag an Roinn le hoifigigh an Choimisinéara Teanga agus tá mé lánchinnte go mbeidh tuairimí an choimisinéara roinnte le foireann na Roinne ar ábhair a thagann faoina chúram. Caithfear cuimhneamh freisin go bhfuil ról faireacháin ag an gCoimisinéir Teanga agus ní bheadh sé cuí go mbeadh sé i mbun oibre mar seo ar lámh amháin agus ag déanamh faireacháin ar an obair chéanna ar an lámh eile. Mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Maidir le leasú Uimh. 106, is leasú é seo de chuid an Rialtais atá á mholadh agam. Is leasú riaracháin atá i gceist sa chás seo, ar mhaithe le leanúnachas téarmaíochta sa Bhille. Molaim an leasú seo don Teach.

Tógfaidh mé leasuithe Uimh. 107, 109 agus 110 le chéile. Tá an tábhacht a bhaineann le foirmeacha oifigiúla a bheith ar fáil go dátheangach aitheanta ag an Rialtas. Foráiltear le halt 9B an Bhille gur chóir foirmeacha oifigiúla a fhoilsiú i nGaeilge nó sa dá theanga, an Ghaeilge agus Béarla, agus foráiltear an modh ar chóir é sin a dhéanamh. I mo thuairim, beidh an tAire in ann rialacháin a ordú ionas go mbeidh na mionsonraí a bhaineann leis seo clúdaithe sa chaighdeán.

Tá mo leasú féin á mholadh agam lena gciallófar go mbeidh ar an Aire treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint laistigh de trí mhí ó achtú an tAcht seo chun cabhair le comhlachtaí poiblí a n-oibleagáidí i ndáil le húsáid ainmneacha, seoltaí agus teidil daoine a chomhlíonadh. Agus na treoirlínte á n-ullmhú ag an Aire, d'fhéadfadh sé nó sí dul i gcomhairle le haon Aire eile. Ar an gcúis sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Maidir le leasú Uimh. 111, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Teachtaí as ucht an leasaithe seo a mholadh. Tá mo leasú féin á mholadh agam don Teach lena gcinnteofar an ceart ag duine gan teideal a úsáid más mian leis nó léi déanamh amhlaidh. Rinne go leor plé air seo agus ar chúrsaí ainmneacha agus seoltaí ar Chéim an Choiste. Chuir cuid mhaith Teachtaí an-suim ann, an Teachta Ó Cuív ach go háirithe. Dúirt mé go mbeinn fós ag féachaint air agus ag teacht ar ais ar Chéim na Tuarascála. Cinntíonn an leasú seo cearta na saoránach maidir le cúrsaí teidil. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Nílimid ag déileáil le leasú Uimh. 111.

An bhfuil leasú Uimh. 111 sa ghrúpa?

Is iad leasuithe Uimh. 109 agus 110 na leasuithe atá sa ghrúpa. Tiocfaimid ar ais chuige.

Gabh mo leithscéal. Bhí grúpaí difriúla ann trí nó ceithre uair ó shin.

Tá sé go maith go bhfuil an tAire Stáit tar éis an foclaíocht a leasú agus foirmeacha leictreonacha a chur san áireamh sa mhíniú ar "foirm oifigiúil", de réir mar a bhí á lorg againn ar Chéim an Choiste. Is léiriú é sin ar an dea-thionchar a bhíonn ag an bplé eadrainn agus ar an tuiscint atá ag an Aire Stáit ar cé chomh dona agus atá rudaí. Is léiriú é seo go raibh buntáiste le baint as an bplé a bhí againn ar Chéim an Choiste, in ainneoin go raibh daoine ag rá go raibh sé rófhada. Fiú ar an gCéim seo, má éisteann an tAire Stáit, b'fhéidir go mbeadh sé in ann smaoineamh athuaire dhéanamh air. In ainneoin nach nglacfar le roinnt de na leasuithe seo inniu - measaim nach mbeidh an tAire Stáit ag glacadh le haon cheann acu - b'fhéidir go bhféachfadh an tAire Stáit orthu arís sula sroicheann an Bille seo an Seanad.

Bheimis sásta leasú Uimh. 5 a tharraingt siar ach teastaíonn roinnt soiléirithe uaim maidir lena bhfuil go díreach i gceist ag an Aire Stáit. Ar an tslí a bhfuil sé scríofa, is cosúil go bhfuil sainmhíniú an Aire srianta go foirmeacha a úsáideann comhlacht poiblí, gan trácht ar fhoirmeacha arna ndéanamh ag comhlachtaí poiblí nó thar a gceann le comhlánú ag duine nó thar cheann duine. Glacaim leis. Níl a fhios agam an gá sainmhíniú a thabhairt le rá gurb iad na foirmeacha a bhíonn á n-úsáid agus a dtabhairt don phobal ag comhlachtaí atá i gceist seachas cinn inmheánacha. Níl mé ag iarraidh moill a chur ar an gceist sin, ach ar eagla go bhfuil aon dabht ann. Tá a fhios againn go bhfuil comhlachtaí amuigh ansin agus féachann siad air seo agus deir siad nach bhfuil gá dóibh cloí leis sin. B'fhéidir go bhfuil mearbhall orm ó thaobh na foclaíochta sin. Is é sin an soiléiriú.

Tá a fhios againn cé chomh dona agus a gcaitear le daoine ó thaobh foirmeacha de. Chonaiceamar cheana an tslí ar caitheadh leis an Dr. Fangzhe Qiu nuair a bhí sé ag lorg eadóirseachta toisc gur chomhlánaigh sé na foirmeacha as Gaeilge. Is minic a dhéanaim é sin toisc go bhfuil gá leis agus go bhfuil sprioc-am ann agus níl an fhoirm Ghaeilge ar fáil ar líne. Líonaim isteach i nGaeilge an fhoirm Bhéarla í. Le déanaí, fuair mé foirmeacha ón Roinn Coimirce Sóisialaí cúpla uair nach raibh ar fáil ar líne as Gaeilge. Tá a lán acu ar fáil i nGaeilge anois ach ní bhíonn na cinn a bhíonn uait go minic ar fáil as Gaeilge. Bíonn ort nóta a chur chuig an Roinn agus cuireann siad foirmeacha ar ais chugat. Ní díreach an Roinn sin atá i gceist. Luaigh mé cúpla uair an fhoirm a chuir an HSE amach nuair a bhí na páistí ag filleadh ar scoil i mí an Mhárta, foirm a bhí go huile is go hiomlán as Béarla. Dúradh liom ó shin go raibh fáil air áit éigin, am éigin as Gaeilge ach ní raibh sé ar fáil do na coláistí Gaeilge as Gaeilge. Ní raibh ach 61 focal ann san iomlán. Ní raibh ann ach ainm agus seoladh. Bhí mé in ann é a aistriú go han-tapa. B'shin an méid a chur mise ar ais chuig an scoil ach ní raibh sé aici ón HSE i nGaeilge. Is é sin an fáth go bhfuil sé seo ríthabhachtach.

Is é ceann de na rudaí eile atá an-tábhachtach chomh maith ná go bhfuil fáil ar an bhfoirm. Téann aon duine atá ag lorg pas agus ag iarraidh an fhoirm a líonadh síos go dtí stáisiún an Gharda nó oifig an phoist nó pé áit is féidir é a fháil anois - b'fhéidir go bhfuil sé níos fearr ar líne anois - ach go minic bionn sé i bhfolach nó ní bhíonn sé ar fáil. Bíonn ar dhaoine an fhoirm Bhéarla a úsáid. Má tá foirmeacha ann, ba cheart go mbeidís dátheangach, go mbeadh fáil orthu agus go mbeadh an Ghaeilge níos feiceálaí ná an Béarla nuair a phioctar suas iad.

Ba chóir go mbeadh an fhoirm Ghaeilge os ár gcomhair agus go bhfeictear í láithreach, agus go mbeadh an fhoirm Bhéarla in aice léi más mian le duine an leagan Béarla a líonadh. Ní cóir go mbeadh an Ghaeilge i bhfolach.

Luaigh an tAire Stáit an caighdeán. Mar a dúirt mé cheana, níor tugadh an caighdeán dúinn agus níl tuairim againn cad a bheidh ann. Ba mhian leis an Aire Stáit go gcuirfimid ár muinín ann go mbeidh an caighdeán chomh maith sin ionas go mbeidh gach foráil sna leasuithe seo clúdaithe ann. Ní bheidh aon input againn sna treoirlínte nó sna caighdeáin sin agus iad á chur le chéile aige. Is í sin cúis le han-chuid de na leasuithe seo. B’fhéidir go gclúdófar na leasuithe sa chaighdeán ach, mar a dúirt mé, níl siad os ár gcomhair. Tá sé i bhfad níos deacra dúinne déileáil le hábhar nach bhfuil feicthe againn.

Maidir le leasuithe Uimh. 101 go 113, go huile - níl roinnt acu san áireamh - is mian linn a chinntiú go mbeidh na foirmeacha uilig ar fáil as Gaeilge. Tá dabht ann nuair a dhéantar tagairt ar "Féadfaidh an tAire" rud éigin a dhéanamh. Táimid ag iarraidh “Déanfaidh” a chur ina áit "Féadfaidh" ionas go ndéantar cinnte de. Tuigim an argóint a bhíonn ann maidir leis - sé sin, nach féidir é a dhéanamh i gcónaí - ach sa chás seo measaim gur féidir glacadh leis. Tá leasú ag an Aire Stáit – ní cuimhin liom an uimhir – a leagann síos cuspóir dearfach d’Aire amach anseo, agus b’fhéidir gurb é an tAire Stáit, an Teachta Jack Chambers a bheidh i gceist. Uaireanta glactar le "Déanfaidh" seachas "Féadfaidh" agus uaireanta eile, ní ghlactar leis. Sa chás seo, ba chóir na leasuithe seo a ghlacadh.

Ba mhaith liom, go tapa, cúpla focal a rá faoi na leasuithe seo. Tá an-bhéim sa Bhille ar iallach a chur ar chomhlachtaí pobail freastal ar phobal na Gaolainne trí Ghaolainn. Gan dabht, tá dualgais reachtaíochta ann ar aon nós ach in ainneoin sin bíonn comhlachtaí ag iarraidh éalú as freastal ar phobal na Gaolainne. Díríonn leasú Uimh. 4 ar an gceist sin. Tá sé ag iarraidh ceann de na bearnaí sin a dhúnadh lena chinntiú go mbeidh na foirmeacha leictreonacha ar fáil trí Ghaolainn. Mar sin, is leasú dearfach é. Bhí plé maith againn ar Chéim an Choiste roinnt míonna ó shin. Ina measc, bhí plé maith againn faoi ainm an duine agus an tslí nár chóir brú a chur ar dhaoine teideal a ghlacadh. Tuigim go bhfuil sé bainteach leis an mbeart leasuithe seo agus go mbeidh leasú eile ag teacht ar an ábhar sin ar ball. Tá sé tábhachtach go mbeadh an rogha sin ag daoine. Is leasú dearfach é leasú Uimh 4 chun a chinntiú go ndúnfar an bhearna sin agus go mbeidh rogha ag muintir na Gaolainne a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn. Tá sé tábhachtach chomh maith go mbeadh na foirmeacha dátheangach mar chuirfeadh sé os comhair gach éinne é – lucht Béarla agus Gaolainn – go bhfuil an Ghaolainn ann freisin. Léireodh sé seo go bhfuil an Ghaolainn sofheicthe i measc an phobail agus dhéanfadh sé cúrsaí Gaolinne a normalú. Is rud dearfach é agus chinnteodh sé go mbeadh na foirmeacha ar líne ar fáil a thabharfadh gach rogha do dhaoine amach anseo. Dá bhrí sin, molaim an leasú seo.

Ba mhaith liom i dtosach báire a rá go bhfuilim buíoch den Aire, an Teachta Catherine Martin, agus den Aire Stáit, an Teachta Jack Chambers, as an tiomantas a léirigh siad go dtí seo i leith na Gaeilge. Is cinnte go bhfuil obair na gcapall déanta ag an Aire Stáit, ag a Roinn agus ag Oifig na mBillí chun an mBille seo a thabhairt go dtí an pointe seo.

Léirigh an tAire Stáit agus Cathaoirleach an choiste Gaeilge, an Teachta Ó Snodaigh, cé chomh uaillmhianach is atá siad maidir leis an mBille tríd an méid ama a chaitheamar ar an bplé ar Chéim an Choiste. Chaitheamar breis is 25 uair an chloig ar an díospóireacht ag an gCéim sin. Is ábhar moladh é don Aire Stáit go raibh sé oscailte breathnú ar leasuithe a thug Teachtaí - ón Rialtas agus ón bhFreasúra araon - chun cinn agus na leasuithe a thabhairt ar ais ag Céim na Tuarascála anocht. Go deimhin, tá beagnach 50 de na leasuithe atá á dtabhairt os ár gcomhair inniu in ainm an Aire Stáit.

Is coimitmint sa chlár Rialtas é an Bille leasaithe seo agus léiríonn sé tiomantas an Aire agus an Aire Stáit gur tugadh tosaíocht dó. Cáineadh amháin atá agam ná – nílim ag iarraidh milleán ná masla a shannadh – an fráma ama a bhí againn le hullmhú don díospóireacht tráthnóna inniu. Tuigim an brú a bhí ar Oifig na mBillí d’fhonn an Bille a ullmhú. Ar bhealach, léiríonn sé sin go soiléir an gá atá leis na forálacha sa Bhille seo, go háirithe maidir le hearcaíocht san earnáil phoiblí. Tá sé deacair go háirithe do dhaoine, ar nós mé féin, nach labhraíonn Gaolaoinn mar a gcéad teanga ullmhú go leordhóthanach i dtréimhse chomh gearr sin.

Ag casadh ar leasú Uimh. 4 atá idir lámha againn ag an bpointe seo, is leasú ciallmhar é a leathnaíonn ár dtuiscint ar céard is "foirm oifigiúil" ann. Aithníonn sé an t-athrú ollmhór atá tagtha ar an domhain agus ar ár saol ó thaobh cumarsáide agus cumarsáid leictreonaí go háirithe ó am Acht 2003. Is rud dearfach é agus táim sásta go bhfuil an leasú á mholadh ag an Aire Stáit. Beidh mé sásta é a thacú.

Bogfaidh mé ar aghaidh go leasú Uimh. 107. Glacaim leis an méid a dúirt an tAire Stáit sa mhéid gur b’fhéidir nár cheart déileáil leis an leibhéal sonraí seo sa bhunreachtaíocht. Deirtear i gcuid (b) den leasú:

... beidh an téacs i nGaeilge chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla agus sa chló céanna.

Nuair a bheidh an tAire Stáit ag casadh ar na treoirlínte tá sé tábhachtach go mbeidh an leibhéal sin sonraí laistigh de na treoirlínte ionas nach mbeidh rogha ag na comhlachtaí an leagan Gaeilge a fháscadh i gcúinne nó ar chúl an doiciméid, agus go mbeidh sé chomh hinfheicthe agus chomh hinléite leis an bhfoirm Bhéarla. Glacaim leis an méid a dúirt an tAire Stáit; níl sé oiriúnach é a chur sa bhunreachtaíocht. Áfach, nuair a chasfaidh sé ar na treoirlínte tá súil agam go mbeidh sé ag féachaint ar an ábhar seo.

Meabhraím don Teachta Ó Snodaigh go bhfuil an tAcht agus an Bille seo dírithe ar sheirbhísí don phobal. Tá na foirmeacha atá i gceist dírithe ar an bpobal dá réir. Gabhaim buíochas leis na Teachtaí Ó Muimhneacháin agus Ó Cathasaigh freisin. Déanfaimid athbhreithniú ar na treoirlínte nuair a théimid tríothu. Gabhaim buíochas leis an Teachta as an bpointe seo a léiriú.

Aontaíodh an leasú.

Tairgim leasú Uimh. 5:

I leathanach 9, idir línte 2 agus 3, an méid seo a leanas a chur isteach:

"ciallaíonn 'foirm oifigiúil' foirm ar bith, lena n-áirítear foirm chruachóipe agus foirm ar líne, arna déanamh ag comhlacht poiblí, nó thar a cheann, a bheidh le comhlánú ag duine, lena n-áirítear duine dlítheanach nach ball den Stát é nó í, nó thar ceann duine den sórt sin;".

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tá leasuithe Uimh. 6 agus 7 as ord.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 6 agus 7.

Tá leasuithe Uimh. 8 agus 262 bainteach le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 8:

I leathanach 9, idir línte 4 agus 5, an méid seo a leanas a chur isteach:

"Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht

3. Leasaítear alt 3 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh "a sholáthróidh an tOireachtas.":

"2) Déanfaidh an tAire, tar éis comhchomhairle a dhéanamh leis an gCoiste Comhairleach agus leis an gCoimisinéir Teanga, agus tráth nach déanaí ná bliain tar éis an fhoráil seo a achtú, tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ina leagfar amach na féidearthachtaí a bhainfeadh le córas pionós a bhunú agus a chur i ngníomh chun fíneáil a fhorchur ar chomhlachtaí poiblí a dhéanann sárú ar a gcuid dualgas reachtúil teanga faoin Acht seo agus faoi achtacháin eile, chun íoc as na caiteachais thuasluaite nó chun maoiniú a dhéanamh ar chur chun cinn na Gaeilge.".".

Baineann an leasú seo le córas pionóis do chomhlachtaí poiblí. Ceann de na fadhbanna is mó i gcás na dualgais teanga atá ar na comhlachtaí faoi Acht 2003 ná nach bhfuil aon drochthionchar dóibh a sháraíonn a ndualgas. Mar thoradh air sin, is minic nach cuma leo má chomhlíonann, nó nach gcomhlíonann, siad a gcuid riachtanas teanga.

Is díreach le déanaí go raibh an Coimisinéir Teanga in ann iad a náiriú, ach fiú agus iad á náiriú, bhí roinnt de na comhlachtaí ag cur moill arís agus arís eile ar na dualgais a bhí orthu a chomhlíonadh. Chonaic muid na fadhbanna a bhí ann ó thaobh An Gharda Síochána, a bhí os comhair an choiste. Bhí tuairisc déanta ag an gCoimisinéir Teanga díreach faoi, ag déanamh iarrachta é a náiriú chun obair a dhéanamh de réir a dhualgais. Dhéileáil an Coimisinéir Teanga le roinnt de na comhairlí contae sa slí chéanna, agus nuair a bhíonn sé os ár gcomhair, mar a bhíonn le cúpla bliain anuas, tugann sé samplaí dúinn sa tuairisc fhaireacháin agus sa tuairisc bhliantúil faoi chásanna nuair nach féidir leis impí ar na comhlachtaí sin oibriú go tapa. Roinnt comhlachtaí, nuair a tharraingítear a n-aird ar an bhfadhb, déanann siad beart de réir briathar agus déanann siad iarracht éigin déileáil leis an masla a bhíonn á dhéanamh acu do Ghaeilgeoirí ach i gcásanna áirithe leanann sé agus leanann sé, ionas gur gá iad a náiriú níos mó. Níl aon chóras pionóis ann agus tá mé féin den tuairim gur chóir dúinn pionós a ghearradh orthu agus iarracht a dhéanamh cinntiú go mbeadh orthu pinginí a íoc nó go mbeadh deontais coimeádta siar uathu nó rud éigin mar sin.

Bhí Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Aled Roberts, os ár gcomhair ag an gcoiste, mar a luaigh mé níos luaithe, agus chuir muid an cheist air faoi phionós. Dúirt sé go bhfuil sé sa reachtaíocht acu agus nach raibh gá dóibh é a úsáid ach bhí sé mar an rud deireanach nó an sórt backup a bhí aige mar choimisinéir más gá. Ní raibh mórán de luach i gceist ach bhí sé níos faide ná díreach daoine a náiriú agus tá sé san armlann acu sa chaoi go mbeadh ar an gcomhlacht bogadh dá réir.

I mo thuairim féin, ba chóir dúinn dul níos faide ná mar atá rudaí sa reachtaíocht go fóill. Tá súil agam nach mbeadh gá riamh ar an gcoimisinéir, nó ar an Aire, fíneáil a ghearradh ar aon chomhlachtaí ach is léir, b’fhéidir, go mbeadh agus ní fheicim cén fáth nach mbeadh sé seo ann. Fadó ó shin, agus ní rófhada ó shin a bhí sé, ní bheadh fadhb ar bith ann mar bhí meas ar an nGaeilge. A luaithe a ardaíodh an cheist, bhí roinnt comhlachtaí a bhí an-tapa ag bogadh, ach fiú ag an am agus ó shin, bhí comhlachtaí ann nach raibh meas madra acu ar an nGaeilge. Ba chóir an bata seo a bheith san armlann ag an Stát seo chomh maith do na comhlachtaí sin nach bhfuil sásta bogadh. Tá an tAire Stáit chun caighdeáin a leagan síos dóibh agus gan aon bhata sna caighdeáin sin. Cad atá sé chun a dhéanamh muna gcloínn siad leis na dualgais a bheidh leagtha síos? Ba chóir go mbeadh i bhfad Éireann níos mó déanta.

Ba chóir dom a chur in iúl don Aire Stáit chomh maith go bhfuil córas cúitimh molta san Acht 2003. Ag féachaint ar an mbun-Acht atáimid ag leasú anseo, tá córas cúitimh ann faoi alt 27 ach ní dhearnadh aon ghníomh ó thaobh aon Aire ó shin. Tá gá déanamh cinnte de sin faoi na leasuithe atá os ár gcomhair. Tá roinnt de na leasuithe a bhí curtha isteach agam a bhí bainteach leis seo as ord so níl mé chun déileáil leo, ach bhí siad ceangailte leis an ábhar céanna, chun déanamh cinnte de go mbeadh an córas seo crua go leor ach nach díreach náiriú a bheadh i gceist. Faoin leasú seo, is gá tuairisc a ullmhú. Mar gheall ar na srianta atá ar leasuithe anseo, ní féidir liomsa pionós a ghearradh nó costas a chur ar eagras Stáit nó ar an bpobal, so an rud atá sa leasú ná tuairisc ag rá na féidearthachtaí nó cén sórt scéim cúitimh a bheadh an tAire sásta a dhéanamh chun cinntiú go mbeadh alt 27, atá ann cheana féin, á chur chun cinn. Nuair atá na caighdeáin á leagan amach don státchóras i gcoitinne, bá chóir go dtuigfeadh na comhlachtaí sin go bhfuil beagáinín níos mó ná náiriú ón gCoimisinéir Teanga i gceist amach anseo agus go bhfuil seans ann go gcaillfidh siad airgead nó go dtarraingeofaí siar deontas nó rud éigin dá shórt. Nuair a ghlactar leis an leasú seo, is féidir leis an Aire Stáit rá sa tuairisc sin go bhfuil sé sásta é sin a chur san áireamh agus gur bata nó uirlis eile san armlann atá aige a bheidh ann.

Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach an leasú seo a phlé. Níl mé sásta, agus ní raibh riamh, leis an bhfocal “pionós” ó thaobh na Gaeilge de. Tá bealaí éagsúla eile atá i bhfad níos dearfaí chun daoine a mhealladh an Ghaeilge a úsáid. Mar a luaigh an Teachta Ó Snodaigh, tá foráil sa reachtaíocht atá ann faoi láthair, faoi alt 27 den Acht 2003, ó thaobh scéim cúitimh a dhéanamh maidir le comhlachtaí poiblí nach gcomhlíonann a gcuid dualgais. Níor baineadh úsáid riamh as an alt sin. Ar leibhéal amháin faraor sin agus ar leibhéal eile is dócha nach é an bealach is fearr. Tá rudaí difriúil ó thaobh na Gaeilge de sa mhéid is gurb í teanga oifigiúil na tíre agus go bhfuil cearta bunúsacha i gceist. Má tá na cearta sin sáraithe, ba chóir go mbeadh, ní pionós, ach impleachtaí ann. Sin an fhadhb mar níl aon impleachtaí ann.

Bhí RTÉ os ár gcomhair inniu, don dara huair. Nuair a tháinig daoine ón eagras sin os ár gcomhair ar dtús cúpla mí ó shin ní raibh siad sásta admháil go raibh an dlí sáraithe acu - agus bhí - ach inniu ghlac siad leis sin. Cúpla mí ó shin bhí An Garda Síochána os ár gcomhair freisin. Ní raibh an duine a bhí os ár gcomhair, atá i gceannas ar an nGarda, sásta glacadh go raibh an dlí sáraithe acu ach an oiread. Sin an fhadhb. Tá An Garda, RTÉ, agus a lán eagraíochtaí eile ann agus an dlí sáraithe acu. Ní amháin nach bhfuil siad sásta glacadh leis sin ach ní thuigeann siad cé chomh tromchúiseach is atá sé go bhfuil dualgais reachtúla orthu agus go bhfuil orthu iad a chomhlíonadh. Níl an dara rogha acu. Táimid anois sa spás nach bhfuil aon impleachtaí ann ach amháin sa Dáil, áit gur féidir leis an gCoimisinéir Teanga tuarascáil a leagan os comhair na Dála agus a chur in iúl dúinn cad atá ag tarlú maidir leis na heagraíochtaí sin.

Ní pionós atá i gceist i ndáiríre sa leasú seo ach na féidearthachtaí a scrúdú agus tuarascáil a scríobh ó thaobh na féidearthachtaí sin. Sa mhéid sin, aontaím leis an leasú mar níl i gceist ach na féidearthachtaí a chur in iúl tar éis comhairle leis an gCoimisinéir Teanga agus leis an gcoiste atá le bunú. Tá an chomhairle sin thar a bheith tábhachtach. Aontaím leis na leasuithe, in ainneoin go bhfuil drogall orm dul sa treo sin, ach is dócha nach bhfuil an dara rogha againn anois mar níl aon dul chun cinn déanta, de réir mar a fheicim, ag na heagraíochtaí seo. Tá siad thar a bheith tábhachtach ó thaobh teanga de agus ó thaobh na Gaeilge de agus í a dhéanamh chomh feiceálach leis an mBéarla. Níl sé sin ag tarlú. Aontaím leis na leasuithe seo. Beidh mé ag tnúth le freagra an Aire Stáit.

Táim fíor-bhuíoch go bhfuil leasuithe Uimh. 8 agus 262 leagtha faoinár mbráid. Mar a luaigh mé cheana, tá sé fíorthábhachtach d'fheidhmiú éifeachtach na reachtaíochta seo go mbeadh discréid ag an Aire maidir le feidhmiú fhorálacha áirithe atá sonraithe sa Bhille. Mar atá curtha in iúl agam ar Chéim an Choiste, is é príomhchuspóir an Bhille seo ná soláthar níos mó de seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón tseirbhís poiblí ar chaighdeán níos airde. Chuige sin, faoi alt 18A den Bhille tá coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge le bunú. Mar atá pléite againn cheana, tá obair fíorthábhachtach le déanamh ag an gcoiste comhairleach maidir le soláthar seirbhísí i nGaeilge agus maidir le cúrsaí earcaíochta. Beidh an coiste comhairleach gníomhach agus beidh ionadaíocht ag na hearnálacha éagsúla sa státchóras timpeall an boird. Táim ag súil go mbeidh an caidreamh eatarthu láidir agus go mbeidh cumarsáid rialta eatarthu freisin. Táim lán-chinnte go gcabhróidh sé seo na spriocanna a bhaint amach.

Mar is eol don Teach, leagtar amach feidhmeanna an Choimisinéara Teanga in alt 21 den Phríomh-Acht. I measc na príomhdhualgais atá ag an gCoimisinéir Teanga, tá monatóireacht le déanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí; imscrúduithe a sheoladh as a stuaim féin ar iarratas ón Aire nó mar thoradh ar ghearán a bheith déanta leis ag aon daoine i gcás ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla; tuarascáil a ullmhú faoi gach imscrúdú; comhairle a chur ar fáil don phobal maidir le neart na teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla; comhairle a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgas teanga faoin Acht; agus tuarascáil bhliantúil faoi ábhair Oifig an Choimisinéara Teanga a sholáthar don Aire le cur os comhair Thithe an Oireachtais. Tá i gceist againn cur leo sin trí leasú a thabharfadh cumhacht don Choimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh aon achtacháin a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla chomhlachtaí poiblí. Ní fheictear dom go bhfuil aon ghá fíneáil breise a thabhairt isteach. Ní raibh sé seo iarrtha ag an gCoimisinéir Teanga féin; mar sin níl i gceist agam glacadh leis an leasú seo.

Bhí mé ag éisteacht leis an Teachta Connolly agus bhí an ceart aici. B'fhéidir gur téarma mícheart é "pionóis" ach ba cheart go mbeadh impleachtaí i gceist, mar a dúirt sí, nuair nach gcomhlíontar na dualgais. An sampla is déanaí ón gCoimisinéir Teanga ná nuair a chuaigh sé i dteagmháil le Eircode don chéad uair sé bliana ó shin chun fadhb a réiteach. Níl an cheist réitithe fós tar éis sé bliana. Níl mé ag lorg go ndéanfadh muid plé air sin ach sin sampla. Bhí An Garda Síochána mar an gcéanna. Seo in ainneoin an Coimisinéir Teanga ag dul i dteagmháil leis An Garda de shíor. Sa tuarascáil a chuir sé faoi bhráid Thithe an Oireachtais, leag an amchlár amach cé chomh minic agus a bhí sé i dteagmháil le Coimisinéir An Gharda Síochána. Rinne an coiste déileáil leis sin agus rinneamar tuarascáil dá réir agus bhí cás Eircode beagnach mar an céanna.

Tá bealach ann agus sin an fáth go bhfuilimid ag lorg tuarascáil sa chás seo. Seachas fíneáil a ghearradh, rud nach n-oibríonn más €5,000 atá i gceist mar is cuma sa tsioc le formhór na gcomhlachtaí faoi sin, d'fhéadfaí méid áirithe den bhuiséad s'acu a choimeád siar chuile bhliain go dtí go ndéanann siad obair dá réir. Bheadh an t-airgead ann dóibh ach ní bhfaigheadh siad é go dtí go ndéanfadh siad pé fhadhb atá ann lena gcur chuige ó thaobh na Gaeilge de a leigheas. D'fhéadfaí coinníoll a bheith ann gur gá dóibh céatadán níos mó den bhuiséad a fhaigheann siad a chaitheamh ar an nGaeilge. Táthar ag déanamh rud fabhrach nó rud go bhfuil buntáiste i gceist sna cásanna sin. Sin an fáth go bhfuil an ceist seo ann. Tá gá leis agus tuigim ó thaobh na caighdeán de go bhfuil gá go mbeadh impleachtaí éigin ag baint leis na forálacha atá sa reachtaíocht. Caithfear impleachtaí a bheith ann má dhéanann comhlacht nó comhlachtaí loic ar an gcaighdeán a bheidh leagtha síos ag an Aire Stáit tar éis an mBille seo a bheith achtaithe.

Tá i gceist trí leasuithe a thabhairt faoi chumhacht an Choimisinéara Teanga faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh aon achtachán a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúil ag comhlachtaí poiblí. Mar a dúirt mé, ní fheictear dom go bhfuil aon ghá fíneáil sa bhreis a thabhairt isteach. Ní raibh sé seo iarrtha ón gCoimisinéir Teanga agus mar sin níl mé ag glacadh leis an leasú seo.

Ní deireadh an domhain é fíneáil nó impleachtaí a bheith ann. Tá feicthe againn cheana gur cuma sa tsioc le roinnt chomhlachtaí. Mar sin caithfear bealach éigin a fháil chun iad a tharraingt isteach sa reachtaíocht agus a dhéanamh cinnte de go ndéanann siad déileáil leis agus plé i gceart leis seo. Is trua nach bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh leis seo. An fhadhb atá againn ná nach bhfuil an caighdeán ann agus nuair a bheidh sé ann ní bheidh input againne ar conas mar a bheidh an leagan amach ó thaobh na caighdeán seo de. Sin an fáth go bhfuil roinnt de na leasuithe seo ann. B'fhéidir go mbeidh an ceart ag an Aire Stáit amach anseo ach tá muidne ag obair sa dorchadas maidir leis na caighdeáin agus maidir le haon impleachtaí a bheadh gafa leis na caighdeáin sin.

An bhfuil an Teachta sásta an leasú a tharraingt siar?

Níl. Tá mé á bhrú.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasú Uimh. 9 as ord.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 9

Tairgim leasú Uimh. 10:

I leathanach 9, idir línte 4 agus 5, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht

3. Leasaítear alt 4(1) den Phríomh-Acht trí “, le toiliú an Aire Airgeadais” a scriosadh.”.

Is leasú simplí é seo. Rinneamar an cheist seo a phlé ar Chéim an Choiste agus ní raibh freagra sásúil ann. Níor chóir go mbeadh dualgas sa bhreis ann toil an Aire Airgeadais a fháil anuas ar thoil an Rialtais, mar atá sonraithe san Acht cheana. Tá praiseach déanta thar na blianta, mar is eol dúinn ar fad, ag Airí Airgeadais maidir le maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta agus ní féidir muinín a bheith againn iontu rialacha a cheadú. Tuigim gur toil an Rialtais atá i gceist ach ní sin atá scríofa; toil an Aire Airgeadais atá luaite. Toil an Rialtais a luaitear nuair a dhéantar tagairt don collective seachas an Aire Airgeadais féin.

Ní bheidh mé ag glacadh le leasú Uimh. 10. Tá cuid den fhoráil seo fíorthábhachtach de bharr go bhfuil sé mar chuid den chóras srianta agus ceartúchán agus deimhníonn sé go bhfuil próiseas faireachán ann ó thaobh na Státchiste de. Is rud caighdeánach é seo agus tá sé sna céadta Achta, mar shampla an tAcht um Ombudsman do Leanaí, 2002 agus an tAcht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001. Tá an Rialtas tiomanta chun an mBille seo a chur chun cinn. Gheall muid anuraidh go dtabharfadh muid Bille níos láidre chun cinn, rud atá á dhéanamh againn agus táimid ag cur spriocdhátaí isteach, mar is eol don Teach, sa Bhille ag déanamh cinnte de go mbeidh dul chun cinn leanúnach á dhéanamh.

Tarraingeoidh mé siar an leasú.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tá leasuithe Uimh. 11 go 13, go huile, as ord.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 11 go 13, go huile.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 14 go 20, go huile, le chéile agus pléifear le chéile iad. Is malairtí fisiceacha iad leasuithe Uimh. 15 go 19, go huile, ar leasú Uimh. 14.

Tairgim leasú Uimh. 14:

I leathanach 9, línte 5 go 17 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

“Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 4A agus 4B a chur isteach

3. Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 4:

“Ceann comhlachta phoiblí a cheapadh

4A. (1) Más rud é, de thuras na huaire, nach mbeidh duine ar bith arna cheapadh nó arna ceapadh ina phríomhoifigeach nó ina príomhoifigeach ar chomhlacht poiblí, féadfaidh an Rialtas, le hordú, duine a shainainmniú chun bheith ina cheann nó ina ceann ar an gcomhlacht poiblí chun críocha an Achta seo.

(2) Déanfar gach ordú faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Tuarascáil ar chomhlíonadh oibleagáidí faoin Acht

4B. Déanfaidh ceann comhlachta phoiblí—

(a) comhalta foirne eile den chomhlacht a cheapadh chun formhaoirsiú a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí an chomhlachta faoin Acht seo agus tuarascáil a thabhairt dó nó di, de réir mar is cuí, i ndáil le hoibleagáidí an chomhlachta faoin Acht seo, agus

(b) a chinntiú go ndéanfar achoimre ar aon cheann de na nithe arna dtuairisciú dó nó di de réir mhír (a) a áireamh i dtuarascáil bhliantúil an chomhlachta lena mbaineann.”.”.

Mar thoradh ar an leasú seo beidh ar cheann comhlachta phoiblí duine den lucht bainistíochta sinsearach a ainmniú chun formhaoirsiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla laistigh den chomhlacht sin. Chomh maith leis sin, ceanglóidh an leasú seo ar an duine sin tuarascáil bhliantúil i scríbhinn a sholáthar don cheann comhlachta maidir leis an dul chun cinn atá déanta ar chur i bhfeidhm forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla laistigh den chomhlacht poiblí sin agus déanfar an t-ábhar sin a chur san áireamh i dtuarascáil bhliantúil an chomhlachta. Tá mé buíoch de na Teachtaí Ó Snodaigh, Daly agus Farrell maidir leis an leasú seo. Tá dualgas ar na comhlachtaí poiblí cheana féin faoin bpríomh-Acht agus beidh tuilleadh dualgais acu faoin mBille seo. Chomh maith leis seo, beidh cumhachtaí breise ag an gCoimisinéir Teanga. Bheinn ag súil go gcloífeadh na comhlachtaí poiblí leis na forálacha seo agus go ndéanfadh siad é ar mhaithe leis na custaiméirí a bhfuil Gaeilge acu. D’fhéadfadh fiúntas a bheith leis an leasú seo le go mbeadh duine i ngach comhlacht poiblí aitheanta chun a bheith freagrach as forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla. Bhí mé sásta féachaint air, mar a dúirt mé, agus teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála. Molaim an leasú seo don Teach.

Ba mhaith liom leasuithe Uimh. 15 go 20, go huile, a thógáil le chéile toisc go mbaineann siad le ceann comhlachta phoiblí a cheapadh. Níl i gceist agam glacadh leis na leasuithe seo. Maidir le leasú Uimh. 20, tá mé ag tabhairt aghaidhe ar an ábhar seo le mo leasú féin, sé sin, leasú Uimh. 14. Baineann leasuithe Uimh. 15 agus 16 le “déanfaidh” a chur in áit “féadfaidh”. Tá mé sásta leis an bhfoclaíocht atá luaite sa Bhille cheana agus is gá go mbeadh solúbthacht ann ar an ábhar seo.

Maidir le leasuithe Uimh. 17 agus 19, tá próiseas earcaíochta leagtha síos chun daoine a cheapadh agus ní bheidh sé i gcónaí réalaíoch na próisis sin a chur i gcrích laistigh de cheithre seachtaine, mar atá molta i leasú Uimh. 19. Tógfaidh sé i bhfad níos faide ná 28 lá chun an próiseas a chur i bhfeidhm. Bíonn fógra thuas ar shuíomh Idirlín www.publicjobs.ie ar feadh coicíse ar a laghad. Ansin bíonn tréimhse coicíse ann d’iarrthóirí cur isteach ar an bpost. Déanann an fhoráil mar atá sí cinnte de gur féidir leis an Rialtas duine a ainmniú chun bheith ina cheann nó ina ceann ar an gcomhlacht poiblí chun críche an Achta más gá. Is foráil chaighdeánach í seo agus is rud eisceachtúil a bheadh anseo dá gcaithfí í a úsáid. Ní tharlódh sé seo ach go fíorannamh, dá dtarlódh sé ar chor ar bith. Táim sásta go bhfuil an chumhacht mar atá sí leagtha amach sa Bhille sásúil. Mar sin, nílim chun glacadh leis na leasuithe seo.

Maidir le leasú Uimh. 18, tá tosach feidhme na forálacha seo clúdaithe ag foráil 13 sa Bhille. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Níl mé cinnte go bhfuil mé sásta leis an bhfreagra faoi leasú Uimh. 14. B’fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann dul ar ais agus ag amharc arís air. Bheadh áthas orm dá mbeadh sé ag dul ar ais sa Seanad agus breathnú arís ar an bhfoireann shinsearach sna comhlachtaí poiblí. B’fhéidir go mbeidh bealach dearfach ann maidir leis sin agus táim buíoch den Aire Stáit go bhfuil sé ag tosú ag amharc arís air.

Baineann na leasuithe seo le ról ceannaireachta agus go mbeadh duine i gcónaí i bhfeighil ar chúrsaí Gaolainne agus freagrach as cúrsaí Gaolainne. Mura mbíonn an príomhoifigeach féin á dhéanamh sin, bheadh an deis ann duine a ainmniú ina áit nó ina háit. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh duine cinnte ann agus gur duine sinsearach a bheadh i gceist ó thaobh an ról ceannaireachta, chun go mbeadh cúrsaí Gaolainne chun tosaigh agus ag an mbord is airde sa chomhlacht. Mar sin, is rud dearfach é seo agus molaim an tslí go bhfuil an tAire Stáit tar éis éisteacht leis an bplé a bhí ar siúl againn ar Chéim an Choiste agus go bhfuil sé á bhrú sin ar aghaidh. Cuidím leis an leasú seo.

Ceann de na rudaí go bhfuil roinnt daoine míchompordach mar gheall air, agus b’fhéidir gur fiú féachaint air arís, ná cinntiú gur duine sinsearach atá ann i gcónaí. Tá an deis ann leis an leasú seo duine eile a ainmniú mura mbíonn an príomhoifigeach i gceist agus ní gá gur duine sinsearach a bheadh ansin. Níl sé sin soiléir. B’fhéidir go bhféadfaí soiléiriú a fháil mar gheall air sin má tá an baol ann go bhféadfaí féachaint air arís sa Seanad. Tá sé fíorthábhachtach. An fhadhb ar fad a bhí leis an bplé agus leis na leasuithe seo ná léiriú ceannaireachta, chun a chinntiú gur duine sinsearach a bheadh i gcónaí freagrach as cúrsaí Gaolainne agus nach mbeadh sé brúite síos chuig duine síos an líne, ach go raibh sé thuas ag barr an chomhlachta.

Cuirim fáilte roimh an leasú seo toisc an éisteacht a thug an tAire Stáit don mhéid a bhí le rá agam féin agus daoine eile ar Chéim an Choiste faoi dhuine sinsearach a roghnú chun formhaoirsiú agus tuarascáil a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáid an chomhlachta faoin Acht seo. Tá soiléiriú de dhíth orm. Ar an gcéad dul síos, an féidir leis an Aire Stáit míniú a thabhairt ar an idirdhealú idir phríomhoifigeach agus ceann comhlachta phoiblí? Tá an fhoclaíocht sin sa reachtaíocht maidir le ceann comhlachta phoiblí a cheapadh ach i bpáirt 4A den leasú luaitear príomhoifigeach. Glacaim leis gur an duine ceannann céanna atá ann ach uaireanta má tá dabht ann bíonn sé deacair. An léamh ar an leasú seo atá agamsa ná nach gceapfar ceann comhlachta phoiblí ach nuair nach bhfuil príomhoifigeach ann. Níl a fhios agam cén sórt ról sealadach atá ann le linn an fholúntais sin. Más fíor é sin, is ait go bhfuil an dualgas sa leasú seo chun formhaoirseoir teanga a roghnú ag baint leis an gceann comhlachta sealadach sin amháin agus gan dualgas ar bith a bheith ar an ngnáth-príomhoifigeach. Táimid ag tabhairt dualgas don duine sealadach nach bhfuil de ghnáth ar an bpríomhoifigeach atá buan. An gciallaíonn sé sin nach mbeidh duine roghnaithe de ghnáth chun formhaoirsiú a dhéanamh ar chomhlíonadh na ndualgas teanga seachas an tréimhse sin le linn folúntais in oifig an phríomhoifigigh? Má líontar ról an phríomhoifigigh, an nglacann an duine sin cúraim an chinn comhlachta phoiblí nó an leanann an dá oifigeach lena róil éagsúla? Níl sé chomh soiléir sin. B’fhéidir go bhfuil mearbhall orm anseo ach tá sórt dabht ann.

An dara rud ná go bhfuil sé suas don cheann comhlachta phoiblí nuair atá gá cinneadh a dhéanamh faoi thuarascáil a lorg ón duine atá roghnaithe acu mar fhormhaoirseoir teanga. Bhí muid ag lorg go mbeadh tuarascáil rialta seolta gach sé mhí, de réir mar atá molta againn i leasú Uimh. 20, ach beidh sé foilsithe don phobal ionas gur féidir leo dul chun cinn a fheiceáil nó fadhbanna a aithint go luath. An tríú rud maidir leis na leasuithe seo ná go bhfuil “go bhféadfaidh” fós scríofa sa Bhille. Tá na focail sin ann arís, in ainneoin na hargóinte a bhí againn ar Chéim an Choiste.

Is é sin an fáth go bhfuil an leasú molta agamsa agus ag an Teachta Ní Chonghaile chun an fhéidearthacht sin a athrú ina dualgas agus "ní mór", inár leasú Uimh. 16, nó "déanfaidh", i gcás leasú Uimh. 15 in ainm an Teachta Ní Chonghaile, a chur isteach in áit "féadfaidh". Tá spriocdháta luaite againn i leasú Uimh. 17 le cinntiú nach mairfidh aon fholúntas níos faide ná trí mhí agus go dtiocfaidh an fhoráil seo i ngníomh ar an bpointe, is é sin i leasú Uimh. 18, toisc nach bhfuil ach spriocdháta tugtha ag an Aire le haghaidh ceapacháin a neamhniú má dhéantar iad.

Más folúntas sealadach é, cén fáth go bhfuil an duine atá ag glacadh an ceann comhlachta phoiblí ag déanamh an dualgas seo a chur ar aon duine? Tá sé ag caint faoi dhualgas a chur ar chomhalta foirne eile chun bheith ceaptha. Cén fáth nach féidir leis an gceann comhlachta phoiblí an dualgas seo a bheith air nó uirthi don tréimhse a bhfuil an folúntas ann nó i gcoitinne seachas a bheith á thabhairt do dhuine éigin eile? Níl an grád nó leibhéal ar a mbeidh an duine sin leagtha síos.

Maidir leis an gceist a d'ardaigh an Teachta Ó Muimhneacháin, tá an cheist sin clúdaithe sa leasú ach beidh mé sásta labhairt leis faoi. Maidir leis an gceist ón Teachta Ó Snodaigh, níl i gceist agam aon chumhacht a thabhairt do dhaoine sealadacha nach mbeidh ag na daoine buana. Beidh an chumhacht chéanna ag an mbeirt acu.

Aontaíodh an leasú.

Ní féidir liom leasuithe Uimh. 15 go 19, go huile, a chur mar go bhfuil siad ina malairtí fisiceacha.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 15 go 19, go huile.

Tairgim leasú Uimh. 20:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

"(3) (a) Déanfaidh gach ceann comhlachta phoiblí duine a cheapadh agus a shainainmniú óna fhoireann nó óna foireann shinsearach bainistíochta, is duine a bhfuil ról aige nó aici i bhfeidhmeannacht nó i mbainistíocht an chomhlachta, chun bheith freagrach as forálacha Achtanna na dTeangacha Oifigiúla a chur i ngníomh sa chomhlacht sin, a mhéid a bhaineann siad leis an gcomhlacht sin, agus aon dualgais reachtúla eile i leith teanga oifigiúil a chomhlíonadh.

(b) Déanfaidh an duine sin tuarascáil i scríbhinn a sholáthar don cheann, gach sé mhí ar a laghad, ina dtabharfar tuairisc ar an dul chun cinn a bheidh déanta agus á dhéanamh faoin am a scríobhadh an tuarascáil sin. Foilseoidh ceann an chomhlachta phoiblí gach tuarascáil ar shuíomh idirlín an chomhlachta phoiblí a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta a gheobhaidh sé nó sí í.

(c) Déanfaidh an comhalta foirne a bheidh sainainmnithe faoi mhír (a) den fho-alt seo, tar éis comhairle a dhéanamh leis an gCoiste Comhairleach, poist a shainainmniú sa chomhlacht lena mbaineann coinníollacha inniúlachta teanga, go háirithe chun dualgais reachtúla de chuid an chomhlachta maidir le caighdeáin a chomhlíonadh.".

Tarraingeoidh mé siar leasú Uimh. 20 toisc go bhfuil leasú Uimh. 14 rite ag an stad seo.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 21:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

"Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

"(2) I gcás go ndéanfaidh duine cumarsáid i scríbhinn, leis an bpost leictreonach nó ar na meáin shóisialta, i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí, freagróidh an comhlacht poiblí sa teanga chéanna.",

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

"(3) I gcás go ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne chun faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme nó chun margaíocht a dhéanamh ar an gcomhlacht poiblí nó ar a chuid seirbhísí leis an bpobal nó leis an aicme, cinnteoidh an comhlacht gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a bheidh an chumarsáid.".".

Is leasú é seo de chuid an Rialtais atá á mholadh agam. Faoi láthair, foráiltear le halt 9(2) den Acht go ndéanfaidh comhlacht poiblí, i gcás ina ndéanfaidh duine cumarsáid leis i scríbhinn nó le ríomhphost i dteanga oifigiúil, freagra a thabhairt sa teanga chéanna. Leis an leasú, leanfar an oibleagáid sin chuig cásanna ina ndéanann duine cumarsáid le comhlacht poiblí trí mheáin shóisialta. Faoi láthair, foráiltear le halt 9(3) den Acht go gcinnteoidh comhlacht poiblí, i gcás ina ndéanann sé cumarsáid i scríbhinn nó le ríomhphost leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne ar mhaithe le faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme, go bhfuil an chumarsáid sin i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla. Leathnóidh an leasú seo an oibleagáid sin chuig cásanna ina bhfuil ábhar margaíochta á eisiúint ag comhlacht poiblí chuig an bpobal chun comhlacht poiblí nó a chuid seirbhísí a chur chun cinn. Tá mé buíoch do na Teachtaí Smith, Connolly, Calleary, Ó Cuív, Ó Muimheacháin, McHugh, O'Dowd agus Ó Cathasaigh as ucht an leasú seo a mholadh. Molaim an leasú seo don Teach.

Tógfaidh mé leasuithe Uimh. 58 go 61, go huile, le chéile toisc go mbaineann siad leis an ábhar céanna. Gabhaim buíochas leis na Teachtaí as ucht na leasuithe seo, ach toisc go bhfuil mo leasú féin agam lena gclúdaítear an t-ábhar úd, ní bheidh mé ag glacadh leis na leasuithe seo.

Maidir le leasú Uimh. 65, gabhaim buíochas leis na Teachtaí as ucht an leasaithe seo ach toisc go bhfuil mo leasú féin á mholadh agam ar an ábhar úd, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. Leis an leasú atá á mholadh agam, déantar socrú maidir le foráil a dhéanamh lena cinntiú go ndéanann comhlacht poiblí 20% dá fhógraíocht in aon bhliain ar leith i nGaeilge. Déanfaidh gach comhlacht poiblí 5% dá fhógraíocht in aon bhliain ar leith sa mheán Gaeilge. Tá mé buíoch do na Teachtaí Ó Snodaigh, Ní Chonghaile, Ó Cathasaigh, Ó Cuív, McHugh, Daly agus Ó Muimhneacháin as an ionchur.

Maidir le leasú Uimh. 68, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo toisc go bhfuil mé ag moladh leasú a chlúdaíonn an t-ábhar. Is leasú riaracháin a bheidh i gceist atá bainteach le leasú lena gciallófar go mbeidh ar an Aire treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint laistigh de trí mhí ó achtú an talt seo chun cabhrú le comhlachtaí poiblí ina n-oibleagáidí i ndáil le húsáid ainmneacha, seoltaí agus teidil daoine i nGaeilge a chomhlíonadh. Agus na treoirlínte sin á n-ullmhú ag an Aire, d'fhéadfadh sé nó sí dul i gcomhairle le haon Aire eile.

Maidir le leasú Uimh. 69, gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht an leasaithe, ach toisc go bhfuil mo leasú féin á mholadh agam ar an ábhar úd, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Tógfaidh mé leasuithe Uimh. 85, 114, 119 agus 120 le chéile. Is leasuithe iad seo de chuid an Rialtais atá á mholadh agam. Is leasuithe riaracháin atá i gceist sa chás seo, seachas leasú Uimh. 85, lena leagtar script nua síos sa Bhille ar iarratas ón bhFreasúra. Faoi láthair, foráiltear le halt 9(2) den Acht go ndéanfaidh comhlacht poiblí, i gcás go ndéanfaidh daoine cumarsáid leis i scríbhinn nó i ríomhphost sa teanga oifigiúil, freagra a thabhairt sa teanga chéanna. Faoi Alt 4 den Bhille, leanfar an oibleagáid sin chuig cásanna ina ndéanann duine cumarsáid le comhlacht poiblí trí mheán sóisialta. Faoi láthair, foráiltear le halt 9(3) den Acht go gcinnteoidh comhlacht poiblí, i gcás ina ndéanann sé cumarsáid i scríbhinn nó ríomhphoist leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne ar mhaithe le faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme den phobal, go bhfuil an chumarsáid sin i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge. Leanfaidh alt 4 den Bhille an oibleagáid sin chuig cásanna ina bhfuil ábhar margaíochta á eisiúint ag comhlacht poiblí chuig an bpobal chun an comhlacht poiblí nó a chuid seirbhísí a chur chun cinn. Molaim na leasuithe sin don Teach.

Tógfaidh mé leasuithe Uimh. 129 agus 132 le chéile. Is é mo thuairim ná go mbeidh an tAire in ann rialacháin a fhorordú ionas go mbeidh na mionsonraí a bhaineann le doiciméid a fhoilsítear agus faisnéis a chuirfear ar fáil ar shuíomh Idirlíon clúdaithe sa chaighdeán a bheidh á fhoilsiú go gairid. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Mar luaigh mé ar Chéim an Choiste, is gné shuntasach den Bhille iad na caighdeáin teanga a thabharfar isteach do chomhlachtaí poiblí agus iad a chur in ionad chóras láithreach na scéimeanna teanga a fhágfaidh go mbaineann na comhlachtaí poiblí sin ar mó an t-idirghníomhú a bhíonn acu leis an bpobal caighdeán níos airde amach. I dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga 2015, luaigh an coimisinéir nach bhfuil scéimeanna teanga éifeachtach agus go ndéanfar cothromaíocht teanga idir na teangacha oifigiúla sa Bhreatain Bheag a chinntiú, ar bhonn níos cruinne, a bhuí leis na caighdeáin theanga a tugadh isteach sa dlínse sin. Bíonn scéimeanna teanga gan athrú agus ní dhéantar iad a uasdátú ach gach trí bliana.

Ina theannta sin, is beag úinéireacht a ghlactar ar dhul chun cinn agus fhorbairt do na seirbhísí Gaeilge. I gcodarsnacht leis sin, is íosleibhéal ceadaithe feidhmíochta áirithe a bheidh i gcaighdeáin a chinneann an tAire i dtaca le seirbhís phoiblí a sheachadadh. Déanfar gach comhlacht poiblí a chur de réir earnálacha éagsúla a bheidh bunaithe go príomha ar leibhéal na hidirghníomhaíochta leis an bpobal, go háirithe le pobal Gaeltachta. Beidh feidhm ag caighdeáin teanga éagsúla ansin maidir leis na hearnálacha éagsúla chomhlachtaí poiblí. Beimid in ann caighdeán a chur i bhfeidhm ar bhonn céimeanna, agus is modh pragmatach sodhéanta é chun soláthar seirbhísí trí Ghaeilge a fheabhsú sa mheántéarma agus san fhadtéarma araon.

Aontaím leis Leas-Cheann Comhairle. Tá géarchéim ann agus easpa ómóis ann don teanga. Chuala mé faoin tvuít a raibh an Teachta Ní Fhearghail ag caint mar gheall air. Chuir sé i gcuimhne dom nuair a bhí an teastas vacsaíne á fháil ag mo bheirt mhac, bhí seacht mistakes idir an bheirt acu ar an teastas.

Baineann leasuithe Uimh. 21 agus 22 le cearta a thabhairt isteach lena n-áirítear cearta teanga an duine agus bundhualgas teanga an Stáit. Níor ceadaíodh plé ar chearta teanga ar Chéim an Choiste toisc go raibh costas ar an státchiste. Fiú na cearta atá sonraithe sa dlí cheana féin, go minic ní chuirtear i bhfeidhm iad ar chúis eacnamaíochta nó de bharr tosaíochtaí eile, rud a dhéanann praiseach do chearta teanga an duine in Éirinn.

Bhí an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, os comhair an choiste an tseachtain seo caite. Dúirt sé gur míthuiscint a bhí ann go mbraitheann an Stát go mbíonn bunchearta teanga ag brath ar chúrsaí eacnamaíochta agus ar tosaíochtaí eile agus nár chóir go mbeadh aon choimhlint idir soláthar seirbhísí éigeandála agus soláthar cearta reachtúla teanga mar a rinne comhlachtaí Stát go rialta le linn na paindéime. I gcás chearta an duine, ní hé go mbronnann stát cearta ar dhaoine ach go bhfuil cearta ag daoine mar bhunús. Go háirithe leis an teanga náisiúnta agus ról an Stáit-----

Níl na cearta á phlé go dtí an chéad ghrúpa eile.

An leanfaidh mé ar aghaidh?

Tá brón orm as cur isteach ar an Teachta. Níl an pointe sin sroichte againn go fóill. Maidir le cearta an duine a raibh an Teachta ag caint faoi, tharla meascadh mar gheall ar an tslí a fuaireamar na groupings chomh déanach agus gach rud eile. Is é sin mar a bhíonn agus muid ag plé reachtaíochta. Nílim ag cur an locht ar aon duine. Tarlaíonn sé seo go minic nuair a bhíonn an oiread sin leasuithe le plé agus bíonn sé deacair déileáil leo.

Baineann na leasuithe seo leis na meáin shóisialta agus ábhar margaíochta. Tá fáilte roimh roinnt de na leasuithe seo arís. Tá ceann áirithe ón Aire Stáit de thairbhe an méid a bhí le rá acu siúd a ghlac páirt ar Chéim an Choiste. Molaim na comhaltaí a ghlac páirt sa choiste sin, ní amháin na daoine i mo pháirtí féin, ach na daoine eile. Is léir go raibh plé maith againn mar go bhfuil na leasuithe, cosúil le leasú Uimh. 21, ann agus is maith an rud é sin. Glacaim leis go bhfuil fadhbanna ann agus b’fhéidir go mbeidh soiléiriú fós á lorg againn ar an bhfoclaíocht seo toisc go bhfaca muid ne leasuithe chomh déanach sin. Mar shampla i roinnt de na leasuithe atá á bplé anois, tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go mbeidh athruithe déanta ionas go mbeidh "an téacs i nGaeilge ann ar dtús", go mbeidh "an téacs i nGaeilge chomh feiceálach, chomh sofheicthe agus chomh hinléite [céanna] leis an téacs i mBéarla" agus go mbeidh an "chlófhoireann chéanna, sa chló céanna agus sa stíl chéanna" ann. Chomh maith leis sin, táthar ag lorg nach mbeidh “na litreacha sa téacs i nGaeilge níos lú, ó thaobh méide de, ná na litreacha sa téacs i mBéarla”. Táthar ag súil go gcuirfidh an téacs i nGaeilge "in iúl an fhaisnéis chéanna leis an bhfaisnéis a chuireann an téacs i mBéarla in iúl, agus ní dhéanfar focal sa téacs i nGaeilge a ghiorrú mura rud é go bhfuil an focal sa téacs i mBéarla ... giorraithe".

Is iad siúd na fadhbanna a aithníonn muid nuair a dhéanann comhlachtaí iarracht an leagan Gaeilge a chur ar fáil. Uaireanta is cosúil go mbíonn siad ag iarraidh an leagan Gaeilge a bhrú isteach sa spás céanna nó a chur i bhfolach nó i spás ar leith atá acu. Ní mór dúinn a chinntiú, nuair atá margaíocht i gceist, go dtuigeann na comhlachtaí go díreach na srianta atá orthu. Ní féidir an leagan Gaeilge a bheith acu i dtéacs níos lú ná an Béarla. Mar a tharlaíonn i gcásanna áirithe, ní féidir achoimre a thabhairt seachas an téacs iomlán, ach amháin i gcásanna inar cheart achoimre a úsáid más rud é go mbíonn an achoimre i mBéarla freisin. Sa chás seo táimid ag tagairt do chúrsaí margaíochta. Bhí an mhargaíocht le linn na paindéime feicthe ag cách. Bhí roinnt againn sásta glacadh ar shlí gur fhoilsíodh an leagan Gaeilge cúpla lá nó cúpla seachtain - a tharla go minic i gcásanna áirithe – ina dhiaidh an Béarla. Níor tháinig siad go comhuaineach. Táimid ag rá, ó thaobh fógraíochta de agus ábhar margaíochta an Stáit de, gur chóir go dtarlóidh sé go comhuaineach. Is é sin an fáth go bhfuil an leasú á mholadh againn. Déileálfaidh sé leis an gceist seo.

Ba mhian le roinnt de na leasuithe atá againne dualgas breise a chur ar an Aire Stáit. B’fhéidir gur chóir féachaint ar leasú Uimh. 129 arís, mar shampla, leasú atá á bplé againn anois. Is leasú é seo a leagann amach go díreach an tslí ina mbeidh an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla. B’fhéidir go bhfuil an tAire Stáit ag rá go mbeidh sé sin sna rialacháin, ach b’fhearr linn go mbeadh sé sa reachtaíocht. Ar a laghad sin ní bheadh dabht ar bith ann faoi. Má dhéanann comhlacht neamhaird air, beidh a fhios ag gach duine go díreach cad atá i gceist. Leagann leasú Uimh. 129 síos go díreach gur gá caitheamh leis an nGaeilge agus go mbeadh tús áite ag an nGaeilge, mar atá sa Bhunreacht, agus gurb é an Béarla a dtiocfadh ina diaidh. Ligfeadh sé seo dóibh a bheith taobh le taobh ar leathanach.

Tá a fhios ag daoine a leagann amach leathanaigh i ndoiciméid nach gcuireann siad téacsanna Gaeilge ar an leathanach ar thaobh na láimhe clé toisc go dtarraingítear súil duine chuig an leathanach ar thaobh na láimhe deise nuair a osclaítear doiciméad ar dtús. Tarlaíonn sé sin i ngach uile cás. Fiú sa reachtaíocht mar atá sé foilsithe, is ar an leathanach ar thaobh na láimhe clé a bhíonn an Ghaeilge agus is botún é. Ceapann daoine go bhfuilim ag piocadh orthu ach tá stádas agus áit ann le leagan amach. Tá a fhios ag aon duine a rinne staidéar ar an ábhar seo go dtéann an súil i mbealach áirithe. Creid nó ná creid, tá eolaíocht i gceist leis seo. Nuair a bhíonn sliotáin fógraí nuachtáin á ndíol ag daoine, díolann siad é ag súil leis an áit a dtarraingeofar súile daoine idir an dá leathanach. Tá an leathanach ar dheis níos tábhachtaí ó thaobh chur chun cinn teachtaireachta de ná an leathanach ar chlé. B’fhéidir gur chóir go mbeadh dhá cholún ar an leathanach ar dheis nó bealach éigin lena chinntiú nach mbeidh an Ghaeilge i bhfolach nó suite thíos leis an mBéarla. Sin é an smaoineamh taobh thiar de leasú Uimh. 129. Leagann sé amach go sonrach díreach cad ar chóir a bheadh i gceist toisc an neamhaird agus an bealach a gcaitear leis an nGaeilge thar na blianta.

Molaim an tAire Stáit as an leasú seo. Ba mhaith liom míniú níos fearr a fháil maidir leis an tslí atá sé ag caitheamh leis na leasuithe eile; ní aontaím go hiomlán leis. Maidir leis an soiléiriú atá á lorg ag Conradh an Ghaeilge, iarraim ar an Aire Stáit féachaint ar an méid atá ráite acu faoi na forálacha ag staid éigin sa Seanad. Bheadh muidne sásta glacadh le sin nuair a thagann sé ar ais ón Seanad.

Bhí plé bríomhar againn ar Chéim an Choiste ar an ábhar seo. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as é sin a thógáil san áireamh agus as a thacaíocht do na leasuithe éagsúla atá againn sa ghrúpa seo. Baineann siad le teagmháil nuair atá duine ag scríobh chuid comhlacht poiblí, idir ríomhphost nó na meáin sóisialta nó pé slí, lena chinntiú go bhfaighidh siad freagra sa teanga chéanna a seoladh é. Tá sé tábhachtach nach mbeadh iallach á chur ar dhaoine aistriú a dhéanamh nuair a bhíonn siad ag scríobh chuig comhlachtaí poiblí. Anuas ar sin, baineann sé le teagmháil fógraíochta agus margaíochta lena chinntiú go mbeidh na comhlachtaí poiblí éagsúla ag cur amach an Ghaolainn os comhair daoine. Bhí sampla maith de le feiceáil le déanaí nuair a sheol An Post teachtaireacht amach mar gheall ar rudaí a cheannach ar an Idirlíon agus go mbíonn deacrachtaí agus moill ann le rudaí a thabhairt isteach ón Aontas Eorpach.

Bhí nuachtlitir an-mhaith ann, má léadh as Béarla é, a bhí cabhrach agus seoladh amach le déanaí é. Is amhlaidh gur sádh isteach token beag as Gaolainn. Caithfí a chinntiú go mbeidh a leithéid ceartaithe agus san áireamh leis na leasuithe seo. Ba mhaith liom soiléiriú ar sin ón Aire Stáit. Níor cheart go dtarlódh a leithéid leis an alt nua seo.

Baineann leasú Uimh. 14 leis na lógónna agus déanann sé iarracht a chinntiú go mbeadh na lógónna dhátheangach nó as Gaolainn. Bhí plé againn chomh maith ar thréimhse ama éigin mar gheall air sin. N'fheadar an bhféadfaí a leithéid a chinntiú. Nuair a tháinig an reachtaíocht isteach, leagadh síos go dtarlódh sin go luath ina dhiaidh ach an gá tréimhse ama a leagan síos ansin? Is leasuithe an-chabhrach agus an-dearfach iad sin. Molaim an tAire Stáit as iad a thabhairt chun cinn agus cuidím leis.

Táimid ag labhairt faoi leasuithe Uimh. 21 agus 114 agus faoin chothromaíocht atá i gceist don Ghaeilge in aon bhileog ar nós ábhair margaíochta mar shampla. Táim ag smaoineamh faoi bhileog a d'eisigh An Post agus bhí trí leathanaigh as Béarla ann agus leathanach amháin as Gaeilge agus bhí an leathanach as Gaeilge ar chúl an bhileog. Níl sin ceart agus sin an bealach a bhfuil muid ann faoi láthair. Chomh maith leis sin, táimid ag amharc ar leasú Uimh. 114 agus an gá le spriocbhliain a chur le lógónna reatha a athrú, mar shampla Transport Infrastructure Ireland. Táim ag iarraidh spriocbhliain a chur isteach ansin agus iarraim ar an Aire Stáit amharc arís ar na leasuithe sin. Tá an dhá leasuithe ag teacht ón Rialtas, mar sin gabhaim buíochas agus aitheantas leis an Aire Stáit as sin.

Mar fhocal pearsanta, ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh le teaghlach Tom Burke, a fuair bás inniu. Grianghrafadóir ab ea Tom a d'oibrigh taobh amuigh de gheataí Tí Laighin thar na blianta. Tá mé ag smaointiú faoin teaghlach sin. Tá sé ar shlí na fírinne anois agus ar dheis Dé go raibh a anam dílis.

Tagraím do leasú Uimh. 21. Má dhéantar teagmháil le duine as Gaeilge, ba chóir go bhfaightear freagra as Gaeilge. Tá súil agam go gcuirfidh an leasú seo críoch leis an nós go n-insítear do dhuine go bhfuil an leaid le Gaeilge ar lón faoi láthair.

Ba mhaith liom léim timpeall na háite beagáinín. Táimid ag plé leasú Uimh. 65, mar aon leis an leasú seo agus ba mhaith liom díriú isteach ar alt (d) ó Uimh 65, "Maidir leis an bhfógraíocht a dhéanann comhlacht poiblí ... cinnteofar go ndéanfar 5 faoin gcéad di ar na meáin díobh sin trína ndéantar cumarsáid i nGaeilge leis an bpobal." Tá an foclaíocht ansin an-chosúil leis an bhfoclaíocht i leasú Uimh. 128. Ar amhras nach shroichfimid Uimh. 128, maítear in alt (b) "gur i nGaeilge ar na meáin Ghaeilge a bheidh 5 faoin gcéad ar a laghad d’aon fhógraíocht arna déanamh ag an gcomhlacht in aon bhliain". Níl sé sin iomlán soiléir go bhfuil muid caint faoin mbuiséad agus an méid caiteachais. Má tá an Seanad ag teacht ar ais ar an mBille seo, b'fhéidir go mbeimid in ann a chinntiú go bhfuilimid ag caint faoin mbuiséad agus go mbeidh 5% den chaiteachas ón mbuiséad iomlán ag dul ar fhógraíocht i nGaeilge ar na meáin Ghaeilge, ní go bhfuilimid ag caint ar líon na bhfógraíochta amháin. B'fhéidir go mbeimid in ann teacht ar ais ag an gceist sin nó b'fhéidir go ndéanfaidh na Seanadóirí déileáil leis nuair atá an Bille seo á phlé acu má tá an tAire Stáit oscailte chuige sin.

Maidir leis an méid a dúirt an Teachta McHugh, bhí brón orm an nuacht sin a chloisteáil. Ar dheis Dé go raibh a anam. Duine an-deas ab ea Tom Burke.

Is leasú de chuid an Rialtas é seo. Mar a dúirt mé, faoi láthair foráiltear le halt 9(2) den Acht go ndéanfaidh comhlacht poiblí, i gcás ina dhéantar cumarsáid leis i scríbhinn nó le post leictreonach i dteanga oifigiúil, an freagra a thabhairt sa teanga céanna. Leis an leasú seo, leanfar an oibleagáid sin chuig cásanna ina dhéanann duine cumarsáid le comhlacht poiblí trí na meáin shóisialta. Faoi láthair freisin, foráiltear le halt 3 den Acht go gcinnteoidh comhlacht poiblí, i gcás ina ndéanann sé cumarsáid i scríbhinn nó le ríomhphost leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne ar mhaithe le faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme, go bhfuil an cumarsáid sin i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge. Déanfaidh an leasú seo cinnte de go leanfaidh an oibleagáid sin chuig cásanna ina bhfuil ábhar margaíochta á eisiúint ag comhlacht poiblí chuig an bpobal.

Tagraím do na ceisteanna ó na Teachtaí Ó Cathasaigh agus Aindrias Moynihan. Táim sásta plé a dhéanamh maidir leis na ceisteanna sin agus gabhaim buíochas leo.

Is leasú maith é seo ón Aire Stáit. Tá mise sásta mo leasuithe Uimh. 58 go 61, go huile, a tharraingt siar mar tá siad clúdaithe sa mhéid atá á rá ag an Aire Stáit. Tagraím do leasú Uimh. 65, mar a rinne an Teachta Ó Cathasaigh. Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil Uimh. 128 sa ghrúpa seo mar tá na leasuithe beagnach mar an gcéanna agus déanann siad déileáil leis an sórt rud céanna. Tá an ceart ag an Teachta nach bhfuil sé soiléir i mo leasuithe nó i leasú an Aire Stáit an 5% den bhuiséad nó 5% de líon na bhfógraíochta atá i gceist mar ní hionann an dá rud. Is féidir 5% den bhfógraíocht a bheith i gceist agus d'fhéadfadh an caiteachas a bheith srianta ar an méid sin. Tá an rud céanna fíor ó thaobh an 20%. Caithimid a bheith cúramach sa mhéid atá ag an Aire Stáit nó fiú agamsa go bhfuil sé soiléir nach méid na bfhógraí atá i gceist nó nach mbeidh sé caillte. Tá a fhios agam go bhfuil forálacha eile ann go gcaithfear an méid céanna a bheith ann ach ba cheart féachaint ar an 5% sin.

Tá leasuithe eile agam nach bhfuil clúdaithe sa mhéid atá á rá ag an Aire Stáit agus tá siad luaite agam cheana. Tá an cuma ar an scéal nach bhfuil an tAire Stáit ag tarraingt siar uathu. An príomhleasú ná hUimh. 129. Impím ar an Aire Stáit, más féidir in aon chor, féachaint an athuair an bhfuil sé sin clúdaithe ag na forálacha a bheidh aige sna treoirlínte nó a leithéid. Measaim nach mbeidh. Tá a lán tuarascálacha á lorg agam sna leasuithe agus sin an bealach timpeall ar an mbac atá orm ó thaobh leasuithe a chur chun cinn. Sin an fáth go bhfuil sé sin ann.

Cén treoirlínte ar mhaith leis an Teachta a bheith clúdaithe? Níor chuala mé an cheist.

Muna bhfuil treoirlínte ann, agus tá seans nach mbeidh, tá an méid atá i leasuithe Uimh. 132 nó 129 i ndán. Teastaítear treoirlínte ó thaobh an leagan amach Gaeilge nó Béarla. Má léann an tAire Stáit leasú Uimh. 129, leagann sé amach go sonrach an tslí ina mbeadh orthu fógraí agus doiciméid a leagan amach amach anseo.

Beidh an stádas céanna ann maidir leis an nGaeilge sa chás seo.

Aontaíodh an leasú.

Tairgim leasú Uimh. 22:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

"Cairt na Gaeilge

4. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an gCuid nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 1 (Réamhráiteach agus Ginearálta):

"CUID 1A

CAIRT NA GAEILGE

Cairt a ullmhú don Ghaeilge

5. (1) Déanfaidh an tAire, tar éis comhchomhairle a dhéanamh le pobal labhartha na Gaeilge agus le hOifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla maidir le riachtanais an phobail, agus tráth nach déanaí ná bliain ó Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a achtú, dréacht-Chairt, ar a dtabharfar Cairt na Gaeilge, a ullmhú agus a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais, is cairt a bheidh bunaithe ar mhúnla Chairt na Fraincise, nó an Charte de la langue française sa Fhraincis, in Québec i gCeanada, agus lena ndéanfar bunchearta teanga cainteoirí Gaeilge sa Stát a shoiléiriú agus a threisiú ar bhonn reachtúil, le toil Thithe an Oireachtais.

(2) Sonrófar sa dréacht-Chairt a luaitear i bhfo-alt (1):

(a) amchlár ina mbeidh spriocdhátaí faoina mbeidh sé beartaithe ag an Rialtas na forálacha éagsúla den Chairt a bheith curtha i bhfeidhm ina n-iomláine;

(b) moladh i leith ceart do gach duine go ndéanfadh na comhlachtaí seo a leanas cumarsáid leis nó léi i nGaeilge:

(i) comhlachtaí riaracháin shibhialta;

(ii) comhlachtaí seirbhísí sláinte agus sóisialta;

(iii) cuideachtaí fóntais phoiblí;

(iv) cuideachtaí Stáit;

(v) eagraíochtaí Státmhaoinithe;

(vi) corparáidí gairmiúla;

(vii) ceardchumainn; agus

(viii) gach cuideachta a dhéanann gnó sa Ghaeltacht;

(c) moladh i leith ceart do gach duine Gaeilge a labhairt in aon tionól poiblí;

(d) moladh i leith ceart d'oibrithe sa Ghaeltacht a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge;

(e) moladh i leith ceart do thomhaltóirí earraí agus seirbhísí sa Ghaeltacht go gcuirfí ar an eolas iad i nGaeilge agus go ndéanfaí freastal orthu i nGaeilge;

(f) moladh i leith ceart do gach duine atá i dteideal oideachas sa Stát an t-oideachas sin a fháil trí mheán na Gaeilge;

(g) moladh i leith dhualgas an Stáit gach a dhéanamh laistigh dá raon gníomhaíochta chun an Ghaeilge, mar phríomhtheanga oifigiúil, a bhunú agus a chaomhnú ina stádas mar an teanga náisiúnta agus í a aithint mar an teanga náisiúnta chun gach críche oifigiúla.".".

Tá cearta ag daoine mar bhunús, go háirithe leis an teanga náisiúnta, agus is é ról an Stáit na cearta sin a shonrú agus a chosaint. I gcás na Gaeltachta, áit a bhfuil an Ghaeilge ceaptha a bheith mar phríomhtheanga an phobail, fós ní bhíonn bun-seirbhísí an Stáit ar fáil sa phríomhtheanga oifigiúil bunreachta. Seo masla ar chearta mionlaigh. Bhí mé féin ag déileáil le duine éigin a sheol iarratas pleanála go dtí an chomhairle contae agus bhí an freagra a cuireadh ar ais chucu go léir as Béarla. Tá a lán leasuithe againn faoi sheirbhísí Stáit, ó sheirbhísí sláinte go dtí An Garda Síochána, chun a chinntiú go mbeadh siad ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht faoi spriocdháta ar leith, ach idir an gilitín agus neamhaird an Aire Stáit, nár chuir leasuithe suntasacha faoin nGaeltacht sa Bhille é féin, ní bheidh tagairt do na cearta teanga sin sa Bhille nuair a achtaítear é.

I dtíortha eile, bíonn cearta teanga sonraithe go soiléir. Tá an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh i bhfeidhm ag an gComhairle Eorpach, rud a thugann meicníocht idirnáisiúnta do Ghaeilgeoirí sna Sé Chontae sásamh a fháil ar a gcearta teanga agus níl feidhm ag an gcairt sa Stát seo. B'fhéidir gur chóir machnamh a dhéanamh ar an gcairt seo a shíneadh. Sa leasú seo, áfach, is múnla Cheanada atá á moladh againn, sé sin cairt na Fraincise i Quebec, nó an charte de la langue française.

Tá sé sin beagáinín ceangailte leis na logainmneacha, faoina bhfuil leasuithe againn níos déanaí. Tá orainn ráiteas nó taispeántas a dhéanamh chun an Ghaolainn a bheith sa phobal agus is éagóir é go bhfuil na logainmneacha as Béarla sna bailte agus sna cathracha. Dúirt Dubhghlas de hÍde, "I hope and trust a native Irish Government will be induced to provide for the restoration of our place-names on something like a rational basis." Dúirt Brian Friel chomh maith gur sórt díbirt, nó a sort of eviction, a bhí sna logainmneacha sin. Sin 100 bliain ó shin agus níl an aisling sin ann faoi láthair. Ní rabhamar in ann é seo a phlé ar Chéim an Choiste de réir costas ach níl sé ródhéanach é sin a athrú. Deir Airteagal 8 den Bhunreacht gur an Ghaolainn chéad teanga an Stáit ach tá na comharthaí bóithre agus sráide i gcoinne sprid an Bhunreachta sin. Bhíomar ag caint leis an gCoimisinéir Teanga ón mBreatain Bheag coicís ó shin agus tá na logainmneacha aistrithe aige ansin. Sa Ghaeltacht in Albain, tá an Béarla agus an Gàidhlig sa font céanna agus níl ach an dath athraithe. In Éirinn, áfach, tá na logainmneacha in italics agus sin masla don chultúr agus don teanga. Is meon coilínithe atá ann, a deir gur an Béarla an teanga real agus go bhfuil an Ghaolainn i bhfad níos lú. Bhí mé ag caint le duine a bhí ar ais ón Astráil cúpla bliain ó shin. Bhí sé ag caint faoi Uluru in aghaidh Ayers Rock ach ní deir sé an Baile Beag in aghaidh Ballybeg nó Sceichín an Rince in aghaidh Skeheenarinky. Tá sé sin beagáinín ceangailte leis an ábhar seo. Tá orainn an éagóir a cheartú agus bhí na logainmneacha a bhain leis an timpeallacht agus le daoine a bhí ina gcónaí ann na blianta ó shin aistrithe go seafóideach. Tá súil agam go ndéanfaimid rud mar gheall air sin.

Leagtar amach bunchearta teanga sa chairt seo maidir le húsáid na Gaeilge le comhlachtaí poiblí agus cuideachtaí eile, in aon tionól poiblí ó thaobh oibre, i gcás earraí agus seirbhísí agus san oideachas. Seo an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus ba chóir dúinn foghlaim ó sin. Beidh riachtanas ar leith ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus mar sin bheadh fiúntas ag baint le tuarascáil a ullmhú chun moltaí agus spriocanna ama réalaíoch agus pobalbhunaithe a chur chun cinn. Tá sé in am dúinn ár ngealltanas mar Stát don Ghaeltacht agus do Ghaeilgeoirí a chomhlíonadh agus a chur i scríbhinn.

Tá dhá leasú anseo. Leagann ceann amach go díreach cad a bheadh sa chairt ach tá sé as ord toisc go gcuireann sé dualgais reachtúla agus dá réir, dualgais airgeadais, ar an Stát. An ceann go bhfuilimid ag plé, toisc go bhfuil sé in ord, ná an ceann a chuireann iallach ar an Aire dréacht-chairt a chur le chéile, a ullmhú agus a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Is féidir é sin a dhéanamh ar chúpla bealach. Is féidir linn pleanáil ina leith ach tá samplaí againn ó thíortha eile ó thaobh conas mar a oibríonn an chairt seo. Leagtar síos bun-chearta agus bun-rialacha maidir leis an teanga atá acu. Tá an Teachta Ó Dálaigh tar éis a lua cheana féin an charte de la langue française atá i gCeanada ach tá cinn eile ann i dtíortha eile, áit a leagtar amach go díreach na dualgais chun nach bhfuil dabht ar bith ann fúthu. Ní bheadh gá leis an reachtaíocht seo nó reachtaíocht eile dá mbeadh sé sin leagtha amach chomh sonrach agus ba chóir agus dá mbeadh sé sin achtaithe. Bheadh sé níos fearr dá mbeadh sé sa Bhunreacht mar b'fhéidir go dtuigfeadh daoine ansin é ach tá sé sa Bhunreacht cheana féin gurb í teanga oifigiúil an Stáit an Ghaeilge. In ainneoin sin, níl an Stát ag caitheamh leis an bpríomhtheanga oifigiúil seo sa bhealach ceart.

Sa leasú seo tá muidne ag moladh, ar leith gach duine, go mbeadh na comhlachtaí go dtugaimid liosta dóibh clúdaithe ag an gcairt seo. I slí amháin tá roinnt de seo clúdaithe ag an reachtaíocht atá á phlé againn. Bhí sé in ainm is a bheith clúdaithe sa bhun-reachtaíocht i 2003 ach ní léir sin domsa agus ní léir é don chuid is mó den phobal. Nílimid ag rá sa leasú seo gur chóir go dtarlóidh sé anois ach caithfimid smaoineamh, a luaithe is atá sé seo críochnaithe agus achtaithe, faoi cad é an chéad chéim eile agus conas gur féidir linn céim eile a thógáil. An gá dúinn dul i dtreo tionól saoránachta, citizens' assembly, mar a bhí ann le déanaí, nó an convention bunreachtúil a bhí ann roimhe sin? Ba rudaí an-mhaith a bhí iontu sin, áiteanna ina raibh daoine ag plé na gceisteanna seo, agus bhí tuiscint acu ar conas mar a chaitheann daoine le gnéithe difriúla.

D'fhoghlaim muid ar fad mar phobal, mar sochaí agus mar Stát na cearta agus na dualgais atá orainn mar shaoránaigh. Seo atá ann nuair a leagtar síos cearta daonna atá ann le blianta. Sin an sórt rud atá i gceist toisc nach léir go bhfuil an cosaint cuí ag an nGaeilge. Toisc sin caithimid dul sa treo agus seasamh níos soiléire a ghlacadh ó thaobh cearta teanga Gaeilgeoirí, an teanga féin agus, b'fhéidir dá réir, an Ghaeltacht. Tá siad ar fad fite fuaite.

Moltar sa leasú go mbeadh moladh ar leith do "ceart d’oibrithe sa Ghaeltacht a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge". Tá moladh eile: "i leith ceart do thomhaltóirí earraí agus seirbhísí sa Ghaeltacht go gcuirfí ar an eolas iad i nGaeilge agus go ndéanfaí freastal orthu i nGaeilge". Tá liosta ábhair gur chóir a bheith sa tuarascáil agus má chastar an leathanach go dtí leasú Uimh. 23, sin an sórt foclaíocht a mhol muidne. Ní féidir liomsa é a chur toisc na srianta atá orm ach b'fhiú féachaint ar an mbealach gur chóir dúinn dul chun déanamh cinnte de go bhfuil an stádas atá bronnta ar an nGaeilge sa Bhunreacht á shásamh. Níl sé á shásamh agus dá réir sin caithfear é a leagan amach níos loime ná mar atá sa Bhunreacht más féidir. Ní thuigeann roinnt daoine an stádas atá ann. Toisc go mbeadh sé chomh sonrach sin, b'fhéidir nach mbeadh gá do dhaoine casadh ar an gcúirt agus cosaint an dlí a lorg chun an cearta sin a shásamh. De réir nach mbeadh an oiread sin cásanna os comhair na cúirte, bheadh tuiscint níos fearr acu siúd atá ag diúltú na dualgais atá orthu maidir leis an nGaeilge agus déanfadh siad iad a chomhlíonadh.

Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann glacadh leis seo. Ní ualach mór ar an státchóras é glacadh leis an leasú seo mar níl air ach tuarascáil a dhéanamh agus dréacht a chur le chéile. Ní gá dul thar sin agus is féidir leis an Oireachtas déileáil leis an dréacht nuair atá sé curtha os ár gcomhair. Is féidir linne ar fad, mar Bhaill Thithe an Oireachtais agus mar reachtóirí, déileáil leis agus reachtaíocht ceart a dhéanamh as bunaithe ar an gceart teanga atá ann nó bunaithe ar an gceart i gCeanada a luaigh an Teachta Daly.

Ní fheictear dom go dteastaíonn leasú Uimh. 22 nó go bhfuil fiúntas ag baint leis. Baineann an tAcht agus an Bille le seirbhísí Stáit. Baineann cuid de na comhlachtaí atá luaite sa leasú leis an earnáil príobháideach. Chomh maith leis sin, tá i gceist againn déileáil leis go leor de na nithe atá luaite sa leasú sna caighdeáin nua teanga. Níl i gceist agam glacadh leis an leasú seo dá bharr.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasú Uimh. 23 as ord.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 23.

Tairgim leasú Uimh. 24:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht trí “, agus a chur faoi bhráid cibé comhchoiste de chuid Thithe an Oireachtais a dhéanann plé ar ábhair bheartais a bhaineann leis an nGaeilge, leis an nGaeltacht, leis na hoileáin agus le pobal labhartha na Gaeilge”, a chur isteach i ndiaidh “gach Teach den Oireachtas”.”.

Is leasú simplí é seo. Tá tuarascáil bhliantúil in ainm agus a bheith déanta ag an Aire mar gheall ar an Acht teanga seo agus fáiltímid roimh sin. Tá muidne ag triall a dhéanamh cinnte de, seachas go dtosnódh sé sa leabharlann, go mbeadh sé dírithe ar pé chomhchoiste atá againn atá freagrach as an nGaeilge. Táimid ag lorg go dtarlódh sin go huathoibríoch. Uaireanta cuirtear faoi bhráid na Dála na tuarascálacha seo agus níl fadhb ar bith agam leis sin ach i roinnt cásanna ba chóir go mbeadh siad curtha díreach chuig an gcoiste, ní díreach ó thaobh na Gaeilge de ach ó thaobh a lán ceisteanna eile. Cuirfeadh sin iachall ar an gcoiste sin déileáil leis. Sin an méid atá i gceist. Mionathrú atá ann ach ba mhaith linn go dtarlódh sin le haon Bhille. Tarlaíonn an rud céanna leis an tuarascáil a thagann ón gCoimisinéir Teanga. Déanann an coiste déileáil leis mar tá sé sa remit atá ag an gcoiste go dtiocfaidh sé os a comhair. Tarlaíonn sé leis an tuarascáil a thagann ó Ombudsman Óglaigh na hÉireann agus a leithéid. Téann sin os comhair na coistí a bhaineann le cúrsaí cosanta agus glacaim leis go bhfuil sé fíor faoi thuarascálacha eile. Sin a bhfuilimid ag lorg sna cásanna sin.

Níl i gceist agam glacadh le leasú Uimh. 24 mar táim sásta leis an bhfoclaíocht atá luaite sa Bhille cheana. Feictear dom nach bhfuil gá leis an leasú seo mar nuair a chuireann an tAire a tuarascáil faoi bhráid na Tithe, is féidir le haon choiste ar mhian leis an tuarascáil a thógáil agus a phlé agus nílim ag glacadh leis an leasú seo dá bharr.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 25:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht trí "(1) Déanfaidh" a chur in ionad "Déanfaidh" agus tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh "roimhe sin.":

"(2) Déanfaidh an tAire, i gcomhchomhairle leis an bPríomh-Oifig Staidrimh, agus tráth nach déanaí ná bliain tar éis an fhoráil seo a achtú, tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ar mhaithe le bunús ar bhonn taighde a chinntiú do bheartais Stáit i leith na dteangacha oifigiúla, ina leagfar amach moltaí praiticiúla d’fhonn rannóg bhuan um staidreamh sochtheangeolaíoch a bhunú, is rannóg a bheidh comhdhéanta de dhaoine ag a mbeidh saineolas áirithe sa tsochtheangeolaíocht agus inniúlacht sa Ghaeilge, chun:

(a) taighde leanúnach a chomhordú ar chás sochtheangeolaíoch na Gaeilge sa Stát agus go háirithe ar chás sochtheangeolaíoch na Gaeltachta;

(b) grinnscrúdú a dhéanamh, de réir mar is cuí leis an bPríomh- Shochtheangeolaí, ar an tionchar a bheidh ag aon Bhille nó beartas a mholfaidh an Rialtas ar shochtheangeolaíocht an Stáit agus na Gaeltachta;

(c) staidéar cuimsitheach teangeolaíoch a eagrú i gcomhar le saineolaithe agus institiúidí tríú leibhéal ar bhonn rialta, gach cúigiú nó deichiú bliain, agus moltaí a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ar bhonn an staidéir sin i dtuarascáil.".".

Tá an leasú seo ag triall a dhéanamh cinnte de go mbeadh rannóg sochtheangeolaíochta i gceist agus muid ag plé seo.

Fáiltím roimh an aitheantas a rinne an tAire Stáit inné i bhfreagra oifigiúil chugam ar cheist parlaiminte. Tá seo in ainneoin na hiarrachtaí a rinne an Teachta Connolly an Stát a fháil chun a admháil go bhfuil géarchéim ann ó thaobh sochtheangeolaíocht sa Ghaeltacht. Níl mé ag iarraidh sise a tharraingt isteach sa díospóireacht ach rinne sí cúpla iarracht é sin a dhéanamh thar na blianta. Sonraíodh sin sa tuarascáil is déanaí de chuid Tuismitheoirí na Gaeltachta agus sa fhreagra a fuair mé inné. D'admhaigh an tAire Stáit go hoifigiúil don chéad uair go bhfuil géarchéim ann. Tá sin tábhachtach mar nuair atá géarchéim ann caithfidh an Stát casadh agus déileáil léi, seachas go bhfuil fadhb beag ag tarlú diaidh ar ndiaidh agus nach bhfuil aon fhuadar nó deifir ann.

Tá taighde againn chomh fada siar leis an staidéar cuimsitheach teangeolaíochta in 2007. Fiú roimhe sin, thuig muid ar fad go raibh fadhb ann. Sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta in 2007 ba léir go bhfaigheadh an Ghaeilge bás mar theanga labhartha teaghlaigh agus sa phobal, fiú sna ceantair is láidre Gaeltachta, roimh dheireadh na deich mbliana atá romhainn gan athruithe móra. Sin an fáth go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil seo á phlé againn agus go bhfuilimid ag déanamh iarracht cosaint a dhéanamh uirthi, ach tá an méid atá sa leasú seo ag lorg céim eile chun tosaigh a ghlacadh. Agus géarchéim chomh mór leis sin os ár gcomhair, ní mór dúinn a bheith cinnte go mbeadh aon pholasaithe bunaithe ar thaighde chuimsitheach agus monatóireacht leanúnach ar chás na Gaeltachta agus na teanga má tá an dainséar ann nach dtabharfadh muid comharthaí tábhachtacha faoi deara go dtí go bhfuil an drochthionchar nó an drochthoradh tar éis tarlú. Sa chás sin, ní thabharfadh muid faoin bhfadhb leis an bpráinn atá de dhíth.

Tuigeann aon duine atá ceist na Gaeltachta agus na Gaeilge á phlé acu le tamall anuas cé chomh práinneach is atá sé. Úsáidtear an fhoclaíocht Bhéarla “all hands on deck” nuair a bhíonn bád ag dul go tóin poill. Is é sin a bhí i gceist ó thaobh na Gaeltachta de sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch, agus atá i gceist in aon staidéar déanta ó shin: an creimeadh atá ag tarlú ar theorainn na Gaeltachta agus atá ag tarlú laistigh den Ghaeltacht ó thaobh na Gaeilge a bheith ina teanga labhartha ag dreamanna difriúla in áiteanna difriúla agus na fadhbanna a bhíonn acu. Níl muid tapa go leor chun na céimeanna atá de dhíth ag glacadh. Aithníonn go leor daoine na céimeanna sin ach níl an liathróid fhíse againn ar féidir linn a rá go n-oibreoidh na céimeanna go léir a bhfuiltear ag smaoineamh orthu. Sin é an fáth go ndéanaimid cinnte go bhfuil rannóg theangeolaíochta sa Phríomh-Oifig Staidrimh ionas go dtarraingíonn siad an t-ábhar de shíor agus na sonraí atá de dhíth lena chinntiú go mbeidh athrú ag teacht. Is ar an mbunús sin go bhfuilimid ag lorg tuarascáil ón Aire Stáit maidir le rannóg bhuan de saineolaithe a bhunú sa Phríomh-Oifig Staidrimh chun tabhairt faoin gceist seo. Bheadh feidhm ag an rannóg taighde leanúnach a chomhordú, grinnstaidéar agus grinnscrúdú a dhéanamh ar Bhille nó beartas Rialtas atá molta lena féachaint cad é an tionchar a bheadh acu ar chás na teanga agus na Gaeltachta, agus staidéar cuimsitheach a eagrú gach cúig bliana nó gach deich mbliana agus a chur faoi bhráid an Oireachtais lena léiriú dúinn conas mar atá ag éirí linn sa phlean tarrthála an creimeadh a stopadh.

Chuir Coimisiún na Gaeltachta tuarascáil chuimsitheach le chéile ar conas an Ghaeltacht a shlánú chomh fada siar le 1927 - lig dúinn smaoineamh air sin - bunaithe ar thaighde mór, an chéad daonáireamh de chuid an Stáit ina measc. Bhí a lán moltaí ann agus tá sé spéisiúil iad a léamh beagnach 100 bliain ina dhiaidh sin. Tá a lán de na moltaí sin fós beo anois. An fhadhb is mó atá agam ná nach féidir le lucht An Gharda Síochána – na daoine a rinne an taighde – nó na hoifigigh sa Phríomh-Oifig Staidrimh teacht ar na bundoiciméid. Tá an tuairisc againn ach níl na bundoiciméid. Bheadh said an-spéisiúil mar thabharfadh siad léiriú níos cruinne dúinn ar an gcreimeadh a tharla ó bunaíodh an Stát, ó 1926 nuair a rinneadh an tuarascáil chuimsitheach agus staidéar an daonáirimh.

Níos measa fós, is cosúil ó na freagraí atá faighte agamsa ón Taoiseach, ón Aire Stáit agus An Garda Síochána nach féidir leo teacht ar na bundoicuméid. Is trua é sin toisc gur cuid d’oidhreacht na Gaeilge iad. Tagann an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi chúram an Taoisigh agus mar sin tá sé de cheart aige rannóg mar seo a bhunú chomh luath agus is mian leis. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag iarraidh go gcinnteodh an tAire Stáit go n-ardóidh an Rialtas an cheist seo agus go mbeidh bunús agus tacú staidéir d’aon imeachta a tharlaíonn amach anseo ionas go mbeidh cosaint ann. Thagair mé do TG4 i gcomhthéacs ceisteanna pleanála. Baineann an cheist mhór sin leis an dainséar agus an t-ualach agus an t-ionsaí atá an Ghaeilge faoi. Is leasú maith é seo. Bheadh buntáiste maith ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta le teacht as an méid a cuireadh isteach ann.

Ní bheidh mé ag glacadh le leasú Uimh. 25 i láthair na huaire. Beidh an coiste comhairleach ag déanamh taighde chun plean náisiúnta agus tuarascála a réiteach. Níl sé i gceist agam forálacha eile a chur sa Bhille maidir le tuarascálacha breise. Beidh an chineáil taighde atá luaite sa leasú le déanamh ag eagraíochtaí Stáit ar nós mo Roinn féin, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge. Mar shampla, seoladh an taighde a rinne Tuismitheoirí na Gaeltachta maidir leis an nGaeilge sa theaghlach le déanaí. Mar sin, nílim ag glacadh leis an leasú seo.

Is trua sin. Ar slí amháin, tuigim go bhfuil dualgas á chur ar an gcoiste comhairleach agus go bhfuil sé leagtha síos, ach tá ról lárnach ó thaobh taighde a dhéanamh agus staitisticí a bhailiú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Tá na scileanna acu chun tabhairt faoin obair i gceart. Bheadh sé go maith dá mbeadh an oifig ceangailte leis an gcoiste comhairleach ionas go dtuigfidís an dualgas breise orthu. Ní hé sin amháin a bhí i gceist ag an leasú seo. Caithfear a chinntiú sna polasaithe agus na bearta Stáit a bheidh ann amach anseo go mbeidh duine éigin ag féachaint orthu sula rithfear iad chun fáil amach cén damáiste a dhéanfar nó cén tionchar a bheidh ann ó thaobh na Gaeltachta. D’fhéadfadh tionchar maith a bheith i gceist agus bheadh sé sin go hiontach. Bheadh súil eile á chaitheamh ar an reachtaíocht.

Thaistil mé go hAlbain cúpla bliain ó shin mar bhall de choiste Oireachtais na Gaeilge chun féachaint ar an equality budgeting a bhí acu. Tá rannóg áirithe acu sa pharlaimint atá freagrach as féachaint ar an bhfuil an reachtaíocht ag cloí le comhionannas agus cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag polasaí nó reachtaíocht áirithe. Tharlaíonn a leithéid sular ritear an reachtaíocht agus sular daingnítear an polasaí. Ba chóir go mbeadh duine nó eagraíocht ag faire an bhféadfadh drochthionchar a bheith ag aon pholasaí nó aon reachtaíocht ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Is léir ón méid atá ráite ag daoine thar na blianta agus ag an Aire Stáit go bhfuil géarchéim ann. Más rud é go bhfuil géarchéim ann, uirlis bheag san arm iomlán a bheadh i bhforálacha an leasaithe seo.

Ar mhaith leis an Aire Stáit críochnú?

Níl aon rud eile le rá agam.

Conas mar a sheasann an leasú?

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 26 go 28, go huile, le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh 26:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 6 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), trí “gach duine” a chur isteach in ionad “comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas”.”.

Tá sé thar am dúinn aithint go soiléir go bhfuil parlaimint dhátheangach againn i dTithe an Oireachtais. Tá na cearta céanna ag Gaeilgeoirí agus Béarlóirí agus ní cearta srianta iad do Chomhaltaí ina dTeach féin. Is leasú simplí é seo a chinntíonn go n-aithnítear na cearta seo san Oireachtas. Aithnítear sa leasú teangacha oifigiúla an Oireachtais agus cearta teanga ionas nach mbeidh aon srianta ann.

Maidir leis na leasuithe dícheadaithe, bhí dul chun cinn déanta againn ach ní féidir linn déileáil leo toisc go bhfuil siad as ord. Dúirt an tAire Stáit ar Chéim an Choiste go dtiocfadh Tithe an Oireachtais faoi na caighdeáin teanga. Mar a dúradh, níl na caighdeáin sin againn ach tá súil againn go gcuirfear ar fáil iad. Beidh sé deacair Tithe an Oireachtais a chur go hiomlán faoi na gcaighdeán sin toisc, ar bhealach amháin, go ndéanann Tithe an Oireachtais a rialacha féin. Nílim ag súil go ndéanfaidh sé neamhaird ar an reachtaíocht. Ba cheart go mbeadh sé chun tosaigh in aon reachtaíocht agus níor cheart go mbeadh gá le reachtaíocht a impíonn ar na Tithe cloí go hiomlán leis seo agus meas iomlán a thabhairt don Ghaeilge sna Tithe.

Tá dul chun cinn déanta ach níl cothrom na Féinne ann má tá muidne, mar Theachtaí, ag iarraidh déileáil trí Ghaeilge le gach uile rud. Is fadhb í nach n-athróimid thar oíche agus glacaimid leis sin. Is féidir liom mo ghnó a dhéanamh ar an reachtaíocht seo go hiomlán i nGaeilge. Is féidir liom mo ghnó a dhéanamh ar aon reachtaíocht i nGaeilge, má tá mé cliste go leor, mar go mbeidh an reachtaíocht i mBéarla. Beidh orm na leasuithe a chur i mBéarla.

Is cuimhin liom am a raibh reachtaíocht ann faoi Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhí an reachtaíocht i mBéarla agus chuir mé leasuithe isteach i nGaelge chun déileáil leis an gcuid ina rabhthas ag tarraingt siar ón dualgas a bhí ar an ollscoil ó thaobh na Gaeilge de. Bhí orm iad a tharraingt siar agus a chur ar ais i mBéarla toisc go raibh an reachtaíocht i mBéarla. Ní raibh an t-aitheantas ann ná an córas in ann déileáil leis.

Ag glacadh leis nach bhfuilimid ag an staid gur féidir linn reachtaíocht a fhoilsiú go comhionann i nGaeilge agus i mBéarla - is é seo ceann de na chéad chinn atá ann, agus chonaiceamar ar fad na deacrachtaí atá ag an gcóras toisc nach bhfuil go leor foirne ann chun déileáil leis i gceart - lorg mise thar na blianta go mbeadh an meabhrán míniúcháin ar a laghad ar fáil i nGaeilge do ghach uile reachtaíocht. Níl sé sin ann fiú, níl aon stádas dlíthiúil aige sin agus ní gá dó dul trí na checks and balances a bhíonn ag tarlú ó thaobh na leasuithe nó aon reachtaíocht nó gnó eile mar sin.

Tá deacrachtaí ar leith anseo. Tá a lán dul chun cinn á dhéanamh. Aontaím leis an Aire Stáit, más gá gur chóir go mbeadh Tithe an Oireachtais faoi chaighdeán, gur chóir go mbeimis ar an gcaighdeán is airde agus inár n-eiseamláirí don chuid eile den tír agus do na comhlachtaí poiblí. Níor chóir go mbeimis ar caighdeán in aon chor; ba chóir go mbeimis chun tosaigh, agus níl sé sin fíor.

Is iad sin roinnt de na fáthanna atá taobh thiar de na leasuithe seo. Níl mé chun iad a bhrú rófhada. Tá mé ar bís tacú le haon bhogadh nó cinneadh a bhfuilimid chun glacadh leis, mar Thithe an Oireachtais, chun déanamh cinnte de go bhfuil an Ghaeilge níos feiceálaí, nach mbeidh aon rud ag dul suas nach bhfuil dhátheangach, agus go mbeidh cuidiú dóibh siúd atá sásta, mar atá faoi láthair, an Ghaeilge a labhairt agus a fhoghlaim i dTithe an Oireachtais.

Déileálfaidh mé le leasuithe Uimh. 26 go 28, go huile, le chéile. Ní bheidh mé ag glacadh leis na leasuithe seo. Is gnó iad seo do Thithe an Oireachtais agus ní chuireann ceachtar de na trí leasuithe seo leis an mbrí atá leis an méid atá san Acht cheana féin. De réir an Bhunreachta is í an Ghaeilge príomhtheanga náisiúnta na tíre seo. Is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil sa tír seo. Ba laghdú stádais a bheadh i gceist leis an bhfoclaíocht atá molta agus, mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis. Cinntíonn an tAcht mar atá sé go bhfuil sé de ceart ag comhlachtaí na dTithe agus aon duine a thagann os comhair na dTithe nó a gcoistí a rogha teanga oifigiúla a úsáid. Mar sin, ní fheicim go gcuireann na leasuithe seo go ginearálta leis an méid atá san Acht cheana féin. Is fiú a nótáil go dtiocfaidh Tithe an Oireachtais faoi Acht na gcaighdeán teanga agus go gcuirfidh sé seo leis an leibhéal seirbhíse trí Ghaeilge i gcoitinne.

Tuigim gur féidir léamh a dhéanamh ar na leasuithe mar laghdú stádais ach is é a mhalairt atá i gceist. Tá siad ag déanamh cinnte go bhfuil an stádas ann, rud nach bhfuil fíor faoi láthair. B'fhéidir go ndéanann Tithe an Oireachtais a rialacháin féin ach ní fíor gur féidir le haon duine teacht os comhair Thithe an Oireachtais agus Gaeilge a labhairt, mar is léir nuair nach raibh an córas aistriúcháin ag obair sa choiste le linn na paindéime. Bhí orainn an áit seo a úsáid mar nach bhfuil na hacmhainní ann go fóill. B'fhéidir go bhfuil an ceart agat, cosúil le rudaí eile. Is minic a bhíonn an ceart agat rud a dhéanamh ach níl an acmhainn ann.

Ní ag caitheamh anuas ar aon duine atá mé ach tá fadhb bhunúsach ann. Ní ghlacfaí i gCeanada, sa Fhrainc, i dTír na mBascach ná in aon áit eile a bhfuil dhá nó trí theanga ann le cuid mhór de na bealaí a loiceann an Stát seo ar shaoránaigh. Bheifí os comhair na cúirte gach uile lá. B’fhéidir nach mbeadh an Pharlaimint os a gcomhair ach bheadh sé náirithe go hiomlán. Tréaslaím leo siúd atá ag déanamh iarracht déileáil leis na fadhbanna seo ach is as frustrachas, ar slí amháin, a tháinig na leasuithe a bhfuilimid ag déileáil leo anseo. Is de bharr frustrachais uaim agus ó dhaoine eile. Tá mé bainteach le coiste anseo, le Conradh na Gaeilge, leis an gCeann Comhairle agus le daoine eile atá ag déanamh iarracht déileáil leis, fadhbanna a aithint agus tabhairt fúthu, agus cur chuige ceart a dhéanamh. Chaith an domhan an phaindéim i lár gach rud agus chuamar siar. Tá súil agam gur féidir linn dul chun tosaigh go gasta.

I gcomhthéacs na leasuithe seo, féachfaidh mé chuige go ndíreoidh an Coiste Gnó nó pé coiste a bhfuil an dualgas air ar Bhuan-Orduithe an Tí chun feachaint ar féidir linn déileáil leis an bhfadhb seo atá aitheanta ag an Teachta. Déanfaimid é sin go luath.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 27 agus 28.

Tá leasuithe Uimh. 29, 30, 31, 32 agus 33 as ord.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 29 go 33, go huile.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 34 agus 37 le chéile agus is féidir iad a phlé le chéile.

Tairgim leasú Uimh. 34:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 7 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “teangacha oifigiúla.”:

“(a) Déanfaidh an tAire, tar éis taighde a dhéanamh ar riaráistí na nAchtanna nach bhfuil clóite agus foilsithe ach i gceann amháin den dá theanga oifigiúla go dtí sin, tráth nach déanaí ná bliain tar éis an tAcht seo a achtú, tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ina leagfar amach scála ama chun na riaráistí a ghlanadh a luaithe is féidir agus moltaí praiticiúla chun oibriú chun gach Bille agus gach Acht den Oireachtas a achtú, a chló agus a fhoilsiú i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.

(b) Ní choiscfidh aon ní san alt seo Bille nó Acht a achtú, a chló nó a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.”.”

Ó thaobh leasú Uimh. 37 de, is tuarascáil atá á lorg uainn maidir le riaráistí Achtanna. Ní bheadh gá leis an leasú seo dá mbeadh an tAire Stáit oscailte roimh leasú Uimh. 36. Níl an locht air nach mbeidh sé á phlé againn toisc go bhfuil sé as ord. Luamar ar Chéim an Choiste go ndéanfar gach Bille agus Acht an Oireachtais a achtú a chló agus a fhoilsiú go comhionann i ngach ceann de na teangacha oifigiúla. Ba chéim mhór a bheadh ann, mar a luaigh mé agus muid ag déileáil leis an leasú deireanach, bogadh sa treo sin, ach is gá é a dhéanamh.

Dá ndéanfaí an rud céanna agus a dhéanann an tAontas Eorpach agus leaganacha Gaeilge agus Béarla a chur le chéile agus ar fáil ó mholtar an Bille sa chéad dul síos, ní bheadh aon fhadhb ó thaobh riaráistí de mar go mbeidís foilsithe agus achtaithe go comhionann. Má dhéileáiltear leis an bhfadhb ar dtús báire, ní bheidh fadhb ann ina dhiaidh. Tá fadhb dhainséarach againn anois toisc an oiread riaráistí atá ann agus ó thaobh na gcúirteanna de agus dóibh siúd atá ag féachaint ar reachtaíocht nó atá ag gabháil don reachtaíocht nuair atá sí achtaithe mar nach bhfuil leagan Gaeilge acu.

Tá sé luaite againn cheana féin agus ag an Aire Stáit díreach ansin go bhfuil an Ghaeilge ina príomhtheanga agus gurb an teanga náisiúnta í. Dá réir, is é an tAcht i nGaeilge an tAcht príomha, ach mura bhfuil sé ann, conas is féidir leis an tAcht a bheith ina dhlí? Ní bheadh fadhb ann dá mbeadh an leagan sin ann, agus mar sin caithimid déanamh cinnte de go ndéileáileann muid leis seo i gceart, agus ní an tAire Stáit an t-aon duine a rinne mé an argóint seo leis. Tá sé déanta agam ó toghadh mé.

Chonaiceamar an fhadhb a bhí againn nuair a tháinig an reachtaíocht seo os ár gcomhair i mí na Nollag, toisc nach gnáthchleachtas é reachtaíocht a fhoilsiú go comhionann agus nach raibh go leor de na hoifigigh dhíograiseacha in Oifig na mBillí agus iad ag triail le déileáil leis an reachtaíocht. Fiú ag an stad seo, bhí siad ag obair go dtí 5 a.m. inné ag triail le déileáil leis na leasuithe, leis an ngrúpáil agus le leasuithe a chur as ord. Tá sé deacair orthu toisc nach gnáthchleachtas é. Má bhogaimid i dtreo gnathchleachtais, éiríonn sé níos éasca agus bíonn tuiscint níos fearr air agus bíonn an trealamh agus an acmhainn ag na hoifigigh.

Chinn na cúirteanna go bhfuil éagóir déanta ar Ghaeilgeoirí nuair nach bhfuil na hAchtanna ar fáil ina dteanga féin. Dúradh fiú go bhfuil seans ann nach bhféadfaí duine a chiontú agus an dlí briste nó coireacht déanta aige nó aici, mura bhfuil fáil ar roinnt de na dlíthe faoina bhfuil sé nó sí á chúisiú, mura bhfuil siad ar fáil as Gaeilge. Dar leis na cúirteanna, ní mór na riaráistí a ghlanadh faoi 2024, nó bheadh impleachtaí sna cúirteanna. Dúradh é sin le déanaí sna cúirteanna, fiú agus Rannóg an Aistriúcháin ag déanamh gach ní is féidir léi chun na hAchtanna nach bhfuil aistrithe a fhoilsiú. Ní féidir leanúint ar aghaidh mar seo agus tuilleadh Achtanna a fhoilsiú.

Bhí an Rialtas ag maíomh le déanaí go raibh níos mó Billí rite agus achtaithe dá réir ná roimhe seo. Beidh Rannóg an Aistriúcháin ag déileáil leo sin agus a tharlaíonn siad ach tá fadhb ann ó thaobh na reachtaíochta de. Bhí tuairisc ag an gcoiste cúpla mí ó shin agus nuair a d'fhéachamar air, ba léir go mbeadh ar an rannóg ceann de na Billí nó na hAchtanna atá os a comhair a ghlanadh gach uile sheachtain idir seo agus 2024 chun na riaráistí a ghlanadh. Tá an t-ualach chomh mór sin uirthi agus tá jab mór uirthi.

Is é sin an fáth go bhfuil mé ag impí go bhféachfaimid ar an gceist seo agus go dtiocfaimid ar ais chuici chomh rialta agus is féidir, ionas go mbeimid in ann déileáil leis agus nach mbeidh aon seans ann in 2024 go mbeadh daoine á shaoradh ó na cúirteanna toisc nach bhfuil an reachtaíocht ar fáil chun iad a chiontú más í sin an fhadhb. Seachas sin, tá sé de cheart ag an saoránach go mbeadh na dlíthe i dteanga náisiúnta an Stáit.

Ba mhaith liom mo thacaíocht a thabhairt do na leasuithe seo. Tá an Ghaeilge ag feidhmiú i bpolasaí i ndáiríre an t-am uile. Go hoifigiúil, is í teanga oifigiúil na tíre í. Ar lámh eile, tá sí ag feidhmiú mar mhionteanga. Is é sin an fhadhb. Níl an reachtaíocht aistrithe. De réir mar a thuigim, tá plean anois, ach feicfimid.

Is dócha go gclúdaíonn na leasuithe seo, agus an réiteach atá molta ar an bhfhadhb atá leagtha amach, an dearcadh a bhí agus atá ag gach Rialtas ó thaobh na teanga de. Tá sé ann mar shiombail. Tá sí ann mar ornáid ach níl sí ann mar theanga oifigiúil an Stáit. Tá sé thar a bheith deacair domsa, mar Theachta Dála, mo chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, beag beann ar m’ábaltacht sa Ghaeilge ach go háirithe de bharr easpa cáipéisí i nGaeilge. Tá a fhios agam go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh frásaí áirithe chun tacaíocht a thabhairt dúinn. Tá mise in ainm Gaeilge a bheith agam agus tá sé deacair dom. Tuigim cé chomh deacair is atá sé do na Teachtaí Dála eile agus don fhoireann.

Ba mhaith liom an deis a thapú mo bhuíochas a ghabháil le hOifig na mBillí. Bhí jab thar a bheith deacair ag an bhfoireann san oifig agus níl locht ar bith orthu. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, bhí siad ag obair go dtí 5 a.m. agus ag déanamh a ndícheall an Bille seo a chur os ár gcomhair leis na leasuithe uile. Léiríonn sé cé chomh deacair is atá sé do gach duine sa chóras de bharr céimeanna a thógtaí. Níor tharla sé seo thar oíche. Tá sé seo ag tarlú leis na blianta. Anois, táimid sa choirnéal seo le reachtaíocht nach bhfuil athraithe.

Tá dul chun cinn déanta san Eoraip. Tá neart deiseanna san Eoraip agus tá gach rud athraithe anois. Sa tír seo, áit a bhfuil an teanga mar theanga oifigiúil, is é a mhalairt atá i gceist. Níl a fhios agam cad é atá le rá ag an Aire Stáit ach aontaím leis an réasúnaíocht atá taobh thiar de na leasuithe seo. Is mór an trua agus an náire é go bhfuil orainn na leasuithe seo a chur chun cinn agus sa chás seo, go bhfuil ar Shinn Féin na leasuithe seo a chur os comhair na Dála. Ba chóir go mbeadh an fhadhb réitithe roimhe seo.

Ní bheidh mé ag glacadh le leasuithe Uimh. 34 agus 37. Is gnó é de Thithe an Oireachtais gach Bille agus gach Acht an Oireachtais a achtú, a chló agus a fhoilsiú i ngach ceann de na teangacha oifigiúla agus teangaireacht chomhuaineach nó chomhleanúnach ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile a dhéanamh don lucht éisteachta ar aon imeachtaí nó ráitis oifigiúla de chuid an Rialtais. Mholfainn don Teachta an cheist seo a thógáil le Coimisiún Thithe an Oireachtais agus b'fhéidir go mbeadh seans ag an gCoiste Gnó an cheist seo a phlé freisin.

Chun míniú beag a thabhairt do dhaoine, is í an fhadhb is mó ná daoine foirne a earcú do Rannóg an Aistriúcháin. Is é ceann de na príomhfhadhbanna atá ansin ná go bhfuil an Comhphobal Eorpach in ann tuarastal agus coinníollacha i bhfad níos fearr a ofráil dóibh siúd atá cáilithe ná mar atá muidne in ann a dhéanamh anseo. Ní easpa acmhainne ná toille atá ann ach easpa daoine chun teacht agus an obair a dhéanamh.

Aithním é sin. Bhí seisiún maith againn níos luaithe i mbliana le Cléireach na Dála agus Príomh-Aistritheoir Thithe an Oireachtais agus iad ag tabhairt mínithe dúinn faoin gceist seo. A luaithe agus atá Bille achtaithe, ní díreach ceist do Thithe an Oireachtais é nach bhfuil sé ar fáil i nGaeilge, mar go bhfuil tionchar aige ar an dlí. Tá na breithiúna ag caint faoin reachtaíocht agus faoi ionstraimí chomh maith. Tá cinneadh á dhéanamh. Tá a fhios agam go bhfuil an Stát ag déanamh achomharc ar an méid a dúirt breitheamh le déanaí maidir leis na hionstraimí a bheith ar fáil. Tá tionchar ann agus caithfimid déileáil leis. Tá dáta leagtha síos ag na cúirteanna. Tá siad dár gcur ar fionraí ar feadh tamaill. Caithfimid déileáil leis. Tuigim an méid a dúradh ó thaobh an Aontais Eorpaigh de. Tá sé ait go bhfuil an tAontas Eorpach chun tosaigh orainn ó thaobh reachtaíochta agus gach rud eile de. Beimid á náire acusan ó thaobh na Gaeilge agus reachtaíochta de. Níl réiteach na faidhbe agam agus is é sin an fáth go bhfuilimid ag lorg go mbeadh taighde déanta. Tá sé déanta cheana féin. Ní jab mór é. Tá sé déanta agus cuireadh faoi bhráid an choiste é. Tá sé i gceist againn go dtarlóidh sé seo go rialta, gach sé mhí nó bliain mar atá luaite. Ba chóir go mbeadh sé ar an gclár oibre againn agus go dtuigimis cé chomh práinneach is atá sé seo agus go ndéanfaimid déileáil leis. Más gá daoine a tharraingt as an Eoraip, tuilleadh airgid a chur ar fáil nó bealach éigin eile a fháil chun iad a chur ag obair anseo, ba cheart go ndéanfaimis é sin.

Go bhfios dom, tá na Billí atá á rith agus á achtú againn ar fáil go dátheangach. Mar sin, táimid tar éis déileáil le sin. Is í an fhadhb ná na riaráistí atá ann, roinnt acu ag dul siar tamall maith de bhlianta. Dá bhrí sin, níl leithscéal ar bith ann.

Ar mhaith leis an Aire Stáit críochnú ar an ábhar seo?

Níl aon rud eile le rá agam faoi.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasuithe Uimh. 35 agus 36 as ord.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 35 agus 36.

Tairgim leasú Uimh. 37:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

"Úsáid na dTeangacha Oifigiúla sa Rialtas

4. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7:

"Úsáid na dTeangacha Oifigiúla sa Rialtas

7A. Déanfaidh an tAire tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais, tráth nach déanaí ná bliain tar éis an tAcht seo a achtú, ina leagfar amach scála ama agus moltaí praiticiúla i dtreo ateangaireacht chomhuaineach nó chomhleanúnach ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile a dhéanamh don lucht éisteachta ar aon imeachtaí oifigiúla nó ráitis oifigiúla béil de chuid an Rialtais.".".

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasú Uimh. 38 as ord.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 38.

Tairgim leasú Uimh. 39:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

"Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3), trí "ní mór don chúirt" a chur in ionad "féadfaidh an chúirt".".

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasuithe Uimh. 40 go 45, go huile, as ord.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 40 go 45, go huile.

Tairgim leasú Uimh. 46:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

"Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

"(1A) Déanfaidh an tAire, tar éis comhchomhairle a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga, agus tráth nach déanaí ná bliain tar éis an tAcht seo a achtú, tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ina leagfar amach na féidearthachtaí atá ann chun an chosaint atá ann don cheart atá ag duine chun an Ghaeilge a labhairt in aon chúirt de réir fho-alt (1) a leathnú lasmuigh den chomhthéacs cúirte ionas go mbeidh cosaint ann don cheart atá ag gach duine chun cumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge in aon áit sa Stát, agus maidir le córas pionós a d'fhéadfaí a chur i ngníomh dóibh siúd a dhéanann sárú ar an gceart sin, ar bhonn mhúnla an Bhirt Breatnaise sa Bhreatain Bheag.".".

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasuithe Uimh. 47 agus 48 as ord.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 47 agus 48.

Tairgim leasú Uimh. 49:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

"Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

"(7) Déanfaidh an tSeirbhís Chúirteanna tuarascáil a ullmhú, a fhoilsiú, agus a chur faoi bhráid an Aire agus Thithe an Oireachtais, tráth nach déanaí ná bliain ó achtú an Achta seo, ina leagfar amach moltaí faoi conas na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach agus amchlár le haghaidh an dul chun cinn a bheadh ag teastáil chun na cuspóirí sin a bhaint amach roimh an 1 Eanáir 2030:

(a) go dtabharfar gach breithiúnas agus doiciméad cúirte agus go ndréachtófar gach ordú sa chás sa teanga oifigiúil nó sa dá theanga oifigiúla de réir mar atá roghnaithe ag na páirtithe a úsáid in imeachtaí in aon chás ar leith;

(b) gur trí mheán na Gaeilge a sheolfar na himeachtaí i gcás suí cúirte laistigh den Ghaeltacht, gan dochar do chearta aon pháirtí nó finné a rogha teanga a úsáid faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo;

(c) go reáchtálfar suí amháin den Chúirt Dúiche agus suí amháin den Chúirt Chuarda sa limistéar sin ar a laghad in aghaidh na bliana i gcás dúiche den Chúirt Dúiche nó cuaird den Chúirt Chuarda a bhfuil limistéar Gaeltachta inti; agus

(d) go reáchtálfar suí amháin den Chúirt Dúiche ar a laghad agus suí amháin den Chúirt Chuarda ar a laghad in aghaidh an téarma dlí i nGaeltacht Dhún na nGall, i nGaeltacht na Gaillimhe agus i nGaeltacht Chiarraí.".".

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 50:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

"Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

"(7) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn 'Acht 1961' Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961.

(b) Leasaítear alt 5 d'Acht 1961 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

'(8) (a) Beidh an cumas ag aon duine cáilithe de réir an ailt seo Bunreacht na hÉireann a léamh agus a thuiscint ina iomláine sa dá theanga oifigiúla sula gceapfar é nó í ina Bhreitheamh nó ina Breitheamh den Chúirt Uachtarach.

(b) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le gach ceapachán a dhéanfar tar éis theacht i ngníomh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.'.".".

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 51:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

"Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

"(7) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn 'Acht 2008' Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge), 2008.

(b) Leasaítear alt 1 d'Acht 2008—

(i) trí ", a mhéid is réasúnach di déanamh amhlaidh,", i bhfo-alt (2), a scriosadh,

(ii) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

'(2A) Déanfaidh an Chomhairle na socruithe cuí chun a chinntiú go mbeidh 20 faoin gcéad ar a laghad díobh siúd a nglacfar leo chun cleachtadh mar abhcóidí dlí sna Cúirteanna in aghaidh na bliana amhail ón 31 Nollaig 2030 inniúil sa Ghaeilge ionas gur féidir leo an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge chomh maith lena chleachtadh trí Bhéarla; 30 faoin gcéad ar a laghad amhail ón 31 Nollaig 2035; agus 40 faoin gcéad ar a laghad amhail ón 31 Nollaig 2040;'.

(c) Leasaítear alt 2 d'Acht 2008—

(i) trí ", a mhéid is réasúnach dó déanamh amhlaidh," a scriosadh",

(ii) trí na focail seo a leanas a chur isteach i ndiaidh "lena chleachtadh trí Bhéarla.":

'(ba) Déanfaidh an Cumann na socruithe cuí chun a chinntiú go mbeidh 20 faoin gcéad ar a laghad díobh siúd a nglacfar leo mar aturnaetha in aghaidh na bliana amhail ón 31 Nollaig 2030 inniúil sa Ghaeilge ionas gur féidir leo an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge chomh maith lena chleachtadh trí Bhéarla; 30 faoin gcéad ar a laghad amhail ón 31 Nollaig 2035; agus 40 faoin gcéad ar a laghad amhail ón 31 Nollaig 2040.'.".

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasuithe Uimh. 52 go 54, go huile, as ord.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 52 go 54, go huile.

Tairgim leasú Uimh. 55:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

"Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

"(1A) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn 'Acht 1961' an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961;

tá le 'sín tráchta' an bhrí chéanna atá leis in alt 95 (arna leasú le halt 37(a)(ii) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994) d'Acht 1961.

(b) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le síneacha tráchta nua a chuirfear in airde tar éis theacht i ngníomh an Achta seo, nó i gcás aon athnuachan nó athchóiriú a dhéanfar ar sheansín tráchta tar éis theacht i ngníomh an Achta seo, lena n-áirítear na síneacha sin a bhfuil feidhm ag Rialacháin faoi alt 95(2) d'Acht 1961 maidir leo agus na síneacha sin a bhfuil feidhm ag ordachán faoi alt 95(16) den Acht sin maidir leo.

(c) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le síneacha a bhí in airde roimh theacht i ngníomh an Achta seo seachas i gcás go mbeidh athnuachan nó athchóiriú á déanamh nó á dhéanamh orthu.

(d) Faoi réir fhorálacha an fho-ailt seo, maidir le haon sín tráchta a chuirfear in airde in aon suíomh sa Stát, is i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh sí d'ainneoin aon achtachán eile. I gcás sín tráchta i nGaeilge agus i mBéarla araon:

(i) beidh an téacs i nGaeilge ann ar dtús;

(ii) beidh an téacs i nGaeilge chomh feiceálach leis an téacs i mBéarla nó níos feiceálaí ná é, chomh sofheicthe leis nó níos sofheicthe ná é, agus chomh hinléite leis nó níos inléite ná é;

(iii) ní bheidh na litreacha sa téacs i nGaeilge níos lú, ó thaobh méide de, ná na litreacha sa téacs i mBéarla;

(iv) maidir leis an téacs i nGaeilge, cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis chéanna leis an bhfaisnéis a chuireann an téacs i mBéarla in iúl;

(v) ní dhéanfar focal sa téacs i nGaeilge a ghiorrú mura rud é go bhfuil an focal sa téacs i mBéarla, arb é an t-aistriúchán air é, giorraithe freisin;

(vi) i gcás gurb ionann an téacs i nGaeilge agus an téacs i mBéarla nó gurb ionann logainm nó fuaimniú logainm i nGaeilge agus i mBéarla, is leor an leagan Gaeilge;

(vii) d'ainneoin ghinearáltacht an fho-ailt seo, féadfar síneacha tráchta a chur in airde ar síneacha iad atá de réir Chóras Idirnáisiúnta na nAonad arna ghlacadh ag an Bureau Internationale des Poids et Mesures, arna bhunú le Coinbhinsiún an Mhéadair a síníodh i bPáras in 1875; agus

(viii) i gcás ordú logainmneacha faoi alt 32 a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, déanfar an leagan Gaeilge den fhocal nó de na focail a bheidh sonraithe san ordú a úsáid in aon síneacha tráchta a chuirfear in airde.

(e) I gcás go mbeartófar sín tráchta i nGaeilge agus i mBéarla a shuíomh, agus de thoradh téacs sa dá theanga sin a bheith uirthi, go mbeadh an tsín rómhór, gur dheacair í a léamh nó gur dhócha go mbeadh sí ina bacainn, nó gur dhócha, le linn do dhaoine í a léamh, gur bhaol dóibh féin nó do dhaoine eile a bheadh inti, féadfar, ina ionad sin, dhá shín a chur ar an suíomh sin, a mbeidh an fhaisnéis lena mbaineann i nGaeilge ar cheann amháin díobh agus i mBéarla ar an gceann eile, ar choinníoll go ndéanfar na forálacha i bhfomhíreanna (c)(ii) go (viii) a chomhlíonadh.

(f) I gcás coimhlint nó díospóid maidir le logainm i suíomh ar bith sa Stát, déanfar cinneadh maidir leis an leagan oifigiúil ceart de réir ailt 31 agus 32, agus cloífidh gach comhartha bóthair lena gcinntí.".".

Tugadh aird ar go raibh athainmniú na hÉireann faoi bhrú ó innealtóirí a tháinig as Sasana tuairim is 200 bliain ó shin leis an Ordnance Survey, gur éagóir a bhí ann, agus go bhfuil orainn é a cheartú. Bhí na hainmneacha nádúrtha agus bhí a lán staire agus timpeallacht iontu ag an am sin. Um an dtaca sin, tugadh ainmneacha seafóideacha uaireanta. Tugadh Snave ar an áit in iarthar Chorcaí darb ainm Snámh. Luaigh mé Skeheenarinky cheana féin, cé gur Sceichín an Rince an t-ainm air. Is amhlaidh an scéal in Úlla i Luimneach. Labhair mé mar gheall ar an play ag Brian Friel faoin trauma a tharla ag an am sin. Is trua go bhfuil toradh na tragóide sin ann faoi láthair. Thart ar 100 bliain ó shin, aistríodh roinnt ainmneacha ar nós Dún Laoghaire agus Port Laoise. Ní raibh aon fhadhb leis sin agus is féidir leis an bpobal na hainmneacha a úsáid. D'aistrigh sinn féin é sin agus beimid bródúil as.

Nuair a bhíomar ag caint leis an gCoimisinéir Teanga ón mBreatain Bheag, dúirt sé nach raibh aon chostas ag baint leis na comharthaí bóthair a d'aistrigh siad go cinn nua. Ní raibh aon chostas breise toisc go raibh na comharthaí á athrú acu ar aon nós. Tá eisceachtaí ann nuair a bhíonn ainmneacha i dteangacha eile a tháinig chun na tíre leis na Lochlannaigh, na Normannaigh, nó daoine as Albain nó Uladh. D'fhéadfadh go mbeadh eisceachtaí ann mar gheall ar chúrsaí turasóireachta agus mar sin de. Tá sé tábhachtach go mbeadh na hainmneacha Gaeilge chun tosaigh agus suite níos airde nó ar an leibhéal céanna leis an ainm Sasanach nó Béarla. Má tá sé ar intinn ag an tAire Stáit na leasuithe seo a dhiúltú, déarfainn leis go dtugann siad a lán soiléireacht agus míniú don teanga agus nach mbeadh aon chostas breise ag baint leo.

Cúpla seachtain ó shin, bhíos ag caint le daoine i nDún Chaoin a bhí ag iarraidh clós súgartha a thógáil ina gceantar. Tá orm mo bhuíochas a ghabháil leis an Office of Public Works agus an tUasal Ó Buachalla a bhí i bhfabhar é sin chun taispeántas agus ráiteas a dhéanamh ionas go mbeadh an Ghaolainn feicthe sa phobal agus seans a thabhairt do dhaoine agus leanaí a bheith ag caint as Gaolainn sa phobal. Dá mbeadh na comharthaí bóthair le feiceáil agus daoine ag tiomáint, bheadh sé sin i bhfad níos fearr. Dúirt an coimisinéir ón Bhreatain Bheag nach féidir an t-ainm Swansea a fheiceáil ar na bóithre. Is é Abertawe an t-aon ainm a fheictear nuair a bhítear ag tiomáint ansin. Sin iad mo thuairimí ar an leasú seo.

Tá an t-ábhar seo tábhachtach agus níor chóir go mbeadh orainn é seo a dhéanamh. B'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann labhairt faoi leis an Aire, an Teachta Varadkar, toisc go raibh seisean den tuairim gur cheart é seo a dhéanamh agus gheall sé go dtarlódh sé nuair a bhí sé ina Aire Iompair tamall de bhlianta ó shin. Is leasú simplí é seo. Mar a dúirt Dubhghlas de hÍde, sular ceapadh é mar chéad Uachtaráin an Stáit, i léacht an-cháiliúil in 1892 - bliain sular bhunaigh sé Conradh na Gaeilge - dar teideal, "The Necessity of De-Anglicising the Irish Nation":

I hope and trust a native Irish Government will be induced to provide for the restoration of our place-names on something like a rational basis.

Níor tharla sé seo. Tá ceantair ann ina bhfuil na hainmneacha Béarla agus an tslí inar ghalldaíodh ainmneacha Gaeilge le feiceáil timpeall na tíre agus fós i mbarr a réime. Tá ceantair ann gur masla do stair na hÉireann é an t-ainm coilíneach a choimeád.

Tá an t-ádh linn nach nglaoitear Kingstown ar Dhún Laoghaire a thuilleadh nó Marysborough nó a leithéid de sin, ach tá Charleville á ghlaoch ar Ráth Luirc agus tá áiteanna mar sin. Níl mé ag caitheamh anuas ar dhaoine atá ina gcónaí sna ceantair sin. Is é an rud atá i gceist ná go mbeadh meas againn ar an mbunteanga. Uaireanta, bíonn leaganacha ónár stair gur chóir dúinn iad a choimeád ach is minic a bhíonn níos mó mínithe sa leagan Gaeilge ach bíonn sé caillte mar go bhfuil sé in italics nó i roinnt cásanna fós, sa stíl sean-Ghaeilge. Is féidir le roinnt againn é sin a léamh ach tá a lán daoine eile nach bhfaca riamh iad an sean-stíl - an cló Gaelach - agus nach dtuigeann an séimhiú nó an consan buailte agus a leithéid. Bíonn síntí fada go minic in easnamh ar na comharthaí bóithre seo.

Ní costas mór a bheadh i gceist láithreach mar nach bhfuil sé i gceist againn go mbeadh daoine ag dul timpeall ag tarraingt síos na gcomharthaí bóithre agus ag fáil réidh leo. Is é an t-aon áit a dtarlódh sé sin ná sna háiteanna nach bhfuil aon Ghaeilge in aon chor ann. Tá an iomarca eastáit thithíochta timpeall na cathrach agus in áiteanna eile nach bhfuil ach comhartha i mBéarla orthu agus ní cóir dó sin tarlú. Sa chás seo, nuair atá athrú ag tarlú agus tarlaíonn sé anois is arís go mbeadh athrú déanta, bheadh tús áite ag an nGaeilge agus comharthaí dátheangacha ann. Sna ceantair Ghaeltachta, is i nGaeilge amháin a bheidís, mar a tharlaíonn i mbeagnach gach uile áit eile a bhfuil a leithéid de Ghaeltacht ann, amhail Albain agus an Bhreatain Bheag. Bíonn an féinmheas ag an bpobal i dtíortha eile chun an teanga a aithint.

Deir daoine go mbeadh na turasóirí caillte. Brúnn siad Google Earth nó Google Maps anois. Brúim Google Maps ar mo fhón agus tagann sé suas i nGaeilge. Bím caillte uaireanta mar go mbíonn aithne agam ar an áit i mBéarla agus bíonn orm míniú a fháil air. Ní dhéanann sí difríocht. Tá a fhios agam cá bhfuil mé ag dul. Má chuirim rud isteach i mBéarla, tagann an léarscáil suas i nGaeilge. Is féidir é a dhéanamh. Ní dhéanann sé dochar ar bith. Cad is brí le "is rud é ó thaobh turasóireachta de"? Má théitear go dtí an Bhreatain Bheag, ceistítear an litriú agus an bhrí taobh thiar dó, déantar é a lorg ar an bhfón póca nó ceannaítear an treoir thurasóireachta atá ann, agus iarrtar cad atá taobh thiar den ainm. Tá míniú iontach ar gach uile rud sna hainmneacha atá timpeall na tíre. Tá ainm ar gach uile cas, bóthar agus páirc. Tá stair taobh thiar de gach rud. Má tá na logainmneacha caillte agus galldaithe, táimid ag déanamh bréagnaithe ar ár n-oidhreacht. Ní ceist Ghaeilge agus Ghaeltachta amháin í seo. Is ceist oidhreachta í. Ba chóir dúinn glacadh leis seo agus ní dhéanfadh sé mórán ualach a chur orainne mar Stát. Chuirfeadh sé ar na comhairlí áitiúla déileáil i gceart leis an nGaeilge. Tá polasaithe maithe i gcomhairle Bhaile Átha Cliath. Níl a fhios agam an bhfuil an polasaí céanna ó thaobh chomharthaí bóithre, ainmniú eastáit thithíochta agus a leithéid. An bhfuil sé coitianta trí na tíre? Mura bhfuil, is jab eile é sin dúinn déileáil leis chun go mbeadh sé ag tarlú amach anseo.

Tacaím leis an leasú seo. Ní féidir smaoineamh ar bhealach níos éasca chun a chur in iúl gur tír dhátheangach atá againn agus go bhfuilimid dáiríre faoin nGaeilge. Tá sé ag teacht leis an méid atá sa straitéis 20 bliain agus leis an bplean ghníomhaíochta chomh fada is go gcuirimid an Ghaeilge i lár an aonaigh agus go mbeidh sí i bhfad níos feiceálaí. Is bealach é seo. Níl airgead breise i gceist. Táimid ag caint faoi chomharthaí nua. Nílimid ag breathnú siar ach ag cur in iúl gur tír dhátheangach í seo agus go bhfuilimid bródúil as ár bhféiniúlacht agus an éagsúlacht atá againn. Níl mórán eile le rá agam. Tá sé chomh simplí éifeachtach sin agus níl a fhios agam cén fáth nach bhfuilimid ag seasamh leis an leasú seo.

Tagann an tAcht um Thrácht ar Bhóithre faoi scáth na Roinne Iompair. Níl sé ina ábhar don reachtaíocht seo. Tuigim gur ceist í seo atá ardaithe ag Conradh na Gaeilge agus ag daoine eile go minic agus ag an Teachta Ó Dálaigh sa Dáil. Tá a fhios agam gur chuir an Roinn Iompair scéim phíolótach ar bun roinnt blianta ó shin ach níor leanadh ar aghaidh leis sin. Chas mé leis an Aire, an Teachta Eamon Ryan, níos túisce i mbliana chun an cheist seo a phlé agus d'iarr mé air athmhachnamh a dhéanamh air. Ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Is trua é sin. Tá an leasú ag déileáil leis an dualgas reachtúil ó thaobh na Gaeilge de. Is minic a deirtear nach bhfuil feidhm ag an mBille ó thaobh chomharthaí tráchta agus a leithéid agus ba chóir go mbeadh sé i reachtaíocht faoi chóras iompair, chomhairlí contae nó pé áit. Is é seo an áit is cuí. Is é seo an áit gur féidir linn é a dhéanamh. Má thagann reachtaíocht eile, is féidir é a bhogadh nó cur leis amach anseo. Ba chóir dúinn glacadh leis seo agus déanamh cinnte de go bhfuil sé seo ag tarlú. Tá sé geallta thar na blianta. Ní fheicim aon duine ag cur ina choinne mar nach bhfuil aon chostas i gceist. Aontaíonn daoine leis. Ba chóir go mbeadh sé rite agus achtaithe i reachtaíocht. Ní cheart go mbeadh aon dabht ann faoi dhualgais na gcomhairlí contae agus faoi dhualgais an Stáit. Ba chóir go mbeadh ar aon duine atá ag cur chomharthaí tráchta suas na coinníollacha atá leagtha síos anseo a chomhlíonadh. Is ait liom nach bhfuil an tAire Stáit sásta déileáil leis an gceist seo sa tslí atá leagtha síos sa lasú.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diultú dó.
Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 56 agus 57.

Tairgim leasú Uimh. 58:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

"Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (2), trí "nó ar na meáin shóisialta" a chur isteach i ndiaidh "leis an bpost leictreonach".".

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diultú dó.

Tairgim leasú Uimh. 59:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (2), trí “le duine nó” a chur isteach i ndiaidh “leis an bpost leictreonach”.”.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 60:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

"(2A) (a) Déanfaidh an tAire, tar éis comhchomhairle a dhéanamh leis an gCoiste Comhairleach, agus tráth nach déanaí ná bliain tar éis an fhoráil seo a achtú, tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais ina leagfar amach moltaí sonracha agus amchlár chun a chinntiú, i gcás go ndéanann comhlacht poiblí cumarsáid a thionscnamh le duine, le haicme den phobal, nó leis an bpobal, nach mór dó é sin a dhéanamh sa dá theanga oifigiúla mura mbeidh a rogha teanga tugtha ag an duine lena bhfuil cumarsáid á déanamh aige roimh ré, nó más eol dó gur i limistéar pleanála teanga Gaeltachta, de réir Acht na Gaeltachta, 2012, atá cónaí ar an duine lena bhfuil cumarsáid á déanamh aige go bhféadfaidh sé an chumarsáid a dhéanamh sa Ghaeilge amháin.

(b) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar chomhlacht poiblí cumarsáid a thionscnamh sa dá theanga oifigiúla araon nó sa Ghaeilge amháin sula n-eiseofar an tuarascáil nó an t-amchlár de réir fho-alt (1).".".

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 61:

I leathanach 9, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3), trí ", lena n-áirítear aon ábhar margaíochta de chuid an chomhlachta nó aon ábhar lena ndéantar margaíocht ar an gcomhlacht poiblí féin nó ar a chuid seirbhísí," a chur isteach i ndiaidh "chun faisnéis".

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 62:

4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Cuirfidh comhlacht poiblí an pobal ar an eolas, trí thairiscint ghníomhach, faoi na seirbhísí a fhéadfaidh daoine a fháil uaidh trí mheán na Gaeilge.”.”

Gheall an tAire Stáit dúinn agus muid ag plé seo roimhe seo go ndéanfadh sé tairiscint ghníomhach a thabhairt isteach maidir leis na seirbhísí Gaeilge. Is é sin go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a fhógairt don phobal go bhfuil seirbhísí ar fáil as Gaeilge. Tá súil agam go gcabhródh na leasuithe seo faoi bhfógraíocht le margaíocht a dhéanamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Má táimid ag iarraidh daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a labhairt, ba chóir mbeidís ar an eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil. Ba cheart go mbeadh an Ghaeilge mar default agus go mbeadh ar dhuine an Béarla a lorg seachas a mhalairt, mar atá ag tarlú faoi láthair. Faoi láthair bíonn ort dul ag lorg agus is minic nach léirítear dúinn go bhfuil seirbhísí ar fáil agus go gcuirtear faoi cheilt iad orainn. Ní gá ach féachaint ar roinnt de na suíomhanna Idirlín.

Brúnn tú an cnaipe do Bhéarla nó Gaeilge ach i gcónaí tagann sé suas go huathoibríoch as Béarla ar aon cheann de na suíomhanna. Ar a laghad má tá cnaipe ann, tuigfidh daoine go bhfuil sé ann agus go bhfuil an tseirbhís seo ar fáil i nGaeilge. Má théann daoine isteach in aon cheann de na hoifigí atá ag an Stát ní bhíonn an tseirbhís Ghaeilge ar fáil. B'fhéidir go bhfuil an leaid sin a bhí ag obair ag An Post ar fáil ach go bhfuil sé ar a lón inniu. Is gá go bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil an tseirbhís ar fáil. Uaireanta, toisc go nglacann an pobal leis nach bhfuil sé ar fáil, ní lorgaíonn siad é. Ní lorgaíonn siad cóip de rud i nGaeilge nó foirm i nGaeilge. Líonann siad isteach pé rud atá os a gcomhair mar go bhfuil deifir orthu nó a leithéid. Sin an sórt rud atá i gceist, go mbeadh iachall ar na comhlachtaí poiblí a rá, a chraobhscaoileadh agus a fhógairt go bhfuil pé seirbhísí atá acu ar fáil as Gaeilge. Nuair atá an reachtaíocht seo achtaithe agus i bhfeidhm, cuirfear leis an méid seirbhísí atá ar fáil acu. Faoi láthair tá fíorbheagán seirbhísí ag a lán acu nó níl seirbhís ar bith ann ach diaidh ar ndiaidh beidh níos mó ar fáil. Tá sé tábhachtach dá réir go bhfuil a fhios ag daoine, ní hamháin go bhfuil an tseirbhís ar fáil, ach go bhfuil sí á chraobhscaoileadh. Dá réir, tiocfaidh daoine ag lorg na seirbhíse agus beidh muid in ann a léiriú go bhfuil an tseirbhís ann. Go minic deir daoine nach bhfuil aon duine ag lorg na seirbhíse as Gaeilge nó nach n-úsáideann daoine an tseirbhís ach nuair a chuirtear ceist orthu ar fhógair siad í nó an ndúirt siad le daoine go raibh an tseirbhís ar fáil, 100% den am ní bhíonn siad tar éis aon obair a dhéanamh chun craobhscaoileadh a dhéanamh.

Leasú beag simplí atá i gceist anseo. Níl aon chostas i gceist, ach a mhalairt mar bheadh sé seo ag tabhairt tacaíochta do na heagrais. Má tá siad ag cur seirbhíse ar fáil nó ag cur duine ag déanamh na hoibre sin, cinntíonn sé seo go bhfuil tairbhe ag teacht as agus go bhfuil buntáiste ag dul don chomhlacht. Má dhéanann siad craobhscaoileadh b'fhéidir go bhfaighidh siad níos mó poiblíochta agus níos mó dea-thoil ón bpobal de thairbhe go bhfuil an tseirbhís ar fáil agus an t-aitheantas go bhfuil an tseirbhís ann. B’fhéidir go bhfaighidh siad poiblíocht ó na meáin Ghaeilge nó na heagrais Ghaeilge ag maíomh as agus ag moladh an chomhlachta dá réir.

Is leasú thar a bheith simplí an leasú seo. Tá súil agam go bhfuil an tAire Stáit ag glacadh leis mar cad atá i gceist anseo ach beart réamhghníomhach chun a chinntiú go bhfuil a fhios ag daoine le Gaeilge go bhfuil seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge? Ní thuigim cad í an fhadhb anseo. Is teanga oifigiúil na tíre í an Ghaeilge agus tá an leasú simplí seo ag rá gur chóir cur in iúl do dhaoine go bhfuil seirbhísí ar fáil. Baineann sé i ndáiríre le mo leasú féin, Uimh. 1, atá as ord. An fáth go bhfuil sé as ord ná nach bhfuil baint aige le forálacha an Bhille. Tá a fhios agam nach féidir caint faoi rud nuair atá sé as ord ach ba mhaith liom é a tharraingt isteach anseo mar baineann an méid a bhí i gceist agam le leasú Uimh. 1 leis seo. An rud a bhí á rá agam ná comhthéacs a chur leis an mBille ionas go dtuigeann muid cén fáth go bhfuil an Bille seo ag teastáil. Sin an méid a bhí i gceist agam. Seo brí an Bhille, dar liom. Bhí mé ag iarraidh na habairtí seo a chur isteach:

... chun úsáid na Gaeilge mar theanga choiteann i ngach gné de shaol na hÉireann a chur chun cinn; [sé sin, í a normalú] dá chinntiú go mbeidh [ligfidh mé leis sin mar ní bhaineann sé leis an leasú seo, ach tá sé thar a bheith tábhachtach agus baineann sé le cúrsaí earcaíochta] … dá chinntiú go mbeidh an ceart ag aon duine ainm agus seoladh i nGaeilge a úsáid; dá chinntiú go mbeidh seirbhísí trí mheán na Gaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ...

Sin an t-alt agus tá sé as ord. Ní thuigim agus ní aontaím leis an gcinneadh atá déanta go bhfuil sé as ord. Níl aon airgead i gceist agus cuireann sé leis an mBille agus an bhrí. Tá sé ceangailte, i ndáiríre, leis an rud atá taobh thiar den leasú seo, sé sin, an Ghaeilge a normalú agus a éascú. Má táimid i ndáiríre, sin iad na rudaí is lú a chaithfidh muid a dhéanamh. Tá mé ag tnúth le freagra an Aire Stáit.

Tá nóiméad amháin ag an Aire Stáit.

Maidir leis na leasuithe atá as ord, níl aon ról agam i ndáiríre i rialuithe a dhéantar maidir le leasuithe a bheith in ord nó as ord. Is ceist don Cheann Comhairle í sin. Mar is eol do na Teachtaí, sa chás go rialaítear leasú as ord tá an deis ag Teachtaí é a athdhréachtú ionas go mbeidh sé in ord do Chéim na Tuarascála. Mura ndéanann Teachtaí é sin, nó má dhéanann siad iarracht ach nach n-éiríonn leo, is leo siúd a bhaineann sé.

Maidir le leasú Uimh. 62, tá tábhacht ar leith ag baint leis an tairiscint ghníomhach go háirithe chun daoine a spreagadh le seirbhísí Gaeilge a éileamh agus a úsáid. Tuigim go bhfuil an tairiscint ghníomhach mar chuid lárnach den chur chuige ó thaobh cúrsaí teanga sa Bhreatain Bheag. Ba mhaith liom a chinntiú go ndéanfaimid amhlaidh anseo in Éirinn agus dá bhrí sin tá mé ag súil go mbeidh an tairiscint ghníomhach luaite go sonrach sna caighdeáin teanga atá á dhréachtú agus atá le teacht in áit córas na scéimeanna teanga. Ar an mbonn sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Is iontach iad na freagrachtaí atá leagtha agat orainn. Ar aon nós, tá an t-am istigh don díospóireacht seo.

Ó tharla an t-am a cheadaítear le haghaidh na díospóireachta seo a bheith caite, ní foláir dom an cheist seo a leanas a chur, de réir ordú na Dála an 5 Deireadh Fómhair: "Go ndéantar leis seo ar an mBille na leasuithe atá curtha síos ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus nach bhfuil curtha de láimh, agus na cinn sin ar gá athchúrsa i gcoiste ina leith, sa ghnáthchúrsa san áireamh; go gcríochnaítear leis seo an Ceathrú Céim; agus go ndéantar leis seo an Bille a rith."

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh le gach Teachta a ghlac páirt sa díospóireacht seo inniu agus le linn Céim an Choiste. Bhí díospóireacht an-mhaith ann agus bhí ionchur fiúntach ag gach Teachta ar an dá thaobh den Teach. Sílim go bhfuil Bille níos fearr againn dá bharr. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leis an Seanadóir Seán Kyne, a fuair cead ón Rialtas roimhe seo an Bille a fhoilsiú dhá bhliain ó shin. Táim ag súil le dul isteach sa Seanad anois leis an mBille a phlé arís.

Luaigh an Ceann Comhairle agus Teachtaí eile go raibh Rannóg an Aistriúcháin agus Oifig na mBillí fós ag obair i lár na hoíche Dé Luain chun go mbeadh gach rud réidh don díospóireacht seo. Bhí foireann mo Roinne ag obair i lár na hoíche chomh maith an oíche sin. Ba mhaith liom mo bhuíochas pearsanta a ghlacadh leo siúd agus le foireann an Oireachtais as a dtiomantas don phróiseas reachtaíochta. Ní neart go cur le chéile. Is meitheal atá san obair seo uilig agus tá gach duine – na Teachtaí agus an fhoireann - le tréaslú as an éacht atá déanta anseo. Go raibh míle maith agaibh.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Stáit, le Ruadhán agus leis an bhfoireann ar fad sa Roinn a bhí ag déileáil leis seo. In ainneoin nár aontaigh muid ar gach rud, tá an Bille seo i bhfad Éireann níos fearr ná mar a bhí nuair a smaoiníodh air ar dtús in 2013. Táimid tar éis céim chun tosaigh a ghlacadh. Tá sé i bhfad Éireann níos fearr dó bheith níos fearr. Sin an fáth go raibh leasuithe agam. Cosúil le gach duine eile, gabhaim mo bhuíochas le hOifig na mBillí go háirithe as an obair a rinneadar agus le m’oifig féin, le hEoghan Finn, agus aon duine eile a bhí ag obair air seo, ar nós na heagrais dheonacha a bhí ag féachaint ar an díospóireacht agus na hiriseoirí a bhí ag déanamh tráchta uirthi.

Beidh dualgas mór ar an Stát nuair a bheidh an Bille seo achtaithe cearta Gaeilgeoirí agus lucht na Gaeltachta a chosaint agus a shásamh. Tá súil againn gurb é seo tús na hoibre mar go bhfuil an-chuid oibre eile romhainn.

Is trua nár glacadh le gach leasú ach beimid ar ais le leasú Uimh. 54 agus beidh lá eile ag an bPaorach. Tá súil agam go n-aistreoidh muid an córas éagórach atá ann faoi láthair.

Gabhaim mo bhuíochas go háirithe leis an bhfoireann. Níor cheart go raibh orthu a bheith ag obair go dtí 5 a chloig ar maidin ach sin mar atá sé. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tá an ceart aige go raibh díospóireacht mhaith ann ach bheadh díospóireacht i bhfad níos fearr againn mura mbeadh an gilitín i gceist. Bhí an díospóireacht níos láidre gan dabht mar gheall ar obair an choiste agus rannpháirtíocht ó gach ball an choiste. Is é an Bille seo an chéad chéim chun dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann ó thaobh na Gaeilge de, go háirithe sna Gaeltachtaí. Gabhaim buíochas leis an bhfoireann uilig.

Déanaim comhghairdeas le chuile duine a bhí páirteach san iarracht seo. Tá súil agam go mbeidh an teanga, atá fíorthábhachtach dúinn ar fad, níos treise de bharr na reachtaíochta seo.

Chuir an tAire in iúl go bhfuil sé ar intinn aige a iarraidh ar an gCeann Comhairle a threorú don Chléireach, de réir Bhuan-Ordú 196, an t-athrú seo a leanas a dhéanamh chun earráid chló i dtéacs an Bhille a cheartú:

Ar leathanach 21, líne 12 – an focal “Tagartha” a chur in ionad an fhocail “Tagarth”

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Cuirfear an Bille chun an tSeanaid anois.

Top
Share