Official Languages (Amendment) Bill 2019: From the Seanad

Rachaidh mé trí na leasuithe go luath ach tá an tAire Stáit ag iarraidh cúpla focal a rá ag an bpointe seo.

Mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht, is mór an onóir dom a bheith anseo ar an lá stairiúil tábhachtach seo do phobal na tíre i gcoitinne agus do mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta ach go háirithe. Tuigim an tábhacht a bhaineann leis an teanga mar chéad teanga oifigiúil an Stáit, mar chuid luachmhar d'oidhreacht an oileáin seo agus, níos tábhachtaí fós, mar theanga bheo i measc pobal ar fud na tíre agus sa Ghaeltacht ach go háirithe. Mar is eol don Teach, is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil in Éirinn de réir Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann. Tá stádas láidir bunreachtúil ag an nGaeilge ón mbliain 1937 go dtí an lá inniu. Leis an mBille nua seo, tá bunsraith láidir leagtha síos dúinn, mar Stát, chun fíorcheannaireacht a léiriú i dtaobh an teanga a chaomhnú do na glúine atá le teacht.

Ar ndóigh, bhí tacaíocht don Ghaeilge mar bhunchloch ag polasaithe gach Rialtas ón chéad lá riamh. Bhain an mhórchuid den reachtaíocht maidir leis an Ghaeilge suas go dtí deireadh an 20ú haois le hoideachas agus leis an nGaeltacht fhisiciúil a leagadh amach in 1956, go dtí gur achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, a raibh sé mar aidhm aige creatlach nuálach a chur ar fáil do fheabhsú na seirbhísí Stáit trí Ghaeilge ar fud na tíre. Is liosta le lua é liosta na bhforbairtí ar stádas oifigiúil na teanga a tháinig chun cinn ó aithníodh an Ghaeilge mar an phríomhtheanga náisiúnta faoin mBunreacht in 1937 agus ó rinneadh sainiú ar na ceantair Ghaeltachta 19 bliain ina dhiaidh sin. In 1972, 16 bliain ina dhiaidh sin, thosaigh Raidió na Gaeltachta ag craoladh agus tháinig TG4 ar an aer in 1996. Is fiú trácht a dhéanamh ar Acht na Gaeltachta, 2012, an tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956, an tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979 agus an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999, a bhfuil an Bille nua seo ag teacht sna sála orthu.

Bunaíodh Roinn na Gaeltachta faoi alt 3 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 chun “leas cultúrtha, sóisialach agus geilleagrach na Gaeltachta a chur chun cinn." Bhí Tomás Ó Deirg, Liam Mac Cuinneagáin, Gearóid Mac Pharthaláin agus Seán Ó Coileáin i lár na díospóireachta maidir le bunú na Roinne nua. Aithníodh na dúshláin agus na constaicí a bhaineann le cosaint na Gaeilge agus í ag maireachtáil taobh le taobh le mórtheanga dhomhanda an Bhéarla. Bhí na dúshláin sin le feiceáil sa Ghaeltacht ach go háirithe, áit ina raibh an dátheangachas tagtha chun cinn go mór agus úsáid na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide an teaghlaigh agus an phobail faoi bhrú leanúnach dá réir. D'úsáid an t-iarAire Oideachais, Risteárd Ua Maolchatha, na focail seo le linn na díospóireachta Dála maidir le bunú Roinn na Gaeltachta faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956:

Ní gá dhom dul siar ar na hiarrachtaí a rinneadh le breis agus deich mbliana fichead anuas ar mhaithe leis an nGaeltacht. Is leor a rá nar éirigh leis na hiarrachtaí sin mar ba mhaith linn. Tá an Ghaeltacht ag meath i gcónaí. Deirtear linn go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge sa bhFíor-Ghaeltacht ag dul i laghad do réir míle duine sa mbliain.

Bunaíodh Údarás na Gaeltachta in 1979 nuair a thug Aire na Gaeltachta, Donncha Ó Gallchóir, an Bille um Údarás na Gaeltachta ós comhair na dTithe. Ba é an aidhm le bunú an údaráis ná "caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomhtheanga sa Ghaeltacht a spreagadh agus forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ó thaobh geilleagair, sóisialachta, cultúir, teanga agus gnéithiúlachta." Maidir leis an mBille sin, tháinig tacaíocht ó na Teachtaí John Horgan agus Kathleen Ahern. Dúirt Kathleen Ahern "gur céim mhór ar aghaidh é agus comhartha eile go bhfuil an Rialtas agus an tAire i ndáiríre faoi thábhacht na Gaeltachta agus faoi thábhacht na teanga."

Bunaíodh Foras na Gaeilge faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 agus ba chéim stairiúil eile i bhforbairt an chaidrimh ar an oileán seo agus idir oileáin na hÉireann agus na Breataine é sin. Mar Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, cuir an Teachta Éamon Ó Cuív fáilte roimh an mBille chun forais fheidhme, An Foras Teanga ina measc, a bhunú. Labhair an tAire Gnóthaí Eachtracha, David Andrews, ar an chéim mhór chun tosaigh a tógadh i gcur i bhfeidhm Chomhaontú Aoine an Chéasta agus san athrú ó choimhlint agus deighilt go síocháin agus comhoibriú agus an Bhille á achtú.

Tógann an Bille nua ar an obair shuntasach a rinne mo chomhghleacaí, an Teachta Éamon Ó Cuív, le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Mar sin, ba mhaith liom díriú ar an gcúlra a bhaineann leis an mBille le comhthéacs a thabhairt don lá stairiúil seo. Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 i mí Iúil 2003 agus ba iad na príomhaidhmeanna a bhí ag an Acht sin ná timpeallacht a chruthú ina mbeadh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeadh an teanga níos feiceálaí, agus go mbeadh fáil i bhfad níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Bhí sé mar aidhm aige freisin go mbeadh tuiscint i bhfad níos fearr ag an saoránach ar na seirbhísí atá ar fáil dó nó di agus ar cén caighdeán seirbhíse ar cheart a bheith ag súil leis.

Thug an t-iarAire, Donncha Mac Fhionnghaile, Bille na Gaeltachta, 2012 ós comhair Thithe an Oireachtais. Ba iad na bpríomhaidhmeanna a bhí ag an mBille ná sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Faoi Acht na Gaeltachta, 2012, bunaíodh an Ghaeltacht feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha, mar a bhí i gceist go dtí sin. Thug Acht na Gaeltachta feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbíonn pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, mar bhailte seirbhíse Gaeltachta nó mar líonraí Gaeilge.

Agus mé ag caint faoin bpróiseas pleanála teanga, is fiú labhairt faoin obair shuntasach atá á déanamh faoin bpróiseas. Den 26 limistéir pleanála teanga atá aitheanta faoin bpróiseas, tá 25 plean teanga ceadaithe go dáta. Tá ceithre bhaile seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas go dáta. Anuas air sin, tá dhá phlean eile á mheas ag an Roinn faoi láthair.

Tá trí líonra Gaeilge ceadaithe go dtí seo faoin bpróiseas atá á chur i bhfeidhm faoi scáth Acht na Gaeltachta, 2012 agus is fiú a lua chomh maith go bhfuil dhá líonra Gaeilge ceadaithe faoi stiúir Fhoras na Gaeilge sa dlínse ó Thuaidh - Carn Tóchair agus iarthar Bhéal Feirste - nach dtagann faoi scáth díreach an Achta, ach atá lárnach sa phróiseas.

Tá stádas ag an nGaeilge mar chéad teanga oifigiúil an Stáit faoi Bhunreacht na hÉireann agus soláthraíonn an reachtaíocht atá beartaithe aitheantas don stádas sin sa reachtaíocht. Mar aon le gach teanga, tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid i measc na nglúnta atá le teacht inár ndiaidh. Sa chomhthéacs seo, ba chinneadh ríthábhachtach don Ghaeilge é deireadh a chur leis an maolú ar a húsáid san Aontas Eorpach in 2022. De bharr an chinnidh seo, tá deiseanna ar fáil do chainteoirí Gaeilge san Eoraip, áit ina mbeidh fostaíocht d'ardchaighdeán ar fáil dóibh. Tá sé geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go dtabharfadh Rialtas na hÉireann gach tacaíocht agus cúnamh don Aontas Eorpach chun an cinneadh maidir leis an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach a chur i bhfeidhm. Tá an gealltanas seo deimhnithe arís i bplean gníomhaíochta na straitéise don tréimhse 2018 go dtí 2022 a foilsíodh in 2018, áit a bhfuil cúig ghníomh ar leith luaite leis an bplean le deireadh a chur leis an maolú.

Mar chuid den obair sin, tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag mo Roinn agus ard-stiúrthóireacht an aistriúcháin chun cur leis na hacmhainní Ghaeilge atá ar fáil mar thacaíocht do na seirbhísí teanga san AE. Mar thoradh ar an obair shuntasach seo, tá méadú déanta ag an Aontas Eorpach ar líon na mball foirne Gaeilge agus beidh beagnach 200 duine ag obair sna seirbhísí teanga ag tús na bliana seo chugainn nuair a thiocfaidh deireadh leis an maolú.

Maidir leis an mBille nua a bhfuil mar ábhar den díospóireacht seo, táim fíorbhródúil go bhfuilimid anseo inniu agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 á phlé againn don uair dheireanach sna Tithe seo. Bhí deis ag an bpobal a gcuid tuairimí a roinnt linn sular dréachtaíodh an Bille seo agus cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara. Bhí ionchur faighte ag oifigigh mo Roinne ó réimse leathan de gheallsealbhóirí agus ba léir don Rialtas go raibh, agus go bhfuil, éileamh ann i measc an phobail ar sheirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge. Leagadh na ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán mar a bhí agus foilsíodh tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo i mí na Bealtaine 2018. Ba mhór an chabhair é sin agus an Bille á dhréachtú ag oifigigh mo Roinn.

Ba mhaith liom anois mo bhuíochas a ghabháil leis na Teachtaí uilig as ucht a bheith rannpháirteach sa díospóireacht fhiúntach ar an mBille sa Teach seo. Tar éis na díospóireachta ar an mBille agus na saincheisteanna a ardaíodh sa Teach seo agus sa Seanad, tá an Bille os comhair na Dála arís inniu le leasuithe breise Rialtais, a moladh agus a glacadh leo, ar Chéim an Choiste agus ar Chéim na Tuarascála sa Seanad a fhaomhadh.

Sula dtugaimid aghaidh ar na leasuithe seo, b’fhéidir go mbeadh sé úsáideach athchuairt a thabhairt ar phríomhchuspóir an Bhille, cé go n-aithním go bhfuil Teachtaí ar an eolas agus go dtuigeann siad é. Is é príomhchuspóir an Bhille Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a leasú d’fhonn soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Beidh sraith forálacha mar chuid lárnach de na hiarrachtaí seo agus é mar aidhm leo líon na gcainteoirí Gaeilge a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí a mhéadú. Féachfar leis an mBille le cuspóir foriomlán a bhaint amach ionas gur cainteoirí Gaeilge a bheidh 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí roimh dheireadh 2030, agus gur trí mheán na Gaeilge a chuirfear seirbhísí Stáit ar fáil taobh istigh de limistéir Ghaeltachta.

Chuige sin, tá sé i gceist coiste reachtúil, an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair seo. Leagtar amach feidhmeanna an choiste chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Gné shuntasach eile den Bhille is ea caighdeáin teanga a thabhairt isteach do chomhlachtaí poiblí agus iad a chur in ionad chóras láithreach na scéimeanna teanga, a fhágfaidh go mbainfidh na comhlachtaí poiblí sin, ar mó an t-idirghníomhú a bhíonn acu leis an bpobal, caighdeáin níos airde a bhaint amach. Ceanglófar, le príomhfhorálacha eile, ar chomhlachtaí poiblí a éascú do dhaoine a n-ainmneacha agus a seoltaí a úsáid i nGaeilge nuair a bheifear ag dul i dteagmháil le comhlachtaí poiblí agus ceanglófar ar gach comhlacht poiblí nua ainmneacha Gaeilge a bheith acu.

Mar fhocal scoir, arís ba mhaith liom buíochas a glacadh le gach Teachta as ucht bheith rannpháirteach agus comhoibritheach ar an mBille seo. Ba mhaith liom an deis a thapú mo bhuíochas a ghabháil leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, agus le Conradh na Gaeilge ach go háirithe agus na geallsealbhóirí uilig as ucht a n-ionchur sa phróiseas agus tréaslaím leo as ucht na hoibre atá déanta acu ó foilsíodh an Bille nua agus as a gcomhoibriú i gcónaí. Gabhaim buíochas le m’oifigigh féin sa Roinn, Dr. Aodhán Mac Cormaic agus a fhoireann, leis an dréachtóir agus le foireann Oifig na mBillí as an tsárobair a rinne siad ar an mBille.

Gheall mé go dtabharfaí an Bille is láidre chun cinn agus tá mé sásta go bhfuil an gealltanas sin coinnithe agam i gcomhar le gach Ball den Teach seo. Rachaidh an Bille chuig an Uachtarán inniu, le tacaíocht Baill na dTithe, dá shíniú.

An bhfuil an Teachta Ó Snodaigh ag iarraidh teacht isteach?

Beidh deireadh leis an bpróiseas seo. Níl mé ag cur isteach ar an Teachta ach beidh orm dul trí gach leasú.

An labhraímid faoi na leasuithe ag an stad seo nó ceann ar cheann?

Is féidir leat cúpla focal a rá anois nó ag an deireadh ach beidh orm críochnú faoi 5.30 p.m.

Níl mórán le rá agam faoi na leasuithe - aontaím leo - ach bhí an ceart ag an Aire Stáit nuair a dúirt sé gur lá tábhachtach é inniu. Tréaslaím leis agus lena fhoireann as éisteacht linn mar bhí éisteacht ag teastáil agus ba léir sin ón méid leasuithe ar ghlac an Rialtas leo, agus a d’athraigh agus a chuir an Rialtas ina fhocail féin. Is léiriú é sin go raibh an bunreachtaíocht lag ar shlí amháin. Maidir leis an gcéad dréachtú den Bhille, is léiriú den bhealach a tháinig muid tríd an bpróiseas seo agus go raibh orainn ar fad foghlaim go díreach conas a thabhairt faoi seo.

Sa deireadh thiar thall, is truamhéalach é gur gá dúinn mar Stát Acht mar seo a thabhairt isteach. Ba chóir go mbeadh sé intuigthe. Níor chóir go mbeadh orainn scríobh síos go díreach cad iad dualgais an Stáit. Is é sin an rud is truamhéalaí. Níl an locht ar an Aire Stáit ná orthu siúd atá ag déileáil leis sa Roinn faoi láthair. Tá an locht orainn ar fad mar Stát go raibh orainn tabhairt faoi seo ar bhealach difriúil, nach raibh sé uathoibríoch agus nach raibh an tuiscint ann ná intuigthe go raibh na cearta seo againn ó thús, agus go raibh orainn iad a leagan amach. Fiú sin, bhí orainn troid sa Bhille seo chun 20% den earcaíocht a fháil do dhaoine le hinniúlacht sa Ghaeilge nó 5% de na buiséid. Ba chóir go mbeadh i bhfad Éireann níos mó ann, ach is céim chun tosaigh í. Táim sásta é sin a admháil agus táim cinnte go mbeidh dul chun cinn i gceist de thairbhe é seo.

Is é an dúshlán is mó atá romhainn anois, nuair a achtaítear an Bille seo chomh luaithe agus is féidir leis an Uachtarán é a dhéanamh, ná go gcaithfimid cinnte a dhéanamh go mbeidh meon i measc an státchórais i gcoitinne. Níl an Roinn á lochtú agam. Caithfear an meon neodracht nó uaireanta naimhdeach i leith na Gaeilge a athrú agus go dtuigfear gur gá dúinn an t-athrú sin a dhéanamh, go háirithe nuair a bhfeictear páistí, tuismitheoirí agus oidí lasmuigh de Theach Laighean inniu ag déanamh éileamh go mbeidh Gaelcholáiste ann do na páistí nuair a chríochnaíonn siad sa bhunscoil, rud nach bhfuil an chuma air faoi láthair go mbeidh sé ann. Ní cóir go mbeadh sé sin ag tarlú.

Críochnóidh mé ar an bpointe seo. Is rud tubaisteach é nuair a bhíonn píosa den státchóras i gcoinne treo agus meon an Bhille. Bhí a fhios ag cuid mhór an phobail agus iad siúd sna Ranna go raibh sé seo ag teacht agus go rabhamar ag dul i dtreo difriúil maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn. Shleamhnaigh an tAire Dlí agus Cirt agus Coimisinéir an Gharda Síochána isteach athruithe ar an gcaighdeán maidir le cigirí agus sáirsintí. Bhí sé sin go dona agus níor chóir go ndearnadh é sa tslí rúnda nó sa tslí shleamhain inar tharla sé ach go háirithe agus muid ag plé athrú poirt maidir leis an nGaeilge ó thaobh an státchórais de.

Tá 12 leasú ar ais ón Seanad agus tá orm iad a bhrú ceann i ndiaidh an chinn eile.

Leasú Seanaid Uimh. 1:
Alt 5: I leathanach 15, líne 15, “agus” a scriosadh agus “más rud é” a chur ina ionad.

Maidir leis an leasú seo, ba mhaith liom a rá go bhfuil sé go maith agus tacaím leis. Is trua nár glacadh leis an moladh a rinneamar faoi thuarascáil a ullmhú faoi na féidearthachtaí maidir le córas fíneála. Tá an t-athrú seo ceart ach céard a tharlódh mura bhfuil an bhainistíocht shinsearach sásta cloí leis seo istigh sa chomhlacht? Níl aon bhealach ann seachas go bhfeicimid ar fad tuarascáil. Is mionrud é agus ba chóir tabhairt faoi. Tá sé de cheart ag an Aire Stáit é seo a rith agus glacaim leis ach is é seo an fáth a rabhamar ag argóint faoi rudaí a bheith níos dearfaí ó thaobh “déanfaidh” seachas “féadfaidh” agus a leithéid. Is é sin an fáth nuair atáimid ag déileáil le cearta daoine gur chóir go mbeadh sé i bhfad Éireann níos dearfaí ach níl mé chun cur i gcoinne an leasaithe seo.

Aontaíodh an leasú Seanaid.

Bogaimid ar aghaidh go dtí leasú Uimh. 2. Maidir le leasú Uimh. 2 go dtí leasú Uimh. 5, go huile, tá baint acu le chéile agus pléifear le chéile iad.

Leasú Seanaid Uimh. 2:
Alt 4: I leathanach 9, líne 32 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina hionad:
“(a) i bhfo-alt (1)—
(i) trí “nó fógrán” a scriosadh gach áit a bhfuil sé, agus
(ii) trí “stáiseanóireachta nó comharthaí” a chur in ionad “stáiseanóireachta, comharthaí”,
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):”.

Arís, is leasuithe dearfacha iad seo agus tacaím leo agus nílim chun cur ina gcoinne. Is maith an rud go bhfuil leasú Uimh. 4, go háirithe, ag léiriú gurbh éigean Gaeilge a chur roimh an Béarla sa téacs ach ba chóir go mbeadh an cur chuige seo inaitheanta, ní hamháin sa téacs agus sna forálacha seo, ach sa státchóras i gcoitinne. Is é sin an t-athrú meoin a bhí mé ag caint faoi. Tá súil agam go ndíreoidh daoine isteach air seo mar is é sin an rud atá i gceist againn sa chás seo.

I leasú Uimh. 5, mar shampla, muid féin agus Conradh na Gaeilge a mhol go gcuirfear leasú isteach sa Bhille chun a chinntiú go mbeadh an Ghaeilge chomh feiceálach agus chomh mór, ar a laghad, leis an mBéarla in aon chumarsáid nó in aon ábhar margaíochta a sheolann comhlacht poiblí chuig an bpobal. Is maith an rud gur ghlac an tAire Stáit leis sin sa leasú seo sna leasuithe eile. Bhí díospóireacht maidir leis seo sa Seanad a chuir leis an méid díospóireachta a bhí againne anseo agus ar Chéim an Choiste chomh maith. Is trua nár fhreagair an tAire Stáit mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ó Donnghaile, nuair a d’fhiafraigh sé de a chinntiú nach mbeadh litreacha iodálacha déanta den Ghaeilge agus go gcuirfeadh an Ghaeilge an fhaisnéis chéanna in iúl is a chuireann an Béarla. Is trua nár dhéileálfaí leis mar sin. Cén fáth nach bhfuil na forálacha seo á leasú?

Fágfaidh mé mar sin é. Mar a dúirt mé, is leasuithe dearfacha tábhachtacha iad ar an gCéim seo.

Aontaíodh an leasú Seanaid.
Leasú Seanaid Uimh. 3:
Alt 4: I leathanach 9, líne 37, “tríd an bhfo-alt” a scriosadh agus “trí na fo-ailt” a chur ina ionad.
Aontaíodh an leasú Seanaid.
Leasú Seanaid Uimh. 4:
Alt 4: I leathanach 11, líne 6, “i mBéarla agus i nGaeilge, a bheidh an chumarsáid.”.” a scriosadh agus “i nGaeilge agus i mBéarla, a bheidh an chumarsáid.” a chur ina ionad.
Aontaíodh an leasú Seanaid.
Leasú Seanaid Uimh. 5:
Alt 4: I leathanach 11, idir línte 6 agus 7, an méid seo a leanas a chur isteach:
“(4) I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh an chumarsáid dá dtagraítear i bhfo-alt (3)—
(a) maidir leis an gcuid den téacs a bheidh i nGaeilge, ní bheidh sí i gcló níos lú ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus
(b) más rud é, maidir leis an téacs a bheidh i nGaeilge, go mbeidh cuid de giorraithe, beidh an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, arb í an t-aistriúchán ar an téacs giorraithe sin í, giorraithe freisin.”.”.
Aontaíodh an leasú Seanaid.

Tagaim anois go dtí leasú Uimh. 6. Tá leasú a rinne an Seanad á bhrú agam. Tá leasuithe Uimh. 6 agus Uimh. 7, agus leasuithe iarmhartacha Uimh. 1 agus Uimh. 2, bainteach le chéile agus pléifear le chéile iad.

Leasú Seanaid Uimh. 6:
Alt 5: I leathanach 14, líne 14, “and part of the text that is in the Irish language is abbreviated the” a scriosadh agus “where part of the text that is in the Irish language is abbreviated, the” a chur ina ionad.

Pléifear leasuithe Uimh. 5 agus Uimh 6 le chéile toisc gur ar an ábhar céanna iad. Is leasuithe riaracháin atá i gceist sa chás seo. Leis na leasuithe seo, níltear ach ag iarraidh botúin chló sa Bhille mar atá a cheartú. Molaim na leasuithe seo don Teach.

Aontaíodh an leasú Seanaid.
Leasú Seanaid Uimh. 7:
Alt 5: I leathanach 14, líne 39, “and part of the text that is in the Irish language is abbreviated the” a scriosadh agus “where part of the text that is in the Irish language is abbreviated, the” a chur ina ionad.
Aontaíodh an leasú Seanaid.

Tagaimid anois go dtí leasú Uimh 8. Tá baint ag leasuithe Uimhreacha 8, 11 agus 12 le chéile agus pléifear le chéile iad. Tá leasú Uimh. 8 á bhrú agam.

Leasú Seanaid Uimh. 8:
Alt 6: I leathanach 17, líne 17, “tríd an méid” a scriosadh agus “tríd an alt” a chur ina ionad.

Pléifidh mé leasuithe Uimhreacha 8, 11 agus 12 le chéile mar gur ar an ábhar céanna iad. Is leasuithe riaracháin iad seo a d’eascair ó Chéim na Tuarascála na Dála nuair a thóg an Bille an Chéim sin. Maidir le leasú Uimh. 8, táthar ag iarraidh an téacs a leasú “tríd an méid” a scriosadh agus “tríd an alt” a chur ina ionad ionas go mbeidh an téacs comhionann leis an téacs Béarla a deir “of the following section”.

Maidir le leasú Uimh. 11, táthar ag iarraidh an téacs a leasú agus an focal “ná” a chur isteach ionas go mbeidh an téacs comhionann leis an téacs sa Bhille a deir: “not later than 30 June”.

Maidir le leasú Uimh. 12, táthar ag iarraidh an téacs a leasú anseo ó “chun an Choiste Chomhairligh” go dtí “chun an Choiste Logainmneacha”. In alt 13 (7), déantar tagairt “chun an Choiste Chomhairligh” seachas “chun an Choiste Logainmneacha”. Tá an leasú de dhíth ionas go mbeidh an téacs comhionann leis an téacs Béarla sa Bhille. Molaim an leasú seo don Teach.

Aontaíodh an leasú Seanaid.
Leasú Seanaid Uimh. 9:
Alt 6: I leathanach 17, línte 21 go 23 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:
“(b) go ndéanfar 5 faoin gcéad ar a laghad d'aon airgead a chaithfidh an comhlacht ar fhógraíocht in aon bhliain a úsáid chun fógraíocht a chur amach i nGaeilge trí na meáin Ghaeilge.”.

Le leasú Uimh. 9, shíl mé go bhféadfadh fiúntas a bheith ann lena chinntiú nach mbeadh aon amhras ann ach go mbeadh 5% d’aon airgead a chaithfeadh comhlacht poiblí ar fhógraíocht in aon bhliain caite ar fhógraíocht Ghaeilge ar na meáin Ghaeilge. Molaim an leasú seo don Teach.

Ba mhaith liom labhairt ar an leasú seo. Aontaím leis. Níl aon duine chun cur i gcoinne ar a laghad an 5% a fháil. Bheinn féin i bhfabhar i bhfad Éireann níos mó agus táim den tuairim gur chóir go mbeimis ag díriú isteach ar bhealach céimnithe i leith fógraíochta nó aon chinn de na spriocanna nó na céatadáin atá leagtha síos seachas nuair a shroichimis 20% nó 5% sa chás seo, gur leor sin. Tá an ceart ag an leasú seo agus leis an treo ar a laghad sin ach níl aon 10% i gceann deich mbliana nó 20% nó 30%. Beidh orainn filleadh air seo má tá na comhlachtaí poiblí díreach ag sroicheadh an 5%. Tá a fhios againn nuair a stop a lán de na comhlachtaí Stáit ag déanamh fógraíochta go hiomlán i nGaeilge nó i nGaeilge in aon áit, gur theip ar roinnt de na nuachtáin Ghaeilge mar go raibh siad ag brath ar an bhfógraíocht as Gaeilge.

Mar a dúirt mé, ba chóir go mbeadh níos mó ann. Mholamar scata leasuithe mar gheall ar na meáin chumarsáide agus beidh orainn teacht ar ais chuige mar measaim nach bhfuil gach rud réitithe anseo agus go mbeidh orainn teacht ar Bhille eile. Tá súil agam nach mbeimid ag fanacht air chomh fada sin, nach mbeidh an próiseas chomh fadálach is a bhí sé, b’fhéidir, leis seo, agus gur féidir linn aontú roimh ré chun déileáil le gnéithe áirithe den Ghaeilge nó d’earnáil na Gaeilge amach anseo. Is é sin, nach bhfeicfear, mar shampla, roinnt stáisiúin raidió, ceann amháin acu is Galway Bay FM atá ann, nach raibh Gaeilge ar bith air i mbliain amháin. Ní féidir go mbeadh an deis ann do mheán cumarsáide a bheith ann nach bhfuil aon Ghaeilge air. Tá siad ag fáil ceadúnas ón Stát agus, dá réir, sa deireadh thiar thall tá smacht againn ar cheadúnais ó thaobh na meán cumarsáide sin. Ba chóir, mar a dúirt mé ag an am, go mbeimis ag cur níos mó srianta – ní srianta ach coinníollacha - maidir leis na ceadúnais atáimid ag tabhairt amach agus ar an gcaiteachas. Sa chás seo, is moladh dearfach é seo.

Aontaíodh an leasú Seanaid.

Tá ceithre nóiméad fágtha agus tá cúpla leasú eile chun dul tríd.

Leasú Seanaid Uimh. 10:
Alt 8: I leathanach 27, línte 35 agus 36, “i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:
“i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta (lena n-áirítear seirbhísí den sórt sin arna soláthar ag comhlacht poiblí nó ag aicme comhlachtaí poiblí ó áit lasmuigh den Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta)”.

Beidh mé gairid, a Leas-Cheann Comhairle.

Is leasú é seo, leasú Uimh. 10, a shíl mé go mbeadh fiúntas ann lena chinntiú go mbeadh seirbhísí a ghintear taobh amuigh den Ghaeltacht san áireamh sna seirbhísí a chuirtear ar fáil do phobal na Gaeltachta trí mheán na Gaeilge. Bainfear an aidhm seo amach bunaithe ar fhianaise a bheidh á bailiú ag an gcoiste comhairleach sa tréimhse amach romhainn. Molaim am leasú seo don Teach.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Arís, is leasú dearfach é seo. Cheap mé go mbeadh sé intuigthe sa mhéid a bhí san Acht cheana féin agus ar a laghad tá an tAire Stáit ag déanamh cinnte de nach mbeidh dabht ar bith ag aon duine mar gheall ar na seirbhísí ar ghá a bheith i nGaeilge do cheantair Ghaeltachta.

Fiú má tá an tseirbhís ag teacht ó lasmuigh den Ghaeltacht, caithfear í a chur ar fáil i nGaeilge do phobal na Gaeltachta. Táimid ag fanacht ar a leithéid de sin le beagnach 100 bliain, má smaoinítear siar go dtí tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta in 1925 a luaigh mé níos luaithe. D'aithin an coimisiún na fadhbanna a bhí ann maidir le seirbhísí Stáit a bheith ar fáil i nGaeilge. Ar a laghad, tá dul chun cinn anseo. Caithfimid déanamh cinnte de go bhfuil na seirbhísí sin ar fáil as Gaeilge. Is dúshlán é sin don Aire Stáit, don choiste comhairleach agus do na caighdeáin atá le leagan amach ag an Aire Stáit anois toisc go bhfuil an Bille seo chun a bheith rite.

Aontaíodh an leasú Seanaid.
Leasú Seanaid Uimh. 11:
Alt 8: I leathanach 29, líne 2, "nach déanaí an" a scriosadh agus "nach déanaí ná an" a chur ina ionad.
Aontaíodh an leasú Seanaid.
Leasú Seanaid Uimh. 12:
Alt 13: I leathanach 41, líne 27, "chun an Choiste Chomhairligh" a scriosadh agus "chun an Choiste Logainmneacha" a chur ina ionad.
Aontaíodh an leasú Seanaid.

Táimid tagtha chun na leasuithe iarmhartacha.

Tairgim leasú iarmhartach Uimh. 1:

Alt 5: I leathanach 15, líne 15, "agus" a scriosadh agus "más rud é" a chuir ina ionad.

Aontaíodh an leasú.

Tairgim leasú iarmhartach Uimh. 2:

Alt 5: I leathanach 15, líne 41, "agus" a scriosadh agus "más rud é" a chur ina ionad.

Aontaíodh an leasú.

Tá sé seo a leanas i mBéarla, faraoir. A message will be sent to Seanad Éireann acquainting it that Dáil Éireann has agreed to amendments Nos. 1 to 12, inclusive, made by Seanad Éireann to the Official Languages (Amendment) Bill 2019 and that Dáil Éireann has made amendments consequential on the acceptance of Seanad amendments Nos. 6 and 7, to which the agreement of Seanad Éireann is desired.

Is nóiméad cinniúnach atá againn ag an bpointe seo. Gabhaim buíochas leis na Baill as a dtacaíocht.

Tuairiscíodh na leasuithe ón Seanad.
Seanad amendments reported.