Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 1 Mar 2022

Vol. 1018 No. 7

Gnó na Dála - Business of Dáil

Cuirtear tús inniu le Seachtain na Gaeilge, an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge lena ndéantar ceiliúradh ar ár dteanga agus ár gcultúr dúchais. Leanann Seachtain na Gaeilge ar aghaidh ón gcéad lá de Mhárta go dtí an seachtú lá déag agus, le linn an ama sin, d’iarrfainn ar na Comhaltaí Gaeilge a úsáid sna himeachtaí aon am is féidir libh.

Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh freisin chun a chur in iúl do na Comhaltaí go bhfuil grúpaí stiúrtha bunaithe anois don Dáil agus don Seanad d’fhonn úsáid na Gaeilge sna himeachtaí sa dá Theach a chur chun cinn. Is cuid den tionscnamh ‘An Ghaeilge sa Teach’– an gníomh ríthábhachtach i Straitéis na Gaeilge, 2021 – iad na grúpaí sin. Déanfar na grúpaí stiúrtha a sheoladh an tseachtain seo chugainn agus beidh an Leas-Cheann Comhairle agus Leas-Chathaoirleach an tSeanaid, faoi seach, ina gcathaoirligh ar na grúpaí sin. Guím gach rath orthu ina gcuid oibre leis an gcuspóir tábhachtach seo thar ár gceann.

Top
Share