Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 2 Mar 2022

Vol. 1019 No. 1

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

The Minister, Deputy Catherine Martin, is sharing time with the Minister of State, Deputy Jack Chambers.

Mar Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, fáiltím roimh an deis labhairt libh anseo inniu i nDáil Éireann, go háirithe agus muid ag cur tús le Seachtain na Gaeilge 2022.

Mar léiriú ar thiomantas an Rialtais chun tacú leis an obair atá ar bun maidir le cur chun cinn na Gaeilge, tá sé tábhachtach dúinn féachaint ar an infheistíocht atá á déanamh againn sa teanga. Léiríonn an chistíocht méadaithe atá curtha ar fáil agam don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbliana, agus é ar fiú €85.6 milliún, tiomantas an Rialtais do chur chun cinn na teanga agus do phobal na Gaeltachta, tobar na teanga. Seo ardú €7 milliún ar chiste na bliana seo caite.

Is le gach duine sa tír an Ghaeilge, óg agus aosta, agus ba mhaith liom a cheapadh go dtugann an t-allúntas breise seo deis dúinn ár ngrá don teanga a roinnt ar níos mó de phobal na tíre. Ba mhaith liom níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine óga a thagann ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste an Ghaeltacht a fheiceáil, mar shampla. Chloisfidís an teanga á labhairt mar theanga bheo timpeall orthu agus iad ag cur fúthu i measc phobal na Gaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil oifigigh mo Roinne ag breathnú ar na féidearthachtaí gníomhaíochtaí nua a fhorbairt sa spás áirithe seo agus cuirim féin agus an tAire Stáit fáilte roimhe sin.

Léiríonn Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030, agus an plean gníomhaíochta don Ghaeilge in éindí léi, polasaí an Stáit don Ghaeilge agus do na ceantair Ghaeltachta. Tá úinéireacht tras-Rialtais ag an straitéis agus an plean gníomhaíochta a thacaíonn léi agus, dá réir sin, tá sé de chúram ar Ranna Rialtais, ar fhorais agus ar eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta an plean a chur i bhfeidhm. Tá de chúram ar mo Roinn an obair sin a chomhordú chomh maith, dár ndóigh.

Foilsíodh an dara tuairisc ar fheidhmiú an phlean gníomhaíochta don Ghaeilge roimh an Nollaig 2021. De thoradh na comhpháirtíochta agus na comhúinéireachta a bhaineann leis seo uile, is údar sásaimh é domsa go bhfuil dul chun cinn suntasach le sonrú sa dara tuairisc seo. Den 185 gníomh sa phlean, atá á bhforbairt ag thart ar 60 páirtí leasmhar, bhí 51 gníomh le cur i bhfeidhm idir 2018 agus deireadh 2020. Bhí 27 gníomh curtha i bhfeidhm ag deireadh 2020 agus 16 eile idir lámha. Bhain moill le hocht gcinn acu.

Tá an tAcht teanga nua achtaithe agus deireadh curtha leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpaigh ó shin, dár ndóigh, péire de na bearta polasaí is mó i saol na Gaeilge a cuireadh i bhfeidhm le fada an lá. Cuimsíodh an tréimhse ó mhí Iúil 2019 go mí na Nollag 2020 sa tuairisc. Gan amhras, bhí sé dúshlánach feidhmiú le linn na paindéime le cúpla bliain anuas, ach mar sin féin, tá dul chun cinn suntasach déanta in ainneoin na ndúshlán a chuir an phaindéim romhainn.

I measc na ngníomhaíochtaí eile a cuireadh i gcrích, cuireadh pacáiste tacaíochtaí breise múinteoireachta agus eile ar fáil do scoileanna atá ag glacadh páirt sa scéim aitheantais scoileanna Gaeltachta chun iad a spreagadh. Cuireadh tús le clár baitsiléir san oideachas nua lán-Ghaeilge, oideachais tosaigh do bhunmhúinteoirí in Institiúid Oideachais Marino. Rinneadh dul chun cinn thar na bearta leis an bpróiseas pleanála teanga agus é faoi bhláth anois. Iontaíodh imeachtaí Gaeilge ar líne ar fud an oileáin agus iarrachtaí móra á ndéanamh ag na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta agus ag pobal labhartha na teanga dul i ngleic le tionchar na paindéime ar an saol. Chonaic muid ranganna scoile agus campaí samhraidh ar TG4, mar shampla, Cé a chreidfeadh é? Fuarthas cead pleanála chun lárionad Gaeilge a fhorbairt ag 6 Sráid Fhearchair, i lár chathair Bhaile Átha Cliath, olltogra a bheidh á bhrú chun cinn againn i mbliana. Foilsíodh an foclóir nua Béarla-Gaeilge de chuid Fhoras na Gaeilge. Tá an tuairisc iomlán ar fáil ar www.gov.ie agus molaim do Theachtaí í a léamh.

Tá mo Roinn freagrach as na meáin chraoltóireachta chomh maith dár ndóigh. Bhí áthas orm ardú de €4.2 milliún a fhógairt ar bhuiséad TG4 do 2022. Fágann seo buiséad de bheagnach €45 milliún ag TG4. Is é sin an méadú is mó riamh ar mhaoiniú an stáisiúin agus, dár ndóigh, beidh tionchar ag an ardú seo freisin ar rathúlacht na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Bíonn comhoibriú leanúnach idir TG4 agus rannóga éagsúla de chuid mo Roinne agus iad i mbun tograí éagsúla a fhorbairt agus a chur chun cinn mar a bhaineann leis an nGaeilge.

Gan dabht, ceann de na réimsí is tábhachtaí ó thaobh na teanga de ná réimse na fostaíochta, agus go háirithe fostaíocht sna ceantair Ghaeltachta. Tá sé de sprioc ag Údarás na Gaeltachta 9,000 duine a bheith fostaithe i gcliantchomhlachtaí Gaeltachta faoi dheireadh na bliana 2025. Anuraidh, cruthaíodh 825 post nua lánaimseartha i gcomhlachtaí Gaeltachta de chuid an údaráis, an líon is airde poist a cruthaíodh in aon bhliain amháin ó bhí 2008 ann. Nuair a thógtar laghdú post san áireamh, bhí glanmhéadú de 446 sa bhfostaíocht ina iomláine, an glanmhéadú bliantúil is airde le 25 bliain.

Bíonn comhoibriú leanúnach idir an Clár Éire Ildánach de chuid mo Roinne agus ár rannán Gaeltachta agus TG4 chomh maith, cur chuige a léiríonn go bhfuil an Ghaeilge fite fuaite in obair gach rannóg de chuid mo Roinne. Anuas air sin, shínigh Tourism Ireland agus Údarás na Gaeltachta comhaontú le déanaí ar mhaithe le tuilleadh comhoibrithe a chur ar bun maidir le forbairt tograí Gaeltachta in earnáil na turasóireachta.

Táim féin, an tAire Stáit, an Teachta Chambers, ár bhfoirne agus an Rialtas tiomanta geallúintí an Rialtais i leith forbairt agus neartú na Gaeilge a chur i bhfeidhm agus leanfaimid orainn á dhéanamh le linn na bliana atá amach romhainn. Go raibh míle maith agaibh agus bainigí sult as Seachtain na Gaeilge.

Mar Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, fáiltím roimh an deis labhairt leis an Teach faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus muid ag cur tús le Seachtain na Gaeilge 2022.

I measc buaicphointí mo chuid oibre mar Aire Stáit freagrach as an nGaeilge le bliain anuas, tá achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Leis an obair a dhéanfar le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe go céimiúil curtha ar fáil do phobal na Gaeilge agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú dóibh siúd a bhfuil inniúlacht sa teanga acu. Is iad príomhspriocanna an Achta 20% d’earcaithe nua don tseirbhís phoiblí a bheith inniúil sa Ghaeilge roimh dheireadh 2030, go gcuirfear na seirbhísí poiblí uile sa Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus go ndéanfar plean náisiúnta do sholáthar sheirbhísí phoiblí i nGaeilge a fhorbairt.

Is iad príomhspriocanna an Achta ná 20% d’earcaithe nua don tseirbhís phoiblí a bheith inniúil sa Ghaeilge roimh dheireadh 2030, go gcuirfear na seirbhísí poiblí uile sa Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus go ndéanfar plean náisiúnta do sholáthar sheirbhísí phoiblí i nGaeilge a fhorbairt.

Tá scríofa ag mo Roinn cheana féin chuig comhlachtaí poiblí ag meabhrú dóibh faoin Acht nua agus na príomhspriocanna atá san áireamh ann. Forálann Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 go ndéanfar athchóiriú ar an mbealach a bheartaímid do sholáthar seirbhísí poiblí Ghaeilge ar ardchaighdeán do phobal na Gaeilge. Is tionscadal fadtéarmach é seo a bhfuil taighde cuimsitheach agus forbairt phlean náisiúnta um sholáthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge ina chroílár.

I láthair na huaire, táim ag obair i gcomhar le hoifigigh mo Roinne chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta sa tréimhse amach romhainn. Chuige sin, tá plean oibre forbartha ag oifigigh mo Roinne ina leagtar amach na céimeanna éagsúla atá le glacadh sna míonna amach romhainn chun forálacha an Achta a fheidhmiú.

Is í mo phríomhthosaíocht ag an tráth seo ná próiseas a reáchtáil ar mhaithe le beirt chomhalta a earcú a bheidh ionadaíoch ar an gcoiste comhairleach a bhfuil foráil déanta dó san Acht, ar son phobal labhartha na Gaeilge, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá an réamhobair don phróiseas sin tosaithe ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí i gcomhar le hoifigigh mo Roinne.

Leis an Acht nua seo, tá bunsraith láidir leagtha síos dúinn, mar Stát, chun fíorcheannaireacht a léiriú i dtaobh an teanga a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. Tagann forálacha an Achta i gcomhréir le huaillmhian bheartais fhoriomlán an Stáit maidir le tacú leis an nGaeilge agus maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn. Níor mhiste a lua gur togra uile-Rialtais é seo agus go mbeidh oibleagáidí orainn go léir trasna an státchórais maidir lena fhorfheidhm.

Tá acmhainní breise faighte agam laistigh de leithdháileadh mo Roinne i mbuiséad 2022 chun dlús a chur le cur i bhfeidhm na reachtaíochta nua, chomh maith le hacmhainní breise a sholáthar d’Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana chun córais mhonatóireachta na hoifige sin a neartú. Tá earcú na n-acmhainní foirne breise seo beagnach críochnaithe ag mo Roinn anois.

Tá beartaithe agam, thar na míonna amach romhainn, sraith seimineár faisnéise a eagrú do chomhlachtaí poiblí maidir le forálacha an Achta nua agus tús a chur le hailt ábhartha den Acht ar bhonn chéimiúil.

Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid ag na glúnta amach anseo. Tá sé an-tábhachtach do Rialtas na hÉireann go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil agus ina teanga oibre iomláine in institiúidí an Aontais Eorpaigh anois mar gur tháinig deireadh leis an maolú ar a húsáid ag deireadh na bliana seo caite.

Tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag mo Roinn agus ardstiúrthóireacht an aistriúcháin le blianta anuas chun cur leis na hacmhainní Ghaeilge atá ar fáil mar thacaíocht do na seirbhísí teanga san Aontas agus leanfaimid orainn ag obair leis na hinstitiúidí sna blianta amach romhainn. Tá geallta i gclár an Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar phróiseas ceapacháin do bhord Údarás na Gaeltachta. Bhí áthas orm comhairliúchán poiblí a fhógairt le déanaí mar chuid den athbhreithniú sin.

Tugann sé seo deis don phobal agus d’eagraíochtaí, gur spéis leo, a dtuairimí agus a gcuid moltaí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn le mo Roinn suas go dtí an 25 Márta agus tapaím an deis anseo inniu a mheabhrú don phobal go bhfuil an próiseas seo ar siúl agus tá súil agam go mbeidh siad páirteach san obair seo.

Tá sé tábhachtach go mbeidh glór agus ionchur cuí ag pobal na Gaeltachta san obair dhúshlánach a dhéanann an bord ar leas an údaráis agus phobal na Gaeltachta agus tá áthas orm go bhfuil tús curtha leis an athbhreithniú mar atá geallta sa chlár Rialtais. Is ar an mbunús agus ar an tnúthán go mbeidh na coláistí Gaeilge athoscailte sa Ghaeltacht i mbliana atá mo Roinn ag feidhmiú anois.

Bhunaigh mo Roinn trí chiste faoi leith anuraidh ar leas na hearnála arbh fhiú €4 milliún ina n-iomlán iad. Cuireadh tacaíochtaí maoinithe ar fáil do na coláistí samhraidh féin, do theaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí na gcoláistí agus do hallaí pobail a bhíonn in úsáid ag coláistí samhraidh.

Ní bheadh aon amhras orm ach gur chabhraigh sé seo uile leis an earnáil teacht trí na dúshláin arbh éigean dúinn uile mar phobal a iompar le beagnach dhá bhliain anuas de bharr na paindéime.

Mar bheart breise le cabhrú tuilleadh le téarnamh na hearnála, d’fhógair mé le déanaí go mbeadh mo Roinn ag aithint gearrchúrsaí Gaeilge nach giorra ná trí lá mar bheart eisceachtúil i mbliana chun cabhrú tuilleadh le téarnamh chóras na gcoláistí Gaeilge agus chun freastal a dhéanamh orthu siúd a chaill amach ar an deis freastal ar chúrsaí trí seachtaine de dheasca na paindéime. Ciallaíonn sé seo go mbeidh mo Roinn in ann deontais scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a íoc le teaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na ngearrchúrsaí seo.

Mar atá ráite ag an Aire, an Teachta Martin, romham, ba mhaith leis an mbeirt againn níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine óga a thagann ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste an Ghaeltacht a fheiceáil agus tá oifigigh na Roinne ag breathnú ar an gceist faoi láthair, dá bharr.

Mar a bhaineann sé leis an nGaeilge agus comhoibriú Thuaidh-Theas, cuireann mo Roinn tacaíocht leanúnach ar fáil d’Fhoras na Gaeilge leis an nGaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt ar fud an oileáin. Cuireann mo Roinn tacaíocht ar fáil freisin faoi scáth chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua. Tá an cúnamh seo ar fáil as seo go ceann trí bliana. Is cúnamh é atá ar fáil d’fhorbairt na teanga ag leibhéal an phobail.

Maidir le hAcht teanga i dTuaisceart na hÉireann, bhí an beartas reachtaíochta a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an bhféiniúlacht, faoi scáth chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua, sonrach agus cothrom i dtuairim an Rialtais seo agus ba chóir é a chur i bhfeidhm gan mhoill. Tá sé ráite ag Rúnaí Stáit an Tuaiscirt go dtabharfar an reachtaíocht seo chun cinn i Westminster a luaithe agus a cheadaíonn an t-uainchlár parlaiminteach seo a dhéanamh. Ag an bpointe seo, ní hacmhainn d’oifig Thuaisceart Éireann aon sonraí breise a sholáthar mar a bhaineann leis an uainchlár sin.

Baineann dúshláin leanúnacha fós inniu le cás na Gaeilge agus pobal a labhartha. Mar sin féin, tá mórán bainte amach ag an Rialtas seo maidir le neartú agus buanú na Gaeilge mar theanga phobail agus leanfaimid ag obair agus ag tacú leis an bpobal chun ár spriocanna maidir le cur chun cinn na Gaeilge a bhaint amach.

Bogfaimid ar aghaidh go dtí an páirtí Shinn Féin. Cloisfimid ar dtús ón Teachta Mary Lou McDonald.

“Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í”. Is é sin atá ráite i mBunreacht an Stáit seo ach, seachas an díospóireacht inniu, is annamh a tharlaíonn díospóireachtaí lán-Ghaeilge anseo sa Dáil. Níl cead fiú ag Teachtaí Dála leasuithe a mholadh i nGaeilge. Tá cearta níos fearr ag feisirí i bParlaimint na hEorpa anois, toisc an tsárobair a rinne pobal na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus daoine ar nós Liadh Ní Riada a rinne stailc teanga ar son na gceart sin. Is é cearta teanga atá uainn. Faoi dheireadh, tá Acht teanga nua againn sa Stát seo agus tá dul chun cinn mór déanta ansin toisc leasuithe mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, ach caithfidh an Rialtas gníomhú de réir a bhriathair.

Ó Thuaidh, táimid fós ag fanacht ar Acht teanga. Rinne Sinn Féin gach iarracht é sin a bhaint amach agus lorgaíomar cúnamh ón Rialtas anseo, ach níor tháinig an cúnamh sin. Táimid ag fanacht le gluaiseacht air seo ó Rialtas na Breataine. Caithfidh sé sin tarlú anois.

Tá géarchéim teanga sa Ghaeltacht. Tá brú ollmhór ar theaghlaigh Ghaeltachta iompú ar an mBéarla agus an Ghaeltacht a fhágáil. Teastaíonn tithe uathu ina gceantair féin agus seirbhísí Stáit ina dteanga féin. Teastaíonn daonlathas uathu maidir le toghcháin d’Údarás na Gaeltachta. Tá gá le scéim labhairt na Gaeilge a bhunú arís, chun daoine a mhealladh chun páistí a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht, chun an Ghaeltacht a choimeád beo agus bríomhar sna glúnta amach romhainn.

Caithfimid tacú le hiarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus lasmuigh di freisin. I mo cheantar féin, tá obair na gcapall ar bun ag tuismitheoirí agus pobal scoile i gColáiste Mhuire agus i Scoil Chaitríona sa Chabrach chun an Ghaeilge a spreagadh i measc na hóige agus tréaslaím leo as sin.

Tá dea-thoil i leith na Gaeilge le sonrú i measc an phobail ar fad na tíre, ó Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste go lár Bhaile Átha Cliath. Teastaíonn an fuinneamh agus an spiorad sin uainn chun an teanga a shlánú. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus is ar scáth an chosmhuintir a mhairfidh an Ghaeilge.

I measc cearta teanga, tá cearta oideachais. Ba chóir dúinn borradh a chur le líon na bpáistí atá ag freastal ar naíonraí lán-Ghaeilge agus ar Ghaelscoileanna ach ba chóir freisin cosaint a thabhairt don cheart atá ann leanúint ar aghaidh san oideachas dara leibhéal agus ardleibhéal trí Ghaeilge.

Ní cóir go mbeadh an Ghaeilge srianta don scoil nó do lá amháin sa Dáil in aghaidh na bliana. Is í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus tacaíonn Sinn Féin le ról na Gaeilge i ngach gné den saol.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach.

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge tá sé maith go bhfuil Gaeilge á labhairt sa Teach ach is trua nach bhfuil fócas ag an díospóireacht seo. Níl ann ach sraith ráitis. D'fhéadfaí féachaint air mar tokenism. …Ach, má táimid dáiríre faoin nGaeilge ba chóir dúinn díriú isteach ar an ábhar agus díospóireacht substaintiúil a bheith againn. Cén fáth nach mbeadh díospóireacht trí Ghaeilge ar an mBille Airgeadais, mar shampla? Léireodh sé sin don domhain go bhfuilimid dáiríre faoin nGaeilge a chuir chun cinn ins an Teach seo.

Is é sin an méid a bhí le rá agamsa sa tsraith ráitis chéanna in 2004. Táimid fós sa rut ceannann céanna ina lán bealaí. Tá cúlú tar éis tarlú. Tá roinnt céimeanna beaga tógtha. Aithním é sin. Bhí mé páirteach i roinnt céimeanna beaga sna Tithe seo le tamall anuas ó thaobh na Gaeilge. Fós, is truamhéalach an líon Gaeilge atá á labhairt sa Teach seo. Tá coiste againn nach raibh ann in 2004 atá ag déileáil le ceist na Gaeilge, phobal labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachta agus tá sé sin go maith mar táimid ag díriú isteach ar na hábhair sin. Den chuid is mó, ní chloistear an Ghaeilge ach go fíorannamh istigh anseo. Caithfimid obair chun a dhéanamh cinnte nach dtarlaíonn sé sin agus nach gcruthaímid an íomhá seo don domhan mór atá ag féachaint isteach orainn, go háirithe má táimid ag triail ár bpáistí a mhealladh chun an Ghaeilge a labhairt. Muna bhfuil na polaiteoirí, muidne atá ag déanamh an dlí, ag socrú an dlí agus ag déanamh díospóireachta ar nithe móra an tsaoil, ag labhairt na Gaeilge istigh anseo chomh rialta agus is féidir linn, nó fiú ag labhairt beagáinín di chuile sheachtain, conas is féidir linn a mholadh do dhaoine atá uaireanta trodach i gcoinne na Gaeilge gur fiú í? Tá jab mór le déanamh againn.

Agus é sin ráite agam, déanaim comhghairdeas leis na heagrais agus leis na feachtasóirí ar fad timpeall na tíre. Luaigh an Teachta McDonald Gaeltacht Bhóthar Seoighe atá 50 bliain ar an bhfód i mbliana agus éacht déanta aici. Tá a lán grúpaí eile ann freisin, coistí pobail atá ag streachailt lá i ndiaidh lae ar son na Gaeilge ina measc. Tá Conradh na Gaeilge agus a lán grúpaí eile ann nach é. Tá Gaelscoileanna agus grúpaí Stáit san áireamh. Níl gach rud chomh dona agus a shíltear ach, i roinnt cásanna, tá an scéal níos measa. Tá ceisteanna móra ann ar caithfimid iad a phlé. Caithfimid réiteach a fháil orthu. Is sampla de na ceisteanna seo ceist a bhí muid ag plé ní rófhada ó shin, ceist na gcoláistí samhraidh agus na mná tí a mhealladh ar ais chun cinnte a dhéanamh de go mbeidh na coláistí samhraidh ag obair i gceart. Tá breis airgid, breis maoinithe agus breis tacaíochta ag teastáil ó na hoifigigh phleanála teanga. Tá an obair sin ann. Caithfimid déanamh cinnte de go bhfuil an tacaíocht sin ann.

Chomh maith leis sin, caithfimid déanamh cinnte de ní hamháin go bhfuilimid ag cur na Gaelscolaíochta chun cinn agus ag sásamh an éilimh, ach go bhfuilimid ag dul amach agus éileamh a chruthú. Is ról an Stáit é sin. Tá ról lárnach ag an Stát maidir leis sin agus caithfidh sé déanamh cinnte de ní hamháin go bhfuil an Ghaeilge chun cinn, ach go bhfuil daoine á mealladh chuici freisin. Níl sé sin ag tarlú. Sa chathair seo, tá a lán páistí ann a chríochnaíonn a gcuid bunscolaíochta lán-Ghaeilge nach féidir leo dul ar aghaidh chuig meánscoil lán-Ghaeilge. Nuair atá páistí críochnaithe leis an meánscoil, níl institiúid nó ollscoil ar fáil do Ghaeilgeoirí ina bhfuil na hábhair uilig, nó fiú réimse dóibh lasmuigh den Ghaeilge féin, ar fáil i nGaeilge. Tá roinnt samplaí ann ach níl siad ar fáil.

Ar nóta eile, le déanaí, chaith an Rialtas go dona leo siúd a bhí tar éis cás cúirte a bhuachan maidir le lipéadú ar tháirgí leighis d'ainmhithe. Rinne sé achomharc a lorg. Ba chóir go mbeifí ag déanamh cinnte go bhfuil lipéadú ar tháirgí sa Stát seo dátheangach. Tréaslaím le comhlacht ó Loch Garman, Poachers, atá ag déanamh ginger ale, tonic water agus a leithéid. Tá na comhábhair ar fad liostáilte i nGaeilge agus i mBéarla aige. Is dea-shampla é an comhlacht sin agus b'fhiú tacú le comhlachtaí atá ag déanamh iarrachta an Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá a fhios agam go n-ardóidh an Teachta Daly ceist na gcomharthaí bóithre. Táthar fós ag caitheamh leis an nGaeilge go dona ó thaobh comharthaí bóithre timpeall na tíre. Tá na logainmneacha Gaeilge fós i gcló iodálach atá níos lú ná an cló a úsáidtear don leagan Béarla. Níl aon straitéis ann chun déanamh cinnte de go mbeadh siad dátheangach nó i nGaeilge amháin. Sa Seanad, dúirt an tAire Stáit, an Teachta Chambers, go raibh scéim phíolótach ag tarlú. Níl a fhios ag aon duine cá bhfuil an scéim phíolótach seo. Dúirt an tAire Iompair, an Teachta Eamon Ryan, nach ann di. Caithfidh an tAire Stáit labhairt leis an Aire agus a fháil amach cá bhfuil an scéim phíolótach seo maidir le comharthaí dátheangacha chun déileáil leis an gceist toisc go bhfuil an Ghaeilge in ísle brí. B'fhéidir go mbeidh sé in ann díriú isteach air sin agus é ag cur críoch leis an díospóireacht seo agus a rá linn conas is féidir scéim phíolótach a chur ar bun chun go mbeadh an Ghaeilge feiceálach agus chun cinn ar an mBéarla sa tír seo.

Bogfaimid ar aghaidh chuig Páirtí an Lucht Oibre agus an Teachta Ó Ríordáin, a bhfuil cúig nóiméad aige.

Tá sé as láthair.

Níl sé anseo. Bogfaimid ar aghaidh chuig an Rialtas agus na Teachtaí Ó Cuív agus Cathal Crowe. Tá naoi nóiméad acu.

Tá mise ag tógáil cúig nóiméad. Tá ceithre nóiméad ag mo chomhghleacaí. Ar an gcéad dul síos, tá an díospóireacht seo tábhachtach ach níor mhaith liom go gceapfadh daoine go bhfuil a gcuid déanta don bhliain agus nach gá an Ghaeilge a labhairt go ceann bliana arís. Tá cuid den dearcadh sin le feiceáil ar RTÉ. Déanann sé rudaí beaga simplí i nGaeilge an tseachtain seo gur féidir leis iad a dhéanamh ar fud na bliana. Níl a fhios agam cén fáth nach leanann sé ar aghaidh leis. Ní bhíonn éinne ag tabhairt amach i rith seachtain Lá Fhéile Phádraig ach téann sé ar ais ar na sean-nósanna arís.

Ba oscailt súile é do go leor daoine a bhí ag breathnú ar TG4 nó ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta le seachtain anuas, agus an cogadh uafásach tragóideach sin ar bun san Úcráin, an méid daoine a rabhadar in ann teacht orthu ón Úcráin agus ón Rúis a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a bhí in ann labhairt go stuama agus go heolasach ar an ábhar seo. Ansin, deireann daoine sa tír seo nach bhfuil siad in ann an teanga a fhoghlaim.

Tá roinnt guíonna agam. Chuala mé an chaint ar fad faoi lúireach Phádraig. Bhuel, is é sin lúireach Éamon, rudaí gur mhaith liom iad a fheiceáil déanta as seo go ceann bliana. Is rud simplí an chéad rud a bhí muid ag plé leis um thráthnóna. Ba mhaith liom go gcloífeadh eagrais Stáit agus Ranna Stáit leis an dlí teanga agus nach mbeadh muid i gcónaí ag tathant orthu cloí leis. Tá dualgas ar chuile eagraíocht Stáit cloí leis an dlí. I gcás go bhfuil rialú ón gCoimisinéir Teanga, ba chóir go bhfaighidís comhairle dlí an bhfuil an ceart aige. Má tá, is cóir go ndéanfaidís rud éigin faoi agus, mura bhfuil, is scéal difriúil é sin.

Ba mhaith liom tréaslú leis an Aire Stáit as an méid oibre a rinne sé ar an Acht teanga agus na leasuithe a ghlactar leis ach tá faitíos orm ó na freagraí a fuair mé ar go leor ceisteanna parlaiminte a chuir mé síos nach bhfuil na Ranna Stáit agus na heagrais Stáit trí chéile ag tógáil na ndualgas nua atá orthu dáiríre. Mar shampla, ní léir dom go bhfuil aon réamhréiteach á dhéanamh ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le daoine a earcú a mbeidh Gaeilge acu agus nach bhfuil aon réamhréiteach á dhéanamh ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta le déanamh cinnte go mbeidh daoine oilte ann leis na poist seo ar fad a ghlacadh sa bhliain 2030.

Má smaoinítear air tógann sé ar an meán trí nó ceithre bliana chun céim a dhéanamh. Scaití tógann sé níos mó ama. Níl anois 2030 ach ocht mbliana uainn.

Is é an chéad rud eile a insím don Aire Stáit ná go bhfuil go leor daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu taobh amuigh den Ghaeltacht agus is sna coláistí Gaeilge a d’fhoghlaim siad a gcuid Gaeilge. Táim ag ceapadh go raibh an tAire Stáit féin ina measc mar bhí mé ina measc. Tá súil agam go dtiocfaidh fás orthu sin, go gcuideofar leo sin agus ní dhéarfaidh mé níos mó faoi sin inniu.

Bá bhreá liom dá bhfeicfimid pacastaíocht dhátheangach agus lipéid dhátheangacha agus aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh faoi sin. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh go deonach ach b’fhéidir in imeacht ama go gcaithfimid breathnú, mura bhfuil comhlachtaí príobháideacha sásta dul sa treo sin, a rogha rud eile a dhéanamh. I dtíortha eile, mar shampla sa Bheilg, táim cinnte go bhfuil an pacastaíocht dhátheangach de réir dlí agus má táthar in ann é a dhéanamh faoi dhlí na hEorpa ansin, beimid in ann é a dhéanamh anseo.

Níl a fhios agam cé mhéad airgid atá tarraingthe nó cé mhéad iarratas atá ann faoin Shared Ireland fund Thuaidh agus Theas maidir le tograí a bhaineann leis an nGaeilge agus feictear domsa gur ciste ollmhór é sin a bhféadfaí muintir an Tuaiscirt agus an Deiscirt tarraingt as ach teacht aníos le tograí maithe móra a bhféadfaí a chur isteach ar an gciste sin. Tá súil agam go bhfeicfimid faoi dheireadh an Bille teanga ó Thuaidh. Caithfidh mé a rá, agus bhí sé seo mo dhearcadh riamh, nach bhfuil fadhb dá laghad ann. Má tá Bille teanga láidir Gaeilge ann, bheadh soláthar i gcodanna eile den Bhille sin don Ultais agus do chultúir eile atá, mar a déarfá, de bhunadh an taoibh sin tíre. Níor bhraith mé riamh gur bhain sé de mo chumas Gaeilge a labhairt má bhí mise mar Aire, mar a bhí, ag cur na hUltaise chun cinn ag an am céanna.

Aontaím faoi na comharthaí bóthair. Is rud é seo a bhfuilimid ag streachailt leis le fada an lá agus, go deimhin féin, b’fhéidir go bhféadfaí Specsavers a fháil do na Gaeilgeoirí agus a bheith urraithe mar caithfidh go bhfuil radharc na súl níos fearr ag Gaeilgeoirí ná go gceapann na húdaráis, le gur féidir leo na comharthaí a léamh. Tá go leor rudaí eile ach fágfaidh mé an t-urlár do mo chomhghleacaí, an Teachta Cathal Crowe.

I rith Sheachtain na Gaeilge, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh díospóireacht againn sna Tithe seo ar ábhar na teanga agus an treo ina bhfuil sé ag dul. Molaim an tAire agus an tAire Stáit as an sárobair a bhfuil siad ag déanamh chun tacú leis an teanga. Roimh an toghchán bhí mé ag obair mar mhúinteoir bunscoile i Scoil Náisiúnta an Phairtín i gContae an Chláir. Bhí blas agus grá mór ag na páistí óga i leith na Gaeilge ach caithfimid go léir a admháil go bhfuil fadhb láidir sa tír seo le blianta beaga anuas mar níl caighdeán ard ag an gcuid is mó de dhaoine fásta in Éirinn anois.

I mí Mheán Fómhair tháinig an tAire Stáit, an Teachta Chambers, go dtí baile na hInse chun líonra nua Gaeilge a sheoladh go hoifigiúil, Líonra na hInse. Tá sárobair déanta ag Dónal Ó Loinsigh, Dónal Ó hAiniféin, an Comhairleoir Marc Mac an Adhastair, Síle Concannon agus go leor daoine eile. Chun éifeacht agus stiúradh a thabhairt don líonra, bhí post nua le cead ón Roinn fógartha sa The Clare Champion cúpla mí ó shin. Níl an post seo líonta faoin am seo mar tá stad curtha maidir leis ag an Rialtas. Impím ar an Aire agus ar an Aire Stáit idirghabháil a dhéanamh sa chás sin. Tá sé fíorthábhachtach do mhuintir bhaile na hInse agus do mhuintir an Chláir go mbeadh éifeacht ag an líonra na Gaeilge nua seo i mbaile na hInse ach caithfimid an post sin a líonadh agus duine a chur isteach chun éifeacht a chur leis an straitéis agus chun dul ar aghaidh leis an teanga. Tá roinnt ama fágtha agam agus táim lánsásta é a thabhairt ar ais do mo chomhghleacaí.

Luafaidh mé díreach rud amháin a bhí mé chun a rá - an tábhacht go labhródh tuismitheoirí Gaeilge lena gcuid gasúr má tá sí acu. Níl aon rud níos bunúsaí agus is cinneadh é a gcaithfidh tuismitheoirí a dhéanamh. Ní féidir leis an Stát an cinneadh sin a dhéanamh. Níl aon bhealach níos éasca an teanga a fhoghlaim ná í a fhoghlaim ó na tuismitheoirí sa bhaile. Níl aon bhaol ann níos mó go bhfásfaidh gasúr suas gan Bhéarla, rud a rinne imní do mhuintir na Gaeltachta fadó. Tá sé thar a bheith tábhachtach go n-éireoidh linn an soiscéal sin a scaipeadh. Cinnte dearfa tá tacaíochtaí ag teastáil ó thuismitheoirí chun é sin a dhéanamh.

Meabhraím don Aire Stáit go raibh soláthar ann in Acht na Gaeltachta, 2012 do na gréasáin Ghalltachta cathrach seo ach níor leagadh amach é sin riamh de réir mar a bhí i gceist sa staidéar teangeolaíochta. Níl aon leagan amach céard a chiallaíonn sé seo agus céard iad na háiseanna cearta ba chóir a bheith ar fáil. Le go mbeadh líonra den chineál sin, chaithfí naíolann, naíonra, bunscoil agus meánscoil, chomh maith le club an óige, clubanna do thuismitheoirí, go mbeadh a leithéid, mar shampla, agus go mbeidís in ann a theacht le chéile in ionad pobail agus go mbeadh clubanna spóirt ag feidhmiú trí Ghaeilge. Is é sin le rá, theastófaí plean cuimsitheach do na háiteanna seo atá ainmnithe agus nach bhfaighfí siad an stádas sin mura mbeadh na háiseanna seo ar fáil agus theastófaí maoiniú nach beag ón Stát. Má tá an Ghaeilge le bheith beo faoi cheann 100 bliain, caithfidh sí a bheith beo sna cathracha chomh láidir is a bheidh sí sa Ghaeltacht. Mura ndéanfar é sin ní mhairfidh an Ghaeltacht agus is míthuiscint ar dhaoine a cheapadh go mairfidh an Ghaeltacht scun scan ar an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ar fud na tíre.

Tugann Seachtain na Gaeilge deis dúinn machnamh a dhéanamh ar stádas agus staid na Gaeilge sa Stát agus sa tír seo trí cheile, go deimhin. Bíodh is gurbh í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil de chuid an Stáit seo is teanga mhionlaigh fós í agus táim den bharúil go bhfuil sé in am ag an Stát breathnú an athuair ar na spriocanna móra agus an fhís atá ann i leith na Gaeilge.

Tá go leor cainte faoi láthair, mar shampla, maidir le traslitriú ainm phríomhchathair na hÚcráine, Kyiv, agus céard é an leagan is dílse don Úcráinis sa chaoi is gur féidir náisiún agus cultúr na hÚcráine a dhlisteanú. Is maith ann an díospóireacht sin agus tugann sé téamaí éagsúla chun cinn i dtaobh an impiriúlachais agus an gá atá ann le díchoilíniú iomlán a dhéanamh i náisiún a bhí faoi chois ag náisiún eile.

I ndáiríre, shílfí gur cheart go mbeimid ag breathnú níos giorra don bhaile. Tá glacadh fós leis na logainmneacha gallda a bhaisteadh ar chathracha, bhailte agus sráidbhailte na tíre seo le teann fornirt cúpla céad bliain ó shin. Cén fáth nach leanaimid sampla mhuintir na hÚcráine san fheachtas dá cuid le Kyiv seachas Kiev, agus tosú ag caint faoi Bhaile Átha Cliath seachas Dublin, faoi Bhéal Feirste seachas Belfast, faoi Ghaillimh seachas Galway agus tuilleadh nach iad? Níl ciall na réasún le formhór na logainmneacha Béarla sin ar an gcéad dul síos.

Níor mhiste liom an deis a thapú freisin athaontú na hÉireann a phlé i gcomhthéacs na Gaeilge. Tá sé tábhachtach agus an cheist mhór seo faoi chaibidil againn na snáitheanna sin a cheanglaímid ar fad le cheile sa tír seo, Thuas is Theas, a aithint agus a cheiliúradh. Tá an Ghaeilge ar cheann de na snáitheanna sin. Tá baint ag an nGaeilge ar bhealach amháin nó eile le gach uile dhuine agus phobal de bhunadh an oileáin seo, mar aon le duine ar bith nua a chuireann faoi nó fúithi in éineacht linn. Is linn uile í.

Aithnímid, cuirim i gcás, an taighde ceannródaíoch a rinneadh le gairid ar shaighdiúirí de chuid airm na Breataine as oirthear Bhéal Feirste a throid sa Chéad Chogadh Domhanda a léirigh go raibh Gaeilge ag go leor acu. Ba iad seo Protastúnaigh as pobal ina raibh an tacaíocht is láidre don Bhreatain thar aon áit eile in Éirinn agus bhí siad sásta a rá in 1911 go raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu. Níl aon dabht ach go dtugann Éire aontaithe deis nua dúinn tarraingt ar an oidhreacht chomónta seo atá againn in Éirinn, tógáil ar bhuntáistí an dátheangachais agus pobal a nascadh lena n-oidhreacht agus lena gcultúr. Is féidir linn an Ghaeilge a úsáid mar sheoid chultúrtha atá againn ní hamháin sa lá atá inniu ann, ach ar feadh blianta fada.

Má táimid chun athmhuintearas agus dlúthpháirtíocht a chothú, níor mór dúinn a thuiscint gur den phobal céanna muid inniu agus inné. Tá sé de sheans againn anois tír agus náisiún nua forásach a shamhlú don oileán seo a chuireann fáilte roimh an uile dhuine agus a thugann aird i gcónaí ar na nithe sin a nascann muid le chéile thar na rudaí a scarann óna chéile muid.

Is ceart go mbeadh an teanga lárnach sa phróiseas sin. Rinneadh an pointe go bhfuil sé fíorthábhachtach dúinn ar fad a labhraíonn Gaeilge, má tá páistí againn agus má táimid in ann, Gaeilge a labhairt leis na páistí sin. Má smaoiníonn muid siar ar an stair atá againn, bhí gaolta againn ar fad le fada in Éirinn agus ag pointe amháin shocraigh na gaolta sin labhairt i mBéarla seachas i nGaeilge, cé nach raibh an Béarla fiú ar a dtoil acu ag an bpointe sin. Shocraigh siad an t-athrú sin a dhéanamh agus ba chóir dúinne ar fad an t-athrú sin a dhéanamh arís chun cinntiú go labhraítear Gaeilge amach anseo. Sin rud go gcaithfimid ar fad smaoineamh air.

Tá áthas orm Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh inniu agus don choicís amach romhainn. Tacaíonn na Daonlathaithe Sóisialta le stádas na Gaeilge sa tír seo. Tá leagan Gaeilge againn dár suíomh Idirlín agus tá polasaí againn chun stádas na Gaeilge a threisiú. Tá na Daonlathaithe Sóisialta thar a bheith sásta tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na Gaeilge mar theanga bheo agus mar acmhainn don chultúr, lámh le lámh leis na Gaeltachtaí. Tá sé ar intinn againn fuinneamh nua a insileadh sa Ghaeilge agus feabhsú a dhéanamh.

This is an historical occasion for us, celebrating the first Seachtain na Gaeilge since the Official Languages (Amendment) Act 2021 was enacted last year. This is a very important part in our history in terms of the development, protection and support for our language. It is particularly important for the Gaeltacht community and it is long overdue but it is also important in terms of encouraging the everyday use of Irish when interacting with the State. This is important for the rest of the population in terms of signalling the importance of the language to us all. There are very ambitious targets within this Act, which is very welcome, but we need to see progress in terms of reaching those targets. That is very important.

Another area that needs a great deal of attention at the moment in terms of supporting our language is education. We have 45,000 pupils attending Irish primary schools nationwide yet there is capacity for only 13,900 students at second level. To put it another way, we have 8% of our primary school children in Gaelscoileanna around the country but only 4% of our second level students in Gaelcholáistí. This means there is an access issue for those second level students who want to access second level education through the Irish language. The Gaelcholáistí have been incredibly successful. There is a large amount of work that needs to be done to remove the barriers to second level education through Irish for those students who want to do it. That is very important in terms of the support that we can give for the language.

In terms of the Gaeltacht areas, in the past couple of years, due to the pandemic, we have seen the closure of Irish-language summer courses in particular and the significant economic impact that has had on Irish language-Gaeltacht community areas. My colleague in Galway, Councillor Owen Hanley, estimates that has had a €50 million impact on the local economy. The survival of Gaeltacht communities and the thriving of Gaeltacht communities is very important to us overall on this island. There are issues that need to be addressed there on the housing front in particular and around planning. With the increase in short-term rentals and holiday rentals, there has been an impact on housing needs for people in Gaeltacht communities where people have not been able to afford homes in their local Gaeltacht areas. This is putting their contribution to the Gaeltacht areas and the existence of the Gaeltacht areas under threat and in jeopardy. That needs to be addressed at Government level.

I want to mention two other issues, the first of which is the importance of making progress in terms of a national policy on bilingual packaging. That would be very welcome. It would give people, in particular Irish language speakers, the ability to access products through the language but it would also provide opportunities in terms of employment in translation in product and service marketing. There is also the issue around communications, especially from the Government. In terms of social media posts from the Government, as previously pointed out by my colleague, Deputy Cairns, last year less than 4% of all social media posts by various Departments were in Irish. By comparison, in Wales, approximately 50% of posts were either in Welsh or bilingual. There is a lot of progress that could be made there.

Tá an Ghaeilge á labhairt ar an oileán seo for the last 2,500 bliain. Caithfear gach tacaíocht a thabhairt chun í a choinneáil beo. Dúirt Antonio Gramsci gur doras í teanga do chultúr na ndaoine. Tír gan teanga, tír gan anam. Bainigí sult as Seachtain na Gaeilge.

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Aire Stáit. Gach bliain feicimid go léir na físeanna ar líne, a bhíonn á dhéanamh ag polaiteoirí go háirithe, ag moladh do dhaoine an Ghaolainn atá acu a úsáid. Níl sé difriúil an bhliain seo. Tá na polaiteoirí go léir amuigh arís an tseachtain seo ag moladh do dhaoine an teanga atá acu a úsáid ach, mar a dúirt na cainteoirí níos luaithe, caithfimid déanamh níos fearr ó thaobh ár n-úsáid féin.

Gach maidin éirím agus tógaim mo leanbh féin go dtí an réamhscoil thíos i nGaelscoil Uí Drisceoil i nGleann Maghair. Gach lá ar scoil úsáideann sé píosa Gaolainne agus nuair a thagann sé abhaile bím ag cleachtadh as Gaeilge leis freisin. Is rud beag é sin ach is rud é gur féidir leis an chuid is mó de mhuintir na tíre a dhéanamh lena leanaí féin. Molaim do gach duine an méid sin a dhéanamh más féidir leo.

I láthair na huaire, úsáideann thart ar 8% de mhuintir bhunscoile na tíre Gaolainn ar scoil gach lá agus tá méadú beag tagtha ar líon na gcainteoirí Gaolainne ar fud na tíre le deich mbliana anuas. Nuair a bhíos ag féachaint ar an nuacht agus ar Twitter aréir, chonaic mé fís ghearr de chailín a bhí gafa i lár na trioblóide thall san Úcráin. Bhí sé go deas an Ghaolainn a fheiscint thall san Úcráin, cé gur géarchéim atá ann faoi láthair. Feicim an Ghaolainn á úsáid freisin in institiúidí na hEorpa. Tá Billy Kelleher, go háirithe, tar éis iarracht mhór a dhéanamh le bliain anuas an Ghaolainn a úsáid thall ann.

Is duine praiticiúil mé. Bhíos i mo mhúinteoir freisin agus ó thaobh rudaí praiticiúla gur féidir linn a dhéanamh, ní dóigh liom go bhfuil ag éirí rómhaith linn ó thaobh na teanga de. Tá an iomarca béime curtha ar eagraíochtaí agus institiúidí éagsúla, seachas rudaí bunúsacha a dhéanamh le daltaí agus páistí go háirithe. Déanann eagraíochtaí cosúil le Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge sárobair ó thaobh dul chun cinn na teanga ach ba cheart dúinn an fócas i leith na teanga a dhíriú isteach ar na scoileanna. An t-aon rud a mholfaidh mé anocht ná go gcaithfimid infheistíocht cheart a dhéanamh i TG4 agus Raidió na Gaeltachta mar sin an t-aon slí gur féidir linn dul chun cinn na teanga a chothú ó thaobh an aos óg.

Tá buairt amháin agam i leith na Gaeilge sa teastas sóisearach, agus go háirithe san ardteistiméireacht.

Táimid ag labhairt faoi stádas na teanga don ardteistiméireacht. Tá seans ann nach dtabharfaimid an t-aitheantas ceart don teanga ó thaobh rás na bpointí de. Is oth liom a rá, má tharlaíonn sé sin, nach ndéanfaidh sé aon mhaitheas don teanga. Tá daoine ag labhairt freisin mar gheall ar an mbonnleibhéal a bheith curtha ar ceal. Dá ndéanfaimis é sin, bheadh sé sin go hainnis don teanga.

Is breá liom a bheith ag caint anseo inniu. Chun an fhírinne a rá, is tamall fada é a bhfuil Seachtain na Gaeilge ann. Deirtear go bhfuil sí ann le 150 bliain. Tá a lán rudaí maithe déanta ag Rialtais ón tamall sin agus is rud maith é muid a bheith anseo ag caint anseo trí Ghaelainn.

Tháinig m’athair ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, an áit is sia siar in Éirinn, mar a ghlaoitear ar an áit sin. Nuair a fhéachtar ar an daonáireamh ó 1901, my great grandfather at that time lived there on a small farm and he could only speak Gaeilge. Ní raibh aon Bhéarla aige, ar chor ar bith, ag an am sin. Tá an Ghaelainn sa dúiche sin láidir go fóill. Like I say, my first cousin’s children are á dtógáil trí Ghaelainn. Níl a fhios agam cén tslí ina bhfuil siad ag vótáil ach tá súil agam go mbeidh suim acu i bhFine Gael ach go háirithe. Tá mé ag féachaint ar an Teachta Daly ansin. Chuala mé a ainm ann le déanaí.

Tá rudaí an-mhaith déanta ag an tír maidir le cúrsaí teanga. Tá an teanga curtha san áit cheart. Bhí mé ar Apple TV ar maidin. I was on my Apple TV to see what movies I could watch if I was bored in the Dáil, with all these long debates that we have, even though this is not one such debate, agus tá an scannán "Arracht" ann. Is féidir é a cheannach ar thimpeall €13 agus is rud an-mhaith é sin. On Apple TV right around the world, it is possible to buy and watch the Irish-language movie "Arracht". Molaim go mór, ó thaobh an chultúir agus an scannáin de, airgead a thabhairt do dhaoine a bheidh ag déanamh scannáin trí Ghaelainn nó fiú amháin má bhíonn siad dátheangach. Má tá an caighdeán chomh maith agus atá an scannán sin, tá rudaí an-mhaith ag titim amach ar son na Gaelainne agus daoine i ngach tír ar domhan ag féachaint ar scannán as Gaelainn. Nach rud maith é sin?

Molaim Conradh na Gaeilge i nDroichead Átha. Tá siad ag seoladh imeachtaí Sheachtain na Gaeilge i gCúige Laighean anocht. Ní féidir liom a bheith ann anocht ach tá súil agam go mbeidh slua breá ann.

Ag caint faoin nGaeltacht ach go háirithe, tá sé an-tábhachtach go mbeidh cead ag muintir na Gaeltachta tithe a thógáil sa Ghaeltacht dá gclanna féin. Tá sé ráite ag daoine cheana féin. Níl sé sin ag titim amach. Ba chóir go mbeadh cearta bunúsacha ag daoine ón Ghaeltacht maireachtáil sa Ghaeltacht más féidir é sin a dhéanamh agus go mbeidh cead pleanála speisialta acu sna ceantair Ghaeltachta. Ní haon mhaitheas ceadanna pleanála a thabhairt do dhaoine nach bhfuil ón dúiche agus nach bhfuil an Ghaelainn acu, nuair atá ganntanas tithíochta do mhuintir na Gaeltachta iad féin.

Tá rudaí nua ag titim amach áfach. Tá daoine óga ann. Tá na páirtithe go léir amhail Fianna Fáil, Fine Gael, Sinn Féin agus gach duine acu ag caint faoi phacáiste dátheangach. Cén fáth nach féidir linn pacáistíocht dhátheangach a bheith againn sa tír seo? Tá gach ceann de na páirtithe polaitiúla agus aon duine a raibh mé ag caint leo go mór i bhfabhar é sin.

Molaim an méid atá déanta. San am nua atá againn, áfach, ba mhaith liom dá mbeifí ag féachaint ar an gcultúr agus an litríocht Gaelainne ach go háirithe. D’fhéadfaí an Béarla agus an Ghaelainn a bheith taobh le taobh agus daoine a bheith in ann an saibhreas agus na focail nach bhfuil ar eolas acu a thuiscint. Molaim foclóir beag a bheith ar gach leathanach.

Unfortunately, I have no Irish. I would like to be able to speak Irish and probably should have done more when I was younger to allow me to do so. Despite that, I feel strongly about how important Irish is in protecting our culture and identity.

There is significant growing demand across Dublin Bay South for access to secondary school education through the medium of Irish. This creates a serious issue. There are a number of primary Gaelscoileanna in the area, such as Gaelscoil Lios na nÓg, Scoil Bhríde in Ranelagh, Scoil Mológa in Harold's Cross and Bunscoil Synge Street, which is a new school. Students who wish to continue their education through Irish have no access to a Gaelcholáiste locally. They must either travel significant distances to get that education through Irish or switch to the English medium. Parents in the community have done Trojan work in highlighting the urgent need for a Gaelcholáiste. The time has come to listen to parents and common sense and establish a Gaelcholáiste in Dublin 6 and Dublin 6W.

Dúirt mé anseo cheana féin nach raibh go leor cleachtaidh déanta agam agus is é sin an scéal go fóill maidir leis an nGaeilge. Shíl mé go raibh níos mó ama agam chun rudaí a ullmhú ach is é sin mar a tharlaíonn cúrsaí anseo i dTeach Laighean.

Tá fonn orm caint ar oideachas. Tá fadhb ann maidir le scoileanna. Tá thart ar 50,000 dalta ar na bunscoileanna Gaeilge ach níl ach 16,000 ag freastal ar Ghaelcholáistí. Is í an fhadhb atá ann ná nach bhfuil go leor spásanna i gceist.

Tá cuid mhór tacaíochta de dhíth ag tuismitheoirí. Tá cuid mhór tacaíochta de dhíth ag na daoine atá ag iarraidh scoileanna lán-Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Bhí fadhb againn i nDún Dealgan agus tá cuid mhór oibre déanta faoin am seo maidir le Coláiste Ghlór na Mara. Táimid ag iarraidh scoil satailíte a chur i bhfeidhm i nDún Dealgan. Tá sé sin de dhíth.

Tá cuid mhór obair a gcaithfimid a dhéanamh maidir le naíonraí, bunscoileanna agus meánscoileanna. Caithfimid níos mó oibre a dhéanamh arís maidir le coláistí ina dhiaidh sin. Caithfimid an córas oideachas a chur i bhfeidhm ó thús go deireadh agus níl sé sin againn faoin am seo agus caithfimid cuid mhaith oibre a dhéanamh air.

In ainneoin an laghdaithe ar líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge in iarthar na hÉireann, tá méadú ar líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge inár mbailte agus inár gcathracha. Is nuacht an-dearfach é seo. Is é sampla amháin den dul chun cinn seo ná mo cheantar i mBaile Formaid. Le déanaí, tá naíonra bunaithe againn agus níos déanaí fós, tá spás curtha ar fáil againn ina bhfuil daoine in ann teacht chun tae, caife agus bia a fháil agus cúpla focal a rá freisin. Is é Café Glic an t-ainm atá air. Ba chóir do na Teachtaí dul ann am éigin. Bíonn Gaeilge á labhairt ann agus imeachtaí cultúrtha ag dul chun cinn. Is togra é sin ó na gnáthdhaoine, go mór mór na daoine óga agus muintir na háite atá compordach leis an nGaeilge agus a bhfuil a lán grá acu don Ghaeilge. Briseann siad na bacainní atá ann.

Is é an dúshlán atá roimh an Oireachtas ná an bealach is fearr chun an teanga a thapú agus a chur chun cinn. I will say the next bit in English.

It is important that everybody hears that, in my view, the Oireachtas underfunds the Irish language, the Gaeltacht and those who live in the remote Gaeltacht areas of western Ireland and are trying to work and remain there. We need to learn lessons from the Covid crisis, during which remote working and learning became a feature of our lives and look to encourage that in areas where the population is dropping and the use of the language, as a consequence, is also falling. We must put the proper supports in place. Each year, when it comes to budget time, those who support and try to promote the Irish language come to us begging for more funding for those areas of the west where the language is falling off. However, it is not all bad news. The desire among urban populations to learn and speak Irish is growing quite rapidly, especially among young people.

Ba mhaith liom focal a rá mar gheall ar bhunscoileanna agus mheánscoileanna. Tá éileamh mór ar na scoileanna seo agus ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó déanta ag an Roinn Oideachais. I mo cheantar féin, Baile Formaid, i mBaile Átha Cliath 10, nó go deimhin i mBaile Átha Cliath 12, níl Gaelscoil amháin ann agus tá a lán daoine ina gcónaí sna ceantair sin. Níl Gaelscoil amháin - meánscoil nó bunscoil - sna háiteanna sin. Bhíomar ag caint leis an Aire roimhe mar gheall air seo agus táimid ag lorg go gcuirfí scoil ar bun i mBaile Formaid, i gCromghlinn nó i nDroimneach chomh luaith agus is féidir.

An rud deireanach atá le rá agam ná go n-aontaím le moladh an Tí faoi Raidió na Gaeltachta agus TG4, go háirithe, a dhéanann jab iontach ag cur na teanga agus an chultúir chun cinn le cláir faisnéise a chruthaíonn sé. Is rud tábhachtach é go bhfuil gnáthdhaoine agus na daoine óga inár gceantair a bhfuil grá acu don Ghaeilge ag labhairt agus ag foghlaim na Gaeilge. Bíonn pop-up Gaeltachts á dtógáil acu i spásanna áitiúla agus tá sé sin an-tábhachtach. Ba mhaith liom a rá leo leanúint ar aghaidh, gur nuacht an-bhreá é sa bhliain seo, agus ar aghaidh leo go deo.

Ar an ócáid seo gach bliain, deirim go bhfuil sé cosúil le coileán a cheannach ag an Nollaig. Ní don Nollaig amháin é coileán agus ní do Sheachtain na Gaeilge amháin í úsáid na Gaeilge san Oireachtas. Tá rudaí ag éirí níos fearr agus caithfidh mé buíochas a ghabháil leis na daoine i Rannóg an Aistriúcháin a thugann an-chuidiú do dhaoine an Ghaeilge a úsáid, le haistriúcháin agus le frásaí gach seachtain. Gabhaim buíochas leis na hiriseoirí a bhfuil Gaeilge acu agus a dhéanann an-iarracht cuidiú le Teachtaí agus Seanadóirí an Ghaeilge a úsáid sna meáin chumarsáide. Tá cathaoirleach an choiste Gaeilge anseo. Gabhaim buíochas leis as an obair a dhéanann sé féin, an cléireach agus foireann an choiste chun cúrsaí Gaeilge a chur os comhair Thithe an Oireachtais agus chun seasamh ar son na Gaeltachta.

I gcomhthéacs obair an choiste sin, tá sé suimiúil a fheiceáil cé mhéad feidhmeannach sinsearach Stáit nach bhfuil Gaeilge acu chun teacht os comhair an choiste Gaeilge, chun spreagadh a thabhairt as Gaeilge. Tháinig go leor príomhfheidhmeannaigh na comhairle contae os ár gcomhair i gcomhthéacs cheist na pleanála teanga Gaeilge. Ní raibh Gaeilge acu le teacht os ár gcomhair. Ba léir freisin nach raibh Gaeilge ag go leor oifigeach pleanála tithíochta sa tír. Mar sin, caithfimid i bhfad níos mó oibre a dhéanamh.

Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit agus lena chuid oifigeach maidir leis an obair a rinne siad ar an mBille teanga, ach caithfimid é a chur ag obair anois. Tá an Bille achtaithe. Níl aon mhaitheas leis an Acht mura bhfuil sé éifeachtach ar an talamh. Caithfimid oibriú ionas go mbeidh na seirbhísí ann, agus go mbeidh tuiscint ann ag muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge go bhfuil siad in ann an Ghaeilge a úsáid. Caithfimid airgead a chur leis an bhfeachtas chun an Acht a chur os comhair na ndaoine.

Labhair mé faoin obair atá ar siúl ag an gcoiste faoi chúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht. Tá an tAire tithíochta, an Teachta Darragh O’Brien, agus an tAire Stáit, an Teachta Chambers, ag déanamh iarracht an fhadhb seo a réiteach. Caithfimid a bheith i bhfad níos tapúla ag déileáil leis. Níl seans ag daoine nó ag a gclann tithe nua a thógáil sa Ghaeltacht. Tá go leor scéalta léirithe ar TG4. Tá scéalta ag gach Teachta, Seanadóir agus comhairleoir contae ón nGaeltacht go bhfuil daoine ag iarraidh tithe nua a thógáil sa Ghaeltacht agus nach bhfuil an cead ann. Ba chóir go mbeadh cás speisialta ann do dhaoine le Gaeilge agus a bhfuil ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid chun tithe nua a thógáil sa Ghaeltacht agus caithfimid cabhrú leo.

Bhí a lán daoine ag caint faoi chúrsaí oideachais. Is léir go bhfuil fadhb ann ach tá deis ann freisin. Tá mórán suime ann i gcúrsaí oideachais, go háirithe sa bhunscoil, ach caithfimid na scoileanna a bhunú don oideachas meánscoile chomh maith leis an tríú leibhéal agus leis an gceathrú leibhéal. Caithfimid é a cheangal le straitéis faoi chúrsaí oideachais.

Maidir leis na hÉireannaigh nua, na daoine atá ag teacht go dtí ár dtír, tá mórán suime acu an Ghaeilge a úsáid. Tá stair agus traidisiún iontach ag an nGaeltacht. Tá níos mó suime ag na hÉireannaigh nua, iad siúd a thagann chun na tíre seo, ná mar atá ag a lán daoine a rugadh anseo. Caithfimid cuidiú leo siúd chun an Ghaeilge a úsáid. Mar a dúirt mé, ní do Sheachtain na Gaeilge amháin í an Ghaeilge. Gabhaim buíochas freisin leis an gCeann Comhairle as an obair atá á déanamh aige ar son na Gaeilge sa Teach.

Cé go bhfuilim sásta an deis a ghlacadh chun labhairt inniu, caithfidh mé a admháil gurbh é an spreagadh a thug an Teachta Ó Cathasaigh dom an fáth go bhfuil mé ag labhairt i nGaeilge sa díospóireacht seo. Gabhfaidh mé leithscéal as mo chumas teoranta inár dteanga oifigiúil. Ní féidir liom an milleán a chur ar aon duine ach orm féin. Bhí múinteoirí maithe agam i Scoil JFK agus in Ardscoil Rís i mo chathair dhúchais, Luimneach. Ní go dtí na blianta beaga anuas a tháinig mé ar an tuiscint cé chomh tábhachtach is a bhfuil ár dteanga agus í a choimeád beo i mbéal na ndaoine. Táim ag labhairt inniu mar iarracht cheart a dhéanamh do na blianta caillte agus páirt bhríoch a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge.

Is ceiliúradh bliantúil ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach í Seachtain na Gaeilge. Ar ndóigh is coicís atá i gceist seachas seachtain amháin, ach b’fhéidir gur cheart go mbeadh 52 seachtain ann. Ba cheart go mbeadh muid go léir ag iarraidh go mbeadh Gaeilge láidir agus faoi bhláth againn agus caithfimid a bheith uaillmhianach agus cruthaitheach sa chaoi a mbainimid é sin amach.

Ag an leibhéal is airde is teanga oifigiúil oibre iomlán de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge anois, ag an leibhéal céanna le teangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. Ach bíonn rath ar an teanga nuair a léitear agus a labhraítear í - beatha teanga í a labhairt - ag páistí sna Gaelscoileanna, ar Raidió na Gaeltachta, TG4, sna Gaeltachtaí agus sna pop-up Gaeltachts ar fud na tíre. Ba mhaith liom níos mó leabhar a léamh as Gaeilge. Tá údair iontach traidisiúnta agus comhaimseartha Gaeilge againn. Ar an ócáid seo ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Tadhg Mac Dhonnagáin atá ainmnithe do dhuais litríochta an Aontais Eorpaigh, an chéad uair d’úrscéal Gaeilge.

Caithfimid ár dteanga a chothú ag gach leibhéal. Ní mór dúinn í a chur ar chomhchéim agus ní mór dúinn í a nochtadh i ngníomhaíochtaí laethúla. Mar shampla, uair an chloig ó shin fuair mé glaoch gutháin chuig m’oifig faoi fheachtas a bhfuil sé mar aidhm aige úsáid na Gaeilge ar phacáistiú a chur chun cinn.

Sa Chomhaontas Glas ba mhaith linn fáil réidh leis an bpacáistiú oiread agus is féidir, ach má tá sé le bheith againn ba cheart go mbeadh Gaeilge air. Rinne mé mo dhícheall dul tríd an óráid seo agus gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cathasaigh. Tá rún daingean agam déanamh níos fearr an bhliain seo chugainn.

Ba mhaith liom labhairt ar ábhar a chiallaíonn go leor ach go ndéantar neamhaird air go minic, is é sin an chomharthaíocht agus comharthaí bóithre. Anuraidh, bhí an t-ádh linn i gCoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge cloisteáil ó choimisinéir teanga na Breataine Bige ag an am, Aled Roberts. Fuair sé bás tamall gairid ina dhiaidh sin tar éis a bheith breoite ar feadh ama gairide. Ba mhaith liom m'ómós a thabhairt dá chuid oibre agus déanaim comhbhrón lena chlann, lena ghaolta agus lena chairde uile. Chualamar Aled Roberts, a phaisean agus an saineolas a bhí aige agus a bhí soiléir nuair a bhí sé ag caint linn. D'ardaíomar na comharthaí bóithre leis nuair a bhí sé linn sa choiste.

Labhair mé faoin ábhar seo cheana féin. Bheadh sé sách simplí an méid a leanas a dhéanamh: ba chóir go mbeadh na comharthaí bóithre Gaeilge curtha sa phríomháit, seachas in áit na leathphingine. I gContae an Chláir, mar shampla, feicimid "Coillte" agus as Béarla feicimid "Quilty". I gContae na Mí, seachas "An Obair" sa phríomháit feicimid "Nobber". Ba chóir go mbeadh an phríomháit don logainm Gaeilge agus go mbeadh an Béarla sa dara áit. Déantar é sin sa Bhreatain Bheag mar chuid de reachtaíocht tánaisteach. Is féidir agus is ceart é sin a dhéanamh in Éirinn chomh maith agus ba chóir don Rialtas féachaint air seo a thabhairt isteach, b'fhéidir mar ionstraim reachtúil nó statutory instrument.

Dúirt an tAire Stáit, an Teachta Chambers, roimhe seo go raibh scéim phíolótach ann a d'achtaigh an polasaí seo, a pilot scheme as opposed to a Pontius Pilate scheme as you cannot wash your hands of this. An bhfuil sé sin fíor mar dúirt an tAire Stáit ina dhiaidh sin gur ceist don Roinn Iompair é? Ní dóigh liom gur ceist don Roinn Iompair atá ann. Mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeilge agus as pobal na Gaeilge, is cinnte go bhfuil sé seo go daingean fós ina chúram féin. Is féidir leis agus is ceart dó é sin a chur i gcrích. Scríobh mé go dtí an tAire Stáit faoi dhó ag cur in iúl conas a d'fhéadfadh sé sin a dhéanamh. Fiú amháin mholamar foclaíocht dó. B'fhéidir go mb'fhearr cruinniú a bheith againn chun díospóireacht a dhéanamh air sin.

Ceist ríthábhachtach eile mar gheall ar neart agus cosaint na Gaeilge is ea an cumas atá ag daoine teacht ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tá An Garda Síochána ar ceann de na príomhchomhlachtaí Stáit a bhíonn an caidreamh is mó ag daoine leis. Is iomaí uair a rinne an coiste iarracht freagraí a fháil mar gheall ar drochsholáthar seirbhísí i nGaeilge agus le déanaí tháinig finnéithe os comhair na coiste chun labhairt faoi deireadh a chur le ceanglas áirithe a bhaineann le labhairt na teanga. Bhí cruinniú agam le Todhchaí na Tuaithe mar is rud an-tábhachtach é, mar a dúirt cúpla Ball eile, daoine a bheith ag maireachtáil sa Ghaeltacht. Bhuaileas le duine darbh ainm Andrea Palandri as Venezia nó Venice san Iodáil. Tá sé ina chónaí i gCorca Dhuibhne agus tá Gaelainn den scoth aige. Dúirt sé liom go bhfeiceann sé na problems céanna a chonaic sé i Venice. Níl daoine in ann maireachtáil sa chathair in aon chor agus níl siad in ann fanacht ansin. Tá siad ag cailliúint na teanga agus an idiom a bhí acu i Venice chomh maith agus feiceann sé na fadhbanna sin anseo. B'fhéidir go mbeadh an tAire in ann rud a dhéanamh mar gheall air sin.

Is linne go léir an Ghaeilge agus is seoid í. Tá sí scríofa inár n-ainmneacha agus inár logainmneacha agus is teanga ársa í ach is teanga nua-aimseartha í freisin. Tá daoine ag tógáil clainne léi, tá daoine ag déanamh a gcuid gnó léi agus tá sí mar mheán cumarsáide ar Twitter, ar Facebook, ar Instagram agus ar TikTok. Tá sí fite fuaite inár bhféiniúlacht sa tír seo. Is stór saibhir í le scéalta, ealaín, filíocht, dráma agus amhráin i nGaeilge. Is struchtúr smaointe í an Ghaeilge freisin agus gan í, bhásódh giota den éagsúlacht agus de shaibhris na tíre agus an domhain seo.

An tslí is fearr chun an Ghaeilge a chur chun cinn ná í a labhairt agus caithfidh go mbeadh an Rialtas dírithe ar an jab sin go huile is go hiomlán. Is í an Ghaeltacht tobar na Gaeilge. Tá go leor daoine ag caint na Gaeilge timpeall na tíre agus is rud iontach é an teanga a bheith láidir timpeall na tíre ach muna mbeadh an Ghaeilge láidir sa Ghaeltacht, bheadh fadhb ollmhór ann. Caithfidh go mbeadh an teanga mar theanga phobal chun go mbeadh sí láidir agus saibhir.

Tá go leor rudaí iontacha ag tarlú timpeall na tíre agus tugann na rudaí sin dóchas dúinne mar gheall ar an nGaeltacht ach caithimid a bheith ionrach freisin mar gheall ar staid na Gaeilge. Tá an Ghaeilge i gcruachás sa Ghaeltacht timpeall na tíre. Sa daonáireamh deireanach bhí titim 11% sa líon cainteoirí Gaeilge laethúla sa Ghaeltacht. Daonáireamh i ndiaidh daonáirimh, tá an figiúr sin ag dul sa treo céanna. Bhíos ag féachaint ar na figiúirí. Ag caint faoi pháistí trí bliana d'aois agus ceithre bliana d'aois sa Ghaeltacht iomlán a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil, níl ach 500 díobh fágtha. Tá an Ghaeilge sa Ghaeltacht crochta ar an téad sin. Níl ach 500 páiste idir trí bliana d'aois agus ceithre bliana d'aois sa Ghaeltacht iomlán ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Is fíor beag an méid sin. Bíonn go leor páistí sa Ghaeltacht ag freastail ar naíonraí lán-Bhéarla. Bíonn go leor teaghlach ag tógáil a gcuid páistí sa Ghaeltacht i nGaeilge agus níl de rogha acu ach a pháistí a sheoladh chuig naíonra lán-Bhéarla, rud atá dochreidte.

Nuair a bhreathnaítear ar Údarás na Gaeltachta, is é an col ceathrar bocht é i gcomparáid le IDA Ireland nó Enterprise Ireland. Timpeall sé bliana tar éis na ghéarchéime eacnamaíochta, ní bhfuair Údarás na Gaeltachta pingin sa bhreis. Nuair a bhí IDA Ireland agus Enterprise Ireland ag fáil ní ba mhó airgid bhí siadsan ag dul chun cinn ach bhí Údarás na Gaeltachta ag déanamh an rud céanna sa Ghaeltacht, ag tabhairt post do Ghaeilgeoirí agus ní raibh sé ag fáil airgead ar bith sa bhreis.

Tá easpa tithíochta le haghaidh Gaeilgeoirí sa Ghaeltacht. Tá mise tar éis a rá leis an Aire Stáit, an Teachta Chambers - b'fhéidir go n-éistfidh sé leis an bpointe seo - go bhfuil go leor daoine i gcruachás mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta ag an bomaite. Tá go leor díobh ag tógáil a gclainne le Gaeilge sna cathracha, i mBaile Átha Cliath nó sna bailte móra cosúil le Droichead Átha agus an Uaimh. Tá Gaeltacht ann i gContae na Mí darbh ainm Ráth Chairn agus d'fhéadfadh an Rialtas tithe a thógáil ann. D'fhéadfadh na daoine atá i gcruachás mar gheall ar thithíocht a bheith ina gcónaí i Ráth Chairn ag cur leis an nGaeltacht ansin agus bheadh siad in ann tiomáint chuig Baile Átha Cliath nó cibé baile atá thart timpeall. Rinne Éamon de Valera an éacht sin sna 1930idí ach níl an ambition céanna ag an Rialtas seo an Ghaeilge a chur chun cinn.

Tagraím do chúrsaí scolaíochta. Tá 25% de pháistí agus de thuismitheoirí sa tír seo ag iarraidh Gaelscolaíochta. Níl ach 6% ag fáil Gaelscolaíochta. Bímse ag éisteacht le caint ar an raidió agus ar an teilifís ar Ghaeilge éigeantach ach is í an fhírinne ná go bhfuil an Béarla éigeantach sa chóras oideachais sa tír seo.

Má tá páiste nó tuismitheoir ag iarraidh Gaeilge a bheith ar fáil, tough luck, mar a déarfá. Níl an rogha ag daoine an chuid is mó den am.

Rinne mé camchuairt ar gach Gaeltacht sa tír cúpla bliain ó shin. Bhí mé ag caint leis an gcuid is mó de na príomhoidí sna scoileanna sa Ghaeltacht. Dúirt siad liom nach raibh siad in ann teacht ar mhúinteoirí le Gaeilge sa tír seo. Tá caighdeán na Gaeilge tite i measc na múinteoirí a bhfuil siad in ann teacht orthu.

Is fáinne fí é. Nuair a thiteann caighdeán an mhúinteora, titeann caighdeán na bpáistí agus nuair atá na páistí fásta suas chun bheith ina múinteoirí, tá a gcaighdeán tite freisin. Is drochrud é sin. Bhuail mé leis an Roinn Oideachais. Is fíorbheag an méid daltaí ar an ollscoil atá ag fáil a dteagasc múinteoireachta i nGaeilge. Táthar in ann iad a chomhaireamh ar lámh amháin.

Mar gheall ar stádas na Gaeilge, má éirítear stádas na Gaeilge, beidh níos mó meas ag daoine ar an nGaeilge. Nuair atá níos mó measa uirthi, beidh sí á labhairt ag níos mó daoine. Is é an tslí ar féidir é a dhéanamh ná comhionannas a thabhairt do chló ainm Ghaeilge ar chomharthaí bóithre. Ní chosnódh sé sin pingin sa bhreis ar chor ar bith.

Ba cheart tacaíocht a thabhairt do chlanna atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Bhí tacaíocht ann fadó. Fuair Aire Fhine Gael réidh leis an tacaíocht sin cúpla bliain ó shin. Ba cheart tacaíocht a thabhairt dóibh mar gurb iadsan an todhchaí.

Agus mé ag ullmhú do mo chuid cainte tráthnóna inniu, d'fhéach mé siar ar an óráid a rinne mé an bhliain seo caite ar an ábhar céanna. Dá mbeinn leisciúil agus mé ag ullmhú, d'fhéadfainn an óráid sin a phriontáil amach chun í a úsáid arís. Go deimhin, creideann na Glasaigh san athchúrsáil agus b’fhéidir gur rud dearfach a bheadh ann. Tá pointí tábhachtacha ann ar fiú iad a athlua anseo inniu áfach. Luaigh mé anuraidh nach leor é an Ghaeilge a úsáid uair amháin sa bhliain, nó mar a dúirt mé ag an am:

... tá baol ann go bhfuilimid ag caint linn féin, go ligtear do na Gaeilgeoirí cead na coise a bheith againn ar feadh uair nó dhó istigh sa Dáil agus beimid breá sásta ina dhiaidh sin.

Má táimid chun an Ghaeilge a léiriú mar theanga bheo oibre inár bParlaimint, ní mór dúinn a bheith réidh í a úsáid agus a bheith ullamh na seirbhísí aistriúcháin a bheidh de dhíth ar Bhaill nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu a mhaoiniú agus a úsáid, chun tacú leis an idirghníomhú dátheangach sin. Mar a dúirt mé anuraidh, tá dualgas ar ár meáin chumarsáide agus na meáin Bhéarla, go háirithe, clúdach cothrom agus leordhóthanach a thabhairt do ghnó parlaiminte a dhéantar trí mheán na Gaeilge.

É sin ráite, is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach Seachtain na Gaeilge a chomóradh agus an phróifíl mhéadaithe a thugann sé dár dteanga dhúchais a cheiliúradh. Tá sé tábhachtach ceiliúradh a dhéanamh freisin ar an dul chun cinn suntasach atá tar éis tarlú i leith na Gaeilge le bliain anuas. Is reachtaíocht thromchúiseach í Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a mbeidh impleachtaí suntasacha dearfacha aici. Tá na spriocanna earcaíochta san earnáil phoiblí uaillmhianach agus, go deimhin, beidh sé deacair iad a chomhlíonadh. Tá na dualgais ar chomhlachtaí poiblí uaillmhianach mar an gcéanna. Tá na gealltanais atá ann chun seirbhís phoiblí a sholáthar trí mheán na Gaeilge do mhuintir na Gaeilge an-tábhachtach freisin. Tá fíorthionchar inláimhsithe dearfach ag maoiniú méadaithe do TG4, Údarás na Gaeltachta agus a leithéid ar ár bpobal Gaeltachta. Tugaim aitheantas don obair atá déanta ag an Aire, an Teachta Martin, agus ag an Aire Stáit, an Teachta Chambers, araon as ucht na forbairtí dearfacha seo a bhrú chun cinn. Léirigh siad go soiléir a dtiomantas agus spéis trí ghníomhaíochtaí nithiúla.

Úsáidfidh mé an chuid eile de mo chuid ama chun mo thuairim a athdhearbhú go dtugann forbairt na dtáscairí folláine nó well-being indicators i Roinn an Taoisigh deis ar leith dúinn chun cúrsaí teanga agus cultúir a chur i gcroílár ár gcinnteoireachta agus ár gcreat beartais. Go ginearálta, tá ár gcur chuige ag leanúint an OECD Better Life Index a ndéanann measúnú folláine i sochaí thar 11 gné agus tacaím leis an gcur chuige sin. Admhaítear go maith, áfach, nach n-éiríonn go maith leis an gcreat OECD maidir le tábhacht na teanga agus an chultúir d’fholláine daoine a mheas. Is laige é leis an gcreat. Tá samplaí dearfacha againn ar conas is féidir é a dhéanamh. Chuir an Nua-Shéalainn an 12ú hinnéacs lena creat folláine ar an gcúis seo go beacht agus ar bhealach atá infheidhme go díreach i gcomhthéacs na hÉireann. Déanann táscairí folláine na Breataine Bige obair níos fearr arís chun na gnéithe teanga agus cultúrtha seo a insileadh trasna a creat iomlán agus ba cheart féachaint uirthi mar eiseamláir best in class le leanúint. Is é seo an t-am chun é a dhéanamh, chun ár dteanga a bhreithniú inár dtáscairí folláine agus chun a ról inár bhféiniúlacht chultúrtha uathúil a aithint agus luach a chur uirthi. Bealach ciallmhar agus praiticiúil a bheadh ann dúinn Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh i gceart.

Gabhaim comhghairdeas agus aitheantas chuig an gCeann Comhairle fá choinne a éachta agus iarrachta thar na blianta ina ról an Ghaeilge a bhogadh ar aghaidh agus fá choinne an spreagtha a rinne sé agus an jab atá déanta aige thar na blianta. Tá sé sin tábhachtach. Chomh maith leis sin, gabhaim aitheantas le Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, an Teachta Ó Snodaigh, fá choinne an freagracht, dualgas agus tionchar atá déanta aige mar sa Dáil, níl an beartas Gaeilge ná an polasaí Gaeilge mar chúrsaí polaitiúla.

Tá dualgas agus freagracht orainn ar fad ar son na Gaeilge chun í a choimeád agus a bhogadh ar aghaidh. Is é sin an fáth go mbeimid ag labhairt ar an teanga anocht. Is é an dualgas atá orainn fosta ná a bheith ag úsáid na teanga trí na pasáistí agus ag labhairt leis na huiséirí sa bhialann. Dá mbeimis ag úsáid na teanga ó lá go lá sa siopa inár gceantair féin agus ag labhairt leis na daoine trí Ghaeilge, bheadh sé sin ar an mbealach is mó.

Tá an t-infreastruchtúr ann sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus san obair atá déanta thar na blianta. Tá an plean teanga ann. Tá an dualgas ar Údarás na Gaeltachta agus ar an bhfochoiste Mhuintearas. Rinne daoine feachtais thar na blianta, amhail Conradh na Gaeilge. Tá an t-éacht déanta faoi sin agus is é an teachtaireacht is mó anois ná go bhfuil dualgas orainn an Ghaeilge a úsáid do na daoine atá ag éisteacht leis na díospóireachtaí atá á mbaint amach ón Teach seo ó lá go lá.

Maidir leis na daoine atá ag obair sa Roinn Oideachais, agus bhí mise ann ar feadh bliain go leith ag bogadh na Gaeilge chun tosaigh, is í an fhreagracht is mó atá orthu ná maidir leis na daoine óga agus na daltaí réamhscoile. Tá sé le feiceáil sna ceantair Ghaeltachta a bhfuil na naíonraí agus na daoine beaga ag úsáid na teanga ó lá go lá agus na daoine sna bunscoileanna tríd an tumoideachas agus mar sin de. Má bhíonn na daoine níos óige ag úsáid na teanga nuair atá siad níos óige, beimid in áit dhifriúil thar na blianta.

Labhróidh mé maidir le rud diúltach, is é sin an bhearna atá ann. Thar Covid, bhíodh na daoine uile ina dtithe féin. Ní bhíodh na comharsana ag labhairt le chéile. Ní bhíodh na daoine ag déanamh airneáin chuig na tithe. Cá raibh siad ag úsáid na teanga thar dhá bhliain? Beidh fadhb leis sin agus beidh aon tacaíocht nó aon chuidiú leis sin de dhíth.

Níor mhaith liom a bheith diúltach anocht mar go raibh an díospóireacht seo iontach dearfach. Bhí seoladh inniu leis An nGarda Síochána agus bhí plean ag bogadh amach faoin teanga. Bhí mé ag smaoineamh faoi Leitir Ceanainn atá ainmnithe mar bhaile seirbhíse.

Ní raibh Leitir Ceanainn istigh i bplean An Gharda Síochána inniu agus is botún é sin. B'fhéidir go mbeidh deis ann go luath aitheantas a thabhairt do Leitir Ceanainn mar bhaile seirbhíse tríd an stáisiún ann.

Tá rudaí dearfacha ag baint leis an teanga ach an dualgas is mó atá ann ná an teanga a úsáid. Aithním an cheannaireacht a léirigh an Ceann Comhairle sa chomhthéacs sin thar na blianta ina ról.

Gabhaim míle buíochas leis an Teachta.

Tá áthas orm an deis a fháil inniu labhairt sna ráitis ar Sheachtain na Gaeilge. Caithimid ár seacht ndícheall a dhéanamh, Domhnach is dálach, chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Táimid ag dul sa treo ceart ach tá i bhfad níos mó ag teastáil. Caithimid níos mó tacaíochta a thabhairt do na pop-up Gaeltachtaí, atá ag méadú agus ag fás leis na blianta agus leis na cianta agus is rud an-dearfach é sin. Tá Conradh na Gaeilge ag déanamh sárobair agus dualgas orainn go léir mar Theachtaí Dála níos mó cabhrach agus níos mó tacaíochta a thabhairt dóibh chun an obair atá á déanamh acu a chur chun cinn. Cuirim fáilte roimh an €7 milliún atá sa bhuiséad don earnáil Ghaeltacht agus don teanga Ghaelach. Is é an méid iomlán atá ann chun tacaíocht a thabhairt an bliain seo chugainn ná €85 milliún. Léiríonn sin go bhfuilimid ag déanamh dul chun cinn iontach. Tá €5.8 milliún ar fáil sa bhliain seo chun tacaíocht a thabhairt don phróiseas pleanála teanga chomh maith. Is dul chun cinn iontach é sin chomh maith. Ag leibhéal na hEorpa, tá sé dearfach go bhfuil stádas iomlán oifigiúil bainte amach ag an teanga Ghaelach san Aontas Eorpach anois. Is forbairt an-mhaith í sin, tar éis an fheachtais fada chun stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge. Ó thaobh leanúnachais sa chóras oideachais, caithfidh mé a rá go bhfuil bearnaí ann. Tá i bhfad níos mó Gaelcholáistí agus aonaid ag teastáil. Tá na Gaelscoileanna againn agus tá siad ag déanamh sárobair ach tá bearnaí ann. Níl sé de rogha ag na páistí leanúint sa chóras oideachais trí mheán na Gaeilge toisc nach bhfuil go leor Gaelcholáistí agus aonaid ann.

Tá áthas orm cúpla focal a rá faoi Sheachtain na Gaeilge. I want to salute a number of people. I am not fluent in Irish and ní raibh aon Bhéarla ag mo sheanmháthair. Rugadh m'athair in 1899 and bhí mo hometown, an Caisleán Nua, ina bhreac-Ghaeltacht go dtí 1957. Fuair na Gaeilgeoirí go léir bás agus tá siad imithe anois. Thosaigh muid coláiste samhraidh 20 bliain ó shin agus rinne sé go han-mhaith ar fad. Gabhaim buíochas leis an iar-Sheanadóir, Labhrás Ó Murchú, agus lena bhean chéile ó Chontae an Chláir, Úna, as an sárobair a rinne siad ar son na Gaeilge, an rince, an cheoil agus gach rud cultúrtha. Tá naíonra againn sa Chaisleán Nua a thosaigh mé féin agus Helen Mhic Craith and it is flourishing. It is an industry in our village and to see the young people coming from all over speaking in the medium of Irish is wonderful. Rinneadh sárobair leis na cailíní agus na daoine go léir anseo agus rinne an board of management sárobair freisin. Tá naíonra ag Kathleen Ní Loingsigh i gCathair Dhún Iascaigh freisin. Tá daoine óga ó gach cearn den domhan ina gcónaí i gCathair Dhún Iascaigh agus ag foghlaim Gaeilge. Bhí mé ag caint le Kathleen lá amháin and she told me it is easier for the people who do not speak English to learn Irish, which is interesting. It is there and it is within our grasp to nurture it again and to try to do what we can for it. That is important because to quote Pádraig Mac Piarais: "A country without a language is a country without a soul." It is only when we go abroad that we realise this. Tá dlúthchara agam, fear óg ón gCaisleán Nua, Seán Ó Ceallaigh, atá ag obair sa Bhruiséil mar translator sa Ghaeilge. Sin obair chrua ach obair shuimiúil. Tá orainn a lán oibre eile a dhéanamh chun é sin a chur chun cinn. It is our task to keep it alive. The naíonra would give you enthusiasm, as would the meánscoileanna. It is there and it is within our being. We need to nurture, value, enjoy and celebrate it. It will come back. For years I said we should ban it; not that I want to ban it but that banning it would make everyone speak it as we are funny people that way. Nonetheless it is important and I enjoyed this debate.

Tá áthas orm cur leis an díospóireacht ar Sheachtain na Gaeilge. Tá mé ag freastail ar ranganna Gaeilge le cúpla bliain anuas mar iarracht mo stórfocal a mhéadú le bheith in ann cur le díospóireachtaí sa Teach. De réir a chéile tá sé ag obair. Is breá liom an teanga ach bhí an iomarca eagla orm í a labhairt i gcónaí agus bhí eagla orm go ndéanfainn praiseach di go poiblí. Táim ag tnúth le go mbeidh mé in ann cur le níos mó díospóireachtaí as Gaeilge agus go mbeidh sé níos éasca dom céim ar chéim. Tá a fhios agam go bhfuil turas fada os mo chomhair ach tús maith leath na hoibre agus tá an chéad chéim á togáil agam anois. Tá súil againn go léir nach mbeidh gá le Seachtain na Gaeilge amach anseo ach go dtí sin leanfaimid ar aghaidh ag cur na Gaeilge chun cinn. Tá áthas orm a bheith rannpháirteach inniu agus tá súil agam cur leis amach anseo.

Déanaim comhghairdeas leis an Teachta.

Fáiltím roimh an deis cúpla focal a rá le linn na ráitis maidir leis an nGaeilge chun Seachtain na Gaeilge a chomóradh. Úsáidfidh mé an frása a d'úsáid mo chomhghleacaí, an Teachta Pringle - táim ag tnúth leis an lá nach mbeidh gá le Sheachtain na Gaeilge nó le coicís na Gaeilge. Tá mearbhall orm; níl a fhios agam an coicís nó seachtain atá ann ach táim ag tnúth leis an lá nach mbeidh aon ghá le Seachtain na Gaeilge agus go mbeidh an Ghaeilge fite fuaite i ngnó na Dála go nádúrtha. Tá tús curtha leis sin; tá coiste bhuan againn anois a bhí ann roimh an toghchán agus atá ann arís leis an Teachta Ó Snodaigh mar Chathaoirleach air. Tá coiste stiúrtha eile le bhunú agus gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle mar is coincheap uaidh a bhí ann é sin a dhéanamh. Beidh sé sin á sheoladh an tseachtain seo chugainn chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Dáil.

Tá rudaí maithe déanta. Tá an tAcht againn i ndeireadh na dála agus an dúshlán anois ná é a chur i bhfeidhm. Is rud dearfach é sin agus tá sé dearfach freisin go bhfuil an dá choiste ann. Is rud dearfach é go bhfuil i bhfad níos mó cabhrach againn anois leis an liosta téarmaí, rud atá thar a bheith cabhrach dúinn sa Dáil. Nílimid in ann coinneáil suas leis an éileamh ó thaobh oideachais lán-Ghaeilge de agus sin dúshlán mór dúinn.

Tá na téamaí ceannann céanna ag teacht suas arís agus arís ó thaobh na nGaeltachtaí de. Ceann de na téamaí sin ná cursaí tithíochta agus na fadhbanna atá ann. Tá an teanga fite fuaite le cúrsaí tithíochta agus ní mór dúinn an dá rud a réiteach le chéile. Chuala mé drochscéal inniu. Tá Scoil Náisiúnta Bhríde i Leitir Caladh le dúnadh an bhliain seo agus seo an tríú scoil atá le dúnadh sa cheantar - Ceantar na nOileán i gConamara - le blianta beaga anuas. Tá an fhadhb ag dul ar aghaidh le 20 bliain. Tá súil agam go mbeidh réiteach ar an scéal sin agus sa cheantar céanna tá an t-uafás tithe folamh. Tá réitigh ar na fadhbanna seo; sin an rud a chuireann frustrachas orm.

Roimh dom a chríochnú ní mór dom a rá go bhfuil na ráitis atá faoi chaibidil againn á ndéanamh againn faoi scamall dorcha an cogaidh atá ar siúl san Úcráin.

Ní mór dúinn muintir na hÚcráine a choinneáil inár n-aigne.

Tá sé suntasach in am an ghátair, nó am na paindéime mar atá feicthe againn leis an Covid, go dtéimid i dtuilleamaí na teanga chun suaimhneas agus míniú a fháil ar na rudaí uafásacha atá ag tarlú. Tá sé sin suntasach. Ní mór dúinn úsáid a bhaint as sin ó thaobh na Gaeilge de. Tá saibhreas sa Ghaeilge ó thaobh an nádúir de. Ní féidir an duine a dheighilt ón nádúr i dteanga na Gaeilge. Tá an dá phíosa fite fuaite le chéile.

Tá cuid den réiteach aici ar athrú aeráide. Maidir le coincheap na meithle, téimid i muinín na meithle i ndomhan na nGael freisin. Is réiteach é ar chuid de na fadhbanna atá againn. Tá na coincheapa go léir sa Ghaeilge. Tá réitigh sa Ghaeilge.

Tá buntáiste mór againn le dá theanga. Is buntáiste é a bheith dátheangach agus níos mó teanga a bheith agat, más féidir. Tugann sé súil agus cluas eile dúinn. Tá éacht déanta ag Raidió na Gaeltachta agus ag TG4, le cluas agus súil eile a thabhairt dúinn. Tá dúshlán ag RTÉ tuilleadh Gaeilge a úsáid agus an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí ar an stáisiún. Is féidir é a dhéanamh mar tá foireann ann atá dátheangach agus níl úsáid cheart á baint aisti.

Níor úsáid Páirtí an Lucht Oibre a chuid ama. Teastaíonn ón Teachta Creed nóiméad nó dó a úsáid as sin.

Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle as an seans cúpla focal a rá faoi Sheachtain na Gaeilge. Táimid ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge anseo tráthnóna. Tá ceist dheacair ann. Tá a lán daoine tar éis a bheith ag obair go dian ar chúrsaí ár dteanga, amhail an tAire, an tAire Stáit, an Roinn, an Rialtas, Údarás na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge. An bhfuil dul chun cinn déanta ar ár dteanga tar éis 100 bliain? I mo thuairim, níl mórán dul chun cinn déanta mar bhí níos mó daoine ag caint Gaeilge nuair a rugadh an Stát ná mar atá ag caint Gaeilge inniu. Cén fáth go bhfuil sé sin fíor? Is í sin an cheist dheacair.

B'fhéidir nach bhfuil an polasaí ceart againn. Tá a lán daoine ag obair go crua ar an ábhar seo ach b'fhéidir nach bhfuil an polasaí ag teacht anuas ón talamh. Is é an rud is tábhachtaí ná comhrá agus daoine a bheith ag caint le chéile. Cloisimid, day in day out, daoine ag tabhairt amach nach bhfuil siad ábalta freagra a fháil ón gcomhairle, ón Aire, ón Rialtas, ón údarás ná ó aon duine eile as Gaeilge. Tá sé sin tábhachtach. An é sin an rud is tábhachtaí áfach? Ní hé sin an rud is tábhachtaí.

Níl an grá ag na páistí dár dteanga. Is iad na daoine is tábhachtaí ná na múinteoirí agus na tuismitheoirí. Tá siad ag obair go dian gan dabht. An bhfuil an polasaí ceart ag an Roinn Oideachais chun ár dteanga féin a mhúineadh do na páistí áfach? Is é an rud is tábhachtaí ná an comhrá. Maidir leis an tuiseal ginideach, an aimsir chaite agus na rudaí mar sin, tá na paistí ag rith ónár dteanga féin dá bhrí sin.

Is é an rud is tábhachtaí dár dteanga ná go mbeidh níos mó daoine á labhairt sa siopa, ar an tsráid, lasmuigh den scoil agus iad ag fanacht leis na paistí a bhailiú agus mar sin de. Tiocfaidh gach aon rud eile nuair atá níos mó daoine ag caint le chéile inár dteanga. Tiocfaidh na freagraí ó na comhairlí, ón Roinn agus ón Rialtas nuair a bheidh níos mó daoine ag caint le chéile. Tar éis 100 bliain dár Stát, is é an freagra deacair é nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta ar ár dteanga. B'fhéidir go bhfuil sé in am to change the policy agus polasaí ón talamh anuas a dhéanamh chun go mbeidh níos mó daoine ag labhairt ár dteanga féin. Is í sin an tslí cheart chun dul chun cinn a dhéanamh.

Tréaslaím leis an gCeann Comhairle as an obair go léir atá á déanamh aige chun ár dteanga a bhrú ar aghaidh sa Dáil agus sa Choiste Gnó. Beidh mé féin ag déanamh gach rud is féidir liom chun cabhrú leis anseo chomh maith. Ón am seo anuraidh, tá céim mhór shuntasach bainte amach ó thaobh an Achta nua a bheith tugtha chun cinn. Cuirfidh sé sin le líon na nGaeilgeoirí sa státchóras. Bhí go leor cainte mar gheall air le fada an lá. Gan dabht, chaitheamar tréimhse mhaith ag caint mar gheall air an bhliain seo caite ach, ar deireadh, tá sé ann. Tá sé tagtha. Tá go leor dúshlán romhainn chun é sin a chur i bhfeidhm ach is cinnte go bhfuil céim shuntasach chun cinn bainte amach. Tugaim aitheantas dó sin.

Tá go leor dúshlán eile romhainn i measc An Gharda Síochána, RTÉ agus státeagrais eile. Díreoidh mé ar Uisce Éireann. Tá faillí á dhéanamh aige ansin. Ní thugann sé aird ar riachtanais teanga ná ar mhuintir na Gaeltachta. Bhí sampla an-olc i mBéal Átha an Ghaorthaidh, áit a bhfuil córas séarachais ag teastáil le fada an lá. Ní aithnítear an riachtanas phobal Gaeltachta agus mar sin, níl sé á bhrú ar aghaidh chomh tapa agus a d'fhéadfadh sé. Tá sé ar chomhchéim le a lán áiteanna eile. Tá sé ag cur isteach ar chúrsaí teanga sa dúiche nuair nach bhfuil muintir na háite ábalta tithe a thógáil, fiú sa sráidbhaile.

Tá ról an-tábhachtach ag an gcóras oideachais. Díreoidh mé ar an athbhreithniú maidir leis an ardteistiméireacht agus T1 agus T2. D'fhéadfadh sé seo a bheith ina rud an-dearfach chun cúrsaí Gaelainne a chur chun cinn. Tá sé fíorthábhachtach go dtabharfaidh san áireamh aon athbhreithniú ar an teastas sóisearach ar dtús áfach agus go mbeidh an t-eolas sin á úsáid chun na céimeanna ar aghaidh a thabhairt chun cinn.

Maidir le Gaelscolaíocht, tá an-chuid éilimh ar chúrsaí teanga. Feicim é i mo cheantar féin leis an dara Gaelscoil i mBaile an Chollaigh, Gaelscoil an Chaisleáin. Tá sí faoi bhrú. Tá sí ar an bhfód ó 2017 agus tá foirgneamh buan ag teastáil go práinneach. Bheadh sé tábhachtach é sin a bhrú ar aghaidh.

Beidh fáilte mhór roimh na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht sa samhradh romhainn agus roimh an bhfuinneamh, an spiorad agus gach rud a thagann leo. Fáiltím roimhe sin.

Tá sé go deas a bheith leis na Teachtaí inniu agus muid ag cur tús le Seachtain na Gaeilge. Tugann Seachtain na Gaeilge deis do gach duine a gcuid Gaeilge a úsáid, bíodh siad líofa nó fiú mura bhfuil acu ach an cúpla focal. Is féile é do gach uile dhuine ar an oileán. Gabhaim buíochas leis na Teachtaí uile a ghlac páirt sa díospóireacht inniu. Rinneadh go leor pointí maithe a thugann ábhar machnaimh dom. Aithním an t-ionchur a bhí ag an Teachta Ó Snodaigh sa díospóireacht sa Teach seo maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.

Maidir leis na coláistí samhraidh, ní foláir dom a mheabhrú go bhfuil beagnach €8 milliún curtha isteach san earnáil le linn na paindéime. Tá beagnach €85 milliún á gcur ar fáil ag mo Roinn don teanga i mbliana. Is méadú €7 milliún é ar 2021. Níl an Teachta Ó Cuív anseo anois ach, maidir leis an dualgas atá ag comhlachtaí poiblí i leith na reachtaíochta teanga, táimid ag earcú tuilleadh daoine sinsearacha le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Achta. Tá mé dóchasach go dtiocfaidh feabhas ar rudaí dá bharr.

Tá níos mó infheistíochta curtha isteach sa Ghaeilge, sna bailte agus sna cathracha a luaitear ach go háirithe sna pleananna teanga do na bailte seirbhíse Gaeltachta agus do na líonraí Gaeltachta.

Tagraím don mhéid a dúirt an Teachta Cathal Crowe. Bhain mé sult as an turas a bhí agam go hInis. Chonaic mé an tionchar a bhí ag grúpa daoine in Inis ar obair theanga le daltaí sa Ghaelscoil ansin.

Luaigh an Teachta Pádraig O'Sullivan obair an údaráis agus an fhorais. Cuireann na heagraíochtaí sin go leor airgid ar fáil do ghrúpaí pobail, do chomharchumainn Ghaeltachta, do Ghaelscoileanna agus do na coistí pleanála teanga. Déanann mo Roinn an rud céanna. Deanann na grúpaí seo obair den scoth leis na heagrais Stáit chun an t-airgead a fhaigheann siad a úsáid sa bhealach is fearr.

Aontaím le go leor den mhéid a dúirt an Teachta O'Dowd. Beidh áthas air a chloisteáil go bhfuilimid ag obair leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar mhaithe leis na fadhbanna pleanála Gaeltachta a réiteach.

Luaigh an Teachta Calleary an easpa daoine sinsearacha le Gaeilge sa státchóras. Tiocfaidh feabhas air sin de réir a chéile agus de réir mar a chuirfear an tAcht nua i bhfeidhm. Beidh níos mó daoine le Gaeilge á earcú ansin. Aontaím leis an Teachta gur cheart fáilte a chur amach chuig saoránaigh nua agus ba mhaith liom tuilleadh a dhéanamh chuige sin.

Luaigh an Teachta Ó Cathasaigh buiséad na Gaeilge sna Tithe seo agus ba mhór an pléisiúr domsa an 24 uair an chloig a chaith muid i mbun díospóireachta sa Teach seo trí Ghaeilge ag déileáil le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Aontaím leis an Teachta gur chóir níos mó daoine a bheith againn. Molaim an Teachta McHugh as an dea-shampla atá taispeáinte aige do dhaoine atá ag iarraidh na teanga a fhoghlaim. Gabhaim buíochas leis as na dea-bheannachtaí.

Tá an ceart ag an Teachta Connolly go dtugann teanga dúchais an duine solas don duine in am an ghátair. Táimid uilig sa Teach ag cuimhneamh ar mhuintir na hÚcráine ag an am deacair seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta Aindrias Moynihan as a ionchur sa díospóireacht agus molaim é as an díograis a léirigh sé agus é ag cur na teanga chun cinn sa Teach seo.

Aontaím leis an Teachta McDonald go bhfuil obair den scoth ar bun ag lucht na nGaelscoileanna agus ag na Gaelcholáistí. Tá go leor ar siúl ag mo Roinn sna scoileanna céanna agus sna bunscoileanna ar fud na tíre.

Aontaím leis an Teachta Mairéad Farrell go bhfuil níos mó cialla ag na logainmneacha Gaeilge. Tá an oiread saibhris teanga sna logainmneacha sin agus beidh deis againn dul i ngleic leis seo agus muid ag aontú caighdeáin teanga leis na húdaráis áitiúla sna míonna amach romhainn.

Níl an deis agam gach Ball a fhreagairt ach is bliain stairiúil í don teanga mar tháinig leis an maolú ar úsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh ar an 31 Nollaig 2021. Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid ag na glúine amach anseo. Tá sé an-tábhachtach do Rialtas na hÉireann go mbeidh an Ghaeilge á húsáid ag leibhéil Eorpach mar is cuid lárnach dár bhféiniúlacht í.

Chomh maith leis sin, shínigh Uachtarán na hÉireann Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ag deireadh na bliana seo caite. Is céim eile chun cinn don teanga atá sa reachtaíocht seo. Leis an obair a dhéanfar le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe curtha ar fáil do phobal na Gaeilge agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú dóibh siúd a bhfuil inniúlacht sa teanga acu. Níl an obair seo ach ina tús mar beidh iarracht ollmhór de dhíth trasna an státchórais uile ar mhaithe leis na spriocanna uaillmhianacha sin a bhaint amach. Táim lán-mhuiníneach gur féidir é a dhéanamh agus go bhfeicfimid feabhas suntasach ar na seirbhísí poiblí a chuirfear ar fáil i nGaeilge sna blianta amach romhainn.

Go ginearálta, feicim go bhfuil go leor rudaí dearfacha ag tarlú faoi láthair mar a bhaineann siad leis an teanga. Táimid ar tí dul chun cinn suntasach a dhéanamh, go háirithe leis an stádas nua atá ag an teanga san Aontas Eorpach agus leis na spriocanna uaillmhianacha atá le baint amach againn leis an Acht nua. Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle as gach rud a dhéanamh chun an teanga a fheabhsú sa Teach. Gabhaim buíochas le hAodhán Mac Cormaic agus leis an bhfoireann sa Roinn freisin. Bainigí sult as Seachtain na Gaeilge.

Ráitis bhríomhair agus suntasacha a bhí ansin. An rud iontach atá ann ná gur chualamar Baill ag úsáid na Gaeilge inniu agus i rith na seachtaine nár úsáid na Gaeilge anseo cheana féin. Tá súil agam go leanfaidh sé ar aghaidh mar sin.

Top
Share