Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 11 Jul 2024

Vol. 1057 No. 5

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Dara Céim

Tairgim: "Go léifear an Bille an Dara hUair anois."

Cuirim fáilte roimh mo chuid oifigigh atá tagtha anseo ó Chonamara inniu. Tá lúcháir mhór orm, mar an tAire Stáit na Gaeltachta, a bheith anseo inniu. Cuirim fáilte mhór roimh an deis seo labhairt sa Dáil agus an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 a chur os comhair an Tí. Táim cinnte go mbeidh plé stuama agus tairbheach againn faoin reachtaíocht seo. I dtús báire, is dóigh gur fiú léargas gairid a thabhairt ar ról agus ar thábhacht Údarás na Gaeltachta mar a bhaineann sé le leas na Gaeltachta agus na Gaeilge. Is fiú chomh maith céanna léargas a thabhairt ar fhorálacha Acht na Gaeltachta, 2012 agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, dhá Acht a bhfuil forálacha bainteach leo sa mBille seo. Bunaíodh Údarás na Gaeltachta ar dtús in 1980 faoin Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, in ionad a réamhtheachtaí Gaeltarra Éireann, a bunaíodh in 1957 faoin Acht um Thionscail na Gaeltachta an bhliain chéanna.

Níl aon amhras ach go bhfuil obair thábhachtach déanta ag an údarás le blianta anuas ar mhaithe le saol eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta phobal na Gaeltachta a chur chun cinn. Tá neart athruithe tagtha ar obair Údarás na Gaeltachta ó bunaíodh é in 1980. Mar shampla, folaíonn sainchúram an údaráis feidhmeanna teangeolaíocha anois, feidhmeanna a sannadh faoi Acht na Gaeltachta, 2012 agus a bhaineann leis an bpróiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 1,075 post a chruthú anuraidh agus go raibh 303 duine breise fostaithe sa Ghaeltacht i gcuideachtaí an údaráis ag deireadh na bliana 2023, níos mó ná an méid a bhí fostaithe an bhliain roimhe sin. Bhí 9,526 post i gcliantchuideachtaí an údaráis ag deireadh na bliana. De thoradh na hoibre ar son na Gaeltachta atá idir lámha ag foireann dhíograiseach an údaráis ar bhonn leanúnach, tá deiseanna fostaíochta agus fiontraíochta cothaithe agus cruthaithe ag an údarás i gceantair nach bhfaigheadh na deiseanna sin murach gur ann don eagraíocht. Maidir le tacaíocht mo Roinne don údarás, ní miste dom a lua go bhfuil allúntas €37.2 milliún san iomlán á chur ar fáil don eagraíocht do 2024.

Tugadh gealltanas sa chlár Rialtais athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas roghnaithe agus toghcháin maidir le bord Údarás na Gaeltachta. Chuimsigh an t-athbhreithniú seo tuarascáil a chuir comhairleoireacht ar fáil ar cheapacháin chuig an mbord mar aon le comhairliúchán poiblí. Mar thoradh air sin, beartaíodh méid, comhdhéanamh agus modh ceapacháin an bhoird a athrú trí leasú reachtaíochta agus go ndéanfaí foráil freisin do choistí réigiúnacha de chuid Údarás na Gaeltachta a bhunú mar atá ina gcás siúd a bhí i bhfeidhm roimh 2012. D'aontaigh an Rialtas dréachtchinn Bhille chun tús a chur leis an bpróiséas seo i mí na Nollag 2022. Tá áthas orm bheith anseo agus an Bille á léamh againn don dara huair.

Bhí 13 chomhalta ar an údarás nuair a bunaíodh é faoin Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979: an cathaoirleach agus cúigear comhaltaí eile arna gceapadh ag an Aire, agus seachtar comhaltaí eile arna dtoghadh. Rinneadh an modh ar ar ceapadh daoine chuig bord an údaráis a leasú in 1999, rud a d'fhág gur tháinig méadú ó 13 go 20 ar líon na gcomhaltaí. Faoin gcur chuige athbhreithnithe sin, toghadh 17 gcomhalta agus d'ainmnigh an tAire an triúr comhaltaí eile, lenar áiríodh cathaoirleach an bhoird. Is í an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, mar a thugtar anois uirthi, a d'eagraigh na toghcháin i gcomhar leis na húdaráis áitiúla. Is oth liom a rá gur cuireadh deireadh leis an gceanglas i ndáil le toghcháin in 2012 nuair a laghdaíodh líon na gcomhaltaí boird go dtí 12 de réir fhorálacha Acht na Gaeltachta, 2012. Faoin Acht sin, tá ar an mbord cúigear comhaltaí arna n-ainmniú ag údaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina ndlínse acu, mar aon le seachtar comhaltaí eile arna roghnú bunaithe ar chomórtas poiblí arna eagrú faoi choimirce na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. Is é nó is í an tAire a cheapann cathaoirleach an bhoird. Cheap mé féin agus an Aire, an Teachta Catherine Martin, cathaoirleach nua ar an mbord, Siobhán Ní Ghadhra, le déanaí. Bhí an folúntas sin ar an mbord le roinnt mí anuas ach tá sé sin líonta againn anois. Tá mé an-sásta leis an gceapachán atá déanta.

Nuair a ainmnítear comhaltaí don bhord i gcás Comhairle Chontae na Mí, Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus Comhairle Contae Chorcaí - áiteanna tábhachtacha ina bhfuil na ceantair is lú Gaeltachta i gceist - is tréimhse dhá bhliain a bhíonn ag na comhaltaí sin faoi seach. Is é an tAire Stáit ag an am a chinn, trí chrannchur in 2012 an t-ord ina gceaptar na gcomhaltaí thar ceann na n-údarás áitiúil sin. l gcás nach féidir le comhairle contae duine dá comhaltaí tofa a ainmniú ar chúiseanna neamh-infhaighteachta nó mí-oiriúnachta, féadfaidh an chomhairle contae sin duine seachas ionadaí tofa a ainmniú. Ní gá go mbeadh an té a cheapfaí ina chónaí sa Ghaeltacht.

Is é príomhchuspóir an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024, mar a chomhaontaigh an Rialtas é, an próiseas ainmniúcháin agus roghnúcháin reatha lena rialaítear ceapadh bhord Údarás na Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta, 2012 a athrú agus próiseas nua toghcháin agus roghnúcháin a chur ina ionad. Tá sé ríthábhachtach dom agus don Rialtas go gcuirfí próiseas toghcháin ar ais i bhfeidhm. Is dóigh liom go gcuireann na forálacha sa Bhille seo leis an ionadaíocht dhaonlathach ar bhord Údarás na Gaeltachta, rud atá an-tábhachtach. Creidim go bhfuil aghaidh tugtha go leordhóthanach sa Bhille ar cheisteanna atá ardaithe ag Teachtaí agus daoine eile maidir le scaipeadh tíreolaíoch, neamhláithreacht boird agus riachtanais teanga. Ar thosach feidhme na reachtaíochta nua seo, beidh deichniúr comhaltaí tofa, mar aon le seisear comhaltaí a cheapfaidh an tAire, ar bhord an údaráis. Cuirfear comhaltaí nua in ionad comhaltaí ar mian leo leas a bhaint as saoire óna ndualgais bhoird ar feadh ré na saoire sin.

Ní bheidh comhaltaí a bhainfidh leas as saoire i dteideal táillí boird ar feadh ré a saoire. Beidh comhalta a cheapfar chun corrfholúntas a líonadh i seilbh oifige go ceann a mbeidh fágtha de thréimhse oifige a réamhtheachtaí. Déantar foráil leis an mBille maidir le téarmaí boird a mhairfidh ar feadh uastréimhse sé bliana agus déantar foráil leis nach mbeidh cead ag aon chomhalta den údarás comhaltas a shealbhú ar feadh níos mó ná dhá théarma san iomlán. Ní thagann sé sin leis an reachtaíocht a bhí ann roimhe seo, inar luadh go raibh comhaltas teoranta do dhá théarma chomhleanúnach agus dóibh sin amháin.

Beidh ionadaíocht ag na ceantair Ghaeltachta uile ar an mbord agus ní bheidh uainíocht comhaltaí i bhfeidhm a thuilleadh i gcás ceantar Gaeltachta níos lú. D'fhonn a chinntiú go mbeidh nasc níos láidre ann idir pobail agus obair an bhoird, déantar foráil leis an mBille freisin maidir leis an údarás do bhunú trí choiste réigiúnacha a bheidh comhchosúil leis na coistí a bhíodh ann roimh 2012 ach a mbeidh sainchúram beagán éagsúil acu. Beidh ar na coistí réigiúnacha comhaltaí a ainmneoidh údaráis áitiúla mar aon le comhaltaí uile an údaráis ón réigiún. Ní foláir do choistí réigiúnacha a bheith in ann a léiriú go bhfuil an leibhéal inniúlachta i nGaeilge acu is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh.

Beidh comhaltaí boird agus ionadaithe áitiúla ó limistéir éagsúla ar na coistí sin. Beidh gach duine den triúr comhalta tofa den údarás do réigiún an tuaiscirt ar choiste an réigiún sin mar aon le comhalta amháin ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus comhalta amháin ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo, ar comhaltaí iad araon ar gá gur toghadh iad chun an údaráis áitiúil i dtoghlimistéar ina bhfuil ceantar Gaeltachta. Beidh gach duine den cheathrar comhalta tofa den údarás do réigiún an iarthair agus an oirthir ar choiste an réigiún sin, mar aon le comhalta amháin ó Chomhairle Contae na Gaillimhe agus comhalta amháin ó Chomhairle Contae na Mí, ar chomhaltaí iad go léir ar gá gur toghadh iad chun an údaráis áitiúil i dtoghlimistéar ina bhfuil ceantar Gaeltachta. Mar shampla, i gContae na Mí, b'éigean dóibh a bheith as toghlimistéar Cheanannas Mór, áit a bhfuil an dá cheantar Gaeltachta lonnaithe. B'fhéidir go bhfuil mé mícheart maidir leis sin. Is dóigh go bhfuil roinnt de thoghlimistéir Bhaile Átha Troim agus na hUaimhe i gceist freisin. B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais chuige sin.

Tá toghchán ag teacht. Níor mhaith leis an Aire Stáit cur as do na leaids áitiúla.

Táim ag smaoineamh ar na hiarrthóirí a bheidh ag iarraidh dul san iomaíocht. Leanfaidh mé ar aghaidh. Beidh gach duine den triúr comhalta tofa den údarás do réigiún an deiscirt ar choiste an réigiúin sin, mar aon le comhalta amháin ó Chomhairle Contae Chiarraí, comhalta amháin ó Chomhairle Contae Chorcaí agus comhalta amháin ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, arís ar comhaltaí iad go léir ar gá gur toghadh iad chun an údaráis áitiúil i dtoghlimistéar ina bhfuil ceantar Gaeltachta.

I gcás nach mbeidh aon duine tofa chun údaráis áitiúil i dtoghlimistéar ina bhfuil ceantar Gaeltachta, féadfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann duine a ainmniú nach comhalta den údarás áitiúil sin é nó í, ach ar duine é nó í a mheasfaidh an t-údarás áitiúil a bheith oiriúnach chun ionadaíocht a dhéanamh di ar an gcoiste réigiúnach. Beidh cónaí ar an duine sin i gceantar Gaeltachta atá laistigh de dhlínse an údaráis áitiúil lena mbaineann.

Tá i gceist go mbuailfidh gach coiste réigiúnach le grúpaí pleanála teanga ina réigiúin Ghaeltachta dhá uair sa bhliain ar a laghad agus go dtabharfaidh coistí réigiúnacha tuarascáil don údarás tar éis gach cruinnithe d'fhonn cuidiú leis an údarás lena chuid oibre. Tá súil agam go gcinnteoidh an cur chuige nua maidir le ceapadh an bhoird mar aon leis na bearta nua a bhaineann leis na coistí réigiúnacha ionadaíocht dhaonlathach iomlán agus rannpháirtíocht iomlán na bpobal Gaeltachta i gcúrsaí a bhaineann leis an údarás. Is í an aidhm thosaigh sa chlár Rialtas agus an chúis is mó atá mé ag tabhairt faoin leasú reachtaíochta seo ná an sprioc sin a bhaint amach.

Chomh maith leis na hathruithe seo, déanfar alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, a leasú chun cead a thabhairt don údarás talamh a dhiúscairt chun críche tithíochta. Thug dréachtú na reachtaíochta seo mar a bhaineann sé le leasú ar phróiseas ceapacháin an bhoird deis uathúil dom cuid den phríomh-Acht a leasú ina leith seo. Cé nach príomhaidhm na reachtaíochta é seo, is leasú tábhachtach é mar sin féin. Tuigim cé chomh práinneach is atá ceist na tithíochta ar fud na tíre. Cloisim ó dhaoine nuair a thugaim cuairt ar cheantair Ghaeltachta cé chomh deacair is atá sé orthu tithe a fháil le ceannach nó ar cíos. Ag cur san áireamh go dteastaíonn daoine uainn chun pobail na Gaeltachta mar aon leis an teanga a choinneáil beo, forálann an Bille seo freisin do bheart tithíochta a bhfuil súil agam a thacóidh sé le forbairt tithíochta i gceantair Ghaeltachta. Más féidir liom níos mó a bhaint amach ina leith seo de réir mar a leanann an próiseas reachtach ar aghaidh sa Dáil agus sa Seanad, déanfaidh mé mo dhícheall éisteacht leis na Baill agus é sin a dhéanamh. Tá sé seo tábhachtach. Ag an am céanna, táim ag iarraidh an Bille seo a chur tríd an Dáil agus tríd an Seanad chomh luath agus is féidir. Níl mé ag iarraidh moill a chur air.

Chun críoch na dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta, beidh sé riachtanach roinnt leasuithe teicniúla a dhéanamh ar an Acht Toghcháin, 1992, ar an Acht Toghcháin, 1997, agus ar an Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997. Tá plé ag dul ar aghaidh chomh maith leis an Roinn Dlí agus Cirt i gcomhar leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí chun leasú a dhéanamh ar an Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Táim dóchasach go mbeidh an leasú sin aontaithe faoi Chéim an Choiste.

Mar a bhaineann le hAcht na Gaeltachta, 2012, bhí dhá chuspóir go príomha a bhí ann lena achtú deich mbliana ó shin. Ar cheann de na cuspóirí sin bhí bunús reachtúil a thabhairt do phróiseas pleanála teanga, cuspóir a bhfuil tagairt déanta agam dó, ar mhaithe le tacú tuilleadh leis an nGaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht. Mar atá luaite agam cheana, ba é an dara cuspóir leasú a dhéanamh ar an gcaoi a roghnaítear comhaltaí bhord an údaráis chomh maith le leasú a dhéanamh ar chomhdhéanamh an bhoird ó thaobh an líon comhaltaí a bheadh air.

Maidir leis an bpleanáil teanga, tá sé mar aidhm ag an bhforáil ilghnéitheach atá sa Bhille leasú a dhéanamh ar Acht na Gaeltachta, 2012, chun ligean do bhailte atá gar do limistéir phleanála teanga Ghaeltachta a bheith ainmnithe mar bhailte seirbhíse Gaeltachta. Is éard atá i gceist leis na bailte seirbhíse Gaeltachta ná bailte atá suite i limistéir phleanála teanga Ghaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na pobail sna limistéir sin. Faoin Acht, caithfidh daonra de 1,000 duine ar a laghad a bheith i mbaile de réir an daonáirimh is déanaí chun gur féidir é a áireamh mar bhaile seirbhíse Gaeltachta.

Faoin Acht, tá Údarás na Gaeltachta freagrach as tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna bailte seirbhíse Gaeltachta atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Is é Foras na Gaeilge atá freagrach dóibh siúd atá lasmuigh den Ghaeltacht. Den 16 baile seirbhíse Gaeltachta, tá naoi gcinn ceadaithe go dtí seo. Is iad sin Leitir Ceanainn, an Clochán Liath, Caisleán an Bharraigh, cathair na Gaillimhe, Daingean Uí Chúis, Trá Lí, Cathair Saidhbhín, Dún Garbhán agus an Clochán.

Tá foráil sa Bhille seo chun alt 9 d'Acht na Gaeltachta, 2012, a leasú a fhorálann go bhféadfaidh an tAire, le hordú, baile sonraithe a ainmniú mar bhaile seirbhíse Gaeltachta ina bhfuil an baile lena mbaineann suite i limistéar pleanála teanga Gaeltachta nó in aice leis. Tar éis próisis chomhairliúcháin phoiblí, ba léir go raibh deacracht le foclaíocht an ailt seo sa mhéid is nach raibh gach baile a ainmníodh cóngarach den Ghaeltacht ná laistigh den Ghaeltacht. Chun an deacracht seo a shárú, tá sé beartaithe Acht na Gaeltachta, 2012, a leasú ionas go bhféadfaí bailte laistigh de 30 km ó limistéar pleanála teanga Gaeltachta a chuimsiú.

Tá foráil sa Bhille freisin maidir le leasú teicniúil a dhéanamh ar Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021. Le halt 13 den Bhille seo, leasófaí Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, trí alt breise a chur isteach faoi alt 19A. Baineann alt 19A leis an gcóras nua caighdeáin teanga a thabhairt isteach in áit chóras reatha na scéimeanna teanga. Faoi Alt 20(3) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tá feidhm le tabhairt do gach alt den Acht sin roimh dheireadh 2024, alt 17 san áireamh.

Faoi alt 20(3) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tá feidhm le tabhairt do gach alt den Acht sin roimh dheireadh 2024, alt 17 san áireamh. Le feidhmiú alt 17, beidh na hailt a bhaineann leis na scéimeanna teanga sa phríomh-Acht, ailt 11, 12, 13, 14, 15, 16, 17 agus 18, le haisghairm. Mar atá faoi láthair, áfach, feictear go bhféadfadh an méid seo iarmhairt neamhbheartaithe a bheith aige, sin é go rachadh scéimeanna teanga comhlachta phoiblí as feidhm sula mbeadh caighdeáin teanga forordaithe dóibh, rud a d'fhágfadh go bhféadfadh bearna mhí-bhunreachtúil a bheith ann sa leibhéal seirbhíse reatha trí Ghaeilge, ar gá a chur ar fáil. Chun é seo a sheachaint, tá mé ag moladh go gcuirfí alt breise isteach san Acht a chinnteoidh go leanfaidh scéim teanga de bheith i bhfeidhm i gcás í a bheith forordaithe, go dtí go bhforordófar caighdeán teanga. Cinnteoidh sé seo go leanfaidh comhlacht poiblí, a bhfuil scéim teanga reatha aige, ag cur seirbhísí poiblí Gaeilge ar fáil ar an leibhéal reatha ar a laghad. Tá an t-alt nua seo, 19AA, le teacht i bhfeidhm go huathoibríoch, ar thosach feidhme alt 17 d'Acht 2021.

Tá tabhairt isteach na gcaighdeán teanga le déanamh ar bhonn céimneach agus é i gceist go bhféadfar caighdeáin éagsúla a leagan síos do chomhlachtaí poiblí agus-nó d'aicmí comhlachtaí poiblí éagsúla. Faoin Acht, tá próisis chomhairliúcháin ar leith le tabhairt faoi ina leith seo, lena n-áirítear comhairle a fháil ón gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bhfuil sé d'fheidhm aige seirbhísí a aithint chun críche na gcaighdeán teanga tríd an bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge. Is fiú dom a lua go bhfuil sé beartaithe an chéad phróiseas comhairliúcháin don chéad aicme de chomhlachtaí poiblí a reáchtáil san fhómhar agus an plean náisiúnta faofa ag an Rialtas agus foilsithe ar shuíomh gréasáin mo Roinnse a phlé. Cuireadh an plean náisiúnta sin faoi mo bhráid ag an gcoiste comhairleach ar an 19 Meitheamh 2024, i gcomhréir leis an spriocdháta a leagadh síos san Acht.

Ag an bpointe seo, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Teach seo as an tacaíocht leanúnach a thug sé d'oifigigh mo Roinne le linn an phróisis seo. Tá fhios orm go raibh deifir ar an mBille agus nár fhoilsíodh é go an tseachtain seo, ach bhí mé ag iarraidh an Bille a chur faoi bhráid na Dála roimh an sos agus sin an fáth gur chuireadh faoi bhur mbráid ar an Luan é. Táimid buíoch do na Teachtaí a bhain úsáid as an t-eolas sin. Tá an t-ádh orainn go bhfuil dea-thoil i leith na Gaeilge le feiceáil sa phobal i gcoitinne. Is cuid riachtanach d'oidhreacht bheo an Stáit í an Ghaeilge agus is acmhainn nádúrtha thábhachtach sa Ghaeltacht í. Teastaíonn reachtaíocht uainn a chabhraíonn linn an Ghaeilge a chur chun cinn sna ceantair Gaeltachta, ach chomh maith leis sin le guth an phobail a thabhairt do bhord Údarás na Gaeltachta agus clár Rialtais a chur i bhfeidhm maidir leis an rud seo.

Luaigh an tAire Stáit an dea-thoil atá ann i leith na Gaeilge agus tá an ceart aige. Maidir leis an reachtaíocht seo, táimid ar fad ar bís go mbeidh sé foilsithe agus go mbeimid ag bogadh ar aghaidh, tar éis dúinn déileáil leis an dréacht an bhliain seo caite. Rinne and choiste cinntí agus do chuireamar moltaí chun tosaigh maidir leis an reachtaíocht a bhí le teacht. Tiocfaidh mé ar ais chuige sin ach ní leor dea thoil, tá gá le gníomh agus tá gá le maoiniú. Tá gá le treoir nó stiúradh agus is minic a bhíonn sé sin in easnamh. Sa chéad dul síos, cén fáth go bhfuil Údarás na Gaeltachta ann? Ní raibh an stiúradh sin ar fáil. Bhí muintir na Gaeltachta dearmadta ag an Stáit i mórán bealaí. Nuair a bhunaíodh Údarás na Gaeltachta b’admháil a bhí ann ón Stát go raibh tar éis teipeadh orthu tionsclaíocht nó postanna a mhealladh chuig ceantracha iargúlta an iarthar agus na ceantair Gaeltachta Baile Ghib, Ráth Chairn agus An Rinn ach go háirithe.

Bhí siad ag admháil ag an am go raibh teip ar na comhairlí áitiúla nó na comhlachtaí Stáit déileáil leis na ceantair. Ón am sin ar aghaidh tá fás tar éis teacht, mar a luaigh an Aire, ar fheidhmeanna an údaráis. Ní díreach ag cothú fostaíochta sna ceantair Gaeltachta atá siad, ach ag díriú isteach ar phleanáil teanga. Is athrú mór atá ansin a thugann loighic go leanfaidh an t-údarás ar an bhfód. Ní raibh aon loighic ann nuair a scriosadh na toghcháin in 2012. Bhí an toghchán deireanach ag bord Údarás na Gaeltachta in 2005. In 2012 d'éirigh le Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre fáil réidh leis na toghcháin in ainneoin go raibh muinín ag an bpobal as an mbord. Bhí muinín acu astu siúd a bhí tofa acu, astu siúd a bhí ar an mbord ag ardu ceisteanna áitiúla. Measaim gur céim ar chúl a bhí ansin. Chuaigh mé ina choinne ag an am ach níor tugadh éisteacht dom ná do phobal na Gaeltachta. Táim tar éis iarracht a dhéanamh ó shin cinnte a dhéanamh de go mbeidh na toghcháin ar ais arís agus tá an cuma ar chúrsaí go mbeidh siad. Tiocfaidh mé ar ais chuige seo mar nílimid ag dul fada go leor sa Bhille seo, i mo thuairim féin. Tá sé go maith go bhfuil sé ar an gclár polaitiúil agus go bhfuilimid, don chuid is mó, sásta tacú leis na toghcháin sin teacht ar ais le go mbeidh an guth sin ann arís agus nach mbeidh an t-údarás ag brath go hiomlán ar ainmniúchán ón Aire agus na comhairlí contae. Tá sé go maith go bhfuil toghchán ag teacht agus beimid ag déileáil leis na sonraí ag staid an choiste nuair a dhéanfaidh mé iarracht moladh a thabhairt don Aire a phort a athrú le go mbeidh bord níos mó ann, seachas an bord beag atá ann faoi láthair, bord a bheadh iomlán tofa agus dá réir sin go mbeadh níos mó tairbhe ann, ach go háirithe má táimid ag bogadh i dtreo níos mó cumhachtaí agus níos mó feidhmeanna a thabhairt dó mar atá sa reachtaíocht seo.

Tá sé leagtha síos sa chéad áit go mbeidh ról éigin ag an údarás i gceist na tithíochta. Is rud maith é sin agus arís, tiocfaidh mé ar ais chuige sin. Sa chéad dul síos, mar gheall ar an tslí a caitheadh le ceantair Gaeltachta agus le Gaeilgeoirí i gcoitinne sa Stát, ach go háirithe ó na 1950idí ar aghaidh, bhí ar ghluaiseacht cearta shibhialta na Gaeltachta a bheith bunaithe. Bhí orthu bheith de shíor ag ágóidíocht, ag lorg cearta a bhí ar fáil sa chuid eile den tír. Bhí dainséar ann nach mbeadh éinne faoi bhun 70 nó 80 ag cónaí i gceantair Gaeltachta toisc go raibh an mbánú ag tarlúint chomh fairsing sin. Bhí an dream óg ar fad ag dul ar imirce toisc nach raibh aon phostanna ann agus nach raibh todhchaí ann. Tá an sórt rud céanna ag tarlúint anois. Tá go leor clainne agus daoine óga ag féachaint ar an todhchaí agus tá siad den tuairim go bhfuil sé níos deacra orthu fanacht i gceantair Gaeltachta toisc nach bhfuil tithíocht ar fáil dóibh. Ní hamháin nach féidir leo a chinn féin a thógáil nó a cheannach, ach níl siad ar fáil ar cíos ar bhonn bliantúil.

Tá géarchéim ann. Tá a fhios agam go bhfuil géarchéim tithíochta timpeall na tíre uilig, ach is géarchéim é seo atá ag cothú dainséar don bhunchloch teangeolaíochta atá i gceantair Gaeltachta. Seoid atá anseo agus tá dainséar ann go ndéanfar dochar dó agus go n-imeoidh sé as riocht ina iomlán, mura seasann muid isteach. Is féidir linn cás eisceachtúil a dhéanamh de seo agus tithíocht agus cumhachtaí breise a thabhairt do na hinstitiúid seo, le déanamh cinnte go bhfuil siad in ann cuidiú leis an bhfeidhm atá acu maidir le teangeolaíocht.

Is gá dóibh na clainne agus na lánúin óga a choimeád sna ceantair agus iad a bheith lonnaithe sna ceantair. Tá mise den tuairim gur chóir go mbeadh níos mó cumhachtaí ag an údarás, ní hamháin ó thaobh pleanáil tionsclaíochta ach freisin ó thaobh pleanáil tithíochta. Ba cheart go mbeadh ciste ar leith ag an údarás chun díriú isteach ar fadhbanna infreastruchtúir maidir le hoibrithe séarachais, uisce nó bóithre. Ba cheart go mbeadh an udarás in ann cuidiú leo siúd atá ag lorg cead pleanála. Ba chóir go mbeadh ciste ar fáil don údarás ionas go bhfuil sé in ann tithe a cheannach; sé sin, más rud é go bhfuil tithe ar díol. Sa chuid is mó, is tithe samhraidh iad na tithe atá ar díol i gceantair Gaeltachta agus ceannaíonn daoine nach bhfuil cónaí orthu sa cheantar iad tar éis dóibh dul in iomaíocht le teaghlaigh ón cheantar sin.

Tá sé sin ag tiomáint suas an phraghas atá ar na tithe sna ceantair sin. Níl aon eagras Stáit ag seasamh isteach chun na ceantair sin a chosaint. Ba cheart dúinn cuidiú leo tríd na tithe seo a cheannach agus ansin iad a chur ar léas nó ar cíos, nó iad a dhíol leis an ngnáthphobal. Nuair is féidir leis an ngnáthphobal lonnú sna ceantair Gaeltachta agus páistí a thógáil iontu, cuidíonn sé leis an eacnamaíocht áitiúil agus leis an teangeolaíocht. Chomh maith leis sin, cuidíonn sé le déanamh cinnte de go bhfuil fostaithe ann amach anseo sna cheantair áitiúla. Nuair atá an t-údarás ag mealladh chomhlachtaí isteach nó ag tabhairt spáis do comhlachtaí áitiúla - mar a dhéantar sa Gteic, áit a bhfuil rudaí maithe ag tarlú - tugann sé deiseanna do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus atá sásta a bheith fostaithe sa cheantar.

Ba chóir go mbeadh muid ag féachaint an féidir linn AHB, nó bord ceadaithe tithíochta, a dhéanamh den údarás ionas go mbeadh sé in ann smacht a choimeád ar tithe a bheadh ar cíos nó ar léas aige. Ní hamháin go mbeadh an t-údarás in ann talamh a dhíol, mar atá leagtha amach sa reachtaíocht seo, ach ba cheart go mbeadh sé a in ann talamh a cheannach freisin. Níor ghá go mbeadh a lán den talamh atá ag an údarás in oiriúint d’eastáit thithíochta nó do thithe aonair. Go minic, is suíomhanna iad a cheannaigh nó a fuair an t-údarás ar bhonn tionsclaíochta. Tá ról ann dó ina mbeadh sé in ann seasamh isteach nuair is gá chun talamh a cheannach. Níl sé seo á dhéanamh ag na húdaráis áitiúla faoi láthair. Níl siad ag glacadh na céime tosaigh sin ar chóir dóibh a bheith ag déanamh ar aon chaoi. Caithfidh muid déileáil leis sin amach anseo ionas go mbeidh ról ag na comhairlí contae. I gceantair Gaeltachta, ba chóir go mbeadh an ról sin níos mó lonnaithe san údarás ná sna comhairlí contae. Tá na comhairlí contae tar éis loic ar an bpobal Gaeltachta den chuid is mó.

Mar Chathaoirleach ar Chomhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, dhírigh mé isteach ar an mBille seo nuair a bhí sé ina dréacht ar an gcéad dul síos. Rinne na comhaltaí ar fad ar an gcoiste sin roinnt moltaí a chur faoi bhráid an Aire Stáit, ach níl a lán de na moltaí comhlíonta sa reachtaíocht seo. Is féidir le haon Aire é sin a dhéanamh; is féidir leis nó léi neamhaird a dhéanamh ar na moltaí. Is é an fáth go ndearna muid na moltaí sin ná go rabhamar ag iarraidh a chinntiú go mbeadh an Bille is láidre ab' fhéidir ag teacht amach as an gcóras seo. Aithním go bhfuil an tAire Stáit tar éis a rá go bhfuil sé sásta éisteacht a thabhairt dúinn ar Chéim an Choiste. Is féidir linn a chinntiú ar Chéim an Choiste go mbeidh an t-údarás chomh láidir agus is féidir maidir le feidhmeanna nua agus go mbeidh na toghcháin ann chomh luath agus is féidir. Más féidir in aon chor na toghcháin a beith ceangailte le toghchán eile, beidh an daonlathas ar bharr a réime arís maidir leis an údarás agus na cinntí a bheidh ar an údarás glacadh amach anseo.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit, an Teachta Byrne. Caithfidh mé a rá go gcuirim fáilte roimh an Bille seo. Tá mé cinnte go bhfuil sé féin sásta gur féidir leis, mar Aire Stáit na Ghaeltachta, é seo a chur faoi bhráid na Dála. Tá sé seo fíorthábhachtach. Is dócha go bhfuil go leor againn, nó chuile dhuine atá anseo ar aon chuma, ar aon intinn mar gheall ar na toghcháin a bheith ag teacht ar ais. Ar ndóigh, mar atá a fhios ag chuile dhuine, bhain Rialtas de chuid Pháirtí an Lucht Oibre agus Fhine Gael na toghcháin seo in 2012. Ba bhuille é seo don dhaonlathas sa Ghaeltacht. Mar sin, cuirim fáilte roimh an reachtaíocht seo agus tá sé iontach go bhfuil na toghcháin ag teacht ar ais. D'fhógair an tAire, an Teachta Chambers, agus é mar Aire Stáit na Gaeltachta i mí na Nollag 2022, go mbeidís ag teacht ar ais. Tharla athrú Aireachta ag an bpointe sin agus as sin amach, níor chuala muid mórán tráchta air. Mar sin, tá mé sásta go bhfuil sé seo ag tarlú anois agus tá súil agam go mbeidh na toghcháin ann go luath. B’fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann insint dúinn an dáta ar a mbeidh na toghcháin sin agus b’fhéidir go bhfeicfidh muid ansin an dáta ar a mbeidh toghchán eile ag an am céanna. Má tá siad ar siúl i gceann míosa nó dhó, beidh a fhios againn-----

Chuaigh an cheist sin thar mo cheann.

-----an dáta do na toghcháin.

Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil sé seo ag tarlú mar ba bhuille é i dtéarmaí daonlathais na Gaeltachta. Cuirim fáilte roimhe sin. Ar ndóigh, tá cúpla rud gur mhaith liom a lua. Cé nach suím ar an gcomhchoiste Gaeilge, tuigim go raibh tuairimí ag an gcoiste mar gheall orthu. Is mór an trua nár éisteadh le cuid den mhéid a bhí ráite ag an gcoiste maidir leis an mBille seo. D’fhoilsigh mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, roinnt moltaí freisin, go háirithe maidir le líon na ndaoine a thoghtar sna ceantair éagsúla. Ón méid atá feicthe agam sa Bhille anois, beidh Gaillimh fágtha le leath na suíochán a bhí aige nuair a bhí an toghchán deireanach ann in 2005. Cé go bhfuil os cionn 50% de dhaonra na Gaeltachta i nGaillimh, ní bheidh ach 19% den ionadaíocht aige.

Chomh maith leis sin, ní bheidh ionadaíocht dhíreach do na hoileáin ach an oiread. Sa phíosa seo a d’fhoilsigh mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, deir sé go gcaithfimid breathnú ar an bhfadhb do na hoileáin agus go raibh sé seo mar dheacracht sna toghcháin deireanacha don údarás. Tá an bealach inar féidir breathnú air sin, chun cinntiú go bhfuil ionadaíocht de chineál éigin ag na hoileáin, leagtha amach go cruinn aige. Is é ceann de na rudaí a deir sé ná nach mbeadh sé praiticiúil na hoileáin go léir a tharraingt faoi scáth toghcheantar oileánda amháin a bheadh scaipthe ó Oileán Thoraí i dTír Chonaill chomh fada le hOileán Chléire i gContae Chorcaí. Is fiú a rá freisin go mbeadh móramh buan ag Oileáin Árann, rud a neamhneodh aon bhuntáiste do na hoileáin eile páirt a ghlacadh sna toghcháin mar seo. Ós rud é go bhfuil nasc daingean ag na hoileán leis na ceantair intíre sna chontaetha ina bhfuil siad lonnaithe, ba chóir go mbeadh na gcomhaltaí ina contaetha mar ionadaithe acu freisin. Mar sin, molann Sinn Féin go mbeadh dhá vóta ag muintir na n-oileán: vóta amháin sa toghcheantar ina bhfuil an t-oileán lonnaithe chun comhalta boird a thoghadh agus vóta eile chun ionadaí don oileán sin a thoghadh ionas go mbeidh cothrom na Féinne ann agus guth a chinntiú do gach oileán. Is é sin a bhí molta ag Sinn Féin ag an am.

Tá daoine beagáinín faiteach faoi líon na mban a bheidh ar an mbord. Caithfidh muid cinntiú go mbeidh daoine ó cheantair éagsúla chomh maith le hinscní difriúla ar an mbord. Ciallaíonn sé sin go mbeidh mná ann freisin.

Chomh maith leis sin, caithfidh muid a chinntiú go bhfuil ról láidir ag an údarás maidir le cúrsaí tithíochta. Is dócha go mbeidh sé seo á phlé ag an gcoiste freisin. Tá Conradh na Gaeilge sách láidir faoi seo. Cé go bhfuil sé go maith go bhfuil na toghcháin seo ag teacht ar ais – tá súil agam go mbeidh siad ar siúl láithreach – má tá muid ag iarraidh go mbeidh an Ghaeltacht láidir agus go mbeidh daoine in ann fanacht sa Ghaeltacht, caithfidh poist, infreastruchtúr agus tithíocht a bheith inti.

Cuirim fáilte roimh an Bhille. Bunaíodh Údarás na Gaeltachta de thoradh gluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta sna 1960idí agus 1970idí nuair a throid pobail Ghaeltachta chun guth a bheith acu ina bhforbairt féin trí thoghcháin díreacha. Ó tharla na toghcháin deireanacha in 2005, chuir Fianna Fáil na toghcháin ar athló agus fuair Fine Gael agus an Lucht Oibre réidh leo go hiomlán, ag cur ceapacháin an Aire agus na gcomhairle contae ina n-áit.

A bhuí le gníomhaíocht an phobail, agus freasúra éifeachtach Shinn Féin ag cur Billí chun cinn sa Dáil agus sa tSeanaid chun toghcháin daonlathach a thabhairt ar ais, tá an Rialtas tar éis géilleadh. Is céim chun cúl atá sa mhúnla molta i gcomparáid leis na toghcháin mar a bhí, áfach.

Tá sé i gceist acu líon suíochán Mhaigh Eo a laghdú ón mbeirt ionadaithe tofa a bhí ag an gcontae in 2005 go duine amháin i dtoghcháin na bliana seo chugainn, fad is a dtiocfaidh dúbailt ar cheapacháin an Aire ó thriúr in 2005 go seisear anois, ag tabhairt cuid Mhic Craith den fhia dóibh ar thionól a bhí ceaptha a bheith daonlathach ag déanamh ionadaíocht thar cheann an phobail.

Is í an cheist atá agamsa ná seo: an ndéanfaidh an bord nua ionadaíocht thar cheann na bpobal Gaeltachta nó thar cheann an Aire? In ainneoin go bhfuil 10% de dhaonra iomlán na Gaeltachta ag Maigh Eo, ní bheidh ach 6% de na suíocháin aige chun spás a chruthú do cheapacháin an Aire. Tá an éagóir soiléir do chách go háirithe i gcás Ghaeltacht iarthar Mhaigh Eo, timpeall Oileán Acla, áit atá scartha go hiomlán ón gcuid eile de Ghaeltacht Mhaigh Eo go tíreolaíoch. Tá daonra i bhfad níos mó - 7,199 - ag tuaisceart Mhaigh Eo, a chuimsíonn Iorras agus Ceathrú Thaidhg, agus beidh an lámh in uachtar acu i dtoghcháin don aon suíochán amháin atá ag Maigh Eo. D’fheadfadh go mbeidh iarthar Mhaigh Eo fágtha gan ionadaíocht ar bith cé go bhfuil daonra 2,141 aige, daonra atá níos mó ná pobail Gaeltachta na nDéise le 1,816 duine, nó na Mí le 1,857 duine.

Seachas líon suíochán a tharraingt amach as an aer, mar atá déanta ag an Rialtas is cosúil, tá urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Aengus Ó Snodaigh, tar éis plean malartach a fhorbairt i gcomhar lenár n-ionadaithe áitiúla fud fad na gceantar Gaeltachta, plean a dháilfeadh suíocháin ar thoghcheantair de réir daonra agus a chinnteodh ionadaí ar leith do gach ceantar Gaeltachta atá scartha amach go tíreolaíoch ann féin, fad is a choimeádtar ceantair béal dorais ar nós Chorr na Móna agus Thuar Mhic Éadaigh le chéile sa toghcheantar céanna. Bheadh suíochán top-up i gceist freisin do gach contae seachas Gaillimh chun dul i ngleic leis an daonra. Bheadh trí suíocháin ar an iomlán ag Maigh Eo mar sin, ceann amháin sa bhreis ar a bhí aige in 2005, agus dhá suíochán sa bhreis ar dhrochmhúnla Fhianna Fáil-Fhine Gael-na nGlasach. Dhéanfaí dáileadh orthu le dhá suíocháin do thuaisceart Mhaigh Eo, agus aon suíochán ar leith d'iarthar Mhaigh Eo, ag cinntiú go mbeadh guth ag an dá réigiúin, agus vótálfadh deisceart Mhaigh Eo mar chuid de thoghcheantar sé-suíocháin Chonamara.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Ar dtús, ba mhaith liom mo bhuíochas a thabhairt do na hoifigigh ón Roinn agus go mór mór don Teachta Aonghus Ó Snodaigh agus do na daoine eile atá ar an gcomhchoiste, daoine cosúil leis na Teachtaí Connolly, Ó Cuív, agus Ó Murchú.

Tá a lán oibre á déanamh ag daoine i gCiarraí ar son na teanga. Is iad sin daoine cosúil le Páidí Ó Sé agus a fhoireann ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne; Treasa Ní Mhainnín in Oidhreacht Chorca Dhuibhne; Orlaith Ruiséal i Tús Maith; na clubanna spóirt, caide, peile agus rugbaí; na hoifigigh pleanála teanga Rút Ní Mhurchú sa Daingean, Barra Ó Siochrú atá ann tar éis John Prendergast agus Victor Bayda, in Uíbh Ráthach. Chomh maith leis sin tá Bláithín Nic a' tSíthigh in Aontas Mac Léinn na hÉireann agus gach éinne i Raidió na Gaeltachta.

Tá dúshlán againn, ámh, leis an teanga i gCiarraí. Tugaim fáilte don Bhille seo anois i ndiaidh ár nglaoch i Sinn Féin agus glaoch an Teachta Uí Snodaigh chun toghchán a chur ar ais inár mBille 2018. Is é an tuairim atá sa Bhille seo ná na toghcháin a thabhairt ar ais go dtí bord le 16 duine, le deichniúr a bheith tofa agus seisear roghnaithe ag an Aire. Tá díomá orm mar gheall air sin mar ní bheidh ach suíochán amháin i gCiarraí, leath den uimhir a bhí againn in 2005. Ní bheidh éinne in Uíbh Ráthach i gCiarraí theas. Dúramar gur chóir go mbeadh dhá dháilcheantar i gCiarraí agus trí shuíochán iomlán ann, dhá shuíochán sa leithinis i gCorca Dhuibhne agus suíochán amháin in Uíbh Ráthach.

Is é Údarás na Gaeltachta an príomhchomhlacht forbartha don Ghaeltacht atá ag iarraidh tionscal a mhealladh go dtí an Ghaeltacht chun fostaíocht a thosú, ag tacaíocht le forbairt sa phobal, agus ag obair chun an córas pleanála teanga a chruthú i ngach ceantar Gaeltachta. Tá siad ann chun forbairt agus guth láidir a thabhairt don phobal chomh maith. Chomh maith leis sin, deir an Bille mbeidh cumhacht ag an údarás chun talamh a dhíol d’údarás tithíochta nó do approved housing body ach tá gá le níos mó cumhachta agus tá sé sin riachtanach. Deir Conradh na Gaeilge agus an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga go mbeadh an t-údarás in ann feidhmiú as féin ar fhorbairt tithíochta le foráil sa bhreis a bheith curtha leis an mBille chun leathnú fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta a chur i gcrích, feidhmeanna tithíochta go háirithe. Mar is eol do chách, tá fadhb mhór againn le tithíocht sa Ghaeltacht mar níl daoine ón gceantar in ann cónaí ann. Ba chóir go mbeadh níos mó cumhachtaí ag an údarás chun scéimeanna tithíochta nó suíomhanna seirbhíse a bhunú chun an Ghaeilge a choimeád beo. Tá an Ghaeilge beo in áiteanna in Éirinn, go mór mór i dTuaisceart na hÉireann ach tá sí faoi bhrú sna Gaeltachtaí. Tá deis nach beag ann leis an mBille seo feidhmeanna tithíochta soiléire a thabhairt don údarás a rachaidh chun leasa phobal na Gaeltachta, pobal atá ag fulaingt go mór faoin údarás pleanála teanga.

Sa chomhchoiste, agus bhí mé ann cúpla bliain ó shin, bhí 22 moladh ann ach in ainneoin sin níl ach ceithre de na moltaí sa Bhille seo. Cuirim fáilte roimh an mBille ach beidh mé cúramach le leasuithe chun níos mó cumhachtaí a thabhairt don údarás, don phobal, don Ghaeltacht agus don teanga. Gabhaim buíochas.

The restoration of elections to Údarás na Gaeltachta is a milestone that Sinn Féin has championed for years. It is a demand that has finally been acknowledged, albeit with substantial shortcomings. While we welcome the Government's commitment to reintroduce elections, we must examine the proposed legislation's failures and its implications for Gaeltacht regions, such as Ráth Chairn, in my constituency of Meath West. It is absurd that we are still awaiting the Gaeltacht planning guidelines promised in 2021. The Irish language and Gaeltacht often fall to the bottom of the Government's agenda, with housing policies severely impacting these areas.

It is increasingly difficult for the Gaeltacht community, especially young people, to obtain planning permission to settle in their own areas. Údarás na Gaeltachta needs to be given clear housing functions in the upcoming amendment Bill, allowing it to manage housing projects for Irish speakers. Additionally, the draft planning guidelines for the Gaeltacht should be published immediately and the Planning and Development Bill 2023 should be strengthened to support the Gaeltacht.

Direct elections to Údarás na Gaeltachta ensured that communities like Ráth Chairn had a genuine voice in their development. However, the last of these democratic elections took place in 2005. Since the Gaeltacht Act 2012, when Fine Gael scrapped the elections, the power has been by ministerial appointment. This strips away the the democratic foundation of Údarás na Gaeltachta, leaving our communities voiceless.

The 2018 Sinn Féin Bill aimed to restore this democratic process. We proposed a robust structure with a 16-member board, comprising ten elected and six appointed members, ensuring representation from every Gaeltacht county. The Government's proposal falls short of this.

Of the 22 recommendations made by the joint committee on the Irish language, Gaeltacht and Irish-speaking community, 18 critical recommendations were ignored. One of the most glaring issues is the lack of representation for smaller Gaeltacht areas such as Ráth Chairn which deserves more than just a token seat. Our proposal, by contrast, would have provided two seats for Meath, ensuring that the people of Ráth Chairn and Baile Ghib are heard and their communities' interests are protected.

The recommendations for an entirely elected board, which would also elect its own chairperson, has been disregarded in favour of continued ministerial appointments. This undermines the principle of local self-governance that Údarás na Gaeltachta was founded upon. In Ráth Chairn, as in the rest of the Gaeltacht regions, the voice of the community must be central. Sinn Féin's proposals would have guaranteed this through dedicated representation and robust democratic structure. Ráth Chairn has grown to a small village, embracing a community centre, a clubhouse, a second level college and a number of thriving businesses. The close-knit community is dedicated to preserving and promoting Irish traditions. The people of Ráth Chairn are a welcoming community. It is surrounded by English speakers and yet it manages to survive. We need to do as much as we can to help it not only to survive but to thrive.

Tá sé nóiméad ag an Teachta Bríd Smith.

Mar is eol do chách, tá daoine agus ár dteanga ag fulaingt go géar mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht. Tá sé ag éirí níos measa gach uile lá. Cé go bhfuil líon na gcainteoirí taobh amuigh den Ghaeltacht ag fás de réir a chéile, níl sé sin mar atá sa Ghaeltacht féin. Tá cainteoirí dúchasacha fíorthábhachtach má táimid ag iarraidh fíorathbheochan a bheith againn sa tír seo. Tá muintir na Gaeltachta díbeartha amach ón nGaeltacht ag an Rialtas seo atá dírithe ar bhrabús seachas aon rud eile. Ní féidir le daoine óga sna Gaeltachtaí lóistín nó teach a fháil ar cíos dóibh féin, nó fiú labhairt faoi teach a thógáil nó a cheannach sa Ghaeltacht.

Maidir leis an mBille seo, as I am sure we are all aware, Conradh na Gaeilge is proposing Committee Stage amendments which we support. I will read them into the Dáil record as Béarla:

Section 8, as amended by section 4 of Údarás na Gaeltacht (Amendment) No. 2 and section 17 of the Gaeltacht Act 2012 of Údarás na Gaeltacht 1979 is amended:

(a) in subsection 3(a) by the insertion of the following:

After the words “as it thinks fit” including “social, cultural and business facilities and to that end the Údarás shall have the power to buy or acquire interest in property and realty on whatever terms and subject to whatever conditions as it sees fit.

(b) by the insertion of the following after subsection 3(a):

3(b) An tÚdarás may carry on control and manage in the Gaeltacht such schemes and projects, programmes and facilities as it thinks fit in respect of the provision of housing for occupiers for whom the Irish language is the language habitually used by them and if a family will be living in the proposed house or dwelling unit concerned will be the language habitually used by the family and to that end the Údarás shall have the power to buy or acquire interest in property and realty on whatever terms and subject to whatever conditions as it sees fit, and the power to put in place every facility to develop the housing;

3(c) An tÚdarás shall be included as a housing authority for the purposes of the Housing Act 1966.

Tacaíonn an Dlúthpháirtíocht Pobal roimh Bhrabús leis na leasuithe seo agus táimid ag iarraidh go mbeidh fíorathbheochan sa teanga sa tír seo ionas gur féidir linn ár dteanga dhúchasach a chaomhnú.

Guím ádh mór ar achan duine agus chífidh mé iad tar éis an samhraidh. Is dócha go mbeimid i lár an catha faoin am sin, ach anois táimid ag déileáil leis an mBille seo. Táimid sásta go bhfuil an Bille seo ag teacht os comhair an Tí. Tá sé ag tarlúint de bharr an bhrú ón phobal, ó Shinn Féin agus ó pholaiteoirí eile, agus is maith sin. Tá cuid mhór fadhbanna againn i dtaobh an Bhille seo maidir leis an daonlathas agus maidir le cúrsaí tithíochta. Rinne an coiste Gaeilge cuid mhór grinnscrúdú réamhreachtach ar an mBille seo agus bhí 22 moladh ag na baill. Glacadh le dhá cheann de na moltaí sin, is iad sin, moladh 6, go mbeadh an caighdeán Gaeilge á léiriú de réir an fráma tagartha comónta Eorpach - rud atá go maith - agus moladh 14, go dtógfar an comharba as liosta ionadaíochta tar éis do bhall éirí as.

Glacadh le giota beag de dhá mholadh eile. Bhí an coiste ag lorg trí coiste cúige agus mhol sé go dtiocfadh na trí choiste cúige sin le chéile ar a laghad dhá uair sa bhliain, ach an rud a tharla ná go bhfuil Maigh Eo curtha le Dún na nGall seachas Gaillimh agus nach bhfuil fhoráil faoi choiste straitéiseach náisiúnta.

Moladh eile a rinne an chomhchoiste ná go mbeadh na feidhmeanna cuí ag Údarás na Gaeltachta ionas go mbeadh sé in ann tabhairt faoina chuid oibre go héifeachtach faoi réimsí lena n-airítear talamh a ligean amach ar léas do thithíocht agus ar mhaithe le athnuachan a dhéanamh ar chórais reatha uisce agus séarachais, nó chun bonneagair eile a thógáil.

Beidh cead talún a dhíol - is é sin atá ag tarlúint - ach ní bheidh cead é a ligean amach ar cíos ar son tithíochta amháin. Mar sin, tá cuid mhór fadhbanna maidir leis sin. Bhí 18 moladh nár glacadh leo ar chor ar bith. Níl go leor ama dul tríothu ar fad. Is dócha go bhfuil cuid mhór ama fágtha chun leasuithe a dhéanamh. Tá neart ama fágtha chun déileáil leis seo. Beimid ag breathnú air seo. Táimid go léir ag iarraidh go mbeidh an t-údarás curtha i bhfeidhm agus go dtarlóidh na toghcháin. Bhí cuid mhór daoine ag iarraidh go mbeadh achan duine ar an mbord tofa ach níl sin ag tarlúint. Seisear a mbeidh ainmnithe ag an Aire. Tá a lán daoine a bhfuil fadhb acu leis seo. Nílimid sásta leis ar chor ar bith. Tá seans ann é seo a athrú. Caithfidh seo tarlúint. Tá a lán daoine, agus Sinn Féin sa áireamh, nach bhfuil sásta leis seo ar chor ar bith.

Anois, ón nGrúpa Réigiúnach, glaoim ar an Teachta Shanahan.

Tá brón orm. Níl mo chuid Gaeilge an-láidir. B'fhearr liom mo chuid a rá as Béarla.

I believe the Minister of State said previously that the success of Údarás na Gaeltachta depends on its alignment with the needs of the Gaeltacht communities which are constantly changing. I would concur. The needs of our Gaeltacht communities are constantly changing for certain. Their needs are getting more urgent as communities such as the smaller ones in Cork, Meath and Waterford are being left behind. They feel it too. They feel like the rest of the country is evolving economically while their once-thriving local economies are being steadily eroded away. I gContae Phort Láirge, the population of Gaeltacht na nDéise is rising yet there are frustrations. You can barely get a phone signal down there and the lack of broadband access is a serious disservice to local business. Additionally, in recent times the Garda barracks closed, the community doctor closed and in the last few months, An Post closed the last and only post office in the community. This means that local residents, including elderly people collecting pensions and doing their day-to-day business in the friendly local post office they have known all their lives, now must travel 12 km to Dungarvan to do their essential business.

I, along with others in the community, pleaded with An Post to save this vital local resource and we pleaded with the Government to intervene. Sadly, neither listened. This is a prime example of where Údarás na Gaeltachta could and should intervene. I would like to see a change in the governance structure of the organisation to allow it to give the kind of support that could have saved the post office there and other community services.

Recently, I sought information from the Department on the level of expenditure provided to Gaeltacht areas since 2018. The answers I received were deeply disappointing and shocking in relation to the Waterford Gaeltacht but they go some way towards explaining why Gaeltacht na nDéise is seeing the loss of so many of its vital services. The responses I received to the parliamentary questions told me that Gaeltacht Dhún na nGall has received a total capital expenditure of €1.13 million in that time.

Port Láirge received a total capital expenditure of just €6,955. However, in two other funding programme responses which allocated capital and current expenditure between 2020 and 2024, of €38.9 million spent across the Gaeltachts, the Waterford Gaeltacht’s share was just €6,955 and of a maintenance fund running from 2018 to 2024, which expended €15.76 million, just €60,000 was advanced to the Waterford Gaeltacht. This morning, during Questions on Promised Legislation with the Tánaiste, I heard the Minister of State tell me to stop talking down my county. I can tell him I have no need to talk down my county. The supporting evidence is here. The Government does it quite happily.

Why does the Deputy not work with some of the community groups to apply for grants?

I am going back to this morning’s debate and I am just pointing out that this is six years of capital expenditure. As well as dealing with the same issues affecting the rest of the country such as housing, rising unemployment costs, energy, insurance and so on, Gaeltacht na nDéise is an example of a Gaeltacht area being weakened by a shortage of funding from this Government. In particular, this relates to housing. Údarás na Gaeltachta owns a significant development site in An Rinn. It has been talking about planning and developing it for nearly 15 years. I would ask the Minister of State to give that special attention.

I welcome the appointment of the new board of Údarás na Gaeltachta and would remind the new board that if it wants to fulfil its remit of protecting Irish language areas by funding and fostering enterprise, development and job creation initiatives it will first need to address the areas being left behind.

Bogaimid ar aghaidh go dtí an chéad sliotán eile leis an nGrúpa Neamhspleách agus an Teachta Pringle.

Beidh mé ag roinnt ama le mo chomhghleacaí, an Teachta Connolly. Níl Gaeilge mhaith agam mar sin ba mhaith liom Béarla a labhairt.

I am glad to have the opportunity to speak on the Bill. I support the legislation and its intention to amend an tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979 to change the current nomination and selection process governing the appointment of the board of Údarás na Gaeltachta under the Gaeltacht Act 2012. I always disagreed with the nomination process that has been in place since 2012 and I welcome the return of the election process which is far more fair and democratic. The Irish language is an essential part of our cultural heritage and national identity. It is steeped in tradition and history but there is also a very important place for the language in present-day Ireland and for generations to come. We need to value the role the langugage plays in modern-day Ireland and realise its full potential. We must also value the importance of Gaeltacht areas and preserving and strengthening the national language. Údarás na Gaeltachta plays a vital role in ensuring this.

Since its establishment Údarás na Gaeltachta has done much to develop the Gaeltacht economy and to strengthen and preserve Irish as the main language in those regions. It has focused mainly on industrial development, regional development, community development and language planning and has made many gains in these areas. However, it is clear that Údarás na Gaeltachta lacks a culture and heritage focus and I believe this is something we should consider. Economic development should be celebrated but cultural development is what will enrich our Gaeltacht regions and instil a deep appreciation of our language. Culture, heritage and community are what give our language its soul and we must not forget that in our pursuit of economic gains. It is for this reason that I believe an t-údarás should consider its functions and maybe the appointment of a new board will create an opportunity for this.

As I said, I welcome the new election process and the fact that all candidates must have Irish language proficiency, have relevant experience and skills and be living in the Gaeltacht region. This will help to ensure the Gaeltacht is properly represented. I also welcome that the three smallest Gaeltacht counties, Gaeltacht Mhúscraí, Gaeltacht na Mí agus Gaeltacht na nDéise will now have permanent representation to ensure a more representative board.

A review of an t-údarás by Dr. Bríd Quinn and BDO made some interesting suggestions following a consultation process which informed the recommendations of the review. I agree with the view that the election of candidates should be nominated by the public rather than political parties and that board members should not be members of the local authority, Members of the Houses of the Oireachtas or a Member of the European Parliament. I am glad to see the legislation has included this. Also included in the legislation under section 6 is an amendment to section 8 of the principal Act by inserting:

An tÚdarás may sell or otherwise dispose of land to an approved housing body (within the meaning of the Housing (Regulation of Approved Housing Bodies) Act 2019) or to a housing authority (within the meaning of the Housing (Miscellaneous Provisions) Act 1992) for the provision of housing in the Gaeltacht.

Although I welcome the selling of land to a local authority for the provision of housing in the Gaeltacht I do not agree with selling it to housing bodies. I strongly feel that local authorities should have the responsiblity of housing in Gaeltacht regions and the country as a whole. It is vital to ensure that the availablity of affordable housing in Gaeltacht areas such as Glencolmcille and Gweedore so that people have the opportunity to live and work in these communities and to contribute to the preservation of the Irish language and culture as well. It should be the responsibility of the councils to ensure that vital provision because the councils operate in every area and it is their responsiblity.

Cuirim fáilte roimh an mBille seo. Is Bille gearr é. Níl mórán i gceist. Tá trí chuid agus 14 mír ann. Gabhaim buíochas le Cathaoirleach an choiste Gaeilge. Is baill mé den choiste sin agus rinneamar ár ndícheall obair leis an Rialtas chun an Bille seo a chur chun cinn. Mo bhuíochas freisin leis an Teachta Éamon Ó Cuív. Rith sé leis an rud seo agus lean sé ar aghaidh. Anois tá an Bille os ár gcomhair chun toghchán a chur ar siúl arís ó thaobh deichniúr de na baill a bhéas ar bhord an údaráis nua. B'fhearr liom agus b'fhearr le baill eile an choiste go mbeadh an 16 ball tofa agus rinneamar moltaí á léiriú.

Roimh dom dul ar aghaidh agus na sonraí a phlé, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde agus arís a rá os comhair na Dála nach bhfuil cóip i nGaeilge ar fáil. In ainneoin obair na gcapall atá á dhéanamh ag an bhfoireann, dúirt siad go raibh siad - cosúil le gach Bille eile - faoi bhrú agus nach raibh de acmhainne acu nó am acu dul tríd na moltaí a rinne baill an choiste. Faoi bhrú, thug siad na moltaí uilig – 22 moladh - dúinn atá againn anseo.

An é seo an Roinn nó an tOireachtas?

Tiocfaidh mé go dtí an Roinn. Seo ón-----

Tá an Teachta ag caint faoin Oireachtas.

An tSeirbhís Leabharlainne-----

Tá an t-am ag sleamhnú. Tá mé ag caint faoin Seirbhís Leabharlainne agus Taighde agus níl locht ar bith ar an bhfoireann. An rud atá á rá acu ná nach raibh am acu na mionsonraí a scrúdú. Ní raibh siad in ann a rá, maidir leis an 22 moladh a scríobh baill an choiste, cé mhéad dóibh a ghlac an Rialtas leo. Tá an chosúlacht ar chúrsaí nár ghlac an Rialtas le formhór na moltaí. De ghnáth, déanann foireann na seirbhíse obair iontach ag cur in iúl dúinn gur glacadh nó nár glacadh leis na moltaí. Ach laistigh den am a bhí srianta, ní éirí leo é sin a dhéanamh.

Chuir siad cúlra an ruda in iúl dúinn, mar a rinne an tAire Stáit féin. In 1979, ainmnigh an tAire ag an am sé bhall. Ag dul ar aghaidh go dtí 1999, 17 a bhí i gceist agus bhí toghchán ann. Seachtar déag a bhí tofa ag an am sin agus triúr ball ainmnithe ag an Aire. Ag dul ar aghaidh ansin go dtí 2012, bhí deireadh leis na toghcháin faraor. Mar sin táimid ar ais arís inniu agus táimid ag caint faoi 16 ball. Ní leor é sin. Níl mé sásta leis sin. Tá an Roinn ag caint faoi deich mball a bheith tofa agus sé bhall a bhéas ainmnithe. Beidh an chumhacht ag an Aire Stáit, an Teachta Byrne, nó cibé cén Aire atá ann, cathaoirleach an bhoird a ainmniú agus níl mé sásta leis sin ach an oiread. Is céim chun cinn é go bhfuilimid anseo. Is céim chun cinn é go mbeidh toghchán ann. Tá obair ollmhór os comhair an choiste fós ó thaobh sonraí agus ó thaobh leasuithe de.

Is rud maith é don chéad uair go mbeidh, ar a laghad, cumhacht ag an údarás díriú isteach ar chúrsaí tithíochta ach is i mbealach thar a bheith srianta atá an chumhacht seo á ceadú. Táimid ag tabhairt cumhachta don údarás fáil réidh le talamh atá aige. Mar a dúirt mo chomhghleacaí, níl mé iomlán sásta leis sin. Tá mé sásta leis an gcoincheap go mbeadh an t-údarás in ann déileáil le cúrsaí tithíochta. Is údar díomá é dom nár tharla sé sin roimhe seo. Ceapaim go raibh cumhachtaí ag an údarás roimhe seo. Bhí sé in ann déileáil leis na húdaráis áitiúla ó thaobh cúrsaí tithíochta de ach go háirithe agus níor bhain sé úsáid as an deis sin. Anois beidh bealach ag an údarás é sin a dhéanamh. Tá sé ag díriú isteach ar thogra píolótach faoi láthair agus is maith an rud é sin.

Tá neart talaimh agus neart foirgneamh ann agus tá siad ábalta talamh eile a cheannach. Níl muid ag tabhairt aon chumhachta dóibh é sin a dhéanamh. Beidh muid ag breathnú air sin ar an gcomhchoiste.

Arís, is maith an rud é go bhfuil na coistí réigiúnacha ag teacht ar ais ach beidh muid ag plé sin ag an gcoiste freisin. An mbeadh sé níos fearr na coistí sin a bheith a bunaithe ar chúige seachas ar réigiún? Tiocfaidh muid ar ais chuige sin. Is maith an rud go mbeadh ionadaíocht bhuan ag gach Gaeltacht ar an údarás nua ach ag an am céanna, moladh a rinneamar - tiocfaidh mé go dtí na moltaí i gceann nóiméid - ná go mbeadh ionadaíocht ag na Gaeltachtaí beaga. Níl sé sin tarlaithe. Bhí de bhuntáiste ag an gcoiste taisteal timpeall na tíre agus seasann Uíbh Ráthach amach. D'impigh an mhuintir orainn go beadh ionadaíocht acu ar an údarás agus níl sé sin tarlaithe.

Ó thaobh na moltaí de, bhí 22 ann, mar a dúirt mé, agus b'fhéidir go mbeadh an tAire Stáit in ann a rá cé mhéad moladh, mar de réir mar a thuigim agus a fheicim agus de réir mo thuisceana, níl formhór na moltaí seo tógtha san áireamh. An chéad cheann, mar a luaigh mé agus Uíbh Ráthach mar shampla agam, ná go mbeadh ionadaíocht ag na Gaeltachtaí beaga. Níl sé sin tarlaithe. Ceann eile ná go mbeidh na baill uilig tofa. Níl sé sin tarlaithe. Rachaidh mé díreach go dtí an ceann deireanach, moladh Uimh. 22, mar tá sé tábhachtach freisin. Is éard a mhol an comhchoiste ná:

Molann an Comhchoiste go gcláróidh an tAire Údarás na Gaeltachta mar údarás réigiúnach speisialta, faoin gCairt Eorpach um Fhéinrialú Áitiúil de chuid Chomhairle na Eorpa.

Mhol sé go mbeadh stádas faoi leith i gceist. Is fiú breathnú air sin.

Tá moltaí eile ó thaobh acmhainní. Mar a dúirt an Cathaoirleach, is rud amháin é dea-thoil agus is maith an rud go bhfuil dea-thoil ann. Tá neart dea-thola ar an gcoiste chun obair leis an Aire Stáit, ach ní leor é sin. Tá gá le hacmhainní atá cuí don fheidhm. Tá dualgais thromchúiseacha ar Údarás na Gaeltachta i gcomparáid leis an IDA nó Enterprise Ireland. Tá dualgais bhreise orthu ó thaobh chúrsaí fostaíochta, chúrsaí teanga agus chúrsaí pobail. Go dtí seo, faraor, i mo thuairim, agus tá ardmheas agam ar Údarás na Gaeltachta, bhí sé dírithe go huile is go hiomlán ar chúrsaí fostaíochta agus tá sin thar a bheith tábhachtach. Ní bheadh aon Ghaeltacht ann gan fhostaíocht. Ach rinne siad neamhaird ar chúrsaí tithíochta agus chúrsaí teanga. Arís, tá athbhreithniú ar siúl faoi láthair ó thaobh na monarchana a thagann faoi chúram Údarás na Gaeltachta ó thaobh thionchar teanga. Mar a dúirt mé, tá togra píolótach ar siúl ó thaobh chúrsaí tithíochta, ach tá gá le tuilleadh. Fágfaidh mé na sonraí agus beidh an coiste ag dul tríd an mBille go sonrach agus beidh leasuithe i gceist. Ach nuair a tháinig dreamanna os ár gcomhair, chuaigh gach dream go mór i bhfeidhm orainn. Chuaigh Gearóid Ó Tuathaigh i bhfeidhm orm go pearsanta. Nuair a tháinig sé os ár gcomhair breis agus bliain ó shin, dúirt sé:

Glacaim leis gurb é is cuspóir ag an leasú seo, cur le héifeachtacht Údarás na Gaeltachta i gcomhlíonadh a chuid dualgas agus cúram: mar atá, an bunphobal Gaeltachta a neartú agus a bhuanú.

Ansin, dúirt sé:

Baineann an leasú seo le gné amháin den mhór-chuspóir seo; sé sin, gné an rialachais. Go sonrach, baineann an leasú leis an bpróiseas ceapacháin chuig an tÚdarás, le ballraíocht agus comhdhéanamh Bhord an Údaráis.

Tá sé sin admhaithe againn go léir. Is í sin brí an Bhille. Arís, is gné theoranta agus bheag de fheidhmiú an údaráis í sin. Lean sé ar aghaidh ina chaint faoin mBille, ach i gcomhthéacs mar tá muid ag caint i bhfolús, gan trácht ar na dúshláin atá os comhair na nGaeltachtaí uilig, ní amháin ó thaobh tuilleadh cumhachta a thabhairt don údarás. Chuir sé é go gearr gonta agus dúirt: "síor-chreimeadh na Gaeltachta". Dúirt sé freisin: "ní féidir ... a mheas ‘in vacuo’" agus cuireann sé comhthéacs:

síor-chreimeadh na Gaeltachta, mar bhunphobal teanga, thar thréimhse fhada, an próiseas creimthe ag brostú go síoraí seasta le breis is leathchéad bliain...

Leanann sé ar aghaidh agus ba chóir go mbeidh seo már thúschéim na díospóireachta:

Cumhachtaí agus cúraim an Údaráis: ar leor iad nó an bhfuilid lán-oiriúnach chun dul i ngleic le géarchéim phráinneach na Gaeltachta agus chun bun-chuspóir an Údaráis sa bhfad-théarma (i.e. neartú agus buanú an bhunphobail teanga) a bhaint amach?

Chuir sé an Bille i gcomhthéacs agus na dúshláin atá os comhair na nGaeltachtaí faoi láthair agus iad faoi bhrú.

Sheas gach dream amach, ach tá mé ag piocadh na rudaí a ndeachaigh go mór i bhfeidhm orm. Chuir an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin an rud i gcomhthéacs freisin i mí na Bealtaine 2023:

Is é an ní is suntasaí faoi staid chomhaimseartha na Gaeltachta ná an leisce fhorleathan i measc an Státchórais an fhírinne lom a admháil. ... Ní fhéadfadh rath a bheith ar chóras nach bhfuil bunaithe ar dhiagnóis stuama ar an bhfadhb a bhfuiltear i ngleic léi. In ainneoin na dtacaíochtaí oifigiúla ar fad [tá a lán tacaíochtaí i gceist], tá an pobal agus a gcuid foras sáinnithe i bhfáinne fí an dul amú oifigiúil – séantar an fhadhb agus cuirtear bac ar bheartas ciallmhar in aghaidh na faidhbe! ... Go simplí faoi réir cúinsí reatha sóisialta an status quo, níl an Ghaeltacht mar atá sí inmharthana.

Nílim ag rá sin chun eagla a chothú. Táim ag rá sin chun comhthéacs a thabhairt. Is gné thábhachtach amháin í seo. I measc na dreamanna eile a tháinig os ár gcomhair, tháinig dream ó Chois Fharraige. Agus arís, chuir siad fáilte roimh an mBille ach dhírigh siad isteach ar chúrsaí tithíochta. Ansin tháinig iarchathaoirleach an údaráis os ár gcomhair. Ní mór dom a rá go bhfailtím roimh an ainmniúchán atá déanta agus cathaoirleach nua. Is tús maith le cothromaíocht inscne é. Tá súil agam go leanfaidh sibh ar aghaidh.

Sin ceann de na baill.

Is iontach go bhfuil sé sin déanta agus go bhfuil sí ann. Na pointí a rinne an t-iarchathaoirleach de chuid Údarás na Gaeltachta, bhí sí sásta go raibh ionadaíocht ann ó na ceantair ar fad. Go dtí sin, bhí ar na Gaeltachtaí beaga duine a chuir ann le haghaidh dhá bhliain nó rud mar sin. Tá deireadh leis sin. Dhírigh sí ar chumas teanga: "Is bunriachtanas é go mbeadh ar chumas chomhaltaí Boird an Údaráis a gcuid gnó a dhéanamh go héifeachtach trí Ghaeilge." Is dócha go mbeidh rialacháin nó caighdeán i gceist. Dhírigh sí isteach air sin. I measc rudaí eile ar dhírigh siad isteach orthu, do luaigh sí B2 agus caighdeán eile.

Tagraím do chothromaíocht inscne arís. Chun a bheith féaráilte don Aire Stáit, bhí deacrachtaí againn córas a oibriú amach chun a cinntiú go mbeadh cothromaíocht inscne i gceist. Tá a fhios agam go bhfuil dualgas ar an rialtas cinntiú go mbeidh mná i gceist le 40% de gach bord Stáit. Ní mór a dheimhniú go mbeidh sé sin i gceist.

Mar fhocal scoir, bíonn mé i gcónaí idir dhá chomhairle ó thaobh na teanga de. Fuaireamar bileog eolais ó thaobh an Bhille seo ón Roinn. Bhí sé iomlán i mBéarla.

Tá sé agam anseo. Buíochas le Dia as gluais na mBillí a thugann cabhair dúinn. Tá sé i gcónaí deacair labhairt go líofa i nGaeilge gan an téarmaíocht. Scríobh muid ar ais chuig an Roinn. Fuair muid acknowledgement ach ní bhfuaireamar aon bhileog trí Ghaeilge. Tharla rud eile ó thaobh na Gaeilge de inné. Tá dea-thoil i ngach áit sa bhfoirgneamh seo ach níl an córas ag coinneáil suas leis an dea-thoil sin ó thaobh gach cáipéis a bheith trí Ghaeilge. Chualamar Teachtaí Dála ag caint inniu trí Ghaeilge nár chualamar riamh. Is maith an rud é sin. Is dóigh go bhfuil easpa muiníne i gceist. Thosaigh an Cathaoirleach Gníomhach i nGaeilge freisin. Is iontach an rud é go bhfuil Teachtaí Dála ag baint úsáid as an nGaeilge ach tá gá le cabhair. Bhí sé de phribhléid agam a bheith mar chathaoirleach ar fhochoiste um chur chun cinn na Gaeilge sa Dáil. Bhí moltaí praiticiúla againn a bhí feiliúnach do mo chomhghleacaithe agus do na maoir ar an talamh ach níl a fhios agam cá bhfuil an fecking tuarascáil sin. Gabh mo leithscéal as sin ach níl a fhios agam. Tá sé áit éigin ach níl a fhios agam cén áit.

Fáiltím roimh an mBille ach is gné bheag den mhéid atá ag teastáil bunaithe ar aitheantas go bhfuil staid na Gaeilge agus na nGaeltachtaí thar a bheith goilliúnach. Ní mór dúinn beart a dhéanamh de réir ár mbriathar. Is í seo an fhuinneog dheireanach atá againn chun déileáil leis na dúshláin.

Fáiltím go mór roimh an mBille seo. Níl a fhios agam cén fáth ar cuireadh deireadh leis an mbord tofa. Bhí sé ag feidhmiú, bhí sé gníomhach agus bhí spéis ag an bpobal san údarás. Molaim an obair a rinne an tAire Airgeadais, an Teachta Chambers, nuair a bhí sé mar Aire Stáit ag tionscnamh an Bhille seo agus ag déanamh an staidéir toisc gur gealladh i gclár an Rialtais go dtabharfaidh ar ais na toghcháin don údarás. Níl an Teachta Byrne i bhfad in oifig agus tá an Bille foilsithe. Cinnte dearfach, caithfimid déanamh cinnte go dtiocfaidh sé tríd an Dáil agus an Seanad i rith théarma na Dála seo. Chuige sin, titeann dualgas orainn mar choiste déileáil leis seo go críochnúil agus go sciobtha nuair a thiocfaidh sé go Céim an Choiste agus gan aon mhoill a dhéanamh.

Nuair a d'imigh an bord tofa, d'imigh an ceangal a bhí idir an pobal agus an t-údarás. Chomh maith leis sin, bheinn chomh dána lena rá gur imigh cuid den splanc agus den nuálaíocht a bhí san údarás uaidh freisin. De réir a bheith tofa, bíonn tiomantas ag baint le daoine tofa mar a thuigfeadh an tAire Stáit mar dhuine tofa é féin. Teastaíonn an fuinneamh sin ón údarás. Chomh maith leis sin, fáiltím go mór roimh an méid a dúirt an tAire Stáit faoina bheith oscailte do leasuithe.

Tá roinnt rudaí beaga gur mhaith liom a lua go sonrach. Bhí mé an-sásta go deo nuair a chonaic mé go bhfuil Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh in aon cheantar pleanála teanga amháin agus in aon toghcheantar amháin. Ar ndóigh, caithfimid faomhadh a fháil sa mhí atá romhainn ó mhuintir Thuar Mhic Éadaigh gur fearr mar sin é. Mar dhuine atá ina chónaí sa gceantar, is dóigh liom gur mó i bhfad an luí atá ag muintir Thuar Mhic Éadaigh le Dúiche Sheoigheach, a bhfuil teorantach leo - is é an t-aon Ghaeltacht amháin a théann thar teorann contae, aisteach go leor - ná mar atá acu le hIorras, atá i bhfad uathu, uair go leith ar an mbóthar. Fáiltím roimhe sin.

Fáiltím roimh an riachtanas go mbeidh Gaeilge ag baill an bhoird uilig agus go mbeidh Gaeilge ag na daoine ar fad a bheidh ag na boird réigiúnacha ar fad. Tá sé sin mar riachtanas. Tugaim rud amháin faoi deara faoi na coistí réigiúnacha. Níl aon chead acu níos mó tograí beaga a cheadú. Roimhe seo, bhí siad in ann tograí beaga a cheadú le go bhféadfadh an bord díriú isteach ar na tograí móra. Is fiú breathnú air sin arís.

Tá ceist amháin agus moladh amháin agam don Aire Stáit. Ar an gcoiste réigiúnach ó thuaidh, tá ionadaithe ainmnithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Contae Mhaigh Eo. Ar an gceann sa lár, tá ionadaithe ainmnithe ó Chomhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Contae na Mí. Níl éinne ainmnithe as Contae Mhaigh Eo do cheantar Thuar Mhic Éadaigh. Bheadh sé an-éasca é sin a leigheas. Tá duine ar an gceann sa deisceart ó Ghaeltachtaí Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge. Mar sin, beidh an ceann sa lár ar an aon cheann amháin ina bhfuil ceantar nach bhfuil ionadaí ón gcomhairle contae ar a bhord réigiúnach. Ba cheart déileáil leis sin i leasú.

Fáiltím roimh an méid atá ann faoi thithíocht ach ceapaim go bhfuil sé an-teoranta. Go deimhin féin, nuair a bhí cur i láthair á dhéanamh do na Baill Oireachtais Dé Luain seo caite, d'iarr mé go leagfaí amach an cúlra. Caithfear a chuimhneamh go raibh Acht in 1979 agus Acht a thóg mé féin isteach ag deireadh na nóchaidí nó ag tús na deich mbliana dar gcionn. Ansin, bhí Acht na Gaeltachta, 2012, a chur deireadh leis an mbord tofa. Tá roinnt léamh le déanamh agam go ceann míosa. Táim ag ceapadh go bhfuil roinnt léamh le déanamh ag chuile dhuine le fáil amach céard iad na cumhachtaí, na feidhmeanna agus na haidhmeanna atá ag an údarás go baileach, is é sin, céard is féidir leo a dhéanamh agus céard nach féidir. An féidir comhdhlúthú a dhéanamh ar an méid atá sna trí phíosa reachtaíochta agus páipéar beag a chur ar fáil dúinn le go dtuigfeadh muid féin agus gach duine eile go soiléir céard is féidir a dhéanamh?

Ag breathnú ar an moladh atá curtha faoinár mbráid, táim thar a bheith sásta go bhfuil sé ann mar tá an plé tosaithe ach is dóigh liom go gcaithfimid foirfiú a dhéanamh air seo. Is féidir talamh a dhíol ach abair go raibh ceithre acra talún le díol agus go raibh píosa amháin ag comharsa béal dorais. An bhféadfaidh an t-údarás é sin a cheannach agus é a dhíol le haghaidh tithíochta? Ní deireann an Bille tada maidir le talamh a cheannach. Ní réiteoimid é sin inniu ach an bhféadfaidh an tAire Stáit a rá linn i bpáipéar simplí céard is féidir leis an údarás a dhéanamh, céard iad na feidhmeanna atá acu agus céard iad na cumhachtaí atá acu le talamh a cheannach agus a dhíol? Is dóigh liom go gcuideodh é sin linn uilig le plé foirfe a bheith againn sa gcoiste.

Tá ceist amháin eile agam. Deirtear in Acht 1979 go bhfuil cead ag an údarás infheistiú i gcomhlachtaí agus comhlachtaí a bhunú le rudaí a dhéanamh. Is ceann de na ceisteanna atá agam ná an bhféadfaidh an t-údarás AHB Gaeltachta a bhunú agus a bheith páirteach ann? Mura mbeidh deis acu a leithéid a dhéanamh, bheadh faitíos orm faoin toradh a bheadh air seo. Mar shampla, níl a fhios agam an mbeadh na comhlachtaí móra nó AHBs seo ag teacht isteach chun na Gaeltachta. An mbeadh an tuiscint acu ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta? Dá mbeadh sé rite ag dreamanna beaga deonacha, an mbeadh an téagar agus na hacmhainní cuí, idir acmhainní daonna agus acmhainní airgid, iontu? Mar sin, is dóigh liom go bhfuil gá le tuilleadh plé phraiticiúil air seo le go mbainfimid amach an sprioc ar fad atáimid ag iarraidh a bhaint amach. Is dóigh liom gurb é an rud atáimid ag iarraidh a bhaint amach ná go mbeidh tithe sóisialta, tithe inacmhainne agus tithe eile ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht, go mórmhór sna Gaeltachtaí sin ina bhfuil sé deacair cead pleanála a fháil i láthair na huaire.

Chomh maith leis sin, d'ardaigh duine éigin ceist liom agus is dóigh liom gur ceist féaráilte í. An bhfuil sé soiléir go bhfuil cumhacht ag an údarás maidir le talamh a cheannach agus a dhíol, agus gníomhachtaí eile agus comhlachtaí a chur ar bun maidir le cúrsaí cultúrtha agus sóisialta? Ní fhéadfainn an cheist sin a fhreagairt inniu. Níl a dhóthain taighde déanta agam uirthi. Is mian liom go mbeidh deis againn í sin a fhiosrú as seo go gceann dhá mhí. Tá dhá mhí againn - glacaim leis nach mbeidh an coiste ag suí go dtí Meán Fómhair - leis seo a phlé.

Bhí nós amháin agam mar Aire nuair a bhí triúir le hainmniú agam. Is é sin an méid. Beidh an-spraoi ag an Aire Stáit le hais mar a bhí agam. Go minic, is crá croí a bhíonn ann go deimhin leis na ceapacháin seo. Bhí riail pearsanta agam go gceapfaí duine a raibh cónaí air nó uirthi ar oileán i gcónaí. Bhí breith ar m’aiféala, déanta na fírinne, nár scríobh mé sa reachtaíocht é. Deirtear cén fáth na hoileáin nuair atá cásanna le déanamh d’Uíbh Ráthach, Acaill, Fánaid, Gleann Cholm Cille agus do chuile mhionGhaeltacht atá ann agus tá go leor acu ann. Mar shampla, i gContae an Aire Stáit, is é sin, Contae na Mí, tá dhá Ghaeltacht ann, Baile Ghib agus Ráth Chairn, atá scoite óna chéile agus nach bhfuil an oiread sin cumarsáide eatarthu. B’fhéidir go bhfuil sí feabhsaithe ó shin. Cé go bhfuil an Ghaeilge níos láidre i Ráth Chairn, de réir mar a thuigim, tá an daonra níos láidre i mBaile Ghib. Is fadhb eile í sin.

Réitíonn an coinníoll seo maidir le Gaeilgeoirí, nó daoine le Gaeilge líofa, a bheith ar an mbord cuid den chontúirt sin a bhí ag éirí ach ní réitíonn sé an fhadhb ar fad. Mar sin, an smaoineodh an tAire Stáit, an Teachta Byrne, ar fhoráil a chur san Acht go gcaithfidh duine de na daoine ainmnithe a bheith ina bhuanchónaí ar oileán? Ní gá gur as an oileán é nó í. Cén fáth gur cheart go mbeadh a leithéid d'fhoráil ann? Ar an gcéad dul síos, in ainneoin go bhfuil na hoileáin an-scaipthe, trí Chomhdháil Oileáin na hÉireann níl mórán dreamanna eile sa tír go bhfuil an oiread sin comhoibrithe eatarthu. Chomh maith leis sin, tá na hoileáin neamhghnách sa mhéid is go bhfuil dhá thrian de dhaonra na n-oileán ina gcónaí sa Ghaeltacht. Thóg mé faoi deara thar na blianta agus mé ag dul chuig na cruinnithe chinn bliana, gurb iad na hoileáin an t-aon áit amháin ina bhfaca mé daoine go coinsiasach ag úsáid chóras aistriúcháin, leis an Ghaeilge in uachtar ach cead ag na daoine gurb as na hoileán ach taobh amuigh den Ghaeltacht Béarla a labhairt. Bhain siad úsáid as an deis sin. D’oibrigh sé thar a bheith go maith. Mar sin, cé go bhfuil siad scaipthe, is pobal faoi leith iad le fadhbanna faoi leith acu. D’oibrigh sé go maith go raibh guth láidir acu ag bord an údaráis. Níl aon bhealach faoin spéir go bhféadfaí duine a thoghadh d’Oileán Chléire nó d'Oileán Thoraí. D'fhéadfaí duine a thoghadh as oileáin Thír Chonaill, ach tá sé i bhfad róchasta é sin a dhéanamh.

Nuair a bhí muid ag plé an Bhille an lá faoi dheireadh, luadh go bhféadfadh Comhairle Contae Chiarraí duine a ainmniú as Uíbh Ráthach le bheith ar an mbord. Go teoiriciúil, tá sé sin fíor ach, go praiticiúil, is ar éigean go dtarlódh sé. Is mó seans i bhfad go mbeidh ar a laghad Gaeilgeoir amháin, muna mbeidh beirt nó triúir, tofa i dtoghcheantar an Daingin. Níl aon oiread cinnteachta ag dul ar aghaidh go mbeadh aon Ghaeilgeoir tofa i dtoghcheantar Chathair Saibhín agus cuirfeadh sé sin an plean in aimhréidh. Go deimhin, nuair a chuir mise an dara duine i gCiarraí, bhí súil agam gur duine as tuaisceart Chiarraí agus duine agus deisceart Chiarraí a bheadh ann ach níor tharla sé riamh. Tagann muintir Chorca Dhuibhne chun tosaigh i gcónaí agus ní ghéilleann siad mórán an-éasca, mar is eol dúinn uilig.

Tá dhá cheist eile is mian liom a phlé. Ní aontaím le daoine gur cheart go mbeadh toghcháin do bhaill an údaráis ar an lá céanna le haon toghchán eile. Tá dearcadh an-láidir agam go ginearálta maidir le cúrsaí daonlathais. Feicim go bhfuil daoine ag rá go mb’fhéidir go mbeidh an iomarca Comhaltaí Dála ann amach anseo. Bhuel, má théitear chuig an bpobal, déarfaidh an pobal nach féidir leis a dhóthain den daonlathas a fháil. Bhí daoine ag ceapadh nach raibh aon ghá le Seanad Éireann agus fuair siad freagra. Dá gceapfadh muintir Dhúiche Sheoigheach go bhféadfadh siad Teachta Dála dá gcuid féin a fháil, thógfadh siad é. Is amhlaidh a bheadh ann in aon áit i gContae na Mí. Tá ionsaí ar an daonlathas go ginearálta. Tá cumhacht á baint uainn an t-am ar fad agus is cumhacht í sin atá á baint ón phobal. Deirtear ansin go bhfuil sé róchostasach. Téigh go haon tír nach bhfuil daonlathas inti agus faigh amach cad is fiú an daonlathas. Dar liom, caithfidh muid, mar dhaoine tofa, seasamh ar son an daonlathais agus a rá go bhfuil an daonlathas thar a bheith saor mar chóras. Tá riocht an Tigh seo saor, tá toghchán an údaráis saor agus tá toghcháin na gcomhairle contae saor. Tá siad an-saor ar fad i gcomparáid leis an rogha eile a bheadh ann, is é sin, go mbeadh deachtóir nó grúpaí nach mbeadh freagrach don phobal i riocht na mbunsheirbhísí sa tír. Ar an ábhar sin, creidim go láidir gur cheart – is nós a bhí ann fad is a bhí mé mar Aire – go mbeadh toghchán an údaráis ar lá faoi leith mar chinnteodh sé sin go mbeadh spéis ag na daoine a thiocfadh ag vótáil san údarás. Chomh maith leis sin, bhí plé sna meáin faoin údarás mar nach raibh aon toghchán eile ar bun. Ní cheanglóinn le haon toghchán eile é agus is é sin mo bharúil pearsanta.

Ceist eile is mian liom a ardú ná ceist na mbailte seirbhísí Gaeltachta. Nuair a foilsíodh an staidéar teangeolaíochta ar an nGaeilge, níor thuig agus ní thuigim fós cad é an ról atá ag baile seirbhíse Gaeltachta. Mar shampla, i gConamara, tá Gaillimh mar bhaile seirbhíse Gaeltachta do dheisceart Chonamara. Má théim ó Chamus go Carna, is é an Clochán an baile seirbhíse Gaeltachta. Is é Conamara an Ghaeltacht is téagartha sa tír; níl aon amhras faoi sin. Is é an t-aon fáth amháin go bhfuil seirbhísí ar an gClochán ná go bhfuil an malartán fostaíochta, mar a bhí fadó, nó an oifig leasú sóisialta, ar an gClochán. Ní théann siad ar scoil ansin mar tá scoil dá gcuid féin acu. Is é an rud a cheap mé i gcónaí agus an rud lena raibh mé ag troid - go mórmhór i gcomhthéacs Tír Chonaill agus Conamara, áiteanna ina bhfuil Gaeltachta móra - ná go mbeadh lárionad seirbhísí trí Ghaeilge lonnaithe i gceartlár na Gaeltachta. I gConamara, bheadh sé sin áit éigin thart ar Chasla nó ar An gCeathrú Rua. I dTír Chonaill, bheadh sé thart ar Ghaoth Dobhair.

Ba cheart leasú a chur ar an mBille seo. Deir sé go gcaithfidh 1,000 duine a bhí ina gcónaí i mbaile seirbhísí Gaeltachta. Tá sé thar a bheith intuigthe, má thuigeann daoine an Ghaeltacht, nach bhfuil bailte, mar atá i gcodanna eile den domhan, láidre Gaeltachta ann. Is iad na bailte atá láidir ó thaobh daonra de sna Gaeltachtaí na cinn atá lag ó thaobh na Gaeilge de. Ag an am céanna, i gceantar An Cheathrú Rua, tá an oiread de dhaonra ann is atá ar an gClochán. Tá an oiread de dhaonra ann ach tá sé níos scaipthe thart ar 3 nó 4 míle timpeall. Ní raibh sé de nós ag na Gaeil fadó a bheith ina gcónaí i sráidbhailte. Go deimhin féin, bhí mé éisteacht leis an raidió lá amháin nuair a bhí siad ag déanamh cur síos ar na Meánaoiseanna agus luadh staidéar iontach a raibh déanta maidir leis na Gaeil agus na Normannaigh lártíre áit éigin - i gCeatharlach, b’fhéidir. Dúradh go raibh na seanGhaeil scaipthe faoin tuath, mar atá muintir na Gaeltachta ina gcónaí go traidisiúnta, agus bhí na daoine nua seo, na Normannaigh, ina gcónaí i mbailte. Nuair a tháinig an Black Death, mar a thugtar air, go dtí na ceantair, is mó i bhfad an dream a bhí istigh sna bailte a mharaigh sé ná an dream amuigh faoin tuath.

B'fhéidir go bhfuil sé níos sláintiúla dúinne cloí leis an rud a bhí againne riamh.

An rud atá mé ag moladh nó go ndéanfar an leasú beag air seo. Deireann sé 1,000. Táim ag moladh go ndéanfar leasú le go bhféadfaí leithéid an Ceathrú Rua go Conamara a ainmniú mar bhaile seirbhíse Gaeltachta, le go gcuirfí na seirbhísí nach bhfuil ann, ann. Cheana féin, tá teach altranais ansin, tá briogáid dóiteáin ann, tá otharcharr ann agus tá tá oifig ag an gcomhairle contae ann. Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ann agus níl mórán bailte go bhfuil a leithéid d’ollscoil ann. Tá nach mór an rud céanna i nGaoth Dobhair. Cén fáth nach láidríonn muid iad sin seachas bheith ag ligean orainn féin go bhfuilimid chun baile Gaelach a dhéanamh mar shampla de Chlochán? Nílim in aghaidh plean teanga a bheith ag an gClochán, bíodh sé acu. Ní gá é a bhaint uathu, fág acu é, ach ba cheart go mbeadh polasaí dearfach againn leis na bailte áirithe sin a Ghaelú. Tá sé i bhfad níos éasca an Ghaeilge a choiméad mar theanga cumarsáide laethúil in áit go bhfuil an Ghaeilge láidir cheana féin, le hais mar atá sé in áit go bhfuil an Ghaeilge lag, nó nach raibh sé ann le 100 bliain nó níos mó.

Fágfaidh mé mar sin é. Tá fáilte roimh an mBille. Beidh leasuithe ar a bheidh mise ag breathnú orthu teoranta taobh istigh den Bhille. Glacaim leis go bhfuil muid ar fad ag obair taobh istigh de chreatlach an Bhille seo go agus gur ar an mbunús sin go mbeimid ábalta bogadh ar aghaidh agus cinnte a dhéanamh de go bhfuil an Bille seo achtaithe go hiomlán agus i bhfeidhm roimh dheireadh téarma an Rialtais. Le cúnamh Dé, beidh na toghcháin ann roimh dheireadh téarma an Rialtais seo i Mí Feabhra seo chugainn.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a bhí páirteach sa díospóireacht. Tá mé buíoch do na Teachtaí uilig a tháinig isteach agus a phlé an Bille agus a thug tuairimí dom maidir leis. Tá brón orm go raibh deifir an tseachtain seo, ach bhí deifir toisc go raibh mé ag iarraidh go mbeadh an Bille os comhair na Dála. Mo bhuíochas leo siúd ar fhreastail ar an briefing a bhí ar siúl ar an Luan. Ní raibh a fhios agam nach raibh leagan Gaeilge den briefing note. Tá mé chun ceisteanna a chur maidir leis sin. Ba cheart go mbeadh gach rud ag teacht amach trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, ní amháin as Roinn na Gaeltachta ach ón Rialtas leis. Tarlaíonn sé sin san Aontas Eorpach gan aon deacracht ar chor ar bith. Beidh an Teachta Aodhán Ó Ríordáin ag dul chuig an mBruiséil agus beidh gach rud ar fáil trí Ghaeilge dó más mian leis é. Ba cheart go mbeadh a leithéad ar fáil againn freisin.

Léirigh go leor Teachtaí suim sna forálacha maidir le cúrsaí tithíochta. Tá sé sin an-tábhachtach. Mar a dúirt mé, tá céim beag ach céim suntasach tógtha agam ina leith sin. Ba mhaith liom níos mó a dhéanamh, ach nílim ag iarraidh moill a chur ar an mBille. Tá na coistí réigiúnda luaite ag a lán daoine agus tá siad tábhachtach. Tá siad chun aitheantas a thabhairt do gach cairn den tír. Tá deacrachtaí leis an scoilt tíreolaíochta atá iontu, ach caithfimid déileáil leis sin.

Bhí roinnt Teachtaí ar nós an Leas-Cheann Comhairle ag labhairt faoi chomhionannas inscne, atá fíor thábhachtach dúinne. Beimid ábalta sin a dhéanamh mar aon le reáchtáil na toghcháin freisin. Aontaím leis an Teachta Ó Cuív agus le daoine eile: caithfimid tábhacht an daonlathais mar bhunphrionsabal sa tír seo a phlé. Beidh tuairimí difriúla ag gach duine agus tá a fhios agam go bhfuil moltaí ag an gcoiste. Tá moltaí daoine eile ag teacht chugam an t-am ar fad, ach táimid ag iarraidh an Bille is fearr gur féidir linn a bheith againn san am atá fágtha.

Sílim go bhfuil sé tábhachtach anois go mbainim féin agus m’oifigigh úsáid as an am atá againn i rith an tsamhraidh le machnamh a dhéanamh ar gach rud atá cloiste againn anseo inniu. Tiocfaidh mise ar ais chuig an Teach agus chuig an gCoiste san fhómhair le haghaidh níos mó plé agus tá súil agam le leasuithe uaim féin. Beidh leasuithe ag an Teach seo agus beidh mé ag plé na leasuithe sin sna coistí. Is féidir liom machnamh a dhéanamh ar na freagraí a bheidh ag teastáil ón gcoiste freisin, uaidh na ceisteanna a cuireadh inniu.

Tá ceisteanna tábhachtacha curtha ag gach duine anseo agus tá mé ag súil le bheith ag obair i dteannta an choiste ar Chéim an Choiste ar mhaithe leis an mBille a aontú agus a bheith inghlactha do gach éinne. Ní bheidh gach duine sásta le gach rud a bheidh ann, ní bheidh mise sásta le gach rud a bheidh ann, ach táimid go léir chun teacht le chéile agus ár dtuairimí féin a chur ann. Beidh mise oscailte maidir leis na leasuithe a thagann os mo chomhair agus tá súil agam go mbeidh gach duine eile oscailte freisin. Thar gach rud eile áfach, caithfimid aontú ar Bhille a dhéanann freastal cuí ar riachtanais phobal na Gaeltachta agus ar riachtanais na Gaeilge í féin.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Teach as an tacaíocht leanúnach a thug sé do oifigigh mo Roinne le linn an phróisis seo agus tá a fhios agam go bhfuil caidreamh maith ag na Teachtaí Dála leis na hoifigigh atá ann. Tá an-obair déanta acu, agus caithfidh mé é sin a rá, chun an Bille seo a chur i gcrích. Nuair a tháinig mé isteach an chéad lá, dúirt mé gurb é seo an rud is tábhachtaí sna na seachtainí a bhí romhainn agus do ghlac siad leis sin.

Tá an t-ádh linn go bhfuil an dea thoil i leith na Gaeilge le feiceáil i dTithe an Oireachtais agus aontaím leis an Teachta Catherine Connolly go raibh sé tábhachtach daoine eile a chloisteáil agus iad ag úsáid na Gaeilge inniu, nach n-úsáideann í i gcónaí. Is féidir an dea-thoil sin a fheiceáil sa phobal i gcoitinne. Feicfidh na feisirí Eorpacha an dea-thoil sin san Eoraip chomh maith.

Teastaíonn reachtaíocht uainn a chabhróidh linn an Ghaeilge a chur chun cinn sna ceantair Gaeltachta agus chun guth an phobail a thabhairt ar ais do bhord Údarás na Gaeltachta. Bhí an ceart ag an Teachta Ó Cuív. Nuair a thagann daoine uaidh na toghcháin, bíonn siad ag iarraidh jab iontach a dhéanamh agus dul ar ais go dtí an phobal agus a rá go bhfuil rud déanta acu. Tá an jab le déanamh acu.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na baill atá ansin faoi láthair. Nílimid ag reachtaíocht anseo toisc go raibh fadhb ag na daoine atá ar an mbord nó go bhfuil deacracht againne leo, ach an bunphrionsabal atá i gceist ná an daonlathas a thabhairt ar ais. Bhíomar mar pháirtí in aghaidh seo go huile is go hiomlán nuair a tháinig an t-athrú isteach in 2012. Is cúis bróid dom é a bheith anseo agus an dara céim a chur faoi bhráid na Dála agus an daonlathas a chur ar ais sa phróiseas. Bunphrionsabal dúinn ná an daonlathas a chaomhnú. Mar a dúirt an Teachtas Ó Cuív, tá an daonlathas beagnach saor in aisce i ndáiríre.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.
Question put and agreed to.
Top
Share