Tá Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tar éis a bhreithniú a chríochnú ar na Meastacháin Fhorlíontacha i gcomhair seirbhísí poiblí ar chlár C, Gaeltacht, de Vóta 33 - Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán le haghaidh sheirbhís na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2024.