Tairgim:
Déanann Dáil Éireann:
ceiliúradh ar ár dteanga náisiúnta agus ár bpríomhtheanga oifigiúil atá lárnach i saol sóisialta, cultúir agus eacnamaíoch an náisiúin uile, an Stáit, agus na Gaeltachta ach go háirithe, mar mheán bríomhar, nua-aimseartha agus síorathraitheach sa ghnáthshaol laethúil, foghlama, cúraim, tráchtála, ceartais, riaracháin, litríochta, ceoil, drámaíochta, agus ealaíon closamhairc, mar a léirítear sa rath atá bainte amach go hidirnáisiúnta ag Kneecap agus An Cailín Ciúin, chomh maith le bheith mar sheod ár n-oidhreachta Gaelach agus an teanga oifigiúil is ársa de chuid an Aontais Eorpaigh;
tréaslú le múinteoirí, tuismitheoirí, pobail scoile, daltaí, gníomhairí agus eagraíochtaí fud fad oileán na hÉireann as obair na gcapall a dhéanamh chun bua na Gaeilge agus an Ghaeloideachais a bhronnadh ar na glúnta óga, go minic i gcomhthéacsanna deacra, agus murach a gcuid oibre ní bheadh muid in ann a mhaíomh go bhfuil breis is 2 milliún cainteoir Gaeilge fud fad na tíre inniu;
aitheantas a thabhairt don tairbhe a bhaineann leis an nGaeloideachas, go hacadúil agus i dtéarmaí forbartha cognaíche agus scileanna riachtanach do slite beatha agus deiseanna eile fadsaoil, agus cuirimid fáilte roimh an taighde leanúnach san earnáil seo, ag nótáil an staidéar de chuid Ollscoil Mhiami le déanaí a d’aithin buntáistí an ilteangachais do leanaí le huathachas agus leanaí eile;
ceart gach leanbh chun tumoideachais i scoil lán-Ghaeilge a dhearbhú;
na cuspóirí náisiúnta seo a leanas a ghlacadh dár gcóras oideachais maidir leis an teanga náisiúnta:
— rochtain a chinntiú do chách ar ár dteanga náisiúnta, agus don saibhreas litríochta, cultúir agus staire a bhaineann léi;
— úsáid na Gaeilge a mhéadú fud fad na tíre, agus go háirithe mar theanga an phobail sa Ghaeltacht, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta, agus i Líonraí Gaeilge;
— an t-éileamh don Ghaeloideachas ó thuismitheoirí agus ó leanaí ní amháin a shásamh ach a fhás; agus
— líon agus caighdeán cainteora Gaeilge a oiliúint atá leordhóthanach ar a laghad chun spriocanna agus dualgais eile reachtúil a shásamh, lena n-áirítear, ach ní amháin, an gá le freastal ar phobail Ghaeltachta agus ar chainteoirí Gaeilge lasmuigh di ina dteanga féin, an dualgas i leith an sprioc bhaint amach go mbeidh 20% d’earcaithe státseirbhíse inniúil sa Ghaeilge ó 2030, agus an dualgas múinteoirí a sholáthar ar ardchaighdeán don oideachas Gaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge agus Béarla;
a nótáil le himní:
— gur thit líon na ndaltaí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sa tréimhse ina raibh sé geallta sa chlár Rialtais deireanach obair i dtreo an líon sin a dhúbailt;
— go bhfuil aon chontae déag sa Stát seo gan Gaelcholáiste ar bith;
— go bhfágtar roinnt daltaí gan an deis tairbhe iomlán a fháil as oideachas trí Ghaeilge toisc teip ar an ngeallúint iompar scoile a sholáthar don scoil lán-Ghaeilge is gaire;
— go bhfuil tionchar díréireach ag ganntanas múinteora ar an earnáil lán-Ghaeilge agus suirbhé 2023 de chuid Cumann Múinteoirí Éireann tar éis aithint nach raibh 50% de Ghaelscoileanna agus Scoileanna Ghaeltachta in ann folúntais fadtéarmach múinteora a líonadh i gcomparáid le 28% de na bunscoileanna Béarla;
— go raibh ar 80% de na hiarbhunscoileanna Gaeltachta a ghlac páirt i suirbhé Tuairisc.ie múinteoirí nach raibh líofa sa Ghaeilge a earcú agus theip ar aon trian stádas a bhaint amach mar Scoil Ghaeltachta;
— nach bhfuil foirgneamh buan ag 39% de Ghaelscoileanna;
— nach bhfuil ach teaghlach amháin as gach cúig sa Ghaeltacht ag tógáil a gclann trí Ghaeilge;
— go bhfuil líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht tar éis titim don dara daonáireamh as a chéile;
— gur léirigh tuairisc de chuid ArdChigire na Roinne Oideachais i 2022 go raibh droch-chomparáid le déanamh idir múineadh na Gaeilge agus múineadh na gcroí-ábhar eile;
— nach bhfuil ach leath de na luathbhlianta pobalmhaoinithe pobal-mhaoinithe Gaeltachta ina naíonraí; agus
— nach féidir le scoileanna a dhéanann freastal ar phobail Ghaeltachta lonnaithe lasmuigh dá teorannacha, lena n-áirítear i mBailte Seirbhíse Gaeltachta, cur isteach ar stádas mar Scoil Ghaeltachta;
aiféal a chur in iúl:
— faoi chinneadh Fhianna Fáil, Fhine Gael, agus na Neamhspleáchaigh Réigiúnacha ina gClár Rialtais 2025 fáil réidh leis na geallúintí ríthábhachtacha i gClár Rialtais 2020 maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais, lena n-áirítear i measc rudaí eile:
— "an bhéim ar Ghaeilge labhartha a mhéadú sa seomra ranga";
— "oibriú i dtreo líon na ndaoine óga atá i scoileanna Gaeilge a dhúbailt faoi láthair";
— "beartas cuimsitheach a sholáthar don Ghaeilge ó oideachas réamhscoile go hoideachas múinteoirí do gach scoil";
— "tacaíochtaí a mhéadú don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta"; agus
— "an clár ina múintear Corpoideachas trí Ghaeilge a leathnú do gach bunscoil agus leanúint ar aghaidh ag méadú líon na n-iarbhunscoileanna sa chlár seo";
— maidir le teip an Rialtais deireanaigh geallúint an iar-Aire Stáit Patrick O’Donovan, mar a bhí, a chomhlíonadh chun Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais do theaghlaigh Gaeltachta;
— in ainneoin go roghnódh 23% de thuismitheoirí Gaelscoil áitiúil, go gciallaíonn an easpa soláthair faoi riar Rialtais i ndiaidh a chéile nach bhfuil ach 8% de dhaltaí bunscoile agus 3% ag an iarbhunscoil ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge, agus titim i líon na ndaltaí ag fáil oideachas trí Ghaeilge ó timpeall 50,000 sa bhunscoil go dtí thar ar 17,000 ag an iarbhunscoil, agus níos lú ná 3,000 sa tríú leibhéal ag staidéar trí Ghaeilge;
— go dtugann an próiseas reatha chun patrúin nua iarbhunscoile a roghnú cosc buan i ndáiríre do mhóramh i gceantar ar son scoil Béarla, fiú áit ina bhfuil scoileanna Béarla áitiúla ann cheana féin agus gan rogha ar bith lán-Ghaeilge;
— faoin bpléascadh ar líon na ndíolúintí do dhaltaí ó staidéar na Gaeilge ó 2.5% sa bhliain 1999 go dtí breis is 13% inniu, a lán acu ag déanamh staidéar ar theanga iasachta go dtí an Ardteistiméireacht gan fadhb, pléascadh atá imithe in olcas toisc critéir curtha i bhfeidhm ag an Aire Norma Foley atá, de réir cur síos a thug Cumann Disléicse na hÉireann, "lochtach go mór agus... nach réitíonn ar chor ar bith leis an gcuid eile den phróiseas bailiúcháin fianaise";
— faoi theip Airí Oideachais i ndiaidh a chéile Alt 9(a) d’Acht Oideachais 1998 a chinntiú ionas go gcuirfeadh scoileanna oideachas ‘ar fáil do mhic léinn ar oideachas é is cuí dá gcumais agus dá riachtanais’, agus cinneadh glactha acu ina áit chun daltaí a choimeád amach ó foghlaim na Gaeilge seachas foghlaim a chur in oiriúint dá riachtanais, agus go minic ag cur iachall ar dhaltaí roghnú idir croí-ábhar na Gaeilge agus rochtain ar shainteagasc;
— faoin easpa scrúdú cainte agus gur fuarthas réidh leis an mBonnleibhéal don Teastas Sóisearach;
— gur imigh an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 in éag gan iarbheart;
— faoi chinneadh an Aire Helen McEntee le déanaí chun leasuithe cúlchéimnitheacha do Ghaeilge na hArdteiste a bhrú chun cinn tar éis drochphróiseas comhairliúcháin i gcoinne comhairle ó mhúinteoirí, agus scrúdú níos deacra á mbagairt ar dhaltaí lán-Ghaeilge gan aon bhuntáiste;
— faoin dtitim 30% i líon na mná tí ag óstú daltaí ag freastal ar choláistí samhraidh sa Ghaeltacht ó 2017, agus na costais a bhíonn iomarcach go minic ar dhaltaí;
— faoi thionchar na mblianta fada dí-infheistíochta agus na gciorruithe fógartha le déanaí ag Foras na Gaeilge ar an oideachas lán-Ghaeilge agus ar dheiseanna seach-churaclaim;
— maidir leis an dteip iomlán atá déanta chun deiseanna lán-Ghaeilge a chur chun cinn ag an tríú-leibhéal, diúltú an iar-Aire Simon Harris, mar a bhí, roimh leasuithe chun ról níos mó a thabhairt don Údarás um ArdOideachas ina leith, agus nach bhfuil an oideachas tríú-leibhéal san áireamh i bhforbairt an Pholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht;
— gur theip an gheallúint réamh-thoghcháin maidir le Gaelcholáiste do Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8;
— maidir leis an iachall curtha ar dhaltaí Gaeloideachais iompú ar an mBéarla agus iad ag bogadh ar aghaidh tríd na leibhéil oideachais réamhscoile, bunscoile, iarbhunscoile agus tríú-leibhéal;
— go bhfuil sé mar thoradh ar an ngearradh siar de shíor atá déanta ar uaireanta teagaisc na Gaeilge i mbunscoileanna Béarla nach bhfuil fiú an íosmhéid 1,250 uair atá riachtanach trasna an bhunscolaíocht agus iarbhunscolaíocht chun bunchumas a bhaint amach i dteanga de réir caighdeáin idirnáisiúnta;
— gurb í an Ghaeilge an t-aon chroí-ábhar nach ndéantar dul chun cinn daltaí inti a thástáil i ngach bunscoil de réir scrúduithe Dhroim Chonrach de chuid an Fhoras Taighde ar Oideachas; agus
— faoi iarrachtaí na Roinne Oideachais chun coincheap an Aonaid Gaeilge, atá fós neamhshainithe, laistigh de scoil agus timpeallacht Béarla a chur chun cinn in áit Gaelcholáiste tumoideachais ann féin a sholáthar áit ina bhfuil éileamh; agus
éileamh ar an Rialtas:
— na geallúintí thúsluaite nár baineadh amach ó 2020 a ghlacadh ar ais sa Chlár Rialtais nua, agus cloí leis an ngeallúint maidir le Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais;
— Bille a thionscnú chun an ceart dearbhaithe agus na spriocanna glactha sa rún seo a chinntiú sa dlí;
— pleanáil chun 50% den daonra a bhaint amach in ann an Ghaeilge a labhairt faoi 2050, agus spriocanna céimnitheacha a shocrú chun freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge a mhéadú, lena n-áirítear chun soláthar a dhúbailt laistigh de deich mbliana agus aon cheathrú den soláthar bunscoile a bhaint amach faoi 2045;
— an cur chuige bunleibhéil a thugann tús áite do rogha scoile lán-Ghaeilge a sholáthar áit nach ann dó agus scoil nua á bhunú a leathnú don dara leibhéal;
— tús áite a thabhairt do Ghaelscoil a sholáthar do cheantar Bhaile Átha Cliath 10 agus 12, agus soláthar Gaelcholáistí do cheantar Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8, do cheantar Bhaile Átha Cliath 9; do cheantar Bhaile Átha Cliath 18 agus Choill na Silíní; do Chaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo; do Chloch na Coillte, Co. Chorcaí; do Chill Dhéagláin, Co. na Mí; don Tulach Mhór, Co. Uíbh Fháilí; agus do Sord/Mullach Íde i gContae Bhaile Átha Cliath, agus é mar sprioc go mbeadh Gaelcholáiste amháin ar a laghad i ngach contae faoi 2045;
— a ghealltanas a chomhlíonadh chun iompar scoile a sholáthar don scoil lán-Ghaeilge is gaire;
— cur chuige iomlán nua ionchuimsitheach d’fhoghlaim an dara teanga, oiriúnaithe do riachtanais gach dalta, a chur in áit an chreat reatha do dhíolúintí, i gcomhairle le daltaí reatha agus iarscoláirí, tuismitheoirí, oidí, saineolaithe, agus grúpaí a dhéanann ionadaíocht thar cheann daoine le deacrachtaí foghlama, sainriachtanais oideachasúla, agus daltaí inimirceacha;
— obair chun a chinntiú go bhfuil áiseanna agus leabhair suas chun dáta agus tarraingteach ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge ar chomhchaighdeán leo siúd atá ar fáil do scoileanna Béarla;
— cinntiú go gcuimsítear riachtanais ar leith na ndaltaí lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nárbh iad an Ghaeilge nó an Béarla an príomhtheanga acu, nó a chuir tús lena gcuid oideachas lasmuigh den Stát, i bpolasaithe an todhchaí a bhaineann le huaireanta taca teanga agus staidéar na Gaeilge;
— ról ar leith an tumoideachais luathbhlianta lán-Ghaeilge a aithint agus ciste a chruthú chun tacú le leathnú na seirbhísí luathbhlianta lán-Ghaeilge fud fad na tíre, agus é mar sprioc go mbeadh 100% den soláthar sa Ghaeltacht lán-Ghaeilge;
— ligint don freastal réamhscoile lán-Ghaeilge a bheth mar chúinse iontrála Gaelscoile;
— rannóg a bhunú sa Roinn Oideachais chun scoileanna Béarla a éascú ag aistriú isteach i scoileanna lán-Ghaeilge chun freastal ar an éileamh reatha;
— Ciste Caipitil ar leith a chruthú do Scoileanna lán-Ghaeilge chun dul i ngleic leis an gcóiríocht neamhchuí a ghoilleann go díréireach ar Ghaelscoileanna agus ae Ghaelcholáistí;
— na liúntais múinteora Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a thabhairt ar ais;
— straitéis náisiúnta a fhorbairt chun feabhas a chur ar an gcaighdeán teagaisc agus líon na múinteoirí atá inniúil chun an Ghaeilge a mhúineadh agus chun múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge mar chuid de thobar comónta uile-Éireann, deiseanna a mhéadú don forbairt ghairmiúil leanúnach, agus painéal ar leith a bhunú do mhúinteoirí agus múinteoirí ionaid do scoileanna lán-Ghaeilge;
— athbhreithniú cuimsitheach a chur i gcríoch ar ról na Gaeilge sna hinstitiúidí oiliúna do mhúinteoirí chun a chinntiú go bhfuil siad oiriúnach dá bhfeidhm cumas sa Ghaeilge a chothú, maoiniú cuí a sholáthar do na hinstitiúidí seo, go háirithe iad siúd a chuireann Máistir Gairmiúil san Oideachas, agus tús a chur leis an obair chun Coláiste Oideachais ar leith lán-Ghaeilge a bhunú sa Ghaeltacht;
— uaireanta teagaisc reatha a chosaint don Ghaeilge i mbunscoileanna, agus féachaint ar bhealaí na huaireanta seo a mhéadú chun oideachas leordhóthanach sa teanga a sholáthar chun cainteoirí a chruthú de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta, lena n-áirítear tríd an pháirt-thumoideachas;
— scrúdú Gaeilge Dhroim Chonrach a chinntiú mar thástáil caighdeánach riachtanach i ngach bunscoil;
— moltaí an Chomhchoiste Oireachtas Gaeilge a chur i bhfeidhm maidir leis an sonraíocht T1/T2 Ardteistiméireachta Gaeilge, scrúdú cainte a chinntiú de luach 40% ar a laghad agus rogha Bonnleibhéal a thabhairt ar ais do Ghaeilge an Teastas Shóisearaigh, agus scrúduithe a chaighdeánú de réir leibhéil faoin gComhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha;
— Polasaí ar lean don Oideachas Gaeltachta a fhorbairt, agus é mar sprioc go mbeidh glacadh 100% le stádas mar Scoil Ghaeltachta sa Ghaeltacht, agus a leathnú chun scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a chuimsiú a dhéanann freastal ar phobail Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge;
— Pacáiste Tarrthála a sholáthar d'earnáil na gColáiste Samhraidh Gaeltachta agus sprioc fadtéarmach a shocrú faoina mbeidh deis ag gach dalta Gaeloideachais freastal;
— ranganna Gaeilge saor in aisce a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí ag leibhéil tosaitheora agus idirmheánach i ngach contae tríd na Boird Oideachais agus Oiliúna; and
— an tríú-leibhéal a chuimsiú mar chuid den Pholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, dualgas a chur ar an Údarás um ArdOideachas chun tabhairt faoin bpleanáil maidir le deiseanna an Ghaeilge a staidéar agus staidéar trí Ghaeilge ag an tríú-leibhéal a phleanáil, agus roghanna a scrúdú maidir le ollscoil lán-Ghaeilge a bhunú.
Tapóidh mé an deis seo chun labhairt faoi chearta teanga, faoi chearta oideachais agus faoin cheart atá ag gach leanbh in Éirinn an teanga náisiúnta a fhoghlaim agus a chuid nó a cuid oideachais go léir a fháil trí mheán na Gaeilge. Is ceart é seo atá fréamhaithe sa Bhunreacht, a leagann amach gurb í an Ghaeilge príomhtheanga oifigiúil an Stáit seo. Ba mhaith liom fáilte Uí Cheallaigh a chur roimh ionadaithe na n-eagras, na ngrúpaí agus na bhfeachtasóirí atá bailithe sa Ghailearaí inniu. Aithneoidh mé iad níos déanaí arís. Tá fáilte rompu. Tréaslaím leo agus guím gach rath ar a gcuid oibre amach anseo agus ar an obair atá déanta acu go dtí seo. Is mór an trua faoi láthair nach bhfuil an Rialtas seo nó na cinn roimhe seo ag cothú nó fiú ag sásamh an éilimh do Ghaeloideachas atá ann. Anuas air sin, tá cóiríocht níos measa ag foirgnimh Gaelscoileanna agus ní gá ach féachaint ar Ghaelcholáiste Reachrann sa phríomhchathair seo, mar shampla. Tá áiseanna níos measa ag daltaí Gaelscoileanna go rómhinic. Tá géarchéim ann maidir le caighdeán teagaisc sa Ghaeilge agus líon na múinteoirí cumasacha. Tá ganntanas níos measa maidir le múinteoirí sna scoileanna lánGhaeilge. Smaoinigh go raibh ar 80% de scoileanna Gaeltachta múinteoirí nach raibh líofa a earcú. Is é sin an fáth go bhfuil an rún seo á mholadh againn agus go bhfuilimid ag moladh sa rún seo go bhfuil gá le liúntas lánGhaeilge agus Gaeltachta a thabhairt ar ais agus féachaint ar an ról atá ag an nGaeilge sna coláistí oiliúna agus b'fhéidir coláiste oiliúna lánGhaeilge a athbhunú.
B'fhéidir gurb é an léiriú is fearr ar neamhshuim Rialtais sa chomhthéacs seo ná córas na ndíolúintí, atá tar éis pléascadh gan srian ionas go bhfuil dalta amháin as gach ochtar nach bhfoghlaimíonn an Ghaeilge sa mheánscoil. Is léir ó taighde saineolaithe go bhfuil buntáistí ag baint leis an ilteangachas do dhaltaí le huathachas. Tá sé ráite ag Cumann Disléicse na hÉireann go bhfuil na critéir reatha do na díolúintí "inherently flawed" agus "completely inconsistent with the rest of the evidence-gathering process". Áfach, dúirt an tAire, an Teachta McEntee, liom an tseachtain seo caite nach bhfuil aon pleananna aici faoi láthair an polasaí reatha maidir leis na díolúintí a athrú. Mo náire í.
Go bunúsach tá an Rialtas ag loiceadh ár leanaí. As an 4,023 dhalta i rang a sé inár nGaelscoileanna i mí an Mheithimh 2020, ní raibh spás i nGaelcholáistí ach do 1,688 acu, rud a chiallaíonn go raibh ar dhá thrian díobh casadh ar oideachas trí Bhéarla ag aois 12. Tá gá le cur chuige iomlán difriúil, le rannóg ar leith sa Roinn Oideachais ag díriú isteach ar Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí nua a bhunú nó cinn Bhéarla a aistriú go Gaeilge más gá. Féach ar an mhéid atá tarlaithe le Synge Street CBS agus leis an bhfeachtas Baile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Fógraíodh díreach roimh an toghchán go raibh céim chun tosaigh glactha le Gaelcholáiste nua a bhunú ansin trí aistriú bliana i ndiaidh bliana ón mBéarla ansin, ach níl sé le tarlú sa suíomh sin anois. Tá ar an Aire agus ar an Rialtas díriú isteach ar shuíomh nua ionas go n-osclóidh an Gaelcholáiste úr sin i mí an Mheithimh 2026.
Tá gá chomh maith le fuinneamh, le háiseanna, le suíomhanna agus le maoiniú láithreach chun Gaelcholáistí a oscailt. Tá an t-éileamh cruthaithe cheana féin i gceantair ar nós Baile Átha Cliath 9, Baile Átha Cliath 18, Coill na Silíní, Caisleán an Bharraigh, Cloich na Coillte, an Tulach Mór, Sord-Mullach Íde agus áiteanna eile nach bhfuil luaite agam. Tá gá díreach isteach orthu sin agus díriú isteach ar na ceantair eile nach bhfuil luaite agam, ina bhfuil sé léirithe cheana féin go bhfuil Gaeloideachas, Gaelcholáiste agus Gaelscoileanna de dhíth, ina measc áiteanna timpeall na tíre nach bhfuil aon cheann acu sin ar fáil. Má táimid dáiríre faoi cheist an Ghaeloideachais, caithfimid díriú isteach air sin.