I welcome the Minister, Deputy Calleary, and invite him to make his opening statement.
Seachtain na Gaeilge: Ráitis
Gabhaim buíochas leis an gCoiste Gnó as an deis seo cúrsaí Gaeilge a phlé. Mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus mar Aire na Gaeltachta, fáiltím roimh an deis labhairt inniu anseo i nDáil Éireann. Mar atá ráite agam in áiteanna eile, is onóir mhór dom é a bheith anseo mar Aire na Gaeltachta agus Gaeilge. Mar a dúirt mé i ngach díospóireacht a bhí againn sa Dáil le haghaidh 18 bliain anois, níl an Ghaeilge do Sheachtain na Gaeilge amháin. Tá sí ann gach lá. Ba cheart, mé féin san áireamh, go mbainfear i bhfad níos mó úsáide as an nGaeilge atá againn sa Teach gach lá. Is teanga bheo í an Ghaeilge ach chun an bheocht sin a choimeád, ní mór dúinne, mar ionadaithe poiblí, í a labhairt go rialta agus a bheith inár n-eiseamláir dár bpobail. Le linn na seachtaine nó na coicíse seo, déanaimis gach iarracht aon chomhrá a bhíonn againn a thosú as Gaeilge. Caithfimid é sin a leanúint gach seachtain eile den bhliain.
Tá réimse leathan freagrachtaí ar mo Roinn maidir leis an nGaeilge, ní hamháin sna ceantair Ghaeltachta ach ar fud na tíre agus ar fud an domhain.
Bhain an Rialtas deiridh mórán amach maidir le cur chun cinn na Gaeilge, agus tá an Rialtas seo tiomanta na spriocanna maidir leis an Ghaeltacht agus an Ghaeilge atá sa chlár Rialtais a bhaint amach. Tá méadú suntasach tagtha ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta le cúpla bliain anuas. Mar thoradh ar ardú €6 mhilliún i mbliana, tá an chistíocht is airde fós - €106 mhilliún san iomlán - ar fáil ag mo Roinn don bhliain seo. Léiríonn an maoiniú suntasach seo tiomantas an Rialtais do chur chun cinn na teanga agus do phobal na Gaeltachta, tobar na teanga.
Tá Údarás na Gaeltachta i mbun cúraim sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre ó bunaíodh é. Lean sé leis an obair a bhí ar siúl ag Gaeltarra Éireann roimhe sin agus freagrachtaí níos leithne aige i bhforbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta. Mar bhunchuspóir de pholasaí an údaráis, tá caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo agus í a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile. Is cúram fíorthábhachtach i bhforbairt aon phobail é an fhostaíocht agus cruthú fostaíochta. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás beagnach 900 post nua a chruthú sa Ghaeltacht in 2024 agus go raibh beagnach 10,000 post ina gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana seo caite. Tréaslaím a chuid oibre leis an údarás.
Beidh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 ar ais sa Dáil go luath tar éis dó an Dara Céim a chríochnú roimh olltoghchán na bliana seo caite. Tá athbhunú toghcháin don údarás luaite sa chlár Rialtais nua agus tá sé i gceist agam leanúint leis an mBille seo a thabhairt trí Thithe an Oireachtais. Ceann de na ceisteanna is práinní laistigh de phobail na gceantar Gaeltachta agus go náisiúnta araon ná soláthar tithíochta. Soláthraítear i mBille an údaráis chomh maith an chumhacht don údarás tailte atá i seilbh na heagraíochta a dhiúscairt chuig comhlacht aitheanta ceadaithe tithíochta nó chuig údarás tithíochta chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht. Táimid an-dáiríre faoin ábhar seo. Bhí cúpla smaoineamh iontach sa díospóireacht faoi rún Shinn Féin aréir.
Ag leibhéal náisiúnta agus ar fud an oileáin, tá Foras na Gaeilge ag obair ar bhonn uile-oileáin agus é ag cur na Gaeilge chun cinn. Is áisíneacht de chuid an Fhorais Teanga Thuaidh-Theas é agus obair thábhachtach idir lámha aige ó Thuaidh agus ó Dheas. Tá dlúth chomhoibriú ag mo Roinn lenár bpáirtithe sa Roinn Pobail ó Thuaidh ag cinntiú go n-éireoidh le hobair Fhoras na Gaeilge agus, go deimhin, le hobair an Fhorais Teanga. Leanann dúshláin aon chomhoibriú. Tá dúshláin airgeadais an fhorais tagtha chun solais le déanaí, agus an cheist pléite anseo sa Dáil arís inné agus ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge cúpla seachtain ó shin. Mar a dúirt mé ag an am sin, bhí cruinniú práinneach agam féin le Foras na Gaeilge chun an cheist a phlé nuair a tháinig sé chun solais. Is dúshlán é seo don fhoras agus do na heagraíochtaí pobail a fhaigheann tacaíocht ón bhforas. Is dúshlán é don Rialtas chomh maith agus, dá réir, tá gach iarracht fós ar siúl agus á dhéanamh againn chun teacht ar réiteach. Leanann an obair ar aghaidh agus tá mé ag coinneáil súil ghéar air.
Tá cloiste againn go léir mar gheall ar an bpleanáil teanga agus na pleanálaithe teanga atá i mbun na hoibre seo. Deich mbliana ó shin, rinne an Stát infheistíocht dár luach €500,000 sa réimse seo. Inniu, deich mbliana níos déanaí, tá infheistíocht dár luach €6.7 milliún á déanamh ag an Stát sa Ghaeilge agus i bpobal na Gaeltachta trí obair na pleanálaithe teanga. Dar liom, tugann an infheistíocht shuntasach sin le fios tiomantas an Rialtais i leith na teanga. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an bpróiseas ó cuireadh tús leis agus gach ceann den 26 limistéar pleanála teanga chomh maith leis an gcúig líonra Gaeilge agus an naoi mbaile seirbhíse Gaeltachta anois i mbun gnímh, agus toradh a gcuid oibre le brath ar an talamh i measc an phobail.
Is trí chomhoibriú le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge atáthar ag baint amach spriocanna an Rialtais maidir leis an obair seo ach tá cistíocht ar fáil do roinnt eagraíochtaí eile, leithéidí: Tuismitheoirí na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta. Cuireann an chistíocht seo ar a gcumas tacaíochtaí praiticiúla breise a chur ar fáil ar leas an phróisis. Tacaíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta, mar shampla, le tuismitheoirí atá ag tógáil a leanaí le Gaeilge. Tuigimid uile a thábhachtaí is atá sé an Ghaeilge a bheith á labhairt sa mbaile, le leanaí agus leis an gcéad ghlúin eile. Chomh maith leis sin, tá scéim na gcúntóirí teanga leathnaithe amach go dtí na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí le cúpla bliain anuas, scéim atá fíorthábhachtach mar go gcuireann sé tacaíochtaí breise ar fáil sna scoileanna do leanaí nach bhfuil an Ghaeilge sa bhaile acu, b'fhéidir. Oibríonn na scéimeanna fíorthábhachtacha seo ó lá go lá, ó bhaile go baile agus ó shráidbhaile go sráidbhaile i measc an phobail ag buanú na teanga mar theanga phobail. Sna blianta amach romhainn, táthar ag súil le tús áite a thabhairt don obair chun seirbhísí óige sa Ghaeltacht a fhorbairt agus a leathnú amach ar bhonn lárnach. Ar ndóigh, gan an óige nó an chéad ghlúin eile, ní mhairfidh an teanga mar theanga pobail.
Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Snodaigh as an díospóireacht aréir. B'fhéidir nár ghlacamar leis an rún ach bhí díospóireacht iontach againn agus tháinig a lán codanna iontacha as. Gan dabht agus muid ag caint ar an bpleanáil teanga, táimid ag caint ar phobal an oileáin trí chéile. Táimid ag comhoibriú ar bhonn uile-oileáin, ag buanú agus ag neartú an phobail tríd an teanga. Ar ndóigh, tá mórán scéimeanna tacaíochta don phobal teanga á gcur ar fáil ag mo Roinn d'ár gcéad ghlúin eile agus lárnach san obair atá ar bun ar an talamh. Luaigh mé scéim na gcúntóir teanga níos luaithe, ach d'fhéadfáinn trácht a dhéanamh freisin ar scéim na gcampaí samhraidh agus, gan dabht, scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge atá ar bun le breis is 50 bliain. Ghlac breis is 27,000 foghlaimeoir páirt i gcúrsaí ag coláistí Gaeltachta faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge in 2024. Beidh níos mó ná €6 mhilliún á infheistiú ag mo Roinn go bliantúil san earnáil seo faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta amach anseo. Sin infheistíocht shuntasach, dar liom.
Cuireadh tús leis an scéim DEIS Gaeltachta, sé sin scoláireachtaí Gaeltachta do dhaltaí i scoileanna DEIS, le blianta beaga anuas. I mbliana, ceadaíodh ciste €900,000 chun an scéim a leathnú amach. Tá súil againn go mbeidh os cionn 800 scoláire in aghaidh na bliana as na hiarbhunscoileanna DEIS ar fud na tíre in ann tairbhe a bhaint as tréimhse foghlama sa Ghaeltacht. Creidim gur deis iontach é seo d'óige na tíre. Ritheadh rún sa Dáil inné le hoideachas sa Ghaeilge a chinntiú. Tá dlúthchaidreamh ag mo Roinn leis an Roinn Oideachais agus comhoibriú leanúnach idir an dá Roinn maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais. Beidh mé ag obair an-dian ar an ábhar seo.
Mairimid inniu sa ré dhigiteach, ré dhúshlánach do phobail teanga ar nós phobal na Gaeilge. Ní mór do phobal na Gaeilge a fheidhmiú sa ré nua seo. I mí na Nollag 2022, d'fhoilsigh an Rialtas plean digiteach don Ghaeilge. Ta sé mar aidhm ag an bplean leas a bhaint as acmhainní teicneolaíochta agus digiteacha chun tacú le húsáid na Gaeilge ar ardáin dhigiteacha éagsúla, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin, na meáin shóisialta, áiseanna oideachais, áiseanna do dhaoine faoi mhíchumas agus uirlisí digiteacha eile. Anuraidh, foilsíodh an straitéis d'ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge 2024-27, straitéis atá fíorthábhachtach leis na healaíona teangabhunaithe a chur chun cinn agus a neartú i measc an phobail i gcoitinne agus freisin mar bhealach chun iad a chur san áireamh sa chóras oideachais agus sa chóras luathbhlianta. Cuirfidh an straitéis seo bonn níos láidre faoi na healaíona teangabhunaithe nuair a bheidh na moltaí atá inti curtha i bhfeidhm. Tá infheistíocht mhór á déanamh againn freisin in Oireachtas na Gaeilge chun ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge a fhorbairt, a neartú agus a chur chun cinn. Ag croílár obair mo Roinne, tá cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021-----
Tá cathú orm chuir isteach ort. Ní dóigh liom go bhfuil córam againn.
No, beidh seans ag an Teachta i gceann nóiméid. Leanfaimid ar aghaidh leis an Aire anois.
An bhfuil córam againn? Tá mé díreach ag iarraidh a chinntiú go bhfuil córam againn sa Teach.
The Deputy is looking for a quorum.
Tá cathú orm chur isteach ort, a Aire.
If Deputy McGuinness is pulling others up on technicalities, there are technicalities for how he makes interventions as well.
Ag croílár obair mo Roinne, tá cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus an bogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach. Céim shuntasach chun cinn sa mhéid seo a bhí i bhfoilsiú an chéad phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair anuraidh. Tá sé i gceist go bhfeidhmeoidh an plean náisiúnta seo, atá bunaithe ar chúig mhórthéama straitéiseacha, mar threochlár do chomhlachtaí poiblí maidir le líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí Gaeilge a chuirtear ar fáil a mhéadú agus a fheabhsú go córasach. Tabharfaidh sé conair chun cur le líon na mball foirne le hinniúlacht Ghaeilge chun soláthar na seirbhísí sin a éascú freisin, de réir sprioc earcaíochta an Achta, is é sin go mbeidh ar a laghad 20% den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoin 31 Nollaig 2030. Tacófar leis an bplean náisiúnta seo le dhá phlean gníomhaíochta trí bliana, leis an chéad cheann le tréimhse 2025 go 2027 a chlúdach. Tá sé beartaithe an chéad phlean gníomhaíochta sin a chur faoi bhráid an Rialtais lena cheadú sna míonna amach romhainn.
Chun tacú leis seo go léir, tá buiséad €1.5 milliún ar fáil in 2025 do thionscnaimh seirbhíse poiblí a chuirfidh go mór leis na hiarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn i soláthar seirbhísí poiblí. Sheol mo chomhghleacaí, an Aire Stáit, an Teachta Thomas Byrne, gréasán Gaeilge na hearnála poiblí anuraidh. Infheisteofar os cionn €1 milliún sa tionscadal seo sna trí bliana amach romhainn le tacaíocht ó mo Roinn chun tacú leo siúd atá ag iarraidh a gcuid scileanna teanga a fhorbairt. Molaim do na Teachtaí go léir a gcuid bhfoirne ina n-oifigí sna Dáilcheantair agus san Oireachtas a spreagadh le húsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge agus clárú leis an ngréasán, agus le leas a bhaint as na tacaíochtaí agus na deiseanna atá an Stát ag cur ar fáil do na Comhaltaí ar fad anseo i dTeach Laighin.
Aithníonn mo Roinn an gá atá le cabhrú leis na daoine ar fad atá ag teacht chun na tíre seo ar chúis amháin nó eile. Tá sé tábhachtach dóibh go mbeadh sé ar a gcumas a bheith páirteach sa tsochaí anseo. Chuige sin, tá maoiniú suntasach curtha ar fáil ag mo Roinn le cúpla bliain don fheachtas Céad Míle Fáilte, feachtas fiúntach agus fíorthábhachtach a thugann deis do nua-Éireannaigh a bhféiniúlacht Éireannach a láidriú.
Chun imeachtaí na seachtaine seo, Seachtain na Gaeilge, a chlúdach, cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil don chiste spreagtha, ciste atá ag tacú le himeachtaí pobail ar fud na tíre le linn na seachtaine agus go háirithe thar dheireadh seachtaine Lá Fhéile Pádraig. Anseo inár bpríomhchathair, tá Baile Átha Cliath le Gaeilge i mbun oibre chun dlús a chur le húsáid na teanga i measc an lucht gnó. Le seachtain anuas, d'fhógair mé ós cionn €4 milliún don togra Gaeilge365 chun an teanga a nascadh le seirbhísí na n-údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath. Bhí oíche iontach againn aréir i Halla na Cathrach i lár Bhaile Átha Cliath chun ceiliúradh a dhéanamh ar obair Gaeilge365. Aithníonn an Rialtas an fiúntas a bhaineann leis na scéimeanna agus na feachtais éagsúla seo, an dea-thionchar atá acu i measc an phobail, agus an chaoi a gcuireann siad an Ghaeilge chun cinn ar bhealach atá éadrom, spreagúil agus cumasach. Ar ais san ardchathair arís, ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge cúpla seachtain ó shin bhí áthas orm an athfhorbairt mhór atá á dhéanamh ar 6 Sráid Fhearchair a fhógairt. Ar ndóigh, is ionad stairiúil é an foirgneamh seo a bheidh mar mhol lárnach don Ghaeilge agus do chultúr na Gaeilge i lár na cathrach anseo i mBaile Átha Cliath. Tá allúntas €3.1 milliún ceadaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun tús a chur leis an obair i mbliana ionas go mbeimid réidh le tairiscintí a lorg don mhórfhorbairt faoi 2026.
Tá an Rialtas seo, mé féin agus m'fhoireann tiomanta geallúintí an Rialtais i leith forbairt agus buanú na Gaeilge a chur i bhfeidhm, i gcomhar leis na Teachtaí uile agus leis an bpobal, agus tá muid ag súil le leanúint leis an obair le linn na blianta atá amach romhainn. Tá súil agam go mbeidh deis ag Teachtaí a gcuid Gaeilge a úsáid le linn na seachtaine seo. Tá sé iontach go bhfuil - tá mé ag ceapadh - níos mó Gaeilgeoirí sa Dáil seo ná mar a bhí lena lán blianta anuas. Tá sé tábhachtach go labhraímid an teanga sa Dáil agus sa Seanad. Tá sé tábhachtach freisin go leanfaimid ar aghaidh agus an gcoiste Gaeilge agus na Gaeltachta a athbhunú.
Go mbaine na Teachtaí sult as úsáid na Gaeilge. Tá súil agam go mbeidh i bhfad níos mó díospóireachtaí againn i nGaeilge faoin nGaeilge agus faoi ábhair eile, agus ní hamháin an díospóireacht bhliantúil le haghaidh Seachtain na Gaeilge.
Anois, rachaimid chuig Páirtí Shinn Féin. Tosóimid leis an Teachta Ó Snodaigh. Tá trí nóiméad aige.
Tá a lán cainte an tseachtain seo le linn Seachtain na Gaeilge - nó coicís na Gaeilge ag an staid seo - faoi bhrí focail Ghaeilge. Bhí a lán cainte ann le déanaí faoi cad is “bréag” ann. An bréag a bhí i gceist in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, ós rud é go bhfuil ailt 9A, 18C, 18E agus 19A á sárú ag an Rialtas? An bréag a bhí i gceist leis an ndualgas in Acht an Gharda Síochána, 2003 gardaí le Gaeilge a lonnú sa Ghaeltacht, dualgas atá á shárú go leanúnach ag an Rialtas? An bréag a bhí sna geallúintí go dtiocfadh toghchán Údarás na Gaeltachta ar ais? Cad faoin ngeallúint i leith scéim labhairt na Gaeilge? An bréag a bhí sna geallúintí go léir faoi threoirlínte pleanála Gaeltachta, sé sin go mbeadh siad ann faoin Nollaig 2021, agus ansin sa chéad ráithe de 2022, roimh dheireadh 2022, go luath i 2023, i lár 2023, faoi Cháisc 2023, agus i lár 2024? Ní raibh na treoirlínte luaite in óráid an Aire díreach anois. An bréag a bhí ann nuair a dúirt oifigigh an Roinn tithíochta in 2022 go raibh na treoirlínte críochnaithe acu ach go raibh siad ag fanacht ar Roinn na Gaeltachta? An bréag a bhí ann nuair a dúirt an Roinn Gaeltachta in 2023 go raibh na treoirlínte críochnaithe aige ach go raibh sé ag fanacht ar an Roinn tithíochta? Níl mise ag rá gur bhréag a bhí ann, ach is léir nach bhfuil an fhírinne i gceist sna ráitis seo go léir. Níl na treoirlínte fiú luaite sa chlár Rialtas i mbliana cé go bhfuil bánú ag tarlú sa Ghaeltacht, nuair nach féidir leis an gcuid is mó den ghnáthphobal teach a thógáil nó a cheannach sna ceantair sin. Tá líon na nGaeilgeoirí laethúla ag titim. Tá borradh ar an nGaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a bhuí go háirithe le leithéidí Kneecap agus na díograiseoirí eile thar na cianta a bhí ag streachailt ina measc. Ach tar éis 20 bliain de dhí-infheistiú ón Rialtas anseo, agus an DUP anois ag cur cosc ar arduithe maoinithe, tá iarrachtaí pobal ag streachailt fad is atáimid anseo ag maíomh as a gcuid oibre.
Thug Sinn Féin an deis don Dáil aréir dul níos faide ná béalghrá bliantúil na ráitis seo. Bhí sé spéisiúil nár labhair aon duine ó Fhianna Fáil sa díospóireacht sin. Dúirt Teachtaí Fhine Gael gur chóir go mbeadh oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil do chách ach anocht vótálfaidh siad i gcoinne an rún chun an ceart sin a aithint. Tá focal againn i nGaeilge nuair nach ndéanann daoine gníomhú de réir a mbriathra - "bréag" atá i gceist ansin.
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach. Tá sé de phribhléid labhairt inniu faoinár dteanga náisiúnta, an Ghaeilge, teanga an oileáin seo agus teanga na nGael. Tá mé mórtasach agus bródúil go bhfuil mo theanga féin á labhairt agam anseo inár bParlaimint náisiúnta.
Labhair le haon Gaeilgeoir agus déarfaidh sé nó sí an rud céanna faoin mhothúchán a mhúsclaíonn sí ionainn agus sinn á labhairt. Is teanga bheo í an Ghaeilge, teanga a mhair trí na céadta bliain de dheacrachtaí agus dúshláin, teanga a d’fhan dílis dár n-oidhreacht, dár n-aitheantas agus dár spiorad. Is croílár ár náisiúin í agus is í an nasc a nascann sinn lenár n-am atá caite, lenár láthair agus lenár todhchaí. Is í an snáithe órga a nascann sinn le glúnta atá imithe romhainn agus a threoraíonn sinn i dtreo todhchaí ina mbeidh ár n-oidhreacht beo bríomhar.
Is í an fhuaim a thugann beatha dár stair, dár seanchas agus dár dtraidisiún. Is í an teanga a labhair ár laochra, ár bhfilí, ár réabhlóidithe agus ár n-ealaíontóirí. In ainneoin an easa in aghaidh a snámhann sí, tá líon na ndaoine atá ag foghlaim agus ag úsáid na Gaeilge ag méadú de réir a chéile. Tá an Ghaeilge le feiceáil níos mó is níos mó inár saol poiblí, inár meán cumarsáide agus inár gcóras oideachais. Tá todhchaí na Gaeilge idir lámha ach tá sé in am dúinn an Ghaeilge a labhairt le bród, í a fhoghlaim le paisean agus a roinnt le grá.
Tá Sinn Féin dáiríre faoin teanga agus faoi thodhchaí na teanga. Tá polasaithe agus pleananna Shinn Féin dáiríre faoi Éire a bheith ina háit shábháilte don Ghaeilge, in ainneoin an caith san aer, an neamhaird agus an dímheas a thagann ó dhreamanna eile i bhfad rómhinic.
Tá gá le maoiniú don Ghaeilge a ardú, go háirithe i scéimeanna Fhoras na Gaeilge, lena bhfuil ciorraithe de 45% déanta orthu le 20 bliain anuas. Tá gá le Gaeloideachas a chur ar fáil mar cheart do dhaltaí atá á iarraidh ag gach leibhéal agus in gach cuid dár dtír. Tá gá le Gaeilgeoirí a chóiméad sa Ghaeltacht le tithíocht agus fostaíocht agus stop a chur le bánú na Gaeltachta. Is ceist an-dáiríre í sin i mo cheantar féin i nGaeltacht na nDéise in iarthar Phort Láirge, áit a bhfuil teip ag teacht agus baol á chur ar thodhchaí na Gaeltachta mar gheall ar an easpa tithíochta. Impím ar an Aire, an Teachta Calleary, beart a dhéanamh dá réir a bhriathar air sin.
Tá sé de dhualgas orainn sa Teach seo an Ghaeilge a chosaint, a chur chun cinn agus a neartú. Caithfidh muid tacaíocht a thabhairt do na pobail Ghaeltachta, na scoileanna lán-Ghaeilge agus na heagraíochtaí atá ag obair chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Caithfidh muid an Ghaeilge a labhairt, a scríobh, a léamh agus a chanadh. Caithfidh an Ghaeilge a bheith mar chuid lárnach dár saol laethúil, gan drogall gan náire agus gan lagmhisneach.
Mar dhuine ón Ghaeltacht agus mar dhuine a chónaíonn sa Ghaeltacht, is mian liom Seachtain na Gaeilge a úsáid mar dheis chun cuid de na hábhair atá ag cur imní ar mo phobal maidir le tithíocht a chur os comhair na Dála agus a léiriú. Ar feadh na mblianta, diúltaíodh cead pleanála do go leor daoine is muintir na Gaeltachta, cé go raibh easpa tithíochta le ligin ar cíos sa cheantar seo. Mar is eol dúinn, tá na tithe atá ar fáil ar cíos róchostasach. Tá na cinn atá le ceannach róchostasach fosta. I nDún na nGall, tá sé seo níos measa mar gheall ar an ghéarchéim ó thaobh na mbloc coincréite lochtaí.
Bhí triúir i dteagmháil le m’oifig ar na mallaibh ón Ghaeltacht agus iad i mbaol go mbeadh siad fágtha gan dídean. Is rud é seo nach raibh againn riamh i gceantar Dhún na nGall san am a chuaigh thart. Is é polasaí tithíochta an Rialtais is cúis leis seo.
Is é ceann de na constaicí is mó atá ag muintir na háite ná cead pleanála a fháil. Cé go bhfuil sé ráite ag an Rialtas go bhfuil sé i bhfabhar cead pleanála, tá a fhios againn go bhfuil fadhb mhór ó thaobh cead pleanála a fháil, go háirithe ar an phríomhbhóthar náisiúnta. Is é an príomhbhóthar náisiúnta ná an N56 a théann trí mhórchuid cheantar agus Ghaeltacht Dhún na nGall. Is é an N56 cnámh droma Dhún na nGall. Tá sé seo ag cruthú faidhbe millteanaí móire do dhaoine, go háirithe do lánúin óga atá ag iarraidh a gcuid teaghlach a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht mar nach bhfuil siad ábalta fanacht inti. Caithfidh an Rialtas comhréiteach a dhéanamh agus glacadh leis go bhfuil an polasaí seo ag déanamh dochar dochreidte do Ghaeltacht Dhún na nGall. Is rud é seo go bhféadfadh an Rialtas gníomhú air láithreach agus tá sé ráite is ardaithe agam arís is arís eile sa Dáil seo. Mar atá cúrsaí, caithfidh daoine an ceantar a fhágáil mar nach bhfuil siad ábalta an cead pleanála a fháil. Cuireann sé slánú ár dteanga dúchais i mbaol. Is í fírinne an scéil ná go bhfuil titim ar líon na gcainteoirí a luaigh go bhfuil Gaeilge acu sna ceantair Ghaeltachta le dhá dhaonáireamh as a chéile. Níl ach teaghlach amháin as gach cúigear ag tógáil clainne le Gaeilge anois.
Níl na treoirlínte pleanála Gaeltachta - atá geallta dúinn ón iarAire tithíochta, atá ina Aire Iompair reatha anois, an Teachta O’Brien, - feicthe againn go fóill. Gheall sé iad in 2021. Ní dhearnadh go leor infheistíochta ach an oiread i mbonneagar Gaeltachta ó thaobh leictreachais, uisce agus séarachais de. Tá sé seo le feiceáil go soiléir. I mo cheantar féin, tá réabadh ar na píopaí uisce chóir a bheith achan seachtain agus níl scéim séarachais Ghaoth Dobhair ag dul chun tosaigh mar a bhí geallta agus beartaithe. Caithfidh muid i bhfad níos mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge, na Gaeltachta agus na teanga náisiúnta de. Mar shampla amháin, chuir Sinn Féin seacht n-uaire níos mó airgid ar fáil don earnáil ná mar atá á chur ar fáil faoi láthair. Sin an rud atá ag teastáil.
Tá mé an-bhuíoch as an deis labhairt faoi thábhacht na Gaeilge sa Gaeltacht agus Seachtain na Gaeilge faoi lánseol. Ar ndóigh, labhraíonn muintir na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge an teanga chuile lá den bhliain. Tá sé fíorthábhachtach, áfach, go dtapaíonn muid an deis chun cinntiú go bhfuil muid ag tabhairt na tacaíochta atá ag teastáil uathu, agus ó na hoifigigh pleanála teanga, na coistí agus na pobail dheonacha atá taobh thiar dóibh atá ag obair sna limistéir phleanála teanga, sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna líonraí Gaeilge sa Tuaisceart agus sa Deisceart, go háirithe sna dá bhaile seirbhíse Gaeltachta agus an deich limistéar i mo Dháilcheantar féin, ó Bhaile Chláir na Gaillimhe go Cloch na Rón, agus ó na hOileáin Árainn go Dúiche Sheoighe.
Chomh maith leis sin, caithfidh muid a chinntiú gur féidir le gnáthphobail na Gaeltachta fanacht sa Ghaeltacht. Tá bánú na Gaeltachta ag tarlú. Sin an fáth go bhfuil an feachtas, BÁNÚ, ann de bharr nach bhfuil daoine in ann fanacht ina gceantair féin. Chuala muid an seachtain seo arís é. D’ardaigh bean óg, Caitríona Ní Chualáin, an cheist seo arís. Níl sí in ann tógáil ina ceantar féin in Indreabhán. Níl daoine in ann teach a thógáil ná teach a fháil ar cíos agus níl siad in ann teach a cheannach. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh sé seo i gcroílár aon phlean atá ag an Rialtas seo don Ghaeltacht le go mbeidh daoine in ann fanacht sa cheantar agus teaghlach a thógáil ann.
Is soiléir go bhfuil spiorad nua sa Ghaeilge. Chonaic mé sin nuair a bhíos ar an gcomhchoiste leis an Teachta Ó Snodaigh, a raibh mar Chathaoirleach air. Bhí sé mar onóir dúinn bualadh leis na scoláirí sna Gaelcholáistí agus sna scoileanna, go háirithe iad siúd i mBaile Átha Cliath agus Béal Feirste. Gan dabht, tá an Ghaeilge beo ach tá a lán dúshlán ann chomh maith. D'fhoilsigh Sinn Féin Ár Seacht nDícheall don Ghaeilge, chun an teanga náisiúnta a spreagadh i mbéal an phobail. Is é an príomhrud a bhí ansin ná an cheart chun an Ghaeilge a úsáid mar is minic gur chuala mé ó dhaoine gur scríobh siad a n-ainmneacha i nGaeilge, ach nuair a tháinig an cárta nó rud mar sin ar ais, bhí sé scríofa síos i mBéarla gan cead. Gheall Sinn Féin chomh maith riachtanas nua don Ghaeilge i siopaí, ag cinntiú gur i nGaeilge nó go dátheangach a bheadh comharthaí siopaí, taispeántais fuinneoige agus mar sin de.
Tá saibhreas ann i logainmneacha sa tír seo ach níl an saibhreas sin ar na comharthaí bóithre. In 1892, dúirt Dubhghlás de hÍde go raibh dóchas agus muinín aige go n-áiteofar air Rialtas dúchasach Éireannach ár logainmneacha a athchóiriú, ach tá ár mbóithre fós truaillithe le bréag-ainmneacha gan brí cosúil le “quilty” agus “snave” agus mar sin de. Cé nach bhfuil muid ag iarraidh na hainmneacha Béarla a chosc, ba chóir go mbeadh Gaeilge ar na comharthaí bóithre cosúil le “Port Laoise” agus “Dún Laoghaire”.
Mar fhocail scoir, tá fadhbanna againn mar gheall ar chead pleanála. Cé go bhfuil spiorad ann sa Ghaeilge, aontaím go raibh mí-úsáid le blianta anuas ach ba chóir go mbeadh buntáiste acu siúd a bhfuil fonn orthu maireachtáil sa Ghaeltacht. Chun an Ghaeilge a chóiméad beo, ba chóir go mbeadh sí beo sna Gaeltachtaí.
Tá mé an-bhuíoch as an seans labhairt inniu, go háirithe agus ráitis Ghaeilge agus Seachtain na Gaeilge i gceist. Dearaim achan bhliain go bhfuil orm níos mó cleachtaidh a dhéanamh agus deirim achan bhliain go ndéanfaidh mé sin. Tá mé á rá anois é. Tchfídh muid cad é a tharlóidh. Tá cuid mhór ráite cheana féin maidir leis na fadhbanna atá i gceist. Tá a fhios againn go bhfuil fadhb ollmhór maidir le tithíocht sa tír ar fad. Tá cuid mhór fadhbanna nuair atá muid ag caint faoi cead pleanála tuaithe, ach tá cuid mhór fadhbanna ann sa Ghaeltacht.
Níl sé maith go leor ar chor ar bith nach bhfuil daoine ón Ghaeltacht in ann a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht. Níl sé maith go leor ach oiread nach bhfuil na treoirlínte déanta agus nach bhfuil an fhadhb seo réitithe faoin am seo.
Tá sé ar intinn agam caint fosta ar an fhadhb atá ann sa Roinn maidir le scolaíocht trí mheán na Gaeilge. Níl go leor acmhainní ag an Roinn agus tá plean de dhíth uirthi maidir le, más rud é go bhfuilimid ag caint faoi, achan rud ó naíonraí, an bhunscoil, an meánscoil agus an tríú leibhéal. Táimse ag caint sa chomhthéacs seo faoi Ghaelcholáiste Dhún Dealgan. Tá tá an scoil seo mar scoil satailíte de chuid Choláiste Ghlór na Mara agus an Foras Pátrúnachta i mBaile Brigín. Táimid an-bhuíoch as an scoil satailíte ach is pilot atá ann. Níl mé cinnte go bhfuil na hacmhainní ar fáil atá de dhíth ar an scoil seo agus ar an bhForas Patrúnachta le seo a chur i bhfeidhm mar is gnáth. Caithfidh go bhfuil fadhb ann leis an gcóras srutha atá i bhfeidhm faoin am seo, agus níl sé seo maith go leor. Tá cuid mór fadhbanna i gceist leis agus tá an scoil satailíte ag iarraidh go gcuirfí modh eile i bhfeidhm. Tá cuid mhór acmhainní de dhíth, mar a dúirt mé cheana féin, agus ba cheart go mbeadh níos mó cumhacht ag an Roinn chun na hacmhainní seo a chur i bhfeidhm agus córas níos fearr a chur i bhfeidhm. Tá sé sin de dhíth.
Is mór an onóir dom a bheith ábalta labhairt faoi Sheachtain na Gaeilge. Gabh mo leithscéal nach bhfuil Gaeilge líofa agam. Is cúis náire dom é nach bhfuilim lán-ábalta mé féin a chur in iúl tríd ár dteanga dhúchais. Is fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste mar a deirtear. Is ceiliúradh ár dteanga náisiúnta í Seachtain na Gaeilge. Anuas ar sin, tugtar deis dúinn an Ghaeilge a chur chun agus tacaíocht shuntasach don Ghaeilge a lorg ón Rialtas.
Seachtain na Gaeilge is a celebration of our national language but it should be more than just a festival. It could be a national movement that celebrates our language in a positive way. People of all ages have different abilities when it comes to speaking Irish but there should be an opportunity each day to engage with the Irish language in a fun and inclusive way. Whether someone is fluent or just knows a cúpla focal, this celebration encourages everybody to use and appreciate the language more.
One of the big challenges facing the language is its lack of everyday use outside of Gaeltacht areas – out in the wild. Despite spending 14 years learning Irish many people, including myself, leave school without the ability or confidence to speak it. This may be down to policy, to the method of teaching or to inadequate resources. I know from my own secondary school that, every year more and more students opt out of learning Irish. It is clear we need a new approach to prioritise practical learning, which improves people’s accessibility and competence.
Despite these issues it can be said we are in the midst of a Gaelic revival. Social media and technology have helped us to grow our grá for Gaeilge by making it accessible and bringing it to a whole new audience. Irish is the most popular language on Duolingo in Ireland. The Gaeilge hashtag has more than 120 million views on TikTok with influencers making the language cool and helping to banish the shadow of Peig.
Seachtain na Gaeilge is also an opportunity to build on these successes and encourage schools, businesses and communities across the country to create a positive and accessible atmosphere around the language. Like our language, art is at the heart of our national identity and cultural heritage. Speaking our language reinforces our connection to our past while showing the valuable role it creates in the present and will ensure its survival into the future. One of the most important benefits of Seachtain na Gaeilge is that it inspires people to learn more and improve their Irish. Many people who may be hesitant to use the language feel encouraged to give it a go during this week in a friendly, non-judgmental atmosphere which helps to build people’s confidence. For many people, their experience of Irish has been limited to the classroom where it can be seen as something to endure. When we have the opportunity to speak and celebrate our language it changes the perception by showing that Irish is a vibrant and living language that can be used in music, sport or comedy. Events such as concerts, storytelling sessions and céilís make learning and speaking Irish more enjoyable. When people see the language being used in a positive way they are more likely to embrace and use it.
Seachtain na Gaeilge is not just about promoting Irish. It plays a huge role in uplifting our musicians and artists. The week creates opportunities for people in creative professions to both use Irish and bring it into their work. It provides a platform for many organisations who are working to support the language, such as Conradh na Gaeilge, TG4, Foras na Gaeilge to use this time to highlight their initiatives and resources.
The impact of Seachtain na Gaeilge is not just national but global, with Irish enthusiasts and communities around the world getting involved and showcasing that Irish is a global language that connects people across continents through a shared love of language and culture. Art and music are powerful tools for cultural expression and Seachtain na Gaeilge reinforces the connection between language and identity. At last year’s Oscars, “An Cailín Ciúin” was the first film as Gaeilge to be nominated, and Kneecap has further renewed excitement and interest in the language, making it cool. Many Irish musicians and artists who use the medium of Irish struggle to get the same exposure as their English-speaking counterparts. Seachtain na Gaeilge allows them to take full advantage of putting the Irish language – particularly Irish language music, poetry and visual arts – into the spotlight. This is especially so for those who play folk or trad music. They benefit from increased demand for their performances during Seachtain na Gaeilge. This helps to support their careers financially and encourages venues to book Irish acts outside of Seachtain na Gaeilge. It is also great to see schools and youth groups organise talent shows and exhibitions, giving young artists performances so that they gain confidence and experience both with the language and with their art. Whether one is fluent or just starting out I would encourage anyone to take part in Seachtain na Gaeilge.
Tá an Ghaeilge beo beatha inniu, in ainneoin easpa acmhainní agus tacaíocht ón Rialtas, ach a bhuíochas le dúthracht agus díogras cheantair fud fad na tíre. Tá dualgas orainn ár dteanga dhúchais a chosaint. Iarraimid ar an Rialtas an teanga a chur chun cinn trí pholasaithe, maoiniú agus leasuithe oideachais. Molaim do gach duine an méid Gaeilge atá acu a úsáid le linn Seachtain na Gaeilge. Ar bharr sin, molaim do gach éinne a ndícheall a dhéanamh cúpla focal a úsáid ó cheann ceann na bliana.
This week made me reflect on my own use of language. Eu falo Português du Brasil. Je parle Français. Ora studio Italiano. I have used these phrases in the wild, in Dublin, during the past 12 months than I have ever used Irish, up to this week really. It has made me reflect on my use of the language which I intend to be a lot better if I am making this speech next year.
Sár-iarracht. Go raibh míle maith agat, a Theachta.
Creidim go bhfuil malartú cultúrtha agus meas nua tagtha ar ár dteanga dhúchais le blianta beaga anuas. Tá Pop-Up Gaeltachtaí, leabhair nua, podchraoltaí cosúil le "Motherfoclóir", ceol Kneecap agus a leithéid sin ag cabhrú leis an nGaeilge a chur chun cinn. Tá suim sa Ghaeilge ag daoine óga na linne seo, agus tá ár dteanga ar fáil do gach duine. Ní mór dúinn an deis seo a thapú agus seans a thabhairt do dhaoine an teanga a fhoghlaim anois, agus níos tábhachtaí fós, í a labhairt gach lá. Ba chóir dúinn tosú ar an obair seo sna scoileanna. An tslí is fearr chun teanga a fhoghlaim ná a bheith báite go dtí na súile inti. Mar sin, tá sé ríthábhachtach go dtabharfaimid deiseanna dár ndaltaí an Ghaeilge a labhairt istigh sna seomraí ranga agus taobh amuigh sa phobal.
Tá an t-ádh dearg orainn i mo Dháilcheantar féin, Baile Átha Cliath Thiar Theas, go bhfuil Gaelscoileanna iontacha againn, ar nós Gaelcholáiste an Phiarsaigh i Ráth Fearnáin; Gaelscoil na Giúise i dTeach na Giúise; Scoil Chaitlín Maude agus Scoil Santain i dTamhlacht; agus Gaelscoil Chnoc Liamhna i gCnoc Liamhna. Is mian liom scoileanna mar iad a fhás agus a fhorbairt ionas go mbeidh an deis ag i bhfad níos mó daoine óga an Ghaeilge a fhoghlaim agus a fhás aníos sáite inti.
Tugaim ardmholadh a thabhairt do na grúpaí éagsúla sa phobal agus na grúpaí comhrá i mo cheantar, Baile Buadáin le Gaeilge ach go háirithe, a dhéanann sárobair an Ghaeilge a chur chun cinn ag comhoibriú le club CLG Baile Buadáin Naomh Éanna. Eagraíonn siad imeachtaí iontacha agus ranganna trí Ghaeilge a léiríonn an fhoghlaim nádúrtha. Bíonn toradh thar barr ag tionscnaimh mar ghrúpaí WhatsApp as Gaeilge chomh maith. Ní mór dúinn ár seacht ndícheall a dhéanamh chun tionscnamh mar seo a chothú sa phobal, chomh maith le níos mó deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga ár dteanga dhúchais a labhairt sa chóras oideachais agus ar chuairteanna go dtí na Gaeltachtaí. Is trí í a labhairt a thiocfaidh méadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge.
Is mór an onóir dom seasamh os bhur gcomhair inniu chun Seachtain na Gaeilge a chomóradh agus chun cloch mhíle thábhachtach i scéal na Gaeilge a cheiliúradh. Agus muid ag machnamh ar stair ár dteanga agus ar a todhchaí, tá sé ríthábhachtach an dul chun cinn iontach atá déanta againn a mheas, go háirithe ar stáitse na hEorpa. Ag meán oíche ar an 31 Nollaig 2021, bhain an Ghaeilge cothromas iomlán amach le 23 teanga oifigiúil eile an Aontais Eorpaigh. Nóiméad tábhachtach a bhí anseo, agus ní hamháin d'Éirinn. Ón 1 Eanáir 2022, tháinig deireadh leis an maolú a bhí i bhfeidhm ó 2007 agus bhain an Ghaeilge stádas iomlán amach in institiúidí an Aontais Eorpaigh i ré nua don chomhionannas teanga. Is aitheantas suntasach é an fhorbairt seo ar an nGaeilge agus ar ár bhféiniúlacht ar leith mar phobal. Dearbhaíonn sé, ag an leibhéal is airde go hidirnáisiúnta, nach déantúsán stairiúil amháin í an Ghaeilge nó iarsma ón am atá thart, ach teanga bheo atá ag forbairt, á labhairt ag go leor agus a bhfuil meas ag na milliúin uirthi. Is teanga de chuid an Aontais Eorpaigh í anois, a úsáidtear ar an mbealach céanna le haon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh.
Cad a chiallaíonn an t-aitheantas iomlán seo dúinne mar náisiún? Ar an gcéad dul síos, cuireann sé an Ghaeilge ar chomhchéim le teangacha bhunaitheoirí an Aontais, chomh maith le teangacha na mballstát is deireanaí a tháinig isteach ó shin. Is admháil é go bhfuil teanga againn, mar phobal, a léiríonn ár gcultúr, ár n-oidhreacht agus ár dtraidisiúin uathúla. Léiríonn sé freisin don domhan go bhfuil ómós agus meas ar éagsúlacht teanga agus chultúrtha na hÉireann laistigh den chreat Eorpach. Ní ceist stádas oifigiúil nó gradam amháin atá san éacht seo, áfach. Is aitheantas é go mbaineann ár dteanga le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh ar bhealach fíorphraiticiúil. Ciallaíonn an cinneadh an Ghaeilge a thabhairt isteach go hiomlán taobh istigh den Aontas go mbeidh an Ghaeilge ar fáil as seo amach le húsáid i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, i gcumarsáid agus i seirbhísí poiblí, díreach mar a dhéantar leis na teangacha oifigiúla eile. Deis atá ann dóibh siúd san Aontas Eorpach taithí a fháil ar shaibhreas ár dteanga, agus is freagracht é nach mór dúinn a ghlacadh anois mar náisiún. Cé go bhfuil a háit cheart ag an nGaeilge anois laistigh d'institiúidí an Aontais Eorpaigh, ní mór dúinn a aithint nach bhfuil sa stádas seo, cé go bhfuil sé tábhachtach, ach an tús.
Ní leor an Ghaeilge a bheith le cloisteáil i hallaí na Bruiséile agus Strasbourg. Bhí mé ag fágáil bialann i Lucsamburg cúpla bliain ó shin agus thosaigh roinnt daoine ag labhairt Gaeilge liom. Bhí mé an-bhródúil ag an am sin, agus tá sé iontach an Ghaeilge a chloisteáil sna cathracha sin. Ní mór í a chloisteáil agus a labhairt anseo sa bhaile, i saol laethúil ár ndaoine. Ní luíonn fíorluach an éachta seo san aitheantas foirmiúil laistigh d'institiúidí an Aontais Eorpaigh, ach ina thionchar i measc an phobail. Caithfimid a chinntiú go mbeidh rath ar an nGaeilge inár scoileanna, inár bpobail, inár dtithe agus sna Gaeltachtaí. Níl aon dabht ach go ndéanfaidh an tAire, an Teachta Calleary, jab iontach don Ghaeltacht agus Gaeltacht ina Dháilcheantar agus i mo Dháilcheantar freisin. Ní mór dúinn an Ghaeilge a úsáid agus a húsáid a spreagadh i ngach cearn den tsochaí - ó ghnó go healaíona agus cultúr, ó oideachas go seirbhísí poiblí. Is í úsáid rialta na Gaeilge don fhíorchumarsáid an eochair. Ní leor an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid sa chóras oideachais. Tá sé an-tábhachtach go n-úsáidimid sa chóras oideachais í, ach caithfimid ról a aimsiú di inár saol. Go deimhin, ní féidir máistreacht a fháil ar aon teanga mura bhfuilimid á húsáid go rialta, is cuma cén leibhéal inniúlachta atá againn. Taithí a dhéanann máistreacht, mar a deir an seanfhocal. Is trínár gcuid Gaeilge a chleachtadh go rialta a shroichimid líofacht.
Bíonn an-bród orm an Ghaeilge a chloisteáil nuair atáim ag obair san Aontas Eorpach agus ag úsáid na Gaeilge ag cruinnithe Comhairle na nAirí. Ag an am céanna, áfach, is rud an-phraiticiúil é don teanga freisin, mar tá an Ghaeilge anois in ann dul isteach sa todhchaí ag déileáil leis an gcóras digiteach, le hathrú aeráide agus cúrsaí cosanta. Tá a lán teangacha ar fud na hEorpa ag déileáil leis an dul chun cinn sin agus tá athrú ag teacht ar ár dteangacha agus focail nua á gcumadh. Tá sé sin ag tarlú sa Ghaeilge, ach tá sé ag tarlú i ngach teanga freisin. Tá roinnt de na dúshláin atá ag an nGaeilge ag teangacha eile freisin. Foilsíodh fógra ar shuíomh Idirlín an Choimisiúin Eorpaigh. Tá 33 dlítheangeolaí le Béarla agus dhá theanga eile á lorg acu. Caithfidh na hiarrthóirí a bheith ó hÉirinn, an Bhreatain Mhór nó Málta. Tá deis iontach ansin d'Éireannaigh le Gaeilge ar ardleibhéal acu post a fháil sna hinstitiúidí. Impím orthu an fógra sin a léamh.
Fáiltím roimh an díospóireacht anseo inniu agus an deis chun cúrsaí Gaelainne a chur chun cinn. Ar ndóigh, ní hamháin i rith Sheachtain na Gaeilge a bhíonn gá cúrsaí teanga a thabhairt chun cinn, ach go minic i rith na bliana chomh maith. Fáiltím roimh an deis inniu.
Tá Fianna Fáil gníomhach le fada an lá ó thaobh cúrsaí teanga. Mar shampla, in 2003, thugamar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun cinn. Rinneadh leasú ar an Acht sin le blianta beaga anuas, agus spriocanna móra cosúil leis an sprioc go mbeidh 20% d'earcaigh nua chuig an Státseirbhís inniúil ar an nGaeilge leagtha síos san Acht nua sin. Beidh sé sin dúshlánach, ach tá gá leis, mar tá éileamh ar an nGaelainn ón Státchóras agus tá muintir na Gaelainne ag lorg go mbeadh freastal cuí ann dóibh. Bhunaigh Fianna Fáil Oifig an Choimisinéara Teanga, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta chun tacú le múinteoirí scoile agus le daltaí, agus Foras na Gaeilge. Inné, d'ardaigh mé ceist mar gheall ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge agus an brú atá air. Tá gá go mbeifí ábalta é sin a láimhseáil gan teacht salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta.
I mo thaobh na tíre, tá brú ar thithíocht, díreach mar atá in a lán áiteanna eile. Tá deacracht faoi leith sa Ghaeltacht, mar gan tithíocht, gan daoine agus gan pobal, ní bheidh teanga againn. Mar sin, tá brú faoi leith ann. Tá an t-ádh linn go bhfuil oifigeach pleanála teanga fuinniúil gníomhach inár ndúthaigh, Eibhlín Ní Lionáird, ag cur cúrsaí chun cinn. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh na háiseanna cuí ar fáil do na hoifigigh pleanála teanga ar fud na tíre.
Sa chlár Rialtais romhainn amach, tá spriocanna an-mhaithe leagtha síos ag an Rialtas. Cuirfidh scéim na mbóithre áise, a bhí á lorg ag mo chomhghleacaithe agus mé féin, le hinfreastruchtúr agus le caighdeán maireachtála sa Ghaeltacht. Molaim é sin a thabhairt ar aghaidh chomh luath agus is féidir.
Mar fhocal scoir, ar mhaithe leis an daonlathas sa Ghaeltacht, molaim an reachtaíocht maidir le toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt chun cinn chomh luath agus is féidir.
Déanaim comhghairdeas le hAire na Gaeltachta, an Teachta Calleary, atá ceaptha anois. Ar ndóigh, beidh sé ag coinneáil súil ghéar ar na Gaeltachtaí éagsúla sa tír, ach ní ar na Gaeltachtaí amháin ach ar phobal na Gaeilge tríd an tír. Fáiltím roimh an deis seo labhairt sa díospóireacht seo ar Sheachtain na Gaeilge. Ní seachtain na Gaeilge atá i gceist anois; tá thart ar choicís nó níos mó i gceist. Nuair a bunaíodh Seachtain na Gaeilge in 1902, is Conradh na Gaeilge a bhunaigh é agus tá an-jab déanta aige thar na blianta sin. Tá go leor féilte tríd an tír agus smaoiním ar an cheann i mo bhaile dhúchais féin, féile Mary from Dungloe nó Féile Mháire an Chlocháin Léith. Gach uile Déardaoin i rith an fhéile sin, bíonn lá Gaeilge ann. Tagann daoine ó gach chairn den chontae agus níos faide i gcéin chun a bheith mar pháirt den fhéile sin.
Nuair a bhí mé féin i bParlaimint na hEorpa thar na blianta, ghlac mé an deis agus labhair mé an Ghaeilge. Tháinig go leor daoine chugam ina dhiaidh sin nach raibh a fhios acu go raibh an Ghaeilge againn. Dúirt siad nach raibh a fhios acu go raibh ár dteanga dhúchais againn. Bhí mé mar pháirt de ghrúpa ina dhiaidh sin chun aistriúcháin a chur ar fáil. Bhí Eamon Ó Cuív mar Aire na Gaeltachta mar pháirt de sin chomh maith.
Caithfimid dea-shampla a thabhairt don aos óg. Is an-deis é seo inniu, ós rud é go bhfuil an díospóireacht seo againn i nGaeilge. B’fhéidir gur cheart go mbeadh díospóireachtaí níos minice againn i nGaeilge agus treoir a thabhairt don aos óg. Caithfimid déanamh cinnte de go mhairfidh an teanga. Caithfimid í a chaomhnú agus í a chur chun cinn.
Déarfaidh mé rud amháin fá dtaobh den chlár Rialtais. Tá go leor daoine sa Ghaeltacht ag fanacht, mar a dúirt an Teachta Ó Muineacháin, ar thoghcháin Údarás na Gaeltachta. Nuair a bhí mé féin ann, bhí go leor airgid chun na bóithre áise a chóiriú. Níl sé sin ann anois agus tá sé mar sprioc ag an Rialtas airgead a chur ar fáil go luath.
Is mór an onóir dom a bheith ag labhairt ar an nGaeilge don dara huair i rith Seachtain na Gaeilge. Is seachtain í seo do gach duine le ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga. Gaeilge más féidir, Béarla más gá, mar a deirimid. Ba bhreá liom a bheith ag seasamh os bhur gcomhair agus ag ceiliúradh na rudaí iontacha faoin teanga. Ba bhreá liom a bheith caint faoin ngrá pearsanta atá agam di, faoin saibhreas atá aici, faoin neart agus spiorad atá ag Gaeilgeoirí fud fad na tíre, agus faoi na daoine ar fad atá á labhairt lá i ndiaidh lae. Ach, faraor, ta géarchéim ann i leith na teanga. Ta líon na ndaoine ag labhairt na teanga sa Ghaeltacht tar éis titim sa dhá daonáireamh deireanach. Nil ach teaghlach amháin as cúig ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht, agus tá an ghéarchéim thithíochta ag meá na Gaeilge mar nach féidir le daoine áitiúla tithe a thógáil sna ceantair inar tógadh iad. Tá níos mó ná 1,000 teach ar cíos ag Airbnb sa Ghaeltacht chomh maith, gan ach deich acu ar cíos fadtéarmach. Tá an Rialtas seo ag cur le scrios na teanga.
l mo Dháilcheantar féin i gCill Dara Theas, tá an-chuid grúpaí Gaeilge ag déanamh a seacht ndícheall an Ghaeilge a chur chun cinn. Is grúpa pobail é Glór an Churraigh. Cuireann sé imeachtaí ar fáil trí Ghaeilge ar nós maidin chaife an Luain, céilithe móra, tráth na gceist agus Pop-Up Gaeltacht, a d’fhreastail mé air le déanaí. Grúpa eile is ea Cill Dara le Gaeilge, atá ag cur seirbhís chuimsitheach ar fáil chun tacú leis an nGaeilge sa chontae. Tá baill an ghrúpa ag cur an teanga chun cinn tríd í a spreagadh i ngnólachtaí áitiúla, trí scéimeanna a chur ar fáil dóibh siúd atá spéis acu an Ghaeilge a fhorbairt sa ghnó atá acu, agus tríd imeachtaí iontacha a chur ar fáil do Sheachtain na Gaeilge do mhuintir Chill Dara.
Mar gheall ar fadhbanna maoinithe le Foras na Gaeilge áfach, tá baol ann nach mbeidh eagrais thábhachtacha cosúil le Cill Dara le Gaeilge beo amach anseo. Caithfidh an Rialtas a chinntiú go mbeidh eagrais mar seo beo. Caithfidh an Rialtas maoiniú eile a chur ar fáil don bhforas ionas gur féidir leis leanúint ar aghaidh leis an sárobair atá ar siúl aige. Níl an Rialtas dáiríre faoin nGaeilge. Deir sé sa chlár Rialtas:
This Government is committed to the protection and promotion of the Irish language. lt is the first language of the state.
Tá sé seo go léir scríofa i mBéarla. Don Rialtas seo, it is English only, Gaeilge if necessary.
Tá a lán Gaeilge ann freisin.
Cá bhfuil sé?
Tá leagan Gaeilge ann ach níor úsáid an Teachta é.
Táim an-sásta cúpla focal a labhairt ar Sheachtain na Gaeilge. Tá mé ag foghlaim Gaeilge since July 2023. Bhí mé sa Ghaeltacht in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille i gContae Dhún na nGall. Bhí an-craic againn. Níl mé ábalta a lán Ghaeilge a labhairt ach táim ábalta í a thuiscint. Nuair a bhí mé elected, rinne mé cúrsa Gaeilge online. Tá na ranganna go hiontach. Táim ag léamh an leabhar Beidh tú Alright: An Irish Language Journey le Joe McHugh, a bhí mar Aire Stáit na Gaeilge nuair nach raibh a lán Gaeilge aige. Nuair a dúirt daoine “Aire gan teanga, Aire gan clue”, thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge. Cúpla bliain níos déanaí, tá Gaeilge líofa aige.
Mar sin, cad é an scéal leis an nGaeilge? Cén fáth nach bhfuil daoine ábalta Gaeilge líofa a labhairt? Bíonn muid ag foghlaim Gaeilge ar scoil ar feadh ocht mbliana sa bhunscoil agus cúig nó sé bliana sa mheánscoil. Ní mór teanga bheo a labhairt agus a chloisteáil. An bealach is éasca do go leor daoine teanga a fhoghlaim ná í a chloisteáil, agus ansin tar éis tamaill a bheith in ann abairt nó dhó a shreangú le chéile agus an duine atá ag labhairt leo a thuiscint. Cuidíonn an buzz sin le forbairt fhoghlaim na teanga ó bhéal. Caithfimid cinntiú go bhfuilimid ag forbairt cumas cainte go leanúnach inár scoileanna. Ciallaíonn foghlaim teanga go bhfoghlaimíonn an duine scileanna praiticiúla chun cumarsáid a dhéanamh sa teanga sin. Sílim go gcuirfeadh úsáid TEG inár gcóras oideachais leis seo. Úsáideann na Gearmánaigh an Sprachdiplom agus úsáideann na Francaigh scrúdú DELF. Chinnteodh an córas TEG atá aitheanta go hidirnáisiúnta go mbeadh líofacht sa teanga.
Gné eile den chaoi a bhfoghlaimímid teanga go fírinneach is ea foghlaim faoin bhfilíocht, faoi na scéalta agus faoin stair chultúrtha trí Ghaeilge. Ba cheart é seo a chosaint inár gcóras oideachais. Tá áilleacht ár dteanga feicthe againn in úsáid sa scannán “An Cailin Ciúin” agus freisin i gceol Kneecap. Tá an ghluaiseacht teanga seo ag scaipeadh ar fud na cruinne. Tá ardú feicthe againn freisin ar líon na ndaoine a fhreastalaíonn ar chúrsaí teanga agus ar an nGaeltacht. Ba cheart tacaíocht agus maoiniú a thabhairt ionas go mbeadh aon duine ar mhaith leo cúrsa a dhéanamh in ann é a dhéanamh.
Gabhaim buíochas le mo mhúinteoirí as a gcuid ama agus a gcuid foighne. Gabhaim buíochas le gach duine anseo as ucht éisteacht le mo chéad óráid go hiomlán i nGaeilge. Tá súil agam gur thuig sibh mé.
Le linn Sheachtain na Gaeilge, ní mór dúinn an teanga a cheiliúradh, ach tá sé tábhachtach dúinn mar ionadaithe an phobail tacú leis an teanga sa chuid eile den bhliain chomh maith. I mo Dháilcheantar féin, Baile Átha Cliath-Ráth an Dúin, tá páistí ag fágáil bunscoileanna lán-Ghaeilge cosúil le Gaelscoil na Fuinseoige, Gaelscoil Shliabh Rua, Gaelscoil Thaobh na Coille, Gaelscoil Laighean agus go leor eile toisc nach bhfuil spás dóibh in aon Ghaelcholáiste sa cheantar, cé go bhfuil éileamh ann. Táimid ag déanamh feall ar na daltaí seo ag cur iallach orthu deireadh a chur lena nGaeloideachas. Tar éis na mblianta i mbun feachtasaíochta, níl aon Ghaelcholáiste i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Cé gur raibh gealltanas déanta ag an Aire roimh an toghchán, is léir go mbeidh rang eile ag iompú ar an mBéarla mar gheall ar pholasaithe an Rialtais. Níl sé seo sách maith.
Sa Ghaeltacht féin, tá géarchéim eile. Is iad Gaeltachtaí na tíre seo a choinníonn an Ghaeilge beo. Ní féidir teanga bheo bhríomhar a bheith againn gan pobal beo bríomhar.
Leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht, tá an pobal sin faoi bhrú. Is sampla eile é seo den chaoi ina bhfuil an ghéarchéim tithíochta ag scriosadh ár bpobal agus ár n-oidhreachta. Gealladh treoirlínte pleanála Gaeltachta in 2021 ach fós níl siad foilsithe. Tá líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht tar éis titim idir daonáireamh 2016 agus daonáireamh 2022. Táimid ag breathnú ar mheath na Gaeltachta ag tarlú os ár gcomhair. Caithfimid é a stopadh trí thacú le pobail Ghaeltachta, le pleanáil teanga, le fostaíocht agus le tithíocht.
Ar fud fad na tíre, tá grá ollmhór don teanga. Tá sé mar chuid dár bhféiniúlacht ar an dá thaobh den Teorainn. Chonaic muid é sa scannán "Kneecap". Tá sé tábhachtach tacú leis an nGaeilge Thuaidh agus Theas trí mhaoiniú a chur ar fáil d'eagraíochtaí pobail, clubanna óige, aonaid phobail agus go leor eile. Gan maoiniú Fhoras na Gaeilge d'aonad pobail, ní bheadh aon Kneecap ann. Is cúis náire é go bhfuil laghdú de €820,000 tagtha ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge. Caithfimid níos mó obair a dhéanamh trasna na Teorann chun an fhadhb seo a réiteach. Níl sé ródhéanach ach caithfear é a dhéanamh anois.
Tá grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta fud fad na tíre buartha faoi staid reatha na teanga. Is cinnte go bhfuil rudaí maithe ar nós Kneecap, "An Cailín Ciúin" agus eile ann ach níl ag éirí go maith leis an nGaeilge sa chóras oideachais. Tá crúachas ann i maoiniú na Gaeilge sa phobal agus tá fadhbanna an-mhór le tithíocht sa Ghaeltacht. There is a welcome flourishing of the Irish language in communities and the arts among people young and old. Feicim é i mo pháistí féin. The language is being returned to as an expression of positive inclusive identity, of community and of connection and meaning in a world where we are increasingly alienated from each other in a monotonous culture that wants to commodify everything. We in the Social Democrats and people throughout this country, including Irish and Gaeltacht groups, are deeply concerned about the state of the Irish language. We are calling for urgent action from the Government to ensure that the language survives and thrives through action in the education system, through support for the Irish language sector in our community by giving the additional €20 million requested by 130 Irish language, Gaeltacht and other groups as per an plean fáis through Foras na Gaeilge and through urgently addressing the housing crisis in our Gaeltachtaí.
Labhróidh mé le himní mhór. I will speak with deep concern about the housing crisis in our Gaeltachtaí. Tá an staid tithíochta reatha sa Ghaeltacht tagtha go pointe éigeandála le cúpla bliain anuas. Idir diúltú cead pleanála do dhaoine áitiúla, ganntanas títhe ar fáil ar cíos go fadtéarmach cé go bhuil iliomad acu ar Airbnb agus easpa tithe inacmhainne ar díol, tá sé ag éirí níos deacra i gcónaí do mhuintir na Gaeltachta cur fúthu sa Ghaeltacht. The housing crisis in the Gaeltachtaí has particular significance to the language given their importance in the continuation of the language and its ability to thrive and survive. I have spoken to young people from our Gaeltachtaí who cannot buy or build a home in their community. Those young people are the future of our language. They should be supported to get a home in the Gaeltacht so that the language can survive. The future of the language depends on their future and their ability to get a home in the Gaeltacht. Is géarchéim chórasach náisiúnta í an ghéarchéim tithíochta atá ag réabadh na tíre le tamall de bhlianta anuas ach tá cástacht sa bhreis ar an scéal sa Ghaeltacht toisc go bhfuil todhchaí ár dtéanga á cur i mbaol ag an gcóras reatha, córas atá ag cur muintir na Gaeltachta as a gceantair dhúchais mar gheall nach féidir teach a cheannach, a thógáil nó a fháil ar cíos go fadtéarmach.
Airbnb is a massive problem in these communities with just a handful of places to rent on Daft while there are hundreds on Airbnb. The Government should move without delay to clamp down on these. The Government must also urgently support the delivery of affordable homes in our Gaeltachtaí using our budget surplus to fund and resource Údarás na Gaeltachta. As per the recommendation from Foras na Gaeilge, the údarás should be given the statutory power and resources necessary to enable it to purchase land, obtain planning permission, provide services and develop affordable housing for Irish speakers in the Gaeltacht areas. Ba chóir an chumacht reachtúil agus na hacmhainní riachtanacha, idir reatha agus caipitil, a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta le rannóg tithíochta a bhunú le cur ar a chumas talamh a cheannach agus seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil le gur féidir tithíocht a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta.
Is cúis áthais é labhairt anseo inniu faoin nGaeilge, go háirithe i rith Sheachtain na Gaeilge. Tráthnóna inné, bhí mé ag ócaid de chuid Gaeilge365 i Halla na Cathrach, áit ar pléadh an obair iontach atá ar siúl ag grúpaí agus daoine aonair ar son na Gaeilge. Tugaim aitheantas do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Daithí de Buitléar as an obair atá ar siúl acu. Tá sé mar chuspóir ag an Rialtas seo sa chlár Rialtais Gaeilge365 a leathnú timpeall na tíre. Tugaim aitheantas ar leith dóibh siúd atá ag obair gan staonadh chun an teanga a threisiú i bpobail fud fad na tíre: Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, TG4, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus, go háitiúil i gCill Dara, Cill Dara le Gaeilge, Gaeilge Nuada, Gaeilge an Bhrádáin, Sult na Sollán agus Glór an Churraigh. Táim fíorbhuíoch as an obair atá á déanamh ag na grúpaí seo i gceantair áitiúla agus fud fad na tíre. Gan iad, ní bheadh an fás atá feicthe againn ar an nGaeilge chomh láidir is atá sé inniu.
Tugaim aitheantas do na Gaelscoileanna i gCill Dara: Gaelscoil Uí Fhiaich, Gaelscoil Ruairí, Scoil Uí Riada, Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh, mo sheanscoil féin, agus Gaelscoil Nás na Ríogh. Tá Gaelscoil de dhíth i gCill Droichid leis an bhfás atá sa phobal ansin. Tugaim aitheantas freisin do na Gaelcholáistí: Gaelcholáiste Chill Dara agus Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. Táim an-bhainteach le Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. Guím gach rath ar lucht na hidirbhliana lena gceoldráma "Beauty and the Beast". Beidh mé ann i gceann cúpla seachtain. Tá foirgneamh buan de dhíth ag Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. Tá an-obair á déanamh ag an bpríomhoide, Mícheál Ó Ceoinín, ag an leas-príomhoide, Séamus de Búrca, agus ag an bhfoireann. Táim ag tnúth le foirgneamh buan a fheiscint i Maigh Nuad. Oibreoidh mé leis an Aire Oideachais faoi sin.
Tá sé tábhachtach labhairt faoi mhaoiniú. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire ag déanamh a dhíchill ó thaobh maoinithe d'Fhoras na Gaeilge. Tá sé tábhachtach go dtagann deireadh leis seo agus go mbeidh cinnteacht ag an bhforas go luath agus go fadtéarmach. Chomh maith leis sin, tá cead pleanála sa Ghaeltacht luaite cheana féin. Tá sé tábhachtach go bhfuil cead pleanála á fháil ag daoine sa Ghaeltacht agus go mbeadh tithíocht ar fáil dóibh. Tugaim aitheantas do BÁNÚ chomh maith.
Tá todhchaí na Gaeilge geal ach teastaíonn tacaíocht leanúnach chun a chinntiú go bhfanfaidh sí láidir agus bríomhar sa saol laethúil. Tá an obair ar siúl agus an fás le feiscint. Táim tiomanta do thacaíocht a thabhairt don Ghaeilge i gCill Dara agus timpeall na tíre.
Déanaim comhghairdeas leis an Aire. Is onóir an-mhór é a bheith roghnaithe mar Aire Rialtais. Ba cheart dó féin agus dá mhuintir a bheith fíorbhródúil as an éacht seo. Tá áthas orm labhairt sa díospóireacht seo. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil Seachtain na Gaeilge againn gach bhliain agus go bhfuil ráitis tiomnaithe di sa Dáil.
Chuala mé píosa gairid ar "Drivetime" ar RTÉ inné. Bhí Caitríona Ní Chualáin, láithreoir le TG4, ag rá go raibh sí ag streachailt chun cead pleanála a fháil ó Comhairle Chontae na Gaillimhe chun teach a thógáil ina ceantar féin, is é sin, i gConamara. Níl ciall ar bith le seasamh na comhairle. Má theastaíonn uainn go mbeidh an Ghaeilge ina teanga bheo, teastaíonn polasaithe uainn a ligeann do chainteoirí Gaeilge maireachtáil ina gceantair Ghaeltachta féin.
I mo cheantar féin, Contae an Chláir, tá fadhb againn maidir le Gaelcholáiste an Chláir. Faoin am seo, is aonad in Ennis Community College í ach teastaíonn ó na múinteoirí, na daltaí agus tuismitheoirí na ndaltaí go mbeadh neamhspleáchas ón community college ag an scoil.
Mar Theachta Dála do Dháilcheantair an Chláir, aontaím leo. Táimid ag lorg tacaíocht ón Rialtas freisin, go háirithe ón Aire Oideachais. Caithfimid níos mó tacaíocht a thabhairt do na húdaráis áitiúla chun feabhas a chur ar logainmneacha. Táimse féin as sráidbhaile beag i ndeisceart an Chláir darbh ainm Mileac Chillian, logainm a chiallaíonn "low marshy ground", cur síos an-chruinn ach litriú an-neamhghnách.ar na chomharthaí ar na bóithre áitiúla.
Is mór agam an deis seo a thapú labhairt ar cheist na Gaeilge agus na Gaeltachta tráthnóna. I dtosach báire, ba mhaith liom comhghairdeas oifigiúil a dhéanamh le hAire nua na Gaeltachta. Seo hé an chéad deis dom é a dhéanamh ar úrláir na Dála. Is as Contae Mhaigh Eo do mo bhean agus tá sise an-tógtha go bhfuil Aire Gaeltachta ann ó Chontae Mhaigh Eo. Guím gach rath ar an Aire.
Faoi mar a dúirt an Teachta Ó Cearúil níos túisce, bhí mise i láthair ag an ócáid inspioráideach a bhí ar siúl i Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath tráthnóna inné. Tá cur chuige nuálaíoch idir lámha ag na húdaráis áitiúla timpeall Bhaile Átha Cliath faoi deiseanna labhartha Gaeilge a chothú sa ghnáthshaol. Is dóigh liom gurb í an bhunchloch gur chóir go mbeadh ag baint le haon pholasaí i leith na Gaeilge labhartha sa tír seo ná go gcuirfear deiseanna labhartha ar fáil sa chóras oideachais, ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta nó ghnó de, nó ó thaobh cúrsaí pobail agus sóisialta. Is é sin an fáth go gcuireann sé gliondar croí orm go bhfuil sé go soiléir sa chlár Rialtas go bhfuil i gceist Gaeilge365 a leathnú amach ag na húdaráis áitiúla. Ní chóir go bhfágfar seo faoi Roinn na Gaeltachta amháin. Ba chóir go mbeadh cur chuige uile-Rannach ann i leith leathnú an tionscnaimh sin thar na húdaráis áitiúla timpeall na tíre.
Ní cainteoir dhúchais mé. I attended an English-language primary school and learned my Irish at an immersion Gaelcholáiste in Clondalkin, where I learned a love for the Irish language. I was especially struck by Deputy Robert O'Donoghue's contribution when he spoke of shame in not being able to speak Irish more. Generally, for people watching this debate who are not fluent in the first official language, it is important that we as Gaelgeoirí support their efforts to use the language more. I hope that message will come from today's session.
Ceann de na rudaí a thaitníonn liom ó thaobh mo Dháilcheantar féin ná go bhfuil an oiread sin Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ann, ina measc Ghaelscoil Eiscir Riada, Gaelscoil Naomh Pádraig, Scoil Chrónáin, Gaelscoil na Camóige agus Gaelscoil Chluain Dolcáin. Rud faoi leith is ea go bhfuil Gaelscoil nua ann, darbh ainm Gaelscoil Lir. Tá páistí sa Ghaelscoil sin a tháinig go hÉirinn nach bhfuil Béarla mar chéad teanga acu, ach is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil den Stát a bhfuil á fhoghlaim acu agus a bhfuil á labhairt acu go laethúil. Is rud inspioráideach agus speisialta é sin a léiríonn dom go bhfuil tábhacht agus beocht nua faoi leith ag teacht faoin nGaeilge.
Ag féachaint timpeall orainn ar fad, agus ag féachaint ar a bhfuil ar siúl i leith podchraolta ar nós “How to Gael” agus na seóanna raidió a bhíonn ar súil, ar nós "Splanc" ar Newstalk, is léir go bhfuil cur chuige nua á dhéanamh i leith na Gaeilge. Is é sin an fáth gur chóir dúinn ar fad féachaint ar an ról a bhfuil againn mar Rialtas cinntiú go gcuirtear leis na deiseanna labhartha Gaeilge sin.
Ba mhaith liom díriú isteach ar ról Údarás na Gaeltachta ó thaobh gnéithe eacnamaíochta, ar nós gnólachtaí nua-aimseartha a mhealladh chun na Gaeltachta. Tá an-dul chun cinn déanta ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh an bhunchloch sin a leagan i dtaobh cúrsaí eacnamaíochta. Smaoiním go háirithe ar an obair thar a bheith spéisiúil atá á dhéanamh ag an údarás i dtaobh intleacht shaorga, AI. Tá an cur chuige sin de dhíth ó gach rannóg agus áisíneacht Rialtais i leith an Ghaeilge a chothú agus ardán a chur ar fáil d'úsáid na Gaeilge freisin.
Tá an-chuid ráite faoi thithíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Aontaím le an-chuid den mhéid atá ráite ag mo chomhghleacaithe ar an taobh seo den Teach. Caithfear gan mhoill na treoirlínte pleanála a chur i bhfeidhm agus cinntiú go bhfuil daoine in ann cur fúthu sa Ghaeltacht. Ar an dtaobh eile, tá dualagas orainn freisin féachaint go bhfuilimid ag cur le beocht agus splanc nua na Gaeilge san ardchathair anseo i mBaile Átha Cliath, agus i gceantair uirbeacha eile timpeall na tíre. I mo Dháilcheantar féin, tá gréasán Gaeilge i gCluain Dolcáin. Ba mhaith liomsa fócas nua a fheiceáil ar a leithéid de ghréasáin sin a spreagadh agus maoiniú a infheistiú iontu freisin.
Ó thaobh cúrsaí Fhoras na Gaeilge, cuireann sé díomá orm nach bhfuil an DUP tar éis teacht leis agus réiteach a fháil ar an gceist maoinithe sin. Tá a fhios agam faoi chreatlach Chomhaontú Aoine an Chéasta go gcaithfear é sin a chomhaontú idir an dá chuid den oileán. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an tiomantas atá déanta ag an Rialtas seo le níos mó maoiniú a chur ar fáil don fhoras i ndiaidh don chomhréir sin bheith sórtáilte, agus mé ag súil leis na rudaí a thiteann amach as sin.
Cuireann sé gliondar croí orm éisteacht le mo mhac, atá ag freastal ar Ghaelscoil anois, ag labhairt Gaeilge liom. Músclaíonn sé an ghrá sin ionam. Tá mé ag súil go mbeidh deiseanna labhartha aige amach anseo i ndiaidh dó an córas oideachais a fhágáil. Is é sin an bealach a n-éireoidh linn an Ghaeilge a chosaint. An rud deireanach a deirfidh mé ná go gcuireann sé gliondar croí orm bheith in ann rannpháirtíocht a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge le Teachtaí ó gach aon taobh den Teach seo agus gur féidir linn díospóireachtaí shubstaintiúla a bheith againn trí mheán na Gaeilge. Gura fada a mhairfidh sé sin.
Rinne an athbheochan Ghaelach ag tús an 20ú haois iarracht stop a chur le meath na teanga agus an cultúr Gaelach bhí ar riocht neamhbhuan de thoradh na dlíthe daingean a chur cosc ar na teanga agus ar chultúr dúchasach na nGael, agus - ina dhiadh sin - an gorta, an imirce agus an meath. Bhí an dearcadh ann san am a chuaigh thart go raibh an Ghaeilge ina bac ar dul chun cinn agus rathúlacht. D'éirigh an dearcadh seo fite fuaite in a lán glúnta de mhuintir na hÉireann agus d'fhág sé gur diúltaíodh don teanga agus gur beag an t-olc a bhí air. Na laethanta seo, is minic a luíonn cinniúint na teanga i lámha múinteoirí maithe atá paiseanta faoin teanga agus a chuireann an paisean seo ar aghaidh dá scoláirí. Cé go bhfuil naimhdeas áirithe i leith na teanga, tá gné den sentimentality freisin maidir lena caomhnú.
Is trua go mothaíonn a lán daoine gur streachailt neamhriachtanach é an Ghaeilge a fhoghlaim toisc go gcreideann siad nach mbeidh aon úsáid acu as nuair a fhágann siad an scoil. Sin an fáth go bhfuil daoine ann a áitíonn ar son an Ghaeilge a bhaint mar ábhar éigeantach ar scoil. I mo Dháilcheantar, Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh, tá roinnt Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí le foireann tiomanta a mhúineann agus a chuireann an Ghaeilge chun cinn i mbealach a thugann grá don teanga, do na páistí agus dá dteaghlaigh. Scoil amháin dá leithéid is ea Gaelscoil Cholmcille, a bhunaíodh in 1996 agus atá ag fanacht go fóill ar fhoirgneamh bhuan agus a chaith a chéad blianta thuas staighre i gclub peile i Seantrabh. Bhog siad chuig a suíomh reatha ar Lána na Cúlóige in 2008, i bhfoirgneamh réamhdhéanta a bhí le bheith ina réiteach gearrthéarmach. Tá go leor airgid caite thar na blianta ag iarraidh an foirgneamh sealadach seo a chothabháil. Tá an scoil rathúil agus móréilimh seo suite in áitreabh nach bhfuil oiriúnach don fheidhm. Chomh maith leis sin i Mí Mheán Fómhair seo chugainn, tá súil acu rannóg speisialta a oscailt chun freastal ar dhaltaí le huathachas. Tá iarratas nua curtha isteach go dtí an Roinn Oideachais chun scoil nua le 18 seomra ranga a mhaoiniú ina mbeidh seomraí ranga speisialta, giomnáisiam nua, cistin, leabharlann, agus áiseanna riachtanacha eile in aice láimhe. Má tá rath agus fás ar ár dteanga, ní mór dúinn tacú lena leithéid de scoileanna. Tá tacaíocht an Aire de dhíth le haghaidh an scoil seo.
Bhí oibrithe na heagraíochtaí Gaeilge amuigh ar stailc an tseachtain seo caite. Bhí siad go tógáil raic agus iad i mbun ágóidíochta in aghaidh na gciorruithe atá á gearradh orthu. Deir siad go bhfuil sé soiléir anois go bhfuil struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge briste. Tá thart ar €17 milliún níos lú ag Foras na Gaeilge inniu nó mar a bhí acu in 2002. Le boilsciú curtha san áireamh, is ionann sin agus ciorruithe de 45% ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge thar 20 bliain.
Ceangailte leis seo, tá an méid daltaí atá ag staidéar na Gaeilge ag ísliú ó Dheas. Níor shuigh beagnach ceathrú de dhaltaí an scrúdú ardteistiméireachta don Ghaeilge in 2024 agus gearradh 30 nóiméad in aghaidh na seachtaine ó mhúineadh na Gaeilge do dhaltaí bunscoile. Mura raibh sé soiléir uaidh seo, níl meas madra ag an Rialtas dár dteanga dhúchais. Tá sé tábhachtach a thuiscint agus a rá nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas riamh go mbeidh sé arís mar phríomhtheanga na tíre againne. Dá mbeadh suim dá laghad ag an Rialtas an teanga a neartú, d'éistfí agus chuirfí i bhfeidhm na héilimh atá á gcur amach go soiléir ag Conradh na Gaeilge agus ag na heagraíochtaí eile. Chuirfí an plean fáis i bhfeidhm agus an plean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht don chéad chúig bliana eile. Le barrachas stairiúil an Rialtais, beidh sé go héasca dó €20 milliún atá lorgtha ag na heagraíochtaí a sholáthar seachas a bheith ag cur na billiún isteach i bhfearas cogaidh is míleata agus ionsaí a dhéanamh ar ár neodracht.
Déarfaidh mé an méid seo. Is féidir brath ar an Rialtas uaireanta. Is féidir brath air go leanfaidh sé leis an scannal ó thaobh ghéarchéim tithíochta na Gaeltachta ina bhfuil muintir na Gaeltachta ag fulaingt go géar. Fad is atá beagnach 3,000 duine ar an liosta feithimh do thithíocht shóisialta ann, níl ach seacht áit ar cíos ar daft.ie. Léirítear agus is soiléir an fhadhb nuair a bhreathnaítear thall ar Airbnb agus an rogha abhus de bheagnach 1,000 áit ar cíos gearrthéarmach. Caithfear srian a bheith ar thithe saoire agus ar Airbnb sna ceantair Ghaeltachta. Tá sé ráite go maith ag an grúpa BÁNÚ atá ag eagrú ar an mbonn seo. Ní féidir a bheith ag brath ar an margadh, na forbróirí móra agus cistí móra idirnáisiúnta le fadhbanna tithíochta na Gaeltachta a réiteach mar ní ar a leas é sin a dhéanamh. Mar sin, mar a rinneadh cheana, caithfidh an Stát seasamh isteach sa bhearna bhaoil agus na tithe seo a thógáil. Éilímid ar Údarás na Gaeltachta tithe a thógáil ar a thalamh féin agus tuilleadh talaimh a cheannach, más gá. Is é seo an réiteach a mbeimis ag screadach ar a shon gach uile sheachtain. Caithfidh an Rialtas an brabús uafásach a bhaint ó thógáil na tithíochta sa Stát seo. Ní tharlóidh sé seo ach trí chomhlacht Stáit tógála.
Críochnóidh mé le rud a dúirt mé anuraidh. Ní féidir aon athbheochan a bheith ann ó thaobh na Gaeilge de gan na cainteoirí dúchasacha a bheith mar chroílár air. Níl suim dá laghad ag na caipitlithe atá i gceannas ar an tír an Ghaeilge nó ceantar na Gaeltachta a chaomhnú. Dá mbeadh, ní bheadh sé deacair é a dhéanamh leis an oiread suime agus tola atá i measc an phobail. Ní ar a leas é sin a dhéanamh. Ní éireoidh linn gan ghluaiseacht agus réabhlóid ollmhór a bheith againn agus iallach a chur ar an Rialtas an tslí a ghéilleadh agus tarraingt uainn.
Ar ndóigh, cuireann sé gliondar ar mo chroí agus tugann sé ardú meanman dom an méid Comhaltaí, an Teachta Murphy san áireamh, atá sásta an Ghaeilge a úsáid inniu agus páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo. Tá éacht déanta aige agus ag na Teachtaí Dála eile freisin.
Ag an am céanna, tá ráitis i gceist arís agus ráitis ó thaobh na Gaeilge de. Chuile bhliain bíonn ráitis againn ó thaobh na Gaeilge de agus tá sé ag coinneáil na Gaeilge ar imeall seachas an Ghaeilge a bheith fite fuaite ar chlár oibre na Dála. Chun an sprioc nó an cuspóir sin a bhaint amach bhí mise páirteach i bhfochoiste, nuair a d'fheidhmigh mé mar Chathaoirleach air, agus d'oibríomar go léir traspháirtí chun tuarascáil ghearr a chur le chéile le moltaí praiticiúla chun an cumas in úsáid na Gaeilge a mhéadú i líon na dTeachtaí Dála agus na foirne. Faraor géar, níl a fhios agam cad a tharla don tuarascáil sin ach bhí moltaí praiticiúla ann. Bhain ceann dóibh le ceisteanna chuig Airí, go mbeadh an chéad cheist de na Ceisteanna Eile i nGaeilge,go mbeadh deis ag gach Teachta Dála cur isteach ar an bpróiseas sin agus, ar a laghad, gach lá ar an Máirt, an Céadaoin agus an Déardaoin, go mbeadh ceist i nGaeilge. Níor tharla sé sin, ach b'fhéidir go mbeidh tionchar ag an Aire Stáit ar an gceist sin. Is rud praiticiúil é sin.
Bhí rudaí eile i gceist freisin ó thaobh-----
Tá an tAire sa Seanad ag plé le Commencement Matters.
Go hiontach. Rud eile praiticiúil ná na ranganna a éascú do gach leibhéal den fhoireann sa Dáil, na Teachtaí Dála, na Seanadóirí ach, go háirithe, an fhoireann ar an talamh agus sa bhialann, go mbeadh na ranganna seo feiliúnach dóibh agus ansin, tar éis sé mhí, go mbeadh togra píolótach ann le go mbeadh deis ag na daoine sin freastal saor in aisce ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht. Níor tharla sé sin ach an oiread. D'oibríomar traspháirtí agus chuireamar moltaí praiticiúla le chéile agus níor tharla sé sin. Tá beagáinín frustrachais orm go bhfuilimid fós i mbun ráiteas seachas beart a dhéanamh de réir ár mbriathar.
Chomh maith leis sin, luaigh an Teachta Murphy BÁNÚ. Bhí cruinniú poiblí againn an Domhnach seo caite agus bhí sé plódaithe. Is é an teachtaireacht chumhachtach a tháinig as ná go bhfuil géarchéim thithíochta náisiúnta ann agus tá an ghéarchéim sin ina géarchéim pobail agus teanga sa Ghaeltacht. Tá ceithre mholadh ann agus ní dóigh liom gur féidir le haon Teachta Dála anseo easaontú leis na moltaí sin. Tá siad thar a bheith praiticiúil. Is é an rud atá ar bharr an liosta ná go mbeadh na treoirlínte pleanála foilsithe. Is é an dara rud nó go mbeadh cumhacht ag Údarás na Gaeltachta dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta, i measc moltaí eile. Níl tada déanta go dtí seo. Maidir le hÚdarás na Gaeltachta agus an Bille, beidh sé againn go luath, dár leis an Aire ina óráid. Arís, cén tseachtain, cén mhí nó cén bhliain? Tá gá práinneach chun toghchán a thabhairt ar ais ach, níos práinní fós, go mbeadh cumhacht ag an údarás ó thaobh tithe de. Tá neart talaimh ag an údarás.
Chomh maith leis sin, tháinig seacht gcóras áitiúil os ár gcomhair ar an gcoiste ó na Gaeltachtaí uilig agus bhí sé damanta soiléir nach raibh aon eolas acu faoi na dualgais a bhí orthu ó thaobh ceantair Ghaeltachta de. Bhí easpa tuisceana iomlán i gceist.
Ní féidir a bheith ag caint i ndáiríre faoin nGaeilge gan chaint faoi chúrsaí tithíochta agus gan an plean ó thaobh oideachais taobh amuigh den Ghaeltacht, oideachas trí Ghaeilge agus oideachas lánGhaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Táimid fós ag fanacht ar an dréachtpholasaí. Tá deireadh á chur leis an polasaí thar a bheith dearfach don oideachas laistigh den Ghaeltacht agus níl tásc nó tuairisc ar cad a tharlóidh amach anseo.
Mar fhocal scoir, tá éiginnteacht amach is amach i gceist ó thaobh an chórais pleanála teanga. Tá na hoifigigh pleanála teanga i dteagmháil linn go mion minic ag cur in iúl go bhfuil gá le cinnteacht.
Táim saghas cosúil leis an Teachta Connolly ag an am seo den bhliain. Táim idir dhá chomhairle faoin am seo den bhliain. Tagaimid go léir isteach agus labhraímid mar gheall ar cé chomh tábhachtach is atá an teanga agus, go pointe, go gcreidimid sa teanga agus sa todhchaí atá le teacht don teanga. Ní theastaíonn uaim an frása "tokenism" nó "cur i gcéill" a úsáid ach braitheann sé cosúil leis sin ó am go chéile. Aontaím leis an Teachta Connolly go gcaithfimid níos mó ama a thabhairt chun an teanga a labhairt sa Seomra seo gach seachtain, agus má déanann muid é sin trí priority questions - ní theastaíonn uaim an díospóireacht sin a oscailt anois - nó cibé slí, caithfear níos mó ama a bheith curtha ar leataobh don teanga a úsáid sa Chamber.
Creidim go huile is go hiomlán sa dátheangachas agus tá sé le feiceáil timpeall an domhain gurb é sin an tslí is fearr chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mo thuairim féin. D'fhreastail mé ar Ghaelscoil, fadó ag an bpointe seo.
Nuair a bhíomar sa rang gach lá ag déanamh comhrá le chéile, ag déanamh cumarsáide, ag imirt spóirt le chéile, ag dul chuig an gceaintín le chéile agus ag déanamh na gnáthrudaí sin, ba é sin an t-am a raibh an teanga á cur chun cinn. Creidim go huile agus go hiomlán sa dátheangachas. Mar Rialtas, caithfimid a bheith dáiríre faoi sin ó thaobh na bpolasaithe go léir atá ag teacht chugainn.
Tá triúr leanbh agam. Caithfidh mé smaoineamh ar a n-aoiseanna. Is trí, ceithre agus sé bliana d'aois atá siad. Tá siad go léir ag freastal ar bhunscoil lán-Ghaelach nó réamhscoil lán-Ghaelach. Cosúil le roinnt daoine eile, nuair a thagann siad abhaile gach lá, tá sé deas le feiceáil go bhfuil siad ag foghlaim focal nach raibh ar eolas agam nuair a bhí mé an aois chéanna thart ar 40 bliain ó shin. Chuirfeadh sé náire ort cé chomh simplí is atá sé don aos óg an teanga a fhoghlaim chomh tapa sin.
Ar an bpointe sin, caithfimid níos mó deontas a thabhairt do réamhscoileanna agus do na naíonraí. Má táimid dáiríre faoin teanga, chun a bheith macánta, caithfimid gach réamhscoil a iompú ina naíonra chun tacú leis an teanga. Ar a laghad, ba chóir seans a thabhairt do na tuismitheoirí an rogha sin a bheith acu.
Tá pointe amháin eile agam mar gheall ar Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí. Ba cheart béim a chur ar thionscnaimh atá á dtógáil againn - extensions agus araile - chun scoileanna a fhorbairt inár gceantair féin. Táim ag smaoineamh ar Choláiste an Phiarsaigh i mo cheantar féin. Tá an coláiste anois ag feitheamh le trí bliana le dul tríd an gcóras pleanála. Tá sí ag feitheamh ar an 40 seomra atá le teacht. Caithfidh an Rialtas agus an tAire Oideachais a bheith dáiríre faoi na tionscnaimh sin a chur os comhair na ndaoine chomh luath agus is féidir.
Fáiltím roimh an infheistíocht a tugadh do TG4 agus Raidió na Gaeltachta le blianta anuas. Roimh gach buiséad, bhíomar go léir - an Cathaoirleach Gníomhach, an Teachta Connolly, san áireamh - ag lorg níos mó airgid ach, chun freastal ar an aos óg, caithfimid infheistíocht chinnte a thabhairt do na meáin chumarsáide sin.
Tá sé iontach an Ghaeilge a chloisteáil á labhairt i dTeach Laighean an tseachtain seo. Ach an oiread leis an Teachta a labhair romham, tacaím leis an dátheangachas. Tá sé iontach an dream atá ar bheagán focal nó a gceapann nach bhfuil cumas cuimsitheach acu a chloisteáil ag déanamh iarracht an Ghaeilge a labhairt. Cuirim an-fháilte roimhe sin. Bíonn fáilte roimhe sin i gcónaí. Níor cheart go mbeadh éinne neirbhíseach ná go mbeadh drogall ar éinne triail a bhaint as an nGaeilge agus í a labhairt. Tá fáilte roimhe sin i gcónaí. Tacaím leis an infheistíocht i mBaile Átha Cliath a fógraíodh aréir. Tá baint ag an gclár Gaeilge365 leis na húdaráis áitiúla thart ar Bhaile Átha Cliath. Tá an-fháilte roimh an €4 milliún seo.
Tá taighde cuimsitheach déanta ag Conradh na Gaeilge ó thaobh fhorbairt na Gaeilge. Tarraingeoidh mé cúpla pointe amach ón taighde sin. Is é an chéad rud ná an díolúine ó thaobh oideachais, múinteoireachta agus staidéar ag an dara leibhéal. Phléigh muid an cheist seo ag Ard-Fheis Fhine Gael bliain ó shin i nGaillimh. Gan dabht, tá na huimhreacha ag dul sa treo mícheart ó thaobh na ndíolúintí agus na daltaí nach bhfuil ag tabhairt faoin scrúdú ardteistiméireachta sa Ghaeilge. Caithfimid dul i ngleic leis sin agus an fhadhb sin a réiteach. Ó thaobh an chóras oideachais de, mar a deir an conradh, caithfear polasaí cuimsitheach nua a fhorbairt don Ghaeilge ó na naíonraí ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal. Níl sé sin againn faoi láthair.
Ó thaobh Údarás na Gaeltachta de, aontaím leis an gCathaoirleach Gníomhach gur cheart go mbeadh ról níos lárnaí ag an údarás ó thaobh tithíocht sna ceantair Ghaeltachta agus na planning guidelines sin. Blianta ó shin, ba í an fhadhb a bhí ag na Gaeltachtaí ná go raibh tithíocht ar fáil ach nach raibh poist dá laghad ar fáil. Tá sé sin athraithe anois agus tá an fhadhb an bealach eile. Tá an-chuid oibre ar fáil ach níl tithíocht ar fáil sa Ghaeltacht don dream ón nGaeltacht. Caithfear an fhadhb sin a réiteach. Níl sé difriúil. Tá an fhadhb chéanna i mBaile Átha Cliath ach tá fadhb ar leith i gceantair Ghaeltachta. Mar gheall ar an teanga, ba chóir dul i ngleic leis sin.
Tá Gaelcholáiste Reachrann, i mo Dháilcheantar féin, in prefabs le 24 bliain. Tá an-spiorad sa scoil agus tá ard-chaighdeán oideachais ar fáil ann. Tá na múinteoirí ag obair go crua agus tá na daltaí ag imirt spóirt an t-am ar fad, ag staidéar agus ag fáil torthaí maithe sna scrúduithe. Tá an scoil fós in prefabs tar éis 24 bliain. Tá sé an-tábhachtach an fhadhb seo a réiteach chun go mbeidh foirgneamh ar fáil don Ghaelcholáiste sin i mo cheantar.
Ní Gaeilgeoir mise. Táim beagnach neirbhíseach a bheith i mo sheasamh san áit speisialta nuair nach bhfuil Gaeilge perfect agam ach creidim gur fíor an seanfhocal "is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste". Tá a lán daoine sa bhaile cosúil liomsa. Ba mhaith liom labhairt go minic ach tá eagla orm go ndéanfaidh mé botún. Níl mé líofa ach tá mo thriúr páistí líofa. In fact, thiomáin mé 120 km san iomlán gach lá chun iad a thabhairt go dtí ár local Gaelscoil. Bhí an bealach ar fad tríd na blianta completely worth it mar tá Gaeilge blasta acu. Tá brón orm, I will have to revert. I ask the Government to please consider introducing even basic Gaeilge to the proposed State-funded childcare facilities. Táim ag caint faoi fhocail shimplí cosúil le "Tóg amach do bhosca lóin", "bróga" nó "Seo é cathaoir" because I think it would be very beneficial to tuismitheoiri cosúil liomsa nuair atá siad sa bhaile. It would open an opportunity to demystify the perceived difficulty i scoileanna in learning ár dteanga, even if it is only for a dedicated leathuair nó uair gach lá.
Níl mé líofa ach táim ag foghlaim. Chuaigh mé go dtí an Ghaeltacht i nGleann Cholm Cille an samhradh seo caite agus beidh mé ag dul ann arís i mbliana le cúpla ball de mo chumann Shinn Féin i gCill Dara Thuaidh. Cabhraigh sé go mór liom. Is féidir linn go léir feabhas a chur ar ár gcuid Gaeilge le chéile. Tá an-chuid tacaíocht don Ghaeilge fud fad na tíre. Táim ag caint faoi ghrúpaí cosúil le Cill Dara le Gaeilge agus Sult na Sollán i mo Dháilcheantar féin. Cuireann siad tacaíocht ar fáil do shiopaí agus d'áiteanna eile i gCill Dara atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid, cosúil liom féin. Cuireann siad ranganna Gaeilge ar fáil. Cuireann siad scéimeanna ar fáil freisin. Tá clár iontach acu le haghaidh Sheachtain na Gaeilge. Bhí oíche iontach agam agus ag an Teachta Ní Raghallaigh sa Nás ag an seoladh cúpla seachtain ó shin. Táim ag tnúth go mór le freastal ar na himeachtaí. Tá siad ag cabhrú go mór leis an bpobal Gaelach i gCill Dara ach, mar gheall ar na fadhbanna le Foras na Gaeilge, tá Cill Dara le Gaeilge i mbaol. Caithfidh an Rialtas agus an DUP a chinntiú go mbeidh tacaíocht ag Foras na Gaeilge. Muna mbeidh, beidh deireadh le Cill Dara le Gaeilge. Tá sé tábhachtach go mbeidh sé ann.
Tá an-chuid Gaeilgeoirí i gCill Dara. Féach ar na Gaelscoileanna ar fad i mo Dháilcheantar: Scoil Uí Dhálaigh i Léim an Bhradáin; Scoil Uí Riada i gCill Choca; agus Gaelscoil Nás na Rí i Nás. Tá dhá Gaelscoil i Maigh Nuad chomh maith, is iad sin, Gaelscoil Ruairí agus Gaelscoil Uí Fhiach. Tá dhá Gaelcholáiste i gCill Dara Thuaidh freisin, Gaelcholáiste Chill Dara i Nás agus Gaelcholáiste nua i Maigh Nuad, atá fós ag fanacht ar scoil buan. Caithfidh an Rialtas tacú le Foras na Gaeilge, Cill Dara le Gaeilge, Sult na Sollán agus leis an Ghaeilge go ginearálta i gCill Dara. Ní mór beart de réir briathar a dhéanamh.
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach. Tá spreagadh an-tábhachtach don Ghaeilge. Is é an rud is tábhachtaí mar gheall ar chur chun cinn na Gaeilge sa todhchaí. Ba mhaith liom labhairt mar gheall ar fhear darb ainm Séamus Ó Fianghusa. Is as na Stáit Aontaithe é agus chaith sé a shaol iomlán ann. Throid sé ar son arm na Stát Aontaithe san Iaráic agus san Afganastáin. Ba as Dún na nGall a athair agus ba as an gCóiré a mháthair. Fuair a athair bás blianta ó shín agus dá bharr sin, thug Séamus cuairt ar an tír seo, go dtí Dún na nGall. Thit sé i ngrá leis an nGaeilge nuair a thug sé cuairt ar Dhún na nGall agus nuair a chuaigh sé ar ais abhaile go dtí na Stáit Aontaithe, chinn sé an Ghaeilge a fhoghlaim. Bhí sé dochreidte gur fhoghlaim sé, tar éis sé mhí, an Ghaeilge go huile is go hiomlán agus gur bhain sé líofacht amach sa Ghaeilge. Ní raibh aige ach an tIdirlíon, leabhair agus téipeanna taifeadta. Ní raibh fiú duine ar bith aige lena raibh sé in ann Gaeilge a labhairt, ach bhain sé líofacht amach.
Tháinig sé ar ais chun na tíre seo le Gaeilge bhinn Thír Chonaill aige. Bhí go leor agallamh leis ar an raidió. Is cuimhin liom go raibh Marian Finucane ag cur ceist air conas arbh fhéidir leis líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach i gceann sé mhí nuair nach mbaineann go leor páistí líofacht amach i ndiaidh 13 bliain a chaitheamh ar scoil. Is í an fhreagra a thug sé ná go raibh spreagadh aige. Bhí spreagadh aige chun an Ghaeilge a fhoghlaim mar bhí grá mór aige le haghaidh a athar agus bhí sé ag iarraidh ómós a dhéanamh dá athair agus an Ghaeilge a fhoghlaim. I mo thuairim, tá sé sin ar cheann de na fadhbanna atá againn mar Stát anois mar níl spreagadh ag an Stát i ndáiríre chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Caithfidh mé aontú le cúpla duine de na hurlabhraí a bhí os mo chomhair cúpla nóiméad ó shín. De ghnáth, bíonn óráidí deasa anseo le haghaidh Sheachtain na Gaeilge, ach i gceann cúpla seachtain, de ghnáth, déanann go leor daoine dearmad iomlán ar an nGaeilge go dtí go dtagann an bhliain dár gcionn. Cosúil leis an nath cainte "a dog is not just for Christmas", the Irish language is not just for Seachtain na Gaeilge.
Caithfidh muid a admháil nach mbíonn béim againn ar infheistíocht sa Ghaeilge. Tá fadhbanna maoinithe ollmhóir ag Foras na Gaeilge agus tá an fhadhb sin ag dul ar aghaidh bliain i ndiaidh bliana. Dá bharr sin, níl go leor de na heagraíochtaí atá ag brath ar mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge in ann teacht ar an airgead sin agus níl siad in ann fás.
Maidir le scoileanna thar timpeall na tíre, tá sé dochreidte go bhfuil 25% de na tuismitheoirí sa tír seo ag iarraidh agus ag éileamh Gaelscolaíochta le haghaidh a gcuid páistí agus nach bhfuil ach 6% de na páistí ag fáil Gaelscolaíochta. Cé go bhfuil mé tinn tuirseach á rá sin, go minic bíonn muid ag éisteacht leis na meáin cumarsáide ag caint faoi Ghaeilge éigeantach istigh sa chóras oideachais ach i ndáiríre, tá Béarla éigeantach sa chóras oideachais. Tá muid ag brú an Bhéarla síos scornaí na bpáistí timpeall na tíre. Níl páistí in ann teacht ar Ghaelscoil nó Gaelcholáiste go minic.
Caithfidh mé a rá go raibh díomá ollmhór orm nuair a chuala mé an scéal faoi Scoil Synge i lár Bhaile Átha Cliath. Bhí múinteoir ar an nuacht agus í faoi agallamh. Cuireadh ceist uirthi cén fáth nár ghlac siad leis an bplean a bhí ag an Roinn Oideachais Gaelscoil iomlán a dhéanamh den scoil agus dar léi, shéan siad an Ghaeilge ar son éagsúlacht teangacha an cheantair. Tá an Ghaeilge iontach tábhachtach i gcomhthéacs éagsúlacht teangacha thar timpeall na cruinne. Tá sé dochreidte go bhfuil muid ag úsáid an leithscéil sin chun stop a chur leis an bplean a bhí ag an Roinn Oideachais. Déarfaidh mé an méid atá ráite agam as Béarla chomh maith, más féidir liom.
Séamus Ó Fianghusa is an American citizen who was born and raised in America. He has lived his whole life in America and even fought in the wars in Afghanistan and Iraq. His father was from Donegal and his mother from Korea. His father died, unfortunately, and because of that he took a trip to Donegal to learn more about him. There he heard the Irish language spoken for the first time and fell in love with it. He went home to the United States and decided to learn the Irish language. He learned it to fluency within six months and learned it in a beautiful Donegal accent. The only tools he had were the Internet, books and tapes. He did not even have anybody to practice the Irish language with, so it was an incredible feat, in fairness to him. He came back to Ireland to practice his Irish and was on a number of radio shows. I remember him being interviewed by Marian Finucane, God rest her. She asked him how he could learn the Irish language to fluency within six months when most of the children who go through the school system spend 13 years learning the language but never really achieve that level of fluency. He answered with one word, which was “motivation”. He said he had the motivation to learn the language and that is what took him to reaching fluency.
Motivation is a key problem, if we are honest with each other. Many of us have a love for the Irish language and value the Irish language, but as a State or a society do we have a motivation to ensure the Irish language grows as a language in the Gaeltacht and as a language outside the Gaeltacht? I do not think we do. The number of people in the Gaeltacht who use the language daily is falling. Some language experts are saying there are only ten or 15 years left for the Irish language as a community language. If that is true, it will be our generation who will see the death of the Irish language as a community language. Whether a language that has flourished for 2,000 years exists as a community language in future could rest on our shoulders.
Despite all the wonderful language and the contributions that have been made in this debate, we have to get to a situation where we get real about the Irish language. We need to show future parents that there will be a future for the language for them, that it is worth their while raising their children in Irish, that it is worth their while sending their kids to Gaelscoileanna, that there will be Gaelscoileanna there for them, that we are going to raise the standard of teachers in relation to the Irish language going forward, that we will invest in and fund Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Raidió na Gaeltachta and TG4 to a level where they are able to produce really good content in future and that we will actually ensure the hundreds of jobs in the State system where Irish is needed will be provided so services can be achieved in the Irish language.
Tá go leor Teachtaí Dála nua istigh anseo agus is rud iontach é sin. Tá gliondar ar mo chroí freisin go bhfuil Gaeilge líofa labhartha istigh anseo ag go leor acu. Deir an seanfhocal, áfach, go gcaithfear beart de réir ár mbriathar a dhéanamh. Tá go leor briathar istigh anseo ach tá easpa gníomhartha maidir leis an nGaeilge. Ba cheart dúinn beart de réir ár mbriathar a dhéanamh ar an ábhar sin.
Bhí an gCathaoirleach Gníomhach, an Teachta Connolly, mar bhall den chomhchoiste Gaeilge sa Dáil deireanach, ach ní raibh go leor daoine ag freastal ar an gcomhchoiste sin ag an am. As seo amach, caithfidh muid a bheith cinnte go mbeidh an Ghaeilge i lár thosaíochtaí an Rialtais.
Tá áthas orm a bheith anseo inniu chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Tréimhse iontach atá inti a thugann deis dúinn ár dteanga agus ár gcultúr a chur chun cinn. Is cuid dár n-oidhreacht í an Ghaeilge. Tá sí beo agus bríomhar agus is teanga ár sinsir í. Tá sí le cloisteáil inár gceol, inár litríocht agus inár logainmneacha. Tá sí linn i ngach áit, sna hamhráin a chanaimid, sna seanfhocail a úsáidimid agus ar TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Ní gá a bheith líofa chun páirt a ghlacadh.
Is minic a chloisimid duine ag rá nach bhfuil mórán Gaeilge aige nó aici nó nach bhfuil Gaeilge mhaith aige nó aici. Is cuma cén leibhéal atá ag duine, tá fáilte roimh gach duine. Bíodh sé in úsáid na bhfrásaí cosúil le "Dia duit", "Go raibh maith agat", nó fiú cúpla focal eile, is í an iarracht an rud is tábhachtaí. Gach uair a úsáidtear cúpla focal, cuirtear le todhchaí ár dteanga. Sin an fáth go bhfuil Seachtain na Gaeilge chomh tábhachtach sin. Tugann sí deis dúinn an teanga a úsáid ar bhealach taitneamhach, bíodh sin trí cheol, trí spórt nó trí chomhrá. Tugann Seachtain na Gaeilge an misneach agus an deis dúinn ár dteanga a úsáid le bród.
Aontaím leis na cainteoirí a dúirt go bhfuil tábhacht a bhaineann leis an teanga náisiúnta agus ár dteanga dhúchais. Ní aontaím leis na ráitis a dúirt go dtiocfaidh bás ar an teanga i gceann 100 bliain nó mar sin. Ní aontaím leis in aon chor, ach is féidir linn a fheiceáil go bhfuil feabhas ag teacht i gcónaí ar an nGaeilge agus an méid daoine a labhraíonn í gach lá, cé nach bhfuil an líon céanna cainteoirí dúchas ann. Tá a fhios agam, agus táim ag labhairt anois mar dhuine arb as Dún Laoghaire dó, ceantar i mBaile Átha Cliath nach bhfuil Gaeltacht ann, ach ina bhfuil a lán daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá. Dúirt duine éigin liom go raibh níos mó daoine ag labhairt Gaeilge gach lá i nDún Laoghaire ná in aon cheantar eile sa tír taobh amuigh den Ghaeltacht. Níl a fhios agam má tá sé fíor nó nach bhfuil, ach tá súil agam go bhfuil. Tá scoileanna cosúil le Scoil Lorcáin agus Gaelcholáistí cosúil le Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin. Timpeall na scoileanna agus na gcoláistí sin, tá pobal a labhraíonn Gaeilge agus atá thar a bheith buíoch as ucht an Ghaeilge a bheith acu.
Is cóir dúinn, go háirithe sinn nach cainteoirí dúchais sinn, an Ghaeilge a úsáid agus a labhairt. Is cóir dúinn an Ghaeilge a labhairt lenár bpáistí freisin. Má tá foirm ann trí mheán na Gaeilge, ba cheart dúinn an leagan sin a úsáid in ionad an leagain Bhéarla. Má tá an Ghaeilge ag duine mar sin, ba cheart dó nó di í a úsáid san fhoirm sin ionas go n-úsáidfear í agus go bhfuilimid in ann a rá go n-úsáidtear an Ghaeilge ag an leibhéal sin. Sin an tábhacht a bhaineann leis, ach sin an dualgas a bhaineann linn freisin. Is fúinne atá sé an teanga a shábháil, a úsáid agus a labhairt.
Cé go gcreidim go bhfuil ceart ag gach aon duine sa tír a chuid oideachais a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, tá a fhios agam nach bhfuil an rogha ag gach aon teaghlach sa tír agus nach bhfuil an seans ag gach aon duine dul go Gaelscoil nó Gaelcholáiste. Is trua an rud é, má tá seans ag duine dul go Gaelscoil agus nach bhfuil an seans céanna aige dul go Gaelcholáiste. Tá sé thar a bheith deacair dom nuair a thagann tuismitheoirí chugam le páistí sa Ghaelscoil ach nach bhfuil áit sa Ghaelcholáiste áitiúil acu freisin. Caithfimid, mar Rialtas agus mar thír, rud éigin a dhéanamh faoi sin.
Ag an am céanna, tá a fhios againn go bhfuil a lán rudaí ar siúl ag an Rialtas atá ann toisc go bhfuil éileamh ar úsáid na Gaeilge agus éileamh ar an nGaeilge san oideachas ann. Tá a fhios againn go bhfuil níos mó Gaelscoileanna ag teacht an t-am ar fad, agus tá a fhios againn go léir faoin scoil i Synge Street, Baile Átha Cliath, a bhí le hathrú ó scoil trí mheán an Bhéarla go scoil trí mheán na Gaeilge. Is slí nó bealach dúinn é sin an t-oideachas a athrú agus a fheabhsú ar son na Gaeilge.
Rud eile atá thar a bheith tábhachtach dom ná an fhógraíocht agus polasaí an Rialtais dheireanaigh go gcuirfidh eagraíochtaí poiblí 20% ar a laghad dá gcuid fógraíochta ar an raidió agus ar an teilifís trí Ghaeilge. Mar sin, tá seans ag gach aon duine sa tír an Ghaeilge a fheiceáil ar an teilifís agus an Ghaeilge a chloisteáil ar an gnáthraidió, ní hamháin Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Rí-Rá nó pé raidió trí Ghaeilge, ach ar RTÉ, mar shampla, atá trí Bhéarla de ghnáth. Anois tá fíorfhógraíocht trí Ghaeilge le cloisteáil, ní tokenism atá ann. Déanfaidh sé sin an-difríocht dúinn, go bhfuil an Ghaeilge sin ar fáil dúinn sa ghnáthshaol freisin. Sin píosa amháin atá á dhéanamh. Caithfimid é sin a dhéanamh arís agus arís i ngach scéim, i ngach Roinn Rialtais agus i ngach páirt den phobal. Má tá an dualgas orainn an Ghaeilge a choimeád agus an Ghaeilge a labhairt lenár bpáistí, is slí í sin ar féidir linn an Ghaeilge a úsáid gach lá agus a úsáid go dáiríre.
Tá a lán ráite ag na Teachtaí Ward agus McGuinness atá fíor. Rud a cheap mé féin le píosa ná go bhfuil orainn athrú meon ó thaobh úsáid na Gaeilge a bheith againn sa tír. Is é sin an dúshlán, go bhfuil ar chuile dhuine an méid Gaeilge atá aige nó aici a úsáid chomh minic agus is féidir leis nó leí. Más rud é gur féidir le chuile dhuine é sin a dhéanamh, beidh dul chun cinn mór déanta ó thaobh na Gaeilge agus a húsáid mar ghnáththeanga an phobail.
Ní hí seo an chéad deis atá agam cúpla focal a rá sa Teach, ach mothaíonn sé feiliúnach cúpla rud a rá faoin toghchán agus an rath a bhí agam ann. An chéad uair a labhair mé, is ar ábhar na stoirme a bhí sé, agus níor cheap mé ag an tráth sin go raibh sé feiliúnach. Gabhaim buíochas leis na daoine a thug cúnamh dom le linn an fheachtais, go mór mór mo bhean, mo chlann agus m'iníonacha, ceann acu a bhfuil breithlá aici inniu. Go maire tú an chéad, Lauren, más rud é go bhfuil tú ag éisteacht linn. Tugaim buíochas dóibh agus do mo mháthair. Cuimhním ar m'athair chomh maith.
Cé gur tógadh mé ar imeall na Gaeltachta is mó sa tír, ní raibh aon Ghaeilge againn sa bhaile, faraor. Rud a bhí againn, áfach, ná béim láidir ar an oideachas, agus chuaigh mé ar scoil a raibh béim ar an nGaeilge inti ag uair nach raibh Gaelscoileanna sa cheantar nó fiú sa tír ag an tráth sin. Táim fós buíoch de na múinteoirí a bhí agam, mar is ansin a fuair mé bunchloch láidir sa Ghaeilge. Tá deis níos fearr Gaeilge a fhoghlaim ag mo chlann féin mar téann siad ar bhunscoil agus meánscoil lán-Ghaeilge. Is maith an rud é go bhfuil an rogha sin ag tuismitheoirí ar nós mise in áiteanna difriúla sa tír faoi láthair.
Caithfidh mé mo réamhTheachta Fhianna Fáil do Ghaillimh Thiar a lua. Thug Éamon Ó Cuív an-chúnamh dom le linn m'iarrachtaí polaitiúla. Roinn sé a thaithí liom go minic. Is tearc polaiteoir eile a bhí ann a raibh an tionchar céanna aige ar shaol na Gaeilge nó ar an nGaeltacht sa tír. Déanaim comhghairdeas leis, agus tá súil agam go n-aontaíonn chuile dhuine liom ag déanamh comhghairdis leis agus é ainmnithe mar uachtarán Oireachtas na Samhna agus gradam an uachtaráin buaite aige ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana. Guím gach rath ar Éamon agus é sna róil sin.
Agus é luaite, is fíor a rá nach raibh agus nach bhfuil an buiséad céanna ag Roinn na Gaeltachta ó shin, nó nach bhfuil sé ag an leibhéal anois agus a bhí sé nuair a bhí Éamon ann mar Aire Gaeltachta. Tá a fhios agam gur dúshlán mór é don Aire nua, agus guím gach rath air. Is maith an rud é - mar atá ráite ag go leor daoine - go bhfuil Aire sinsearach don Ghaeltacht ann fós agus an dualgas maidir leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge ag Aire sinsearach. Guím gach rath air. Tá a fhios aige gur féidir leis brath orm agus é ag iarraidh chuile rud is féidir leis a dhéanamh chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn.
Tá mise dóchasach do thodhchaí na teanga. Ceapaim go bhfuil meon níos dearfaí anois faoin dteanga ag an nglúin níos óige. Cé gur mhaith linn níos mó scoileanna lán-Ghaeilge a fheiceáil, tá rogha ag cuid mhaith de thuismitheoirí, mar a dúirt mé cheana. Tá an Ghaeilge bríomhar sna meáin cé gur bhreá linn í a fheiceáil níos bríomhara fós agus go mbeadh tagairt níos minice ar an nGaeilge sna meáin.
É sin ráite, níl an mhuinín chéanna agamsa do na ceantracha Gaeltachta. Tá imní orm do chuid de na ceantracha Gaeltachta sa tír. Cloisim go bhfuil líon na ndaltaí sna scoileanna in áiteanna Gaeltachta ag laghdú, agus is ábhar imní é sin. Tá sé ráite ag go leor daoine sa díospóireacht go dtí seo go bhfuil fadhb tithíochta sa Ghaeltacht, agus tá. Is gá dúinn rud éigin a dhéanamh le haghaidh daoine óga atá ag iarraidh fanacht sa Ghaeltacht, teach a thógáil ann agus a gclainne a thógaint ann chomh maith.
Fuair mé freagra ar cheist parlaiminte cúpla seachtain ó shin ar cheist a bhain le Gaeilge mar ábhar scoile. Sa fhreagra sin, bhí ionadh orm nuair a chonaic mé na huimhreacha maidir le díolúintí atá faighte ag daltaí ar fud na tíre seo. I mo chontae féin, Contae Uíbh Fhailí, fuair 400 dalta díolúine ón nGaeilge. Baineann formhór na ndíolúintí seo le hoideachas dara leibhéal. Fuair 320 dalta díolúine ón nGaeilge. Mar gheall air sin, ba chóir dúinn scrúdú éigin a dhéanamh ar an gcóras maidir leis na díolúintí Gaeilge. An cheist atá ann ná an bhfuil an córas atá againn rósholúbtha nó cad atá ag tarlú.
Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh den stailc a tharla ag deireadh mhí Feabhra freisin. D’eagraigh 40 grúpa teanga Gaeilge ar fud na tíre an stailc seo. Tá na grúpaí seo ag lorg níos mó infheistithe sa teanga ón Rialtas anseo agus an ceann sa Tuaisceart. Eagraíodh an stailc tar éis ciorraithe de beagnach €820,000 ó Foras na Gaeilge ar ghrúpaí Gaeilge. Tá gá ann anois tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus d’Fhoras na Gaeilge gan mhoill agus ár seacht ndícheall a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus ár dteanga dúchais a choimeád beo agus láidir.
Ba mhaith liom rud éigin a chur amach ansin. Tá scoil i mBaile Átha Cliath Thuaidh darbh ainm Gaelcholáiste Reachrann agus níl foirgneamh buan aige. Tá sé uafásach go bhfuil daoine i mBaile Átha Cliath ag iarraidh oideachas a fháil trí Ghaeilge agus níl foirgneamh ag an scoil. Tá siad fós i prefabs. Tá siad ann le haghaidh 22 bliain. Tá sé uafásach. D’fhreastail mé ar an scoil agus tá go leor cairde agam a bhí mar dhaltaí sa scoil seo. Má táimid serious faoin nGaeilge, caithfimid infheistiú sa scoil seo agus foirgneamh a bheith ann do na daltaí agus do na múinteoirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn.
Gabhaim buíochas leis an Aire. Tír gan teanga, tír gan anam. Beidh mé ag caint idir an dá theanga. The most beneficial resource we have through the local government system is the local authority Irish-language officer. For access to the public participation networks, the provision of pop-up opportunities at meetings, etc., are the way forward. A few minutes of Irish here and there will bring people on board. We must have pride in our language and celebrate it in equal opportunity with the celebration we have of other nationalities in our country.
I, too, will quote Pádraig Pearse. As he said, a nation without its language is not a nation at all. Dhein mé mo dhícheall i gcónaí chun cúpla focal a úsáid. Ní raibh aon Bhéarla ag mo sheanmháthair. Bhí breac-Ghaeltacht sa Chaisleán Nua, mo bhaile, until 1957. Thosaíomar ranganna Gaeilge agus bunaíodh Gaelscoil Charraig na Siúire 20 bliain ó shin. Ní sé san áit céanna anois ach tá naíonra ann. Is dream é a bhí ag Helen Duggan and it is flourishing. I cannot believe the way it is. Tá naíonra eile i gCathair Dún Iascaigh. Kathleen Ní Loingsigh is the manager there, the múinteoir, and it is amazing. I saw them on the street one day: daoine óga ó 30 tír ar fud an domhain singing and reciting as Gaeilge. Dúirt sí liomsa that young people like that from abroad can learn the Irish easier than they can learn the English. That struck me. Therefore, we need to do more.
All of us need to do more. Úsáidfidh mé níos mó Gaeilge anseo. Bhí an Teachta Connolly ag caint earlier on and she was adamant that we should have some ceisteanna here gach seachtain. I agree. This great committee of reform, where many people are trying to deny us our speaking time, might allow ceist i nGaeilge gach seachtain, nó gach lá mar a dúirt an Teachta. Ní neart go cur le chéile. Together we will do what we can.
I salute all the naíonraí, the múinteoirí and the voluntary boards and committees who have supported these naíonraí. We need more. We have a lán bunscoileanna but we need more meánscoileanna as well to let people continue their education. Tá a lán oibre le déanamh againn.
Déanaim comhghairdeas le gach aon duine a ghlac páirt sa díospóireacht iontach seo. Cosúil le gach duine eile, níl mórán Gaeilge agam, ach tá beagáinín agam. Táim ag foghlaim na teanga agus tá an teanga an-tábhachtach do gach duine, go mór mór sa Dáil agus sa Seanad.
Mar a dúirt an tAire, an Teachta Calleary, is teanga bheo í an Ghaeilge, beo de bharr go bhfuil pobal teanga againn sna ceantair Ghaeltachta agus in áiteanna eile ar fud na tíre, sna líonraí Gaeilge agus bailte seirbhís Gaeltachta go háirithe. Tá cáil na teanga ar chathair Chorcaí de bharr beocht na gceantar Gaeltachta ina timpeall - Múscraí agus Oileán Chléire i gContae Chorcaí, agus trasna na teorann i gCorca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach. Tá na pobail sin ag caomhnú na teanga agus ag roinnt a dtraidisiún agus an cultúr a ghabhann léi leis an gcéad ghlúin eile.
Mar Aire Stáit atá freagrach as forbairt pobail agus carthanachtaí, tuigim an tábhacht leis na heagraíochtaí pobail agus deonacha i bhforbairt na Gaeltachta agus pobail na Gaeilge. Luaigh an tAire, an Teachta Calleary, an phleanáil teanga, agus ar ndóigh is ionann sin agus forbairt pobail trí mheán na teanga. Tá infheistíocht shuntasach á déanamh ag an Rialtas agus tacaíocht ar fáil don phobal ón Roinn, ó Údarás na Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge chun an phleanáil teanga a chur i bhfeidhm sa phobal. Tá forbairt ag teacht de réir a chéile ar na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge ar fud na tíre, ag cur dlúis le pobal teanga sna ceantair seo taobh amuigh de na ceantair traidisiúnta Ghaeltachta. Tá an Rialtas seo tiomanta a chuid a dhéanamh ar son na teanga don chainteoir Gaeilge sa Ghaeltacht, sa bhaile seirbhíse, sa líonra Gaeilge agus go deimhin in aon áit ar fud an oileáin seo. Mar bhall den Rialtas agus mar Aire Stáit, beidh mé ag tapú gach aon deis a fhaighim an teanga a úsáid agus a chur chun cinn aon slí ar féidir liom. Tá spriocanna dúshlánacha sa chlár Rialtais ach creidim go mbeidh an Rialtas seo in ann na spriocanna sin a bhaint amach nó a chur i bhfeidhm.
Bhí díospóireacht anseo sa Dáil inné maidir leis an oideachas trí Ghaeilge. Déanaim comhghairdeas leis an Teachta Ó Snodaigh agus le Sinn Féin as ucht na díospóireachta iontaí sin. Thug an rún seo deis do Theachtaí plé a dhéanamh ar an dul chun cinn suntasach atá déanta sa chóras oideachais le blianta beaga anuas i dtaobh na Gaeilge de. Is teanga bheo í an Ghaeilge agus tá pobal beo labhartha ag an teanga. Tá an Rialtas ag iarraidh an pobal sin a bhuanú agus a neartú tríd an infheistíocht go léir agus an chistíocht a chuirtear ar fáil. Aithním agus aithníonn na hAirí, na Teachtaí McEntee agus Calleary, go bhfuil tuilleadh dul chun cinn le déanamh sa réimse seo agus go bhfuil dúshláin os ár gcomhair, ach caithfear a admháil go bhfuil an-chuid bainte amach againn ar gá a aithint agus creidiúint a thabhairt don obair sin go léir.
Tá éacht déanta ag scoileanna Gaeltachta na tíre seo mar thoradh ar an scéim aitheantais scoileanna Gaeltachta ach tá obair fós le déanamh. Ar an mbonn sin tá obair tosaithe ag an Roinn Oideachais i dtreo polasaí nua a fhorbairt.
Tá taighde fadtréimhseach á chur i gcrích i láthair na huaire a bheidh mar bhonn eolais don pholasaí nua, agus tá oifigigh na Roinne i mbun plé leis na scoileanna le roinnt míonna anuas chun tús a chur leis an gcomhairliúchán cuí.
Tá mórán scéimeanna ag mo Roinn a thacaíonn agus a chuireann le obair na Roinne Oideachais sa chóras trí chéile. Cuireann scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge deiseanna breise foghlama agus saibhriú teanga ar fáil sna ceantair Ghaeltachta d’fhoghlaimeoirí lasmuigh den chóras oideachais. De réir fhigiúirí na Roinne, ghlac breis is 27,000 foghlaimeoir páirt i gcúrsaí d’fhoghlaimeoirí Gaeilge anuraidh. Fágann sé seo go bhfuil infheistíocht sa bhreis ar €6 mhilliún á dhéanamh ag mo Roinn san earnáil seo faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta. Sa bhreis air seo, ceadaíodh ciste €900,000 chun leathnú suntasach a dhéanamh ar an gciste scoláireachta do scoláirí in iarbhunscoileanna DEIS chun freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht le linn an tsamhraidh amach romhainn. Faoin gciste breise atá ceadaithe, beidh os cionn 800 scoláire in aghaidh na bliana as iarbhunscoileanna DEIS ar fud na tíre in ann tairbhe a bhaint as tréimhse foghlama sa Ghaeltacht.
Chomh maith leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta, tá an Roinn Oideachais anois i mbun oibre ar pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt. Leagfaidh an Roinn amach spriocanna uaillmhianacha sa pholasaí seo maidir le soláthar an oideachais lán-Ghaeilge, agus aithneofar gníomhartha ann chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na spriocanna sin. Tá aonad nua don Ghaeilge bunaithe ag an Roinn Oideachais chun plean gnímh dhá bhliain a fhorbairt chun tacú le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla, plean a bheidh le foilsiú freisin i mbliana.
Tá an Stát agus an Rialtas seo tiomanta don Ghaeilge. Tá mo Roinn agus an Roinn Oideachais tiomanta don Ghaeilge agus tá freagracht ar gach Roinn agus orainn go léir as an nGaeilge. Mar Aire Stáit, leanfaidh mé agus mo Roinn ag comhoibriú leis na Ranna Stáit go léir i leith na Gaeilge, ag cinntiú go n-éiríonn leis an Rialtas na spriocanna sa chlár Rialtais a chur i bhfeidhm. Luaigh an tAire, an Teachta Calleary, Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí agus measaim gur iontach an deis é seo dúinne, mar ionadaithe poiblí, na deiseanna a thapú chun an Ghaeilge a úsáid. Arís eile, tá an Stát, an Rialtas seo, agus mé féin mar Aire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, tiomanta do ghealltanais an Rialtais i leith fhorbairt agus bhuanú na Gaeilge a chur i bhfeidhm trí chomhoibriú libhse go léir agus go háirithe leis an Aire, an Teachta Calleary, agus leis an Aire, an Teachta McEntee.
Bainimis go léir sásamh as an Ghaeilge atá againn a úsáid le linn Sheachtain na Gaeilge agus gach seachtain sa téarma Rialtais sa Dáil agus sa Seanad.
I thank Deputies for their participation in this important debate to mark Seachtain na Gaeilge.