Skip to main content
Normal View

Joint Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs debate -
Thursday, 15 Dec 2016

Ferry Service to Inis Mór: Discussion (Resumed)

Breathnóimid anois ar na hábhair seo a leanas: an tseirbhís fharantóireachta go hInis Mór, Contae na Gaillimhe; staid agus curaimí Chomhar na nOileán; West Cork Development Partnership; proposed Mary Robinson centre in Ballina, County Mayo; agus an buiséad in 2017 i gcomhair na Gaeilge agus maoiniú i gcomhair Fhoras na Gaeilge agus i gcomhair Údarás na Gaeltachta. Cuirim fáilte roimh an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Deputy Heather Humphreys. Níl an tAire Stáit le freagracht as gnóthaí Gaeltachta agus acmhainní nádúrtha, Deputy Seán Kyne, anseo fós ach b'fhéidir go dtiocfaidh sé. I also welcome from the Department Mr. Joe Hamill, Secretary General, Mr. Feargal Ó Coigligh, assistant secretary, Mr. William Parnell, assistant secretary, Mr. Aodhán Mac Cormaic, stiúrthóir na Gaeilge, and Mr. J. P. Mulherin, principal officer.

By virtue of section 17(2)(l) of the Defamation Act 2009, witnesses are protected by absolute privilege in respect of their evidence to the committee. If they are directed by the committee to cease giving evidence in relation to a particular matter and they continue to do so, they are entitled thereafter only to a qualified privilege in respect of their evidence. They are directed that only evidence connected with the subject matter of the proceedings is to be given and they are asked to respect the parliamentary practice to the effect that, where possible, they should not criticise or make charges against any person, persons or entity by name or in such a way as to make him, her or it identifiable. I advise the witnesses that the opening statements and any other documents they have submitted to the committee may be published on the committee website after the meeting. Members are reminded of the long-standing parliamentary practice to the effect that they should not comment on, criticise or make charges against a person outside the Houses or an official, either by name or in such a way as to make him or her identifiable.

Today's meeting is one of a series of meetings to consider the issue of what it takes to sustain a rural community. During our deliberations we are examining all elements of this, including employment, emergency services, local services, quality of life, education and transport. B'fhéidir go dtosnódh an tAire. I invite the Minister to make her presentation.

I am pleased to have the opportunity to address the joint committee and thank it for the invitation to attend. The committee listed five specific items on today's agenda. I will address the committee's queries on the responsibilities and status of Comhar na nOileán, the West Cork Development Partnership and the proposed Mary Robinson centre in Ballina. The Minister of State, Deputy Kyne, will address the committee on the ferry service to Inis Mór and the 2017 budget for the Irish language. I am happy to take questions now, if the committee wishes to deal with each one separately.

An chéad rud ar an liosta ná an tseirbhís fharantóireachta go hInis Mór, Contae na Gaillimhe. An bhfuil ceisteanna?

Cinnte tá. Cuirim fáilte roimh gach éinne. Bhí plé an-mhaith againn anseo inné le muintir na n-oileán agus le toscairí ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir leis an tseirbhís fharantóireachta. Caithfidh mé aitheantas a thabhairt don Aire Stáit agus do na feidhmeannaigh as an gcomhréiteach sealadach atá déanta maidir leis an tseirbhís fharantóireachta go hInis Mór. Ardaíodh ceisteanna níos leithne inné maidir leis an bplean ó thaobh a bheith ag déanamh cinnte de nach dtarlódh a leithéid de rud arís. Is cosúil go raibh, mar a deir siad i mBéarla, standoff idir an comhlacht agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ar chúinsí éagsúla agus tuigim go mbaineann bunús an aighnis leis na táillí ag an gcalafort.

Ós rud é gur chaith rannóga de chuid na Roinne €49 milliún ar ché nua, an bhfuil an Roinn sásta go bhfuil an comhairle contae anois ag baint táillí de phaisinéirí le húsáid a bhaint as an gcalafort céanna? Dar le muintir na n-oileán anseo inné gur fhaca an comhairle contae cash cow sa chomhlacht farantóireachta a bhí ag tabhairt isteach 200,000 paisinéir go hÁrainn in aghaidh na bliana agus, mar gheall go raibh buiséad níos lú ag an gcomhairle, go raibh an comhairle chun cuid den bhrabach sin a bhaint den chomhlacht. Is é sin an sórt léamh a bhí agam air. Tá a fhios agam go bhfuil sé dleathach de réir an dlí, ach an bhfuil an Roinn sásta, tar éis €49 milliún a chaitheamh ar an gcé, go bhfuil sé ceart go mbeadh an comhairle ag baint amach an t-airgead seo? Ar chóir go mbeadh an Roinn tar éis labhairt leo roimh ré le comhréiteach a fháil sula mbeadh deireadh curtha leis an tseirbhís áirithe seo?

Maidir leis an mbearna atá sa mbuiséad ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i mbliana, dúradh gur thart ar 200,000 paisinéir atá ag dul isteach is amach go hÁrainn agus go raibh 80 cent in aghaidh an chloiginn mar tháille, rud a thabharfadh isteach thart ar €160,000 in aghaidh na bliana. Bhí caint anseo inné faoi fhordheontas a chur ar fáil ón Roinn leis an mbearna sin a dhéanamh suas agus an chóir é sin a dhéanamh nó an chóir go mbeadh comhréiteach áit éigin idir €160,000 agus an €40,000 a ghlacaim leis gur chuir an Roinn ar an mbord roimhe seo. In áit a bheith ag caint ar táillí calafoirt, ar chóir go mbeadh muid ag caint ar fhordheontas ón Roinn?

Bhí ceist mhór eile ag muintir na n-oileán inné. An aontaíonn an tAire gur chóir go mbeadh an táille mar a chéile ag daoine as Inis Mór atá ag taisteal is atá ar gach oileán eile amach ó chósta na hÉireann? Síleann gur €10 an táille a íocann gach duine eile ach go bhfuil táille €15 nó mar sin ar mhuintir Inis Mór agus go bhfuil táillí níos airde ar na daoine óga chomh maith.

An bhfuil i gceist comhchoiste iompair nó comhchoiste oileánda a athbhunú faoi scáth na Roinne le honadaithe ó na hoileáin rannpháirteach ann? Bhí caint go raibh a leithéid de chomhchoiste faoi Chomhairle Chontae na Gaillimhe roimhe seo, ach an bhfuil gá i ndáiríre le comhchoiste ina mbeadh na rannpháirtithe éagsúla - an Roinn, Comhairle Chontae na Gaillimhe, muintir na n-oileán agus na comhlachtaí a chuireann seirbhísí ar fáil - le nach mbeidh muid ag titim ó ghéarchéim go géarchéim maidir leis an tseirbhís aeir, an tseirbhís fharantóireachta agus eile agus gur féidir teacht ar chomhréiteach ar na ceisteanna seo?

Ó thaobh luach airgid a fháil, cé gur chaith an Roinn €49 milliún ar an gcé agus go bhfuil táille 80 cent an duine á bhaint de na turarsóirí atá ag dul isteach agus amach, an bhfuil an Roinn sásta nach bhfuil leithreas nó shower ann agus gan ach fascadh iontach teoranta le fáil ar an gcé ? An bhfuil na hAirí sásta gur bhfuair an Roinn luach airgid as an togra sin?

Gabhaim mo bhuíochas leis an Seanadóir as ucht na ceisteanna sin. An rud is tábhachtaí anois ná go mbeidh cinnteacht ann as seo amach ó thaobh seirbhíse d'Inis Mór. Tá sé ráite roimhe agus táim chun é a rá arís go hoifigiúil go mbeimid ag breathnú ar chonradh fadtéarmach ó 2017 go hInis Mór. Beidh mé ag tosnú próiseas comhairliúcháin le muintir na dtrí oileán Árann chun breathnú ar cheisteanna áirithe. Mar shampla, an mbeadh siad sásta na trí hoileáin a chur le chéile i gconradh amháin nó an mb'fhearr leo conradh amháin a bheith ann d'Inis Mór agus conradh eile d'Inis Oírr agus Inis Meáin? Tosnóidh mé an próiseas sin go luath in 2017 ionas go mbeidh cinnteacht ag muintir na n-oileán maidir leis an difríocht idir conradh PSO agus conarthaí eile le deontais ón Roinn.

In aon chonradh nua d'Inis Mór, beimid ag breathnú ar na táillí agus an difríocht sa €10 atá muintir Inis Oírr agus Inis Meáin ag íoc agus an €15 atá á n-íoc ag muintir Inis Mór.

Aontaím leis an Seanadóir maidir le comhchoiste idir an Roinn-----

An bhfuil guthán ag bualadh? Iarraim ar gach aon duine a ngutháin a mhúchadh.

Ba cheart breathnú ar chomhchoiste a bhunú idir Roinn na Gaeltachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus, mar shampla, seirbhísí sláinte. Tá a fhios agam go bhfuil comhchoiste mar sin i gCorcaigh agus bíonn díospóireacht ann faoi chuile rud ag baint le saol na n-oileán chun rudaí a dhéanamh níos fearr ó thaobh seirbhísí agus chuile rud eile. Smaoineamh maith é sin. Ba cheart rud éigin a dhéanamh do na hoileáin i nGaillimh agus i nDún na nGall freisin. Ar dtús, ba cheart dom fáilte a chur roimh an Uasal Aodhán Mac Cormaic, stiúrthóir nua na Gaeilge don Roinne. Beimid ag obair le chéile ar rudaí den shórt sin. Tá mé sásta tuilleadh smaoineamh a dhéanamh air ach sílim gur smaoineamh maith é.

An bhfuil an Roinn sásta leis na táillí? Ba chóir an cheist a chur ar an gcomhairle contae. Is leis an gcomhairle contae cé Chill Rónáin. Bhí vóta daonlathach sa chomhairle contae in 2012 agus ghlac na comhairleoirí le táille de 80 cent in aghaidh an phaisinéara. Mar is eol do chuile dhuine, bhí cás cúirte ina dhiaidh. Chaill Island Ferries Teoranta an cás agus is é sin an fáth gur chuir an comhlacht deireadh leis an tseirbhís. Tá céim mór tógtha ag Island Ferries Teoranta agus ag na comhairleoirí ar feadh coicíse anois. Táimid fós i mbun plé agus sílim go mbeidh doiciméad os comhair na gcomhairleoirí Dé Luain maidir leis na táillí. Sin ceist do na comhairleoirí, áfach, mar is leis an gcomhairle contae an cé. Thug an Roinn deontas don chomhairle contae. Beimid ag déanamh an rud céanna d'Inis Oírr. Beidh sé sin ag dul ar aghaidh i rith 2017. Tá sé ráite ag an gcomhairle contae freisin go mbeidh fodhlíthe d'Inis Oírr ó thaobh na gcostaisí as seo amach freisin. Sílim go mbeidh cinneadh le déanamh freisin ag na comhairleoirí maidir leis sin. Tá sé soiléir go bhfuil costaisí ann ó thaobh chaomhnú na cé agus tá an comhairle contae ag iarraidh airgead a fháil chun na seirbhísí a chur i bhfeidhm. Aontaím gur cheart go mbeadh leithreas ann ach sílim gur ceist í sin don chomhairle contae freisin.

Ós rud gur luaigh an tAire Stáit é, cuirim féin fáilte roimh cheapachán Áodháin Mhic Cormaic mar stiúrthóir na Gaeilge. Bhí folúntas ansin ar feadh tamaill fada agus tá aithne agam ar Aodhán ón obair atá déanta aige leis an Roinn. Deabhal fear níos fearr a d'fhéadfaí a fháil don phost sin. Guím gach rath air sa bpost.

Ní maith liom focal a chur ina mbéil ach an léamh a rinne mé ar an bpointe a bhí toscairí an chomhairle contae ag déanamh inné ná go raibh ar an gcomhairle contae, mar gheall ar chiorruithe buiséid, teacht ar foinsí eile airgid agus nach raibh aon rogha acu i ndáiríre ach dul i dtreo fodhlíthe a thabharfadh airgead isteach. An cheist a bhí agam ar an Aire Stáit ná an bhfuil an Roinn sásta breathnú ar fhordheontas ó thaobh an conradh atá an Roinn ag tairiscint a líonfadh an bhearna san airgead atá an comhairle contae ag lorg. Bhíodar ag caint ar 80 cent in aghaidh an chloiginn ar 200,000 duine. Tá sé sin thart ar €160,000 in aghaidh na bliana. An bhfuil an Roinn sásta breathnú ar fhigiúir den chineál sin nó figiúir níos lú? Tuigtear dom, nuair a bhí géarchéim ann an bhliain seo caite, gur leag an Roinn roinnt airgid ar an mbord ó thaobh an chonartha go hInis Mór agus sin €40,000 nó €50,000. An bhfuil an Stát, tríd an Roinn, sásta an bhearna a laghdú sa gcaoi gur féidir an cás a dhéanamh le comhairleoirí Chontae na Gaillimhe an táille sin a tharraingt siar? Braithim ón méid a bhí an leas-cathaoirleach ar an gcomhairle contae ag rá inné gur b'fhearr leo gan a bheith ag baint amach táillí dá bhféadfaidís ach is de bharr chiorruithe airgid atá sé sin ag tarlú i ndáiríre píre.

Chuir Island Ferries Teoranta doiciméad os comhair mo Roinne le déanaí ina raibh moltaí faoi réiteach ar an bhfadhb mar aon le tuairimí faoi thodhchaí na seirbhísí. Thug mo Roinn éisteacht mhaith do na moltaí agus tá mé sásta a rá go bhfuil Island Ferries Teoranta anois sásta glacadh i bprionsabal le fodhlíthe maidir leis na paisinéirí. Tá mé féin agus mo chuid oifigigh i dteagmháil go rialta le Comhairle Chontae na Gaillimhe faoin ábhar seo agus táimid fós ag plé chuile rud ó thaobh na bhfodhlíthe agus ag iarraidh teacht ar réiteach ar na fadhbanna agus an difríocht idir an comhairle contae agus Island Ferries Teoranta. Tá sé ráite go minic ach tá céim mór tógtha ag Island Ferries agus na comhairleoirí a thug cead don phríomhfheidhmeannach é seo a phlé. Tá dul chun cinn mór déanta. Sílim go mbeidh doiciméad os comhair na gcomhairleoirí Dé Luain seo chugainn agus tá na hoifigigh i mo Roinn i dteagmháil leis an gcomhairle contae maidir le cuid de na costaisí reatha ó thaobh ché Chill Rónáin.

Bhí caint ar na costaisí reatha sin agus cuireadh figiúirí os ár gcomhair inné. Nuair a bhí ceann de na cásanna cúirte ann, bhí meastachán de €176,000 in aghaidh na bliana mar chostas reatha don ché ach tá sé sin ardaithe le cúpla bliain. Sílim go bhfuil sé áit éigin idir €190,000 agus €260,000 in aghaidh na bliana. An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil cruinneas ag baint leis na figiúirí sin agus go bhfuil an méid sin airgid dáiríre á chaitheamh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar riaradh an ché sin nuair a bhí céatadán i bhfad níos lú ag baint le riaradh na cé sin sula ndearnadh an ché nua? Cinnte beidh tionchar aige sin ar an méid atá an Roinn sásta a thairiscint nuair a bheidh an Roinn ag cur tairiscint ar fáil ó thaobh conartha de.

Tá comhráití ar siúl agus tuigim nach féidir labhairt go mion faoi chomhráití atá fós ar siúl mar gheall ar chúinsí dlí agus mar sin de.

An bhfuil sé leagtha síos mar bhunchoinníoll ag an Aire Stáit sa chineál comhréiteach atá á phlé go mbeidh táille de €10 do na hoileánaigh i gceist mar chuid den socrú? De réir mar a thuigeann muid, críochnóidh an socrú reatha ar an 4 Eanáir seo chugainn. Cé chomh fada is a bheidh an socrú nua i bhfeidhm, i dtuairim an Aire Stáit? An mairfidh sé go dtí go mbeidh socrú fadtéarmach déanta tar éis an phróisis comhairliúcháin atá á phlé faoi láthair? Tá sé ráite ag an Aire Stáit go bhfuil sé i gceist aige go mbeidh conradh nua a bheidh níos buaine agus níos fadtéarmaí i bhfeidhm.

Tá sé ráite agam go bhfuil conradh fadtéarmach ag teastáil d'Inis Mór ina aonair nó d'Inis Mór in éineacht le Inis Oírr agus Inis Meáin. Beidh sé sin déanta ag mo Roinn le linn na bliana 2017. Tá sé ar bharr an liosta go mairfidh conradh farantóireachta d'Inis Mór ar feadh ceithre nó cúig bliana. Teastaíonn uaim go mbeidh cinnteacht ag muintir Árann maidir leis an tseirbhís i rith an gheimhridh. Tá sé sin soiléir. Mar a dúirt mé, beidh mé sásta suí síos le muintir Árann leis an ábhar sin a phlé.

Beimid ag breathnú ar na costais i gcomhthéacs an conartha fadtéarmach. Beidh béim ar an difríocht idir na táillí de €15 agus €10 atá i gceist ar Inis Mór agus an méid atá á íoc ag muintir Inis Oírr agus Inis Meáin. Beimid ag féachaint ar sin i gcomhthéacs an conartha fadtéarmach ón bhliain 2017 ar aghaidh.

De réir mar a thuigim, rinne an chomhairle chontae meastacháin ar na costais in 2012. Sílim go bhfuil na figiuírí cearta acu do na costais anois. Níl a fhios agam ar chuir an príomhfheidhmeannach na figiúirí sin os comhair an choiste.

Ní fhaca mé iad ar feadh tamaill. Chuala mé cuid de na figiúirí, mar shampla na costais i dtaobh an foreshore agus an harbour master.

Ní bhfuair an tAire Stáit briseadh síos mion.

D'iarr muid briseadh síos mion inné, ach ní bhfuair muid é. An ea nach bhfuair an tAire Stáit é ach an oiread? Tá sé sin spéisiúil.

Mar eolas, sular thosaigh an obair ar an gcéibh nua a thógáil, bhí cinneadh déanta go mbeadh fodhlithe ag an gcomhairle chontae. Tarlóidh an rud céanna i gcás Inis Oírr.

Is údar imní é nach bhfuil figiúirí feicthe againn. D'iarr muid inné iad chomh maith. Ba mhór an difríocht idir €176,000 in 2012 agus suas le €260,000 cúpla bliain ina dhiaidh sin. Tá daoine ag rá liom - tá mé cinnte go bhfuil siad ag caint leis an Aire Stáit faoin ábhar seo - nach gcreideann siad gur féidir go bhfuil €250,000 á chaitheamh in aghaidh na bliana ar an gcéibh seo nuair is céibh nua as an bpíosa é chomh maith céanna.

Mar gheall ar na costais sin, thóg said an cinneadh 80 cent in aghaidh an phaisinéir a-----

Ghlac siad leis an táille sin. Mar a dúirt mé, táimid ag obair ar shocrú a fháil maidir leis an bhfigiúr sin idir Island Ferries agus Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Bogfaimid ar aghaidh. Tá stádas agus cúraimí Comhar na nOileán á bplé againn ag an am céanna. An bhfuil ceisteanna ag na baill faoin ábhar sin?

Tá brón orm. Cheap mé go raibh muid ag caint díreach ar-----

Is féidir linn teacht ar ais go dtí an ábhar sin más maith leis an Seanadóir.

Dúirt an Cathaoirleach go raibh muid ag tosnú leis an tseirbhís farantóireachta ar Inis Mór.

Ceart go leor. Iarraim ar an Teachta Ó Cuív labhairt ar an tseirbhís farantóireachta go hInis Mór.

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Aodhán Mac Cormaic as a bheith ceaptha mar stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn. Tá fear agus státseirbhíseach an-mhaith ceaptha sa ról sin. Tá súil agam go n-éireoidh go breá leis ina chuid oibre.

Iarraim ar an Aire Stáit soiléiriú a thabhairt dom sa chomhthéacs seo. Glacaim leis nach féidir linn dul isteach sna mionchomhráití agus go mb'fhearr iad a fhágáil idir an Aire Stáit, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an farantóir. Is dóigh liom go bhfuil cúpla rud a bheidh á n-iarraidh ag na hoileánaigh. An mbeidh na huastáillí céanna i gceist in aon socrú a dhéanfar - má bhíonn airgead na Roinne i gceist - agus atá i gceist leis na hoileáin eile? Is iad na táillí sin ná €10 fillte do dhaoine fásta agus €6 fillte do ghasúir. Mar a míníodh anseo inné, má tá tuismitheoirí agus beirt ghasúir ag dul isteach is amach, tá difríocht de €22 - €32 in éadan €54 - i gceist.

Bíonn ar oileánaigh dul isteach is amach go minic. Bíonn cuid acu gafa le spórt. Go deimhin féin, tháinig lánchúlaí ar fhoireann mionúir na Gaillimhe i mbliana - ceann de na réalta peile is fearr a fhacthas ag an aois seo - as Oileáin Árann. Chuile uair a théann sé isteach, bíonn air €12 a íoc. Ní smaoineodh daoine ar an mórthír go gcaithfidís an méid sin a íoc ag an aois sin le peil a imirt dá gcontae. Mar sin, tá sé riachtanach go mbeidh uastáillí i gceist. Dar liom, ní bheidh aon ghlacadh ag na hoileánaigh leis mura mbeidh a leithéid ann. Is é sin atá ráite acu. Ní hamháin an tréimhse ón 4 Eanáir go dtí an 17 Márta, ach an bliain uilig, atá i gceist anseo.

Cén socrú atá déanta don tréimhse amach anseo? Glacaim leis gur thagair an tAire Stáit don bhliain 2017. Tuigim go dtosóidh an conradh fadtéarmach ar 1 Eanáir 2018. Glacaim leis go dtógfaidh sé beagnach bliain. Sílim go bhfuil an conradh d'Inis Meáin agus d'Inis Oírr ag rith amach ag deireadh na bliana seo chugainn. An bhfuil cinnteacht ann don tréimhse idir Dheireadh Fómhair agus Nollaig 2017? Ní bheimid in ann an méid seo ama a chaitheamh ar an ábhar seo arís, agus an oiread sin éiginnteacht ann ó thaobh na n-oileánaigh de agus an oiread sin útamáil i gceist. Dar liom, caithfidh pé socrú atá le déanamh an tréimhse iomlán idir inniu agus cibé cén lá a thiocfaidh an conradh nua i bhfeidhm a chlúdach.

Mar a thuigeann an tAire Stáit agus an státseirbhíseach sinsearach lena ais, is cuma cad a déarfar leis an Aire Stáit faoi cé chomh sciobhtha agus is féidir tairiscint a lorg agus conradh a bhronnadh. Go minic, tarlaíonn rudaí a chuireann moill ar na próisis sin. Caithfidh an tAire Stáit glacadh leis go dtógfaidh sé níos faide an socrú seo a dhéanamh ná mar atá sé ag rá i láthair na huaire. Más féidir leis é seo a dhéanamh níos sciobthaí, beidh sé sin togha. Bíonn moill go mion minic nuair a théann ceisteanna anonn is anall. Is féidir é sin a fheiceáil i láthair na huaire leis an gconradh don tseirbhís aeir. Creidim go bhfuil an tAire Stáit beagnach réidh leis an gconradh sin a fhógairt. Is léir go dtógann na rudaí seo i bhfad níos faide ná mar a bhíonn súil. Is fearr réiteach a dhéanamh anois a chinnteoidh as seo go dtí cibé cén uair go bhfuil conradh fadtéarmach i gceist agus go bhfuil cinnteacht ann.

Tá dhá cheist á n-ardú agam. Is í ceist na dtáillí an chéad cheist. Glacaim leis go mbeidh comhréiteach ann. Tá an-dul chun cinn déanta ag an Aire Stáit agus bail ó Dhia air. Glacaim lena fhocal go bhfuil solúbthacht taispeáinte ag an Roinn. Tá súil agam go dtaispeánfaidh an chomhairle chontae an solúbthacht chéanna agus go mórmhór go dtaispeánfaidh an farantóir an solúbthacht chéanna. Fágfaidh mé é sin fúthu. Ní dóigh liom go mbeadh sé caoi, ceart nó cothrom níos mó a rá faoi sin ag an bpointe seo. Tá mé ag iarraidh deimhneacht a fháil faoi dhá bhunrud inniu. Tá ceist na dtáillí luaite agam. Ina theannta sin, an bhfuil socrú á dhéanamh a sheasfaidh go dtí go mbeidh conradh buan in áit?

Mar a dúirt mé leis an Seanadóir Ó Clochartaigh, tá sé ráite roimh ré go dteastaíonn conradh fadtéarmach i rith na bliana 2017 lena chinntiú nach dtarlóidh rud éigin mar seo arís. Ba chóir go mbeadh muintir Árann cinnte go mbeidh seirbhís acu chuile lá agus chuile sheachtain den bhliain. Ní cheart go mbeadh aon imní orthu maidir leis an tseirbhís i rith an gheimhridh. Tá mé sásta a rá go mbeimid ag tosnú ar chonradh d'Inis Mór go luath san athbhliain. Mar is eol don Teachta, críochnóidh an conradh d'Inis Meáin agus Inis Oírr ag deireadh mí Dheireadh Fómhair na bliana seo chugainn. Beidh mé ag tosnú próiseas comhairliúcháin chun smaointí na hoileánaigh a fháil ag an tráth sin. Gheobhaidh mé amach an bhfuil siad sásta an trí oileán a chur le chéile ar chonradh amháin. Éisteoidh mé leis na smaointí atá acu maidir leis an difríocht idir conradh PSO agus conarthaí eile. Beidh mé ag breathnú ar an difríocht a bhaineann leis na táillí a íocann muintir Inis Mór. Glacaim leis go bhfuil siad ag íoc níos mó ná mar atá a chairde ar Inis Oírr agus Inis Meáin. Aontaím leis an Teachta gur-----

Baineann an socrú i dtaobh na táillí le chuile oileán ó Oileán Thoraí go Oileán Chléire ó dheas. Tá mé ag caint faoin daonra ar Inis Toirc agus Inis Bó Finne, srl. Shílfeá go mbeadh Inis Mór an áit is saoire i measc na n-oileáin, ach ní mar sin atá. Is é Inis Mór an áit is daoire is measc na n-oileáin. An féidir linn glacadh leis go mbeidh na táillí a bheidh le n-íoc ag muintir Inis Mór ón 4 Eanáir 2017 ar aghaidh, má tá aon airgead Roinne i gceist, ar an gcaoi céanna le chuile oileán eile sa tír? Molfainn gur cheart go mbeadh uastáillí de €10 i gcás daoine fásta agus €6 i gcás ógánaigh i gceist.

Níl mé chun gealltanas a thabhairt don Teachta maidir leis an méid a tharlóidh ó mí Eanáir ar aghaidh. Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh seirbhís ann. Tá mé ag obair lena chinntiú go mbeidh seirbhís i mí Eanáir, i mí Feabhra agus i Mí an Mhárta. Beidh muid ag obair ar chonradh fadtéarmach i rith an ama sin. Breathnóidh muid ar na difríochtaí idir na táillí a ghearrtar ar na hoileáin trasna na tíre, Inis Mór san áireamh, sa chomhthéacs sin. Tá sé tábhachtach go bhfuilimid ag iarraidh an tseirbhís a chinntiú. Mar is eol don Teachta, níl conradh againn d'Inis Mór faoi láthair. Tá sé i gceist againn go mbeimid in ann teacht ar shocrú idir an farantóir agus an chomhairle chontae ó thaobh na táillí ar a bhfuilimid ag obair. Tá sé ráite go minic nach bhfuil fadhb ag an bhfarantóir leis an Roinn ná liomsa, ach leis na táillí ón gcomhairle chontae. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag iarraidh teacht ar socrú. Deirim arís gurb é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh seirbhís ann i rith mí Eanáir agus mí Feabhra. Tá mé ag obair ar sin. Beimid ag breathnú ar na táillí a ghearrtar faoin gconradh a bheidh i gceist ar feadh cúig bliana ó 2017 ar aghaidh. Beidh siad ar an leibhéal céanna ar na hoileáin uilig.

Baineann an pointe atá á dhéanamh agam leis an socrú idir an chomhairle chontae agus an farantóir. De réir mar a thuigim, bhí éileamh ann ón bhfarantóir go mbeadh íocaíocht de saghas éigin ar fáil ón Roinn le haghaidh mí Eanáir, mí Feabhra agus leath de mhí an Mhárta an bhliain seo chugainn. Níor mhaith liom méid na híocaíochta a phlé nó dul isteach sna mionsonraí. Má tá airgead i gceist, agus tuigim go bhfuil, ba cheart don Roinn dóthain airgid a chur ar fáil a chinnteoidh gur táillí de €10 agus €6 a bheidh i gceist. Ní cheart go mbeadh an Roinn taobh thiar den doras ó thaobh airgead a chur ar fáil nuair atá iarracht á déanamh a chinntiú go ngearrfar a leithéid de tháillí. Tá sé éasca a thomhas cé mhéad a chosnódh sé sin don bhfarantóir, ós rud é go bhfuil a fhios againn cé mhéad oileánach a théann isteach is amach go dtí na hoileáin áirithe seo. Bunaithe ar na figiúirí atá tugtha ag an bhfanatóir, ceapaim go gcosnódh an difríocht idir na táillí mar atá siad agus na táillí laghdaithe atá molta agam thart ar €29,000. Má tá airgead á íoc ag an Roinn, ba cheart go mbeadh na táillí laghdaithe mar choinníoill. Beidh ar an Roinn tuilleadh airgid a chur ar an mbord más gá. Bhí orainn é sin a dhéanamh i gcásanna na hoileáin eile. Dá mbeadh cead ag na farantóirí a rogha de tháillí a ghearradh, bheadh an fordheontas níos lú ach bheadh na hoileánaigh ag íoc níos mó. Caithfidh an córas nua tosnú ar an 4 Eanáir seo chugainn. Níl aon mhaith a rá go socrófar arís é. Is ceist airgid é seo.

Bhí socrú déanta idir an Roinn agus an farantóir don gheimhreadh seo caite. Bhí costais ansin. Níor tharraing an farantóir an t-airgead sin siar mar gheall nár ghlac sé leis na fodhlithe agus ná táillí a leag an chomhairle chontae síos. Sílim go mbeimid ag íoc an t-airgead sin má bhíonn an farantóir sásta leis an socrú idir é agus agus an comhairle chontae. Níl aon chinneadh déanta go n-íocfaimid aon airgead don farantóir ón mhí seo chugainn amach. Níl na sonraí sin socraithe agus dá bhrí sin, níl mé chun an t-ábhar sin a phlé. Tuigim go bhfuil an Teachta ag iarraidh go mbeidh laghdú ar na costais do mhuintir Inis Mór. Mar a dúirt mé, is cinnte go mbeidh mé sásta breathnú ar an gconradh fadtéarmach a bheidh ann don tseirbhís ón bhliain 2017 amach.

Ba mhaith liom béim a chur ar phointe deireanach. Má tá an Roinn ag íoc airgead ar bith, ní bheidh aon ghlacadh leis muna mbeidh an t-uastáille céanna i gceist d'Inis Mór agus atá i gceist d'aon oileán eile amach ón gcósta. Má tá airgead á íoc ag an Roinn le haghaidh mí Eanáir, mí Feabhra agus cuid de mhí an Mhárta, caithfidh na táillí bheith ar an leibhéal céanna d'Inis Mór agus atá siad do na oileáin eile. Muna bhfuil a leithéid de socrú i gceist, ní bheidh aon ghlacadh leis uaimse, ar aon chaoi. Ní dóigh liom go mbeidh aon ghlacadh leis ó na hoileánaigh ar Inis Mór má tá airgead Stáit á íoc le farantóir agus muna mbeidh an regime céanna táillí i gceist is atá i gceist ar chuile oileán - Oileán Thoraí, Oileán Árainn Mhór, Oileán Chliara, Inis Toirc, Inis Bó Finne, Inis Meáin, Inis Oírr agus an cúig oileán amach ó chósta Chorcaí. Tá deifir ar an gCathaoirleach agus mar sin, ní luafaidh mé iad go léir. Tuigeann baill an choiste an rud atá i gceist agam. Ní bheidh aon ghlacadh leis. Caithfear an t-airgead a fháil agus sin é. Mar a deirim, fiú bunaithe ar an bhfigiúr de €140,000 a bhí ag dul thart san aer, níl i gceist anseo ach €29,000.

Tá mé ag éisteacht. Tá na rudaí seo fós á bplé againn. Mar is eol don Teachta, bíonn próiseas soláthar poiblí i gceist i gcomhthéacs seirbhísí mar seo. Táimid ag breathnú ar chuile rud. Sílim gurb é an rud is tábhachtaí do mhuintir Árann ná go mbeidh seirbhís acu ón 4 Eanáir go dtí Lá Fhéile Pádraig. Táimid ag obair ar sin.

Má tá an tAire Stáit ag taistil leath an bhóthair, ba cheart dó taistil an bóthar uilig.

Stopfaimid ansin. Is féidir an cheist a chur arís is arís eile. Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar Aodhán Mac Cormaic ina phost nua. Is mian liom cúpla ceist a chur ar an Aire Stáit maidir leis an ábhar seo.

Nuair a bhí na daoine ó na hoileáin istigh linn inné, bhí an méid a bhí le rá acu dochreidte. Bhí siad ag caint faoi todhchaí na n-oileáin go léir. Thug siad cur síos dúinn faoi cé chomh deacair is atá sé maireachtáil ar na hoileáin anois, mar gheall ar na costais breise atá i gceist. Dúirt siad go bhfuil na deacrachtaí seo ag cur brú ar an daonáireamh. Tá daonáireamh Inis Mór ag titim. Tá sé an-deacair anois daoine a mhealladh ar ais. Tá daoine atá ina gcónaí thar lear ag smaoineamh ar teacht ar ais go dtí Inis Mór, ach níl a fhios acu an mbeidh seirbhísí aeir nó farantóireachta ann. Is drochrud é go bhfuil an easpa cinnteacht a bhaineann leis an bhfadhb seo ag cur bac orthu agus iad ag iarraidh a gcuid cinnithe a dhéanamh.

Is léir go bhfuil luach iontach ag baint le hInis Mór agus na hoileáin eile mar gheall ar an Wild Atlantic Way. Tá na hoileáin á ndíol ag an Stát thar lear. Faigheann an Stát airgead ar ais uathu mar gheall go bhfuil turasóirí atá ag iarraidh áiteanna ar nós Dún Aonghasa a fheiceáil. Is léir freisin go bhfuil easpa ionannais idir Inis Mór agus na hoileáin eile. Chuir sé isteach orm inné, agus b'fhéidir go bhfuil sé ag cur isteach ar an Aire Stáit inniu, nach bhfuil radharc trédhearcach ná eolas deimhneach cruinn againn ar na costais atá á gcur isteach sa phota chun na táillí breise a ghearradh ar mhuintir Inis Mór. Tá saghas faitíos ar gach duine go bhfuil an chomhairle chontae nó dream éigin eile ag iarraidh an cáin ar na hoileánaigh a úsáid mar cash cow chun an bearna a líonadh, seachas é sin a dhéanamh as buiséad amháin nó buiséad eile de chuid an chomhairle. Chuir sé isteach orm go huile is go hiomlán inné nach raibh conradh idir an Rialtas nó an comhairle chontae agus an farantóir. Bhí sé sin fágtha suas san aer. Ní raibh an farantóir glasáilte isteach i gconradh ionas go mbeadh todhchaí cinnte ag an tseirbhís.

An bhfuil an tAire Stáit sásta a rá linn inniu go mbeidh, ó 2017 ar aghaidh, conradh ann agus gan aon amhras faoi agus go mbeidh Inis Mór ar chomhchéim leis na hoileáin eile maidir leis an bpraghas?

Dúradh go bhfuil an t-oileán fágtha gan chonradh agus tá sé sin ceart. Níl conradh ann. Ó thaobh na staire de, sa thréimhse ó 1 Feabhra 2008 go dtí 23 Eanáir 2013, bhí conradh idir an Roinn agus Island Ferries Teoranta chun seirbhís fharantóireachta paisinéirí a chur ar fáil idir Ros an Mhíl agus Árann-Inis Mór chomh maith le seirbhís bus go Gaillimh agus ar ais. Ba é an costas iomlán ar feadh tréimhse an conradh ná €250,499. Sin €43,100 in aghaidh na bliana ar an meán. Is €47,405 an costas bliantúil a bhí ar an bliain deireadh den chonradh sin. Ó 2013 ar aghaidh, theip ar an Roinn aon chonradh a aontú don sheirbhís fharantóireachta go hÁrann in ainneoin iarrachtaí na Roinne tariscintí a fháil trí chomórtas soláthar poiblí agus cainteanna leis an bhfarantóir. Níl dabht ach go raibh Island Ferries Teoranta ag cur seirbhís mhaith ar fáil don oileán le blianta anuas agus tá an comhlacht sin ag cur seirbhís ar fáil don oileán ó Feabhra 2013 gan aon chúnamh ón Stát, rud a léiríonn gur slí brabúsach atá i gceist.

Sin an t-aon oileán nach bhfuil seirbhís fharantóireachta ann ach bhí an farantóir sásta seirbhís a chur ar fáil gan aon chúnamh. Bhí sé ráite ag an am go raibh an comhlacht sásta é a chur ar fáil i rith an gheimhridh. Sin an fáth nach raibh conradh idir an Roinn agus an farantóir. Mar gheall ar na táillí agus na cásanna cúirte agus ollrud mar sin, bhí bagairt ann don tseirbhís i rith an gheimhridh agus sin an fáth go bhfuilimid san áit ina bhfuilimid. Ó 2017 ar aghaidh, táim sásta go mbeimid in ann conradh a dhéanamh d'Inis Mór. Tá sé fíorthábhachtach agus, mar a dúirt mé, ceann de na príomhaidhmeanna ab ea é ó bhí 2007 ann. Aontaím go bhfuil a lán dushláin ann ó thaobh shaol na n-oileánach ach tá a lán obair mhaith déanta ar feadh na blianta ó thaobh chinnteacht seirbhísí. Tá an Roinn ag caitheamh a lán airgid chun a chinntiú go bhfuil seirbhísí ann do na hoileáin. Ceann de na fadhbanna ná nach mbíonn mórán iomaíochta ó thaobh seirbhísí agus nach mbíonn mórán rogha ann. Beidh conradh fadtéarmach don tseirbhís fharantóireachta d'Inis Mór. Sílim go ndéanfar cinneadh go luath. Tá sé sin ráite go minic agam ó thaobh na haeirseirbhíse, ach tá mé ag súil go mbeidh cinneadh ann go luath. Táim sásta breathnú ar na costaisí d'Inis Mór in aon chonradh fadtéarmach ó 2017 ar aghaidh.

Top
Share