Skip to main content
Normal View

JOINT COMMITTEE ON ARTS, SPORT, TOURISM, COMMUNITY, RURAL AND GAELTACHT AFFAIRS debate -
Wednesday, 26 Nov 2003

Vol. 1 No. 16

Foras na Gaeilge: Presentation.

Cuirim fáilte roimh Seosamh Mac Donncha, príomhfheidhmeannach Foras na Gaeilge, agus Seosamh Ó Murchú, as An Gúm, le tionscadal an fhoclóra nua a léiriú.

Mr. Seosamh Mac Donncha

Is cúis áthais dúinn bheith anseo inniu agus ba mhaith linn ar mbuíochas a ghabháil leis an choiste as ucht an chuiridh fial freastal chun cur i láthair sonrach a dhéanamh ar an togra tábhachtach seo, an foclóir Béarla-Gaeilge.

Is mise príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, tá mé bliain go leith ag feidhmiú sa phost sin agus liom tá Seosamh Ó Murchú atá mar eagarthóir sinsearach sa Ghúm agus atá mar bhainsteoir ar an tionscadal áirithe seo.

Mar réamhrá, luafaidh mé cúram reachtúil Fhoras na Gaeilge i leith na foclóireachta agus na téarmaíochta go ginearálta. Mar atá luaite sna téarmaí tagartha agus sa reachtaíocht, tá forbairt foclóirí i measc chúraimí reachtúla Fhoras na Gaeilge. Tá meas ar leith againn ar an gcúram seo ag cur san áireamh traidisiún na foclóireachta atá againn sa Ghaeilge mar atá rianaithe go hachomair sa mbilleog eolais atá curtha ar fáil don gcoiste. Tá uirlisí teanga ar nós foclóirí riachtanach do theanga ar bith a bhfuil rath i ndán di sa saol nua-aimseartha ina mairimid. Sa chaoi sin, tá impleachtaí ag baint leis an tionscadal seo do no réimsí oibre uile a mbíonn Foras na Gaeilge ag plé leo.

Seo an chéad mhór-tionscadal foclóireachta atá beartaithe ag Foras na Gaeilge. Ní mhiste a lua go bhfuil sé os coinn 40 bliain ó foilsíodh an foclóir deireannach Béarla-Gaeilge ara bhfuil an oiread sin clú agus cáil air agus a thug an oiread sin seirbhíse, foclóir De Bhaldraithe.

Tús a bheidh san fhoclóir Béarla-Gaeilge seo ar shraith d'fhoclóirí a fhoilseofar amach anseo. Cuirim béim air sin, níl anseo ach tús. Beidh na foclóirí sin dírithe ar riachtanais teanga éagsúla ag daoine éagsúla ó thaobh eolais, leagan amach agus teicneolaíochta de. Beidh an obair a dhéanfar le linn an tionscadal seo ina chloch choirnéil san obair seo ar fad. Sa tionscadail seo a leagfar síos an dúshraith, an bunchloch, ar a dtógfar na foclóirí eile ina dhiaidh seo.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an teicneolaíocht inniu. Na modhanna is nua-aimseartha agus is soifisticiúla maidir le caidheart na foclóireachta á n-úsáid sa tionscadal seo. Is cúis áthais agus mortais dúinn go mbeidh an tionscadal seo chun tosaigh ar aon tionscal foclóireachta eile dá bhfuil ar siúl in áit ar bith ar fud an domhain i láthair na huaire. Cúis bhróid dúinn é go mbeidh tionscadal Gaeilge dár gcuid ina eiseamláir do thionscadal ar fud an domhain amach anseo, go speisialta leis an tréimhse tábhachtach a bheidh againn féin anseo in Éireann i gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh agus Uachtarántacht an Aontais againn ón 1 Eanáir go ceann sé mhí. Cinnteoidh an laithreán gréasáin, .i. www.foclóir.ie, a sheolamar an lá céanna ar sheolamar an tionscadal seo, go gcoimeádfar an pobal ar an eolas faoi dhul chun cinn an tionscadail, agus réitíonn sé sin, dar ndóigh, lenár bhfealsúnacht féin seirbhísí d'ardchaighdeán a chur ar fáil do chustaiméirí mar atá glaoite orainn faoin chomhaontú náisiúnta is déanaí. Deis iontach a bheidh ann dóibh freisin páirt a ghlacadh sa tionscadal trí mholtaí a dhéanamh i dtaobh na n-iontrálacha san fhoclóir agus i dtaobh an tionscadail féin.

Mar a fheicfidh na baill ón réamhrá sin, feicimidne é seo go lárnach mar fhoras tras-teorainn uile-oileánda atá ag plé le cur chun cinn na Gaeilge, agus, dar ndóigh, is cúis áthais dúinn go bhfuil an oiread sin bainte amach cheana féin againn agus go bhfuil rudaí faoi lán seoil anois le chéad chéim an fhoclóra seo. Fágfaidh mé faoinár mbainisteoir togra é, bainisteoir an tionscadail fhoclóir Gaeilge-Béarla, Seosamh Ó Murchú, atá freisin, dar ndóigh, ina eagarthóir sinsireach sa Ghúm chun chuile shoiléiriú a dhéanamh ar roinnt na bpointí eile agus baill a thabhairt tríd na céimeanna éagsúla a bhaineann leis an togra seo.

Mr. Seosamh Ó Murchú

Tá áthas ormsa bheith anso aríst chun baill a chur ar an eolas faoin tionscadal tábhachtach seo. Mar atá rianaithe sa mbróisiúr a chuireamar timpeall, tá traidisiún láidir foclóireachta sa Ghaeilge. Téann sé sin siar go dtí an 18ú aois. Táimid bródúil as sin, agus tchímid go bhfuilimid ag cur leis an traidisiún sin sa tionscadal seo agus á fhorbairt isteach san 21ú aois. Is fiú, is dócha, a lua gur sa Ghaeilge amháin atá an traidisiún foclóireachta sa tír seo. Níl an traidisiún céanna i mBéarla, mar shampla, mar gheall ar sinn a bheith chomh cóngarach sin do Shasana. Ó thaobh fhoclóireacht an Bhéarla de bhíomar ag brath ar na foclóirí móra a cuireadh ar fáil i Sasana agus mar sin de. Tá traidisiún ar fiú dúinn bheith bródúil as ó thaobh na Gaeilge de sa tír seo, mar a deirim agus mar atá rianaithe sa bhróisiúr sin. Níl sé i gceist agam dul siar go mion. Is féidir leis na baill féin léamh faoin dtraidisiún ansin. Is fiú a lua, áfach, ón 18ú aois ar aghaidh, ó bhí na mic léinn sin in Wu1rzburg ag breacadh síos na ngluaiseanna ar imeall na lámhscríbhinní agus iad mar chabhair dóibh féin le cuid de na nathanna deacra Laidine a mhíniú, tá an traidisiún sin ann. Dar ndóigh, is dócha go bhfuil sé ag teacht i gcoitinne leis an spéis agus an tsuim atá ag pobal na hÉireann i gcúrsaí teangan agus i gcúrsaí foclóireachta.

Bhí an Gúm, a bunaíodh i 1925, ariamh anall ag plé, nuair ba chuid den Roinn Oideachais é, le cúrsaí foclóireachta chomh maith. Ba é an Gúm a d'fhoilsigh foclóir de Bhaldraithe agus foclóir Gaeilge-Béarla Néill Uí Dhónaill sna 70í. Is é an Gúm a d'fhoilsigh, dar ndóigh, an Foclóir Póca, a bhfuil rath air, i 1986 chomh maith. Is fiú a lua, áfach, go bhfuil, le tamall de bhlianta anuas, ceird na foclóireachta athraithe. Teastaíonn uainn, b'fhéidir, cuid de na hathruithe sin a phlé ar ball agus a thaispeáint do na baill, mar shampla, an cur chuige. De bharr an dul chun cinn a tharla san ard-teicneolaíocht, i gcúrsaí ríomhaireachta agus ríomh-theangeolaíochta go háirithe, tá athrú millteanach mór tar éis teacht ar cheird na foclóireachta le tamall de bhlianta anuas. Tá na hathruithe sin ar fad le feiscint sa teicneolaíocht nua-aimseartha ar fad. Beimid ag baint leasa as an teicneolaíocht sin le linn an tionscadail seo.

Aithníodh le fada go bhfuil gá le foclóir nua-aimseartha Béarla-Gaeilge le cur in áit de Bhaldraithe. In ainneoin go bhfuil an foclóir sin tar éis teist na haimsire a sheasamh, tá géarghá le foclóir nua a chur ina áit. Bhí an tionscadal seo do fhoclóir Béarla-Gaeilge ar cheann de na chéad mhórthionscadail ar chuaigh Foras na Gaeilge ina mbun nuair a bunaíodh an foras i Nollaig 1999, agus an Gúm aistrithe isteach mar chuid de Fhoras na Gaeilge an t-am sin. Fuarthas cead i bprionsabal ón gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas i Nollaig 2000 dul ar aghaidh leis an tionscadal. Ritheadh comórtas tairisceana poiblí chun conraitheoirí a cheapadh anuraidh, agus mar thoradh ar an phróiseas sin, ceapadh an Lexicography MasterClass chun céim a haon den tionscadal seo a chur i gcrích. Déarfaidh mé níos mó faoin Lexicography MasterClass ar ball.

Ba mhaith liom leagan amach an tionscadail a rianú ar dtúis. Beidh an tionscadal féin roinnte ina chéimeanna. Baineann céim a haon, atá ag tosnú i lár na bliana seo agus a bheidh ag dul ar aghaidh go dtí Deireadh Fómhair na bliana seo chugainn, le leagan amach, le pleanáil agus le dearadh an fhoclóra féin. Beidh an-chuid de chúrsaí teicneolaíochta i gceist agus an-chuid de shonrú na modhanna a mbainfear leas astu leis an fhoclóir a scríobh ar ball agus mar sin de. Tosnóidh céim a dó ina dhiaidh sin, agus sin an chéim a bhainfidh le scríobh an fhoclóra féin nuair a chuirfear an fhoireann mhór aistritheoirí agus eagarthóirí le chéile leis an fhoclóir a scríobh. Is é céim a trí táirgeadh an fhoclóra agus é a chur ar fáil.

An rud is suimiúla a bhaineann leis an tionscadal seo ná gur foclóir i bhfoirm clóite agus i bhfoirm leictreonach a bheidh ann. Sin, aríst, ceann de na rudaí nach raibh ariamh ann cheana féin. Beifear ag baint leasa aríst as an teicneolaíocht nua-aimseartha leis an leagan leictreonach a fhorbairt, agus beidh i bhfad níos mó féidearthachtaí ag baint leis an leagan leictreonach, mar a thuigfeá, ná leis an leagan clóite. Beidh 50,000 ceannfhocal ann, agus roghnófar na ceannfhocail sin go léir le linn na chéad chéime - an chéim atá ar siúl faoi láthair. An rud is suntasaí faoin tionscadal seo - luaigh mé é seo ar dtúis - ná gur foclóir a bheidh bunaithe ar chorpus a chur le chéile a bheidh ann. Is éard atá i gceist le corpus ná bailiúchán mór de théacsanna atá ar fáil i bhfoirm digiteach nó leictreonach. Déarfaidh mé níos mó faoi sin ar ball.

Ar dtús, ba mhaith liom díreach a lua, mar a rinne mé níos luaithe, gurb é an Lexicography MasterClass a bhfuil an conradh faighte aige an chéad chéim seo a chur i gcrích. Tá cáil idirnáisiúnta ar an dream seo. Tháinig sé isteach de thoradh chomórtas tairisceana poiblí. Tá cáil idirnáisiúnta ar an dtriúr atá bainteach leis an Lexicography MasterClass, Sue Atkins, Michael Rundell, agus Adam Kilgarriff, i gcúrsaí foclóireachta ar fud an domhain. Bhí Sue Atkins ag plé leis an bhfoclóir cáiliúil sin de chuid Oxford, an foclóir Fraincise-Béarla. Bhí Michael Rundell ina phríomh-eagarthóir ar an English Dictionary for Advanced Learners, agus tá Adam Kilgarriff ar an duine is eolaí ar fad ar domhain ó thaobh na mbogearraí is nua-aimseartha ar fad a bhaineann le ríomh-theangeolaíocht.

Leagfaidh siadsan amach creatlach an fhoclóra dúinne, agus, dar ndóigh, beidh gá le heagarthóirí agus daoine atá eolach ar an nGaeilge agus ar Bhéarla na hÉireann chun na hiontrálacha féin a scríobh. Táimid ag brath ar an saineolas comhairleoireachta maidir le bainistiú a dhéanamh ar thionscadal mar seo leis an foclóir a chur ar a bhunnaibh. Ó thaobh chúrsaí na Gaeilge de, is é an fhoireann atá ceaptha ná an tOllamh Dónall Ó Baoill, atá i gceannas ar Roinn na dTeangacha in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste agus a bheidh ina phríomh-eagarthóir Gaeilge ar an dtionscadal, agus Breandán Ó Cróinín, a bheidh ina eagarthóir sinsireach Gaeilge ar chéim a haon den tionscadal. Tá taithí aigese chomh maith i gcúrsaí foclóireachta sa mhéid is go raibh sé ina eagarthóir ar an Oxford Pocket Irish Dicitonary, a cuireadh amach i 2000. Beidh an Dr. Eoghan Mac Aogáin, iar-stiúrthóir ar an Institiúid Teangeolaíochta, ina chomhairleoir sinsireach teangeolaíochta ag an tionscadal. Daoine iad sin a bhfuil saineolas ar leith acu agus meas orthu i saol na Gaeilge agus, i gcás Lexicography MasterClass, i saol idirnáisiúnta na foclóireachta ar fud an domhain. Táimid dóchasach go mbeidh toradh den scoth ar an bpósadh seo idir an saineolas idirnáisiúnta, an saineolas teicniúil agus an saineolas dúchasach a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus le cúrsaí na hÉireann.

Ceann des na gnéithe is suntasaí den tionscadal seo ná an fhoclóireacht chorpasbhunaithe. Is é atá i gceist le corpas ná bailiúchán mór millteach de théacsanna a bhailítear ó gach aon áit agus iad sin a bheith curtha le chéile in aon bhunachar mhór shonraí amháin. Bhí Sue Atkins chun tosaigh maidir le forbairt an chineáil seo foclóireachta - an fhoclóireacht chorpasbhunaithe. Bhí an foclóir a raibh sí féin bainteach leis san Oxford University Press ar an gcéad fhoclóir mhór a rinneadh áit ar bith sa domhan a bhí bunaithe ar chorpas.

Mar chuid den tionscadal seo, ní hamháin go bhfuil sé i gceist againn leas a bhaint as na corpais móra atá ar fáil cheana féin - mar shampla an British National Corpus, a bhfuil 200 milliún focal ann, agus corpas mar an gcéanna atá ar fáil de Bhéarla Mheiriceá - ach tá sé is gceist againn corpas de Bhéarla na hÉireann agus corpas Gaeilge a chur le chéile, go speisialta don tionscadal seo, chomh maith. Tá tús déanta maidir le corpas Gaeilge cheana féin ag Institiúid Teangeolaíochta Éireann atá tar éis corpas a chur le chéile le deich mbliana anuas de théacsanna áirithe Gaeilge. Tá sé i gceist, mar chuid den tionscadal seo, an corpas sin a mhéadú go mór go dtí 30 milliún focal. Chomh maith leis sin, don chéad uair ariamh, tá sé i gceist againn corpas de Bhéarla mar a labhartar sa tír seo a chur le chéile. Is é sin go mbeidh an cineál leas ar leith a bhaintear as Béarla na hÉireann ins an mbunachar sonraí as a mbainfear eolas chun na hiontrálacha ins an bhfoclóir a scríobh. B'shin ceann des na heasnaimh a bhí ar na foclóirí ar fad a deineadh roimhe seo. Ní raibh aon soláthar iontu maidir le Béarla na hÉireann. Mar shampla, luadh le déanaí an bhrí ar leith a bhaineann leis an bhfocal "bold" i mBéarla na hÉireann. Ciallaíonn sé dána, ach níl an bhrí sin ag baint leis an bhfocal "bold" i mBéarla Shasana. Ní bhfaightear brí sin an fhocail faoin iontráil sin i bhfoclóirí idirnáisiúnta. Tá sainbhrí ag baint le focail áirithe i mBéarla na hÉireann a chaithfear a chuimsiú agus a chur le chéile.

An bua mór a bhaineann leis an bhfoclóir a bheith corpasbhunaithe agus na milliúin focal seo a bheith curtha isteach sa bhunachar sonraí, ná go gcabhraíonn sé linn eolas a chur ar an tslí a bhfeidhmíonn an teanga go praiticiúil. Seachas an tuiscint a bhíonn ag daoine ar an tslí a bhfeidhmíonn teanga, cuireann sé fianaise ar fáil dúinn faoi mhiniciócht na bhfocal, faoin tslí a théann focal le réamhfhocal eile agus faoin chineál tslí a dtéann focail i gcomhluadar a chéile istigh sa teanga bheo mar a labhartar í agus mar a bhaintear leas aisti i scríbhinní, in altanna i nuachtáin, in úrscéalta, i bpáipéir Stáit agus iniliomad cáipéisí eile.

Tá sé tábhachtach go mbeadh an bonn a bheadh faoin gcorpas chomh leathan agus is féidir le go mbeadh sé cuimsitheach agus ionadaíoch ar an tslí a labhartar an teanga. Ar leathanach a 9 den mbróisiúr a tugadh do bhaill an choiste, feictear an cineál leas a bhaintear as an bhfocal "challenge" i mBéarla, mar shampla. Níl ansan ach sampla an-bheag den chinéal próiseála a dhéanann ríomhaire ar an mbunachar mór sonraí sin. Léireoidh sé sin dúinn an tslí a mbaintear leas as an bhfocal "challenge" go hiondúil ins an teanga.

Ceann des na buanna a bhainfidh leis an tionscadal áirithe seo agus a chinnteoidh go bhfuil an tionscadal ar an gceann is nua-aimseartha atá ar siúl ar fud an domhain, ná an bogearra breise atá forbartha ag Adam Kilgarriff, duine de mhuintir LexicographyMasterClass, a dhéanfaidh próiseáil bhreise ar na sonraí seo agus a thabharfaidh, mar atá léirithe maidir leis an bhfocal "challenge" ar leathanach a 10 den mbróisiúr, breis eolais dúinn faoin tslí a bhfeidhmíonn focal ins an úsáid laethúil a bhaintear as sa teanga. Feictear sa bhróisiúr na haidiachtaí is coitianta a ghabhann leis an bhfocal "challenge", an tslí go bhfuil an focal mar chuspóir ag briathra áirithe agus na focail a théann i gcomhluadar an fhocail "challenge" sa ghnáth chaint.

Beidh an bogearra seo a dhéanann an phróiseáil bhreise ar úsáid na teanga agus ar iondramháil na bhfocal laistigh den chorpas, á úsáid don chéad uair ariamh sa Ghaeilge. Is í an Ghaeilge an chéad teanga lasmuigh den Bhéarla a mbeidh sé seo á chur ag obair uirthi. Beidh sé seo mar eiseamláir do thionscadail foclóireachta eile a bheidh ar siúl ar fud an domhain. Tá go leor daoine sa tSeapáin agus i gcuid des na tíortha Afraiceacha, mar shampla, atá ag faire ar an dtionscadal seo, agus go háirithe ar an obair ata déanta ag Adam Kilgarriff, féachaint conas mar a éireoidh leis an bpróiseáil breise seo a dhéanfar ar an nGaeilge, chun críche foclóir a bhaint as.

Rud eile a bhaineann leis an tionscadal seo ná corpas nua na hÉireann atáimid chun a chur le chéile. Luaigh mé cheana corpas na Gaeilge agus corpas an Bhéarla. Seo an tslí a bheidh seans ag an bpobal páirt a ghlacadh ins an tionscadal seo. Beidh seans ag daoine focail a gcur faoinár mbráid a bhfuil saineolas ar leith acu orthu nó a bhfuil brí ar leith ag baint leo in áiteanna éagsúla faoin tír. Beidh daoine in ann é sin a dhéanamh tríd an suíomh gréasáin atá forbartha againn, foclóir.ie. Bhíomar ag súil go bhféadfaimid léiriú a thabhairt don choiste ar an suíomh seo ach is cosúil nach bhfuil teacht againn ar chomhartha sa seomra seo. Dírím baill an choiste ar an suíomh sin. Beidh daoine in ann dul isteach sa suíomh, na focail a bhfuil spéis acu iontu nó an leas faoi leith a chuala siad á bhaint astu a chur faoinár mbráid agus a sheoladh ag foireann an fhoclóra. Gheobhaidh daoine admháil ar ais láithreach ag rá gur cuireadh an moladh faoi bhráid fhoireann an fhoclóra. Beidh daoine in ann, chomh maith, moltaí a dhéanamh faoin tionscadal i gcoitinne. Bainfear leas as an láithreán gréasáin seo, chomh maith, leis an phobal a chur ar an eolas faoin dul chun cinn atáthar á dhéanamh leis an tionscadal agus mar sin de. Ar ball, nuair a bheidh roinnt iontrálaithe samplacha déanta beidh daoine in ann féachaint ar na hiontrálaithe ansin agus moltaí nó gearáin a dhéanamh.

Bíonn daoine ag cur ceisteanna orainn go minic faoin aitheantas a thabharfar do chanúintí na Gaeilge laistigh den bhfoclóir agus ag moladh go mbeadh an foclóir cothrom dos na canúintí go léir. Is ceist í seo a bhíonn daoine ag éirí oibrithe mar gheall uirthi. Tá coiste mór comhairleachta de thuairim is 30 des na saineolaithe is mó ar chineálach éagsúla Gaeilge sa tír curtha le chéile. Beidh siadsan ag plé na gceisteanna seo agus beidh cur agus cúiteamh ann faoin bpolasaí a bheidh ann ins an bhfoclóir maidir le conas déileáil leis na canúintí agus le ceist shaibhreas na Gaeilge i gcoitinne. Beidh cuiteamh ann faoin bpolasaí a bheidh ann sa bhfoclóir maidir le conas déileáil leis na canúintí agus saibhreas na Gaeilge i gcoitinne. Ón méid atá feicithe agam féin cheana - bhí cúpla cruinniú den choiste cheana - féachfar chuige go mbeidh oiread aitheantais agus is féidir a thabhairt do na canúintí ann agus go mbeidh cothrom na Féinne ar fáil dóibh go léir sa bhfoclóir agus don saibhreas atá iontu.

Tá céimeanna eile i gceist leis an tionscadal féin. Tosnóidh céim a dó nuair a bheidh céim a haon críochnaithe mí Dheireadh Fómhair seo chugainn - scríobh an fhoclóra féin. Meastar go dtógfaidh sé trí bliana le céim a dó a chur i gcrích. Beidh foireann mhór ag teastáil le céim a dó a chur i gcrích. Beidh an teimpléid ar fad leagtha amach le linn céim a haon agus beidh foireann mhór, idir aistritheoirí, foclóirithe agus eagarthóirí, ag teastáil. Beidh siad in ann bheith ag obair in áit ar fud na tíre, cosúil le tionscal tinteáin, cottage industry. Sin ceann de na buanna a bhaineann leis an teicneolaíocht agus cúrsaí ríomhphoist. Tabharfaidh sin seans d'an-chuid daoine bheith páirteach sa tionscadal, a bheith ag obair ar phacáistí oibre agus iad a chur thar n-ais agus iadsan a bheith curtha faoi bhráid eagarthóir an fhoclóra. Feicfear chuige go mbeidh ionadaíocht ó thaobh na foirne sin le linn céim a haon, go mbeidh ionadaíocht ós na canúintí go léir agus ó gach cearn den tír.

Nuair a tháinig an Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas le chéile mí na Nollag 2000, cheadaigh sé an tionscal sin i bprionsabal. An costas a cheadaigh sé ná thart ar €4 mhilliún agus €734,890 atá ar phraghas an chonartha do chéim a haon den bhfoclóir. Luach maith airgid atá ansin i ndáiríre. Nuair a chuimhnímid ar an éileamh a bhíonn ar fhoclóirí agus ar an bhfad a mhairfaidh an toradh a bheidh ar an tionscadal seo, is fiú a lua go bhfuil foclóir Béarla-Gaeilge De Bhaldraithe ar cheann de na leabhair is mó díol riamh sa tír seo. Luaigh mé an foclóir póca a cuireadh amach i 1986. Ó shin i leith, tá os cionn 300,000 cóip den bhfoclóir sin díolta. Níl aon dabht ach go bhfaighidh an Stát cinnte luach maith airgid ar an tionscal seo.

Go raibh maith ag an choiste as an seans a thabhairt dúinn an léiriú seo a dhéanamh agus beimid sásta ceisteanna ar bith atá ag aon duine a fhreagairt.

Gabhaim comhghairdeas le Foras na Gaeilge. Tá a lán oibre déanta agus a lán le déanamh, mar a déarfadh lucht Fianna Fáil. Tá an Teachta Wall agus an Teachta O'Shea ag déanamh tuarascála ar stádas na Gaeilge faoi láthair.

Tá mé ag súil le fada go dtiocfadh an lá go dtosnófaí ar an tionscadal seo. Tá sé thar a bheith tábhachtach do scolairí agus don phobal i gcoitinne go mbeadh foclóir nua-aimseartha ann. Tá an-chuid téarmaíochta nua tagtha isteach sa teanga agus níl siad cruinnithe in áit amháin. Nuair a bheidh an tionscadal seo críochnaithe, cé go mairfidh an obair go ceann tamaill, beidh sé iontach fiúntach. Fáiltím roimh an obair atá idir lámha ag an fhoras agus cé chomh proifisiúnta is atá sé. Tá saineolaithe den chéad scoth ag obair ar an rud.

Chuaigh dream ón gcomhchoiste seo sa Dáil deireannach go dtí Ottowa agus chonaic muid an foclóir Béarla-Fraincís atá ansin. Níl an dá scéal mar an gcéanna ach chuaigh sé i bhfeidhm orm nuair a chonaic mé an foclóir seo ná gur féidir é a athrú go tapaidh. Má tá téarma nua ann, is féidir a chur isteach sa bhfoclóir go luath. Bíonn sin deacair le foclóir clóite go dtí go dtagann an chéad eagrán eile amach. Go n-éirí go breá leis an bhfoireann san obair seo agus tá mé ag súil leis an lá ara mbeidh deireadh na hoibre ann agus go dtiocfaidh an fhoireann ar ais anseo leis an scéal ar fad a insint.

Tréaslaím leis an bhforas freisin agus leis an nGúm toisc tabhairt faoin tionscnamh seo. Tréaslaím leis an bhforas go ginearálta de bharr na oibre atá déanta aige faoi chur chun cinn na Gaeilge le tamall anuas agus an proifisiúnachas a bhaineann leis an obair sin. Tá sé ar fáil don ghnáth-phobal, níl sé gearrtha amach uaidh. Tá sé ag tabhairt seirbhíse ar fud na tíre ar fad agus molaim é dá bharr. Toisc go bhfuil an teagbháil seo aige leis an bpobal agus nach bhfuil elitism ag baint leis, tuigeann sé an géar-ghá atá leis an bhfoclóir seo le tamall fada anuas leis an téarmaíocht nua atá againn sa saol nua-aimseartha. Bíonn deacrachtaí ag daoine obair a dhéanamh trí Ghaeilge nuair nach mbíonn an téarmaíocht sin acu. Uaireanta bíonn leisc orthu fiú gnó a dhéanamh trí Ghaeilge toisc nach mbíonn an téarmaíocht ar fáil nó go mbíonn orthu casadh ar an mBéarlachas nó, níos measa fós, truailliú a dhéanamh ar an nGaeilge féin. Bhí sin ag tarlú fiú sa nGaeltacht.

Nuair a tháinig foclóir De Bhaldraithe ar an saol, cheap mé go raibh sé an-mhaith agus oiriúnach agus gur thug sé cuidiú dúinn. Cáineadh amháin a bhí air ná bhí Béarlachas i gcuid de na focail agus go minic níor úsáid muid na préamhacha a bhí ann sa nGaeilge féin. Is ceart an saibhreas a bhaineann leis an nGaeilge a chothú, fiú sa téarmaíocht. Ba mhinic nach raibh déanta ná fada a chur isteach ar an mBéarla. Bíonn deacrachtaí ann ach ba bhreá liom dá mbeadh an foras in ann sin a sheacaint agus saibhreas na Gaeilge a chothú san obair seo.

Tá sé soiléir go bhfuil an fhoireann ag smaoineamh fá seo nuair a thugann sí aird ar na canúintí éagsúla. Cruthaíonn sin go n-aithníonn sí an t-éagsúlacht atá sa teanga. Níl sin fiú déanta sa Bhéarla, mar is cuma más as Corcaigh, Ciarraí nó as Tiobraid Arainn, bhí an Béarla céanna sa bhfoclóir, ach cruthaíonn seo go bhfuil an foras ag taispeáint go bhfuil éagsúlacht ann; an focal "dúshlán" - "challenge" mar shampla, tá deich sampla ansin. Is iontach go deo sin sa nGaeilge mar is teanga liteartha í. Nuair a scríobh PeigSayers a leabhar, ní raibh ollscolaíocht aici ach glactar leis an leabhar sin mar litríocht clasaiceach. Aríst, tá sé tábhachtach a aithint gur rud faoi leith é sin sa domhain, agus admhaíonn éinne dá bhfuil scoláireacht ag baint leis nó léi go bhfuil an scoláireacht sa Ghaeilge féin. Más féidir libh aire a thabhairt dó sin san obair, beidh sé sin tábhachtach. Nuair a luaigh sibh 30 milliún focal anseo, cheapas i dtosach go raibh náid nó dhó breise curtha isteach ag an gclódóir, ach ní dóigh liom go mbeadh a leithéid de 30 millún focal i gcorpus féin in aon áit sa domhain. Chuirfeadh sé sin áthas ormsa, mar taispeánann sé i dtosach gur ceannródaithe sinn maidir leis an nGaeilge agus go bhfuil an Ghaeilge beo agus bríomhar. Tugann sé freagra dáiríre do dhaoine atá ar lagmhisneach ó thaobh stádais agus todhchaí na Gaeilge de. Ní bheadh éinne ag tabhairt faoi thionscadal mar seo muna gcreidfeadh sé. Tá sé tábhachtabh an teachtaireacht sin a chur amach freisin.

Maidir leis an struchtúr atá luaite agaibh ansin, nuair a léigheas na paimfléidí i dtosach, bhí saghas lagmhisnigh ag teacht orm féin. An bhféadfaí a leithéid a dhéanamh in aon chor? Tar éis an mhínithe a thug sibh ansin, áfach, go mbeidh céimeanna i gceist agus struchtúr ann le saineolaithe agus mar sin de, cruthaíodh go mbeidh sibh in ann an tionscnamh seo a chur i gcrích. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil luach airgid i gceist ansin, agus molaim go hard sibh. Tá áthas orm chomh maith go mbeidh an pobal in ann bheith páirteach san obair seo leis an ríomhaire. Is minic a bhíonn téarmaí áitiúla ann, fiú amháin nua-aimseartha, nach mbeadh ar chumas gach éinne. Tá sé tábhachtach go mbeidh seans ag an bpobal bheith páirteach sa saibhreas agus eolas atá acu féin. Molaim go hard sibh. Tugann sé dóchas domsa anois maidir leis an Ghaeilge go bhfuil an tionscnamh seo tagtha ar an saol.

Caithfidh mé cur leis an méid atá ráite ag na cainteoirí eile mar gheall ar obair phroifisiúnta agus an beart seo atá idir lámhaibh agaibh. Chuireas an-spéis sa mhéid a bhí le rá agaibh. Ba mhaith liom ní ba mhó tuisceana a bheith agam faoin sórt fealsúnachta a thug treorú daoibh. An é sórt fealsúnachta Chambers nó sórt fealsúnachta Oxford? Agus mé ag éisteacht libh, go mórmhór i gcomhthéacs an chnaip mhóir téacsanna atá i gceist agaibh, le go mbeadh tuiscint agam féin ar an méid atá ar aigne agaibh, ba mhaith liom an cheist seo a chur. Ag féachaint ar an Oxford, cuirtear nach mór gach comhthéacs de fhocal ar bith ar fáil san 16 volumes nó pé líon atá ann. Tá gach úsáid a bhí ag duine ariamh i litríocht nó in úsáid na ndaoine ar fáil ann. Seans go bhfuil sé sin i gceist agaibh. Sin an sórt tuisceana ar shlí amháin. Ar an taobh eile den scéal, ag féachaint gach bliain ar na heagráin de Chambers a thagann amach, feicim go bhfuil na focail agus úsáideanna nua atá tagtha isteach á gcur isteach. Cad é faoi fhocail ar nós "bag" agus "bicycle" agus "match" agus rudaí mar sin atá in úsáid i ngnáth-teanga mhuintir na Gaeltachta faoi láthair, mar shampla? An mbeidh siadsan in úsáid agaibh?

Maidir leis na canúintí, ba mhaith liom, chomh maith leis sin, a chluinstin go bhfuil sé i gceist agaibh, ós rud é go bhfuil siad chomh luachmhar sin, go mbeidís ann. Ní fheadar an dtuigim i gceart cad atá i gceist. Cén focal a gheobhaidh tús áite? An é cart nó gluaisteán, cúl nó báire? Ní hé go bhfuilim ag iarraidh freagra beacht a fháil, ach ba mhaith liom tuiscint a bheith agam ar cén sórt cur chuige a bheidh agaibh le cúrsaí Gaelainne, mar shampla. Gan amhras, sa mhéid atá ráite, bheadh na gnáthrudaí ann faoi gach focal. Bheadh cúrsaí inscne le feiscint ann, agus foirm ghinideach de gach ainmfhocal agus foirmeacha áirithe de na focail eile. Glacaim leis go mbeadh sé sin i gceist agaibh.

Is cuimhin liom bheith ag freastal ar scoil ar an Daingean. Bhí a lán múinteoirí a bhí ag teacht isteach chugainn ó lár na tíre fíorbhéasach macánta, agus chuir siad an-bhéim ar fad ar fhoclóir na leaids. Bhíodh an cheist sin ann i gcónaí faoi úsáid na bhfocal chun iad a chur i gcomhthéacs, agus bhíodh sé i gcónaí ina shórt standing invitation brí ar leith a mhíniú do fhocal. Sure, the lads made up most of it. Tháinig siad isteach maidin an Luain, agus bhíodh scéal mór acu faoi sheanathair nó sheanmháthair ag úsáid an fhocail i gcomhthéacs áirithe uair amháin. Cuireadh isteach sa lexicon iad. Ní raibh aon srian in aon chor air. Nuair a bhí mé ag freastal ar Choláiste Phádraig ag déileáil le canúintí, bhí an-scéalta ar fad ag daoine. Chuir daoine ardnósacha mar Alan Titley focail le chéile nach raibh aon phlé acu in aon áit. Tá mé cinnte go mbeadh daoine go mórmhór ag cur isteach e-mails ar rudaí.

Tá mé sásta aon tathú ar bith a thabhairt daoibh. Is an-obair ar fad atá idir láimhe agaibh. Tá sé an-tábhachtach.

Fáiltím roimh na cainteoirí inniu agus roimh an obair nó an saothar mór atá ar bun agaibh. Chabhródh sé go mor linn ach go háirithe nuair a bhíonn díospóireachtaí ann as Gaelainn sa Dáil nó sa Seanad dá mbeadh foclóir ann arbh fhéidir linn teacht air.

An rud is mó atá faoin rud seo ná an dot.ie atá ina dhiaidh. Is é an rud nua-aimseartha an rud is tábhachtaí i ndáiríre. Beidh an foclóir Gaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge ar an Idirlíon. Sin an chúis phráinneach do dhaoine. Má bhíonn duine ag caint as Gaelainn, san áit seo ach go háirithe, bíonn sé an-deacair cuid de na focail a fháil sna foclóirí atá ann faoi láthair. Is cuimhin liom ach go háirithe, nuair a bhíos óg, i mo theach féin, ba é Dinneen's Irish Dictionary an Bíobla Naofa againn, nó ag m'athair. Nuair a tháinig de Bhaldraithe isteach, bhí troid mhór. Bhíodh sé ag fiafraí i gcónaí cén fáth ar tháinig an leaid seo de Bhaldraithe amach. Ní raibh aon bhrí le leath de na focail a bhí ann, ach, ar ndóigh, bhí an saol ag athrú, agus tá sé sin ag tarlú fós.

Luaigh sibh go bhfuil 300,000 cóip den fhoclóir atá ann cheana féin díolta cheana féin. Bhíos sa Daingean i mbliana ag iarraidh foclóir Gaelainn-Béarla, agus bhí an seancheann ann go fóill. Is dócha gur scoláirí sa mbunscoil nó sa meánscoil a cheannaíonn na foclóirí sin. Chun na fírinne a rá, tá sé an-tábhachtach go mbeadh foclóir nua-aimseartha ar an Idirlíon as seo amach, agus tá a fhios agam go bhfuil saothar an-mhór ar bun agaibh. Má bhíonn gnáth-fhoclóir ann i dtosach, ba chóir go mbeadh sé ar fáil chomh luath agus is féidir. Cuirfidh mise fáilte an-mhór roimh fhoclóirín mar sin. Molaim an obair, agus tá súil agam gon-éireoidh libh.

Tréaslaím libh, agus tá súil agam go mbeidh sibh ag brostú an tionscnamh seo a chríochnú, mar tá géarghá leis. Beidh a fhios ag aon duine a bhíonn ag brath ar na foclóirí atá ann faoi láthair go mbíonn sé deacair anois agus aríst déileáil leo ó thaobh gnéithe den saol comhaimseartha de. Go minic, ní féidir teacht ar na focail chomh gasta sin.

Cad iad na spriocdhátaí? Cén uair a fheicfimid toradh air seo? Cén uair a bheidh an foclóir foilsithe nó curtha ar an Idirlíon? Ina dhiaidh sin, cén uair a thiocfaidh na sainfhoclóirí eile? Cén uair a bheimid in ann an corpas a úsáid agus fáil réidh leis na foclóirí atá ann anois nó cinn nua dá short a chur ar fáil.

An mbeidh an foclóir solúbtha go leor le go mbeimid in ann é a úsáid mar uirlis ríomhaireachta. Faoi láthair má táthar ag clóscríobh Gaeilge ar ríomhaire níl agat ach spellcheck agus grammar check Béarla. Sin ceann des na príomh rudaí a bheadh ag teastáil amach anseo. An bhfuil sé sa phlean iomlán go mbeidh a leithéid ann?

Feicim ón mbróisiúr go dtabharfar aitheantas do thrí chanúint. Tá eagla orm go mbeidh muintir Rinn Uí Chuanaigh ag troid leis an bhforas faoi sin. Glacaim go bhfuil trí chanúint i gceist toisc gur scríodh leabhair ins na canúintí sin.

Conas mar a déileálfar le caighdeán na Gaeilge ina iomlán? Tá áiteanna nach nglactar leis an gcaighdeán iontu. An bhfuil athraithe le tarlú ins an gcaighdeán faoi láthair toisc an tionscadail mhóir seo?

Déanaim comhgairdeas le Foras na Gaeilge as an obair atá déanta ar an bhfoclóir go dtí seo. Clare men, in particular, have been producing dictionaries for a long time. Peadar O'Connell is buried in Kilimer, near the grave of Ellen Hanly, the Colleen Bawn. There is much interest in Peadar O'Connell's work although I do not know if manuscripts of it are freely available.

Mr. Ó Murchú

We probably have access to the Royal Irish Academy's historical dictionary.

I was not aware that they are so freely in circulation. The work of Eoghan O'Curry has not been mentioned. I am not sure if it is relevant to the current project.

Some very small electronic translation computers are available for languages such as French, German, Italian and Spanish. Is anything like that planned for the Irish dictionary? Such a device could translate easily and speedily for people who might simply want to confirm a word or make a contribution. These devices are freely available. I have a tiny one which I sometimes use when I am travelling to the Council of Europe. Most of them, although they are tiny, include up to ten languages as well as calculators, alarm clocks and God knows what. Is anything similar planned?

An bhfuil sibh sásta go bhfaighidh Foras na Gaeilge an t-airgead go léir atá geallta don tionscadal seo?

Bainfidh a lán daoine, idir óg agus aosta, úsáid as foclóir.ie. An bhfuil aon duine ag scríobh nó ag foilsiú leabhair so-léite i nGaeilge do dhaoine fásta. Fuair mé cóip de Dúnmharú ar an Dart cupla mí ó shin. Bhí treoir focal ag deireadh an leabhair agus shíl mé go raibh sé go han-mhaith. It is good to see a new dictionary being produced. Could the publication of easily read novels in Irish for adults, which would bring us back to the use of Irish, be encouraged?

Tá mo dheartháir posta ar bhean ó Madrid agus tá beirt clainne acu. I get telephone calls from my niece asking me the Irish translation of various words. She uses her dictionary to find the Irish translation but her teacher tells her the dictionary word is not correct. I presume the teacher has a particular context in mind. Putting a dictionary on the Internet will encourage children like my niece. It is the right thing to do in this era of computers. The tiniest tots and adults who can use a computer will gain from this. It is one of the cleverest aspects of the project.

Mr. Ó Murchú

Maidir le ceist na fealsúnachta a chuir an Seanadóir Ó Tuathail, ní foclóir stairiúil a bheidh anseo ach foclóir ina mbeidh cur síos ar staid na dteangacha, an Béarla agus an Ghaeilge, mar atá. Ós rud é gurb é an Béarla an bun-teanga agus an Ghaeilge an sprioc-theanga, beidh an Ghaeilge ag freagairt dos na leaganacha Béarla a bheidh ins in bhfoclóir.

Tá teorainn spáis le foclóir clóite ar bith. Ceann des na jabanna is deacra a bhíonn ag eagarthóir ná go mbíonn air cinneadh a dhéanamh cad a fhágfaidh sé ar lár agus cad a fhágfaidh sé istigh. Ní bhíonn eagarthóir ar bith ariamh sásta leis an iontráil dheireannach ach mar gheall ar an teorainn spáis a bhíonn ag baint le foclóir clóite bíonn air cinnidh a dhéanamh focail nó leagain áirithe a chur isteach agus cinn eile a fhágáil ar lár. An buntáiste mór a bhaineann leis an leagan leictreonach ná go gcuirfidh sé an spás breise sin ar fáil. Níl na teorainneacha céanna spáis ag baint leis an leagan leictreonach. Mar sin, beifear in ann na leaganacha canúnacha ar fad, mar "caid" agus "báire" a luaigh an Seanadóir Ó Tuathail, a lua chomh maith agus tagáil a dhéanamh ar na leaganacha cainte sin a léireoidh cén cúlra nó cén ceantar lena mbaineann siad, chomh maith leis an t-uafás eolas gramadaí breise. Beifear in ann an léitheoir a thabhairt isteach go sampla ón gcorpas le go bhfeicfear an focal áirithe in úsáid i samplaí ata sa gcorpas. Beidh na céimeanna breise agus na féidireachtaí breise sin ag baint leis an leagan leictreonach.

Beidh an leagan clóite níos teoranta ach feicfimid chuige go mbeidh sé chomh hionadaíoch agus is féidir ar an nGaeilge mar a labhartar sa lá atá inniu í agus ar an mBéarla dá réir sin, agus Béarla na hÉireann san áireamh chomh maith.

Maidir le comparáid idir Chambers agus Oxford, níor mhaith liom a rá gur i gcampa amháin seachas i gcampa eile a bheimid. Foclóir úr-nua ar fad a bheidh anseo nach mbeidh ag brath ar stíl Chambers nó Oxford. Beidh sé chomh hionadaíoch agus chomh tuairisciúil sin ar an teanga mar atá sé sa lá atá inniu ann.

Luaigh an Teachta Ó Snodaigh spriocdhátaí. De réir mar is féidir linn meastacháin a dhéanamh, is tionscadal cúig bliana atá i gceist. Caithfear bliain amháin ar chéim a haon, caithfear isteach is amach le trí bliana go leith ar scríobh an fhoclóra agus bunús bliana ina dhiaidh sin leis an ábhar ar fad a chur le chéile agus an táirgeadh a chur ar an margadh. Ó gach a bhfuil cloiste agam le tamall anuas agus ón méid daoine a rabhas ag caint leo mar gheall ar seo, ní fheicim cúis ar bith nach féidir linn an sprioc sin a bhaint amach.

Tús a bheidh anseo. Tá cúram na bhfoclóireachta ar an bhforas anois agus tá súil againn go mbeifear in ann an-chuid foclóirí a ghiniúint as an mbunachar mór sonraí a bhaileofar le linn an tionscadail seo. Beimid in ann an-chuid foclóirí de chineálacha éagsúla eile a fhreagairt agus a freastal ar ghrúpaí éagsúla - foghlaimeoirí agus sainfhoclóirí téarmaíochta. Beimid in ann an t-uafás foclóirí a ghiniúnt as an obair a dhéanfar le linn an chéid thionscadail seo.

An buntáiste mór a bhaineann le hábhar a bheith bailithe le chéile i bhfoirm leictreonach agus a bheith ar fáil go digiteach ná gur féidir sin a chur ar fáil do dhreamanna a bheidh ag forbairt bogearraí. Tagann sin i gceist maidir le cúrsaí aistriúcháin. Beidh siad in ann an t-ábhar seo a chur ar fáil do lucht ríomhairí a bhíonn ag forbairt uirlisí mar seo. Beidh an-bhuntáiste ag baint leis an méid eolais a bhaileofar le linn an tionscadail seo le huirlisí riachtanacha mar sin a fhorbairt. Tá litreoir ann cheana féin forbartha i bpáirt ag Institiúd Teangeolaíochta Éireann agus Coláiste na Trionóide. Tá ceann eile a d'fhorbair Diarmuid Mac Mathúna, Gaelspell, atá ar fáil ón ngreasán.

Is cinnte go dtugann aon tionscadal mór mar seo ceisteanna áirithe chun solais maidir le ceist an chaighdeáin. Tá an caighdeán oifigiúil faoi chúram Rannóg an Aistriúcháin. I gcónaí bíonn ceisteanna breise le freagairt agus is le linn tionscadail foclóireachta a thagann na ceisteanna sin chun solais nach clúdaítear go beacht laistigh de réimse an chaighdeáin oifigiúla, réimse atá cúng. Tharla sé nuair a bhí foclóir Uí Dhonaill á chur le chéile. Beartaíodh roinnt áirithe pointí sa bhfoclóir sin ag baint le ceisteanna caighdeáin agus baineadh leas as an bhfoclóir sin chun iad a shoiléiriú go dtí an lá atá inniu ann. Tá muid ag súil go mbeidh na ceisteanna céanna ag teacht ar ais le linn an tionscadail agus tá an oiread sin saineolaithe againn mar chomhairleoirí go mbeimid in ann na ceisteanna a réiteach chun sásaimh gach éinne.

Tá muid ag súil go mbeidh an bunachar sonraí seo úsáideach do lucht ríomhairí a bheidh in ann na huirlisí sin a fhorbairt. Tá méid áirithe oibre déanta ar chláracha ar nós Trados a chuireann oiriúnt don nGaeilge.

Luadh lámhscríbhinní. Tá teacht ag an Acadamh Ríoga ar na cáipéisí sin go léir. Tá tionscadal mór ar bun ag an acadamh faoi foclóir stairiúil na Gaeilge siar go dtí an 16ú aois. Tá sé ag baint leasa as na cáipéisí sin. Beidh teacht againne chun críche an fhoclóra seo ar an eolas sin freisin.

Bhí €4 mhilliún i gceist ag an gComhailre Aireachta Thuaidh-Theas ceadaithe i bprionsabal dúinn trí bliain ó shin. Tá muid ag súil go mbeidh an tionscadal indéanta ar an airgead sin. Tá beagáinín de bhreis ar €700,000 i gceist le céim a haon. Tá go leor costais a bhaineann le forbairt bogearraí agus córais teicniúla leis sin. Tá mé dóchasach go mbeidh seo indéanta laistigh den bhuiséad sin.

Tá méid áirithe d'úrscéalta agus ábhar léitheoireachta do dhaoine fásta ar siúl ag foilsitheoirí eile. Tá Coiscéim agus Comhar ann agus tá méid áirithe ábhair atá inléite ag daoine fásta nach bhfuil ró-acadúil curtha ar fáil cheana. Is cinnte go bhfuil ag éirí le cuid de na húrscéalta sin. Chomh fada is a bhaineann lenár bhfoilseachán féin, is mó a bhímid ag plé le hábhar léitheoireachta do dhaoine óga suas go dtí déagóirí. Tá modhanna léitheoireachta daoine ag athrú, tá i bhfad níos mó ar siúl ar an Idirlíon agus tá ábhar á chur ar fáil air anois i nGaeilge.

Luaigh ball den choiste ceisteanna saintéarmaíochta. Tá sampla de ghluais de théarmaíochta a bheimid ag seoladh go luath san athbhliain a chlúdóidh na réimsí nach bhfuil teacht orthu sna foclóirí atá ann faoi láthair. Éinne gur speis dó cúrsaí téarmaíochta agus saintéarmaíochta atá forbartha ag an gcoiste téarmaíochta atá faoi stiúradh Fhoras na Gaeilge, tá teacht ar na téarmaí sin ag an suíomh acmhainn.ie Má tá duine ar bith ar lorg téarma nach bhfuil teacht air sna mórfhoclóirí ginearálta, ba cheart feidhm a bhaint as na liostaí téarmaíochta atá ar fáil ansin.

Mr. Mac Donncha

Tá cur i láthair an-chuimsitheach déanta ansin ag An Murchach ar na ceisteanna a cuireadh. I gcomhthéacs obair an fhorais go ginearálta níl in obair na foclóireachta téarmaíochta ach gné amháin, ach aithnímid gur gné an-tábhachtach é. I láthair na huaire tá muid leathbhealaigh trí phróiseas pleanála teanga go hinmheánach. Tá súil againn dhul amach i measc an phobail, an earnáil dheonach agus an earnáil Stáit, agus beidh an-thábhacht ag baint leis sin i bhfianaise anois go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla againn, le hiarracht a dhéanamh don chéad uair i riamh pleanáil stráitéiseach chomhtháite a chur ar fáil don nGaeilge ar fud an oileáin ar fad. Beidh sin mar pháirt de na dualgais atá dlite orainn ón reachtaíocht a bhunaigh sinn mar Fhoras Tras-Teorainn Thuaidh-Theas.

Aithnímid an pleanáil chorpais mar ghné an-thábhachtach de chuid den phleanáil sin. Tá sé dlite orainn ní amháin cinireacht a thabhairt an pleanáil chuí a dhéanamh ach aitheantas a thabhairt don obair atá déanta sa réimse seo le tamall fada. Déanaim sin i bhfianaise go bhfuil an tUasal Ó Murchú mar eagarthoir sinsearach ar An Gúm agus a fhoireann féin a bhfuil traidisiún na foclóireachta lonnaithe inár dteach agus inar bhforas le fada.

I bhfianaise na cainte a rinneadh faoina téarmaí, saintéarmaí agus foclóirí roimhe seo, ní miste a lua go bhfuil sárobair déanta ag an gcoiste téarmaíochta go dtí seo ó bunaíodh é i 1968. Nuair a labhrann an Seanadóir Ó Tuathail ar na deacrachtaí a bhaineann le téarmaí, deireadh na 1950í agus tús na 1960í a bhí i gceist aige. B'fhéidir go bhfuil sé de locht orainne nár éirigh linn an oiread sin poiblíochta a thabhairt don dea-obair sin amach anseo ach, anois, ag aithint go mbeidh an obair seo ar an Idirlíon agus go bhfuil muid ag baint leasa as an nua theicneolaíoct, tá muid an-bhuíoch d'acmhainn.ie as ucht na deise a thabhairt dúinn na téarmaí de réir mar atá siad ag teacht a phoibliú os comhair an phobail. Le cúnamh Dé, nuair a bheimid ag seoladh ár suíomh Idirlíon féin, mar bharr ar an suíomh seo atá againn, foclóir.ie, go luath san athbhliain, beidh deis againn cur leis an bpoiblíocht ar obair na téarmaíochta.

Luaigh an Teachta Ó Snodaigh na canúintí. Ceann de na deacrachtaí a bheadh ag an UasalÓ Murchú, a fhoireann agus LexicographyMasterClass ná an argóint ó mhuintir Leitir Mór go bhfuil siad ag iarraidh a gcanúna féin. Ós rud é go bhfuil mo mhuintir féin i gCarna, tá mise ag iarraidh chanúint Charna. Táimid ag caint anseo ar cheann de mhórchanúintí na Gaeilge, canúint Chonamara, nó canúint an Iarthair. Aithníonn na saineolaithe go bhfuil trí mhorchanúint againn. Beidh muintir Bhéal Feirste á rá go bhfuil canúint dá gcuid féin acu, agus aithnítear gur acmhainn bhreá mhín atá acu siúd, ach go bunúsach aithníonn saioneolaithe go bhfuil trí mhórchanúint againn, agus, dar ndóigh, mar a luaíodh, an caighdeán ina bharr sin. Mar atá freagraithe ag an Uasal Ó Murchú, den chéad uair ariamh, aithneofar agus tabharfar aitheantas cuí do na héagsúlachtaí seo sa teanga.

Bhí sé suimiúil, agus ní miste, b'fhéidir, a leithéid seo a lua. Labhair an Seanadóir Ó Dálaigh faoin úsáid atá á baint againn as an ríomh-theicneolaíocht nua seo agus as an nua-theicneolaíocht go ginearálta. Le gairid, sheolamar togra eile foghlamtha ar a dtugtar Easy Reader. Is Meiriceanach é, nó duine de bhunadh Éireannach, ar ndóigh, Pat McCormack. Agus é féin ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim i Meiricea, ní raibh aon deis aige ach rud éigin den tsaghas seo a cheapadh é féin. Le cabhair saineolaithe, agus, go deimhin, lenár maoiniú féin, cuireadh áis ríomh-fhoghlamtha Gaeilge ar fáil atá, aríst, i bhfad chun tosaigh ar go leor eile dá bhfuil ar fáil de áiseanna ríomh-fhoghlamtha i dteanga ar bith.

Mar fhreagra, táimid ag breathnú ar an réimse sin chomh maith, fiú sna teangmhálacha atá againn le tíortha eile, mar shampla, ceann a bhí agam le scoláire agus iar-phríomfheidhmeanach Bhord na hEastóinise, atá anois ag plé le language technology, nó teicneolaíocht teanga. Táimid ag súil teangmhálacha a chothú lena leithéidí siúd de shaineolaithe chun iarracht a dhéanamh teacht i dtír ar an úsáid is féidir linne a dhéanamh le cinntiú agus cur os comhair an phobail gur teanga bheo nua-aimseartha í an Ghaeilge. Tá sí lonnaithe in ársaíocht na staire, ach is teanga í atá in ann dul i ngleic leis na dúshláin atá againn sa saol comhaimseartha. Idir é sin - na forbairtí éagsúla atá beartaithe againn, agus, b'fhéidir an ceann is tábhachtaí, a dhéanfas muid agus a fhágfas muid mar oidhreacht - an iarracht seo táimid á dhéanamh maidir le pleanáil chomhtháite straitéiseach do earnáil na Gaeilge ar fud an oileáin seo. Sin ceann de na rudaí is tábhachtaí a bheas ar siúl againn amach anseo sa bhliain nua agus sna blianta dár gcionn. Tá an fhorbairt agus an togra forbartha seo lárnach sa chuid sin dár gcuid oibre.

Tá súil agam gur éirigh linn spléach a thabhairt do na baill, agus tá mé cinnte gur bhain siad sásamh agus roinnt mhaith eolais ón gcur i láthair cuimsitheach a rinne bainisteoir an togra, Seosamh Ó Murchú, anseo inniú.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na cainteoirí agus ádh a ghuí ar an tionscadal tábhachtach seo. Go n-éirí an bóthar libh.

The joint committee adjourned at 5.33 p.m.sine die.
Top
Share