Skip to main content
Normal View

JOINT COMMITTEE ON ARTS, SPORT, TOURISM, COMMUNITY, RURAL AND GAELTACHT AFFAIRS debate -
Tuesday, 14 Mar 2006

Conradh na Gaeilge: Discussion.

Cuirim fáilte roimh Julian de Spáinn, ard-rúnaí, Daithí Mac Cárthaigh, uachtarán, Colleen Dollard agus Ariel Killick ó Chonradh na Gaeilge agus iMeasc. Is seachtain mhaith í Seachtain na Gaeilge don chruinniú seo, agus níl Lá Fhéile Pádraig chomh fada sin uainn ach oiread. Beidh mé ag caint as Gaeilge agus as Béarla, ach tá aistriúchán comhuaineach ar fáil dúinn go léir. Tá fíorfháilte roimh na finnéithe. Tá pribhléid pharlaiminte ag na Teachtaí agus Seanadóirí, ach níl a leithéid ag na cuairteoirí. Níl sé chomh tábhachtach sin inniu, ach bhí orm é a rá. Bheinn buíoch de na finnéithe iad féin a chur in aithne dúinn.

Ms Ariel Killick

Is mise Ariel Killick. Chuir mé iMeasc ar bun, líonra d'inimirceoirí le Gaeilge líofa. Ar ndóigh, tá na cúiseanna ansin. Chuir mé féin agus Alex Hijmans an líonra ar bun i mí Aibreáin an bhliain seo caite i ndiaidh dúinn aithne a chur ar roinnt inimirceoirí eile a raibh Gaeilge acu. Ba é an chúis gur chuir muid an líonra ar bun ná go bhfacthas dúinn go raibh rud ag tarlú go leanúnach sna meáin chumarsáide, is é sin, go rabhthas ag baint úsáide as inimirceoirí mar uirlis i gcoinne na Gaeilge agus le ceisteanna a ardú maidir le stádas agus sochaí na hÉireann sa lá atá inniú ann. Mar inimirceoirí le Gaeilge líofa, mheas muid go raibh sé sin thar a bheith contúirteach, agus b'shin an fáth gur tháinig muid le chéile. Tá duine eile de na hinimirceoirí atá sa líonra seo, Coleen Dollard, anseo inniu. Bíonn sí ag múineadh na Gaeilge d'inimirceoirí agus teifigh agus mar sin de in ionad SPIRASI sa Centre for the Care of Survivors of Torture ar an North Circular Road.

Ms Colleen Dollard

Is mise Coleen Dollard, agus bím ag múineadh Gaeilge d'eachtrannaigh san ionad seo, ach tá an rang eagraithe le chéile le hIonad Buail Isteach na Gaeilge. Tá mé páirteach in iMeasc chomh maith.

Mr. Julian de Spáinn

Is mise Julian de Spáinn, agus tá mé mar ard-rúnaí ar Chonradh na Gaeilge. Tá mé buíoch den choiste as ucht an deis a thabhairt dúinn labhairt inniu faoin nGaeilge sa Gharda Síochána. Is ábhar fíorthábhachtach é, agus caithfimid teacht ar an chóras ceart agus é a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh sé sin cinnte ó thaobh na Gaeilge de amach anseo.

Mr. Daithí Mac Cárthaigh

Is mise Daithí Mac Cárthaigh, agus tá mé mar uachtarán reatha ar Chonradh na Gaeilge. Mar is eol do na baill ar fad, is é an aidhm atá ag Conradh na Gaeilge ná an Ghaoluinn a bheith in úsáid go forleathan ar fud na nÉireann. Tá tábhacht na Gaoluinne chomh fíor sa lá atá inniu ann is a bhí sé nuair a cuireadh an conradh ar bun i 1893, is é sin, go soláthraíonn an Ghaoluinn dúinn aitheantas a bhfuil beag beann aige ar chúrsaí creidimh nó dath craicinn. Nuair a cuireadh an conradh ar bun ar dtúis, bhí spéis as cuimse ag na ceannairí a bhí air go mbeadh an pobal Protastúnach ann. Chuir an conradh agus an Ghaoluinn aitheantas Éireannach ar fáil nach raibh fite fuaite leis an Eaglais Chaitliceach. Sa lá atá inniu ann, creidimidne — agus tá sé fíor — go gcuireann an Ghaoluinn aitheantas Éireannach ar fáil a bhfuil beag beann aige ar chúrsaí creidimh agus craicinn nó ar chúlra eitneach.

Níl a fhios agam cén leagan amach a bheidh leis seo inniu, ach is féidir liom, má fhaighim an deis, píosa cainte a dhéanamh mar gheall ar an tábhacht atá leis an seasamh agus leis an úsáid a bhaintear as teanga sa tsochaí agus an claon a chuireann sé sin ar dhaoine an teanga sin a úsáid. Beidh mé ag caint air sin i gcomhthéacs na Gaoluinne sa Gharda Síochána. Is dócha gur ceann de na galair atá orainn sa tír seo ná go bhfuil muid tar éis cur ina luí orainn féin nach féidir teangacha a fhoghlaim. Tosnaíonn sé sin leis an Ghaoluinn, agus leathnaíonn sé amach do theangacha eile. Táimid ar na Stáit is measa san Eoraip ar fad maidir le múineadh agus foghlaim teangacha, rud atá fite fuaite leis an dearcadh atá againn maidir lenár dteanga féin.

Tacaímidne sa chonradh leis an aidhm Eorpach go mbeidh gach saoránach Eorpach líofa i dtrí theanga. Táimid ar son Gaoluinn agus Béarla a bheith ag gach duine, agus tá an córas scoile an-tábhachtach ansin. Táimid go láidir ar son tríú teanga a bheith ag daoine. Ní gá Fraincis a bheith i gceist. D'fhéadfadh Portaingéilis, Sínis, Polainnis agus mar sin de a bheith i gceist in áiteanna. Is dócha, nuair a thagann an rud timpeall arís, gur féidir leis na gardaí a bheith ar a shon.

Ar aghaidh libh.

Mr. Mac Cárthaigh

An rud atá i gceist leis an Ghaoluinn i measc na ngardaí ná é seo. Go dtí seo, an rud a bhí ann ná gur teastaíodh pas san ard-teist sa Ghaoluinn ó dhuine le dul isteach sa Gharda Síochána. I dtús ama, bhí caighdeán maith Gaoluinne ón scoil ag teastáil ó dhaoine, ach le himeacht aimsire, laghdaíodh é sin ar chúinsí éagsúla. Ní mórán ama, faraor, a tugadh d'fhoghlaim na Gaeilge sa Teampall Mór féin, rud a d'fhág go mbíonn eagal ar dhaoine Gaeilge a labhairt le garda. Is abhcóide mé a chleachtaíonn a cheird, agus tá taithí agam ar chliant liomsa a ghabh na gardaí mar gheall gur labhair sé Gaolainn leo. Cheap na gardaí go raibh sé as a ghnúis mar a deirtear. Tarlaíonn sé sin, agus nuair a bhíonn eagal ar dhuine a theanga féin a labhairt leis na póilíní, cruthaíonn sé go leor míthuiscintí, agus dúnann sé sin an teanga amach ón tsochaí trí chéile. Tugann sé seasamh an-íseal don teanga, agus ní féidir neamhaird a thabhairt air sin.

Nuair a d'fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an Teachta MacDowell, go raibh sé i gceist aige fáil réidh leis an riachtanas go mbeadh cáilíocht acadúil sa Ghaoluinn ag earcaigh don Gharda, tacaíomar leis sin mar an aidhm a bhí taobh thiar de ná daoine nach raibh ar scoil sa tír seo a thabhairt isteach sa bhfórsa. Tacaímidne go léir leis an aidhm a bhí aige, sé sin, i gceann 20 bliain, nuair a bheidh go leor de na páistí atá tar éis teacht chun an tsaoil ina ndéagóirí, beidh gardaí inár dtimpeall agus cuma Afraiceach, Síneach nó oirthear na hEorpa orthu agus go mbraithfidh na daoine atá taréis teacht isteach sa tír mar a bhraithimidne faoi gardaí, sé sin, mar comharsa, mac comharsan nó col ceathrar linn. Is é ceann de na buanna atá againn sa tír seo maidir le póilíneacht go mbraithfimid gur cuid dár gcairde agus dár ngaolta féin na póilíní tríd is tríd, cé nach bhfuil sé sin amhlaidh i gcomharsanachtaí áirithe.

Ba é an chúis eile gur thacaíomar leis ná go raibh commitment sa chinneadh Rialtais go ndéanfaí measúnú seachtrach ar chumas Gaoluinne gach garda agus go leagfaí síos íosmhéid a bheadh ag gach duine acu. Chomh maith leis sin, bheadh aicme ar leith gardaí ann a bheadh ag obair i gceantair Ghaeltachta. Ní féidir glacadh leis sa lá atá inniu ann go mbeadh Gaoluinn ag garda a chastar ort sa Ghaeltacht. Cuireann sé an teachtaireacht mhícheart amach do mhuintir agus do pháistí na Gaeltachta munar féidir leo Gaoluinn a labhairt le garda, fiú amháin. Tá na rudaí seo ar fad fite fuaite lena chéile.

Bhí cruinniú againn leis an Aire, agus chuireamar ina luí air cad a bhíomar ag díriú baint amach. Seans nach bhfuil a fhios ag na baill faoi seo, ach tá múinteoirí teangan ar fud na hEorpa tar éis teacht le chéile chun fráma coitianta Eorpach a leagan síos maidir le cumas i dteangacha. Tá rud éigin anseo a chuirfimid ar fáil. Tá a fhios agam gur féidir níos mó dochair ná leas a dhéanamh nuair a théann duine ró-fhada le rudaí, ach feicfidh na baill na leibhéil éagsúla, A1, A2, B1, B2, C1 agus C2. An té nach mbeadh aon Ghaoluinn aige in aon chor, sin 0. Anois, tar éis 80 uair a chloig de ranganna, cleachtadh agus stáidéar, is féidir leibhéal A1 a bhaint amach.

Tá a fhios againn é seo, mar tá an-chuid oibre déanta ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, maidir leis seo a chur in oiriúnt don Ghaeilge. Ar go leor slite, tá an Ghaoluinn chun tosaigh ar go leor teangacha eile san Eoraip, ó thaobh glacadh leis an gcóras seo chun an teanga a mhúineadh. Tá go leor cainte ar siúl faoi láthair mar gheall ar an ard-teist agus ar cheart go mbeadh béim ar chúrsaí litríochta agus mar sin de. Bhí an Teachta Kenny ag caint ar cheann de na moltaí reatha, is é sin, go mbeadh cúrsa ann nach mbeadh aon litríocht ann in aon chor.

Is é an saghas rudaí atá i gceist ná rudaí a bhaineann le cumas teanga. Déantar scrúdú ar chumas labhartha, tuisceana, scríofa agus léimh. Bhí muid ag caint ar leithéidí na ngardaí a bheith ag cur níos mó béime ar a gcumas éisteachta agus labhartha, mar níl aon chosc ar dhul ar ais agus a gcuid oibre féin a dhéanamh i mBéarla. Ionas gur féidir leo plé leis an bpobal, áfach, ba cheart dóibh bheith ag pointe sásúil leis an Gheailge. B'shin an rud a bhí i gceist againn. Mar is eol daoibh, is leibhéal B2 a úsáidtear faoi láthair in Óstaí an Rí, nó King's Inns, don scrúdú sin. Tá sin ar eolas agam mar is mise an scrúdaitheoir. Is féidir liom an t-eolas sin a thabhairt daoibh. Mar a chíonn sibh, tá cumas bunúsach agaibh chun cumarsáid a dhéanamh ar bhealaí simplí, ceisteanna a fhreagairt ar bhiachláir agus mar sin de, rudaí atá thar a bheith bunúsach. Níl sé go dona ach tar éis ach 80 uair a chloig. Tógann leibhéal A2 beagáinín níos faide — idir 75 agus 100 uair a chloig eile. Má tá tú ag leibhéal A2, tá tú in ann déileáil le heolas simplí agus tús le cumas tú fhéin a chuir i láthair.

Tá Conradh na Gaeilge ag rá nuair a thagann na hearcaigh nua isteach i gcoláiste an Teampaill Mhóir, beidh go leor daoine ina measc gan aon chumas Ghaeilge. Ní gá gur eachtrannaigh a bheidh sna daoine sin, mar beidh roinnt daoine ina measc a fuair díolúintí ón Ghaeilge, nó a dhein cinneadh iad fhéin nuair a bhí siad sa mheánscoil go raibh oiread oibre ag baint leis an gcúrsa litríochta go n-éiróidís as Gaeilge ar fad. Tá an cinneadh sin á dhéanamh ag daoine ar fáthanna éagsúla. Nuair a bhí mé ag caint leis an gceannfort atá i gceannas sa Teampall Mhór, dúirt sé gur casadh air cúpla daoine ón tSín a raibh Gaeilge maith go leor acu. Ní gá tomhas lán a dhéanamh gur eachtrannaigh amháin a bheidh gan Gaeilge in aon chor. Ba cheart na daoine gan Gaeilge in aon chor, idir Éireannaigh agus inimircigh, mar a bheidh ann, a chuir ar dian-chúrsaí Ghaeilge sa tslí is nuair a bhaineann siad an choláiste amach, go mbeidh gach duine ar chomh-chéim — go mbeidh an múinteoir ábalta an rang a mhúineadh. Ní féidir duine gan Ghaeilge as gContae Loch Garman — is as Contae Loch Garman mé fhéin is ní mhaith liom aon chontae eile a mhaslú — nó duine eile as an Tuirc nach bhfuil aon Ghaeilge aige a mhúineadh ag an am céanna le duine as gContae Dún na nGall. Tá sé riachtanach go mbeidh an bhun-leibhéal bainte amach ag gach duine.

Tá a fhois agam go bhfuil roinnt deacrachtaí ansin. Bhí daoine ag chuir ina aghaidh, ag rá go mbeidh cás ar leith i gceist dos na inimiricigh. Ní mar sin a bheidh sé, mar beidh inimircigh agus Éireannaigh sa ghrúpa gan Gaeilge den caighdeán A2 go fóill. Beidh leibhéal níos fearr ag cuid de na daoine nár rugadh sa tír seo — tá beirt dóibh anseo, mar shampla — ná mar a bheidh ag daoine ón tír seo. An aidhm atá againn, ag deireadh an dá bhliain traenála, is ea go mbeidh leibhéal B2 ag gach garda — go mbeidh siad ábalta an cuid is mó de na spriocanna atá acu a chuir i bhfeidhm. Tá seans go mbeidh siad stadach, go mbeidh orthu cuimhnigh ar an bhfocal ceart, ach beidh siad ábalta, mar a deireann fear ó Chonamara, an t-aic sin a dhéanamh. Má lorgaíonn tú leibhéal níos ísle ná sin, beidh sé ina mhagadh. Má thuigeann daoine cad atá le baint amach acu, má bhíonn dhá bhliain acu agus má bhíonn na hacmhainní agus an tacaíocht le fáil, níl aon amhras ach go mbainfear an chaighdeán sin amach. Feicim é ag tarlúint in Óstaí an Rí, mar shampla. Feicim daoine nach raibh ar scoil sa tír seo ag baint an chaighdeán sin amach.

I ndáiríre, is cuid é seo don galar Éireannach a bhaineann le teangacha. Ní amháin go mbaineann sé le Ghaeilge, baineann sé le Fraincis, Gearmáinis agus mar sin de. Tá sé sin ag cuir bac orainn mar thír, mar eacnamaíocht agus mar ó thaobh taighdeoireachta de nach bhfuilimid ag dul le teangacha eile. Is dócha go gcaithfimid cúrsaí a leigheas sa mbaile ar dtús agus a thuiscint gur féidir teangacha a fhoghlaim má bhíonn struchtúr leagtha síos. Go bunúsach sin an rud atáimid ag rá. Is dócha go mbeadh tréimhsí sa nGaeltacht i gceist chomh maith, go bhfoghlaimeodh daoine an teanga. Ar deireadh, ní bheidh ann ach go nglacfar leis mar chuid den curaclam agus go mbainfear amach an chaighdeán. Is iad sin na moltaí praiticiúla atá againn.

Maidir leis na ngardaí a bheidh ag freastal sa nGaeltacht, ar ndóigh, ní bheidh muintir na Gaeltachta sásta Gaeilge a labhairt le duine atá roinnt stadach. Caithfidh na gardaí sin a bheith chomh maith leo fhéin. Táimid ag lorg leibhéal C1 agus C2 ansin — daoine a thagann isteach sa Teampall Mhór le cumas maith Ghaeilge, b'fhéidir a bhí ar gaelscoil nó i gcoláiste Ghaeilge cúpla samraidh i ndiaidh a chéile agus a bhfuil spéis ar leith acu sa nGaeilge — agus go mbeadh comhartha ar leith ann. Mar gur aontaigh an Rialtas leis seo cheana fhéin, ní gá dom an chás seo a dhéanamh. Tá sé déanta agus tá sé socraithe. Is é sin an leibhéal a bheadh i gceist acu sin. Bheadh daoine ceadaithe gluaiseacht ó leibhéal B2 go C2 agus bheadh airgead ar fáil dóibh chun na chúrsaí sin a dhéanamh, mar a bhíonn sa chóras PES sa Státseirbhís chun tú fhéin a chumasú.

Mr. Mac Cárthaigh

Ba cheart go mbeadh PMDS i gceist anseo. Tá scéal faoi sin ach ní deirfidh méé anois. Is dócha gurb é sin, go bunúsach, an rud atáimid a rá. Ní fiú dúinn teacht isteach anseo agus a rá go mba cheart don choiste rud éigin a dhéanamh. An dearcadh atá againne ná má táimid ag iarraidh rud éigin, caithfimid teacht isteach agus ár moladh a nochtadh. Ansin, más mian leis an choiste, tig leis iad a phlé agus a fheabhsú, nó má tá rudaí nach bhfuil sé cinnte faoi, ceisteanna a chur. Ní dóigh liom go bhfuil aon cheart againn teacht isteach anseo ag rá gur faoin choiste atá sé go hiomlán. Dá bhrí sin, táimid ag teacht isteach anseo le moltaí praiticiúla ar rud atá bunaithe agus aitheanta, ní amháin in Éirinn ach ar fud na hEorpa cheanna féin.

Ms Killick

Tá roinnt pointe gur mhaith linn a dhéanamh. Ar dtús, is cruthúnas láidir é iMeasc gur féidir le hinimircigh an Gaeilge a fhoghlaim go rí-maith ar scoil agus mar dhuine fásta, is cuma cén chúlra atá ag daoine ó thaobh cúrsaí teanga nó cultúir, agus á húsáid go héifeachtach, proifisiúnta, líofa i réimse leathan de réimsí éagsúla scileanna.

Má fheiceann an coiste ar an aighneacht a chuireamar faoi bhráid an Aire, an Teachta McDowell, tá chuid de na hinimircigh ag a bhfuil Gaeilge líofa acu ag obair le cúrsaí iriseoireacht Gaeilge, léachtóireacht trí Ghaeilge, cúrsaí ollscoile Gaeilge, múinteoireacht scoile, siamsaíocht trí Ghaeilge, táirgíocht ilmheánach bogearraí trí Ghaeilge le cabhrú le daoine Gaeilge a fhoghlaim ar bhealaí nuálacha — le haistriúcháin agus le puipéadóireacht fiú — agus in a lán bealaí eile.

Tá mé féin tar éis go leor smaointe a thabhairt isteach go Féilte Dhubh Linn Teoranta, is é sin, St. Paddy's, le cabhrú leis an lá Gaelach a eagrú mar chuid den fhéile i mbliana. Beidh ceardlainne sa drumadóireacht Afracach, damhsa agus yoga — sin gnéithe de chultúir eile ar fáil trí Ghaeilge Dé Sathairn na seachtaine seo chugainn agus tabharfar aitheantas don Gaeilge mar chuid lárnach don fhéile i mbliana. Ar an gcaoi seo, agus in a lán dóigh eile, tá inimircigh go bhfuil Gaeilge líofa acu ag cabhrú le heispéireas Éireannaigh ar an nGaeilge a bhreisiú agus a shaibhriú i go leor áiteanna.

Cé nach bhfuil ar liosta ríomhphost iMeasc, faoi láthair, ach thart faoi 35 baill, tá níos mó amuigh ansin a bhfuil Gaeilge líofa acu. Tá fear as an bPolainn a labhraíonn Gaeilge líofa le feiceáil ar TG4 sách minic na laethanta seo ag labhairt faoi chúrsaí sa Pholainn. Ar ndóigh, níáiríonn ballraíocht iMeasc an ghlúin d'Éireannaigh aga bhfuil inimircigh mar thuismitheoirí, agus tá na páistí Éireannacha sin ag fás aníos i scoileanna na hÉireann mar Éireannaigh ag foghlaim na Gaeilge mar aon lena chomhghleacaithe de dhúchas níos traidisiúnta na hÉireann iad.

Cuid de na tíre a dtagann na daoine ina measc as ná an tSúdáin, an Ísiltír, Hong Kong, an tSeapáin, an Ghearmáin, an Pholainn, an Fhrainc, an Úcráin, an Eilvéis, an Astráil, Poblacht na Seice agus Meiriceá. Tá roinnt Ghaeilgeoirí líofa agus tá na daoine seo ag obair go lánaimsire proifisiúnta, chomh maith leis na daoine eile. Tá cúlra measctha acu, mar shampla, athair nó máthair as Cúba, Poblacht na Seice, an Bhriotáin, an Iodáil. Daoine eile atá Gaeilge acu is as Galicia agus Vietnam iad.

San aighneacht a chuir muid faoi bhráid an Aire, an Teachta McDowell, ná go gcaithfidh comhionann le hinimircigh agus nach ndéanfaidh idirdhealú ina gcoinne ná nach ndiúltóidh cead dóibh páirt a glacadh, nó teacht ar gnéithe de chultúir na hÉireann, díreach mar gheall ar chúlra a gcultúir, nó nach féidir leo an Ghaeilge a fhoghlaim mar gheall ar an gcúlra atá acu. Is minic a gcloisim go n-éiríonn níos fearr le páistí inimircigh an Ghaeilge a shealbhú ar scoile ná na páistí Éireannacha féin. Ón taighde atá déanta againn, chuid den chúis atá taobh thiar de seo le páistí a bhfuil Araibis acu chomh maith ná go bhfuil chuid de na fuaimeanna atá san Araibis níos cosúla leis an nGaeilge ná chuid de na fuaimeanna sa mBéarla. Is é sin an chaoi go dtarlaíonn sé go n-éiríonn níos fearr le chuid den na páistí seo an Ghaeilge a shealbhú níos sciobtha ná chuid dá chomhghleacaithe a rugadh agus a tógadh in Éireann, agus a sinsear i bhfad siar freisin.

Tá sé iontach tábhachtach go dtabharfaí an deis céanna d'inimircigh agus a thabharfaí dá gcomhpháirtithe dhul isteach sa gcoláiste oiliúna i dTeampall Mór, agus nach mbainfidh úsáid as na h-inimircigh seo mar uirlis le stádas na Ghaeilge a laghdú sa choláiste. Dár linne, ní chabhraíonn sé seo le chúrsaí síochána eadar-chultúir in Éireann faoi láthair ná amach anseo. Ní dóigh linn go mbeadh sé ina chabhair d'inimircigh nó don síocháin eadar-chultúir in Éireann go mbeadh sé le tuiscint ag Éireannaigh nach bhfuil gardaí as chúlra eachtrannacha chomh maith lena chomhghleacaithe Éireannacha ná go raibh seo ag cur isteach ar chearta bunreachtúla pobail na Gaeltachta nó na Gaeilge, nó gur bagairt iad go leanúnachas gnéithe de chultúir traidisiúnta na hÉireann.

An tuiscint atá ag cuid againne, i ndáiríre, ná nach bagairt don Ghaeilge iad inimirceoirí, ach le hais an bhagairt iad phobal na hÉireann féin mar thromlach na tíre seo, tromlach b'fhéidir nach bhfuil sásta an teanga a labhairt ná idirghníomhú leis an teanga. Is mó go mór líon na ndaoine siúd ná líon na inimirceoirí. Mar sin, caithfear aird a thabhairt orthu siúd freisin. Measaimid gur chóir sampla a thabhairt agus gníomhú ar leibhéal an Rialtais chun chuir i gcoinne tuaraimí den tsórt sin — gur bagairtí don Ghaeilge iad inimirceoirí — mar is a mhalairt ar fad atá i gceist, mar is léir os na daoine ina measc atá ag cabhrú go mór le cursaí Ghaeilge.

Tá eolas maith againn faoin droch-thaithí agus droch-eispéaras a bhí ag go leor Éireannaigh leis an Ghaeilge ar scoil. Bhí drochíde fhisiciúil, fiú, ag roinnt daoibh, go háirithe Éireannaigh atá níos sinne. Diúltaimid go huile is go hiomlán na iarrachtaí atá á dhéanamh ag daoine nach bhfuil uatha ach a chuid deacrachtaí féin leis an teanga a chuir i bhfolach taobh thiar de bhréag-imní maidir le leas inimirceoirí, nuair atá inimirceoirí cosúil lena bhfuil ina measc ina ndearg-chothúnas agus nuair atá inimirceoirí ní amháin go breá ábalta an Ghaeilge a fhoghlaim ach in ann cabhair go mór le saol na Gaeilge.

Maíonn an t-Aire go dtabharfar bun-oiliúint sa Ghaeilge dos na hearcaithe seo, inimirceoirí ina measc. Deireann muid gur chóir go dtabharfaí oiliúint cuimsitheach sa Ghaeilge do chách, cuma cén cúlra atá acu -oiliúint nach treisíonn cleachtas na béal-cráifeachta i leith úsáid na Ghaeilge laistigh don Garda Síochána nó ar bhonn na sochaí a bheith níos forleathana. Ba cheart úsáid iomlán fiúntach a bhaint as am na hearcaithe faoi oiliúint, chun iad a thabhairt chuig leibhéal feidhme iomlán sa Ghaeilge a dhearbhaíonn a stádas tábhachtach i sochaí na hÉireann ó thaobh na stádas agus sochaí na linne seo freisin.

Measaimid go bhfuil eolas ar chleachtas agus ghnéithe cultúrtha eile tábhachtach. Ar an gcaoi seo, cuirimid an-fáilte ar fad roimh iarrachtaí le baill de dhúchas eachtrannachta a meascadh isteach sa Garda Síochána chun feasacht agus eolas na ngardaí Éireannacha ar éagsúlacht na chultúir in Éireann na linne seo a bhreisiú. Tá an cómhalartíocht tábhachtach, áfach, agus níor chóir go mbeadh eolas den tsórt sin, nó traenáil den tsórt sin, i dtreo amháin, nó níor chóir go ndúnfaí Éireann aon inimirceoirí amach as eolas agus taitneamh cómhalartach i gnéithe de chultúr na hÉireann díreach toisc gurb inimirceoirí iad. Baineann go leor Éireannaigh taitneamh go rialta as an éagsúlacht nua atá tagtha go hÉirinn de bharr inimirceoirí, cibé an éagsúlacht ó thaobh bia, siamsaíocht cúltúrtha nó idirghníomhaíocht ar leibhéal níos doimhne nó substaintiúla de. Ba chomhair go dtabharfadh an cómhalartíocht eolais sin dúinne agus nach comhair go ndiúltófaíé go haon-taobhach díreach mar gheall ar thaithí nó dhearcaí diúltacha atá ag roinnt daoine i leith na teanga.

Ba mhaith linn cúpla pointe eile a rá, Ó thaobh mo thaithí fhéin leis an nGarda Síochána, ní minic i ndáiríre a dtagann daoine i dteagmháil leis an nGarda. Nuair a thagann garda suas acu, bíonn faitíos orthu go bhfuil rud éigin as bealach déanta acu agus go mb'fhéidir go ndéanfai fíneáil orthu nó go gcuirfear isteach i bpríosún iad. Ní cúrsaí teanga is mó atá chun tosaigh i gcloigeann an duine. Mar sin, tá dualgas ar an nGarda Síochána chun dátheangachas a chuir trasna. Má tá duine sách lag agus é ag caint leis an ngarda, measaim gur chaithfidh an réamhghníomhacht teacht ón ngarda. Nuair a théann siad suas chuig duine sa tsráid, ba cheart dóibh beannacht a thabhairt dóibh i mBéarla agus i nGaeilge agus an deis a thabhairt dóibh freagairt i mBéarla nó i nGaeilge. Má tá an Garda féin i ndáiríre, éireoidh le rud éigin den tsórt sin. Níl gnáth-daoine sa phobal chun a bheith ag caint nó ag argóint faoi chúrsaí teanga agus faitíos orthu go mb'fhéidir go bhfuil rud éigin mór mílteach déanta as bealach acu, nó go mb'fhéidir go gcruthóidís níos mó deacrachtaí dóibh fhéin, nó mar atá cheana fhéin mar go bhfuil carr san áit mícheart, nó mar sin de.

B'fhéidir go mbeadh an scóip ann do saoránaigh Éireannacha nach bhfuil pointí sách-árd sa Ghaeilge acu dul tríd na modúil oiliúnacha chuimsitheacha chéanna, mar a dúirt Mr. MacCárthaigh, agus a bheidh á dhéanamh ag na hearcaithe nua seo nuair a thagann said isteach. Tá sé sin tábhachtach chun na daoine seo a thabhairt aníos chuig an gcaighdeán céanna le daoine eile. Ní mór an pointe seo a dhéanamh áfach. Cinnte, is ceist chasta í seo, ach níor chóir airm a dhéanamh as inimirceoirí i gcath cultúrtha a bhí ar siúl i bhfad sular tháinig formhór inimirceoirí na linne seo go hÉirinn. Bíonn daoine ag úsáid inimirceoirí mar leithscéal le fáil réidh le gné na Gaeilge i sochaí na hÉireann — gné traidisiúnta nó gné den ilchultúrachas agus den ilteangachas traidisiúnta in Éirinn — le fáil réidh go héasca leis an ilchultúrachas nua. Bíonn siad ag úsáid athruithe ar mhaithe le hinimirceoirí a imeascú níos fearr i sochaí na hÉireann mar bhealach le dearcaidh chiníocha agus sheineafóibeacha a léiriú a bhí ann i bhfad sular tháinig ceist na Gaeilge suas.

Deir an tAire go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh léargas ó thaobh teanga agus cultúir de ag an Gharda Síochána ar na pobail eitneacha ar fad a ndéanann siad póilíneacht orthu. Tá sé chomh tábhachtach céanna go mbeadh léargas comhionannach ó thaobh teanga is cultúir de ar an bpobal Éireannach ag earcaithe ar inimirceoirí iad freisin agus nach mbainfeadh daoine úsáid as inimirceoirí i gcoinne na teanga. Tá siad ag obair ina coinne cheana féin chun cearta bunreachtúla, sóisialta agus stairiúla atá ag daoine in Éirinn le Gaeilge a labhairt a laghdú.

Tá cúpla rud tagtha chun cinn ó cuireadh iMeasc ar bun. Tá roinnt bialanna agus gnónna a chuir inimirceoirí ar bun tar éis ainm Gaeilge a bhaisteadh orthu féin. Tá bialann a dtugtar Teach Balti air, bialann Indeach a bhfuil na focail "bialann Indeach" scríofa uirthi go hard i litreacha óir i nGaillimh. Tá Café Bananaphoblacht curtha ar bun ag Ísiltíreach. Tá Teach an Rí, bialann Síneach, thíos sa Daingean, de réir mar a thuigimid. Tá Fios Feasa ag Meireacánach. Tá inimirceoirí ann a bhfuil bá acu leis an teanga, cosúil le hinimirceoirí a bhfuil spéis acu an teanga a fhoghlaim. Tá daoine ann a bhfuil Béarla acu agus daoine iontacha eile nach bhfuil Béarla acu.

Ag an bpointe seo, ba mhaith liom deis a thabhairt do mo chomhghleacaí, Colleen Dollard, labhairt faoi na hinimirceoirí agus na hiarrthóirí tearmainn a tháinig chuig ionad SPIRASI chun an Ghaeilge a fhoghlaim.

Ms Dollard

Maidir leis an dream atá againne, bunaíodh na ranganna seo chun deis a thabhairt do dhaoine an teanga a fhoghlaim, agus bíonn sé deacair do na daoine seo dul go dtí gnáthrang Gaeilge, fiú más rang do thosnaitheoirí atá i gceist. Bíonn sé deacair do dhaoine nár tógadh le Gaeilge tosnú le ranganna den chineál sin. Thosaigh na ranganna i 2003, agus ó shin, bhí 45 dalta ag foghlaim iontu. Ó na 45 duine seo, is as 25 tír ar fad iad. Tháinig siad uilig go dtí na ranganna — ní ag an am céanna, ar ndóigh — ach bhí siad breá sásta go raibh deis den chineál seo acu chun Gaeilge a labhairt agus a fhoghlaim. Tá an chuid is mó de na daoine sa rang seo ós rud é go bhfuil páiste acu ar mhaith leo cabhrú lena chuid Gaeilge. Tá siad ag iarraidh a bheith in ann na comharthaí bóthair a léamh agus páirt níos daingne a ghlacadh sa chultúr anseo. Tá cuid de na daoine sa rang seo — iad siúd a bhí ann ón tús — in ann an caighdeán seo Gaeilge a bhaint amach. Tá siad in ann caint agus píosa beag comhrá a dhéanamh cosúil leis an rud a raibh an tUas. Mac Cárthaigh ag caint air. Tá siad in ann caint agus gnáthchumarsáid a dhéanamh ar bunleibhéal.

Ms Killick

Cathain a cuireadh na ranganna seo ar bun?

Ms Dollard

Cuireadh ar bun iad i 2003, agus leanfaimid ar aghaidh leis. Tá an rang ar fáil, agus tá an-tóir air. Tá a lán daoine ag iarraidh bheith ann. Tá sé suimiúil, baineann siad taitneamh as, agus cuireann sé deis ar fáil mothú níos gaire don phobal anseo. Chuir muid cóisiúr beag ar fáil dóibh, agus thug muid teastas dóibh, saghas dílseacht teanga, nó language loyalty, certificate. Tháinig bean amháin as an Bheilg chugam atá ag déanamh céim ollscoile. Dúirt sí liom go raibh sí sa tír seo le sé bliana, agus go dtí go bhfuair sí an teastas beag seo a rinne muid, dúirt sí nár mhothaigh sí riamh go raibh fáilte roimpi. Ní mhothaigh sí go raibh fáilte roimpi riamh go dtí gur bhuail sí leis an chomhphobal seo. Tá muid bródúil as sin. Taispeánann sé go bhfuil suim ag daoine ann agus nach bhfuil sé dodhéanta. Chaill muid na deacrachtaí a bhíonn ag daoine leis an Ghaeilge. Tá muid in ann dul thar an chéim seo, níl droch-taithí againn agus tá muid in ann a thaispeáint gur fiú seo a dhéanamh.

Ms Killick

Is rud iontach dom an Ghaeilge a bheith agam. Cosúil le go leor daoine eile in i iMeasc, osclaíonn sí doirse ní amháin leat féin a meascadh níos dlúithe sa tsochaí agus le bualadh le níos mó daoine, ach osclaíonn sé doirse na fostaíochta freisin.

Cruthaíonn taithí na ndaoine in i iMeasc sin freisin, ní amháin go n-osclaíonn sé doras na fostaíochta ach doras na fiontraíochta freisin. Tá thart fá chúigear in i iMeasc go bhfuil a ngnó féin reachtaithe go hiomlán trí Ghaeilge nó bunaithe uirthi. Is aistritheoir féin-fhostaithe mé féin, tá plé le hiriseoireacht agus caife dá-theangach ag an chomhbhunaitheoir agus tá fear as Meiriceá a sholáthraíonn táirgí ilmheánacha sa teanga. Tá puipéadóir a théann thart chuig scoileanna Gaelacha ag tabhairt ceardlann sa phuipéadóireacht. Tá fear ag obair i DCU agus tá fear as Poblacht na Seice ag reachtáil ciorcal díospóireachta. Tá seo ag cabhrú go mór le cúrsaí Gaeilge in Éirinn agus le hÉireannaigh ag gníomhú leis an teanga. Reachtálann seisean díospóireachtaí a thugann deis d'Éireannaigh theacht le chéile agus Gaeilge a labhairt faoi théamaí móra an lae gach seachtain.

Faighim féin léargas i bhfad níos doimhne ar an tír seo, fiú agus mé ag taisteal agus ag féachaint ar na logainmneacha agus cúlra daoine fríd na sloinnte atá acu, cosúil le Mac an tSagairt. Bainim an-taitneamh as gnéithe traidisiúnta den chultúr Gaelach — amhránaíocht agus a leithéid — agus tá mé ag obair go díograiseach le rudaí nualácha a fhorbairt trí mheán na Gaeilge, rudaí nach léir dom go bhfuil Éireannaigh ag iarraidh a fhorbairt — ranganna yoga, drumadóireachta Afracach agus damhsa boilg trí mheán na Gaeilge. An bean atá i mbun na ceardlainne damhsa boilg, is inimirceach í as Sasana atá ar liosta iMeasc.

Ba mhaith linn nach luafaidh inimircigh mar bhagairt don Ghaeilge. Tá sé faoi Éireannaigh an stiúradh a thabhairt. Ós rud é go bhfuil i bhfad níos mó Éireannaigh sa tír seo nach bhfuil sásta baint a bheith acu leis an teanga, b'fhéidir nár mhiste iad siúd a lua mar bhagairt níos mó.

Tá an grúpa fíor i ndáiríre. Is fíor go bhfuil eachtrannaigh ag caint Gaeilge. D'oscail mé an dámh Ceilteach in Ollscoil St. Petersberg dhá bhliain ó shin agus bhí Rúisigh ag caint go líofa. Bhí orm cuidiú a fháil.

Theip ar dhaoine áirithe san am atá thart mar ní raibh go leor Gaeilge acu ach anois is féidir le daoine gan Gaeilge dul isteach sna gardaí. Beidh seans nua ag roinnt daoine ach an bhfuil an Acht teanga ag cuidiú? An bhfuil rudaí níos fearr i ndiaidh na hathraithe sin? Is é sin an cheist. Nuair a bhí baill den chomhchoiste i gCeanada, dúirt daoine linn nach theipfidh ar an Fraincis fiú amháin muna mbíonn daoine sa tír sin ag labhairt an teanga mar go mbíonn daoine i tíortha eile ag labhairt Fraincis. Mar nach bhfuil sé mar sin sa tír seo, nach bhfuil an ceart agam go bhfuil céim siar á thógaint? An bhfuil úsáid na Gaeilge ag ardú nó ag laghdú timpeall na tíre?

Chuirim fáilte roimh an toscaireacht. Gabhaim buíochas leo as ucht an t-eolas a chuir siad os ár gcomhair. Tá ceist agam mar gheall ar an teastas Eorpach na Gaeilge. Tá labhairt na Ghaeilge i gceist do úsáideoirí bunúsacha agus neamhspleácha. An bhfuil léamh agus scríobh na Ghaeilge i gceist ar an leibhéal sin?

Mr. Mac Cárthaigh

Is maith liom labhairt le mo comharsa ó Chontae Phort Láirge. Is as Inis Corthaidh mé. Tá taithí agam ar an taobh sin den tír. Maidir leis na leibhéil éagsúla, cuirtear scrúdaithe ar na ndaoine maidir le labhairt, éisteacht, scríobh agus léamh. D'fhéadfadh daoine a bheith níos fearr ag an labhairt ná mar atá siad ag an scríobh, mar shampla. D'fhéadfadh siad a bheith ar an leibhéal B2 sa labhairt agus sa tuiscint, ach gan a bheith ar an leibhéal A2 sa scríobh agus sa léamh. Maidir leis na gardaí, táimid ag rá nár ghá go mbeadh an B2 acu sa scríobh chomh maith leis an labhairt, ach gur chóir go mbeadh an leibhéal sin acu sa labhairt agus sa tuiscint. Tá sé cosúil le nuair a fhaigheann tú do chuid torthaí scrúdaithe ón scoil — d'fhéadfá A a fháil in ábhar amháin agus C a fháil in ábhar eile. Tharla gur scileanna difriúla iad labhairt agus tuiscint, scríobh agus léamh. D'fhéadfadh duine a bheith ag leibhéal amháin maidir le scil amháin agus ag leibhéal eile maidir le scil eile. Tá na leibhéil A, B agus C ann dos na ceithre scileanna. Ní gá go mbeadh duine ag an leibhéal céanna maidir le gach scil.

Freagraíonn sé an cheist, ach tá mé buartha faoi rud eile. Má tá duine tar éis an dlí a bhriseadh agus teastaíonn ó garda ráiteas a thógaint uaidh, cad a tharlaíonn má theastaíonn ón duine sin an ráiteas a thabhairt trí Ghaeilge? Tá a fhios agam go bhfuil slíte eile chun déileáil leis sin — b'fhéidir go mbeadh garda in ann labhairt leis an duine, ach ní bheadh sé ar a chumas aige ráiteas a thógaint.

Mr. Mac Cárthaigh

Tharlaíonn sé ar dhá shlí, go phraiticiúil, nuair a ghabhtar duine éigin agus déanann sé ráiteas. Tá daoine ar leith — bleachtairí, mar shampla — ann chun ceisteanna a chuir ar an duine sa stáisiúin. Déantar socrú go mbuaileann an garda leis an duine in áit neodrach — an áit ina bhfuil an duine ag obair, nó sa stáisiúin. Bíonn daoine ar leith ag plé leis an obair sin. Ní bhíonn gach garda sa sráid ag plé le ráitis a thógaint. Táimid ag siúl go mbeidh daoine ann sna stáisiúin chun an obair sin a dhéanamh. Is féidir téip a úsáid, fiú amháin, muna bhfuil na daoine sin sásta go maith ina chumas scríbhneoireachta. Sna cúirteanna coiriúla, mar shampla, cé gurb é an cur chuige traidisiúnta go mbeadh leagan scríofa ar fáil, ceadaítear ó 1992, is dóigh liom — is fearr go mbeadh a fhios agaibh — rud a chuir ar téip chomh maith. Beidh an rud ag teacht isteach de réir a chéile pé scéal é — beidh na téipeanna agus na videos sna stáisiúin ag na gardaí, ar mhaithe le cosaint na ngardaí iad fhéin, ar shlí. Ní bheinn ró-bhuartha faoi sin.

De réir freagra a fuair mé sa Dáil, tá cainteanna ar siúl ar an ábhar seo idir an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí agus Coimisinéir na nGardaí. Léigh mé ibhFoinse go dteastaíonn ón Aire Ó Cuív, dá mbeadh cúrsa mar seo ar fáil d’inimircigh a theastódh uathu dul isteach sna gardaí, go gcuirfear an cúrsa seo ar bun in áit éigin seachas an Teampall Mór. An bhfuil tuairim ag i Measc faoi sin?

Mr. Mac Cárthaigh

Seans go bhfuil an tAire ag iarraidh an cúrsa a chur ar fáil áit éigin i gCondae na Gaillimhe. D'fhoghlaim an Ghaeilge agus ó mo thaithí ar dhaoine eile a thugann Gaeilge leo, cabhraíonn sé má théann duine ar chúrsa nuair nach mbíonn ach Gaeilge le foghlaim aige. Rinne mé cúrsa sa mBreatnais nuair a bhí ar an ollscoil in Ollscoil na Breataine Bige agus chuaigh muid ó dada go dtí B1 taobh istigh de deich seachtaine. Is cuma linn cá gcuirtear ar bun é.

Ní féidir gach rud sna nuachtáin a chreidiúint. Ní hiad inimircigh amháin a bheidh ar an dianchúrsa seo mar bheadh go leor Éireannaigh ina measc, b'fhéidir iad siúd nach bhfuair an leibhéal feidhmeach san ardteist, daoine a rinne cinneadh am a chaitheamh le hábhar eile nó daoine nár labhair Gaeilge le fada. Ní bheidh inimircigh á scaradh amach ó dhaoine as an tír seo ó dhúchas. Beidh daoine ar an chúrsa seo le leibhéal cumais a bhaint amach le go mbeidh gach duine le chéile sa Teampall Mór ag tosnú amach ar an chéim amháin. Is cuma ca gcuirfear ar bun an cúrsa.

An bhfuil sé i gceist ag an ngrúpa go mbeidh na cúrsaí seo ag dul ar aghaidh ag an am céanna leis an gnáth-thraenáil d'earcaigh?

Mr. Mac Cárthaigh

Maidir le daoine nach bhfuil leibhéal A2 acu, sula dtosaíonn siad amach ar an gcúrsa, idir seo agus Meán Fómhair seo chugainn, cuirfear iad, idir inimircigh agus Éireannaigh, ar chúrsa cúpla seachtaine leis an chaighdeán seo a bhaint amach. Nuair a théann daoine isteach sa Teampall Mór ansin, beidh na ranganna Gaeilge mar chuid den chúrsa. Tá muid ag moladh go mbeadh tréimhsí sa nGaeltacht mar chuid den chúrsa chomh maith. Caithfear an teanga a úsáid taobh amuigh den rang, mar atá cruthaithe ar fud an domhain.

Ms Killick

Tá sé tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge mar chuid den chúrsa sa dóigh is nach mbeadh daoine ag rá nach bhfuil an t-am acu an Ghaeilge a dhéanamh mar gheall ar inimircigh. Bhí mé ar agallamh le Newstalk 106 FM agus dúirt ionadaí áirithe óna gardaí gur sign of the times é go bhfuil siad ag athrú na rialacha iontrálacha. Sign of the times é go bhfuil ár leithéid anseo. Tá mise ag plé leis an Ghaeilge le deich mbliain agus tá go leor de na daoine eile ag plé léi sula rugadh mé.

Ní chóir fáil réidh leis na ranganna Gaeilge mar gheall ar chúrsaí airgid, inimirce nó ama. Tá sé contúirteach go smaoineodh Éireannaigh go bhfuil daoine ag fáil réidh le rud tábhachtach i gcultúr na hÉireann ar mhaithe le hinimircigh. Tá sé feicthe fiú go bhfuil fadhb leis sin acu siúd nach bhfuil suim ar bith sa Ghaeilge acu agus nach bhfuil sásta í a labhairt. Beidh an fhadhb sin ina fhadhb acu le hinimircigh freisin agus ní chabhróidh sé le cúrsaí síochána eadar-chultúir.

Tá mé buíoch as ucht na bhfreagraí sin. Ba mhaith liom dul ar ais agus féachaint air seo níos mine. Tá sé suimiúil. Ba mhaith liom comhghairdeachas a dhéanamh le lucht iMeasc as ucht an mhéid atá bainte amach ag an ghrúpa le daoine nár rugadh in Éirinn agus nár thosaigh a labhairt Gaeilge go dtí gur tháinig siad anseo.

Ms Killick

Ba mhaith liom pointe a dhéanamh maidir le roinnt de na daoine atá in iMeasc. Bhí mé féin iomlán líofa sular tháinig mé go hÉirinn, agus d'fhoghlaim roinnt de na daoine eile an teanga sular tháinig siad anseo nó sular lonnaigh siad iad féin anseo go buan. Bhí cuid mhaith Gaeilge acu sular tháinig siad anseo.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá. Unfortunately I am one of the people who has just a cúpla focal. I sometimes feel a little intimidated about trying to go further. It is not that people intimidate me but I sometimes feel a little uneasy in this regard.

Notice for the meeting was received last Thursday, which is very short. Is this normal procedure for a meeting like this?

It is the same notice as for every other meeting.

I accept that, but should we not have taken into account that the Dáil and Seanad were not sitting? I flew in from Chicago this morning to attend this meeting because I wanted to say how I feel about the Irish language. As somebody who has only a cúpla focal I sometimes feel disappointed I have not put in the energy I should have to learn it.

We have to look at the compulsion used as a political engine to revive the Irish language. This has not worked. Many public bodies are struggling to find staff who can provide a service in Irish to the public. Young people receive an average of 1,500 hours education in Irish but they leave school without a command of it. Only three out of ten students studying Irish attempt the honours paper in the leaving certificate. Worse still, thousands of students do not even turn up for the exam. Are the witnesses aware of this serious situation? We must examine what we can do.

Irish must play a central role in our education system but the teaching of it needs to be reformed. My party leader, Deputy Kenny, made some points on this subject. I do not want a witch hunt but his ideas were worthy of debate. I do not say the witnesses have different opinions or that they complained about what was said but we must acknowledge that the Irish language is in trouble.

I am a member of the Opposition. As far as I am aware, every politician wants us to take the right road to ensure the Irish language is at the top of the agenda. We should acknowledge that we have been on the wrong road and that making Irish compulsory was not the best approach to take. I could never be accused of agreeing with the Minister for Justice, Equality and Law Reform but on this occasion I think he has got it right.

There is a much higher uptake of the Welsh language in Wales. Does the same requirement apply in the Welsh police force?

Mr. Mac Cárthaigh

Tá taithí agam ar an Bhreatain Bhig, mar bhí mé i mo mhac léinn ERASMUS sa tír sin ar feadh sé mhí, agus tá a fhios agam go gcaithfidh gach póilín i dtuaisceart na Breataine Bige leibhéal áirithe Breatnaise a bheith aige. Tá sé sin ag teacht isteach de réir a chéile. Tá áiteanna sa Bhreatain Bhig a bhfuil go leor daoine as Sasana ina gcónaí iontu, agus seans gur tháinig móramh na ndaoine isteach sna ceantair sin le déanaí, ach fós féin, is cuma. Tá sé mar pholasaí ag Heddlu Gogledd Cymru, nó póilíní thuaisceart na Breataine Bige, go mbeadh Breatnais ag gach póilín.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi múineadh na Ghaeilge. Tá a fhois agam nach í seo an coiste oideachais, ach——

Instead of our asking and answering questions, let me finish.

Mr. Mac Cárthaigh

Tá mé ag iarraidh an cheist a chuir tú a fhreagairt.

Tá ceist eile ag an Seanadóir.

Is it okay if I ask the rest of my questions?

Mr. de Spáinn

Ba mhaith liom pointe amháin eile ar an Bhreatnais sa Bhreatain Bheag a dhéanamh. Tá an Bhreatnais aitheanta de réir dlí sa tír sin agus beidh ar na póilíní ann Breatnais a bheith acu amach anseo. Tá siad ag socrú na leibhéil, an chóras agus rudaí eile sa tír sin faoi láthair. Beidh an rud ceannan céanna i gceist.

I appreciate the delegates have more or less clarified the position in Wales. We need a multicultural environment and I would therefore hate to see a barrier put in the way of Chinese people trying to join the Garda. Rather than having Irish-speaking gardaí, I would prefer them to be physically fit, of sound mind, full of integrity and able to provide a service to the State. The Irish language is well down the line for me and if I were creating a professional and competent police force, I would be seeking many more qualities in candidates than the ability to speak it. I accept that in an ideal world it would be nice to have a requirement to speak Irish. I hope we will aspire to this but I fear the requirement could be used to block immigrants, who badly need to be assimilated, from joining the police force. I can debate this with the delegates.

One of the delegates stated gardaí were afraid to speak Irish — perhaps I misunderstood.

It is the other way around. People were afraid to speak to gardaí in Irish in case they would be regarded as smart-assed.

Ms Killick

They felt it might complicate their circumstances as far as legal matters were concerned.

They felt they might be regarded as speaking Irish to a garda only to be awkward.

Ms Killick

When the cofounder of iMeasc, who is from the Netherlands, tried to speak to a garda in Irish, the garda actually insulted him and asked him if he were trying to be a smart-alec. He berated him for trying to speak in Irish. Téann sé sin thar n-ais go dtí an rud a bhí mé á rá — go bhfuil faitíos ar daoine labhairt le garda as Gaeilge ar eagla go ndéanann sé rudaí níos casta nó go gcruthaíodh sé níos mó fadhbanna. They are worried it would create more problems for them. Caithfidh an proactive approach teacht os na gardaí féin maidir le cúrsaí dhátheangacha, má tá an Ghaeilge le úsáid go praiticiúil. Tá an duine a bhfuil an gharda á cheistiú in áit thar a bheith lag. Is ag an gharda atá an chumhacht é a chur i bpriosún nó fíneáil a ghearradh air, nó go leor rudaí a dhéanamh chun a shaol a scriosadh ar fad, nóé a dhéanamh an-deacair i mbealaí áirithe. Níl bheadh go leor daoine ag iarraidh rudaí a dhéanamh níos deacra agus cúrsaí teanga a thabhairt isteach. Má tá an Ghaeilge le húsáid, is os na gardaí a chaithfidh sé teacht. Ma úsáideann an gharda an Ghaeilge, má bheannaíonn sé an duine trí Ghaeilge nó má thosaíonn sé ag caint leis an duine go dátheangach, beidh sé de rogha ag an duine an Ghaeilge a úsáid. Tuigfidh sé nach ndéanann sé aon difríocht má labhrann sé i mBéarla nó i nGaeilge. Is é sin an rud a raibh mé ag caint faoi.

I would love to see Irish playing a central role in our lives and education system. By discussing different views today, I hope we can reach a consensus. I am a little concerned that gardaí without Irish are restricted from working in Gaeltacht areas, effectively resulting in the creation of second-class gardaí. I differ with the delegates in this regard.

Ms Killick

That actually came from one of our German Irish speakers who has been living and working in the Gaeltacht for several years. I understand that was his perspective because he lives in the Gaeltacht and deals with people from there every day of his life.

We could turn it around. It is a bit too emotive to say that a garda who cannot speak Irish would be seen as a second class person. I recognise that is not Ms Killick's view but it is too emotive.

Ms Killick

I was speaking hypothetically. It was an example that our German Irish member in Galway thought sufficiently important to be included in our formal submission to the Minister.

Canadians say that if they stop speaking French, the language will continue to be spoken in other countries. It does not make them unique as French people. If people in Ireland cease speaking Irish, there is no other place in the world that can call itself Irish. It makes us distinct. If there are specific Irish-speaking areas in the country where everything is done through Irish in terms of planning permission and Gaeltacht grants, tá siad ceart.

Mr. de Spáinn

Ag caint faoin Síneach sin, agus ag rá nach bhfuil sé éigeantach go mbeadh Gaeilge aige, cuir sa bhealach eile é. Nílimid ag tabhairt an traenáil cheart don gharda sin le dhul amach sa phobal. Má bhíonn sé ag labhairt le daoine a bhaineann úsáid as an Ghaeilge agus muna dtuigeann an garda sin aon rud a deireann an duine leis nó léí, beidh fadhb mór ann. Caithfear bheith cinnte nach dtarlaíonn a leithéid.

Is féidir sin a dhéanamh gan bheith mar bhac. Tá muid ag moladh cúrsa atá aitheanta go hidirnáisiúnta ar conas is féidir le daoine teanga a fhoghlaim agus cumas a bheith acu gur féidir baint leis an phobal i gceart. Má dhéanfaimid seo i gceart, ní bheidh fadhbanna ó thaobh na Gaeilge leis na gardaí. Beidh na gardaí in ann an job a dhéanamh gan fadhb teanga.

Ms Killick

D'fhreastal mé ar chomhdháil le gairid agus labhair an t-oifigeach oideachais ó Fhoras na Gaeilge. Dúirt sé go bhfuil 25% de mhuintir na hÉireann atá functionally illiterate sa Bhéarla. Seo in ainneoin go bhfuil an Béarla mórthimpeall ar chuile duine sa tír seo achan lá. Chuir sin dubh-iontas orm. Sin in ainneoin go bhfuil an Béarla éigeantach go dtí leibhéal an ardteistiméireachta. Tá fadhb nach mbaineann le héigeantacht i gceist. Tá sé níos fusa aird a dhíriú ar an nGaeilge agus a thuiscint cén fáth go bhfuil daoine neamhliteartha sa Ghaeilge mar níl an surround sound tacaíocht ar fáil don Ghaeilge. Níl iontas go bhfuil functional illiteracy i bhfad níos measa ó thaobh na Gaeilge de ach tá sé iontach spéisiúil go bhfuil 25% functionally illiterate sa Bhéarla.

Two wrongs do not make a right but I accept that 25% is too high.

Mr. Mac Cárthaigh

Ar shlí tá muid ag dul síos an bóthar caoch maidir le teangacha. Tá meon go forleathan sa tír seo faoi teangacha seachas Béarla. Má fheicimid ar ár gcomharsan san Eoraip, ní rud neamhchoitianta é go mbeadh dá nó trí theanga ag daoine, go háirithe in áiteanna cosúil le Lucsamburg agus leis an Chríoch Lochlann agus an Ísiltír. Caithfear an cheist a chur an bhfuil na daoine seo níos cliste ná sinn? An bhfuil muidne níos bómánta? Níl. Baineann leis an gcur chuige múinteoireachta. Bhí an Teachta ag caint ar uaireanta atá caite le múineadh na Gaeilge agus is léir nach bhfuil sinn sásúil. Tá moltaí ag Conradh na Gaeilge agus phlé muid iad leis an Teachta Kenny agus tá súil againn go dtabharfaidh sé cuid acu ar bord. Thóg sé cuid acu ar bord cheana féin. Ní hé seo an áit, mar ní hé seo an Coiste Oideachais agus Eolaíochta, agus níor mhaith liom cur isteach ar aon choiste eile. Pléifimid é sin le coiste eile, b'fhéidir, amach anseo. Ó tharla gur féidir le córas oideachais atá go maith daoine——

This is the Oireachtas Committee on Arts, Sport, Tourism, Community, Rural and Gaeltacht Affairs.

Mr. Mac Cárthaigh

Níl mé críochnaithe. Tá fhios agam cen coiste é seo. Bheinn buíoch den Seanadóir dá n-éistfeadh sé le mo fhreagra.

Is féidir le córas oideachais cinntiú go mbeidh cumas i gcúpla teanga ag daoine, agus is féidir leis an gcóras oideachais atá againn féin é sin a dhéanamh chomh maith. Níl ceist ann idir caighdeán i rud áirithe agus Gaeilge. Is féidir freastal ar an dá rud atá fite fuaite le chéile. Caithfimidne, mar thír agus mar phobal, briseadh amach ón mheon atá ann gur leor Béarla agus nach féidir aon teanga eile a fhoghlaim. Sin an rud a thagann i gceist nuair a labhraíonn daoine mar gheall ar bhac i gcomhthéacs na Gaoluinne, rud nach fíor.

Sa bhFionlainn, tír atá thar a bheith liobrálach, sula dtéitear isteach ag traenáil mar phóilín, caithfear scrúdú a shuí sa bhFionlainnis agus sa tSualainnis, cé nach bhfuil an tSualainnis á labhairt ach ag mionlach an-bheag i measc an phobail. Sa mBeilg, le bheith ina phóilín sa mBruiséil, caithfidh duine cumas ard a bheith aige sa bhFléimis agus sa bhFraincis agus cumas sásúil a bheith aige sa nGearmáinis. Ní fheictear dúinn go bhfuil fadhbanna sna tíortha sin maidir le daoine a dhúnadh amach.

Maidir le bac, éigeantas agus mar sin de, tá sé suimiúil gur theip ar roinnt daoine nach raibh Béarla acu ó dhúchas sa scrúdú aptitude arb éigean d'earcaithe nua don Gharda a dhéanamh. Ba é an freagra air sin ná nach raibh mórán Béarla acu. Tá an tuiscint ann gur féidir leo feabhas a chur ar a gcuid Béarla agus teacht ar ais. Tá sé mar a gcéanna leis an nGaoluinn. Más féidir feabhas a chur ar Bhéarla, is féidir feabhas a chur ar Ghaoluinn. Caithfimid, mar thír agus mar phobal, sinn féin a ardú ó bhun an dréimire ó thaobh cumais i dteangacha Eorpacha de.

Táimid tar éis oiread dul chun cinn a dhéanamh leis an áit seo ar fad a oscailt amach maidir leis an gcaidreamh atá againn le chéile, le Sasana, agus leis an Tuaisceart. Tá an eacnamaíocht tar éis feabhsú go mór, ach fós ó thaobh teangacha a fhoghlaim, táimid thiar sa Chlochaois. Táimid ag féachaint ar ár gcomharsana san Eoraip agus ag teacht ar aghaidh le chéile. Ní féidir é sin a dhéanamh agus muid ag féachaint ar chumas i dteangacha mar rud atá ag duine nach féidir a athrú. Is scil é ar féidir a fhoghlaim.

Is freagra ar an-chuid ceisteanna é sin. D'fhéadfaidh an Ghaoluinn a mhúineadh níos fearr, agus is féidir é sin a phlé áit eile, mar níor mhaith liom trasnú ar aon choiste eile.

Bhí orm dul ón chruinniú, mar tá ceann eile ar siúl agam, ach is breá an rud é a bheith ag éisteacht le daoine, ach go háirithe duine ón Astráil, ag caint as Gaeilge. Bhíos chun ceist a chur ar an Uas. Mac Cárthaigh maidir le múineadh na teanga, ach tá sé freagraithe aige cheana féin. Bhíos i ngairmcholáiste inné i mBaile an Droichid, agus is dócha go bhfuil aithne aige ar an áit. Bíonn thar 600 mac léinn ag freastal air. Bhí mé ag déanamh cur síos ar shaol polaiteora do na leaids. B'fhuath beagnach gach leaid an Ghaoluinn. Tá a fhios agam, mar chuireas an cheist orthu. Thosnaigh mé a mhúineadh na Gaeilge fadó sa ngairmcholáiste céanna. Cén fáth?

Mr. Mac Cárthaigh

Ní féidir liom an cheist a fhreagairt.

Bhí 40 dalta sa rang, agus d'fhiafraigh mé faoin nGaeilge. Chúir mac léinn ceist orm toisc go bhfuil an polasaí ar siúl, agus d'fhiafraigh sé díom ar cheap mé gur cheart an Ghaeilge a bheith éigeantach. Caithfidh mé a rá nach bhfuil mé cinnte. Cén fáth gur fuath le leaids óga an Ghaeilge?

Mr. Mac Cárthaigh

Tá roinnt acu ann ar fuath leo í, ach ní dóigh linn go bfhuil sé chomh coitianta agus a cheapann daoine. Mar chruthúnas air sin, tháinig Aontas na Mac Léinn Meánscoile amach i gcoinne an mholadh a bhí ag an Teachta Kenny; níl sé dubh agus bán. Is cuimhin liomsa nuair a thosnaigh mé amach ar an churaclam Gaoluinne don mheánteastas. Bhí leabhair os mo chomhair nárbh fhéadfainn a léamh. Bhí cuid mhaith de mar a chéile san ard-teist chomh maith. Chuamar tríd an leabhar, agus d'aistríomar é. Ní hé sin an chaoi is éifeachtúla chun teanga a mhúineadh.

Táimid ag plé le cursaí míchearta.

Mr. Mac Cárthaigh

Is dóigh liom go bhfuil. Thiteann an siollabas atá ann faoi láthair idir dhá stól. Ar leibhéal amháin, tá sé ró-éasca don cainteoir laethúil nó an cainteoir dúchais, ach tá sé i bhfad ró-dheacair don té nach mbíonn ag labhairt Gaeilge go laethúil. An moladh atá ag Conradh na Gaeilge is ea go mbeadh dhá scrúdú ann. Bheadh scrúdú amháin bunaithe ar teastas Eorpach na Gaeilge agus bheadh gach duine ag baint rud éigin amach ar deireadh. Fiú amháin muna mbeadh duine ach ag baint A1 amach leis an leibhéal Gaeilge a bheadh aige, bheadh sé sin aige. Spreagadh sé sin daoine mar bheidís ag foghlaim léamh, scríobh, labhairt agus éisteacht a d'fhéadfaidís a úsáid gach lá. Chomh maith le sin bheadh scrúdú eile faoi litríocht na Gaeilge ar fáil do daoine, faoi mar atá maths physics nó applied mathematics ar fáil faoi láthair don té a bhfuil scil ar leith aige san ábhar sin. Caithfimid féachaint ar an ábhar, sa mheánscoil ach go áirithe. Caithfimid a rá gur gnáth-rud é go múinfí teanga mar chéad teanga agus mar dara teanga agus go mbeadh formhór dos na lads thíos i Loch Garman nó Inis Corthaidh ag plé leis an scála Eorpach. Ba chóir go mbeadh béaltriail ann, go mbeadh caint agus tuiscint i gceist, go mbeadh léamh agus scríobh i gceist agus go mbeidís ag tabhairt leo scil cosúil le Fraincis nó Gearmáinis gur féidir leo a fhoghlaim. Ba cheart go mbeadh pointí CEO ag imeacht lena aghaidh sin — oiread áirithe pointí ar A1 agus oiread áirithe pointí ar C2. An té a théann ar choláiste samhraidh, bíonn caighdeán níos airde aige. An té a bheadh go maith agus scil ar leith aige sa nGaeilge, bheadh an dara ábhar ar fáil dó.

Críochnóidh mé le rud a dúirt ógánach liom. Tá mé cinnte go mbeidh suim ag na cuairteoirí sa scéal. Nuair a bhíonn sé ag féachaint ar an nuacht as Béarla, ní bhíonn aon canúint, nó dialect, ag an léitheoir nuachta, ach ní mar sin atá sé nuair a bhíonn sé ag féachaint ar an nuacht as Gaeilge. Tá sé an-deacair do lad ó Loch Garman Ghaeilge Dhún na nGall nó Conamara a thuiscint. Cad ina thaobh nach bhfuilimid in ann sórt "Civil Service Irish" a bheith againn?

Ms Killick

Nuair a chuala mé Ghaeilge Dhún na nGall nuair a thosaigh mé ag foghlaim an teanga, cheap mé go raibh sé cosúil le Sínis — níor thuig mé focal de. Nuair a bhí duine as Cúige Mumhan ann, cheap mé go raibh a chuid Gaeilge go hálainn agus phioc mé é suas de réir a chéile. Bhí cúpla daoine eile — na príomh-dhaoine as a phioc mé suas an teanga — agus as Conamara ab ea iad. Ní raibh an oiread sin deacracht agam leis na canúintí. Is cuid de shaol na teanga trí chéile iad. Sílim gur cumas teanga, nó linguistic empowerment, atá i gceist. B'fhéidir go gcaithfear breathnú ar an guth thuige agus na modhanna múinteoireachta. Tá na canúintí éagsúla ann agus caithfear glacadh leo. Tá siad ina chuid de shaibhreas álainn na teanga. Caithfear breathnú chuige ionas nach mbeidh sé ina bhacadh do na páistí agus go dtabharfar an oiread cleachtadh agus cumais dóibh agus is féidir. Tá mé ag caint faoi na canúintí ar fad, bíodh séó mBaile Átha Cliath nó ó Bhun na hAbhann.

Bíonn deacracht agam le Béarla cockney, ach ní bhíonn daoine leis an canúint sin ag léamh an nuacht as Béarla ar an BBC.

Mr. de Spáinn

Tá sé sin i gceist sa teastas atáimid ag moladh, ní amháin do na gardaí ach mar chuid don chúrsa a bheidh sna meánscoileanna. Tá éisteacht i gceist leis an gcúrsa freisin agus beidh na canúintí i gceist. De réir a chéile, is féidir linn teacht amach as sin——

Tá an smaoineamh ceart agat.

Mr. de Spáinn

——ach caithfear é a dhéanamh sa chúrsa.

Ms Dollard

When this young man is watching television with American accents, he understands them, and he understands Australian accents.

He might not understand the cockney accent or Kerry or Wexford English.

Ms Dollard

How can the Deputy ask Irish to be any different?

Because if one takes English as delivered by newscasters, they do not have dialects, whether a Wexford, Kerry or west Cork dialect. I saw a BBC programme on the origins of English and it had to include subtitles in English for parts of the Irish dialect and parts of the Connacht dialect. This young fellow asked why he had to listen to a dialect from Donegal and why there could not be a common language which someone in Wexford, learning Irish, can understand. I agree with him fully.

They threw a spanner in the works. They had to put English subtitles on EastEnders because even the English could not understand them.

Ms Dollard

Ní thuigeann siad EastEnders.

I hear a lot from the Senators from Donegal but I can hardly understand them in English.

Ms Killick

Is cuimhin liom nuair a bhí mé ag foghlaim na Ghaeilge liom féin san Astráil as leabhar "Teach Yourself Irish", an rud a bhí leagtha amach ansin ná go raibh trí bhealach le go leor rudaí a rá — bealach ó thuaidh Uladh, Connacht agus Mumhan. Bhí orm a roghnú an chaoi ina raibh mé ag iarraidh rud éigin a rá, nó an canúint a bhí mé ag iarraidh a úsáid. Ghlac mé leis go raibh sé ina dhlúthchuid den teanga. Seans go gcaithfear breathnú ar na modhanna múinteoireachta ionas go mbeidh daoine in ann glacadh leis go bhfuil na tréithe seo níos suntasaí sa nGaeilge ná mar atá siad sa mBéarla. Is féidir linn glacadh leis go bhfuil difríochtaí ann. Sa bhaile san Astráil, deireadh go leor daoine agus iad ag éisteacht le Billy Connolly nó duine ar bith ag caint as Albainis nach dtuigfidís iad ar chor ar bith. Bhí mé ag breathnú ar an scannán "The Commitments" le thart faoi cheathrú uaire sular thuig mé go hiomlán é.

Táimid ag caint ar chúrsaí oideachais agus daoine a chumasú, áfach. Caithfear glacadh leis an teanga mar atá sí. Tá na canúintí níos suntasaí, lárnaí agus feiceálaí do Ghaeilge ná mar atá siad don Bhéarla. Mar a bhí mé á rá, fágann an "surround sound effect" go bhfuil níos mó taithí ag daoine ar éisteacht le Béarla as níos mó áiteanna éagsúla. Mar sin, caithfear dul ar ais go dtí an curaclam agus tabhairt le fios go bhfuil rudaí mar seo. Táimid chun daoine a chumasú le chuile chanúint, leis an trí phríomhchanúint agus le lárchanúint Bhaile Átha Cliath, cibé an tuiscint atá acu. Ghlac mise leis sin mar chuid den nádúr agus mé ag foghlaim na teanga liom féin san Astráil.

Ba mhaith liom dul ar ais go dtí an pointe cén fáth gur fuath le daoine an Ghaeilge. Measaim gur cuid den chúis ná nach bhfeiceann siad an spreagadh, an úsáid, nó an mhaith a bheadh leis an nGaeilge a úsáid. Ní bhaineann sé sin go háirithe leis an scoil ach leis an saol lasmuigh den scoil chomh maith céanna. Má táimid le cúrsaí Gaeilge a athrú, caithfimid breathnú ar an saol lasmuigh den scoil chomh maith leis an scoil féin.

Ciallaíonn sé sin tacaíocht a thabhairt do rudaíéagsúla, mar shampla, imeachtaí éagsúla a chur ar bun trí mheán na Gaeilge, cosúil leis an rud ar chabhair mé féin leis le Féilte Dhuibh Linn Teoranta, an lá Gaelach Dé Sathairn seo chugainn i mBarra an Teampaill. Beidh club oíche againn istigh san IFI, agus beidh scóráil scioptha, nó speed dating, againn, as Gaeilge ansin ina dhiaidh sin. Beidh Harry Potter á thaispeáint as Gaeilge. Beidh ceardlanna ar siúl trí Ghaeilge sa damhsa boilg, drumadóireacht Afraiceach, agus yoga.

Caithfidh pé cur chuige a bheas ann a bheith cothrom, mar an rud a luaitear go minic ná gurbh é an fáth gur theip ar an Ghaeilge ná gur fágadh an obair faoi na scoileanna agus an córas oideachais í a thabhairt slán. Ar ndóigh, ní éireoidh leis sin. Bhí na húdaráis ag breathnú ar na páistí, na daoine is laige sa tsochaí ar fad, chun an teanga a athbheochan seachas bheith ag breathnú ar chur chuige ilchuimsitheach agus iomlánaíoch. Tá súil agam, nuair a bheas na baill ag caint le na Teachtaí eile agus ag breathnú ar an gcóras oideachais a athrú go mbreathnófar ar na rudaí eile chomh maith. Ní bhraitheann sé ar an gcóras oideachais ar fad.

Ba mhaith liom dul ar ais freisin go dtí rud a dúirt an Cathaoirleach ó thaobh an Ghaeilge a bheith ina bac ar inimirceoirí agus iad ag dul isteach go dtí an Garda Síochána. Tuigim go maith an seasamh atá ag an gCathaoirleach agus nach bhfeiceann sí gur rud sách fiúntach í an Ghaeilge go mbeadh sé inghlactha mar bhac ar dhuine ag dul isteach sa Gharda Síochána. Mar a dúirt mé, áfach, ó mo thaithí féin, ó leithéidí NewsTalk agus mar sin de, is iad na daoine nach bhfuil sásta nó in ann an teanga a labhairt agus nár léirigh spéis ar bith inti ariamh atá á rá gur sign of the times agus drochrud é. Is cúis aiféala dúinn go bhfuiltear ag fáil réidh leis an Ghaeilge ar mhaithe leis na hinimirceoirí. Tuigim go maith cén seasamh atá ag an gCathaoirleach, ach tá go leor Éireannach eile a bhfuil mothúcháin níos trína chéile acu faoin rud ar fad. Ní raibh Gaeilge sách tábhachtach go ndéanfaidís rud ar bith mar gheall uirthi, ach níor mhaith leo go bhfaighfí réidh léi ar chúis éigin.

Aontaím leis an gCathaoirleach go bhfuil réiteach sásúil faighte ag an Aire, an Teachta McDowell, agus tá súil agam go mbeidh modhanna sonracha ann le Gaeilge a mhúineadh do chuile dhuine a thiocfaidh isteach go dtí An Garda Síochána. Tá súil agam go mbainfidh siad leibhéal sásúil amach.

Tá brón orm as cur isteach ar an fhinné, ach ba mhaith leis an Seanadóir Daly rud éigin a rá.

Uair amhain bhí Gaeilge Chúige Mumhan agam, ach that was then and this is now. I welcome the delegates. I was not aware of iMeasc until today. I have two questions. I agree with the sentiments expressed by iMeasc in its letter to the Minister for Justice, Equality and Law Reform and wonder if he responded to them. My second question is addressed to Conradh na Gaeilge. The Sunday Independent and the Irish Independent circulated a free booklet “Learn to speak French ”. Did Conradh na Gaeilge ever do anything similar for the Irish language?

Ms Killick

To answer the Senator's question, we received an acknowledgment of the receipt of our correspondence from the office of the Minister, Deputy McDowell.

That is a matter iMeasc could perhaps take up with the Department because an opportunity arises to begin some kind of dialogue with, if not the Minister, the Civil Service Commission, which is very much in tune with the Irish language and would have ideas in that regard. I go along with the sentiments expressed by Ms Killick provided it was not made a requirement that people from other countries would have to have some type of qualification here. That would prevent many of them from——

Ms Killick

To what qualification does the Senator refer?

An Irish language qualification.

Ms Killick

Ceapaim go bhfuil an réiteach a bhfuilimid tar éis teacht air feiliúnach, sa chaoi go bhfágann sé spás agus go dtabharfaidh sé deis do na daoine nach bhfuil leibhéal sásúil Gaeilge acu an leibhéal sin a bhaint amach. Nuair a chasamar leis An Garda Síochána thiar i nGaillimh, labhríomar le Karen Grogan, sáirsint i gcoláiste an Teampaill Mhór atá ag plé leis an rud seo. Nuair a bhíomar ag caint le Seosamh Mac Ionrachtaigh, thógamar cóipeanna d'aighneacht a bhí mórán cosúil leis an aighneacht seo chuig thart ar seachtar ionadaí éagsúla den Gharda Síochána. Thógamar rudaí eile do cumann na sáirsintí An Gharda Síochána agus don NCCRI — tá sé istigh san aighneacht sin. Bhí idirghníomhaíocht againn leis an Gharda Síochána i gcoláiste an Teampaill Mhór. Bhí comhrá thart ar uair an chloig go leith againn ann agus bhí sé thar a bheith go maith. Thug Seosamh Mac Ionrachtaigh, fear eile atá ag plé le cúrsaí Ghaeilge thíos ansin, cabhair dúinn dul síos. Beimid ag labhairt leis na céimithe nuair a thagann siad amach as an gcoláiste, b'fhéidir i mí Mheán Fómhair den bhliain seo chugainn. Is é sin an chinéal idirghníomhaíocht a bhí againn leis An Gharda Síochána.

An bhfuil focal deiridh ag Conradh na Gaeilge?

Mr. Mac Cárthaigh

Ní deirfidh mé mórán mar go bhfuilfimid ag teacht go am scoir. Tá fear mo chontae imithe, ach bhí mé chun aontú leis ar shlí. Má tá scrúdú tuiscine ar siúl, tá sé tábhachtach go bhfuil daoine in ann na canúintí éagsúla a thuiscint, idir Ghaeilge Dhún na nGall, Ghaeilge na Mumhan agus mar sin de. Má tá siad chun an teanga a úsáid, caithfidh siad na canúintí a labhairt. Bhí Gaeilge na Rinne agam lá den tsaol, ach tá cónaí anois orm i Ráth Chairn agus tugaim faoi ndeara go maolaím an Ghaeilge — go bhfuil mé ag labhairt rud saghas measctha ar tslí. Is é sin an rud a tharlaíonn le teanga nuair a bhíonn sí in úsáid ag daoine ó áiteanna éagsúla. Ar shlí, tá an fhreagairt ar an áit seo. Dá mhéad Ghaeilge a bhíonn in úsáid i dTeach Laighin agus sna háiteanna a bhfuil cumhacht ag baint leo, is ea is mó seans go mbeidh duine as Dún na nGall, nó duine as Cúige Mumhan, ag iarraidh an Ghaeilge atá acu a dhéanamh níos neodraí. Is é sin mar a thagann canúint neodrach — canúint na nuachta — chun tosaigh go nádúrtha. Tá sé deacair rud a bhrú mar sin. Tiocfaidh sé le chéile go nádúrtha de réir mar a bhíonn níos mó daoine ag labhairt na teangan in áiteanna mar seo i gcomhthéacsanna náisiúnta.

Maidir leis an leabhar, tá mé ag iarraidh an Fhraincis a fhoghlaim faoi láthair le Michelle Thomas. Tá mé ag éisteacht leis na téipeanna an an mbus gach maidin. Is smaoineamh é cinnte ach táimid ag iarraidh go leor imeachtaí a eagrú faoi láthair ar beagán beag airgid. Cé mhéad a fhaighimid in aghaidh na bliana? Is smaoineamh an-mhaith é, dá mbeadh airgead ar leith ar fáil ó Fhoras na Gaeilge nó a leithéad sin. An rud is tábhachtaíó thaobh daoine a spreagadh chun spéis a chur sa nGaeilge is ea go mbeadh an Ghaeilge á úsáid agus le feiscint. Is é sin ceann dos na rudaí is tábhachtaí mar gheall ar an Acht. An uair deiridh go raibh mé sa seomra seo, bhí Céim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar siúl. Is dóigh liom go raibh ionchur an-mhaith ann os na páirtithe ar fad. Tá Acht againn anois atá thar a bheith praiticiúil. Is dóigh liom gur féidir le gach duine úinéireacht a ghlacadh air, ó tharla gur vótáil gach páirtí ar a shon ar deireadh. Is é sin an saghas rud a spreagfaidh daoine chun spéis a chuir sa nGaeilge má chíonn siad an teanga ar chomharthaí agus i ndoiciméid oifigiúla. Má chloiseann siad an teanga ó bhéal i bhfógraí raidió, teilifís agus mar sin de——

Ms Killick

Cabhróidh sé sin sna cheantair éagsúla.

Mr. Mac Cárthaigh

Tá eagla ar daoine go mbeidh an Ghaeilge ina bhac maidir le hinimirceoirí. An taithí atá ann sna scoileanna, agus an taithí atá agam ar mhúinteoirí, is ea go spreagann daoine ó chúlra inimirceach daoine dúchasacha Éireannacha chun dul le Ghaeilge. Ó mo thaithí féin, ní bhíonn na deacrachtaí céanna ag eachtrannaigh le Gaeilge agus atá ag Éireannaigh mar gheall go bhfuil an meon sin "Béarla nó bás" an-láidir agus tá an meon sin ag déanamh an-dochar. Tá muid ar bhun an dréimire san Eoraip maidir le teangacha agus sin mar gheall ar an meon sin gur leor Béarla. Tá sin ag déanamh dochar dúinn gach lá den tseachtain maidir le cúrsaí trádála thar sáile agus le féin-eolas Éireannach nach mbaineann le creideamh, dath craicne nó cúlra eitneach a chur chun cinn sa Stát agus sa tír.

Tá gach páirtí tar éis go leor oibre a dhéanamh le blianta beaga anuas chun na háite a oscailt amach. An t-aon rud a chaithfear oscailt amach anois ná an dearcadh atá againn faoi teangacha. Is féidir sin a dhéanamh ag féachaint ar na samplaí is fearr ar fud an domhain agus ar fud na hEorpa mar an gcéanna le cúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta. Sin an dúshlán. Sa meon aigne a bheidh an cath ar siúl. Cabhróidh inimirce agus ilteangachas leis an gcur chuige sin.

Bhí beirt chainteoir ó dhúchas ag an choláiste oiliúna liom fadó, duine as Tír Chonaill agus duine eile as Ciarraí. Chuaigh an bheirt acu ar scoil sa choláiste ullmhúcháin i mBaile an Mhuirne. An chéad lá bhí siad ina suí in aice lena chéile agus bhí orthu Béarla a úsáid go dtuigfeadh siad a chéile. I nGaeilge na Mumhan, cuirtear béim ar an chéad chuid den fhocal agus i nGaeilge Thír Chonaill, cuirtear ar an dara cuid í. Tá an focal a chloiseann an cluas difriúil sna canúintí. Tiocfaidh meascán mar gheall ar dhaoine nach bhfuil na canúintí acu.

Ms Killick

Bhí an béim ar an fhocal sna céad leathanaigh den leabhar "Teach Yourself Irish" nuair a thosaigh mé ag foghlaim agus mé 17 bliain d'aois. Bhí sin mar cheann de na rudaí bunúsacha a mhúineadh faoin teanga. Cén fáth nach bhfuil sin sa chóras oideachais? Cén fáth nach bhfuil cumas ag Éireannaigh ar a dteanga ó dhúchas féin atá chomh sean leis na cnoic agus chomh hálainn sin? Is rud bunúsach sin. Má tá mé ag éisteacht le duine ó chúige na Mumhan, tá mé réidh leis an bhéim ar an chéad siolla den fhocal. Tá seo sách bunúsach, is féidir é a mhúineadh.

Tá freagraí praiticiúla agus freagraí neamhphraiticiúla. Níl na freagraí agam ach tá deacrachtaí ann agus tá siad ann le fada.

Ms Killick

Ba cheart a rá le daoine nach bhfuil sé chomh casta sin.

Mr. de Spáinn

Tá easpa eolais ag go leor daoine nuair a bhíonn siad ag foghlaim na Gaeilge faoina canúintí éagsúla. Uaireanta, bíonn canúint amháin ag an mhúinteoir atá acu agus iad ag an mheánscoil le cúig bhliain. Tá sinn ag moladh go mbeadh cúrsa ann bunaithe ar an Ghaeilge labhartha níos mó. Thiocfadh sé leis an rud atá i gceist i dteastas Eorpach na Gaeilge atá á chur le chéile ag Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Bheadh éisteacht agus caint i gceist ansin agus bheadh na canúintí san áireamh san obair sin ar fad. Tá sin tábhachtach ionas go mbeidh daoine in ann canúintí éagsúla a thuiscint.

Níl muid ag rá nach bhfuil fadhbanna sa chóras oideachais — tá — ach caithfear sin a athrú. Cabhraíonn sé inniu agus sinn ag caint faoin Ghaeilge i measc na ngardaí go bhfuil muid ag moladh a leithéid de chúrsa. Ní amháin gur ceart sin a mholadh do na gardaí, is ceart sin a mholadh sa chóras oideachais. Ba bhreá linn go mbeadh an cúrsa sin ann go dtuigfeadh na gardaí canúintí fosta.

Tá an t-am istigh. Ba mhaith liom go leanfaimid leis an díospóireacht seo am éigin eile. Tá súil agam go mbeidh comhoibriú níos iomláine idir an choiste seo agus Conradh na Gaeilge agus iMeasc. Cuirfidh an coiste an cás a rinne na grúpaí i láthair an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí agus an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le tacaíocht uainne. Gabhaim buíochas do na finnéithe. Má tá aon rud eile le plé acu, tig leo dhul i dteagmháil leis an choiste.

Mr. Mac Cárthaigh

Bhí cruinniú ag an gconradh leis an bheirt Aire cheana féin.

The joint committee adjourned at 3.35 p.m. until 4.15 p.m. on Wednesday, 29 March 2006.

Top
Share