Skip to main content
Normal View

Joint Committee on Culture, Heritage and the Gaeltacht debate -
Wednesday, 28 Feb 2018

Na hEalaíona agus an Ghaeilge: Plé

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir anseo inniu, agus gabhaim míle buíochas leo as teacht anseo. Inniu, is é na healaíona agus an Ghaeilge an t-ábhar a bheidh á phlé ag an gcoiste. Chun an cheist seo a phlé, cuirim míle fáilte roimh na finnéithe go léir as teacht isteach inniu. Tá a fhios agam go bhfuil aimsir uafásach ann agus gur thaistil go leor daoibhse achar fada chun bheith anseo agus míle buíochas as sin. Ó Foras na Gaeilge tá Pól Ó Gallchóir, cathaoirleach, Seán Ó Coinn, príomhfheidhmeannach, agus Éamon Ó hArgáin; ó Údarás na Gaeltachta tá Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach, Mícheál Ó Fearraigh agus Siubhán Nic Grianna; ón Comhairle Ealaíon tá Liz Meaney; agus ó Fíbín tá Darach Ó Tuairisc.

Sula dtosóimid le bhur bhfianaise ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go mbeidh, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh ámh eirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear do na finnéithe gan tagairt a dhéanamh ina gcuid fianaise d'aon ábhar ach amháin le hábhar a bhaineann leis na himeachtaí seo, agus fiafraítear díobh déanamh de réir an chleachtais parlaiminte nach cóir, más féidir, duine ná eintiteas a cháineadh le líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí é, í nó iad a aithint.

Ba mhaith liom freisin na finnéithe a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Tá na cuir i láthair ar fad atá curtha isteach ag na finnéithe scaipthe i measc na baill. Iarraim ar ionadaí ar son gach eagraíocht cur i láthair a dhéanamh ar feadh deich nóiméad, ag tosú le Foras na Gaeilge.

Mr. Pól Ó Gallchóir

Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh an deis tuairimí a léiriú i leith na healaíona agus an Ghaeilge. Bunaíodh an foras i Mí na Nollag 1999. Tá sé freagrach as labhairt agus scríobh na Gaeilge a chur chun cinn sa saol poiblí agus sa saol príobháideach ar fud an oileáin seo. Tá freagracht ar leith ar Fhoras na Gaeilge freisin tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge. Tá ról ag Foras na Gaeilge i dtaca le comhairle a chur ar lucht Rialtais, Thuaidh agus Theas, agus ar chomhlachtaí poiblí agus ghrúpaí eile sna hearnálacha príobháideacha agus deonacha i ngach réimse a bhaineann leis an nGaeilge.

De réir Chuid 5 den reachtaíocht faoinar bunaíodh Foras na Gaeilge, an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999, tá na feidhmeanna seo a leanas ag an fhoras: an Ghaeilge a chur chun cinn; úsáid na Gaeilge a éascú; comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile; tionscadail tacaíochta a reáchtáil; dul i mbun taighde, feachtais tionscnaimh agus caidreamh poiblí leis na meáin; téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt; agus tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge. Tá 16 ball ar bhord Fhoras na Gaeilge. Is é an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a cheapann na comhaltaí boird. Aistríodh foireann Bhord na Gaeilge, an Gúm agus an coiste téarmaíochta a ngníomhaíochtaí go dtí Foras na Gaeilge, agus ó shin i leith, aistríodh cúram Bhord na Leabhar Gaeilge agus cúram Cholmcille in Éirinn Thuaidh agus Theas chuig Foras na Gaeilge sa bhliain 2008.

Tá Foras na Gaeilge freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas, nó CATT, agus tuairiscímid don Roinn ó Thuaidh agus an Roinn ó Dheas. Faoi láthair, tá oifigí ag Foras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, i gContae na Mí, i mBéal Feirste agus i nGaoth Dobhair. Maidir leis an Ghaeilge agus na healaíona, cuirimid riachtanais na Gaeilge ó Thuaidh agus ó Dheas san áireamh de réir na gcúraimí atá leagtha ar Fhoras na Gaeilge faoin reachtaíocht bunaithe. Tá réimse leathan scéimeanna maoinithe ag Foras na Gaeilge chun tosaíocht a chur ar fáil don phobal an Ghaeilge a shealbhú agus a úsáid. Bíonn na scéimeanna sin, a thacaíonn le féilte, complachtaí drámaíochta, foilsitheoirí agus scríbhneoirí, ar fáil don phobal sa dá dhlínse. Is mór an onóir é dúinn cur i láthair a dhéanamh don choiste seo. Iarraim anois ar phríomhfheidhmeannach an fhorais, Seán Ó Coinn, tuilleadh cur síos a dhéanamh.

Mr. Seán Ó Coinn

Aithníonn an pobal i gcoitinne an tábhacht a bhaineann leis na healaíona i sochaí i bpobal ar bith nó i dtír ar bith, agus go háirithe i gcás na hÉireann. Bíonn an litríocht, an ceol, na físealaíona, an drámaíocht, an damhsa, an amhránaíocht agus na scannáin mar chuid de shaol an uile dhuine againn. Cothaíonn siad an intinn, an croí agus an t-anam ó dhubh go dubh ar ár gcuid fóin cliste, ar an raidió, ar an scáileán teilifíse, sna pictiúrlanna, sna hamharclanna, sna tithe tábhairne agus inár n-ionaid choirme. Táimid á n-aithint níos mó agus níos mó mar dhlúthchuid de gheilleagar na tíre. Tá tábhacht ag baint leis na healaíona dár meabhairshláinte agus dár sláinte coirp. Tá siad in úsáid inár gcuid scoileanna le cuidiú le páistí a bhfuil deacrachtaí iompair acu.

Bheadh ár saol, ár sláinte, ár n-oideachas agus ár ngeilleagar níos measa as go mór gan na healaíona. Tá an tábhacht chéanna sin uilig ag na healaíona trí Ghaeilge do shochaí na Gaeilge, do na pobail éagsúla ina bhfuil an Ghaeilge á húsáid nó á forbairt agus do mhórphobal na hÉireann. Gan na healaíona trí Ghaeilge, beidh saol, sláinte, oideachas agus geilleagar na gceantar ina mbíonn an Ghaeilge á húsáid mar theanga phobail níos measa as. Gan gníomhaíocht bhríomhar sna healaíona sna pobail Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, beidh sé níos deacra ag na pobail sin maireachtáil mar phobail. Gan na healaíona trí Ghaeilge a bheith á gcur chun cinn go bríomhar, ní thiocfaidh pobail nua Ghaeilge chun cinn, agus cuirfidh sin go mór le meath na bpobal Gaeilge atá againn ar fud na tíre. Gan na healaíona trí Ghaeilge, beidh ról na Gaeilge mar chuid de shainiúlacht mhórphobal na tíre seo ag dul i laghad de réir a chéile.

Agus muid ag plé ceist na Gaeilge agus na n-ealaíon, tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir thrí rud éagsúla: na healaíona dúchasacha ar nós ceol, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta; na healaíona scríofa agus labhartha trí Ghaeilge, ar nós drámaíocht, litríocht, filíocht agus ábhar scríofa agus labhartha trí Ghaeilge, go háirithe i gcomhthéacs úsáid na Gaeilge; agus na healaíona ginearálta de gach cineál, ar nós ceol, damhsa, litríocht agus na físealaíona de gach cineál i bpobail ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail. Nuair atáimid ag caint faoina leithéid de phobail, táimid ag caint ní hamháin faoi phobail Ghaeltachta ach freisin faoi na pobail atá ag teacht chun cinn mar phobail labhartha Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, ar nós Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath agus Baile Locha Riach i gContae na Gaillimhe.

Dar le Foras na Gaeilge, imríonn na healaíona ról riachtanach sa tsochaí trí chuidiú le pobal ar bith é féin a chur in iúl agus a bhféiniúlacht a léiriú agus a shainiú. Tá sé ríthábhachtach go gcuirtear ar a gcumas do na pobail Ghaeilge ar fud na tíre, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, a bhféiniúlacht a chur in iúl i dtéarmaí na n-ealaíon i gcoitinne, ní hamháin i dtéarmaí na n-ealaíon dúchasacha, tábhachtach agus araile mar atá na healaíona dúchasacha i gcomhthéacs na bpobal Gaeilge ach freisin thar réimse iomlán na n-ealaíon. Is féidir a rá go gcaithfear réimse iomlán na n-ealaíon trí Ghaeilge a bheith ar fáil ag pobail na Gaeilge ina bpobail féin. Caithfear ealaíona trí Ghaeilge a fhorbairt sna pobail nua Ghaeilge atá ag teacht chun cinn sa tír. Is dlúthchuid iad na healaíona den phróiseas pleanála teanga sna ceantair sin. Bíonn an dá bhéim seo ag Foras na Gaeilge agus muid ag tacú leis na healaíona: forbairt na n-ealaíon go ginearálta sna ceantair ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail, mar dheis ag pobal na Gaeilge sna ceantair sin sóisialú trí mheán na Gaeilge agus le deis a thabhairt dóibh gréasáin shóisialta a fhorbairt trí na ealaíona; agus forbairt na n-ealaíon mar chuid de shaol na bpobal sin le go mbeidh deis ag daoine a gcuid buanna sna healaíona a fhorbairt agus a chleachtadh, agus sin a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Tá an-tábhacht leis an tríú gné den Ghaeilge agus na healaíona in Éirinn, mar atá na healaíona trí Ghaeilge a chur i láthair mhórphobal na hÉireann. Go minic is leis na healaíona dúchasacha agus leis an Ghaeilge a chuirtear sainfhéiniúlacht na hÉireann in iúl, mar shampla, trí fhilíocht na bhfilí Gaeilge ar nós Nuala Ní Dhomhnaill agus Cathal Ó Searcaigh, tríd an ról a bhíonn ag an Ghaeilge le linn Fleadh Cheoil na hÉireann, trí cheoltóirí ar nós Seosamh Ó hÉanaigh agus Sibéal Ní Chasaide, agus trí dhamhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós. Nuair a dhéantar iarracht a chur in iúl don domhan céard atá sainiúil faoi Éirinn - céard a thugann ár sainiúlacht dúinn i measc thíortha an domhain - is minic a tharraingítear ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeilge sna healaíona. Mar thír, is mithid dúinn a aithint go bhfuil tábhacht ar leith leis an Ghaeilge agus muid ag cur shainiúlacht na hÉireann in iúl trí na ealaíona i gcoitinne.

Go príomha, is trí mhaoiniú a chur ar fáil do dheontaithe agus trí chomhairle a chur ar fáil don dá chomhairle ealaíon ó Thuaidh agus ó Dheas a chuireann Foras na Gaeilge na healaíona Gaeilge agus cultúr agus saíocht na Gaeilge chun cinn sa tír seo. Cuimsíonn obair Fhoras na Gaeilge i réimse na n-ealaíon scéimeanna deontais le haghaidh féilte agus imeachtaí eile dírithe ar na healaíona trí Ghaeilge, ar nós scéim na bhféilte, scéim na gcomplachtaí drámaíochta, scéim na dtionscadal litríochta agus roinnt scéimeanna eile a dhírítear ar fhoilsiú leabhar agus ar scríbhneoireacht na Gaeilge.

Tá scéim na gcomplachtaí drámaíochta dírithe ar ghrúpaí drámaíochta amaitéaracha agus proifisiúnta, grúpaí nua-bhunaithe san áireamh, atá ag iarraidh drámaí Gaeilge nó drámaí dátheangacha a léiriú. Lena chois sin, díríonn an scéim ar fhorbairt pobail freastail agus féachana le haghaidh imeachtaí drámaíochta trí Ghaeilge. Tá sé tábhachtach a aithint, ach oiread le drámaíocht sa Bhéarla, gur gá pobail féachana don drámaíocht a chothú agus a fhorbairt.

Díríonn scéim na bhféilte ar fhéilte a bhfuil mar aidhm acu na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach mar chuid den fhéile. Arís eile tríd an scéim bímid ag iarraidh ardán a chur ar fáil do na healaíona Gaeilge do phobal na Gaeilge, don mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon. Bíonn tábhacht leis na féilte seo ní hamháin do chainteoirí Gaeilge sa phobal, ach bíonn tábhacht leo fosta do dhaoine a bhíonn ag dul do na healaíona trí Ghaeilge le hardán a chur ar fáil dóibh lena n-ealaíon a chur i láthair an phobail.

Cuireann Foras na Gaeilge cúnamh eile ar fáil do ghnéithe eile de na healaíona trí scéimeanna chlár na leabhar Gaeilge a thugann tacaíocht d’fhoilsitheoirí, do scríbhneoirí agus do ghrúpaí atá ag iarraidh scríbhneoireacht na Gaeilge a chur i láthair an phobail. Cuir i gcás Imram, an fhéile mhór dírithe ar litríocht na Gaeilge anseo i mBaile Átha Cliath, agus imeachtaí eile litríochta.

Is mithid cúpla focal a rá sa chomhthéacs seo faoi na ciorruithe ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge. In 2016 agus 2017 fuair Foras na Gaeilge €16.4 mhilliún mar bhuiséad leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, Thuaidh agus Theas, le riar ar riachtanais uile na teanga. Le dearcadh siar ar an stair go gasta, cúpla bliain i ndiaidh bhunú Fhoras na Gaeilge in 1999 bhí buiséad Fhoras na Gaeilge inchurtha, ar bhealach, le buiséad na Comhairle Ealaíon, fíric a thug aitheantas do mhéid agus d’ilchineálacht na hoibre a bhí faoi chúram Fhoras na Gaeilge, mar fhoras nua tras-Teorann. Ag an am sin in 2002 bhí buiséad de €19.7 milliún ag Foras na Gaeilge, i gcomparáid le €34 mhilliún ag an Chomhairle Ealaíon. Bhí cóimheas 1:2 idir an dá eagraíocht. Sa lá atá inniu ann, faigheann Foras na Gaeilge isteach agus amach €17 milliún sa bhliain le riar ar riachtanais iomlána na tíre i ngach réimse den teanga. Sin titim de €2.7 milliún ó na blianta tosaigh sin, ag dul siar go dtí 2002, i gcomparáid le €60 milliún, isteach agus amach, atá ag an Chomhairle Ealaíon in 2016 agus é sin méadú de €26 mhilliún ó na blianta tosaigh sin i dtús an chéid. Dá réir seo, bíonn ar Fhoras na Gaeilge cuid mhór den fhreagracht a bhaineann leis na healaíona trí Ghaeilge a fhágáil ag an Chomhairle Ealaíon. Faraor géar, ní féidir le Foras na Gaeilge ach tacaíocht bheag a chur ar fáil sa réimse seo. Cé go dtaitníonn sé go mór linn go bhfuil an Rialtas ag tabhairt an leibhéil sin aitheantais do na healaíona sa Stát agus go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an bhuiséad atá againn in Éirinn do na healaíona i gcoitinne, is trua mhór ghéar é nach bhfuil an rud céanna i ndiaidh tarlú maidir le buiséad Fhoras na Gaeilge.

Sa bhliain 2012 bhí buiséad de bheagnach €1 milliún ag Foras na Gaeilge don dá mhórscéim a luaigh mé. Sin scéim na gcomplachtaí drámaíochta agus scéim na bhféilte. De bharr ciorraithe leanúnacha ar an bhuiséad bliain i ndiaidh bliana go dtí an bhliain 2017, bhí an buiséad sin gearrtha ina leath. Tá go díreach os cionn €500,000 ar fáil anois againn. Sin gearradh de 44%. Sna blianta céanna sin ó 2008 ar aghaidh, thit buiséad iomlán Fhoras na Gaeilge ó €21 milliún go €17 milliún.

Agus sin ráite, éiríonn linn tacaíocht shuntasach a chur ar fáil do na healaíona Gaeilge. In 2017 chuir muid deontais de luach €209,000 ar fáil do 18 de chomplachtaí drámaíochta agus deontais de luach os cionn €100,000 do 44 fhéile. Ní mór an méid é i gcomhthéacs riachtanais iomlána phobail na Gaeilge ach is cúnamh éigin é. Lena chois sin, in 2017 chuir Foras na Gaeilge deontais de luach €42,000 ar fáil do Imram, féile litríochta Gaeilge anseo i mBaile Átha Cliath, agus suimeanna éagsúla maoinithe trí urraíocht do Fhleadh Cheoil na hÉireann agus roinnt féilte eile - cuir i gcás an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta agus an Fhéile Phan-Cheilteach - le go mbeadh an Ghaeilge infheicthe ag mórphobal na tíre. Déanann Foras na Gaeilge urraíocht fosta ar Ghaelspraoi mar chuid de fhéile St. Patrick’s Festival leis na cuspóirí céanna sin a bhaint amach agus go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ag mórphobal na tíre. Tá infheistíocht déanta againn i gcomhar le Comhar, iris Ghaeilge, i dtreo aird agus aitheantas a tharraingt ar scríbhneoirí na Gaeilge trí thaispeántas grianghraf a chruthú de scríbhneoirí na Gaeilge. Beidh an taispeántas is déanaí á sheoladh ag Foras na Gaeilge i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. Bhí sé le tarlú amárach ach, de thoradh na haimsire, tá sé curtha siar.

Is é an infheistíocht is mó a dhéanann Foras na Gaeilge sna healaíona ná an deontas bliantúil a chuirfimid ar fáil d’Oireachtas na Gaeilge. In 2017 chuir muid deontais bliantúil de €85,000 ar fáil d’fhéile ealaíon seo na Gaeilge. In 2017 chuir Foras na Gaeilge deontas de €25,000 ar fáil do na gradaim liteartha a bhíonn á reáchtáil ag Oireachtas na Gaeilge. Ar ndóigh, cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil dár gcomhghleacaithe in Fíbín, atá anseo le labhairt inniu linn, fosta le tacú leis an chlár iontach imeachtaí a bhíonn ar siúl acu go háirithe leis an aos óg. In 2017 chuir muid €26,000 ar fáil do Fíbín.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin Straitéis 20 Bliain don Gaeilge sa chomhthéacs seo. Aithníonn straitéis an Rialtais don Ghaeilge, an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, an tábhacht a bhaineann leis na healaíona d’fhorbairt leanúnach na teanga. Tá trí bhunchloch pleanála teanga luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar atá na limistéir phleanála teanga, bailte seirbhíse Gaeltachta agus líonraí Gaeilge, nó Gaeltachtaí gréasáin mar a thugtar orthu sa straitéis. Tá sraith eile pleanála teanga ag Foras na Gaeilge mar atá an scéim pobail Ghaeilge. Le scéim pobail Ghaeilge Fhoras na Gaeilge cuirtear maoiniú ar fáil le hoifigeach forbartha Gaeilge a fhostú i 22 phobal ar fud na tíre.

Caithim stop a chur leis an Uasal Ó Coinn. Gabhaim míle buíochas leis as an méid den aitheasc atá ráite aige agus tógaimid an méid atá fágtha san áireamh nuair atáimid mar choiste ag déanamh níos mó staidéir air. De bharr na haimsire, tá teachtaireacht faighte agam go mbeidh Teach Laighean ag dúnadh ar 5 p.m. agus ba mhaith liom deis a thabhairt do na daoine eile.

Má tá an áit ag dúnadh ar 5 p.m., agus níl sé ar oscailt amárach, teastaíonn uaimse dul siar mar níl aon deis oibriú agam anseo. Níl a fhios agam an mbaineann an rud céanna le muintir an údaráis agus an mbeidh siad ag iarraidh dul siar sula dtiteann an oíche. Molaim go gcuirfear an cruinniú ar ceal mar níl leath den choiste anseo. Níl mise chun fanacht agus, ach oiread liom féin, déarfainn go bhfuil seans ann go mbeadh fonn abhaile ar an dream a tháinig aniar le titim na hoíche.

An bhfuil smaointe eile ann faoi sin? De bharr go bhfuil daoine tar éis taisteal anseo, an féidir linn deis a thabhairt do na heagraíochtaí cur i láthair ar feadh deich nóiméad a dhéanamh? Ansin, má tá an Teachta chun imeacht-----

Tá mise ag cónaí ar bharr cnoic agus nílim ag dul sa seans air.

Thóg siad lá as a-----

Tá a fhios agam é sin, ach má fhanfaimid ró-fhada, ní bheidh aon duine in ann dul abhaile anocht agus bheadh dhá lá i gceist.

Táimse den tuairim go dtabharfaimid-----

Sílim gur ceart an cheist a chur ar na finnéithe ar mhaith leo deis a bheith acu dul abhaile, teacht ar ais lá eile agus an jab a dhéanamh i gceart nuair a bheidh an coiste iomlán anseo.

Táimse den tuairim go dtabharfaimid deich nóiméad do gach eagraíocht chun a cur i láthair a dhéanamh agus ansin go gcuirfimid stop leis an bpróiseas. Just de bharr gur tháinig daoine amach.

Ach níl an coiste anseo. Níl éinne anseo. Níl éinne fanta i dTeach Laighean. Tá chuile duine bailithe abhaile. Ba mhaith leis an gcoiste iomlán a bhfuil le rá ag na finnéithe a chloisteáil.

An fhadhb atá agamsa ná dá mbeadh mise ag fágáil Gaillimh chun freastal ar chruinniú chun eolas a thabhairt don Oireachtas agus dá mbeadh leath an lae caite agam ag taisteal suas go dtí Baile Átha Cliath, b'fhearr liom go mbeadh focal amháin agam sular imeoinn abhaile.

Ach an rud is-----

Beidh sé curtha ar an taifead agus is é sin an rud is tábhachtaí i mo thuairim. Nílimid ag iarraidh crua a chur ar na finnéithe agus an cheist a chur orthu mar b'fhéidir nach bhfuil siad ag iarraidh teacht isteach ar an rud seo. Ceapaim féin mar Chathaoirleach gur ceart dúinn deich nóiméad a thabhairt do gach eagraíocht chun a cuid a rá.

Táimse in aghaidh an cur chuige sin because beidh a gcuid ráite ansin agus ní bheidh an coiste anseo. Táimid ag caint leis an mballa anseo. Cé atá ann? Triúr.

Táimid anois dhá nóiméad isteach sa deich nóiméad sin a bheadh ag Údarás na Gaeltachta.

Bhuel tá mise ag imeacht ar aon chaoi.

Ar mhaith leis na finnéithe ó Údarás na Gaeltachta a gcur i láthair a dhéanamh?

Beidh mise ag moladh go dtabharfar na finnéithe ar fad ar ais agus go mbeadh deis acu labhairt os comhair an choiste iomlán.

Ceart go leor. B'fhéidir go ndéanfaidh mé é sin.

Mr. Micheál Ó hÉanaigh

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Is é ról Údarás na Gaeltachta ná forbairt eacnamúil, shóisialta agus chultúrtha na gceantar Gaeltachta a chur chun cinn ionas go mbeidh an Ghaeilge caomhnaithe agus láidrithe mar theanga bheo sna Gaeltachtaí. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na healaíona i chuile gné de sin - sna gnéithe eacnamúla, san fhorbairt phobail agus san fhorbairt chultúrtha. Tá tábhacht ar leith ag baint leis ó thaobh cothú teanga agus cultúir de. Tá dúchas, oidhreacht agus cultúr ar leith ag an nGaeltacht a chuirimid os comhair an domhain trí mheán na healaíne. Mar sin, tá na healaíona fíorthábhachtach dúinn agus muid ag breathnú chun cinn ar ár straitéis nua don tréimhse ó 2018 go 2020. Beidh sé lárnach sa straitéis sin agus beimid ag lorg na hacmhainní le go mbeimid in ann na healaíona a chur chun cinn ag an gcaighdeán ceart agus gur mhaith linn.

Ceann de na príomhghníomhaíochtaí atá againn, ag obair i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon agus muid ag iarraidh na healaíona a chur chun cinn sna cheantair Gaeltachta, ná Ealaín na Gaeltachta Teoranta. Is comhpháirtíocht é seo a bhunaigh muid idir muid féin agus an Chomhairle Ealaíon. Is í an aidhm atá leis ná na healaíona dúchasacha agus comhaimseartha sa Ghaeltacht a fhorbairt agus a chur chun cinn chun líon na ndeiseanna forbartha agus fostaíochta a mhéadú. Is fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta í Ealaín na Gaeltachta. Tá mo chomhghleacaí anseo, Siubhán Nic Grianna, ár mbainisteoir pleanála teanga, mar chathaoirleach air. Is é Micheál Ó Fearraigh, atá anseo liom, mar bhainisteoir air.

Bunaíodh Ealaín na Gaeltachta chun tacaíocht a chur ar fáil do na healaíona sa Ghaeltacht trí chomhpháirtíochtaí a chur chun cinn agus a bhunú le tacú le healaíontóirí le cur lena gcumas cruthaitheach agus deis a thabhairt dóibh fostaíocht agus slí bheatha a chruthú dóibh féin agus do dhaoine eile; le tacú leo spás oibre, spás taispeántais agus áiseanna a aimsiú dá gcuid oibre; le tacú le forbairt chumas agus oiliúint na healaíon trí na ceantair Gaeltachta; agus le forbairt a dhéanamh ar phróifíl agus ar chultúr na healaíon sa Ghaeltacht agus go náisiúnta. Iarraim ar Siubhán Nic Grianna é a thógáil uaidh sin.

Ms Siubhán Nic Grianna

Gabhaim buíochas leis an bpríomhfheidhmeannach. Ba mhaith liom blaiseadh beag a thabhairt don choiste ar chlár oibre Ealaín na Gaeltachta. Tá triúr áisitheoir ealaíon fostaithe againn. Tá duine acu lonnaithe i dTír Chonaill, duine eile acu i nGaillimh agus an duine eile sa Daingean. Tugann siad cúram do na réigiúin Gaeltachta go léir. Leis na spriocanna a bhaint amach, cuireann Ealaín na Gaeltachta cláir thacaíochta agus scéimeanna ar fáil. Bhí buiséad díreach os cionn €680,000 ag Ealaín na Gaeltachta anuraidh. Mar a rinneadh tagairt dó níos luaithe, faightear comh-mhaoiniú ón gComhairle Ealaíon. Tagann 50% ón gcomhairle agus 50% ó Údarás na Gaeltachta. Tá ceithre phríomhchlár á fheidhmiú ag an chuideachta. Tá scéim na bpríomhréimsí forbartha ann. Is scéim thar a bheith tábhachtach é a chuireann tacaíocht ar fáil do thograí straitéiseach atá dírithe ar ghnéithe a chuireann le hinfreastruchtúr na n-ealaíon ar bhunús fadtéarmach. Déantar maoiniú ar thograí ar nós Fíbín Teoranta, faoina mbeidh Darach Ó Tuairisc ag caint ar ball, Áras Éanna ar Inis Oírr, an t-ionad cultúrtha i mBaile Bhuirne, An Gailearaí i nGaoth Dobhair, Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead, agus Aisling Gheal i mBaile Bhuirne.

Tá scéim na bhféilte ann freisin faoina dtugtar tacaíocht do choistí agus eagrais ar mian leo féilte ealaíon a fhorbairt. Tá scéim sparánachta d’ealaíontóirí ann, scéim a thacaíonn le healaíontóirí aonair iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú a chuirfeadh ar a gcumas forbairt a dhéanamh ar a gceird. Cuireadh tacaíocht ar fáil do 22 ealaíontóir in 2017 as buiséad measartha beag de €51,000 faoin scéim sin. Tá scéim síol ann freisin atá dírithe ar thacaíocht a sholáthar d’ealaíontóirí aonair nó grúpaí ar suim leo miontionscadal nó togra tosaíochta ealaíon a fhorbairt. Tá an scéim síol sin thar a bheith tábhachtach le tacaíocht a chur ar fáil.

Anuas ar na gnáthscéimeanna tacaíochta a sholáthraíonn Ealaín na Gaeltachta, déantar tograí straitéiseacha ealaíona faoi leith a fhorbairt agus a fheidhmiú i gcomhpháirtíocht le heagrais agus le gníomhaireachtaí réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta ag brath ar scéimeanna maoinithe atá ar fáil. Tá siad sin thar a bheith tábhachtach. Díríonn Ealaín na Gaeltachta ar mhaoiniú a mhealladh ó eagraíochtaí ar nós Éire Ildánach. Bímid ag plé le heagrais ealaíne eile i dtíortha na hEorpa ina bhfuil mionteangacha. Táimid ag obair leis an gComhairle Ealaíon agus le Comhairle Contae na Gaillimhe ar thogra drámaíochta Cúinne an Ghiorria. Is togra chomhpháirtíochta é sin. Táimid ag obair le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe freisin. Bímid ag obair le hAmharclann na Mainistreach agus d'éirigh linn í a mhealladh chun cúrsaí drámaíochta a chur chun cinn i scoileanna ar fud na Gaeltachta.

Níl ansin ach blaiseadh beag amháin. Tá Ealaín na Gaeltachta ar an fhód anois le 20 bliain agus tá tionchar a hobair le feiceáil ar réimse iomlán na n-ealaíon sa Ghaeltacht. Tá sé thar a bheith tábhachtach a lua, mar a luaigh mé níos luaithe, na tograí agus na hionaid ealaíne atá lonnaithe ar fud na Gaeltachta. Tá siad thar a bheith tábhachtach le healaíontóirí nua a chothú agus a chumasú. Luaigh mé roinnt mhaith acu sin níos luaithe. Tá seacht bpríomhthogra straitéiseach againn. Bíonn dúshláin faoi leith ag na heagraíochtaí sin ó bhliain go bliain teacht ar bhuiséad reatha le gur féidir leo feidhmiú. Cé gur tháinig ísliú ar bhuiséad Ealaín na Gaeltachta le linn na géarchéime eacnamaíochta, d'éirigh léi an bonneagar láidir seo ó 1997 ar aghaidh leis na tograí straitéiseacha seo.

Tá an tionchar sin le feiceáil ar an talamh. Bunaíodh 11 de na 17 n-eagras proifisiúnta atá ag plé leis na healaíona go lánaimseartha sa Ghaeltacht le linn thréimhse reatha Ealaín na Gaeltachta Teoranta. Tháinig méadú suntasach ar líon na n-ealaíontóirí agus na n-eagras ealaíon atá in ann cláir agus imeachtaí ealaíon a chur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge trí thacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta agus ó Údarás na Gaeltachta. Tá forbairt déanta ar an bhonneagar agus ar na háiseanna ealaíon atá ar fud na Gaeltachta, agus tá ceangal agus comhpháirtíocht cothaithe idir eagrais ealaíon Ghaeltachta agus eagrais náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is léiriú eile é go bhfuil os cionn 200 duine fostaithe i réimse na n-ealaíon sa Ghaeltacht le tacaíocht ón údarás. Ní thugtar san áireamh san fhigiúr sin ealaíontóirí atá ag feidhmiú ar an talamh nach bhfuair aon tacaíocht ón údarás.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do na healaíona agus don tábhacht atá leo ó thaobh na Gaeilge de. Is dlúthchuid den teanga iad na healaíona agus is mór an tionchar atá acu ar chothabháil na Gaeilge. Aithníonn polasaí an Rialtais, An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030, na healaíona Gaeilge mar ghné lárnach a chuirfidh le seachadadh agus sealbhú teanga chuig an chéad ghlúin eile. Tá ról thar a bheith tábhachtach ag na healaíona aithrise agus dúchasacha ach go háirithe i seachadadh teanga. Díríonn na healaíona sin ar an amhránaíocht, an drámaíocht, an scéalaíocht, an litríocht, agallamh beirte agus mar sin de. Tá tionchar ag cleachtas na n-ealaíon sin ar chumas, ar chleachtas agus ar úsáid teanga. Tá sé tábhachtach pobail a mhealladh chuig na healaíona aithrise ionas go dtabharfaí deis dóibh máistreacht a fháil ar an teanga. Anuas air seo tá deis ann trí ealaíontóirí eile, ar nós fís-ealaíontóirí agus rinceoirí, atá ag gníomhú trí mheán na Gaeilge tacú le seachadadh teanga. Tá samplaí ar fud na Gaeltachta de thréimhsí cónaitheacha le rinceoirí traidisiúnta agus comhaimseartha, ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, ag tabhairt deis do dhaoine óga an Ghaeilge a chleachtadh i suíomh lasmuigh den tseomra ranga fhoirmeálta.

Cuireann na healaíona cultúr beo na Gaeltachta in iúl, rud a chuireann le forbairt na teanga. Is droichead go saol na Gaeilge iad na healaíona agus is doras isteach don teanga don ghnáthduine iad. Is fianaise den mhéid atá ráite iad gur tearmainn teanga atá cruthaithe sna hionaid teanga ar fud na Gaeltachta, agus chomh maith leis sin tá compántais drámaíochta ar nós Fíbín agus AnnÓg ag athrú dearcadh na ndaoine óga i leith na Gaeilge. Bíonn ar phobal na Gaeilge cosaint a dhéanamh ar an teanga i gcónaí, ach is féidir leis na healaíona an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach samhlaíoch agus neamhbhagartha. Go minic bíonn na healaíona i dtiúin leis an tsaoil comhaimseartha agus cothaíonn siad íomhá nuálach agus nua-aimseartha.

Tá plean straitéiseach d'fhorbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht 2018-2020 á dhréachtú faoi láthair. Díríonn an straitéis ar an mbonneagar atá ann faoi láthair a láidriú lena chinntiú go mbeidh an bonneagar seo mar chnámh droma d'fhorbairt straitéiseach na hearnála go fadtéarma, agus táthar ag súil go leanfar leis an mhúnla comhpháirtíochta a bheith ag feidhmiú ó bunaíodh an comhlacht.

Is féidir tacú leis na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta trí fhéidearthachtaí ar nós breis tograí comhpháirtíochta agus deiseanna comhoibrithe a chruthú do na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta agus iad a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá gá le hardán lárnach bolscaireachta agus poiblíochta a chruthú le próifíl na n-ealaíon Gaeilge agus Gaeltachta a ardú. Ba chóir a chinntiú go bhfuil soláthar maoinithe reatha ar fáil do thograí straitéiseacha ealaíon ar fud na Gaeltachta chun gur féidir leo feidhmiú ar bhunús inmharthana sa todhchaí agus gur féidir leo tacú le forbairt cumais agus oiliúna sna healaíona le díriú ar an óige go háirithe.

Má sholáthraítear breis tacaíocht do na réimsí a dhíríonn ar na healaíona béil agus liteartha ar nós na hamhránaíochta, an drámaíocht, an scéalaíocht agus an litríocht, cuirfidh sé go mór le húsáid na Gaeilge agus le cleachtais teanga.

Míle buíochas. Tá údarás na tithe ag iarraidh go dtiocfaimid chun deiridh go luath. Tá na finnéithe ón gComhairle Ealaíon ag obair i mBaile Átha Cliath agus is féidir leo teacht isteach lá éigin eile. Tá Fíbín i gConamara, so más mian libh, is féidir libh dul ar aghaidh.

Mr. Darach Ó Tuairisc

B'fhearr liom teacht ar ais freisin, a Chathaoirligh.

Tabhairfimid cuireadh daoibhse teacht ar ais. Míle buíochas as ucht teacht.

The joint committee adjourned at 2.23 p.m. sine die.
Top
Share