An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta: Cathaoirleach Ainmnithe

Is é an cuspóir den chuid seo den chruinniú ná plé a dhéanamh leis an Uasal Dónal Ó hAiniféin sula ndéanfar é a cheapadh ina chathaoirleach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Tugtar deis don choiste labhairt leis an Uasal Ó hAiniféin faoin bhfís atá aige faoi na tosaíochtaí meántéarmacha agus fadtéarmacha atá aige agus faoi na dúshláin atá le sárú ag an bhforas.

Thar cheann an coiste, cuirim fáilte roimh an Uasal Dónal Ó hAiniféin, cathaoirleach ainmnithe. Is mar a leanas a leagtar amach an chuid seo den chruinniú. Iarrfaidh mé ar an Uasal Ó hAiniféin ráiteas oscailte gairid a dhéanamh ar feadh trí nóiméid agus déanfar plé le baill an coiste ansin. On behalf of the committee I welcome Mr. Dónal Ó hAiniféin, chairman designate of An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. I will invite Mr. Ó hAiniféin to make a brief opening statement of a maximum of three minutes, which will be followed by engagement with members of the committee.

Before we begin, I wish to bring to Mr. Ó hAiniféin's attention that by virtue of section 17(2)(l) of the Defamation Act 2009, witnesses are protected by absolute privilege in respect of their evidence to the committee. However, if they are directed by the committee to cease giving evidence on a particular matter and they continue to so do, they are entitled thereafter only to a qualified privilege in respect of their evidence. They are directed that only evidence connected with the subject matter of these proceedings is to be given and they are asked to respect the parliamentary practice to the effect that, where possible, they should not criticise or make charges against any person, persons or entity by name or in such a way as to make him, her or it identifiable. I also wish to advise Mr. Ó hAiniféin that any opening statement he makes to the committee will be published on the committee website after this meeting. Members are reminded of the long-standing parliamentary practice to the effect that they should not comment on, criticise or make charges against a person outside the Houses or an official either by name or in such a way as to make him or her identifiable.

I ask Mr. Ó hAiniféin to make his opening statement.

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Go raibh míle maith agat don fháilte sin. Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Oideachais agus Scileanna, an Teachta McHugh, as mé a ainmniú arís mar chathaoirleach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, agus is mian liom buíochas a ghabháil leis an gcoiste as ucht a bheith anseo inniu le cinneadh a dhéanamh faoi fhaomhadh mo cheapacháin. Tá ceithre bliana caite agam mar chathaoirleach agus tá súil agam go n-aontóidh na baill liom go bhfuil a lán bainte amach ag COGG le linn na tréimhse sin.

Tá a lán athruithe tarlaithe sa tír agus i gcúrsaí polaitíochta ó cheap an Teachta Jan O'Sullivan mé nuair a bhí sí ina hAire Oideachais agus Scileanna, agus tá forbairtí móra tarlaithe agus ag tarlú go leanúnach sa chóras oideachais ó shin. Bunaíodh COGG in 2002 le comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Scileanna agus ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, NCCA, maidir le teagasc trí mheán na Gaeilge agus teagasc na Gaeilge i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna na tíre. Chomh maith leis sin, tá feidhmeanna reachtúla ag COGG maidir le comhordú an tsoláthair áiseanna teagaisc don teagasc trí Ghaeilge agus do theagasc na Gaeilge, maidir le taighde a sheoladh ar ábhair bainteach leis na feidhmeanna sin, agus maidir le seirbhísí taca a chur ar fáil.

Tacaíonn COGG leis na trí chuspóir a bhaineann leis an oideachas i ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006, is iad sin, sa chéad áit, go ndéanfar an Ghaeilge a theagasc mar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hardteistiméireachta, agus sa dara háit, go gcuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí é. Leanfar leis an tacaíocht do Ghaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile agus déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiar-bhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá. Sa tríú háit, is ea go leanfar leis an tacaíocht a thugtar don réamhscolaíocht Ghaeilge agus go ndéanfar breis forbartha ar an gcóras oideachais tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge.

Tacaíonn COGG chomh maith leis an bplean gníomhaíochta don oideachas atá forbartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, ach go háirithe an polasaí don oideachas Gaeltachta 2017-2022. Tá plean oibre á fheidhmiú ag COGG le ceithre bliana anuas agus i measc na spriocanna atá ann tá soláthar téacsleabhair do chreat na sraithe sóisearaigh. Cuireadh leabhair ar fáil don eolaíocht agus don ghnó, agus ní fada go mbeidh téacsleabhair ar fáil don stair, don tíreolaíocht, don eacnamaíocht bhaile agus don cheol, chomh maith le sonraíocht nó siollabas nua Gaeilge do na hiar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Leanfar leis an obair seo sna blianta romhainn le soláthar a dhéanamh do gach ábhar sa tsraith shóisearach agus do na hábhair nua a bheidh san ardteistiméireacht.

Tá an obair ag dul ar aghaidh go leanúnach, ar ndóigh, ar an soláthar áiseanna teagaisc bunscoile. Tá réimse leathan taighde foilsithe ag COGG ar ábhair a bhaineann lena feidhmeanna reachtúla, agus táthar ag cur leis an taighde sin go leanúnach. Nuair a bhí mé anseo cheana ceithre bliana ó shin, bhí COGG tagtha slán ó mholadh go ndéanfaí í a chónascadh leis an NCCA, ach bhíomar comhlonnaithe lenár gcairde san NCCA ag an am. Tá an-áthas orm a rá, de bharr fás na heagraíochta, go bhfuil a n-oifigí féin ag COGG, ní hamháin i mBaile Átha Cliath, ach i gConamara chomh maith. Ó thaobh an polasaí don oideachas Gaeltachta a luaigh mé ó chianaibh, tá beirt oifigeach le COGG ag cur forbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil do na scoileanna Gaeltachta agus ag tacú leis na scoileanna a bpleananna gníomhaíochta le haitheantas a bhaint amach mar scoileanna Gaeltachta a chur i bhfeidhm.

Tá COGG ag obair i bpáirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna le clár comhtháite do theagasc na Gaeilge i scoileanna Béarla a fhorbairt mar fhreagra ar na dúshláin aitheanta le teagasc na Gaeilge sna scoileanna sin. Tá tús á chur anois le scéim phíolótach páirt-tumadh nó content language integrated learning, CLIL, i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, áit a ndéanfar ábhair eile, an corpoideachas mar shampla, a theagasc trí Ghaeilge. Tacóidh COGG le forbairt na n-áiseanna teagaisc agus le comhordú na hoiliúna do mhúinteoirí.

Tá an-dul chun cinn déanta ag COGG le blianta beaga anuas maidir le rialachas corparáideach agus comhlíonadh an chóid cleachtais, ainneoin ganntanas foirne. Tá ardleibhéal géilliúlachta bainte amach anois le córas rialaithe inmheánaigh agus bainistiú riosca forbartha ag COGG, mar aon le réimse leathan polasaithe. Leanfar leis an obair thábhachtach seo go mbeidh na míreanna uile comhlíonta.

Tá neart dúshláin roimh COGG freisin sna blianta romhainn agus iarraim tacaíocht an choiste seo ina leith. Sa chéad áit, tá sé práinneach go ndéanfar an tAcht Oideachais 1998 a leasú mar a bhaineann sé le fostaíocht i COGG. Faoi mar a sheasann cúrsaí, ní ceadmhach do COGG aon duine a fhostú, rud a fhágann go mbíonn orainn socruithe a dhéanamh le ranna agus áisíneachtaí eile. Cuireann sé seo an-mhoill ar an bpróiseas earcaíochta agus tá an scéal an-chasta maidir le bainistíocht agus cearta na bhfostaithe. Tá sé ráite sa pholasaí don oideachas Gaeltachta go gcuirfear seo ina cheart agus tá súil agam go ndéanfar é seo go luath i rith an téarma seo.

Is dúshlán an-mhór iad na héilimh a bhaineann le comhlánú gach gné den rialachas corparáideach, mar a thuigeann na baill. Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an rialachas, ach is trua nach féidir maolú a thabhairt d'eagraíochtaí beaga ar nós COGG nach bhfuil ach ochtar fostaithe inti. Tá an-imní curtha in iúl ag COGG faoin obair atá tosaithe ar shonraíochtaí nó siollabais nua do Ghaeilge na hardteistiméireachta, áit a mbeidh cúrsa éagsúil ann do na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge nó na scoileanna T1 mar a thugtar orthu. Beidh an tsonraíocht T1 níos dúshlánaí, ach ní léir dúinn go bhfuil aon phlean ann buntáiste breise ar bith a bheith ann dóibh siúd a thugann faoi, mar atá ann faoi láthair don mhata ardleibhéil.

Is mian liom aontú le moltaí an Choimisinéara Teanga maidir le hearcaíocht sa Státseirbhís. Déanann COGG gach iarracht feidhmiú trí Ghaeilge agus is mian linn ár ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, ach nuair nach mbíonn daoine ar fáil sna Ranna Stáit éagsúla, bíonn brú ann dul leis an mBéarla de bharr nach mian liomsa ná linne aon duine a mhaslú ná a chur faoi bhrú. D'fháilteoimis go láidir roimh pholasaí a chinnteodh go mbeadh daoine le Gaeilge sna poist sin ina mbíonn éileamh ar chumarsáid trí mheán na Gaeilge sa chóras.

I thank Mr. Ó hAiniféin for his presentation. The part of the presentation I am most interested in is where it says there are also functions on the teaching of Irish in the country's other schools. I would like to have a little more information on how Mr. Ó hAiniféin's role interacts with those schools whose students generally tend to have a poor level of Irish leaving school. It is something that I have annoyed people about in the past by talking about the poor level of the teaching of Irish within the schools, especially at secondary level. For me, Irish then becomes something that certain groups and minority groups see as a barrier to the teaching profession etc. instead of wanting to speak it. We have to go back then to how it is taught in primary and second level in non-Gaelscoileanna and I wonder how we can transform that. What do we need to do to make sure that we can have teachers in schools who are passionate about the Irish language and who are finding ways to integrate it, not only in that compulsory one hour per day but also into other parts of the day, even in English-speaking schools, and making something more enjoyable? I know that for someone such as me, I am petrified every time I try to learn Irish because of the experience I had in school, mostly in schools that had poor resources. It left me afraid of the language that I so want to speak. How do we begin to address that in the country's other schools that are mentioned in the submission?

Gabhaim buíochas don Uasal Ó hAiniféin. Ar dtús, gabhaim comhghairdeas leis as an obair atá déanta ag COGG sna scoileanna Gaeltachta agus sna scoileanna eile freisin. Tagraím don cheist a bhí ag an Seanadóir Ruane. Ar mhaith leis an Uasal Ó hAiniféin rud eile a rá faoi shonraíocht T1 agus T2 san ardteistiméireacht? Bhí an tUasal Ó hAiniféin ag caint mar gheall ar dhaoine a fhostú i gCOGG. An bhfuil aon chéim glactha maidir leis an leasú reachtaíochta a ghealladh sa phlean oideachais Gaeltachta ionas go mbeidh údarás ag COGG baill fhoirne a fhostú í féin?

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Freagróidh mé an cheist dheireanach ar dtús. Go bhfios dom, níl aon chéim glactha. Tá iarratas déanta againn go mbreathnófar ar sin. Mar a luaigh an Teachta, tá sé sa pholasaí oideachais Gaeltachta so tá sé aontaithe go dtarlóidh sé. Níl amchlár againn do sin agus tá mé ag impí ar an gcoiste seo é sin a bheith mar thosaíocht aige chun cabhrú linne ár gcuid oibre a dhéanamh. Tá sé an-chasta a bheith ag feidhmiú sa tslí atáimid faoi láthair. Tá gá le hionstraim reachtúil nó athrú beag ar an Acht Oideachas 1998 féin chun an chumhacht sin a thabhairt dúinn a bheith inár bhfostóir. Tá sé sin riachtanach agus sinn ag dul chun cinn mar beidh freagraíocht breise ag titim ar COGG sna blianta atá romhainn leis an obair ar fad atá le déanamh.

Chun teacht go dtí ceist an Seanadóir Ruane, tá sé an-suimiúil a bheith ag éisteacht léi mar gheall ar na mothúcháin agus conas a mhothaíonn daoine nuair is foghlaimeoirí Gaeilge iad. An t-am is fearr chun dul i ngleic leis an dúshlán sin ná ag an luathoideachas nuair atá páistí an-óg ar fad. Ní chuireann na mothúcháin sin isteach ar pháistí óga nuair a bhíonn siad tumtha sa dara teanga. Glacann siad leis mar ghnáthchuid den saol. Tá an-obair le déanamh sa chóras réamhscolaíochta trí mheán na Gaeilge agus sa chóras bunscolaíochta ag an leibhéal is ísle. Tá go leor gur féidir linn a dhéanamh ansin. Táimid ag plé leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun clár comhtháite do theagasc na Gaeilge dírithe ar scoileanna Béarla a fhorbairt. Tá an obair sin ar siúl go leanúnach agus táimid ag plé le cúrsaí a bhaineann le procurement agus mar sin de. Bhí cruinniú faoin ábhar sin ar maidin fiú agus tá dul chun cinn á dhéanamh de réir a chéile. Is togra an-mhór agus costasach a bheidh ansin ach is gá an t-airgead a chaitheamh chun go mbeidh na hacmhainní is fearr ar fáil do na múinteoirí agus do na daltaí inár scoileanna.

Mar fhreagra tapa, caithfimid díriú ar an leibhéal is óige, an réamhoideachas trí mheán na Gaeilge a fhorbairt agus plean chuige sin a leagadh amach. Ansin, tá gá le forbairt bhreise a dhéanamh ar na hacmhainní atá ar fáil, mar a tharla i gcás Séideán Sí, mar shampla, do na scoileanna Gaeltachta agus do na Gaelscoileanna timpeall 19 mbliana ó shin. Tá a leithéid idir lámha againn. Sin cuid den fhreagra ach tá gá chomh maith le forbairt ghairmiúil leanúnach a bheith ar fáil do mhúinteoirí atá ag múineadh inár scoileanna agus atá ag teagasc trí mheán an Bhéarla, is é sin le rá, cúrsaí aitheanta de gach saghas ó leibhéal deireadh seachtaine suas go dtí an teastas Eorpach sa Ghaeilge, TEG, a bheith ar fáil do mhúinteoirí agus aitheantas chuige sin chomh maith le cúrsaí samhraidh Gaeltachta agus mar sin de chun go mbeidh siadsan níos muiníní i múineadh na Gaeilge. Baineann foghlaim teanga leis na mothúcháin ach go háirithe. Más féidir linn na mothúcháin a fháil i gceart, beidh seans againn.

That is a good point. Are there any supplementary questions?

This is more of a comment than anything. I served on the education and training board, ETB, with Mr. Ó hAiniféin. I welcome him and thank him for his informative speech. I know how passionate he is about Irish and the teaching of Irish and I know that he was instrumental in setting up a number of schools.

As Mr. Ó hAiniféin is aware, I am involved in an Irish-speaking school myself.

The resources from iPads to the different learning experiences that are there now for the students have certainly helped. I know that a number of people have come from English-speaking schools where they would not have had Irish as their first language and there are so many resources. Will COGG develop a model towards encouraging schools to use the specified resources? Mr. Ó hAiniféin spoke about the textbooks and whatever else, but will there be some sort of a suggested programme that schools should follow? There is so much interest in Irish speaking in schools now.

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Tá obair an-suimiúil ar siúl ag an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi láthair a bhaineann le cúrsaí teicneolaíochta sa scéim ríomh-mhol nó e-Hub le scoileanna Gaeltachta atá ag iarraidh fisic a mhúineadh trí mheán na Gaeilge, áit nach bhfuil fisic ar fáil do scoileanna. Tá féidearthachtaí iontacha ar fáil don teicneolaíocht agus is féidir leis an teicneolaíocht cabhrú go mór linn le múineadh mionteangacha. Is síos an bóthar sin atáimid ag dul maidir leis an teicneolaíocht agus le cabhrú le múineadh trí mheán na Gaeilge chun go mbeidh réim leathan ábhair ar fáil i ngach aon iar-bhunscoil. Mhúin mé féin i gcoláiste i Luimneach atá ag déanamh ceannródaíocht sa ghort sin, agus molaim iad, ach is ceart go mbeadh fáil ag gach contae, Contae an Chláir san áireamh, ar Ghaelcholáiste neamhspleách iomlán chun go mbeadh fáil ag tuismitheoirí ar iar-bhunscolaíocht go hiomlán trí Ghaeilge.

Ba mhaith liom pointe an Teachta Jan O'Sullivan maidir leis an T1 agus an T2 a fhreagairt chomh maith. Táim an-bhuartha faoi sin. Tá an tsonraíocht T1 an leibhéal is airde Gaeilge atá ar fáil. Tá dhá shonraíocht ann don teastas sóisearach. Do scoileanna atá ag déanamh an obair ar fad trí mheán na Gaeilge, is iad sin scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge, tá sonraíocht T1 ann. Tá sé sin níos dúshlánaí, mar ba cheart, ná na scoileanna atá ag foghlaim trí Bhéarla. Nuair a rachaidh sé seo go dtí leibhéal na hardteistiméireachta agus nuair a bheadh pointí an Central Applications Office, CAO, i gceist, níl aon duine chun a chur ina luí ar dhaltaí óige sa chúigiú agus sa séú bhliain gur cheart dóibh an scrúdú is déine nó an tsonraíocht is dúshlánaí a thógáil orthu féin mura bhfuil pointí breise ag dul chun é sin a réiteach. Nuair a bhí fadhb againn le mata sa tír seo, chuireamar project maths ar bun, chuireamar 25 pointe breise ar fáil san ardteistiméireacht d'onóracha sa mhata, agus feictear an difríocht a tharla. Mhéadaigh líon na ndaoine atá ag déanamh matamaitic ag ardleibhéal don ardteistiméireacht thar tréimhse an-ghairid agus léim sé go mór. Is féidir linn an rud céanna a dhéanamh don Ghaeilge agus don tsonraíocht T1 má bhíonn na pointí breise bónas ag dul dó. Níl aon seans faoin spéir go ndéanfaidh aon ghaol, iníon nó mac liom féin an cúrsa is dúshlánaí mura mbeadh buntáiste ann dóibh mar déarfaidís nach bhfuil seans ar bith go bhfuil siad chun é sin a thógáil orthu féin. Déanfaidh siad an ceann is éasca, gheobhaidh siad na pointí céanna agus beidh sin sin. Caithfimid a bheith réalaíoch faoi sin.

An bhfuil sé á phlé?

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Tá sé luaite sa pholasaí oideachais Gaeltachta. Tá sonraíochtaí á réiteach ach níl an cheist is tábhachtaí pléite, is í sin, cad a bheidh ar fáil ar deireadh. Níl comhairliúcháin déanta ar sin agus nílimid i bhfabhar go rachadh sé sin chun cinn gan fhios a bheith againn cá bhfuil ár dtriall maidir le buntáistí ag an deireadh.

We had an engagement about 18 months ago on island schools and some of the particular challenges that they face. We made a number of recommendations to the Minister and, thankfully, some of them were taken on board. The issue of science subjects particularly and the teaching of them through Irish seems to be a challenge. I know that the Minister visited some of the island schools to see a scheme where schools were able to avail of one science teacher. I remember being in Australia years ago and in the bush they had this school and the students tuned in. Will Mr. Ó hÁiniféin tell us a little bit about that?

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Sin an e-Hub atá díreach luaite agam nó an scéim ríomh-mhol. Is scéim an-suimiúil atá ansin. Thosaigh sé i mbliana leis an idirbhliain agus thosaigh siad ar fisic a theagasc do lucht na hidirbhliana. I Meán Fómhair seo chugainn, beidh daltaí ó scoileanna timpeall na nGaeltachtaí uile ag baint buntáiste as múinteoirí oilte fisice i bPobalscoil Chorca Dhuibhne agus i gColáiste na Coiribe i nGaillimh. Beidh na múinteoirí seo, le taithí agus le saineolas, ar fáil do dhaltaí óga i scoileanna Gaeltachta eile tríd an gcóras teicneolaíochta atá forbartha ag an scéim ríomh-mhol. Tá sé an-tábhachtach gur thosaigh siad le hábhair eolaíochta mar tugann sé sin stádas dó. Chonaiceamar le déanaí duine de na mic léinn ag fágáil na hÉireann, ag dul isteach go hÁrann Mhór i nDún na nGall, ag dul ag foghlaim fisic ar scáileán ríomhaireachta, agus múinteoirí as Corca Dhuibhne agus as Gaillimh ag plé leo. Táimid ag baint úsáid as na saineolaithe is fearr atá sa chóras, ní hamháin lena rang féin i dteagasc istigh sa rang fíorúil, ach go bhfuil nasc acu le scoileanna eile agus le mic léinn eile atá ag foghlaim ar an ríomhaire ag an am céanna. Is buntáiste é atá ann do gach duine. Beidh sé ar ár gcumas é sin a fhorbairt agus beidh rogha níos leithne ábhair ansin ar fáil do dhaltaí, fiú sna scoileanna beaga ar na hoileáin agus sna scoileanna beaga Gaeltachta. Is dul chun cinn an-mhaith é sin agus tá an dream atá ag plé le e-Hub le moladh go hard.

I welcome Mr. Ó hAiniféin. I thank him for coming in and I wish him well going forward. I have one or two questions. In Manorhamilton, County Leitrim, in my constituency, I see the success, the group and the amount of activity from teachers, parents and students in particular. The numbers have increased in Sligo and we are looking at a new site to expand the Gaelscoil. Great credit is due to everybody in Sligo and in Manorhamilton. It is at a very high level at this stage.

My concern is that when I am meeting parents and teachers, I am told that there are some students who are finding it difficult. Going forward, not only in the Gaelscoileanna but in the national schools and everywhere else as well, how does Mr. Ó hAiniféin see that we can improve? I know that the Minister is very anxious that this would happen, but perhaps Mr. Ó hAiniféin might elaborate on that.

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Sa ráiteas tosaigh ansin, rinne mé tagairt don páirt-tumadh, nó an CLIL, agus is bealach é sin chun an méid ama teagmhála a bheidh ag daltaí i scoileanna Béarla leis an nGaeilge á mhéadú. Ní hamháin go mbeidh siad ag foghlaim Gaeilge mar ábhar agus mar theanga i scoileanna Béarla ach gur cheart go mbeadh deis acu ábhair eile nó cuid d'ábhair eile a fhoghlaim trí mheán na Gaeilge. Tá corpoideachas, ealaíon, ceol agus eolaíocht ann agus tá féidearthachtaí iontacha ansin. Sa bhealach sin, is féidir linn buntáiste a bhaint as na múinteoirí is fearr sa scoil atá cumasach ó thaobh na Gaeilge, ní hamháin an obair atá ar siúl acu i múineadh na Gaeilge a dhéanamh, ach b'fhéidir cuid d'ábhair eile trí na scoile a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Mhéadódh sé sin an t-am teagmhála atá ag na daltaí leis an nGaeilge agus tá sé thar a bheith tábhachtach an t-am teagmhála a mhéadú.

Cloisimid ar an raidió go rialta gur chaith duine éigin 14 bliana ar scoil ag foghlaim na Gaeilge agus nach bhfuil Gaeilge ag an duine sin. Níl sé sin fíor. Ní chaitheann aon duine 14 bliana ag foghlaim na Gaeilge. Caitheann siad timpeall 1,500 uair an chloig laistigh de thréimhse 14 bliana. Bíonn an t-am teagmhála sin ag dalta Gaelscoile i mbliain go leith dá saol. Bíonn timpeall 15,000 uair an chloig teagmhála ag an dalta leis an máthairtheanga sula dtosaíonn sé nó sí ar scoil.

Má labhraítear Béarla sa bhaile, bíonn deich n-uaire an méid ama teagmhála ag daltaí leis an mBéarla ag aois a cúig nó cúig go leith agus iad ag teacht ar scoil ná leis an Ghaeilge. Bíonn 15,000 uair an chloig teagmhála acu leis an mBéarla ag tosú ar scoil, agus thar tréimhse 14 bliana ansin, ní bhíonn ach 1,500 uair an chloig teagmhála leis an Ghaeilge. Caithfimid an t-am teagmhála leis an teanga a mhéadú, agus bealach an-mhaith chun é sin a dhéanamh ná an CLIL, nó an páirt-thumadh, os gur féidir ábhar eile, nó cuid d’ábhar, a theagasc trí mheán na Gaeilge. Tá múinteoirí ann i ngach scoil sa tír atá ábalta é sin a dhéanamh, ach is gá buntáiste agus córas a bheith ann dóibh chun é a dhéanamh. Tá mé cinnte go mbeidh an córas nó an scéim atá ag tosú i mbliana maidir leis an CLIL agus an páirt-thumadh rathúil agus go n-éireoidh go geal leis na scoileanna sin. Ceapaim go mbeidh a lán scoileanna ag iarraidh é sin a dhéanamh nuair a thuigeann siad na buntáistí ó thaobh dátheangachas do na daltaí, mar níl ann ach buntáistí.

I thank Mr. Ó hAiniféin. It has been very interesting and enlightening to listen to him. I have no doubt that he has a great passion for what he does, and he brings that to the job in hand. We as a committee will be notifying the Minister that we have engaged with Mr. Ó hAiniféin, and on behalf of the committee, I thank him and wish him well.

Mr. Dónal Ó hAiniféin

Go raibh míle maith agaibh go léir.

Go raibh maith agat. I propose that we suspend now for a few minutes to allow the witnesses for our next session to take their seats and to allow Mr. Ó hAiniféin to withdraw.

Sitting suspended at 4.31 p.m. and resumed at 4.38 p.m.