Skip to main content
Normal View

JOINT COMMITTEE ON INVESTIGATIONS, OVERSIGHT AND PETITIONS debate -
Wednesday, 2 May 2012

Gníomhaíochtaí an Choimisinéara Teanga: Plé.

Cuirim i gcuimhne do ghach éinne gur cóir gutháin soghluaiste a mhúcadh mar cuireann siad isteach ar an gcóras fuaime. Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh an Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, agus roimh a chomhghleacaí, Mr. Colm Ó Coisdealbha, agus gabhaim buíochas leo as teacht anseo inniu. D'fhoilsigh an Coimisinéir Teanga tuarascáil bhliantúil an tseachtain seo caite inar thug sé an-chuid eolais tábhachtach dúinn. Tá súil agam go raibh seans ag baill an choiste í a léamh, ach b'fhéidir go mbeidh an coimisinéir in ann cur i láthair gearr a thabhairt dúinn anois.

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Tá an-áthas orm an deis seo a bheith agam fianaise a thabhairt don chomhchoiste agus gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh a bheith anseo inniu. Ba mhaith liom i dtús báire cúraimí oibre na hoifige againne a mhíniú go hachomair. Bunaíodh an oifig mar ghníomhaireacht reachtúil neamhspleách sa bhliain 2004 agus is iad na príomhchúraimí atá orm féin agus ar fhoireann an hoifige ná: feidhmiú mar sheirbhís neamhspleách ombudsman maidir le cearta teanga an phobail agus iad ag déileáil leis an státchóras; feidhmiú mar ghníomhaireacht ghéilliúlachta le cinntiú go bhfuil eagrais Stáit ag cloí lena ndualgais reachtúla teanga; agus feidhmiú mar eagraíocht chomhairleach ar chearta agus ar dhualgais reachtúla teanga. Ó bunaíodh an oifig, tá ocht gcinn de thuarascálacha bliantúla foilsithe againn, chomh maith le trí cinn de thuarascálacha speisialta atá leagtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais againn. Sa bhreis air sin, d'fhoilsigh muid tuairisc ar na leasuithe a bheadh á moladh againne ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, mar chabhair don athbhreithniú ar an Acht atá geallta i gclár an Rialtais.

Go ginearálta, is ceart a rá go bhfuil comharthaí dearfacha go maith ann maidir le húsáid na teanga sa tír faoi láthair. Léirigh staitisticí ón daonáireamh deiridh go raibh méadú 7% ón daonáireamh roimhe sin ar líon na ndaoine sa tír a dúirt go raibh Gaeilge acu, méadú 7% ar líon na ndaoine lasmuigh den chóras oideachais a bhí ag úsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil, agus méadú 3% ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht a dúirt gur úsáid siad an teanga go laethúil, lasmuigh den chóras oideachais. Claonadh dearfach agus dea-scéala atá sna staitisticí sin. Bheadh na staitisticí seo níos sláintiúla fós dá mbeadh beart á dhéanamh ag an Stát de réir briathair fad is a bhaineann sé leis an tacaíocht a thugtar don teanga.

Tá cuid mhór den phobal i gcoitinne ar son chaomhnú agus chur chun cinn na teanga agus tá sin léirithe go soiléir i dtaighde agus i suirbhéanna éagsúla in imeacht na mblianta. Tá, áfach, dar liom, bearna shuntasach idir mianta an phobail i leith na teanga agus iarracht an státchórais féin i leith na teanga. Tá stádas na teanga daingnithe sa Bhunreacht agus sa dlí, ach ní dhéantar beart de réir briathair go cuí le brí a thabhairt don stádas sin. Ní raibh stádas na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht chomh leochaileach aon uair agus atá anois. Os a choinne sin, níor saolaíodh fós an cainteoir dúchais deireanach sa Ghaeltacht.

Glactar leis nach mairfidh an Ghaeilge mar rogha theanga an phobail sa Ghaeltacht mura bhfuil stádas ag an teanga agus í á húsáid i ngach gné de shaol na tíre, anseo i dTithe an Oireachtais, sna cúirteanna, in obair laethúil na seirbhíse poiblí, i gcúrsaí gnó, craolacháin, creidimh agus spóirt, mar shampla. Ach ní mhairfidh sí sna réimsí sin den saol mura bhfuil pobail Ghaeltachta ann a bhfuil sí mar theanga bheo phobail acu. Tá an dá ghné seo fite fuaite ina chéile agus iad ag brath go hiomlán ar a chéile.

Creidim go bhfuil ceithre rud riachtanach d'fhorbairt na teanga: cumas teanga a thabhairt don phobal i gcoitinne, tríd an gcóras oideachais ar fud na tíre agus ó dhúchas i gcás na Gaeltachta; deis úsáide a thabhairt trí deiseanna a thabhairt d'úsáid na teanga sa chóras riaracháin phoiblí san áireamh; ceannaireacht agus dea-shampla a thabhairt maidir le úsáid na teanga. Samplaí maithe de sin ná an díospóireacht trí Ghaeilge a bhí idir ceannairí na bpáirtithe polaitiúla ar TG4 roimh an olltoghcháin deiridh agus an díospóireacht sa Dáil le linn Sheachtain na Gaeilge; agus cosaint a thabhairt don teanga mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Tráth a bhfuil ár bhflaitheas eacnamaíoch idir dhá cheann na meá agus muid ag tarraingt ar an bhliain 2016 agus ar chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca, ba dhona an mhaise é gan an deis a thapú ár bhféiniúlacht agus ár bhflaitheas cultúrtha agus teanga a chur ar shlí a shábhála.

Déantar imeallú ar an nGaeilge i gcóras an Stáit nuair nach mbíonn de rogha ag daoine ach a gcearta agus a mianta teanga a fhágáil ar leataobh agus glacann siad leis an mBéarla mar rogha réamhshocraithe. I bhfocail eile, i gcuid den státchóras tá Béarla "éigeantach" tagtha mar chomharba anois san áit a mbíodh Gaeilge "éigeantach", beagnach dhá scór bliain ó shin.

Baineann obair na hoifige s'againne cuid mhór le cinntiú go gcuirtear seirbhísí Stáit ar fáil trí Ghaeilge don phobal, sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre. Tá an struchtúr a bhaineann le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge leagtha síos go reachtúil agaibhse mar chomhaltaí den Dáil agus de Sheanad Éireann. An obair atá orainne ná a chinntiú go dtugtar aird ar bhur mianta mar údair na gcearta agus na ndualgas teanga i reachtaíocht na tíre agus go ndéantar beart de réir briathair.

Tuigim go bhfuil fócas na hoibre agaibhse mar chomhchoiste dírithe inniu ar thuarascáil bhliantúil na hoifige againne, a seoladh an tseachtain seo caite, agus ar na tuarascálacha speisialta atá leagtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais againn. Le linn na bliana anuraidh, dhéileáil m'oifig, mar sheirbhís ombudsman, le 734 cás i dtaca le deacrachtaí nó fadhbanna le seirbhísí Stáit á fháil trí Ghaeilge - an bhliain ba mhó ar cuireadh gearáin ón bpobal i láthair na hoifige ó bunaíodh í. B'ionann sin agus méadú 5% ar líon na gcásanna a bhí ann an bhliain roimhe sin. Réitíodh formhór mór na gcásanna sin trí idirbheartaíocht neamhfhoirmiúil leis an gcomhlacht poiblí cuí nó trí chomhairle a chur ar an ngearánach. Tá léargas tugtha ar shamplaí de na cásanna a réitíodh trí idirbheartaíocht neamhfhoirmiúil sa tuarascáil bhliaintiúil a foilsíodh an tseachtain seo caite. Seoladh 15 cinn d'imscrúduithe nó fiosrúcháin fhoirmiúla, reachtúla le linn na bliana 2011 sa bhreis ar cheann a bhí fós idir lámha ó dheireadh na bliana roimhe sin.

Tugadh suntas ar leith d'fhiosrúchán foirmiúil amháin inar cinneadh gur sárú reachtúil a bhí ann ag an nGarda Síochána buíon láidir comhaltaí den fhórsa gan Ghaeilge acu ar dualgas i gceartlár na Gaeltachta, i nGaoth Dobhair, i nDún na nGall. Ní raibh Gaeilge ach ag garda amháin as an naonúr a bhí lonnaithe i bparóiste Ghaoth Dobhair. Creidim go láidir nach féidir leis an Stát a bheith ag súil leis go mairfidh an Ghaeilge mar a rogha teanga ag pobal na Gaeltachta má leantar ag brú Béarla ar phobal na gceantar sin lena gcuid gnóthaí oifígiúla a dhéanamh. Ní bhaineann seo leis an nGarda Síochána amháin, ach le gach institiúid agus eagraíocht de chuid an Stáit atá ag cur seirbhísí ar fáil do phobal na Gaeltachta.

Maidir leis an Garda Síochána, tá dóchas agam go gcuirfear ár gcuid moltaí i bhfeidhm agus gur gardaí le Gaeilge a bheidh ag freastal ar an bpobal Gaeltachta sin agus ar gach pobal Gaeltachta eile sa tír. Beidh m'oifig, in am trátha, ag déanamh iniúchadh ar fheidhmiú na moltaí a rinne muid sa chás sin agus dá dtarlódh nach raibh siad á gcur i bhfeidhm go hiomlán agus go cuí, ní bheadh de rogha againn ach filleadh oraibhse i dTithe an Oireachtais le tuairisc speisialta ar an ábhar.

Cinneadh de thoradh dhá fhiosrúchán fhoirmiúla eile a rinne muid anuraidh nach raibh an Roinn Coimirce Sóisialaí ag bronnadh marcanna bónais mar is ceart as cumas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gcomórtais inmheánacha d'ardú céime. Seo an córas a bhí ceaptha feidhmiú ó 1975 in áit na Gaeilge "éigeantaí" le cinntiú go mbeadh foireann le Gaeilge ar fáil ag gach grád sa tseirbhís phoiblí. Ní dhearna an Roinn Coimirce Sóisialaí achomharc i gcoinne chinntí na n-imscrúduithe chuig an Ard-Chúirt ach, fós féin, níor chuir sí na moltaí i bhfeidhm. Cúis imní é sin agus is measa an scéal nuair is léir go bhfuil an cleachtas céanna, faoin mbealach nach mbronntar na marcanna bónais seo go cuí, coitianta ar fud na Státseirbhíse. Tráth ar beag earcaíocht atá a dhéanamh sa tseirbhís phoiblí agus a bhfuil deireadh curtha chun gach críche agus cuspóra le Gaeleagras na seirbhíse poiblí, mura bhfuil marcanna bónais á mbronnadh go cuí as inniúlacht sa dá theanga oifigiúla i gcomórtais inmheánacha d'ardú céime, is deacair a fheiceáil cén bealach inar féidir go fírinneach líon agus caighdeán na seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a mhéadú. Níorbh fhéidir liomsa ní ba mhó a dhéanamh maidir leis an gcás áirithe sin ach tuairisc speisialta a thabhairt do Thithe an Oireachtais, agus tá sin déanta agam. Is gnó anois don Oireachtas céimeanna breise a thógáil, má mheastar gur cuí sin a dhéanamh.

Seo an tríú huair a bhí orm tuarascáil speisialta a chur i láthair Thithe an Oireachtais faoi theip eagraíocht Stáit moltaí a d'eascair as imscrúdú a chur i bhfeidhm. Bhain an chéad cheann le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, a sháraigh dualgais reachtúla teanga ach nach ndeachaigh i ngleic le cúrsaí leis an sárú sin a cheartú. Bhí scéim teanga do réigiúin an iarthair, contaetha na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Ros Comáin, daingnithe d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ach níor cloíodh le gealltanais suntasacha de chuid na scéime sin. Níor cuireadh riachtanas Gaeilge mar choinníoll i gcás poist a bhí lonnaithe sa Ghaeltacht, níor cuireadh foirmeacha dátheangacha ar fáil, níor bunaíodh aonad riaracháin Gaeilge i nGaeltacht na Gaillimhe agus níor tógadh aon chéim maidir le cúram a sholáthar ina rogha teanga d'othair sna hospidéil faoina gcúram. Ghlac an fheidhmeannacht leis go raibh sárú gealltanais na scéime i gceist - go raibh na gealltanais briste acu - ach níor tógadh aon chéim le cúrsaí a chur ina gceart. Sa bhreis ar sin, theip ar an HSE cúram mar is ceart a dhéanamh dá ndualgais reachtúla teanga le linn fheachtas eolais fliú na muc, trí leabhrán ghairid eolais agus comharthaíocht i mBéarla amháin a eisiúint.

Bhain an dara himscrúdú sa tuairisc a chur mé i láthair Tithe an Oireachtais le hArd-Mhúsaem na hÉireann. Ní raibh a dhóthain foirne fostaithe ansin le cumas sa Ghaeilge chun go mbeifí in ann seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith lena soláthar trí Bhéarla mar a éilítear i reachtaíocht stiúrtha na heagraíochta. Tá an músaem ar cheann de bheagán eagraíochtaí Stáit a bhfuil dualgas ar leith daingnithe ag an Oireachtais go mbeadh oiread foirne acu le Gaeilge agus Béarla a cheadódh dóibh seirbhísí a sholáthar i gceachtar de theanga oifigiúla an Stáit. Tháinig an fhoráil sin i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2005 ach d'ainneoin sin, líonadh 103 folúntas ina dhiaidh sin, gan aon riachtanas Gaeilge a lua le haon cheann acu. Dúradh go raibh Gaeilge "inmhianaithe" i gcás 17 acu, ach fós féin ní raibh sí "riachtanach" in aon chás acu. Níor tagraíodh do Ghaeilge olc nó maith maidir le 86 folúntas. Gearán ó dhuine gur i mBéarla amháin a fhoilsítear féilire imeachtaí na heagraíochta a spreag an fiosrúchán sin.

Sna trí chás luaite agam - an Roinn Coimirce Sóisialaí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Ard-Mhúsaem na hÉireann - bhí neamhaird á déanamh ar fhoráil reachtúil teanga. Rinne mé cinneadh maidir leis an sárú dualgais a bhí ann. Ní dhearna aon cheann de na heagraíochtaí Stáit sin achomharc chun na hArd-Chúirte i gcoinne an chinnidh mar a cheadaítear dóibh, ach níor chuireadar na moltaí i bhfeidhm ach oiread - thug siad neamhaird orthu. Feictear dom gur dúshlán é do cheart chomhaltaí Thithe an Oireachtais reachtaíocht a achtú, más féidir le heagraíocht Stáit neamhaird a dhéanamh den reachtaíocht sin. Is eisceachtaí iad na trí chás atá luaite agam. De ghnáth, bíonn comhoibriú maith idir m'oifig agus formhór na n-eagraíochtaí Stáit. Tagann muid ar réiteach ar fhadhbanna go neamhfhoirmiúil. Más gá dúinn imscrúdú a dhéanamh, cuirtear na moltaí i bhfeidhm go cuí.

Tá gnéithe d'Acht na dTeangacha Oifígiúla 2003 ag oibriú go maith, go speisialta na forálacha a leagann dualgais dhíreacha ar eagraíochtaí Stáit. Tá rath ar na rialacháin maidir le húsáid na Gaeilge ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaí poiblí na n-eagraíochtaí Stáit, i bhfoilseacháin agus i gcumarsáid scríofa. Tá tábhacht leis na forálacha a bhronnann cearta maidir le húsáid na teanga sna cúirteanna, i dTithe an Oireachtais agus i gcóras logainmneacha na tíre. Tá fadhbanna an-mhór le feidhmiú gné amháin den reachtaíocht, áfach - córas na scéimeanna teanga. Tá curtha in iúl go rialta agam le roinnt blianta anuas go raibh imní orm faoin moill a bhain le daingniú scéimeanna teanga le comhlachtaí poiblí faoin Acht. Tá córas na scéimeanna teanga i gcroílár na reachtaíochta. Braitear ar an gcóras sin le forbairt a dhéanamh ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil.

Níor dhaingnigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ach scéim teanga nua amháin le Iinn na bliana 2011. San iomlán, tá 105 scéim teanga daingnithe ag an Aire go dtí seo, ach faoi dheireadh na míosa seo caite, bhí 72 acu sin tar éis dul in éag. Bhí 20% de na scéimeanna teanga sin in éag le tréimhse ama trí bliana ar a laghad agus 26% eile acu in éag le breis agus dhá bhliain. I measc na n-eagras Stáit a raibh a gcuid scéimeanna teanga in éag le breis agus trí bliana, ag deireadh na bliana 2011, bhí Oifig an Uachtaráin, an Chomhairle Ealaíon, Oifig an Ombudsman, an tSeirbhís Chúirteanna, Comhairle Contae na Gaillimhe, Oifig na gCoimisinéirí loncaim agus an Roinn Oideachais agus Scileanna. Sa bhreis air sin, bhí 28 eagras Stáit eile ann a raibh an chéad dréachtscéim iarrtha orthu ach nach raibh aontaithe ná daingnithe fós mar scéimeanna ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. I gcás deich gcinn acu, bhí breis agus cúig bliana imithe ó iarradh orthu an dréachtscéim a ullmhú agus ceithre bliana go leith imithe i ndhá chás eile.

Léiríonn na staitisticí seo go lom nach féidir teacht ar aon chonclúid eile ach go bhfuil na maidí ligthe le sruth agus gur cosúil go bhfuil teipthe tríd is tríd anois ar chóras daingnithe na scéimeanna teanga. Ní ar na scéimeanna féin atá an locht; go deimhin, tá toradh maith ar chuid áirithe acu. Is ar an gcóras daingnithe do na scéimeanna atá an locht. Is oth liom a rá go gcreidim go mbeidh sé ionann agus dodhéanta anois muinín a chothú athuair sa chóras sin. Teip chórasach é seo. Dúisíonn sé ceisteanna faoin bhonneagar institiúideach a cheadaíonn nach mbeadh forálacha reachtúla á gcur i bhfeidhm mar a bhí beartaithe ag údair na reachtaíochta - comhaltaí Thithe an Oireachtais.

Tá tuairisc sa tuarascáil bhliantúil freisin ar an acmhainn dhátheangach oideachais ar chearta teanga a sheol m'oifig le linn 2011 chun cabhrú le daltaí agus múinteoirí mar chuid den chúrsa san oideachas saoránach, sóisialta agus polaitiúil sa teastas sóisearach. Sa bhreis air sin, d'fhoilsigh an oifig ár gcuid moltaí maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Bhí sé mar aidhm ag an tuairisc sin taithí agus tuiscintí na hoifige ar fheidhmiú na reachtaíochta a chur i láthair an phobail agus cabhrú sa phróiseas athbhreithnithe foirmiúil ar an Acht a fógraíodh mar ghné amháin de chlár oibre an Rialtais a tháinig i gcumhacht le linn na bliana. Le linn na bliana chomh maith, mar chuid de chlár athchóirithe na seirbhíse poiblí, fógraíodh go raibh cinneadh déanta ag an Rialtas feidhmeanna na hoifige againne a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus go dtabharfaí an cónascadh sin i bhfeidhm le linn 2012 mar chuid den athbhreithniú ar an Acht. Níor pléadh an cinneadh sin liom roimh ré, ná go deimhin ó shin. Níl aon eolas breise agam faoi bheartais an Rialtais ina leith. Ba mhaith liom arís buíochas a ghabháil leis an gcoiste as an chuireadh teacht ina láthair inniu. Beidh áthas orm glacadh le ceisteanna ó na comhaltaí i nGaeilge nó i mBéarla.

Gabhaim buíochas leis an gcoimisinéir as an chur i láthair iontach sin. Ba mhaith liom teachtaireacht beag a léamh os comhair na Teachtaí agus Seanadóirí atá i láthair. De bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, tá daoine a labhraíonn os comhair coiste arna cheapadh ag ceachtar Teach den Oireachtas nó arna cheapadh i gcomhpháirt ag dhá Theach an Oireachtais faoi phribhléid iomlán maidir leis an bhfianaise a thugann siad. Má ordaítear do dhaoine éirí as fianaise a thabhairt, níl sé faoi phribhléid iomlán agus níl ach pribhléid cháilithe amháin i bhfeidhm i ndáil leis an bhfianaise a thugtar ón bpointe sin mura rud é agus go dtí go dtarraingíonn an choiste siar ón t-ardúcháin.

Bhí an cur i láthair go hiontach ar fad. Táimid an-bhuíoch d'fhoireann Oifig an Choimisnéara Teanga as ucht an méid oibre atá déanta acu ar fud na tíre ar son cearta teanga. Tá an Rialtas agus an Stát ag rá go bhfuilimid ag iarraidh an Ghaeilge a chothú. Nuair a dhéanann cainteoirí ón Ghaeltacht nó áiteanna eile ar fud na tíre iarracht dul i dteagmháil leis an Stáit, is uafásach an rud é go gcaithfidh siad a gcuid oibre a dhéanamh trí Bhéarla. B'fhéidir gur cheart dúinn na rudaí seo a bhriseadh síos. Chlúdaigh an coimisinéir cúpla rud, ar nós an tseirbhís atá ar fáil os na gardaí a oibríonn i gceantracha Gaeltachta - Gaeltacht Dhún na nGall, sa chás seo. B'fhéidir go n-osclóidh muid leis an ábhar sin a phlé. Má tá ceisteanna ag baill an choiste maidir leis na gardaí atá ag feidhmiú i nGaeltacht Dhún na nGall, is féidir leo iad a chur ar an gcoimisinéir i mBéarla nó i nGaeilge.

Cuirim fáilte roimh an gCoimisinéir Teanga agus roimh an tUasal Ó Coisdealbha. Tá sé tábhachtach a rá go bhfuil an-mheas go deo ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an obair atá ar bun ag Oifig an Choimisnéara Teanga. Is cúis iontais é dom gurb í seo an chéad uair - de réir mar a thuigim - gur tugadh cuireadh don choimisinéir labhairt os comhair coiste den chineál seo agus tuarascáil bhliantúil a chur i bhfeidhm. Fáiltím go mór roimhe sin. B'fhéidir go míneoidh an coimisinéir dúinn ar ball conas a thógfaimid an chéad chéim eile. Maidir le cás na ngardaí, céard ba chóir don phobal a bheith ag súil leis mar sheirbhís ó leithéidí an Gharda Síochána i gceantar Gaeltachta? Sa chás áirithe i dTír Chonaill, cén chaoi ina raibh Acht na dTeangacha Oifigiúla á shárú?

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Tá dualgas ar Choimisinéir an Gharda Síochána, faoi Acht an Gharda Síochána 2005, a chinntiú go gcuirtear gardaí le líofacht Ghaeilge ag obair i limistéar ina bhfuil ceantar Gaeltachta. Rinne cainteoir dúchais Gaeilge ó phobal Gaoth Dobhair gearán linne gur Béarla amháin a bhí roimhe nuair a rinne sé iarracht a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge sa stáisiún áitiúil. Chuir an garda fáilte roimhe, ach Béarla amháin a bhí ann. Nuair a tharraing muid an cheist seo anuas le bainistíocht an Gharda Síochána, dúradh linn nach raibh aon Ghaeilge ag ochtar as an naonúr garda a bhí curtha ar dualgas i nGaoth Dobhair. Thosaigh muid ar fhiosrúchán foirmiúil faoi ag an bpointe sin. Tháinig méadú beag - go dtí triúr - ar líon na ngardaí le Gaeilge ag an am sin. Chuir mé an fiosrúchán ar leataobh le deis a thabhairt don Gharda Síochána an scéal a fheabhsú. Faoi dheireadh an tsamhraidh anuraidh, ní raibh fós ach triúr gardaí le Gaeilge i nGaoth Dobhair, amach as 11 garda ag an tráth sin. Leanadh an bhfiosrúchán agus bhí orm cinneadh a dhéanamh go raibh Acht an Gharda Síochána, seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla, á shárú ag Coimisinéir an Gharda Síochána. Ba cheart go mbeadh gardaí le líofacht sa Ghaeilge ar fáil. Tá an reachtaíocht atá achtaithe ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí an-soiléir ar seo. Deireann an tAcht gur cheart go mbeadh oiread Gaeilge ag garda atá ar dualgas sa Ghaeltacht ionas gur féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh go furasta - "with facility", a deirtear i leagan Béarla na reachtaíochta - le pobal na háite. Is cinnte nach raibh sé sin fíor i gcás na ngardaí i nGaoth Dobhair. Tá sraith moltaí déanta againn agus tá tréimhse ama de naoi mí tugtha againn do Choimisinéir an Gharda Síochána na moltaí sin a chur i bhfeidhm. Tá an-dóchas agam go gcuirfidh sé i bhfeidhm iad. Muna gcuireann, tá sé oscailte dúinn nuair a dhéanann muid iniúchadh ar seo arís teacht ar ais go Tithe an Oireachtais le tuairisc speisialta. Tá súil agam agus tá dóchas agam nach dtarlóidh sé sin.

Má chuireann an coimisinéir an argóint chun cinn nach bhfuil a dhóthain acmhainní - gardaí le Gaeilge - aige, an ghlacfaidh Oifig an Choimisinéara Teanga leis sin mar chosaint?

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Ní ghlacfainn leis sin mar chosaint. Fórsa de 13,000 comhalta is ea an Garda Síochána. Tá neart gardaí le Gaeilge ar fud na tíre. An dualgas atá ann ná a chinntiú go bhfuil Gaeilge líofa ag na gardaí a chuirtear ar dualgas sa Ghaeltacht. Dá dtarlódh sé nach raibh fáil ar gardaí le Gaeilge as an 13,000 gardaí atá againn sa tír seo, sílim go mbeadh ceisteanna níos bunúsaí le freagairt. Bheadh an cheist sin dírithe ar an gcaighdeán Gaeilge a bhíonn á teastáil nuair a bhíonn earcaíocht isteach sa bhfórsa ar siúl. An ceart, mar shampla, go mbeadh céatadán áirithe de phoist - ní hamháin sa Gharda Síochána ach i ngach cuid den tseirbhís phoiblí freisin - coinnithe do dhaoine le líofacht sa teanga atá in ann gnó a chur a fáil agus a dhéanamh go héifeachtach i ndhá theanga oifigiúla an Stáit? Leigheas a bheadh ansin ar an bhfadhb seo. Ní chredim go bhfuil easpa gardaí le Gaelige sa tír. Go deimhin, tá géilliúlacht de 100% leis an riachtanas sin i nGaeltacht na Gaillimhe, mar shampla. Más féidir 100% a bhaint amach sa Ghaeltacht sin, níl aon chúis go mbeadh ochtar garda as naonúr gan Ghaeilge i bparóiste i nGaoth Dobhair.

Níl ceist ar bith agam ag an bomaite. Tá mé ag rith go dtí cruinniú eile. Nuair a chuala mé go raibh an Coimisinéir Teanga ag teacht isteach anseo, theastaigh uaim fáilte mór a chur roimhe. Tá meas mór agam ar an obair a bhfuil á dhéanamh ag Oifig an Choimisnéara Teanga. Is iontach an rud é go bhfuil sé anseo chun díospóireacht a dhéanamh linn agus an tuarascáil seo a phlé. Is maith an rud é gur féidir le Teachta Dála agus Seanadóirí obair le chéile ar rudaí mar seo. Ba cheart go mbeadh gach Gaeilgeoir ábalta leanúint ar aghaidh níos fearr leis an teanga. Gabhaim buíochas leis an Uasal Ó Cuirreáin.

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Go raibh maith agat, a Theachta. Is mór liom do thacaíocht.

An bhfuil ceist ag éinne eile faoi na gardaí i nGaeltacht Dhún na nGall? Dúirt an tUasal Ó Cuirreáin sa tuarascáil bhliaintúil nach bhfuil a ndualgais á gcomhlíonadh ag an Garda Síochána de réir an dlí. Baineann an cheist seo le gach cás eile cosúil leis an gcás seo. An bhfuil sé fíor go bhfuil na heagraíochtaí ag sárú an dlí? An bhfuil siad ag briseadh an dlí sa chomhthéacs seo?

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Ní thuigim go bhfuil difríocht ar bith idir an focal "sárú" agus an focal "briseadh". Tá dlí soiléir leagtha síos ag Tithe an Oireachtais - ba chóir gardaí le líofacht sa Ghaeilge a chur ar dualgas i gceantair Ghaeltachta. Is ar Choimisinéir an Gharda Síochána a thiteann an dualgas é sin a dhéanamh. Nuair atá ochtar garda as naonúr i nGaoth Dobhair gan Ghaeilge, tá an dlí á shárú nó á bhriseadh. Níl an dlí á chomhlíonadh. Is cuma cén foirmle nó focal á úsáidtear. Ní féidir a rá go bhfuil dlí na tíre á chomhlíonadh sa chás áirithe seo. Is sárú nó briseadh ar an dlí é sin. Is é mo thuairim go n-éisteoidh bainistíocht an Gharda Síochána leis na moltaí atá déanta againn agus go dtógfaidh siad na céimeanna cuí sa tréimhse ama atá romhainn chun iad a chur i bhfeidhm. Rachfaidh Oifig an Choimisinéara Teanga ar ais tar éis tréimshe ama, mar a dhéanann muid tar éis gach imscrúdú, chun iniúchadh nó audit a dhéanamh le cinntiú go bhfuil na moltaí curtha i bhfeidhm. Má fhaigheann muid amach nach bhfuil na moltaí curtha i bhfeidhm, an t-aon rud eile gur féidir linn a dhéanamh ná tuarascáil speisialta a chur i láthair Tithe an Oireachtais.

Dúirt an tUasal Ó Cuirreáin gurb é a thuairim ná go bhfuil na hacmhainní ann agus nach caithfidh costais bheith bainteach leis an rud seo. An bhfuil aon taighde déanta? Cad a mheasann an tUasal Ó Cuirreáin mar gheall ar an damáiste a dhéanann an sárú dlí seo don Ghaeilge mar theanga phobal sna Gaeltachtaí?

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Ní bhaineann aon impleachtaí costais le seo ar chor ar bith. Níl aon amhras orm ach go bhfuil a dhóthain gardaí le Gaeilge líofa ar fáil, chun iad a chur ag obair sna ceantair Ghaeltachta, as 13,000 comhalta an fhórsa ar fud na tíre. Níl aon cheist faoi sin. Ní féidir liom a rá go bhfuil taighde déanta ar an dochar a dhéanann an fhadhb seo. De réir na saineolaithe ar fad, má bhrúann an Stát an Béarla ar phobal na Gaeltachta, tugann sé teachtaireacht an-neodrach nó fiú diúltach. Cuireann an Stát dualgas ar dhaoine an teanga a fhoghlaim go dtí an ardteist. Caithfidh gach páiste agus gach duine óg sa chóras dara leibhéal scoile staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge go dtí aois na hardteistiméireachta. Foghlaimíonn siad an teanga. Má táimid ag rá le muintir na Gaeltachta - a shealbhaigh an teanga óna muintir anuas ó ghlúin go glúin le 2,000 bliain - nó leo siúd atá tar éis í a fhoghlaim ar scoil ar fud na tíre gur gá dóibh an teanga a fhoghlaim ach nach féidir leo í a úsáid agus iad ag plé le gardaí nó leis an Státseirbhís, táimid ag tabhairt teachtaireacht dochreidte diúltach ar fad dóibh. Mar a deirtear i mBéarla, tá disconnect idir an dá rud sin. Níl aon chiall le dualgas a chur ar dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim, ach gan chead a thabhairt dóibh í a úsáid nuair atá sí foghlamtha acu.

Is rud iontach é Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tugann sé rud éigin dlíthiúil don teanga. An bhfuil aon chodarsnacht déanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga idir an tslí ina bhfuil an reachtaíocht sin á chur i bhfeidhm sa tír seo agus best practice i dtíortha eile, ar nós Ceanada nó an Bhreatain Bheag?

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Tá an-chomhoibriú go deo againn leis an gcoimisinéir teanga i gCeanada ó bunaíodh an oifig seo againne. Tá an dara choimisinéir ceaptha sa tír sin le linn an tréimhse go bhfuil mise sa phost seo. Tá aithne againn ar a chéile. Casann muid le chéile ó am go chéile. Tá comhoibriú maith eadrainn. Tá coimisinéir teanga nua bunaithe sa Bhreatain Bheag le gairid. Tá comhoibriú bunaithe againn leis an oifig sin. Ní féidir comparáid dlisteanach a dhéanamh idir Ceanada, go háirithe, agus an tír seo. Tá 40 milliún duine i gCeanada, 6 mhilliún cainteoirí Fraincise ina measc. Is cainteoirí aonteangacha Fraincise iad 1 milliún acu sin. Tá na húdaráis ansin ag plé le scálaí ollmhóra ar fad. Go deimhin, má tá áiseanna teagaisc ag teastáil le haghaidh cúrsaí oideachais i gCeanada, muna bhfuil áis teagaisc éigin ar fáil i gCeanada, beidh sé ar fáil sa Fhrainc. Tá 50 milliún duine ina gcónaí ansin. Níl comparáid dlisteanach idir an tír seo agus Ceanada. Tá comparáid i bhfad níos gaire idir an tír seo agus an Bhreatain Bheag. Tá rudaí le foghlaim againn ón Bhreatain Bheag. Tá rudaí le tabhairt againn don Bhreatain Bheag freisin. Tá dea-shamplaí le fáil sna dlínsí sin. Tá teagmháil rialta againn leis na coimisinéirí teanga sa dá dhlínse sin.

Níl a fhios agam an féidir leis an gcoimisinéir léargas a thabhairt óna cúraimí fhéin. D'ardaigh mé ceist sa Seanad coicís ó shin maidir leis na liúntais breise a fhaigheann gardaí atá lonnaithe sna Gaeltachtaí. De réir an méid a léiríodh dom, cé go bhfuil titim an-mhór tagtha ar líon na ngardaí i dTír Chonaill a fhaigheann an liúntas Gaeltachta, tá 49 duine fós i gceist. An bhfuil aon cheangal idir sin agus an chás seo ar an mBun Beag, áit nach raibh Gaeilge ag ochtar as naonúr garda? An bhfuil an tUasal Ó Cuirreáin in ann aon léargas a thabhairt dúinn ar an gceist sin? Ar tháinig sé isteach san imscrúdú ar chor ar bith?

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Níor tháinig. Níor bhain an t-imscrúdú ach le fáil a bheith ar ghardaí le Gaeilge sa cheantar. Níor bhain sé le ceist an liúntais a bheith á híoc leo. Íoctar liúntas le gardaí áirithe i gceantair áirithe Gaeltachta. Ní rud coitianta é seo. Is dóigh liom go dtéann an rialachán seo siar go dtí 1930. Ní íoctar an liúntas ach i nGaeltachtaí na Gaillimhe, Dhún na nGall agus Ciarraí. Tá fadhbanna - anomalies, mar a deirtear - ag baint leis seo. Má tá cainteoir dúchais Ghaeilge as Gaeltacht Chorcaí ag obair mar gharda sa Daingean, is féidir leis liúntas breise a fháil de bharr go bhfuil sé ag obair trí Ghaeilge agus trí Bhéarla. Ní bhfaighfidh cainteoir dúchais Gaeilge as Gaeltacht Chiarraí atá ag obair mar gharda i nGaeltacht Chorcaí an liúntas, áfach. Tá na rialacháin chomh seanfhaiseanta sin nár déarnadh aon athnuachan orthu. Tuigim go bhfuil Coimisinéir an Gharda Síochána ag breathnú orthu i láthair na huaire. Níl aon cheangal díreach idir liúntas breise do na gardaí agus ceist na Gaeilge i nGaoth Dobhair sa chás seo. Bhreathnaigh mé ar cheist simplí amháin a heascraíonn as fo-alt de chuid Acht an Gharda Síochána 2005, ina ndeirtear gur chóir don choimisinéir gardaí le Ghaeilge líofa a chur ar dualgas sa Ghaeltacht. Ní raibh sé sin déanta i gcás Gaoth Dobhair.

Tá ceist agam faoin na ceantair lasmuigh den Ghaeltacht. Thug an coimisinéir léargas an-soiléir dúinn ar an leibhéal Gaeilge gur chóir dúinn bheith ag súil leis ó ghardaí sa Ghaeltacht. Cad é an leibhéal Gaeilge gur chóir dúinn bheith ag súil leis, mar shaoránaigh, ó ghardaí lasmuigh den Ghaeltacht? Uaireanta déanann sé tinneas dúinn nach féidir teacht ar gharda le Gaeilge nuair atá daoine óga ag déanamh a gnóthaí féin agus nuair a iarann gardaí iad a stopadh. Tosaíonn na daoine óga leis an Ghaeilge, ach casann an garda agus deireann sé leo Béarla a labhairt. Cothaítear coimhlint láithreach nach cóir a bheith ann. Casann cuid de na daoine óga ar an Bhéarla ansin ionas nach mbeidh an coimhlint sin ann, ach leanann cuid eile acu leis an Ghaeilge mar feiceann siad dúshlán ann nuair a iarann gardaí orthu Béarla a labhairt.

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Tá an reachtaíocht soiléir go maith ar seo freisin. Tá scéim teanga nó plean teanga daingnithe ag an Gharda Síochána faoi Acht na dTeangach Oifigiúla. Deirtear sa scéim teanga sin, atá fós i bhfeidhm, go bhfuil sé de cheart ag aon saoránach a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge nó trí Bhéarla leis an Garda Síochána. Ní chuireann sin dualgas ar ghach garda Gaeilge a bheith aige nó aici. An rud a chiallaíonn sé ná, muna bhfuil Gaeilge ag an gharda áirithe sin, gur ceart dó duine le Gaeilge a fháil le déileáil leis an bhall den phobal atá i gceist.

Tá cearta ar leith ag duine atá gafa ag an Gharda Síochána gach chuid dá chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge gan cheist. Is é sin má tá duine gafa agus tugtha go dtí stáisiún na ngardaí. Níl aon cheist faoi sin. Is gá gur féidir gach píosa gnó a dhéantar leo a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Ach sa gcás go n-iarann duine ar gharda a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, tá sé de cheart ag an gharda sin, muna bhfuil líofacht bhunúsach aige nó aici, iarradh ar chomhghleacaí a theacht i gcabhair air nó uirthi. Níl aon dualgas, dar liom, ar an bhall den pobal Béarla a labhairt mar gur Béarla atá ag an gharda. Molaim i gcónaí go mbeadh daoine ag comhoibriú leis an Gharda Síochána, ach tá dualgais ar an Gharda Síochána freisin agus tá dualgas teanga i gceist chomh maith le gach rud eile.

Tá failte roimh na finnéithe. Níl ach beagán Gaeilge agam agus mar sin, I will put my questions in English.

I gather from what has been said that the law provides that people can conduct business through Irish, particularly in Gaeltacht areas. With regard to the use of Irish, in the courts in particular, we do not have a court operation that is alive to the need to listen to, prosecute, defend and arrive at judgments in cases, whether commercial, civil or other cases. However, this is what is at the heart of the desire to have a living language. I am not sure this observation is relevant, but I would like the commissioner to comment on it.

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Is féidir liom freagra a thabhairt i nGaeilge má tá córas aistriúcháin ar fáil. An bhfuil?

An tUasal Ó Cuirreáin will answer in Irish, but a translation will be available on the earphones.

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta as a cheist. Tuigim go díreach an phointe atá á dhéanamh, go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an teanga á úsáid sna cúirteanna i gcásanna sibhialta agus i gcásanna a bhaineann le cúrsaí gnó agus a leithéid. Tá áthas orm a rá go mbíonn cásanna áirithe á n-éisteacht go hiomlán trí Ghaeilge. Tarlaíonn seo go háirithe ag leibhéal na hArd Cúirte go mbíonn an fhianaise á thabhairt - i gcásanna sibhialta den chuid is mó - trí Ghaeilge. Faraoir, rómhinic is cásanna faoi chúrsaí Gaeilge a bhíonn i gceist, seachas cásanna a bhaineann leis an saol i gcoitinne. De ghnáth, is ábhar éigin ceangailte le cearta teanga, b'fhéidir cearta faoin mBunreacht a bhaineann le cúrsaí teanga, a bhíonn i gceist.

Cinnte, le roinnt blianta anuas, tá eolas agam ar a laghad faoi cúig nó sé cásanna a éistíodh go hiomlán trí mheán na Gaeilge inar thug an dá thaobh, an dream a bhí ag tógáil an cháis agus an Stát, an fhianaise ar fad trí mhéan na Gaeilge. Is eisceachtaí iad na cásanna seo ceart go leor, ach bíonn cásanna áirithe sa Ghaeltacht á reachtáil trí Ghaeilge. Aontaím go hiomlán leis an Teachta go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an teanga á úsáid i ngach gné de shaol na tíre. Is comhartha é ar aon teanga bheo go mbeadh sí á úsáid sna cúirteanna, i dTithe an Oireachtais, i gcúrsaí creidimh, i gcúrsaí spóirt, i gcúrsaí cumarsáide agus i gcúrsaí an tsaoil. Caitear foclóir a fhorbairt i rith an ama agus tá sé tábhachtach go mbeadh an fhoclaíocht sna cúirteanna chomh maith le gach áit eile. Aontaím go hiomlán leis an dearcadh atá ag an Teachta go bhfuil sé sin tábhachtach.

I welcome the commissioner. I spent last Sunday in the Gaeltacht in County Kerry meeting different groups to discuss their issues of concern. Last Thursday, as I was travelling home from Leinster House, I listened to a radio debate on the cost of maintaining the Irish language. It was mainly concentrated on putting down the language and giving out about the cost of translation in keeping the language alive. I was really angry with those coming out with this rubbish. What do they want? As well as its importance as part of our heritage, it is a living language in Gaeltacht areas. Gaeltachts area are living entities; they are also area to which students and others go to learn the language. Do these critics want to shut these businesses down and put more people in the dole queues? It was shocking to hear what was said on that programme last Thursday night on which people were giving out about the Irish language.

I welcome the commisioner and commend him for the role he performs. It is great his office is in place and I hope it will remain in place for a long time to come to fight for and ensure compliance with the obligations laid down. It is also incumbent on us all not to go down the river with the fanciful idea of some media commentators who would like to see the Irish language being done away with. They are seeking to achieve this by highlighting the costs involved and making use of the tough economic times we are living in to put down the language. That is nonsense and I do not agree with them. I am delighted and proud that some people are employed because of the promotion of the Irish language and hope that will continue for many years to come. Is it not better to see someone employed than in the dole queue?

I encourage and support the commissioner in the work he is doing. I am sure he has the support of the majority of Members of the Dáil and the Seanad.

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Is mór agam a thacaíocht agus táim an-bhuíoch dó as an tacaíocht sin a léiriú don obair atá ar siúl againn. Ba mhaith cúpla focal a rá faoi chostais. Bíonn go leor, leor cainte ar chostais a bhaineann le aistriúcháin. Is ceann de na myths mór é go n-aistrítear gach cáipéis Stáit go Gaeilge. Ba mhaith liom an deis seo a thapú inniu le rá le Baill Thithe an Oireachtais gur fíor bheagán aistriúcháin a dhéantar ar cháipéisí oifigiúla Stáit, agus is costas an-bheag é i gcomparáid leis an céatadán mór de chostais eile a bhaineann ar thaobh an Bhéarla. Ó thaobh na meáin de, tá an miotas sin cruthaithe le blianta go bhfuil costas ollmhór ag baint le cúrsái teanga, ach geallaim gur céatadán fíor bheag ar fad é as an mbuiséad náisiúnta.

Tá daoine áirithe a bhaineann leas agus úsáid as an gcúlú eacnamaíochta anois chun argóint a dhéanamh an teanga a bhrú ar leataobh. Mar a deirtear, "It is a pity to waste a good crisis" agus feictear gur deis í sin le buille a bhualadh in aghaidh na teanga agus in aghaidh an chultúir agus a leithéid. Ach ní chreidim go naontódh formhór an phobail sa tír leis sin. Tá a fhios agam go bhfuil suirbhé amháin déanta ag grúpa eolaithe in Ollscoil na hÉireann i Má Nuad inar léirigh 93% de phobal na tíre tacaíocht don teanga. Léirigh siad gur mian leo go mairfidh an teanga agus go bhfaighfidh sí tacaíocht. Is níos lú ná 7% de phobal na tíre a bhíonn naimhdeach i gcoinne na teanga. Ní dóigh liom go mbeadh sé sin le sonrú i gcuid áirithe de na meáin sa tír seo. Ach tá daoine eile sna meáin atá ar fheabhas ar fad. Tá daoine sna meáin atá an-bháiúil agus a thugann an-tacaíocht don Ghaeilge.

Níor mhaith liom a bheith cáinteach ar ghach duine sna meáin, ach cinnte déantar iarracht an scéal a scaipeadh uaireanta go bhfuil costas ollmhór bainteach le gach rud a bhaineann le cúrsaí Gaeilge.

Is cuimhin liom roinnt blianta ó shin - seo sampla amháin - go raibh caint ar phlean áirithe a bhí le n-aistriú go Gaeilge agus gur dúradh gur chosain sé €10,000 é a aistriú. Plean forbartha contae a bhí ann. Nuair a lorg muid an praghas ar an phlean a chur le chéile i mBéarla, fuair muid an figiúr de €336,000. Bhain an leagan Gaeilge le 3% de sin, ach fós féin, bhí an díospóireacht ar fad dírithe ar an bhféadfaí an t-airgead sin a shábháíl seachas ar an €336,000 a caitheadh ar an phlean a réiteach. Mar a dúirt an Teachta, bíonn an fócas mícheart ann uaireanta.

Go raibh maith agat. Tá clár againn don lá inniu agus tá ábhair fé leith ar an gclár. Táimid ag iarraidh dul tríd an gclár agus ansin tiocfaidh muid ar ais ar na ceisteanna ginearálta. Ligfidh mé don Teachta Mathews teacht isteach anois agus ansin an Teachta Mulherin.

With regard to what Deputy Michael Healy-Rae said about the whingers, they are unhappy people. In the field of education, at school and college, we must put a premium and make a positive presentation on our national language. I am all for giving premium points for both pass and honours courses in Irish in terms of college entry in order to change the negative viewpoint of students. This would turn around negative attitudes if students knew that instead of getting 100 points, they could receive 150 points for doing honours Irish or 130 points for doing pass Irish. The numbers speak for themselves. It would not even have to be packaged or marketed. All we would need do is announce new assessment points figures in next year's leaving certificate Irish examinations and there would be a rush to take Irish.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an gcoimisinéir. Níl an Ghaeilge go líofa agam, ach tá mé chun iarracht a dhéanamh í a labhairt. Ar an gcéad dul síos, tá scéal gearr le n-insint agam. Táím i mo chónaí i gContae Mhuigh Eo agus coicís ó shin bhuail mé le cúpla turasóir a bhí ag tiomáint timpeall an chontae agus an iarthair. D'fhiafraigh siad díom cá raibh Belmullet mar ní fhaca siad aon chomhartha le "Belmullet" ar na bóithre. Níl ar na comharthaí ach Béal an Mhuirthead. B'as an Ghearmáin na turasóirí seo. Bhí léarscáil acu agus chonaic siad go raibh Belmullet ar an N59, ach sin an t-aon chaoi arbh fhéidir í a aithint. Is é mo thuairim nach bhfuil an córas seo praiticúil agus is dóigh liom gur sin tuairim go leor de mhuintir dúchais Ghaeltacht Mhuigh Eo. Níl seo praiticiúil don ghnó ná do thurasóirí. Ceapaim go bhfuil obair an choimisinéara an-tábhachtach don teanga and it is very important we support him, but we must be practical.

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Maidir le Béal an Mhuirthead agus na comharthaí bóthair, ní mise a dhéanann na rialacháin. Sibhse a dhéanann na rialacháin. An jab atá agamsa ná na rialacháin a chur i bhfeidhm. Is insan dlí a leagtar síos go mbeidh comharthaí bóthair sa Ghaeltacht i nGaeilge.

Níl ionam ach backbencher.

Cad é tuairim an choimiséara ar seo?

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Is ionann ceist a chur ormsa faoi chéard é mo thuairim pearsanta faoi seo agus ceist a chur ar gharda faoi céard é an tuairim atá aige faoi thiomáint faoi luas. Níl aon tábhacht, ar bhealach, le mo thuairim faoi seo, ach le bheith cabhrach leis an Teachta, ba mhaith liom an pointe seo a dhéanamh. Sílim nach raibh fadhb leis an gcomhartha bóthair i Mhuigh Eo, ach go raibh fadhb leis an léarscáil agus gur cóir go mbeadh Béal an Mhuirthead ar an léarscáil freisin - go mbeadh an dá rud ag teacht le chéile.

Feictear domsa, má thógann tú áit cosúil le Gort a'Choirce nó Indreabhán i gConamara, áit a bhfuil mise i mo chónaí anois, nó Gaoth Dobhair nó An Daingean nó Baile an Fheirtéaraigh, go bhfuil meas agus bród ag daoine as a gceantar féin agus gur maith leo an t-aitheantas gur ceantar Gaeltachta é. Tá sé tábhachtach dóibh an t-aitheantas sin a bheith acu. Aistríodh na hainmneacha sin go Béarla blianta fada ó shin agus anois, d'achtaigh sibhse, mar Bhaill den Teach seo, reachtaíocht a chur na leaganacha Gaeilge in uachtar sa Ghaeltacht. An jab atá agam ná a chinntiú go gcuirtear é sin i bhfeidhm. Ar bhealach, ní gnó domsa é an deacracht a bhí ag na turasóirí, ach is freagra simplí ar an scéal do na cuairteoirí sin ná go mbeadh an léarscáil ag teacht leis an gcomhartha. Ba bhreá liomsa go pearsanta go mbeadh An Spidéal, Indreabhán, An Cheathrú Rua agus Leitir Mór scríofa ar léirscáileanna agus na comharthaí bóthar, seachas cinneadh a dhéanamh gach rud a aistriú go Béarla. Sin é mo thuairim ar an ábhar.

Maidir leis an pointe a rinne an Teachta Mathews maidir le premium breise a thabhairt do dhaltaí, fáiltím roimh rud ar bith a chabhródh leis an teanga a chur chun cinn sa chóras oideachais. Sílim go bhfuil bunfhadhb ollmhór againn sa tír seo, go bhfuil 500,000 dalta scoile gach lá den tseachtain, Luan go hAoine, ag fáil oideachais trí Ghaeilge ach nach bhfuil ag úsáid na teanga taobh amuigh den chóras scoile. Tá siad ag foghlaim na Gaeilge ar scoil, ach ní bhaintear úsáid as níos deireannaí. An chéad chúis atá leis sin ná nach bhfuil an líofacht acu maith go leor, go dteastaíonn atheagar iomlán ar an mbealach a múintear an teanga sa chóras oideachais. Ba chóir go mbeadh líofacht mhaith ag páistí ag fágáil na scoile tar éis a bheith ag foghlaim na teanga ón aois cúig bliana d'aois go dtí 18 d'aois. Bíonn siad ag foghlaim na teanga ar feadh tréimhse 13 agus caitear cuid mhór ama ar sin. Faigheann an gnáth dalta scoile 1,500 uair a chloig de theagasc i nGaeilge.

Gan ocras - with no mental appetite.

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Aontaím leis an Teachta. De bharr sin, sílim gurb é an rud a theastaíonn ná go gcuirfear eagar ar sin le go mbeidh toradh níos fearr air. Caithfear cabhrú leis na páistí. Caithfear cabhrú leis na daoine óga agus caithfear an Ghaeilge a dhéanamh mealltach dóibh ionas go mbeidh spéis acu inti agus go dtuigfidh siad cén fáth go bhfuil sí dhá fhoghlaim. Rinne muid rud simplí anuraidh. Rinne muid forbairt ar phacáiste oideachais a chuaigh go dtí gach scoil sa tír a mhínigh rud éigin do pháistí faoi cén fáth a fhoghlaimíonn siad an teanga, a chuir an rud a bhaineann le cearta teanga isteach i gcomhthéacs cearta daonna - an ceangal idir language rights, human rights agus a leithéid. Tá sin á mhúineadh anois i scoileanna na tíre agus is maith an rud é.

Aontaím leis an Teachta, rud ar bith a chuirfidh feabhas ar mhúineadh na Gaeilge a gheobhaidh toradh níos fearr air, bíodh sé mar mharcanna breise, atheagar ar an chúrsa, tuilleadh áiseanna, tuilleadh téacsleabhar, áiseanna teagaisc, videos, DVDs agus, go háirithe, tréimhsí a chaitheamh sa Ghaeltacht. Feictear dom féin go dtagann feabhas ollmhór ar dhaoine óga nuair a théann siad chun na Gaeltachta. Nuair a chaitheann siad roinnt seachtainí ar choláistí samhraidh sa samhradh, athraíonn sin ó bhonn an cumas teanga atá acu ina dhiaidh sin. Ba cheart breathnú ar na rudaí sin.

Is fiú 200 pointe é sin.

Tríd an gCathaoirleach le do thoil. Tiocfaidh mé ar ais chuig an Seanadóir ar ball ach ba mhaith liom leanacht ar aghaidh leis an gclár anois. An dara rud ar an gclár ná an Roinn Coimirce Sóisialaí. An bhfuil aon cheist ag éinne mar gheall ar an tuarascáil a fhoilsíodh faoi sin?

B'fhéidir go bhféadfadh an coimisinéir soiléiriú a thabhairt ar an gcás seo agus cé chomh tábhachtach agus atá sé. De réir mar a thuigim, fuaireadh réidh leis an éigeanteacht ó thaobh daoine a fhostú sa Stát Seirbhís. Bíonn go leor daoine ag clamhsáin liomsa, ach go háithrithe, go dtéann siad isteach in oifigí Stáit agus mar sin de agus nach féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh le daoine as Gaeilge. Cuirtear an milleán i gcónaí ar nach bhfuil foireann le Gaeilge ar fáil. Mar shampla, ar an gCeathrú Rua, dúnadh an oifig mótarchánach ar feadh tréimhse áirithe mar nach raibh ball foirne ar fáil le Gaeilge le freastal ar an bpobal san oifig sin.

Maidir leis an gcás a bhaineann leis an Roinn Coimirce Sóisialaí, cé chomh tromchúiseach is atá an cheist seo i ndáiríre? Táimid ag caint ar chóras ina raibh daoine in ainm agus buntáiste a fháil, mar go raibh Gaeilge acu, insan córas earcaíochta agus dá bhrí sin go mbeadh níos mó daoine sa státchóras le Gaeilge fostaithe, mar chineál payback ar fáil réidh leis an éigeantacht sa státchóras. Baineann an fiosrúchán a rinne an coimisinéir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí, ach cé chomh forleathan atá an fhadhb seo ina thuairim? An féidir leis an gcoimisinéir tuairim a thabhairt faoi sin?

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Is féidir liom tuairim a thabhairt faoi. Cuirfidh mé ar an mbealach seo é. Is dóigh go bhfuil sé seo ar an ábhar is tábhachtaí gur dhéileáil m'oifig leis san ocht mbliana ó bunaíodh í, ar an chúis seo. I lár na seachtóidí, cuireadh deireadh le riachtanas Gaeilge sa Stát Seirbhís agus tugadh isteach córas ina áit. Dúradh nach mbeadh sé éigeantach ag daoine Gaeilge a bheith acu níos mó le post buan a fháil sa Stát Seirbhís, ach gealladh marcanna bónais dá mba rud é go raibh Gaeilge ag an duine. Dúradh go dtabharfaí aitheantas breise don Ghaeilge. Fuair muid amach roinnt blianta ó shin nach raibh an córas sin á fheidhmiú i leath na Ranna Rialtais ar chor ar bith. Stopadar leis fad agus a bhain sé le comórtais ardú céime inmheánach agus ní raibh siad ag tabhairt na marcanna ar chor ar bith.

Anois tá sé faighte amach againn, insan leath de na Ranna agus oifigí Rialtais a bhí ag tabhairt na marcanna, nach raibh sé á dhéanamh mar is ceart. Ní raibh siad á thabhairt do gach duine a chur ar chomórtas. Ní raibh siad á thabhairt do dhaoine ach ar éirigh leo sa chomórtas fáil chomh fada leis an chéim deireanach le bheith ar an bpainéal. Mar sin dáiríre, ba chur amú ama a bhí ann do formhór na ndaoine a gcuid cumais Ghaeilge a lua ar chor ar bith. Muna bhfuair siad chomh fada leis an bpíosa deireanach den chomórtas, níor cuireadh san áireamh é. Níorbh é sin an rud a bhí i gceist nuair a cuireadh deireadh le riachtanas Gaeilge sa Stát Seirbhís. Níorbh é sin an rud a bhí i gceist nuair a cuireadh amach ciorclán adúirt go bhfaighfeá marcanna breise má bhí Gaeilge agus Béarla agat.

De thoradh sin, tá caighdeán na Gaeilge tríd is tríd sa Stát Seirbhís tite. Thart ar dhá bhliain ó shin, chuir an Roinn Oideachais in iúl dom nach raibh ach 1.5% d'fhoireann riaracháin na Roinne in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge. De thoradh sin, tá costas dhá chur ar an Stát. Má thagann litreacha isteach i nGaeilge, caithfidh an Stát iad a chur amach go minic chuig comhlachtaí aistriúcháin. Caithfear an litir a aistriú ó Ghaeilge go Béarla. Caithfear an freagra a chumadh i mBéarla agus é a sheoladh amach le haghaidh aistriúcháín agus cuirtear moill agus costas ar an Roinn dá bharr sin. Ba cheart agus tá géarghá le polasaí dearfa earcaíochta le daoine le Gaeilge a fhostú sa Stát Seirbhís. Rud an-dearfach a bheadh ansin. Níl aon bhealach eile le seo a dhéanamh.

Tharla seo i dTuaisceart Éireann ar bhealach an-simplí leis an PSNI. Tugadh isteach córas le daoine ó chúlra náisiúnach a mhealladh isteach sa PSNI agus tugadh deiseanna agus buntáistí breise ar feadh píosa. D'éirigh chomh maith leis an bpolasaí sin agus tháing oiread daoine isteach ó chúlra náisiúnach sa PSNI gur fhéad leo deireadh a chur leis an earcaíocht dearfa sin tar éis ocht mbliana. Teastaíonn a leithéid de chóras uainn anois le líon na ndaoine le Gaeilge i gcóras poiblí na tíre seo a mhéadú - ar feadh roinnt blianta go dtí go mbeidh céatadán áirithe de dhaoine le Gaeilge ar ais sa chóras poiblí. Níl aon chostas breise leis seo ar chor ar bith. Is am an-mhaith é leis an bpolasaí a athrú anois, nuair nach bhfuil earcaíocht ag tarlú. Nuair nach bhfuil earcaíocht ag tarlú, ní féidir le héinne a rá go bfhuil siad faoi mhíbhuntáiste mar níl éinne dá ngearradh amach as an lúb i láthair na huaire dá na n-athrófaí anois é. Dá ndéarfaí faoi cheann dhá bhliain nó trí bliana gurb iad seo na rialacha agus go mbeidh 10%, 20% nó pé céatadán é de dhaoine á dtabhairt isteach iomlán líofa i nGaeilge le go mbeadh siad in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla, ciallódh sin dhá rud. Ciallódh sé go mbeadh daoine le Gaeilge ar fáil le seirbhísí a chur ar fáil. Freisin, thabharfadh sé an premium go raibh an Teachta Mathews ag caint air ar ball. Thabharfadh sé luach saothair bhreise do dhaoine go raibh Gaeilge acu. Bheadh sé níos fusa ag múinteoirí a mhíniú do dhaoine cén fáth go raibh siad ag múineadh na Gaeilge, mar bheadh buntáistí breise praiticiúla le fáil dá thoradh. Déanann sé ceangal idir foghlaim na Gaeilge agus úsáid na Gaeilge níos deireannaí. Sin í an fhadhb atá againn i láthair na huaire, ach, faraoir, tá an rud seo faoi gan marcanna bónais a bheith á dtabhairt sa tseirbhís phoiblí coitianta ar fud na seirbhíse poiblí.

An rud is mó a chuireann imní orm féin ná, rinne mé cinneadh go raibh sárú reachtúil anseo ach níor dearnadh aon achomharc go dtí an Ard Chúirt in aghaidh an chinnidh. Má creideadh go raibh mé mícheart, sílim gur ceart achomharc a bheith déanta, ach níor dearnadh achomharc. Ach fós féin, níl na moltaí á gcur i bhfeidhm mar go bhfuil siad ag rá go bhfuil siad ag cloí le cód cleachtais agus nach bhfuil daoine eile á chur i bhfeidhm agus go raibh sé seo socraithe le fada ar an mbealach seo. Fiú má bhí sé socraithe le fada, bhí sé mícheart. Ba cheart do Thithe an Oireachtais dul i ngleic leis sin, leis an dá cheist sin - earcaíocht sa tseirbhís phoiblí agus daoine le Gaeilge a thabhairt isteach ann agus córas le cinntiú go dtugtar aitheantas do dhaoine le Gaeilge nuair atá ardaithe céime á dtabhairt sa tseirbhís phoiblí.

Maidir le meon na Roinne sin, braithim ón méid atá scríofa ag an gcoimisinéir agus ó bheith ag léamh na tuarascála go rabhadar ag déanamh beag is fiú i ndáiríre don chaidreamh idir Oifig an Choimisinéara agus iad féin. An bhfuil sé sin ceart? An bhfuil an ceart agam nach raibh siad ag déanamh mórán imní faoin méid a bhí á rá leo? Cén chaoi a bhfuil an caidreamh leis an Ranna éagsúla ar an gcaoi sin? An dtugtar aird ar Oifig an Choimisinéara? An dtuigeann daoine gurb é seo dlí na tíre agus go bhfuil dualgas orthu é a chur i bhfeidhm?

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Ba cheart dom a rá go bhfuil an Seanadóir mícheart, sa mhéid is go raibh an-chaidreamh againn leis an Roinn agus bíonn go leanúnach. Tá an caidreamh ar fheabhas agus go ginearálta is Roinn í a dhéanann cuid mhór oibre ar son cur chun cinn na teanga agus cuireann sí seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge. Bhí ceist an-sonrach i gceist anseo - ar cheart dóibh marcanna bónais a thabhairt do dhaoine áirithe, ar chainteoirí líofa Gaeilge iad, a bhí ag cur isteach ar chomórtais ardú céime. Ní bhfuair na daoine seo na marcanna, mar gur gearradh as an áireamh iad ag tráth gur cóir dos na marcanna a bheith tugtha dóibh. Tríd is tríd, tá comhoibriú an-mhaith againn leis an Roinn Coimirce Sóisialaí ar cheisteanna go gcoitinne. Rinneadar cinneadh, praiticiúil óna dtaobh siúd, agus thugadar gach fianaise agus eolas a d'iarr muid le haghaidh an fiosrúchán a dhéanamh. Cé nár ghlac siad leis an dtoradh, ní dhearna siad achomharc.

Bheinn i bhfad níos sásta dá ndéanfadh siad achomharc go dtí an Ard Chúirt. Ansin, dá gcaillfinn an cás san Ard Chúirt, déarfainn "Okay, tá cinneadh cúirte déanta ar seo." Táimid fágtha sa mbealach go bhfuil cinneadh déanta agamsa, ní dhearnadh achomharc air, ach níor cuireadh na moltaí i bhfeidhm. Feictear domsa gur dúshlán é sin do Thithe an Oireachtais dul i ngleic leis sin, mar tríd agus tríd, as na himscrúduithe ar fad atá déanta againn, níl ach trí cinn, in imeacht na n-ocht mbliana ó bunaíodh an oifig, gur b'éigean domsa tuarascáil speisialta a chur faoi Thithe an Oireachtais. De ghnáth, cuirtear moltaí imscrúduithe i bhfeidhm. Tá comhoibriú maith tríd agus tríd againn le formhór na Ranna éagsúla. Ní bhíonn sé i gcónaí dearfa. Mar a dúradh liom nuair a thosaigh mé sa phost seo - "Yours will never be a popular office". Ní maith le Ranna Rialtais nuair a deirtear leo gur gá dóibh na rudaí seo a dhéanamh ach go ginearálta, tá an caidreamh dearfa go maith.

Cé tá freagrach as an fhadhb seo? Is cosúil go bhfuiltear ag bualadh in aghaidh balla agus nach bhfuil dul chun cinn ar bith á dhéanamh. An bhfuil Airí Rannach freagrach as an gcinneadh seo a chur i bhfeidhm sna comhlachtaí poiblí?

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Sílim go bhfuil Airí agus Ard-Rúnaithe Roinne i gcoitinne freagrach as riarachán a gcuid Ranna féin, ach is dóigh go bhfuil ceisteanna lárnacha anseo a théann i dtreo na Roinne Airgeadais agus, go háirithe, chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Roinn nua a bunaíodh. Is é an Roinn nua sin a stiúrann cúrsaí don Stát Seirbhís. Is iad sin a leagann síos na rialacháin. B'fhéidir sa treo sin gur gá breathnú idir soiléiriú agus treoir cinnte a thabhairt dos na Ranna gur gá dóibh cloí leis na marcanna bónais seo. É sin, nó b'fhéidir go bhfuil sé tráthúil anois go mbeadh polasaí úrnua earcaíochta agus ardaithe céime á fhorbairt mar chuid den athchóiriú seo. Mar a deirim, bheadh airgead á shábháil ag an Stát dá ndéanfaí é sin. San áit go bhfuil stát seirbhísigh cumasach i nGaeilge agus i mBéarla, níl aon chostas breise orthu a gcuid oibre a dhéanamh. Mar shampla, duine atá ag obair leis na Coimisinéirí Ioncam agus gurb é an jab atá aige ná cáin ioncaim a sheiceáil agus bhailiú, bíodh sé á dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge, tá an costas céanna air. Mar sin, is sábhailt airgid a bheadh i gceist leis seo.

Unfortunately, I speak very little Irish. In endeavouring to beat Irish into us when I was going to school, they beat it out of us. That was the problem. I remember having a very rough time with Peig, although I was actually able to answer most of the questions on it. It is a sad reflection on the education system that students spend ten, 12 or more years in school and speak very little Irish at the end of it.

The commissioner used the word "fluency". It is not just about having road signs in Irish, but in that regard, we need a standard system rolled out throughout the country. That is where the challenge lies.

The Gaelscoil in Shannon, Gaelscoil Donncha Rua, has practically doubled in size in the past four years. Therefore, there is a willingness to have children educated through Irish. We must raise the bar in that regard and establish a standard to be applied throughout the country. Gaelscoileanna are treated as if they are second class; they do not receive the same level of support as other schools. The accommodation provided in many towns is poor and it is only through the efforts of Irish teachers and local communities that they keep going. The Department of Education and Skills must examine its role in the provision of proper accommodation; it must provide the proper support for those who are endeavouring to keep the language alive.

I am glad to hear the commissioner is trying to roll out a standard system across the country. Will he elaborate on how the level of fluency will be improved? Senator Trevor Ó Clochartaigh is fluent and I admire him for using Irish regularly in the Seanad.

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Ó thaobh líofachta de, ba mhaith liom an méid seo a rá. Má théann an ghnáth pháiste scoile, i gContae an Chláir, i Sionann nó in aon áit eile, ar scoil ag ceithre nó cúig bliana d'aois, faigheann sé 13 bliana de oideachas. Ba chóir go mbeadh líofacht bhunúsach aige. Níl mé ag caint ar líofacht iomlán ach ba chóir go mbeadh sé in ann rudaí simplí a dhéanamh, mar shampla Nuacht TG4 a thuiscint agus Gaelscéal, Foinse nó an colún Tuarascáil i The Irish Times a léamh agus a thuiscint. Cheapfá nach mbeadh sé sin ró-dheacair tar éis 13 bliana de oideachas. Sílim gur gá dúinn breathnú athuair ar an mbealach a múintear an teanga agus na torthaí a baintear amach. Tá sé sin tábhachtach agus tá mise á mholadh sin le roinnt blianta.

Ní dóigh liom gur leor a bheith ag déanamh mion rudaí anseo agus ansiúd, mar shampla méadú marcanna don bhéalscrúdú Ghaeilge san ard teist nó seo nó siúd a dhéanamh. Teastaíonn go mbreathnófaí níos fuarchúisí agus ar bhealach níos iomláine ar an bpróiseas ar fad a bhaineann le múineadh na Gaeilge le torthaí níos fearr a bhaint amach.

Aontaím leis an Seanadóir go bhfuil na gaelscoileanna tábhachtach, ach caithfear smaoineamh nach dtéann ach 6% de pháistí na tíre seo chuig gaelscoileanna i láthair na huaire. Tá 94% de pháistí scoile a théann tríd an ghnáth chóras oideachais.

Tá dúshlán mór sa dá chuid den chóras, ins an ghnáth chuid a bhaineann le scoileanna a bhfuil formhór den teagasc trí Bhéarla agus ins na gaelscoileanna. Táthar ag caint ar chéatadán an-bheag, cé go bhfuil sé tábhachtach. Ba bhreá liom go mbeadh áiseanna agus deiseanna i bhfad níos fearr ag na gaelscoileanna ar fad ach is ceist í sin don Roinn Oideachais agus Scileanna.

Don chuid eile den chruinniú, osclófar an díospóireacht amach dos na hábhair eile, Ard-Mhúsaem na hÉireann, an HSE agus an scéimeanna teanga. Má tá ceist ag duine ar bith ar na hábhair sin cuirtear anois í.

Nótáilim an dáiríreacht a bhainean leis an dá chás eile, go háirithe ó thaobh an HSE agus Ard-Mhúsaem na hÉireann de. Sílim gur ceist faoi leith a bheidh ann maidir le ról na Roinne sa chás seo ar fad.

Deir an coimisinéir gur leag sé imscrúdú os comhair Thithe an Oireachtais. An bhféadfadh sé míniú a thabhairt ar céard go díreach a chiallaíonn sé sin? Faoin Acht, cad iad na cumhachtaí atá ag Tithe an Oireachtais feidhmiú ina dhiaidh sin?

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Rinne an oifig cuid mhaith imscrúdaithe in imeacht na mblianta agus cuid mhaith fiosrúchán. I bhformhór na gcásanna deileáltar leo gan aon deacracht agus réitítear iad. I gcásanna áirithe déanaimid imscrúdú foirmiúil, déanaimid cinne ansin an bhfuil sárú i gceist agus déanaimid moltaí. Formhór an ama, glactar leis na moltaí, cuirtear i bhfeidhm iad agus ní bhíonn aon fhadhb ann.

Tá mé tar éis tagairt a dhéanamh do thrí chás nár éirigh leis an bproiséas sin, is é sin go ndearnamar moltaí agus nár dearnadh aon athchuairt go dtí an chúirt ach nár cuireadh na moltaí i bhfeidhm. Nuair a tharlaíonn sé sin, an t-aon údarás atá fágtha agamsa, mar Choimisinéir Teanga, ná tuarascáil a chur chuig Thithe an Oireachtais. Rinne mé sin trí huaire. Is gnó é ansin do Thithe an Oireachtas cinntiú conas a déanfar láimhseáil air seo. Go bunúsach is é atá mise á thuairisciú ins an trí chás sin do Thithe an Oireachtas ná go bhfuil gné áirithe de dhlí na tíre á shárú ag an trí chomhlacht poiblí seo. Is gnó ansin é do Thithe an Oireachtais, más mian leo, dul i ngleic leis na comhlachtaí poiblí sin agus iarraidh orthu rud éigin a dhéanamh faoi. Ach feictear dom gur daoibhse é sin a oibriú amach.

Nuair a deir an coimisinéir go gcuireann sé tuarascáil os comhair Thithe an Oireachtais, céard go díreach atá i gceist? An dtéann an tuarascáil chuig Aire faoi leith, chuig an Taoiseach nó chuig an Roinn Stáit a bhí ag plé leis? An é atá ins an reachtaíocht go bhfuil cumhachtaí againn, an t-Aire agus an t-Árd Rúnaí a thabhairt os comhair an Tí nó os comhair chomhchoiste? Céard iad na roghanna atá againn, de réir na reachtaíochta?

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Tá gach uile rogha ag Comhaltaí an Oireachtais. Ní deirtear sa reachtaíocht go bhfuil aon teorainn leis an rud a dhéanann siad. An jab atá agamsa ná na tuairiscí a thabhairt go dtí Tithe an Oireachtais. Ciallaíonn sé sin go gcuirtear i Leabharlann an Oireachtais iad ar lá áirithe agus go bhfuil siad nótáilte ar Riar na hOibre don Dáil agus don tSeanad don lá áirithe sin. Gach lá go mbíonn an Dáil agus an Seanad ina suí foilsítear liosta des na doiciméid atá leagtha faoi bhráid na dTithe. Bíonn sé liostáilte ansin. Ag an bpointe sin, tá sé go hoifigiúil curtha i láthair na dTithe. Ní thugaim d'aon Aire ar leith iad nó go dtí aon duine eile. Leagaim i láthair Leabharlann an Oireachtais iad, téann siad ar Riar Oibre na dTithe don lá agus tugaimid poiblíocht go bhfuil sé sin déanta.

Ní cuirtear aon srian ar choistí an Oireachtais ansin dul in ngleic leis seo. Ní fheicim go bhfuil aon chosc nó aon srian ar chomhchoiste iarraidh ar éinne teacht isteach agus míniú a thabhairt, mar táimid ag tabhairt ar aird Thithe an Oireachtais go bhfuil sárú dlíthiúil ar reachtaíocht tarlaithe ins na cásanna sin.

B'fhéidir gur cheart rún a chur os comhair an chomhchoiste cuireadh a thabhairt do Ard Rúnaithe na Ranna atá i gceist teacht go dtí an chomhchoiste agus an scéal a mhíniú dúinn. B'fhéidir gur cheart dúinn cuireadh a thabhairt don Aire teacht os comhair an chomhchoiste agus é a cheistiú faoi na rudaí tábhachtacha seo.

Ceann des na gnéithe is mó des na tuarascála atá déanta ag an gcoimisinéir ná easpa gníomhaíochta na Ranna Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le daingniú na scéimeanna. Tá an figiúir ardaithe anois ó bhí sé sa tuarascáil, fiú. Luaitear 66 scéim sa tuarascáil nach raibh daingnithe ach tá 72, as 105, nach bhfuil daingnithe anois. Ábhar an-mhór imní é sin, i gcomhthéacs an rud a dúirt an coimisinéir faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bheith ag tabhairt eiseamláir agus dea-shampla, nach bhfuil an scéim atá ag an Roinn féin daingnithe go fóill.

Aontaím leis an moladh a rinne tú, a Chathaoirligh, gur chóir go n-iarrfaí ar ionadaí ón Gharda Síochána, ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ó Ard-Mhúsaem na hÉireann agus ón HSE míniú a thabhairt dúinn cén fáth nach bhfuil na dualgais comhlíonta. Bheadh sé fíor-thábhachtach go labharfaí leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le daingniú na scéimeanna, an próiseas sin agus cá bhfuil an lúb ar lár. Ní féidir leis an gcoimisinéir aon rud a dhéanamh go dtí go mbíonn scéim daingnithe. Tá cuid des na Ranna Stáit ag rá go bhfuil a scéim curtha ar aghaidh go dtí an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus i gcásanna eile tá an Roinn sin ag rá go bhfuil na scéimeanna fós ag na heagraíochtaí. Caithfimid an próiseas sin a chur ag obair mar is ceart nó beidh muinín iomlán caillte ag daoine i gcóras na scéimeanna. B'fhéidir go dtabharfadh an coimisinéir léargas eile ar an bpróiseas sin.

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Tá an córas scéimeanna i gcroí lár an Achta. Is é bun agus bárr an scéil i láthair na huaire go bhfuil cosúlacht láidir air go bhfuil teipthe ar dhaigniú scéimeanna nua. Is é seo a leanas a chiallaíonn sé sin, go bunúsach. Nuair atá scéim eagraithe agus aontaithe ag eagraíocht Stáit, Roinn Rialtais, údarás áitiúil nó gníomhaireacht Stáit, maireann sé ar feadh trí bliana agus cuireann sé dualgais áirithe ar an eagraíocht seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh an dara scéim réitithe díreach ina dhiaidh sin le haghaidh leibhéal na seirbhísí a ardú tuilleadh. Níl sé sin ag tarlú. Ta teip córasach ansin i láthair na huaire.

Tá thart ar 73 nó 74 scéim atá imithe as feidhm. Bhí 66 ag deireadh na bliana ach tá sin méadaithe anois, ag deireadh Mí Aibreáin, go dtí thart ar 73. Luaigh an Seanadóir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is é mo thuiscint go mb'fhéidir go bhfuil scéim daingnithe ag an Roinn ó bhí inné ann, ach níl sé curtha i láthair m'oifigse go fóill, rud is gá a dhéanamh faoin Acht. Níl sé sin tarlaithe go fóill ach glacaim leis go dtarlódh sé sin ins na laethanta as seo romhainn.

I láthair na huaire tá folús ollmhór ansin. Níl scéimeanna nua á ndaingniu. Tá sé beagnach cúig bliana ó iarraidh ar an HSE, go náisiúnta, scéim teanga a dhaingniú, agus níl sé tarlaithe fós. Tá an HSE ar an bhfostóir poiblí is mó sa tír. Tá 110,000 ag obair ag an HSE. Níl éinne sa tír nach bhfuil teagmháil éigin aige ar bhonn rialta leis an HSE. Dá bharr sin, is scéim an-tábhachtach a bheith ann. Cúig bliana, nó gheall leis, ón uair gur iarradh ar an HSE, go náisiúnta, scéim teanga a chur le chéile, níl sé tarlaithe. Sílim go ndúirt mé uair amháin gur dearnadh Comhaontú Aoine an Chéasta níos scioptha ná mar a thóg sé scéimeanna teanga áirithe a dhaingniú.

Níl a fhios agam cá bhfuil an fhadhb ach is léir go bhfuil fadhb éigin idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an t-uafás comhlachtaí Stáit, nuair nach bhfuil na scéimeanna seo daingnithe. Tá sé ag déanamh dochair ollmhóir i láthair na huaire. Tá an chuid eile den Acht ag feidhmiú go maith ach tá fadhbanna bunúsacha tagtha chun cinn sa chuid seo de.

Cé mhéad eagraíocht nó comhlacht fo-stáit eile, taobh amuigh den 105, a gcaithfear iarratas a dhéanamh orthu ó thaobh scéim a dhaingniú? Cé mhéad eagraíocht a thiteann faoi scáth an Achta?

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Ta 650 eagraíocht ar fad a thagann faoi scáth an Achta. Maidir leis an 105 scéim atá daingnithe, cuirtear san áireamh ansin thart ar 190 chomhlacht Stáit mar tá cuid acu go mb'fhéidir go bhfuil fo-chomhlachtaí acu nó grúpaí gaolmhara leo. Mar shampla, i gcás Chomhairle Chontae na Gaillimhe, tugadh san áireamh ceithre chomhlacht phoiblí eile, Coimisinéirí Bhaile Thuama agus údaráis áitiúla Bhaile Locha Riach, Bhéal Átha na Sluaighe agus mar sin de. Tá cuid des na scéimeann go bhfuil níos mó ná grúpa amháin iontu. Tá thart ar 190 chomhlacht go raibh scéim daingnithe acu ag tráth éigin. I go leor acu, tá na scéimeanna imithe as feidhm le trí bliana nó le dhá bhliain. Maidir le hoifig an Uachtaráin, Oifig an Ombudsman, an tSeirbhís Cúirteanna, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an Roinn Oideachais agus Scileanna, tá a gcuid scéimeanna teanga sin imithe i léig le cúig bliana. Fanann na dualgais a bhí orthu trí bliana ó shin orthu fós ach níl aon dualgas nua curtha orthu, agus ní shin a bhí i gceist nuair a tugadh isteach an reachtaíocht seo. Bhí sé i gceist go mbeadh scéim amháin á thógáil ar an gceann eile. Níl sé sin ag tarlú.

Céard faoin 450 eagraíocht Stáit eile?

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Sin ceist a caithfear a dhíriú ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Maidir leis an chuid a bhí roghnaithe, feictear dom gur roghnaíodh go maith agus go straitéiseach iad. Bhí na húdaráis áitiúla, na Ranna Rialtais agus cuid des na heagraíochtaí móra a bhfuil cuid mhór den phobal ag teagmháil leo déanta. Tá go leor des na comhlachtaí atá ar an liosta de 650 nach mbeadh mórán tábhachta le scéim dóibh, dáiríre, mar gur beag teagmháil a bheadh ag an bpobal i gcoitinne leo. Eagraíochtaí beaga iad atá ag plé le sainchúramaí ar leith. Ach fós féin, tá an t-uafás ansin. Mar shampla, níl aon scéim daingnithe i gcás Thithe an Oireachtais, RTÉ, An Post nó iliomad eagraíochtaí tábhachtacha eile den chineál sin.

Maidir leis an rún, toisc go bhfuil an coiste seo ag feidhmiú ar shlí shealadach ag an mbomaite, rachaidh mé i dteagmháil le cathaoirligh na gcoistí eile le go mbeidh sé ceart go leor cuiridh a thabhairt do Árd Rúnaithe na Ranna teacht isteach chugainn. Nílimid ag iarraidh seasamh ar mhéar cosa éinne.

An bhfuil ceist ag éinne eile?

Níl mé ag iarraidh an t-am ar fad a thógáil, ach tá ceist mhór eile atá ag déanamh imni dom. Feiceann duine ar bith atá ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta an obair iontach atá ar bun ag Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá an-imní léirithe ag na heagraíochtaí Gaeilge a bhí istigh ag an gcomhchoiste a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta maidir leis an moladh atá á dhéanamh Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman. Tagann tuilleadh imní orm nuair a fheicim nach bhfuil scéim daingnithe ag Oifig an Ombudsman féin ó thaobh na Gaeilge de. Sílim gurb éigean don choimisinéir dul i ngleic le hOifig an Ombudsman cheana maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, ach sin scéal eile.

Ba chóir Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách. Cuireann sé imní orm nár rinneadh aon phlé leis an gcoimisinéir maidir leis an gcinneadh a fógraíodh agus nach raibh aon chaidreamh leis ó shin maidir leis an gceist. Sílim go mbeadh sé bunúsach go leor má tá cónascadh den chineál seo i gceist go ndéanfaí a leithéid mar chuirtéis, ar a laghad, ó thaobh praiticiúlachta agus ó thaobh rud a dhéanfadh ciall a chur chun cinn.

Níl mé cinnte cá seasann an coimisinéir ó thaobh a thuairimí a thabhairt maidir leis an mholadh sin. Tuigim go bfhuil sé deacair do dhuine a bheith á mholadh féin, ach cá seasann Oifig an Choimisinéara Teanga ar an gceist sin?

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Tháinig an scéal seo faoi chónascadh le hOifig an Ombudsman aniar aduaidh ormsa agus ar an fhoireann bheag. Níl ach 15.5 fóirne ag obair in oifig s'againne. Is ceann des na hoifigí Stáit is lú sa tír í. Dúradh linn ar an 16 Samhain go mbeadh an oifig á chónascadh. Níor pléadh linn é roimhré. Fuair mé glaoch ó oifigeach sinsearach de chuid na Ranna, á chur in iúl dom, agus glaoch ón Aire Stáit, b'fhéidir leathuair a chloig ina dhiaidh sin. B'shin lár Mhí na Samhna. Ní bhfuair mé aon scéal de chineál ar bith ón Roinn ina leith sin go dtí an lá deireanach de Mhí Feabhra, nuair a fuair mé litir ag lorg mo thuairimí faoi.

Idir an dá linn, bhí cuid mhaith ráite ag daoine éagsúla, an tAire Stáit a bhfuil cúram na Gaeltachta air san áireamh, agus d'fhreagair mé an litir sin ag rá nach raibh sé soiléir dom céard a bhí i gceist dáiríre, mar go raibh oiread malairt tuairime cloiste agam. Dúirt mé go mbeinn breá sásta mo thuairimí a chur ar fáil dá ndéanfaí soiléiriú dom céard, go díreach, a bhí i gceist. D'fhreagair mé an litir sin i lár Mí an Mhárta. Inniu, an 2 Bealtaine, níl aon fhreagra faighte fós agam uirthi.

Má táimid ag smaoineamh ar rúin a chur chun cinn, ba bhreá liomsa dá mholfaimís rún ón gcomhchoiste seo ag moladh na hoibre atá déanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga agus na tuarascálacha atá curtha aige faoina bhráid; ag moladh go mbeadh sé de ról ag an gcoiste seo feidhmiú ar na tuarascálacha sin thar cheann Thithe an Oireachtais agus go bhfanfadh Oifig an Choimisinéara Teanga neamhspleách, mar atá sí ag feidhmiú faoi láthair; agus ag tréaslú leis an dea-obair atá á dhéanamh aici.

Táimid ag caint faoi sheirbhísí phoiblí á bhfeidhmiú ar fud na tíre agus faoi shaoránaigh ag iarraidh seirbhísí phoiblí ina dteanga fein. Ní rud radacach é.

Tá an coiste fíor-bhuíoch as an méid oibre atá déanta agat, a choimisinéara. Beidh an coiste oscailte duit má tá aon eolas, tuarascáil nó aon rud eile de dhíth ort. Déanfaimid sár-iarracht aon rud gur féidir linn a dhéanamh chun do chuid oibre a dhéanamh níos éasca. Go raibh míle maith agat as teacht anseo inniu.

Seán Ó Cuirreáin Uasal

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. Tá fáilte romhat.

The joint committee went into private session at 4.25 p.m and adjourned at 4.27 p.m. sine die.
Top
Share