Skip to main content
Normal View

Joint Committee on Public Service Oversight and Petitions debate -
Wednesday, 5 Mar 2014

Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit, an Teachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich, atá annso in éineacht le hoifigigh óna Roinn. Iarraim ar dhaoine a dhéanamh cinnte go bhfuil na cluasáin ag obair agus go bhfuil an t-aistriúchán le cloisint. Má tá fadhb ag éinne leis sin, b'fhéidir gurb fhearr bogadh go dtí suíochán eile.

Táimid annso inniu chun deileáil le roinnt des na ceisteanna a ardaíodh i dtuairisc bhliantúil an Choimisinéara Teanga 2012 agus conas mar atáthar ag cloí leis an Acht Teanga. I dtús báire iarraim ar an Aire Stáit ráiteas a dhéanamh. Ansan, tabharfaidh mé deis dos na baill ceisteanna a chur air.

Iarraim ar gach duine atá annso na fóin póca a mhúcadh. I remind all those who are here to turn off mobile phones and gadgets such as iPads, as they interfere with the recording and broadcasting of the meeting.

A Aire Stáit, ba mhaith liom deis a thabhairt duit píosa cainte a thabhairt dúinn maidir leis an cheist atá ós ár gcomhair inniu.

Go raibh míle maith agat a Chathaoirligh. Ar dtúis, ba mhaith liom mo bhuíochas a thabhairt do bhaill an chomhchoiste as bhur gcuireadh a thabhairt teacht ós bhur gcomhair inniu chun plé a dhéanamh ar nithe a d'eascair as bhur gcruinniú leis an iar-Choimisinéir Teanga ar 4 Nollaig 2013.

Tá áthas orm an deis a fháil díospóireacht a bheith againn faoi na nithe éagsúla a pléadh an lá sin ag eascairt ó thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2012. Sula ndírím isteach ar an phlé sonrach sin, ba mhaith liom cúpla rud a rá faoi pholasaí an Rialtais maidir leis an Ghaeilge agus faoina thiomantas ina leith.

Shílfeadh duine ón síorcháineadh atá le cloisteáil go forleathan le tamall anuas go bhfuil neamhaird ar fad á déanamh ag an Rialtas seo ar chur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go bhfuil na polasaithe atá á gcur i bhfeidhm lochtach amach agus amach. Ní aontaím leis an dearcadh seo ar chor ar bith. Tá sé soiléir ó chlár an Rialtais féin, ó chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus ón infheistíocht shubstaintiúil a chuirtear ar fáil ón Státchiste chun tacú leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht, go bhfuil an Rialtas thar a bheith dáiríre agus tiomanta chun torthaí fónta a bhaint amach a chinnteoidh go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo sa Ghaeltacht agus go mbeidh áit lárnach fheiceálach aici i sochaí na tíre i gcoitinne.

Cinnte, aithníonn muid ar fad go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú, sa Ghaeltacht ach go háirithe, agus go bhfuil gá le réimse tacaíochtaí chun cuidiú leis an phobal í a chothú agus a chur chun cinn. Caithfear a aithint fosta nach inniu ná inné, ná le teacht i gcumhacht an Rialtais seo, a tháinig na dúshláin seo chun cinn.

Tá ról lárnach ag an Stát maidir le tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge ach táthar ag brath chomh maith ar dhea-thoil agus ar chur chuige gníomhach an phobail chun an Ghaeilge a chothú, a neartú agus a sheachadadh ó ghlúin go glúin. Tugann an straitéis 20 bliain don Ghaeilge an creatlach polasaí do na páirtithe leasmhara éagsúla, idir an Stát agus an pobal, chun obair as lámha a chéile ar bhonn comhpháirtíochta chun na haidhmeanna fiúntacha atá sonraithe sa straitéis a bhaint amach ar bhonn céimnitheach. Sa chomhthéacs seo, ní miste dúinn cuimhneamh ar an ról ceannródaíoch is féidir le baill Thithe an Oireachtais féin a imirt ar bhonn traspháirtí chun comhoibriú, treoir agus dea-shampla a thabhairt maidir leis an cheist thábhachtach seo.

Ba mhaith liom anois díriú isteach ar ábhar an lae inniu. Ba ag cruinniú an chomhchoiste seo ar an 4 Nollaig a d'fhógair an t-iar-Choimisinéir Teanga a chinneadh gan a théarma ceapacháin iomlán go dtí 22 Feabhra 2016 a chríochnú. Tá mo bhuíochas curtha in iúl agam don Choimisinéir Teanga go pearsanta agus go poiblí as an méid atá curtha i gcrích aige le linn a thréimhse in oifig agus guím gach rath air féin agus ar a chúram sa todhchaí.

Tá na céimeanna cuí tógtha ag mo Roinn ó shin chun an coimisinéir nua a cheapadh i gcomhréir le halt 20(3) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a deir gurb é Uachtarán na hÉireann a dhéanann duine a cheapadh mar Choimisinéir Teanga ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rúin a rith ag moladh an duine a cheapadh. Os rud é go bhfuil na rúin sin rite anois, tuigtear dom go ndéanfaidh an t-Uachtarán an tUasal Rónán Ó Domhnaill a cheapadh mar an dara Coimisinéir Teanga go han-luath. Ba mhaith liom chomh maith gach rath a ghuí ar an Choimisinéir Teanga úr agus é ag tabhairt aghaidh ar a chuid cúraimí a chur i gcrích.

Measaim go bhfuil sé tábhachtach a aithint go bhfuil feabhas tagtha ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil ón uair gur tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Aithníodh ón tús gur próiseas forchéimnitheach a bheadh i gceist le forfheidhmiú an Achta agus tá an dul chun cinn atá déanta maidir le forálacha éagsúla den Acht le sonrú ón bhliain 2003 i leith. Tá úsáid agus feiceálacht na Gaeilge méadaithe mar gheall ar fhorálacha san Acht féin agus i rialacháin faoin Acht. Is gné an-tábhachtach den Acht iad na scéimeanna teanga a thugann creatlach do chomhlachtaí poiblí a gcuid tosaíochtaí a aithint agus a eagrú chun an réimse seirbhísí i nGaeilge a chuirtear ar fáil don phobal a mhéadú ar bhealach forchéimnitheach thar thréimhse ama.

Ón uair ar tháinig an tAcht i bhfeidhm sa bhliain 2003 tá 155 scéim teanga daingnithe. San áireamh san fhigiúr seo, tá 113 chéad scéim, 38 dara scéim agus ceithre tríú scéim. Cuimsíonn na scéimeanna reatha atá i bhfeidhm tuairim is 185 comhlacht poiblí san iomlán. Cé go bhfuil tuairim is 600 comhlacht poiblí san áireamh faoin Chéad Sceideal den Acht, clúdaíonn na scéimeanna atá daingnithe mórchuid na gcomhlachtaí poiblí a mbíonn teagmháil rialta ag an phobal i gcoitinne leo. Daingníodh 16 scéim anuraidh agus, cheana féin i mbliana, tá sé cinn eile daingnithe agus tá plé gníomhach ar siúl ag oifigigh mo Roinne le comhlachtaí poiblí éagsúla i ndáil le 121 dréachtscéim atá idir lámha faoi láthair.

Deántar go leor tagairtí i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2012 do scéimeanna teanga a bheith "imithe in éag" agus phléigh an comhchoiste é seo ag a chruinniú ar an 4 Nollaig 2013. Feictear dom go bhfuil sé tábhachtach an cheist seo a shoiléiriú. Ón chomhairle dlí atá faighte ag mo Roinnse, is léir, faoi réir alt 14(3) den Acht, go bhfanann scéim teanga i bhfeidhm ar feadh trí bliana ón dáta a ndaingnítear í, nó go dtí go ndaingnítear scéim nua ina háit, cibé acu is déanaí.

In ainneoin an cháinte atá déanta orthu, creidimse go bhfuil dul chun cinn fiúntach déanta de bharr na scéimeanna teanga. Tá tuiscint níos fearr ag comhlachtaí poiblí ar a ndualgais maidir le seirbhísí a chur ar fáil chun freastal ar dhaoine ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh leis an Stát trí mheán na Gaeilge agus tá a lán bearta curtha i bhfeidhm ag an iliomad comhlacht poiblí chun na críche sin le deich mbliana anuas. Tá dea-thoil agus dea-chomhoibriú na gcomhlachtaí poiblí le haithint go soiléir san idirphlé atá ag mo Roinn leo chun scéimeanna teanga a aontú leo. Tá sé tábhachtach an méid sin a aithint.

É sin ráite, aithnítear nach bhfuil córas na scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla gan laigí, agus gur próiseas casta agus dúshlánach atá ann scéimeanna a aontú agus a dhaingniú. Ní mór na cúidsí dúshlánacha eacnamaíocha atá i bhfeidhm le roinnt blianta anuas a thógáil san áireamh, chomh maith leis na brúnna a d'eascair astu sin i gcomhthéacs acmhainní, go háirithe acmhainní daonna.

Tá céimeanna dearfacha sa treis faoi láthair chun éifeachtacht chóras na scéimeanna teanga a fheabhsú. I measc na gcéimeanna seo, áirítear na bearta seo ach go háirithe: tá acmhainní breise foirne curtha ar fáil i mo Roinnse chun plé go sonrach le scéimeanna teanga a aontú le comhlachtaí poiblí; beidh teimpléad nua le húsáid chun scéimeanna a chaighdeánú, rud a rachaidh chun sochair do na comhlachtaí poiblí agus don phobal araon; agus tá leasuithe reachtúla ábhartha á moladh maidir le córas na scéimeanna teanga mar chuid den athbhreithniú ar an Acht féin.

Tá mise dóchasach go gcuideoidh na bearta seo go mór le líon na scéimeanna teanga a mhéadú agus go leanfar ag cur feabhais ar sheirbhísí i nGaeilge ar bhealach pleanáilte tomhaiste i gcomhréir le héilimh ón phobal agus i gcomhréir le hacmhainní na gcomhlachtaí poiblí freastal ar an éileamh sin.

Chomh maith le himní a léiriú faoin mhoill a bhaineann !e scéimeanna teanga a dhaingniú, rinneadh tagairt sa phlé a rinneadh ag an chomhchoiste seo do chaighdeán na scéimeanna atáthar á ndaingniú agus d'easpa muiníne a bheith ann sa chóras i gcoitinne. Agus oifigigh mo Roinnse i mbun comhráite le comhlachtaí poiblí chun scéimeanna teanga a aontú leo, is í taithí mo Roinnse go bhfuil dáiríreacht agus dea-thoil an-láidir ann chun gealltanais a thabhairt sna scéimeanna atá réalaíoch, praiticiúil agus inseachadta i gcomhréir leis na hacmhainní atá ar fáil.

Tá cur síos déanta i dtuarascáil bhliantúil 2012 de chuid an Choimisinéara Teanga ar leasú a cheadaigh mé ar scéim teanga na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Luadh gurbh fhasach contúirteach é seo inar cealaíodh an dualgas an chuid "Fit for Viewing" de lipéad fiseán agus dioscaí digiteacha a bheith i bhformáid dhátheangach. Rinne mé an cinneadh seo i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dom faoi alt 16 den Acht. Bhí mo chinneadh bunaithe ar an chás a cuireadh faoi mo bhráid maidir le hathrú imthosca sa tslí ina gcuirtear feidhmeanna Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann i gcrích agus tá mé lánsásta go raibh sé cuí an scéim teanga seo a leasú. Feictear domsa gur cur chuige stuama a bhí anseo chun deacracht a bhí aitheanta a réiteach ar bhealach praiticiúil.

Is aidhm lárnach pholasaí de chuid an Rialtais é úsáid na Gaeilge a threisiú agus tá sé ina ghné thábhachtach den pholasaí sin i gcónaí go mbeidh baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge ar fáil sa Státchóras. Ar ndóigh, tá an cheist maidir le cumas comhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus ceist na hearcaíochta don Státchóras fíte fuaite lena chéile.

Mar thoradh ar chinneadh a thóg an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2013 chun cumas na Gaeilge sa Státseirbhís a threisiú, tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna Rialtais agus ar Oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta. Beidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge. Ina theannta sin, sonrófar na poist sin ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge i scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 amach anseo. Tá na bearta seo ag teacht le spriocanna sonracha atá luaite sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge chun cur leis an líon oifigeach atá in ann feidhmiú go dátheangach sa Státchóras.

Mar chéad chéim sa phróiseas seo, cuirfear na socruithe nua i bhfeidhm don chomórtas earcaíochta d'oifigigh feidhmiúcháin atá le reachtaíl go luath. Tá sé beartaithe fophainéal de dhaoine atá inniúil sa Ghaeilge a chruthú ar a mbeidh 6% de líon an phainéil iomlán air.

Chomh maith leis na beartais seo, tá comhaontú seirbhíse sínithe ag mo Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástáil inniúlachta a sholáthar don Státseirbhís agus d'eagraíochtaí seirbhíse poiblí ar leith. Is comhartha dóchais é go bhfuil, ó mhí na Samhna 2011 i leith, os cionn 300 seirbhíseach poiblí tar éis páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna atá eagraithe ag an chomhlacht oiliúna Gaelchultúr, a bhfuil conradh acu le Foras na Gaeilge cúrsaí oiliúna a sholáthar don tseirbhís phoiblí.

Tá an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 críochnaithe anois agus cuirfear na dréacht-Chinn den Bhille chun an tAcht a leasú faoi bhráid an Rialtais go han-luath. Ba iad aidhmeanna an athbhreithnithe a chinntiú gur meicníocht é an tAcht a thacaíonn le forbairt na Gaeilge ar bhealach atá éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de agus go bhfuil na dualgais a eascraíonn ón Acht cuí chun soláthar sásúil seirbhísí trí Ghaeilge ag comhlachtaí poiblí a chinntiú, de réir an éilimh atá orthu ón phobal.

Fuarthas thart ar 1,400 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin a eagraíodh mar chuid den athbhreithniú. Tá sé i gceist na dréacht-Chinn den Bhille a chur faoi bhráid an Choiste um Chomhshaol, Chultúr agus an Ghaeltacht agus iad a fhoilsiú ar shuíomh idirlín mo Roinne i dteannta thorthaí an phróisis chomhairliúcháin, chomh luath agus atá cead an Rialtais faighte chuige sin.

Chomh maith leis na leasuithe éagsúla atá beartaithe mar thoradh ar an athbhreithniú ar an Acht, beidh forálacha a bhaineann le cónascadh Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman san áireamh sna dréacht-Chinn den Bhille. Ba mhaith liom a threisiú anseo inniu nach gcuirfidh an cónascadh seo isteach ar neamhspleáchas an Choimisinéara Teanga i bhfeidhmiú a chuid cumhachtaí agus go bhfanfaidh an oifíg sa Ghaeltacht. Tabharfar na mionsonraí maidir lena mbeidh i gceist leis an chónascadh nuair a fhoilseofar na dréacht-Chinn den Bhille.

Mar atá nótáilte i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2012, caithfidh údaráis bhóithre na tíre cloí leis na dualgais atá leagtha orthu faoin Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta. Níl aon fheidhm reachtúil agamsa maidir leis an chúram sin. Ní miste a nótáil nach dtagann comharthaí bóthair faoin Acht Teanga.

Mar fhocal scoir, a Chathaoirligh, is mian liomsa a threisiú go bhfuil an Rialtas seo liomanta do chur chun cinn na Gaeilge trí bheartais reachtaíochta teanga agus trí réimse gníomhaíochtaí agus tacaíochtaí eile. Tá dul chun cinn fiúntach déanta agus á dhéanamh le roinnt blianta anuas agus is féidir linn a bheith dearfach seachas diúltach maidir leis an dúshraith láidir atá leagtha síos idir chearta teanga agus struchtúir institiúideacha eile chun tacú leis an Ghaeilge.

Tá tábhacht ar leith ag baint le hAcht na dTeangacha Oifigiúla chun cearta an tsaoránaigh maidir lena rogha teanga a chosaint agus tá ról lárnach ag Oifig an Choimisinéara Teanga maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Achta. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun gach rath a ghuí ar an Uasal Rónán Ó Domhnaill atá le ceapadh ina Choimisinéir Teanga go luath. Tá mé cinnte go rachaidh sé i mbun a chuid dualgas chomh díograiseach agus chomh fuinniúil céanna leis an chéad choimisinéir, ag tógáil ar an dúshraith láidir atá leagtha síos ag an Uasal Ó Cuirreáin le deich mbliana anuas.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúil duit, a Chathaoirligh, agus do bhaill an chomhchoiste as an deis cainte seo a thabhairt dom anseo inniu.

Go raibh maith agat, a Aire Stáit. Measaim go dtacaíonn gach duine atá anseo leis an dea-ghuí atá curtha agat chuig an Choimisinéir Teanga nua, a thosóidh ina phost tar éis dó a shéala oifigiúil a fháil ón Uachtarán.

Tá mé chun deis cainte a thabhairt dos na comhaltaí anois. Is é atá i gceist ná ceist a chur ar an Aire Stáit seachas ráitis móra fada a thabhairt. Thairg na Teachtaí Kitt, Kyne, Tóibín agus Healy-Rae agus an Seanadóir Ó Clochartaigh labhairt. Cuirfear ceist ag gach ball ar dtús, beidh cead aige teacht ar ais agus ceist eile a chur, agus ansin bogfaimid ar aghaidh go dtí an chéad duine eile.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Gabhaim mo bhuíochas leis an Uasal Ó Cuirreáin agus fáiltím roimh an t-Uasal Rónán Ó Domhnaill. Mar a dúirt an t-Aire Stáit, tá an Ghaeilge faoi bhrú agus caithfimid tacaíocht a thabhairt do phobal na Gaeilge, agus go háirithe do phobal na Gaeltachta.

Tá tagairt ar leathanach 37 de thuarascáil an Choimisinéara do imscrúdaithe, investigations. Deir sé:

Is féidir imscrúdú a dhéanamh a bhéadh bunaithe ar ghearáin ó aon duine, ar iarratas ón Aire Éalaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, nó ar mo thionscnamh féin.

An ndearna an coimisinéir aon scrudú ar iarratas na Roinne nó ar a thionscnamh féin?

Rinneadh níos mó gearán sa bhliain 2011-12. Tháinig a lán acu sin ó Chontae na Gaillimhe, ó Chontae Chiarrai, ó Chontae Chill Chainnigh, ó Chontae Dhún na nGall, ó Chontae na Midhe agus ó Chontae Chorcaí. Tháinig 26% ón Ghaeltacht, méadú mór ar bhlianta eile, agus na gearáin eile ó áiteacha taobh amuigh den Ghaeltacht. An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit cén fáth gur tháinig an méadú sin ar líon na ngearán? Agus an bhféádfadh sé an cheist eile, maidir le himscrúduithe, a fhreagairt chomh maith?

Beidh cúpla ceist eile agam ina dhiaidh sin.

Go raibh maith ag an Teachta Kitt. Maidir leis na gearáin, sin an fáth go bhfuil an coimisinéir ansin, le cinntiú a dhéanamh go bhfuil na scéimeanna teanga atá daingnithe ag na Ranna Stáit agus ag comhluchtaí eile á gcomhlíonadh. Tá an coimisinéir ansin fá choinne glacadh leis na gearáin, scrúdú a dhéanamh orthu agus moltaí a dhéanamh. Caithfidh mé a rá go bhfuil sé sin déanta go héifeachtach. Rinne an coimisinéir gearán i mo cheantar féin maidir leis na gardaí. Mar thoradh ar an ghearán sin agus ar an scrúdú a rinneadh tá níos mó gardaí le Gaeilge i mo cheantar féin, agus sílim i gceantair Ghaeltachta eile ó shin. Is maith an rud go bhfuil gearáin á ndéanamh, go bhfuil coimisinéir ansin chun áird agus scrúdú a dhéanamh orthu agus moltaí dá réir, agus go mbíonn toradh ar na gearáin chomh maith. Níl ansin ach sampla amháin.

B'fhéidir go míneodh an Teachta an chéad cheist a chuir sé, maidir le fiosrúcháin.

Deir an coimisinéir sa tuairisc gur féidir imscrúdú a dhéanamh ar iarratas ón Aire nó ar thionscnamh an choimisinéara féin. Cén chaoi a tharla sé sin sa bhliain 2012?

De réir an Achta is féidir leis an Aire iarraidh ar an choimisinéir fiosrúchán a dhéanamh. Ó tháinig mé féin isteach níor iarr mé ar an choimisinéir aon scrúdú a dhéanamh. Ar ndóigh, tugann an coimisinéir tosaíocht i gcónaí dos na gearáin a thagann isteach ón phobal. Tá mé sásta go ndéanfaidh sé é sin agus go ndéanfaidh sé go héifeachtach é, más féidir liom é sin a rá.

An bhfuil figiúirí ag an Aire Stáit maidir leis na gearáin a tháinig ón Roinn? Tá méadú ar na fiosrucháin a rinneadh ar thionscnamh an choimisinéara féin.

Tá an Teachta ag fiosrú faoi na gearáin a tháinig isteach maidir leis an Roinn féin. Níl na figiúirí sin againn. Níl a fhios agam an raibh aon ghearán maidir leis an Roinn ó thainig mé féin i gceannas. Ní cuimhin liom go raibh, leis an fhírinne a rá, ach déanfaimid soiléiriú air sin.

Níor iarr an t-Aire Stáit aon fhiosrú mar gheall ar an Roinn?

Níor iarr mé ar an choimisinéir aon fhiosrú a dhéanamh.

Agus ceist eile, nuair a bhí an coimisinéir anseo bhí sé ag caint mar gheall ar an chónascadh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman. Dúirt sé gur tharla sé sin i ngan fhios do Oifig an Choimisinéara Teanga nó do Oifig an Ombudsman. Sin an chéad cheist.

An dara ceist, nuair a rinne mé tagairt don máirseáil a bhí ann d'fhiafraigh an t-Aire Stáit cén fáth nach raibh daoine ag máirseáil deich mbliana nó 20 bliain ó shin. Bhí m'athair ina Rúnaí Parlaiminte, nó ina Aire Stáit, 40 bliain ó shin agus bhí máirseáil ar siúl. Ní rud nua é máirseáil. Cheap mé go gcuirfeadh an t-Aire Stáit fáilte roimh máirseálacha mar go léiríonn siad sprid na ndaoine. Bhí mé féin i mBaile Átha Cliath agus bhí mairseáil i nGaillimh freisin. Bhí Bláthnaid Ní Chofaigh ar an teilifís agus dúirt go raibh sí ag máirseáil mar gur cheap sí go raibh an Ghaeilge faoi ionsaí agus faoi bhrú, mar a dúirt an t-Aire Stáit é féin. Níl a fhios agam cén fáth go raibh díomá ar an Aire Stáit nó nach raibh sé sásta go raibh na máirseálacha ag tarlú.

Sílim gur baineadh an bhrí mícheart as sin. Tá sean-thaithí agam féin ar beith ag máirseáil ar son na Gaeilge, fiú amháin sula dtáinig mé isteach anseo nuair a bhí feachtas na Gaeilge ar siúl sna seascaidí, "Let the Language Live". Bhí mé i mo bhall de Chraobh Inse Chóir de Chonradh na Gaeilge agus chaith mé féin, Seosamh Ó Broin agus daoine eile i gcraobh Chonradh na Gaeilge in Inse Chóir mí iomlán ag dul ó dhoras go doras agus bhí páirt mhór agam ins an bhreis agus 500,000 siniúcháin a fuair muid ag an uair sin. Chuaigh mé ó dhoras go doras in áit ar a tugadh Keogh Square ag an am, St. Michael's Estate atá air anois, agus bhí muid amuigh ag máirseáil lá agus oíche. Tá cuimhne agam a bheith i dTeach an Árd Mhéara an oíche a bhí an mór chruinniú ann nuair a cuireadh an stáitse beagnach ar shínidh agus muid ansin ar son na Gaeilge. Bhí mé ag máirseáil eile an oíche mhór úd in Óstán an Shelbourne i mBaile Átha Cliath nuair a bhí Máirtín Ó Cadhain i gceannas agus mháirseáil sé go theach an Taoisigh maidir le daoine a bhí i bpríosún.

A Chathaoirligh, an féidir linn díriú isteach ar an phlé atá ar siúl againn seachas na seanscéalta a chloisint?

Cuireadh ceist orm faoi na máirseálacha agus níl mé ach á fhreagairt.

Cuirim fáilte roimh an méid sin, ach bhí ceist agam faoin Choimisinéir Teanga agus an Ombudsman.

Focal amháin ba mhaith liom a rá faoi na máirseálacha. Léiríonn daoine amuigh ag máirseáil go bhfuil suim ag daoine amuigh ansin i dtodhchaí na Gaeilge. Ar ndóigh, is ábhar dóchais dúinn uilig go bhfuil daoine ansin ag léiriú suime agus atá sásta a gcuid ama a thabhairt suas agus dul amach agus é sin a dhéanamh. Ar ndóigh, sin an dearcadh atá agamsa air. Chuaigh mé féin tríd an próiseas céanna.

Mar gheall ar an chónascadh idir an Choimisinéir Teanga agus an Ombudsman, dúirt an coimisinéir gur tharla sin i ngan fhios don dá oifig.

Cinneadh Rialtais a bhí ansin. Tá cónascadh déanta ar go leor. Rinne an Rialtas an cinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman a chónascadh. Is é an rud is tábhachtaí go mbeidh an coimisinéir lonnaithe ins an Ghaeltacht agus go mbeidh sé ag gníomhú faoin Acht céanna agus go bhfuil na forálacha céanna aige agus atá in Acht 2003. Ní shílim go bhfuil an cónascadh chun cur isteach nó amach ar neamhspleáchas nó ar obair an choimisinéara.

Ni rabhas ag iarraidh droch mheas a thaispeáint don Aire Stáit ach níl a lán ama againn agus tá a lán le plé againn. Ní rabhas ach ag iarradh díriú isteach ar an ábhar.

An bhfuil aithne ag an Aire Stáit ar aon Ombudsman eile a sheas siar óna phost de bharr easpa thacaíocht Rialtais nó de bharr bhriseadh dlí? An chuimhníonn an t-Aire Stáit ar aon Rialtas a bhí chomh híseal i meas ghluaiseacht na Gaeilge ná an Rialtas seo? An gceapann an t-Aire Stáit go bhfuil sé mí-dleathach go bhfuil an méid comhluchtaí poiblí ann gan scéim teanga acu? Tá sé seo an-tábhachtach. I mo chuidse cleachtadh, nuair a bhíonn comhlucht poiblí ag sarú an dlí bíonn an t-Aire freagrach as sin. Chonaic an coiste seo an rud céanna ag tarlú maidir leis an HSE agus bhí ar an Aire rud a dhéanamh faoin sarú dlí sin ag an am. Táimid ag dul ó bhliain go bliain, ag féachaint ar na fadhbanna, an dlí á shárú agus gan faic á dhéanamh. Tá an t-Aire Stáit freagrach as sin.

Thagair an t-Aire Stáit do achmhainní breise atá ag an Roinn chun scéimeanna teanga a chur chun cinn. Cé mhéid airgid atá i gceist? Maidir leis na scéimeanna atá ag dul in éag ag an mbomaite, an féidir leis an Aire Stáit tuairisc a thabhairt don choiste, ní inniu ach b'fhéidir níos déanaí, ar cé chomh luath is a cuirfear scéimeanna teanga nua i bhfeidhm?

Dúirt an t-Aire Stáit go bhfuil 300 duine ag freastal ar chúrsaí i nGaelchúltúr, agus is rud deas é sin. Cén comhréir é sin des na daoine atá ag obair sa státchóras ina iomlán. Ceapaim gur céatadán uafásach beag é 300 duine. Cén chaighdeán atá siad ag baint amach? Cé mhéid acu atá in ann a chuid dualgaisí a chomhlionadh ina iomlán as Gaeilge?

Bhi an t-Aire Stáit ag caint faoin chóras nua earcaíochta. Dúirt an t-iar-Choimisinéir Teanga go dtógfaidh sé 28 bliain chun an sprioc sin a bhaint amach. Cé mhéid bliain a cheapann an t-Aire Stáit go dtógfaidh sé? An bhfuil sé sásta go dtógfaidh sé 28 bliain?

Maidir leis an choimisinéir ag éirí as a phost tar éis deich mbliana agus dhá bhliain le dul, is cinneadh dá chuid féin a bhí ann. Ní raibh aon tionchar agamsa air sin. Tá sé de lán cheart aige é sin a dhéanamh agus thug mé buíochas dó go pearsanta agus go poiblí as an méid atá déanta aige. Maidir le dearcadh an Rialtais ar an nGaeilge, ní aontaím ar fad nach bhfuil an Rialtas an-fhábharach don Ghaeilge. Tá an comhchoiste Gaeilge ansin faoi chathaoirleach an Taoisigh. Tagaimid le chéile go rialta. Táimid ag tiomáint ar aghaidh le cur i bhfeidhm na straitéise. Tá ath-bhreathnú á dhéanamh ar an Acht Teanga agus tá achmhainní teoranta á gcur i bhfeidhm maidir leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht, €40 milliún i mbliana gan trácht ar na hachmhainní eile a chuirtear ar fáil. Ní aontaím nach bhfuil an Rialtas tiomanta don Ghaeilge nó nach dtugann sé aitheantas do thábhacht na Gaeilge i saol na tíre.

Thagair an Teachta dos na scéimeanna teanga. Tá 600 comhlucht ainmnithe ins an Sceideal maidir le scéimeanna teanga agus tá scéimeanna curtha ar fáil a chlúdaíonn 185 chomhlucht, beagnach an tríú chuid.

Na comhluchtaí a bhfuil scéimeanna á bhfeidhmiú acu is iad san na comhluchtai a mbíonn teagmháil rialta acu leis an phobal.

An bhfuil siad ag briseadh an dlí?

Ní aontaím ar chor ar bith go bhfuil siad ag briseadh an dlí.

Níl siad ag comhlíonadh an dlí.

Tá 185 comhlucht atá ag feidhmiú faoi scéimeanna teanga agus is comhluchtaí iad atá ag plé go rialta, agus le laethúil beagnach, leis an phobal. Tá oifigeach feidhmiúcháin breise in Oifig an Choimisinéara Teanga le cúpla seachtain anuas. Maidir le mo Roinn féin, tá breis foirne ansin chomh maith atá ag plé anois le scéimeanna teanga. Sin an fáth gur faomhadh16 scéim i 2013 agus go bhfuil sé chinn eile faofa i mbliana, agus gan ach dhá mhí imithe. Tá fuadar níos mó faoi fheidhmiú scéimeanna teanga anois ná mar a bhí le tamall. Tá breis foirne ag an gcoimisinéir agus breis ag an Roinn fá choinne plé le scéimeanna teanga.

An cheist a chuir mé ná cé mhéad foireann sa bhreis atá ag an Roinn? Mar gheall ar chomhlíonadh an dlí, níl na comhluchtaí ag comhlíonadh an dlí de réir an Achta. Mar sin tá siad ag briseadh an dlí. Nach bhfuil sé sin fíor?

Ní aontaím ar chor ar bith go bhfuil comhluchtaí ag briseadh an dlí. Ní heol domsa, ón eolas atá agam féin, go bhfuil comhluchtaí ag briseadh an dlí.

An bhfuil an t-Aire Stáit sásta nach bhfuil siad ag comhlíonadh an dlí?

Tá mé ag rá nach bhfuil a fhios agam go bhfuil siad ag briseadh an dlí.

An bhfuil siad ag comhlíonadh an dlí?

Tá na comhluchtaí a bhfuil scéimeanna teanga faofa acu á gcur i bhfeidhm chomh héifeachtach agus is féidir.

Níl mé ag caint faoi na comhluchtaí sin. Tá mé ag caint faoi na comhluchtaí nach bhfuil scéim teanga reathach acu ag an mbomaite. An bhfuil siadsan ag comhlíonadh an dlí nó an bhfuil siad gan an dlí a chomhlíonadh?

Cé go bhfuil comhluchtaí go leor go fóill nach bhfuil scéimeanna teanga per se curtha ar fáil acu, tá forálacha ins an Acht Teanga féin go bhfuil freagrachtaí ar chomhluchtaí nach bhfuil scéimeanna teanga acu déileáil leis an phobal tré Ghaeilge. Cé nach bhfuil scéimeanna teanga acu ní hionann sin agus a rá nach bhfuil dualgas orthu feidhmiú leis an bpobal tré Ghaeilge.

Tá an t-Aire Stáit lán-sásta go bhfuil gach ceann acu ag comhlíonadh an dlí ag an mbomaite?

Tá mise sásta nach bhfuil siad ag briseadh an dlí i láthair na huaire.

Cé mhead foireann sa bhreis atá ag an Aire Stáit chun cabhrú leis na comhluchtaí poibli?

Tá sé sin ráite agam. Tá rannóg ar leith le príomhoifigeach cúnta, ardoifigeach feidhmiúcháin agus oifigigh eile ag plé go sonrach i láthair na huaire le scéimeanna teanga. Tá breis daoine ansin anois fá choinne tabhairt faoi cuidiú leis na comhluchtaí eile a gcuid scéimeanna teanga a chur ar fáil chomh luath agus is féidir.

A Aire Stáit, dúirt tú gur líonadh post in Oifig an Choimisinéara Teanga ag leibhéal oifigigh feidhmiúcháin. Ins an tuairisc atá á phlé againn tá trí fholúntas liostaithe: stiúrthóir; oifigeach feidhmiúcháin; agus oifigeach cléireach. An é sin an post atá i gceist agat nó an ceann sa bhreis é? Tá difríocht idir post a líonadh agus post breise a chruthú.

Táimid tar éis post oifigigh feidhmiúcháin a cheadú do Oifig an Choimisinéara Teanga agus tá duine ceaptha don phost sin. Táimid ag amharc anois ar breis foirne a chur isteach ansin. Tá sé sin á scrúdú i láthair na huaire.

Folúntas a bhí ann nach raibh líonta. Ní post breise atá i gceist.

I warmly welcome the legendary hard-working Minister of State from Gweedore and thank him for coming here today. While I question the Government's commitment to the Irish language, no politician could question the Minister of State's commitment. I make that distinction, despite the fact that the Minister of State was appointed by the Government.

Students have attended Gaeltacht colleges over many years and have benefited from the massive contributions of the mná tí. I wish to acknowledge that contribution publicly. The mná tí are very special characters who take young people under their wings and show them the benefits of the Irish language and the ordinary simple things that are important to us such as céilí nights and all of what goes on in Gaeltachtaí. The bean an tí is a very special type of woman. The mná tí run the houses and do excellent work. That should be acknowledged.

The Minister of State knows that mná tí are finding it harder to get students to come to Irish colleges. Grants have been cut and running an open house for students is not as attractive as it once was. In many cases scholarships are no longer available to children to attend Irish colleges during the summer months and there is not the same financial wherewithal.

Deputy, we are dealing with the report of the Coimisinéir Teanga.

I am coming to that.

I made the point that members should not make statements but simply put questions to the Minister of State. He is here for only a short time.

A Chathaoirligh, if you let me continue I will be gone in three minutes.

I will give you a little leeway.

I appreciate that very much. What is the Government's plan to ensure that the institution of Irish summer colleges, which was an industry in itself, will continue in the future?

What are the Government's plans for keeping Irish as a compulsory subject for leaving certificate students? The removal of Irish as a compulsory subject in the leaving certificate would be the death knell of the Irish language. I know the Minister of State believes that to be true. I would like to hear what the Minister of State has to say about that.

In the past there were 19 Irish language institutions, such as Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge which has existed since 1943. There are now only six such institutions. These were great promoters of the Irish language. While no one would question the Minister of State's commitment to the Irish language, the Government has let the language down. Could the Minister of State respond to this?

I thank you, a Chathaoirligh, for your indulgence.

Go raibh maith ag an Teachta. I agree that mná tí have made a huge contribution to the promotion of the Irish language down through the years.

I am speaking from personal experience because students used to stay in my house when I was very young. I agree with the Deputy in that regard. I am glad to say that the Irish colleges are still going very strong. Over 20,000 people attend Irish courses in the Gaeltacht and stay with the mná tí every year. This is of great benefit for the language. It also has economic benefits for the mná tí. I am very supportive of this scheme.

Nothing in the Government's Irish language policy, as published when we took office three years ago, envisages that changes will be made with regard to the leaving certificate. I believe the Government is very supportive of the language. I disagree with the Deputy on that point. I believe we are as committed as any Government has been. The Deputy also mentioned Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. There are 19 voluntary community language organisations under the North-South Ministerial Council structure. It was decided some time ago that we should reduce that number as part of a rationalisation programme. It has been agreed that there will be six lead organisations. Unfortunately, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge is not one of them. This decision has been arrived at by Foras na Gaeilge. It will probably come before the North-South Ministerial Council at its next meeting in April. We will get an update on what has happened so far at the meeting, which will take place on 3 April.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus a chuid feidhmeannaigh, atá gnóthach go maith ag scríobh. Is mian liom cur leis an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit i dtaobh an iar-choimisinéir. Ba mhaith liom míle buíochas a ghlacadh le Seán Ó Cuirreáin, a d'éirigh as le déanaí agus a thug fianaise ar a chuid tuarascála bliantúla ag coistí Oireachtais go rialta. Bhí sé lochtach go maith ar an gcaoi ina bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus na hAchtanna eile a thiteann faoi scáth an choimisinéara á gcur i bhfeidhm ag an Rialtas. Ba mhaith liom gach dea-ghuí a ghuí ar Rónán Ó Domhnaill, atá le ceapadh mar Choimisinéir Teanga nua.

Is dócha go gcaithfimid filleadh ar na gnéithe bunúsacha den ábhar seo. Céard is ceart teanga ann de réir an dlí? Cén tuiscint atá ag an Aire Stáit ar chearta teanga? Nuair a bhí an feachtas "dearg le fearg" ar an mbóthar an lá faoi dheireadh, bhí an manna "cearta Gaeilge - cearta teanga" á úsáid ag na rannpháirtithe. An féidir leis an Aire Stáit a rá leis na saoránaigh atá ag éisteacht leis na himeachtaí seo céard atá i gceist le cearta teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla?

Tá na cearta teanga sonraithe san Acht. Ba mhaith liom go mbeadh deis ag gach saoránach a chuid oibre agus a chuid gnóthaí a dhéanamh leis an Státchóras trí mheán na Gaeilge.

Ba mhaith liom trí chearta teanga sonracha atá leagtha amach ag Oifig an Choimisinéara Teanga - b'fhéidir go mbaineann siad go háirithe leis na imscrúdaithe - a phiocadh amach don chomhchoiste:

Ceart a bheith ag súil go gcloífeadh eagraíochtaí stáit le haon rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo i dtaca le húsáid na Gaeilge i gcomharthaíocht, stáiseanóireacht, fógraíocht agus fógairtí béil.

Ceart chun fáil a bheith ar gach seirbhís trí Ghaeilge atá comhaontaithe i "scéim" faoin Acht ag eagraíochtaí stáit, san áireamh na forálacha ar leith a bhaineann le ceantair Ghaeltachta.

Ceart go bhfiosródh An Coimisinéir Teanga gearáin bhailí faoi theip aon eagraíochtaí stáit cloí lena ndualgais faoin Acht nó faoi aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge.

Tá na cearta sonraithe go soiléir. Tá an dlí againn san Acht. Tá an coimisinéir ag feidhmiú mar chineál éigin de gharda, ag féachaint go bhfuil an dlí á chur i bhfeidhm. De réir na dtuairiscí atá curtha ar fáil ag an gcoimisinéir, go háirithe sa bhliain 2012, tá sárú á dhéanamh ar an dlí. Tá an Rialtas freagrach as póilíneacht nó breith a dhéanamh ar sin. Tá an Rialtas faillíoch ó thaobh aon ghníomhaíocht a dhéanamh maidir leis na dreamanna atá faillíoch ó thaobh na scéimeanna de.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, téann na comhlachtaí i mbun na scéimeanna agus cuirtear chugainn iad le faomhadh. Má táimid sásta leo, déantar é sin. Ar ndóigh, tá cineál freagracht ar Oifig an Choimisinéara Teanga le déanamh cinnte go gcloíonn siad leis na forálacha.

Tá sé ráite go soiléir sa tuairisc a chur an coimisinéir os ár gcomhair go bhfuil 75% de na scéimeanna imithe in éag - ní raibh athnuachan déanta orthu le os cionn trí bliana. Tá sé sin ag sárú forálacha an Achta. Ba chóir go mbeadh an Rialtas tar éis rud éigin a dhéanamh faoi sin.

Ní aontaím leis an dearcadh sin. Ní hé sin an rud atá san Acht. Nuair a dhéantar scéim teanga a fhaomhadh, leanann sé ar feadh trí bliana nó go dtí go ndéantar ceann eile a fhaomhadh, cibé acu is déanaí. Is í sin an chomhairle atá againn. Nuair atá na trí bliana thuas, ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil aon dualgas ar an gcomhlacht feasta. Ciallaíonn sé go bhfuil na dualgaisí atá ar an gcomhlacht faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ag leanúint ar aghaidh go dtí go gcuirtear scéim eile in áit.

Tuigim é sin go rímhaith.

Sin mar atá sé ó thaobh an Achta de.

Tá sé i gceist go ndéanfaí athnuachan ar gach scéim tar éis trí bliana. Bhí an Coimisinéir Teanga ag iarraidh a rá nach bhfuil sé sin ag tarlú. Cén fáth nach bhfuil sé ag tarlú? Cán fáth nach bhfuil na heagrais Stáit ag comhoibriú?

Luaigh mé an méid athnuachan atá á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an dara agus fiú an tríú scéim ag roinnt Ranna. Tá comhlachtaí áirithe ann nach bhfuil athnuachan ar an Acht déanta acu, ach ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil freagrachtaí an chéad scéim orthu go dtí go gcuirfidh siad an dara scéim in áit. Is í sin an chomhairle, nó an tuiscint, atá againn. Is é sin an rud atá san Acht.

An bhfuil aon imní ar an Aire faoi na ceisteanna a d'ardaigh Seán Ó Cuirreáin agus na cúiseanna ar éirigh sé as? Tuigim gur ghabh an tAire Stáit buíochas leis as ucht an obair a rinne sé, ach an bhfuil imní ar bith air faoin méid a dúirt sé leis an gcomhchoiste seo, leis an bhfochoiste Oireachtais agus sna ráitis phoiblí a rinne sé faoin easpa comhoibriú a bhfuair sé ón Rialtas?

Thug an t-iarcoimisinéir go leor fáthanna gur éirigh sé as. Chuaigh sé siar ar rudaí ar tharla le blianta anuas. Mar a dúirt mé roimhe seo, cinneadh pearsanta don choimisinéir féin a bhí ann. Ghuí mé gach rath air agus thug mé buíochas dó.

Ba í an cheist a chuir mé ar an Aire Stáit, i gcead dó, ná an gcuireann an méid a bhí le rá ag Seán Ó Cuirreáin imní air.

Táimid ag díriú isteach ar an méid a bhí le rá aige. Táimid ag díriú isteach freisin ar pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge a chur i bhfeidhm. Ar ndóigh, bhí a dhearcadh féin ag an gcoimisinéir. Sílim go gcaithfimid amharc ar aghaidh anois. Tá coimisinéir úr réidh le cúraimí na hoifige sin a ghlacadh. Tá mé iontach dóchasach go ndéanfaidh sé an obair sin go héifeachtach, go díbhirceach agus go dícheallach. Caithfimid amharc ar aghaidh - an rud a tharla leis an gcoimisinéir roimhe seo, tharla sé. Thug sé seirbhís ar feadh deich mbliana, ach caithfimid bogadh ar aghaidh. Ar ndóigh, tá Acht na dTeangacha Oifigiúla ansin go fóill. Beidh an coimisinéir úr ag déanamh an obair chéanna a bhí á dhéanamh ag an gcoimisinéir a bhí ann go dtí seo. Nuair a bheidh sé ceaptha - tá mé cinnte go mbeidh an ceapachán oifigiúil go luath, b'fhéidir taobh istigh de roinnt laethanta - rachaidh sé i mbun a chuid oifige go díbhirceach agus go héifeachtach.

Maidir leis an rud seo faoi na cearta-----

Tiocfaidh mé ar ais chuig an Seanadóir nuair atá na comhaltaí eile críochnaithe.

Sílim go bhfuil sé fíorthábhachtach na cearta a phlé. Nuair a bhí an coimisinéir anseo, dúirt sé gur chóir go mbeadh cearta "gan cheist, gan choinníoll" i gceist ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla de. Is dóigh liom go bhfuil an tAire Stáit ag úsáid an ghéarchéim eacnamaíochta mar leithscéal, ar bhealach. An bhfuil cearta na ndaoine á shéanadh, ó thaobh na Gaeilge de, de bharr nach bhfuil airgead ag an Rialtas le hiad a chomhlíonadh? Má tá, an bhfuil sé sin sách maith?

Ar ndóigh, tá tionchar ag cúrsaí eacnamaíochta na tíre ní hamháin ar cheist na Gaeilge ach freisin ar gach réimse de shaol poiblí na tíre seo - an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Sláinte ina measc. Tá mé sásta go bhfuilimid ag déanamh gach rud gur féidir linn taobh istigh de na hacmhainní atá againn.

Más ceart atá i gceist, is ceart é agus tá daoine i dteideal é a fháil. Ní cóir go mbainfeadh cúrsaí airgid leis. An féidir cearta teanga a thabhairt ar na forálacha má tá an Rialtas in ann an leithscéal a úsáid nach bhfuil dóthain airgid ann agus nach bhfuil duine i dteideal a chearta a fháil? An nglacfaí le sin i gcás cúrsaí inscne mar shampla? Dá ndéarfaí, mar shampla, go raibh cás á thógáil ag duine mar gheall ar sárú a bheith dhá dhéanamh ó thaobh cearta inscne agus dá ndéarfadh an Rialtas gur breá leis é sin a chur i bhfeidhm ach nach bhfuil an t-airgead aige, ní ghlacfaí le sin. Cén fáth an gcaithfí glacadh leis ó thaobh na Gaeilge?

Is próiseas céimnithe atá anseo agus admhaíonn gach duine é sin. Rachaidh an próiseas ar aghaidh céim ar chéim agus tá muid ag déanamh gach rud gur féidir linn chun na cearta sin a thabhairt do na daoine agus a chur ar fáil dóibh. Tarlóidh sin de réir a chéile. Tá an bealach amach romhainn. Ar ndóigh, tá a fhios againn nach raibh gach aon rud mar is ceart san am a chuaigh thart, ach táimid ag díriú isteach anois chun a dhéanamh cinnte de go mbeidh na cearta sin le fáil.

Tá go leor le fáil. Is beag comhlacht sa tír anois le nach féidir le duine a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Cuir i gcás na Coimisinéirí Ioncam. Tá duine in ann glaoch a chur ar na Coimisinéirí Ioncam agus seirbhís a fháil trí Ghaeilge líofa agus gnó a dhéanamh go héifeachtach, b'fhéidir níos fusa ná níos fearr ná a dhéanfá i mBéarla é. Táimid ábalta ár ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge, ach níl córas ar bith nach féidir a fheabhsú ná nach féidir dul chun cinn a dhéanamh leis. Is é an dúshlán atá romhainn ná seo a dhéanamh i gcás na Gaeilge chomh maith.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus gabhaim comhghairdeas arís leis ar ainmniú an Choimisinéara Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill, agus gabhaim buíochas leis an iar-Choimisinéir Teanga.

Sa tuarascáil bhliantúil 2010, roimh theacht i gcumhacht don Rialtas seo, dúradh nach raibh ach 1.5% d'oifigigh sa Roinn Oideachais agus Scileanna líofa i nGaeilge. Bhí moratorium ar earcaíocht ag an am sin agus tá moratorium againn fós, ach sin ráite an aontaíonn an tAire Stáit liom nach raibh seans ar bith ag an Rialtas seo feabhas a chur ar na figiúirí sin mar gheall ar an moratorium?

Mar is eol don Aire Stáit, bhí feachtas ag Conradh na Gaeilge agus bhí daoine amuigh ag máirseáil i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh ar son a gcearta. Aontaím go bhfuil ceart ag daoine dul ag máirseáil agus níl aon fhadhb agam le sin. An aontaíonn an tAire Stáit leis na daoine a bhí ag máirseáil nach bhfuil siad in ann seirbhísí a fháil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht? An gceapann sé go raibh siad in ann na seirbhísí sin a fháil i 2010 nó roimh sin? An gceapann sé go raibh an iar-choimisinéir sásta le gach uile rud i 2010?

Níl gach rud foirfe nó mar ba mhaith linn é a bheith. Thug an Teachta sampla maidir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, nach bhfuil ach 1.5% de na hoifigigh ansin a bhfuil sé ar a gcumas a gcuid oibre agus a gcuid teagmhála leis an bpobal a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá sin fíor. Níor tharla seo inniu nó inné, ach táimid ag iarraidh díriú isteach ar sin. Cé gur sin an córas a bhí i réim le 40 bliain, tá sé soiléir nár éirigh leis. Sin an fáth go bhfuil cinneadh déanta anois maidir leis an earcaíocht, go mbeidh sé mar aidhm ó seo amach go mbeidh céatadán de na poist curtha ar fáil do dhaoine le Gaeilge. Glacfaidh seo am fada, ach ar a laghad is tosú é.

Freisin, tá scrúdú ar siúl i ngach Roinn maidir leis na háiteanna a bhfuil daoine le Gaeilge riachtanach le dul i dteagmháil leis an bpobal trí Ghaeilge. Tá go leor státseirbhísigh a bhfuil cumas Gaeilge acu, ach ní bhíonn siad ag plé leis an bpobal. B'fhéidir go bhféadfaí díriú isteach agus deis a thabhairt dóibh sin a bheith ag déileáil leis an bpobal. Sin an rud a chaithfidh muid a dhéanamh. Chomh maith le sin, tá oiliúint curtha ar fáil do státseirbhísigh ó chomhlacht an-éifeachtach, Gaelchultúr. Le cúpla bliain anuas, tá breis agus 300 duine tar éis freastal ar chúrsaí ansin. Bíonn tástáil orthu agus bíonn orthu caighdeán a bhaint amach.

Tá lán chead ag daoine a bheith amuigh ag máirseáil agus bhí siad amuigh an Satharn sin. Bhí daoine amuigh ag máirseáil roimhe sin cheana ar son cearta na Gaeilge agus tá daoine ag máirseáil go fóill. Is dóigh go dtarlóidh sé san am atá le teacht chomh maith. An dearcadh atá agam ar sin ná gur rud maith é go bhfuil daoine atá ag éileamh na cearta a mheasann siad nach bhfuil acu i láthair na huaire. An rud a chaithfidh muidne a dhéanamh, mar Rialtas agus mar Roinn, ná gach iarracht a dhéanamh freagra agus aird a thabhairt ar na hiarratais atáthar á dhéanamh, chomh fada agus is féidir linn. Ni cóir dúinn neamhaird a dhéanamh de agus sin mar atá.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil oifigigh a bhfuil Gaeilge acu, ach nach mbíonn siad ag plé leis an bpobal agus go mb'fhéidir go mbeidh sé in ann breathnú ar sin. An bhfuil plean aige sin a dhéanamh, mar is plean suimiúil é.

Tá treoir tugtha ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chuig na Ranna eile sainscrúdú a dhéanamh ar an áit a bhfuil gá le státsheirbhísigh a bhfuil cumas Gaeilge acu. Tá an scrúdú sin ar siúl i láthair na huaire. Ceann de na dúshláin atá againn ansin ná na bearnaí sin a líonadh chomh luath agus is féidir linn. Ach mar a dúirt mé, is próiseas é a ghlacfaidh am. Ní féidir linn an oidhreacht atá cruthaithe le blianta fada anuas a réiteach i mbliain nó dhó amháin. Aithníonn muid go bhfuil deacracht ann, ach tá céimeanna á nglacadh le tabhairt faoi chun an scéal a fheabhsú.

Gabh mo leithscéal ach níl mo chuid Gaeilge go maith. Mar sin, cuirfidh mé mo cheisteanna trí Bhéarla. This committee is concerned with the role of the Coimisinéir Teanga and the commissioner presents his annual report to the committee. The commissioner expressed strong concern in his report regarding the proposed amalgamation of his office under the Office of the Ombudsman. He mentioned legislation would be published to enable this and to redefine the role of the Coimisinéir Teanga. Can the Minister of State provide clarity on this and when will the legislation be published?

Does the Minister of State agree that the majority of issues identified by the commissioner in his report, in terms of the public interacting through Irish with public services, arose because of an inability by officials within the public service to deal with issues through Irish or bilingually. There are issues in this regard. The public service has been reduced from 300,000 to 270,000 and this may be part of the reason there has been a 3% increase in complaints. In his report, the commissioner mentioned the transfer of training from Gaeleagras to the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht and identified significant potential for improvement. Will the Minister of State outline what plans there are for reform or what improvements can be seen as a result of that transfer of powers?

First, there will be no interference or change in regard to the independence of the Coimisinéir Teanga, nor will there be any change in regard to his powers or responsibilities. He will continue to operate under the provisions of Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

There are service level agreements between the Departments of Arts, Heritage and the Gaeltacht and Public Expenditure and Reform. We have been given the responsibility of organising retraining in conjunction with an outside agency, namely Gaelchultúr, which is a private company based in Dublin that provides training. Approximately 300 civil servants have already received training there. It is not just a question of attending - one must also receive certification. We are familiar with what Gaeleagras did over the years when it was in operation. Civil servants used to spend two or three weeks in the Gaeltacht. I suggest that the course now being provided is more focused. As I have said, there will be examinations to be sat and standards to be attained on the completion of this programme.

Tá go leor ceisteanna gearra agam. Ba cheart go mbeadh an tAire Stáit in ann iad a fhreagairt, ceann ar cheann, in abairt nó dhó. Céard é an méid is mó foirne a bhí ag Oifig an Choimisinéara Teanga ariamh? Cén líon foirne atá san oifig anois? Cé mhéid atá i gceist a bheith ann fad is a bheidh an oifig faoi Roinn an Aire Stáit?

Bhí seachtar ann. Ba é sin an leibhéal is airde a bhí ann ariamh. I láthair na huaire, tá 5.4 oifigeach ann, móide an coimisinéir féin, an príomhfheidhmeannach atá fostaithe anois san áireamh. Táimid ag amharc ar féidearthachtaí i láthair na huaire chun ceapachán eile a dhéanamh ansin.

Tá an tAire Stáit ag caint ar dul ar ais go dtí 7.4.

Bhí sé tite píosa maith. Bhí sé síos chomh híseal le ceathair.

I láthair na huaire, tá cosc ar earcaíocht chun poist a líonadh nuair a imíonn daoine. Táimid tar éis gníomhú agus duine a chuir isteach leis an bhfolúntas a bhí ansin a líonadh. Táimid ag amharc ar bhreis a chur leis sin.

Luaigh an tAire Stáit gur chuir sé go leor airgid ar fáil le tacú leis an nGaeilge. Níl mé ag súil go mbeidh freagra na ceiste seo aige inniu. B'fhéidir gur féidir leis a chur in iúl dúinn arís - an t-eolas a chur chugainn - go díreach cé mhéid airgid a chaitear ag tacú leis an nGaeilge. Ar an mbonn céanna, má deirtear gur tacú leis an nGaeilge é airgead a thabhairt do TG4, is tacú leis an mBéarla é airgead a thabhairt do RTÉ más rud é nach bhfuil iontu ach seirbhísí teanga. Sa chomhthéacs sin, an féidir leis an Aire Stáit figiúr a chur chugainn ag leagadh amach cé mhéid airgid a chaitear ag tacú leis an mBéarla? Ba cheart é seo a dhéanamh ar bhonn "like with like", mar a deirtear. Más caiteachas ag tacú leis an nGaeilge atá i gceist nuair a chaitear airgead ar an nGaeilge a mhúineadh inár scoileanna, is tacaíocht don Bhéarla atá i gceist nuair a mhúintear an teanga sin inár scoileanna. Ar ndóigh, tá tacaíocht bhreise don Bhéarla i gceist má tá múinteoirí ann ag múineadh Béarla d'eachtrannaigh. An bhféadfaimis figiúirí "like with like" a fháil? Ní bheinn ag súil go mbeadh an tAire Stáit in ann iad a thabhairt dúinn tráthnóna.

Tuigim céard atá i gceist ag an Teachta. Is dócha gur gá anailís a dhéanamh ar chaiteachas i ngach Roinn agus teacht aníos le figiúirí. Tuigeann an Teachta é seo, ós rud é go raibh sé anseo fada go leor. Is féidir liom fiosrúcháin a dhéanamh faoi sin.

Tá sé éasca go maith. Má fhoilsíonn Roinn páipéar i mBéarla, mar eolas ón Roinn sa teanga sin, is féidir rialú as sin nach tacaíocht don Ghaeilge é an cháipéis ceannann céanna a fhoilsiú i nGaeilge. Ní tacaíocht teanga atá i gceist - níl ann ach foilsiú cáipéisí. Tiocfaidh an tAire Stáit ar ais chuige sin.

Fáiltím roimh an mbreis foirne atá curtha ar fáil. Dúirt an tAire Stáit go bhfuil 185 scéim ann i láthair na huaire, agus go bhféadfadh suas le 600 scéim a bheith ann. Bíonn athnuachan le déanamh orthu tar éis trí bliana. Ciallaíonn sé sin - díreach athnuachan a dhéanamh ar na scéimeanna atá ann gan aon scéim nua a cheadú - go gcaithfear athnuachan a dhéanamh ar 60 scéim in aghaidh na bliana. Dúirt an tAire Stáit gur déanadh athnuachan ar 16 cinn anuraidh. Cén plean atá ann é sin a thabhairt ó 16 go dtí 60, i dtosach, agus ansin ar ndóigh na comhlachtaí eile ar fad nach bhfuil scéim ar bith acu a thabhairt isteach sa chluiche?

Sílim go bhfuil méadú tagtha le bliain anuas ar an méid scéimeanna úra atá á ndaingniú. Déanadh 16 cinn anuraidh. Tá sé cinn déanta go dtí seo i mbliana, agus dhá mhí imithe thart. Tá breis foirne ag déileáil le scéimeanna teanga i láthair na huaire. Tá an rannóg ansin. Tá mé iontach dóchasach, ós rud é go bhfuil foireann ag obair ar an ábhar seo anois, go mbeidh dul chun cinn mór ar an ráta scéimeanna atá á n-athnuachan, á ndaingniú agus á gcur ar fáil.

Tuigeann an tAire Stáit nach mbeidh an rannóg fiú in ann athnuachan a dhéanamh ar na scéimeanna atá ann muna dtagann méadú ó 16 cinn in aghaidh na bliana go dtí 60 cinn in aghaidh na bliana ar líon na scéimeanna atá á ndéanamh acu.

Tá sé chun tamall a ghlacadh, ach sílim go bhfuil sé tábhachtach go dtuigfeadh an Teachta go bhfuil scéimeanna ag na comhlachtaí is mó a bhíonn ag déileáil leis an bpobal. Táimid ag breathnú ar teimpléad a chur ar fáil a chinnteodh go mbeadh sé níos fusa do chomhlachtaí eile na bunrudaí a chur ar fáil. B'fhéidir go mbeimid in ann athruithe agus dul chun cinn a dhéanamh ar an taobh sin. I láthair na huaire, tá rannóg ag déileáil le scéimeanna úra agus ag iarraidh athnuachan a dhéanamh ar na scéimeanna a bhí ann go dtí seo. Mar a dúirt mé, rinneadh 16 scéim sa bhliain atá imithe thart, agus an uair dheireanach a rinneadh 16 scéim ná sa bhliain 2010. Níor déanadh ach naoi gcinn sa bhliain 2012. Déanadh an uimhir is airde ariamh - 29 - sa bhliain 2007. Tá go leor le déanamh, ach táimid ag tabhairt faoi ar bhonn céimiúil. Mar a dúirt mé, tá breis daoine ansin. Tá mé iontach dóchasach, ón méid atá déanta acu i mbliana - tá siad tar éis déileáil le sé cinn cheana féin, agus dhá mhí imithe - go mbeidh líon maith agus níos mó ná mar a bhí ann le fada dóibh déanta roimh dheireadh na bliana

Má tá sé cinn déanta laistigh de dhá mhí, is cosúil go ndéanfar 36 cinn in aghaidh na bliana, ach tá 60 cinn le hathnuachan. Tá fadhb ann, ach bogfaimid ar aghaidh. Dála an scéil, nuair a bhí mise sa Roinn, sa trí mhí deiridh bhíomar ag caint ar an teimpléad caighdeánach a luaigh an tAire Stáit. Is mór an trua nár brúdh ar aghaidh leis. Deireann an tAire Stáit go bhfuil dea-thoil agus dea-chomhoibriú ag teacht ó na comhlachtaí poiblí, ach deireann an coimisinéir a mhalairt. An féidir leis an Aire Stáit a mhíniú cén fáth go bhfuil siad go deas comhoibritheach leis an Roinn, ach nach bhfuil siad chomh comhoibritheach - is cosúil - leis an gcoimisinéir?

Is í an taithí atá againn ná go bhfuil comhoibriú le fáil. Tá na comhlachtaí poiblí ag iarraidh a ndícheall a dhéanamh. B'fhéidir nach bhfuil achan rud foirfe, ach sílim go bhfuil dea-thoil agus dea-mhéin ansin. Dúirt an Teachta go raibh dearcadh eile ag an iar-choimisinéir, ach táimid thar a bheith sásta chomh fada agus a bhaineann sé linn. Thug sé a thuairim féin. Tá muidne thar a bheith sásta go bhfuil comhoibriú ag tarlú agus go bhfuil dea-mhéin agus dea-thoil thall ansin. Táimid ag treabhadh ar aghaidh, chomh maith is a thig linn, leis na scéimeanna a fháil os na comhlachtaí eile. Tá go leor oibre le déanamh, ach táimid ag obair agus tá dul chun cinn á dhéanamh againn. Tá mé tar éis na figiúirí a thabhairt. Tá mé ag súil go ndéanfar go leor i rith na bliana seo.

Deir an tAire Stáit go bhfuil easpa acmhainní ann, ach an nglacann sé leis go bhfuil go leor den fhaillí atá dhá dhéanamh ag comhlachtaí Stáit ag cur airgid phoiblí amú, mar nach bhfuil siad ag comhlíonadh a ndualgas i leith na Gaeilge. Tabharfaidh mé sampla mar shampla. Le gairid, cuireadh go leor comharthaí suas i gConamara agus ar chuid acu bhí "Danger of Flooding" scríofa agus os cionn sin, "Boal Tuilte", cibé céard é "Boal Tuilte". Caitheadh iad a bhaint anuas agus comharthaí nua leis an rud a bhí i gceist acu a rá - "Baol Tuilte" a chur in airde. Chuaigh comharthaí eile suas le gairid agus "Entrance" orthu i mBéarla agus in ionad "Slí isteach" nó "Bealach Isteach" a bheith scríofa orthu, tá "Iontrála" - an tuiseal ginideach - orthu. Níl aon leithscéal dó sin; is cur amú airgid é, ach ní chloisim na daoine atá buartha faoi chur amú airgid riamh ag tabhairt amach faoin ollchur amú airgid atá i gceist sa Stát seo mar nach féidir le daoine seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil, fiú sna rudaí beaga simplí.

Céard atá i gceist ag an Aire Stáit a dhéanamh faoi sin? An bhfuil sé i gceist aige fíneáil a chur ar chomhlachtaí agus údaráis áitiúla a chuireann airgead an Stáit amú? An bhfuil sé i gceist aige forálacha a thabhairt isteach san Acht nua ag rá go dtiocfaidh fíneáil ar chomhlachtaí nach bhfuil sásta a gcuid dualgas a chomhlíonadh i rudaí simplí?

Sílim féin go bhfuil dul chun cinn mór déanta ar fud na tíre maidir le feiceáileacht na Gaeilge, más féidir é a chur mar sin. Tá sé le feiceáil go soiléir go bhfuil dul chun cinn mór déanta, fiú amháin i ngnóthaí príobháideacha nach bhfuil aon dualgas orthu ó thaobh an Achta de. Tá siad ag déanamh iarrachta. Sna margaí agus mar sin de, tá dátheangachas le feiceáil go soiléir.

Ar ndóigh, níor mhaith liom go mbeadh aon airgead á chur amú. Níl airgead sa tír le cur amú i láthair na huaire. Caithfidh muid a admháil go mbíonn deacrachtaí ag comhlachtaí poiblí chomh maith. Go minic, bíonn easpa foirne a bhfuil Gaeilge acu orthu. Táimid ag iarraidh díriú isteach ar sin. Chomh maith le sin, bíonn daoine ag éirí as obair, ach níl daoine á ghlacadh isteach ina n-áit agus bíonn easpa foirne orthu. Bíonn daoine ag athrú post agus cuireann sin isteach orthu. Sin ráite, níl dabht ach go bhfuil dul chun cinn mór déanta. Duine ar bith a thagann isteach sa tír, ó thagann siad isteach ag an aerfort bíonn an dátheangachas le feiceáil go soiléir.

Feicim go bhfuil brú ama orainn, ach tá cúpla ceist eile agam.

An féidir iad ar fad a chur le chéile agus beidh an tAire Stáit in ann iad a fhreagairt le chéile?

Maidir leis na comharthaí, má tá easpa daoine le Gaeilge le bunchomharthaí a aistriú go Gaeilge, nach féidir a shocrú le Foras na Gaeilge go gcuirfidh siad seirbhís aistriúcháin ar fáil dó sin. Dá ndéanfaí aistriúchán uair amháin ar "Entrance" agus "Bealach Isteach" nó "Slí Isteach" a scríobh síos, ní bheadh le déanamh ach cóip a dhéanamh de sin.

I dtaobh chúrsaí foirne, cén uair a bheidh an toradh ar fáil ón suirbhé atá ar bun le fáil amach cé mhéad duine sa seirbhís phoiblí a bhfuil cumas Gaeilge acu? An bhféadfadh an tAire Stáit a rá liom cén caighdeán neamhspleách atá leagtha síos aige le hé seo a theist? An bhfuil sé i gceist toradh an tsuirbhé a fhoilsiú?

Mar a dúirt mé, b'fhéidir sular tháinig an Teachta isteach, tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i mbun sin, ach níl mé cinnte go baileach cén uair a bheidh an toradh ar fáil.

Dúirt an tAire Stáit go raibh seisean ina mbun.

Gabh mo leithscéal?

Nuair a chuir mise ceist pharlaiminteach faoi bhráid na Dála, cuireadh ar aghaidh chuig an Aire Stáit í. Chuir mé isteach ceist chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ach cuireadh an cheist ar aghaidh chuig Roinn an Aire Stáit le freagairt.

Is é an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a thug an treoir do na Ranna eile an scrúdú seo a dhéanamh. Tá an Roinn sin chun an t-eolas a fháil ó na Ranna eile faoin bpróiseas pleanála teanga. Nílimid ag iarraidh a bheith rúnda faoi aon rud; táimid ag iarraidh a bheith go soiléir agus ní thuigim cén fáth nach mbeadh an Teachta tuairim a fháil faoi na folúntais seo agus cad is féidir linn a dhéanamh chun iad a líonadh. Tá an próiseas ar siúl i láthair na huaire agus ní rún ar bith é. Ní fheicim go mbeidh deacracht ar bith maidir le sin.

Maidir le sin, tá seo tromchúiseach. Ar an 6 Feabhra -----

Is ceist pharlaiminteach atá i gceist ansin, ach táimid ag déileáil le tuarascáil an Choimisinéara Teanga.

Tuigim é sin, ach deirtear anseo, i bhfreagra ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe:

My Department does not currently compile information on staff who are competent to conduct business in the two official languages of the State.

Deir an tAire Stáit go bhfuil an Roinn sin i bhfeighil seo, ach dúirt an Roinn nach bhfuil, ach fágfaidh mé sin mar atá sé.

Tá leasuithe le déanamh ar an Acht. Deir an tAire Stáit go bhfuair sé 1,400 freagra agus 262 aighneacht. An féidir leis a insint dúinn cé acu siúd a bhí i bhfabhar breis cumhachtaí seachas laghdú cumhachtaí san Acht atá le teacht? An bhfuil sé i gceist dul le tromlach na n-aighneachtaí ó thaobh an Bhille seo atá le foilsiú go luath.

Ceist eile, an í seo an uair dheireanach a mbeidh an tAire Stáit istigh faoi bhráid coiste Dála maidir leis an gCoimisinéir Teanga, mar tagann an Ombudsman faoin Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe? An gciallaíonn an t-athrú seo, an cónascadh seo idir Oifig an Ombudsman agus Oifig an Choimisinéara Teanga gur é an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bheidh freagrach as na cuntais agus as an tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil, seachas an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta? An féidir a dhearbhú an bhfuil sin amhlaidh agus an mbeidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach as Oifig an Choimisinéara Teanga as seo amach don Dáil agus don Seanad seachas mar atá i láthair na huaire?

Ar dtús, maidir leis an suirbhé atá ar siúl maidir leis an Ghaeilge sa státchóras, ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuil seo ag tarlú mar thoradh ar chinneadh a thóg an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2013, chun cumas na Gaeilge sa státchóras a threisiú. Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna agus oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantar Gaeltachta. Beidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach don phróiseas earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge. Aithnítear le seo go bhfuil deacrachtaí againn, ach seo iarracht díriú isteach ar na deacrachtaí sin agus an rud a chur i gceart. Sin go díreach mar atá cúrsaí.

Maidir leis an tréimhse chomhairliúcháin maidir le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus na haighneachtaí a cuireadh isteach ón bphobal, foilseofar torthaí an phróisis chomhairliúcháin sin go poiblí ar shuíomh gréasáin na Roinne nuair a bheidh cinn an Bhille glactha ag an Rialtas agus á bhfoilsiú chomh maith. Ní dhéanfar iad a cheilt mar atá ráite agus athráite go minic.

I dtaobh an tríú cheist, beidh mise, mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, nó cibé Aire Stáit a bheidh sa Roinn sin, ag plé i gcónaí leis na scéimeanna teanga faoin Acht. Beidh freagracht ag an Aire Howlin, nó an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, maidir leis an tuarascáil bhliantúil agus cuntais an Choimisinéara Teanga os comhair Thithe an Oireachtais faoi na leasuithe atá molta.

An bhfuil an tAire Stáit ag deimhniú má bhíonn Aire ag teacht isteach an chéad bhliain eile le tuarascáil an Choimisinéara Teanga a phlé, gur é an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bheidh ann?

Is é an t-Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe a bhéas ann.

Beidh beirt againn ag teacht isteach. Beidh an Teachta Howlin agus teacht isteach agus mise chomh maith.

Aige siúd a bhéas an fhreagracht.

Ó thaobh an dlí dhe. Leanfaidh an fhreagracht an t-Ombudsman, nach shin é?

Is féidir liom a rá, agus níl sé seo ceadaithe go fóill, go bhfuil dhá Aire ag dul a bheith luaite go sonrach.

Ach cé acu a bhéas freagrach ó thaobh an dlí dhe?

Beidh an t-Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta freagrach as na scéimeanna, an áit a bhfuil an obair le déanamh.

Tuigim é sin. Ach ó tharla go mbaineann go leor den rud a bhíonn le déanamh ag an gCoimisinéir le cúrsaí foirne agus easpa seirbhís tré Ghaeilge, an té atá i mbun na seirbhíse a chur ar fáil, agus as a dteip, a bhéas i mbun Oifig an Choimisinéara Teanga. Cén turas nuair a chuir muid é seo ar fad ar bun gur dhiúltaigh muid don leagan amach sin agus dúirt muid go raibh sé i bhfad níos fearr gur Aire eile a bheadh freagrach as dualgaisí Gaeilge, mar ní féidir beith ar an dá thaobh. Ni féidir leis an gobadán an dá thrá a fhreastail. Ach go raibh maith ag an Aire Stáit as an deimhniú a thug sé dom gur mar sin a bhéas faoina mholta.

Tá roinnt pointí a bhaineann leis an tuarascáil a luaigh an Coimisinéir nár thagair muid dóibh. Ach bunaithe ar an gceann a luaigh an Teachta Ó Cuív, bhí oifigigh ón Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe os ár gcomhair anuraidh mar gheall ar shárú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus dhiúltaigh siad scun scan glacadh leis na moltaí a bhí déanta ag an gCoimisinéir Teanga ina leith go raibh siad ag sárú an Achta, agus ní dhearna siad aon rud faoi na moltaí a rinne sé. Nach bhfuil sé an-aisteach, dá bhrí sin, gurb iadsan atá ag dul a bheith i gceannas ar an bpróiseas, nuair atá siad ag sárú an dlí agus nach bhfuil siad sásta feidhmiú de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla iad féin?

Is ceist í sin don Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe, ach tá mise thar a bheith sásta go mbeidh ionchur agus freagracht ar an Roinn ina bhfuil mise, nó cibé cé a bhéas ann, maidir leis na scéimeanna teanga a chur i bhfeidhm. Sin an chuid is tábhachtaí de ghnóithe agus de fhreagracht an choimisinéara.

Cén mhaith dlí a dhéanamh muna bhfuil póilín ann lena chur i bhfeidhm? Beidh na póilíní, ó thaobh déanamh cinnte go gcloítear leis an dlí atá curtha ar fáil ag ionadaithe na ndaoine, faoi chúram an Roinn Chaiteachas Phoiblí agus Athchóirithe. Sin fíric.

Tiocfaimid ar ais chuige sin. B'fhéidir go gcuirfidh an coiste fios ar an Aire féin.

Ag leanacht leis sin, seo atá luaite ag an gcoimisinéir sa tuarascáil:

Seoladh 13 cinn d’imscrúduithe foirmiúla le linn na bliana 2012 sa bhreis ar cheithre cinn a bhí fós idir lámha ó dheireadh na bliana roimhe sin. Tugadh chun críche 12 cheann de na himscrúduithe sin, scoireadh de phéire, agus bhí na trí cinn eile fós idir lámha ag deireadh na bliana. Tá achoimre ar na cásanna a bhí i gceist sa chaibidil den Tuarascáil seo dar teideal “Imscrúduithe”. Ní théitear i mbun imscrúdú ach amháin nuair atá an chosúlacht ann go bhfuil sárú reachtúil tarlaithe agus nuair a theipeann ar iarracht neamhfhoirmiúil comhréitithe.

Bhí imscrúdaithe ann, bhí eagrais nó Ranna Stáit a bhí ag sárú na reachtaíochta. Cén dearcadh atá ag an Aire Stáit, a bhfuil cúram na Gaeltachta air, air sin? An raibh aon comhráití aige le haon duine des na hAirí nó na heagrais a bhí ag sárú na reachtaíochta, maidir le rudaí a chur in cheart?

Faoin Acht, is ar an choimisinéir féin atá an fhreagracht agus an dualgas an sainscrúdú seo a dhéanamh. Is é sin ról an choimisinéara. Is é an rud atá le déanamh ag an Aire faoin Acht, ná na scéimeanna teanga a chuirtear faoi a fhaomhadh, má táthar sásta leo. Sin an ról atá agamsa agus ag an Aire. Is é an ról atá ag an choimisinéir ná cinnte a dhéanamh de go bhfuiltear ag cloí leis na forálacha atá sa scéim teanga atá curtha ar fáil.

Tuigim é sin, ach sa gcás go bhfuil a gcuid feidhmeanna curtha i gcrích ag an gcoimisinéir agus go ndeir sé go bhfuil a chuid imscrúdaithe déanta aige, go bhfuil an dlí á shárú ach go bhfuil a chuidse dualgais comhlíonta agus gur faoin Rialtas atá sé anois feidhmiú le déanamh cinnte go gcuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm, céard atá an Rialtas ag déanamh le rudaí a chur i gceart, maidir le na 13 de imscrúdaithe a bhí sa tuarascáil i 2012 ina raibh sárú reachtaíochta? An bhfuil plé á dhéanamh leis an Taoiseach, leis an gcomhchoiste atá ag cur i bhfeidhm straitéis 20 bliain don Ghaeilge nó leis an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe? Cé atá ag ceartú an cháis nach bhfuiltear ag cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla?

Caithfidh mé ghníomhú, ar ndóigh, taobh istigh de fhorálacha an Achta agus des na cúraimí a thugtar dom féin. Is dóiche go bhfuil ról ag Tithe an Oireachtais anseo mar go gcuirtear an tuairisc ar fáil dóibh. Tá a fhios agam go maith go bhfuil féidireachtaí eile ann. B'fhéidir go bhfuil, fiú amháin, cásanna cúirte á n-imirt. Mar adúirt mé, tá mo chuid freagrachtaí féin ormsa. Sílim go bhfuil ról ag Tithe an Oireachtais agus tá na cúirteanna ansin.

Tá comhchoiste ag ard leibhéal a bhfuil an Taoiseach i bhfeighil air agus a bhfuil straitéis 20 bliain don Ghaeilge faoi chúram aige. Tá cur chun cinn na Gaeilge sa Státsheirbhís fite fuaite ins an straitéis 20 bliain agus i gcur chun cinn na Gaeilge. An ndéantar aon phlé ag an gcomhchoiste maidir leis an sárú atá á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá 13 imscrúdaithe leagtha os comhair Thithe an Oireachtais. An bhfuil an Rialtas ag déanamh tada le déanamh cinnte go gcuirfear rudaí ina gceart? An bpléitear ag cruinnithe an chomhchoiste, a bheag nó a mhór, iad?

Ní shílim gur cheist don chomhchoiste Rialtais é sin.

Mar adúirt mé, cuirtear tuairisc an fáil do Thithe an Oireachtais agus tá ról acu san ansin.

An fáth go bhfuil t-Aire Stáit os comhair an choiste inniu ná chun déileáil le tuairisc bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2012, seachas a lán den stuif eile a bhí faoi cheist níos luaithe maidir le polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge agus go leor eile.

An cheist atá á cur ná seo. I dtuairisc an choimisinéara dúradh go raibh trí imscrúdú fós idir lámha ag deireadh na bliana. Táimid ag iarraidh a fháil amach an fiú duit, a Aire Stáit, a bheith os comhair an choiste seo in aon chor munar féidir leat a rá linn cad atá tar éis tarlú dos na himscrúduithe sin? Chuir an coimisinéir seo faoi bhráid an choiste agus támid ag déanamh an obair ar chóir dúinn a dhéanamh, is é sin tú a ghlaoch os comhair an choiste chun freagra a thabhairt faoin tuairisc. Sin an príomh cheist a bhí ag an gcoimisinéir, nach raibh tú féin nó an Roinn tar éis obair de réir na bhfadhbanna a d'aithin seisean ins na 13 imscúduithe a dhein sé. Tá Teachtaí agus Seanadóir an choiste ag fiosrú cad atá déanta ó ardaíodh na ceisteanna seo leis na Ranna nó leis na hoifigí a bhain leo. Táimid ag plé tuairisc 2012, ní inniu nó inné a rinneadh na himscrúduithe seo agus tá na tuairiscí fúthu foilsithe le breis agus bliain i roinnt cásanna.

Táim tar éis teacht go dtí phríomh chúis na cruinnithe seo. Níl mé ag iarraidh deifir a chur ar éinne ach táimid anseo le beagnach dhá uair a chloig anois agus níor dhéileálamar leis seo go fóill. An féidir an freagra sin a thabhairt don choiste, a Aire Stáit? Cad atá tú féin nó an Roinn tar éis a dhéanamh?

Tá ceist fhorlíontach agam air sin. B'fhéidir go bhfuil an ceart ag an Aire Stáit. B'fhéidir go bhfuil cuid den locht orainne. Cuirfidh mé an cheist seo ar an Aire Stáit go breis ar an-----

Níl an locht ar an gcoiste. Seo an chéad deis-----

Ní ar an gcoiste seo ach ar an Oireachtas. Dá mba rud é go raibh córas bunaithe faoina bhéadh coiste de chuid an Oireachtais a dhéanfadh scrúdú ar na himscrúduithe agus ar thoradh na n-imscrúduithe seo agus, i gcás go raibh an coiste sásta go raibh an ceart ag an gcoimisinéir go raibh an dlí á shárú agus i gcás go gcuirfí ar aghaidh chuig an Rialtas é le freagairt, an féidir leis an Aire Stáit dearbhú go gcuirfí freagra ar ais ag an gcoiste a chruthú, i dtuairim an Rialtais, nach raibh an dlí á shárú nó sa gcás go raibh an dlí á shárú go gcuirfí an rud ina cheart?

Agus más rud é gurb é tuairim an Rialtais nach bhfuil an dlí á shárú agus nach bhfuil an coimisinéir ceart, an bhfuil an t-Aire Stáit sásta geallúint a thabhairt go gcuirfear an míniú ar fáil ar cén fáth nach gcreideann an Rialtas go bhfuil an dlí á shárú agus an mbeidh deis ag an gcoiste é a phlé arís?

Ar dtúis, agus déarfaidh mé arís é, cuirtear tuarascáil bhliantúil an choimisinéara faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus tá deich gcinn acu sin déanta. De réir an Achta, níl ról ar bith agamsa seachas na scéimeanna a chuirtear romham a aontú agus a cheadú.

Ní fiú duit, mar sin, a bheith anseo chun déileáil le tuairisc an choimisinéara.

Ceist do na comhluchtaí a gcuid scéimeanna a chur i bhfeidhm. Más rud é, mar atá ráite ag an Teachta Ó Cuív, go dtagann rud éigin ó choiste a bhfuil an cúram sin air, ní féidir liomsa a rá cén cinneadh a dhéanfadh Rialtas ach tá mé ag cloí leis an dlí agus le cuinsí agus le freagrachtaí atá ormsa mar a sheasann siad i láthair na huaire. Caithfidh mé gníomhú taobh istigh des na cuinsí sin.

Tá an t-Aire ag tabhairt le fios nach gceapann an Rialtas gur rud tromchúiseach é gan an dlí a chomhlíonadh. Más rud é go bhfuil an ceart ag an gCoimisinéir Teanga go bhfuil an dlí á shárú ins na cásanna seo, muna dtógtar céimeanna leis an gceist a leigheas agus muna bhfuil cruthúnas ann go bhfuil sé mícheart ó thaobh dlí dhe tá an t-Aire Stáit a rá nach bhfuil an Rialtas a dhul an dlí a chur i bhfeidhm agus a dhul coinnigh leis an dlí. Tá gach comhlucht Stáit freagrach do Roinn éigin i rudaí mar sin.

Tá sé ráite go suntastach, in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, go gcuirtear an tuairisc bhliantúil roimh Thithe an Oireachtais. Sin mar atá sé i láthair na huaire agus caithfimid gníomhú taobh istigh de sin.

Tá cúramaí ormsa a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta agus le cúrsaí oileán. Níl cúrsaí reachtúil nó freagracht de chineál ar bith ormsa a dhul i dteagmháil le Ranna eile. Níl an cumhacht sin agamsa, cé go mbíonn cruinnithe rialta againn le Ranna eile.

An féidir liom díriú ar cheist a bhfuil dualgas ar an Aire Stáit faoi?

Nach nglacann an t-Aire Stáit leis go bhfuil dualgas, a tharlaíonn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, ar Ranna Stáit agus comhluchtaí poiblí feimhniú de réir an dlí? Tá dualgas ar an Rialtas, mar aonarán, cinntiú go bhfeidhmeoidh na Ranna agus na comhluchtaí poiblí de réir an dlí.

Tá an t-Aire Stáit tar éis an cheist a fhreagairt trí uair anois. Tuigimid ar fad cad atá ráite aige. Mar sin, díreoimid isteach ar cheist eile. Más ceist mhór í ó thaobh an choiste de déanfaidh an coiste déileáil léi. Muna bhfuil an fhreagracht ag an Aire Stáit atá os ár gcomhair caithfimid glaoch ar Aire a bhfuil an fhreagracht aige nó aici, an Taoiseach san áireamh. Is é ról an choiste déileáil le pé rud a thagann chun tosaigh ag cruinnithe an choiste.

Táim ag díriú ar na freagrachtaí a fheiceann an t-Aire atá air féin, sin ó thaobh daingniú na scéimeanna.

Chuaigh an t-Aire Stáit isteach in uimhir na scéimeanna atá á dhaingniú i aghaidh na bliana. Arb é polasaí a Roinne gan a bheith ag athnuachan scéimeanna? Tá 16 daingnithe i mbliana, ab ea?

Tá 16 atá imithe.

Tá 185 daingnithe. Glacaim leis go bhfuil cuid mhaith acu sin imithe in éag, mar go bhfuil siad daingnithe le os cionn trí bliana. Maidir leis na cinn breise atá á dhaingniú ag an Roinn, tá 600 lúide 185, más féidir liom sin a rá. Ciallaíonn sin go bhfuil 415 fágtha agus go bhfuiltear, de réir a chéile, ag oibriú isteach sa méid sin. Arb é nach bhfuil an Roinn ag athnuachan aon scéim faoi láthair?

Luaigh an t-Aire Stáit go bhfuil an Roinn ag díriú ar scéimeanna na n-eagrachtaí is mó a bhfuil baint acu leis an bpobal. Ar leathanach 29-30 den tuairisc tá liosta de na dréachscéimeanna atá fós le daingniú. Tá roinnt eagraíochtaí ansin a mbíonn déileáil go leor acu le cúrsaí Gaeilge agus le cúrsaí pobail, mar shampla: an Chomhairle Oidhreachta; Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte; An Post; RTE; Fionntraíocht Éireann; Fáilte Ireland; agus Údarás Craolacháin na hÉireann. Is eagraíochtaí iad sin a bhíonn i mbéal an phobail agus a bhíonn ag déileáil le cúrsaí Gaeilge ó lá go lá. Cén fáth nach bhfuil siadsan daingnithe agus cén uair a bheidh siad daingnithe, go háirithe, mar shampla, Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte a fuair scéala 2007 go bhfuil leath oiread le déanamh acu agus go bhfuil seacht mbliana caite acu gan an scéim a bheith daingnithe? Cén uair a bheidh scéim againn uathu siúd?

Tá 16 ina iomlán sa mbliain a chuaigh thart. Tá ceithre cinn a bhfuil an chéad scéim teanga daingnithe acu, 11 a bhfuil an dara scéim daingnithe acu agus ceann amháin a bhfuil an tríú scéim daingnithe aige.

Níl ach ceithre scéim nua daingnithe as an 415 mar sin. Tá an dul chun cinn níos maille ná mar a cheapamar.

Tá sin fíor. Tá ceann amháin a bhfuil an tríú scéim daingnithe aige, 11 a bhfuil an dara scéim daingnithe agus ceithre cinn a bhuil a chéad scéim daingnithe. Chomh maith leis sin tá sé chinn daingnithe go dtí seo i mbliana.

Dá mbainfí amach deich gcinn in aghaidh na bliana bheimís ag caint faoi 40 bliain sula mbéadh na scéimeann ar fad daingnithe.

Nuair a chuirtear scéim i bhfeidhm fanann sí i bhfeidhm.

As 600 eagraíocht Stáit a bhfuil scéim le bheith acu tá 415 fós le daingniú. Má déantar deich gcinn nua iomlán in aghaidh na bliana táimid ag caint ar 40 bliain sula mbeidh na scéimeanna ar fad atá le daingniú daingnithe.

Táimid ag cur scéimeanna le chéile anois ó 2003. Sin tamall fada. Le trí bliana anuas tá 30 scéim daingnithe. Daingníodh 29 scéim i 2007, an líon is mó ó tháinig an t-Acht isteach . Táimid ag druidim suas leis sin arís anois má choinnímid ag dul. Tá sé ag dul ghlacadh ama ach tá mise iontach dóchasach, agus breis foirne agus rannóg ag déileáil leis, go mbeidh an dul chun cinn níos suntasaí as seo amach.

Tá breis foirne in Oifig an Choimisinéara Teanga ach an bhfuil breis foirne sa Roinn ag plé le scéimeanna?

An féidir linn críoch a chur leis an díospóireacht?

Chuir mé ceist faoi na scéimeanna a bhain le HSE, RTE agus eagraíochtaí eile.

Tá plé leanúnach ar siúl leis na comhluchtaí sin i láthair na huaire.

Cén uair a bhfuil an t-Aire Stáit ag súil go mbeidh na scéimeanna aige?

Go raibh maith agat, a Aire Stáit, as teacht os comhair an choiste. B'fhéidir go mbeidh tú ar ais arís am éigin eile.

Molaim go mbeidh seisiún príobháideach againn ar feadh cúpla nóiméad.

The joint committee went into private session at 5.59 p.m. and resumed in public session at 6 p.m.

Sula cuirtear an cruinniú ar athló, fógraím go dtiocfaimid ar ais chun an cheist a d'ardaígh an t-Aire Stáit ag deireadh an chruinnithe. Is é sin nach raibh freagracht air maidir le tuairisc an Choimisinéara Teanga, seachas sa mhéid is a bhaineann sé le scéimeanna teanga. Ba chóir dúinn an t-Aire cuí a ghlaoch os comhair an choiste le gur féidir linn déileáil i gceart le tuairisc an Choimisinéara Teanga 2012.

The joint committee adjourned at 6.01 p.m. until 4 p.m. on Wednesday, 12 March 2014.
Top
Share