Skip to main content
Normal View

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Friday, 22 Jan 2021

Gnó an Roghchoiste

Tá brón orm as a bheith deireanach. Creid nó ná creid, tá an clog briste i m'oifig. Sin an leithscéal atá mé ag tabhairt agus fanfaidh mé leis sin.

Sagart in aice an tséipéil.

Dúirt an iar-Theachta Tony Gregory liom i gcónaí go mbeinn deireanach don réabhlóid, nuair a bhí sé i mo mhúineadh tamall maith de bhlianta ó shin. B’fhéidir go raibh an ceart aige ach measaim nach dtosóidh aon réabhlóid ar maidin.

Tá triúir Teachtaí Dála i láthair againn agus mar sin is féidir linn an cruinniú a thosú. Leanfaidh an seisiún seo den chruinniú ar aghaidh go dtí meán lae agus ag an am sin cuirfear an cruinniú ar fionraí go dtí 3.30 p.m. tráthnóna inniu. Leanfaidh an dara seisiún ar aghaidh go dtí 5.30 p.m. Mura bhfuil ár mbreithniú ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 críochnaithe againn ag an am sin, cuirfear an coiste ar athló sine die.

Cuirim fáilte roimh Phríomh-Aoire an Rialtais agus an Aire Stáit atá freagrach don Ghaeltacht, spórt agus cosaint, an Teachta Jack Chambers. Sin an teideal atá aige ar aon chaoi, cé go dúradh liom inné nach bhfuil dualgais cosanta aige. Tá fáilte roimhe agus a chuid oifigeach, Aodhán Mac Cormaic agus Micheál Ó Conaire. Is comhalta ex officio den roghchoiste é an tAire Stáit agus mar sin cuirfear san áireamh é agus muid comhaireamh córam agus aon liosta vótaí. Gabhaim buíochas leis as a bheith i láthair linn. Níl leithscéal faighte againn ó aon duine.

Meabhraím do chomhaltaí an gá cloí leis an achar sóisialta 2 m le linn an chruinnithe. Tá go leor spás againn anseo so más mian le daoine bogadh timpeall, beimid anseo ar feadh an dá uair an chloig nó mar sin. Iarraim ar Theachtaí gan suí in aon suíochán ach amháin iad siúd atá curtha ar fáil dóibh. Mura gcloímid leis an riail seo cuirfear isteach ar éifeacht na gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Chomh maith céanna, tá sé i gceist agam an cruinniú a chur ar athló má tá daoine ag suí i gcathaoireacha nó suíocháin nach bhfuil leagtha amach dóibh.

Tionóladh an cruinniú seo chun breithniú a dhéanamh ar Chéim 3, Céim an Choiste sa Dáil, ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Sula rachaimid ar aghaidh tá dhá mhír comhfhreagrais. I gcomhfhreagras Uimh. F095 ó Eoghan Finn, cuntóir parlaiminte, dar dáta 21 Eanáir 2021, iarrtar orainn mar roghchoiste gan glacadh leis na dícheaduithe atá molta don Chathaoirleach i gcomhair Chéim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 sa Dáil ag Oifig na mBillí mar fait accompli ach an scóip míchruinn a dhiúltú, agus go dtabharfaidh an roghchoiste féin faoi aon cheadú agus dícheadú a bheidh i gceist mar atá sa Bhuan-Ordú cuí ar an gcéad dul síos. Moltar dúinn litir a sheoladh chuig Oifig na mBillí ag léiriú go bhfuil an scóip níos leithne ná mar a bhí curtha san áireamh ag an oifig sin agus comhairle a lorg uaithi maidir le cé na leasuithe a bheadh in ord bunaithe ar an scóip atá le feiceáil sa teideal cuí, nó litir a sheoladh chuig an gCeann Comhairle chun réiteach a chur le chéile ionas nach dtarlódh an t-athrú bhrí seo arís amach anseo le linn dó scóip Bhillí eile a bheith á n-ullmhú, nó chun a chinntiú go mbeadh scóip shoiléir tugtha do Theachtaí Dála roimh ré sula gcuireann siad leasuithe isteach.

Tá an dara píosa comhfhreagrais gafa leis seo chomh maith agus déileálfaidh mé leis sin ag an am céanna. Is é sin an comhfhreagras Uimh. F096 ó Theachta Daly dar dáta céanna, 21 Eanáir 2021. Iarrtar orainn, bunaithe ar an méid atá sa chomhfhreagras ó Eoghan Finn, gur mhaith leis rún a chur ar chlár ionas gur féidir leis an roghchoiste é a phlé ar an 22 Eanáir, is é sin go bhfuil comhfhreagras ó Eoghan Finn faighte agus léite ag an roghchoiste a thugann faoi deara go bhfuil ceisteanna tromchúiseacha ardaithe aige agus go dtabharfaidh an roghchoiste treoir don Chathaoirleach scríobh chuig Oifig na mBillí agus freagra a fháil uathu ar na ceisteanna a ardaíodh sa chomhfhreagras sin, chomh maith le soiléiriú faoi chur i bhfeidhm na mBuan-Orduithe a bhaineann le ceadú agus dícheadú leasuithe sula ndéanfar aon leasú ar an mBille sa roghchoiste. Tá an tairiscint sin faighte ón Teachta Daly. Déanfaimid plé air sin ar dtús mar tá sé ina chuid den chomhfhreagras agus baineann sé leis an obair atá ar siúl againn inniu. Ar mhaith leis an Teachta Daly aon rud a rá nó an bhfuil go leor sa rún féin.

Tá go leor ansin.

Bhí roinnt comhaltaí den roghchoiste ag cruinniú an lá faoi dheireadh le hoifigigh ó Oifig na mBillí agus bhí díospóireacht siar agus ar ais faoin bpróiseas faoi cheadú agus dícheadú leasuithe agus fuaireamar ar fad an liosta de na leasuithe a dícheadaíodh. Ó shin i leith cuireadh agus baineadh ceann eile den liosta sin, go bhfios dom. Ar mhaith le haon chomhalta aon rud a rá faoin litir? Glaoim ar an Teachta Calleary.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Mar a dúirt an Cathaoirleach, bhí an cruinniú againn le hOifig na mBillí Dé Céadaoin agus leagann an oifig sin amach na cúiseanna faoi scóip an Bhille agus clúdaíonn sé cúrsaí airgeadais. Ceapaim go mbeadh sé ina cheart scríobh chuig Cléireach na Dála chun é sin a chur ar an record mar a deirtear ach ceapaim go gcaithfimid leanúint ar aghaidh leis an gcruinniú inniu. Tá níos mó ná 300 leasú agus caithfimid tosú ar an obair sin ach d’fhéadfadh an Cathaoirleach litir a scríobh chuig Cléireach na Dála agus beimid in ann na leasuithe a chur go dtí an chéad Chéim eile, Céim na Tuarascála. Tá sé tábhachtach go leanfaimid ar aghaidh leis an obair inniu, ag scrúdú na leasuithe atá os ár gcomhair mar tá moill an-mhór leis an mBille seo.

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Ar mhaith le haon chomhalta labhairt faoin ábhar seo? Glaoim ar an Teachta Ó Cuív.

Thiocfainn leis sin. Táimid píosa fada ag fanacht ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú. Beidh deis ar Chéim na Tuarascála na leasuithe seo a phlé. Is tragóid a bheadh ann mar tá daoine tar éis teacht i ngar is i bhfad agus níos mó i bhfad anseo inniu ná an dream a tháinig ó áiteanna atá gar don láthair seo. Tá daoine ag iarraidh go dtiocfaimid ar aghaidh le hachtú an Bhille seo le go mbeidh láidriú á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus gur féidir an cheist seo maidir leis na leasuithe a dícheadaíodh a chur isteach arís agus a thógáil ar Chéim na Tuarascála. Ansin is ag an gCeann Comhairle cinneadh a dhéanamh glacadh nó gan glacadh leo. Is é sin an rud ba cheart a dhéanamh agus gan tuilleadh moille a chur ar chúrsaí mar tá an t-uafás rudaí le plé againn. Teastaíonn uainn iad a phlé go mion, leasuithe a dhéanamh agus feabhas a chur ar an mBille, ach ní maith liom nach mbeimid ag déanamh na hoibre inniu.

Ba mhaith liom mo chuid féin a rá faoi mar Theachta seachas mar Chathaoirleach. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív maidir le Céim na Tuarascála mar gur féidir na leasuithe a chur isteach agus iad a bheith dícheadaithe arís, mar is an riail cheannann céanna a bheadh i gceist mura mbeidh soiléiriú déanta san idirlinn. Is é an príomhrud ba chóir dúinn a fháil - ní gá é a fháil inniu ach é a fháil roimh dheireadh Chéim an Choiste – ná go bhfuil soiléiriú déanta an bhfuil an ceart ag Eoghan Finn sa mhéid a chur sé in ár láthair, rud a rinne sé sa chruinniú chomh maith agus an féidir linn rialú a fháil ón gCeann Comhairle nó ó Chléireach na Dála seachas go gcuirfimid moill ar an obair seo. Ní dóigh liom go bhfuil aon duine ag iarraidh moill a chur mar táimid ag fanacht rófhada air seo.

Is é an rud a tháinig chun cinn sa chruinniú sin, agus b’fhéidir go smaoineoidh pé duine a bheidh sa Chathaoir ar an lá agus ag an am a bheidh na moltaí seo, mar is é sin atá ann, á phlé, ní gá leis an gCathaoirleach glacadh leis an moladh go bhfuil leasuithe dícheadaithe. D’fhéadfainn glacadh le haon leasú atá anseo, má tá mise sa Chathaoir, agus a rá go ndéanfaimid é a phlé. Ní bheadh an tAire ullamh dó sin mar ní bheadh nótaí aige ach is sé sin ceann de na cearta atá ag Cathaoirleach. Thar na blianta le linn dom a bheith anseo ní cuimhin liom é sin ag tarlú riamh ach is cuimhin liom leasuithe a bhí dícheadaithe a bheith á bplé mar chuid den phlé i gcoitinne leis an Roinn sin. Ní hé go bhfuil díospóireacht á scrios agam maidir leis na leasuithe seo atá os ár gcomhair agus ba chóir dóibh siúd atá ag cur na leasuithe sin chun cinn an deis sin a thapú nuair a thagaimid go dtí an t-alt sin agus déileáil ar a laghad chun a cheist a thógáil. Mura nglactar leis an gceist sin, ní gá agus ní bheidh cead acu leasú a chur isteach ar Chéim na Tuarascála. Chun go mbeidh cead ag comhaltaí leasú a chur isteach ar Chéim na Tuarascála caithfidh an cheist a bheidh ag an gcomhalta a bheith pléite nó ardaithe ar Chéim an Choiste. Tuigeann na comhaltaí é sin.

Luaigh an Cathaoirleach Cléireach na Dála agus an Ceann Comhairle. An ndearna an Cathaoirleach seiceáil cé acu ag deireadh an lae a bhfuil an chumhacht acu a rá an bhfuil sé ceadaithe nó nach bhfuil sé? An é an Ceann Comhairle nó Cléireach na Dála? Ag deireadh an lae anseo is sa Dáil a gcaithfí Céim na Tuarascála a dhéanamh agus más é an Ceann Comhairle an duine a dhéanann an cinneadh seo b’fhearr an chomhairle seo a fháil ón gCeann Comhairle mar bheadh a fhios againn ansin cén treo a bheimis ag dul nuair a thiocfaimis go dtí Céim na Tuarascála agus shábhálfadh sé go leor ama ar chuile dhuine. Tá mé in amhras gurb é Cléireach na Dála ag deireadh an lae atá i gceannas ar na cúrsaí seo. Cheapfainn gur ag an gCeann Comhairle a bheadh an chumhacht seo.

Ba cheart dúinn scríobh díreach chuig Cléireach na Dála agus beidh freagra againn is dócha roimh dheireadh na Céime seo. Tá Céim fhada le déanamh againn. Is féidir linn cóip den litir sin a chur chuig an Ceann Comhairle freisin mar is dócha go mbeidh sé sa Chathaoir le haghaidh Céim na Tuarascála.

Níl a fhios agam go cinnte, a Theachta Ó Cuív, cé acu atá i gceannas ar na cúrsaí seo.

Sa deireadh thiar thall, go bhfios dom, is é an Ceann Comhairle atá i gceannas ar na Buan-Orduithe agus go n-oibríonn an Cléireach dá réir. Tá stádas difriúil ag Cléireach na Dála toisc gur eisean atá i gceannas nuair nach bhfuil Dáil ann. Is féidir linn é sin a réiteach. Chun nach mbeidh aon mhoill sa bhreis air sin, agus má tá an Teachta Daly sásta glacadh leis, scríobhfaimid chuig an gCeann Comhairle le tacaíocht na mball ag lorg soiléiriú ar na ceisteanna atá ardaithe roimh dheireadh na Staide seo. Ba chóir é sin a fháil roimh dheireadh na Staide seo mar, ag deireadh na Staide, cuirfimid tuarascáil chuig an Dáil. Is é sin atá i gceist. Cuirfimid teachtaireacht chuig an Dáil ag rá go bhfuilimid críochnaithe leis seo. Má tá ceisteanna ag gabháil le leasuithe nach dhearnamar plé orthu, ba chóir go mbeidh nóta faoi sin ceangailte leis an tuarascáil sin, má tá na baill sásta é sin a dhéanamh. Tá tairiscint molta ag Teachta Daly. An bhfuil sé sásta é a tharraingt siar má dhéanaimid an méid a dúirt mé ansin?

Tá an comhfhreagras curtha timpeall chuig na baill ar fad. Tá sé acu má tá daoine ag iarraidh féachaint air nó é á chur ar aghaidh chuig aon chomhairleoir dlí nó a leithéid de dhuine. An aontaítear leis an gcinneadh sin? Aontaítear. Tá sé sin go hiontach. Tá rud amháin déanta againn.

Top
Share