Skip to main content
Normal View

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Friday, 29 Jan 2021

Gnó an Roghchoiste

Vice Chairman

Leanfaidh an seisiún seo den chruinniú ar aghaidh go dtí 3 p.m. Ag an am seo, cuirfear ar athló é go dtí 1 p.m. ar an 2 Feabhra, an Mháirt seo chugainn. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Cuirim fáilte roimh Phríomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht, spóirt agus cosaint, an Teachta Chambers, agus roimh a oifigigh, Aodhán Mac Cormaic agus Micheál Ó Conaire. Is comhalta ex officio den choiste an tAire Stáit agus, mar sin, cuirfear san áireamh é i gcomhair an chóraim agus an liosta vótála. Gabhaim buíochas le gach duine as a bheith i láthair. Níl aon leithscéalta faighte agam.

Meabhraím do chomhaltaí an gá cloí leis an achar sóisialta 2 m le linn an chruinnithe. Iarraim ar Theachtaí gan suí in aon suíochán ach amháin iad siúd atá curtha ar fáil dóibh. Mura gcloímid leis an riail seo, cuirfear isteach ar éifeacht na gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Chomh maith leis sin, bheinn buíoch de gach duine dá múchfaidís a ngutháin phóca.

Tionóladh an cruinniú seo chun leanúint ar aghaidh le Céim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Sula rachaimid ar aghaidh leis sin, is mian liom a chur ar an taifead go raibh cruinniú príobháideach den roghchoiste againn an Chéadaoin seo caite. Ag an gcruinniú rinneadh cinneadh an tairiscint seo a leanas a chur ar aghaidh chuig an gCeann Comhairle:

Maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 ar leith, chomhaontaigh comhaltaí an Roghchoiste an tairiscint seo a chur ar aghaidh chugat: -

“Is cúis imní é do chomhaltaí Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge líon mór na ndícheaduithe atá molta do Chathaoirleach an Choiste, go mórmhór na dícheaduithe atá molta ar an mbonn nach bhfuil baint acu le forálacha an Bhille nó ar an mbonn gur muirear ar an ioncam iad.

Tá Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag iarraidh ar an gCeann Comhairle na dícheaduithe atá molta do Chathaoirleach an Choiste, agus an comhfhreagras seolta ag Eoghan Finn ina leith (iniata leis an dtairiscint seo), a imscrúdú, agus ag iarraidh air a chinntiú go dtabharfar soiléiriú faoi chur i bhfeidhm na mBuan-Orduithe a bhaineann le ceadú agus dícheadú leasuithe don Roghchoiste roimh dheireadh Chéim an Choiste sa Dáil, ionas go bhféadfaidh an Roghchoiste an soiléiriú sin, i dteannta na leasuithe ar glacadh leo, a chur sa Tuarascáil a ndéanfar plé uirthi ag Céim na Tuarascála, agus ionas go mbeidh an deis ag Teachtaí Dála aon leasuithe a dícheadaíodh de thairbhe ar chomhairle míchruinn a chur ar ais chuig Céim na Tuarascála, agus chun a chur in iúl dóibh nach nglacfar arís leis an gcomhairle míchruinn céanna sin arís ag an gCéim sin."

Agus é sin déanta againn, rachaimid ar aghaidh go dtí an Bille.

Top
Share