Skip to main content
Normal View

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Tuesday, 2 Feb 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

AILT NUA

Tairgim leasú Uimh. 21:

I leathanach 9, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht trí “, agus a chur faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge,” a chur isteach i ndiaidh “gach Teach den Oireachtas”.”.

Tá an leasú seo á phlé le leasuithe Uimh. 174 agus 182.

Is rud cuíosach simplí atá i gceist anseo agus lorgaím é ina lán Billí a dhéanaim iarracht iad a leasú. Ní amháin gur chóir go mbeadh pé coiste atá ag déileáil leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar an eolas ach ba chóir go mbeadh dualgas agus freagracht ag an gcoiste sin déileáil le nithe a thagann os a chomhair. Sa chás seo, bheadh ar an Aire an tuairisc agus aon cheapacháin agus a leithéid a chur faoi bhráid an chomhchoiste.

Déanfar an rud céanna i leasuithe Uimh. 174 agus 182, a chinnteodh go mbeadh an plean náisiúnta agus tuairisc an choiste comhairleach faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá sé sin san Acht cheana féin agus tá sé sin ceart go leor, ach níl aon dualgas reachtúil ar choistí san Oireachtas déileáil le hobair ach amháin má chuireann an Dáil nó an Seanad ar aghaidh chucu é. Seachas sin, an rud a tharlaíonn uaireanta ná go gcuirtear tuairisc bhliantúil nó a leithéid faoi bhráid an Oireachtais agus bíonn 21 lá i gceist sula mbíonn sé foirfe. Bíonn sé i Leabharlann an Oireachtais ach ní gá i gcónaí go dtiocfadh sé os comhair an chomhchoiste Gaeilge. Go bhfios dom, caithfidh tuairisc an Choimisinéara Teanga teacht faoi bhráid an choiste chuile bhliain. Taispeánann sé sin go dtugtar dualgais áirithe do na coistí.

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh theacht isteach ar an gceist sin?

Fanfaidh mé le freagra an Aire Stáit.

Baineann leasuithe Uimh. 21, 174 agus 182 le tagairt a dhéanamh don chomhchoiste seo. Mar Aire Stáit, tacaím leis an gcoiste seo agus bheinn i bhfabhar réimse leathan oibre a bheith aige. Mar is eol do Theachtaí, bíonn comhdhéanamh na gcomhchoistí san Oireachtas ag síorathrú. Is gnó iad na coistí agus a gcuid téarmaí tagartha do Thithe an Oireachtais féin agus ní féidir liom teacht salach ar sin tríd a leithéid de rud a chur sa phríomhreachtaíocht. Ar an mbonn sin, níl mé ag glacadh leis na leasuithe seo.

Ní thuigim é sin. B’fhéidir nach raibh mé ag díriú isteach ar fhreagra an Aire Stáit ach ní thuigim é. Cad í an fhadhb maidir leis seo? Níl i gceist ach leasú simplí a chuirfeadh dualgas ar an gcóras aon tuarascáil a chur os comhair an choiste Gaeilge agus Gaeltachta. Cad í an fhadhb leis sin? Ní thuigim. Bheadh sé sin iontach dearfach agus bheadh cibé tuarascáil curtha os comhair an choiste. An fhadhb atá agamsa ná nach n-éisteann an córas de ghnáth le haon tuarascáil ó aon choiste. Scríobh an coiste faoi leith ar Covid tuarascáil iontach ach níor thug muid aon aird uirthi. Sin í an fhadhb atá agamsa maidir le tuarascálacha. Sa chomhthéacs seo, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh trédhearcacht agus freagracht ann. B’fhéidir nach raibh mé sách airdeallach ach ní thuigim an fhadhb leis an leasú seo.

Tá an ceart ag an Aire Stáit faoi choistí i gcoitinne agus go ndéanann an tOireachtas an cinneadh maidir le dualgais agus déantús na gcoistí.

B'fhéidir go bhfuilimid imithe thairis ach bhí leasuithe agam ag rá go mbeadh aon choiste go bhfuil an Ghaeilge mar remit aige amach anseo - ní gá an teideal céanna a bheith aige - ag déileáil leis seo. An príomhrud atá ann ná go dtarlaíonn sé ó am go ham go bhfuil dualgas ar leith ag coiste amháin thar choiste eile i leith tuarascálacha an Choimisinéara Teanga nó i leith tuarascálacha an Ombudsman, mar shampla.

Sa chás seo, tá mise ag déanamh cinnte de, más féidir in aon chor, go mbeidh coiste na Gaeilge ann amach anseo. Ní raibh a leithéid ann le blianta, ach tá sé ann anois le dhá Dáil anuas. Tá mé ag iarraidh go mbeidh rudaí áirithe ag teacht os comhair an choiste sin. Tá mé ag iarraidh a chinntiú, nuair atá a leithéidí lena bhfuilimid ag déileáil anseo agus i leasuithe Uimh. 174 agus 182 faoi bhráid an choiste, go mbeidh ar an gcoiste déileáil leo. De ghnáth, bíonn ar an gcoiste ceisteanna a ardú leis an Aire agus leis an Roinn, nó b'fhéidir leis an gcoiste comhairleach nó a leithéid amach anseo. Déanfadh sé seo cinnte dearfach de go dtarlóidh rud éigin mar seo - go mbeidh oversight ceart ann. In Oireachtais roimhe seo, bhí coistí ann a raibh sé de dhualgas orthu déileáil leis an nGaeilge ach ní raibh tús áite tugtha don Ghaeilge, do cheisteanna na Gaeilge nó do cheisteanna na Gaeltachta. De réir sin, ní raibh an oversight ceart ag na coistí sin, ní raibh an deis acu agus b'fhéidir nach raibh na baill chomh gafa leis an gceist agus atá na baill atá ar an gcoiste atá againn faoi láthair agus a bhí againn sa Dáil deireanach.

An rud atá i gceist ná an buanchoiste seachas na coistí eile. Ní athraíonn sé seo. Seo buanchoiste agus ní athraíonn sé ó Dháil go Dáil. Tamall de bhlianta ó shin ní raibh buanchoiste na Gaeilge ann. Bhí buanchoistí de shóirt eile agus ba dul chun cinn é sin. D'éirigh linn, le tamall anuas, díriú isteach ar cheisteanna móra ach níor éirigh linn mórán bogadh a fháil. Seo an fáth go bhfuil an reachtaíocht seo os ár gcomhair.

Maítear sa Bhille:

Déanfar gach ordú faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Beidh na rudaí sin ag dul os comhair an Oireachtais. Tá sé intuigthe sa bhfoclaíocht in alt 5 gur féidir leis an gcoiste glacadh le tuarascáil an Aire nuair a leagtar os comhair Thithe an Oireachtais í. Tuigim go bhfuil sé an-tábhachtach. Mar a dúirt mé, tacaím leis an gcoiste seo. Tá na coistí agus a gcuid téarmaí tagartha faoi Thithe an Oireachtas féin. Ní féidir liom teacht salach air sin tríd a leithéid a chur sa phríomhreachtaíocht.

Ní thuigim an fhadhb. Tá níos mó míniú ag teastáil uaimse. Tá a fhios agam go bhfuil dea-thoil ag an Aire Stáit don Ghaeilge agus go bhfuil tacaíocht á tabhairt aige don choiste seo, ach tiocfaidh am agus ní bheidh sé ann. Beidh mé féin imithe níos túisce ná an tAire Stáit. Ní bheidh muid anseo.

An rud atá i gceist anseo ná meas agus cearta ó thaobh na Gaeilge de. Caithimid meas a léiriú don Ghaeilge agus breathnú ar an nGaeilge mar rud atá sé de cheart ag daoine a úsáid. Táimid anseo ag déanamh díospóireachta maithe chuile sheachtain agus an fáth go bhfuilimid anseo ná go bhfuil teipthe go huile is go hiomlán ar an gcóras agus ar na daoine atá i gcumhacht ó thaobh na Gaeilge. Sin an rud ón tús agus ní mór dúinn é sin a aithint. Tá an Ghaeilge i dtrioblóid, in ainneoin dea-thoil an Aire Stáit agus dea-thoil na ndaoine ar an talamh. Níl amhras ar bith orm ach go bhfuil dea-thoil ag formhór muintire na tíre seo don Ghaeilge ach ní hionann dea-thoil muintir na tíre agus an dearcadh atá ag an státchóras.

An rud a táimid ag caint faoi anseo ná leasú simplí chun dualgas a chur ar cibé cén duine atá ann sa chóras an tuarascáil a chur os comhair an choiste. Mar a dúirt an Cathaoirleach, is buanchoiste é don chéad uair le cúpla bliain anuas agus sin rud maith agus céim dhearfach. Níl a fhios agam cad í an fhadhb. Táimid ag caint faoin nGaeilge, faoi chomhthéacs na Gaeilge agus an fáth go bhfuil gá le Bille láidir a bheith ann. Nílimid tagtha fós go dtí na ceisteanna is tábhachtaí ach ní thugann an fhreagra ón Aire Stáit a lán muiníne dom go bhfuil an Rialtas i ndáiríre. Tuigim go bhfuil a lán oibre déanta. Tá sé sin ráite agus níl mé chun am a chur amú ag gabháil mo bhuíochas. Tá a fhios againn an méid oibre atá taobh thiar de seo ach tá easpa aitheantais ann ó thaobh na géarchéime de agus ó thaobh na míchothromaíochta atá i gceist leis an mBéarla i gcomparáid leis an nGaeilge. Sin an fhadhb.

Níl i gceist leis an leasú seo ach cúpla focal chomh maith le "gach Teach den Oireachtas". Chuirfeadh sé sin in iúl go mbeidh dualgas eile ann maidir leis an tuarascáil. Tá an tuarascáil thar a bheith tábhachtach. Sin an áit a fhaigheann muid an t-eolas maidir le cur i bhfeidhm an Achta. Ba chóir go rachadh sé go comhuaineach nó go huathoibríoch go dtí coiste na Gaeilge. Ní fheicim an fhadhb, in ainneoin dhá fhreagra ón Aire Stáit.

Bhí mé ag éisteacht leis an gceist agus leis an bhfreagra. Braithaim go bhfuil stádas faoi leith ag an mbuanchoiste seachas mar a bheadh ag coistí eile agus go mbeidh sé ann sna Dáileanna amach romhainn. N'fheadar conas go bhfuil an stádas sin bainte amach - an bhfuil sé leagtha síos sna Buan-Orduithe nó i reachtaíocht faoi leith? Más sna Buan-Orduithe atá sé leagtha síos, an féidir é a leagan síos i reachtaíocht nó an féidir reachtaíocht a bheith ann in aon chor a bheadh ag teacht salach ar na Buan-Orduithe? Aontaím go bhfuil aidhm mhaith sa leasú ach n'fheadar an féidir í a dhéanamh. Bheadh suim agam a chloisteáil an mbeadh sé ag teacht salach ar na Buan-Orduithe agus an mbeadh éagóir á déanamh ar an Oireachtas dá mba rud é go rabhamar á chur isteach sa reachtaíocht.

Mar a dúirt an Teachta Ní Chonghaile, tá sé simplí. De réir ailt 5 den Acht, cuirtear tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Oireachtais chuile bhliain a dhéanann scrúdú ar conas mar a chuirtear an tAcht i bhfeidhm. Is léir go raibh sé i gceist sa bhforáil sin go ndéanfadh an tOireachtas an tuarascáil sin a scrúdú ach ní sin a tharlaíonn chuile bhliain, má tharlaíonn sé in aon chor. Sin an áit a bhfuil an fhadhb aitheanta. Ní bhíonn cur chuige ceart ag Tithe an Oireachtais maidir leis seo. Glacaim leis nach sin a bhí i gceist nuair a bhí na hoifigigh sa Roinn ag cur an tAcht le chéile ar an gcéad dul síos chomh fada siar le 2002.

D'iarr an Teachta Moynihan an bhfuil sé ag teacht salach ar na Buan-Orduithe. Is féidir na Buan-Orduithe a athrú. Athraítear iad go rialta agus sin an fáth go bhfuil an coiste ann. Tá an t-ádh linn go bhfuil an coiste ann agus go bhfuil sé sna Buan-Orduithe ach ní gá dó a bheith ann tar éis an chéad toghchán eile.

Ní gá go mbeidh Aire nó Aire Stáit againn atá báúil agus sásta cur chun cinn ceart a dhéanamh maidir leis an nGaeilge. Táimid tar éis Airí a bheith againn ar a raibh dualgais maidir leis an nGaeilge nach raibh chomh tógtha leis an nGaeilge agus a dhírigh isteach ar na dualgais eile a bhí sna teidil acu seachas ar an nGaeilge. Táimid ar fad thíos leis na tréimhsí sin. Is féidir liom féachaint ar leasú nó athrú a dhéanamh ar mo leasú ach, go bhfios dom, ní thagann sé salach ar na Buan-Orduithe.

Chomh maith céanna, tá cásanna ann ina gcuirtear tuairiscí díreach chuig coistí áirithe atá ainmnithe nó ar a bhfuil dualgas maidir leis an ábhar atá i gceist. Athraíonn teidil na Ranna agus teidil na gcoistí, ach bogann na dualgais timpeall. Nuair nach raibh an cultúr ina chuid de theideal an choiste, bhí an dualgas sin fós ar an gcoiste sin toisc go raibh sé ina théarmaí tagartha go raibh air díriú isteach air, cé nach raibh sé sa teideal. Mar an gcéanna, tá athrú tagtha ar theideal an choiste seo. Cuireadh "pobal labhartha na Gaeilge" isteach ann don chéad uair riamh. Roimhe seo, ba "Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán" an teideal a bhí air. Uaireanta ní bhíonn ach "an Ghaeltacht" ann seachas "an Ghaeilge" chomh maith. Tarlaíonn na hathruithe sin.

Is é an rud atá i gceist agam anseo, agus táim sásta críochnú leis seo, ná déanamh cinnte de go mbeidh oversight ag an gcoiste ar aon tuarascáil den leithéid sin a fhoilseofar amach anseo agus go dtarlóidh é sin go huathoibríoch, is é sin le rá, nach mbeidh ar an Dáil rún a rith chun é sin a dhéanamh. Go bhfios dom, tarlaíonn é sin le tuairiscí na n-ombudsmen difriúla. Téann tuairiscí ón Ombudsman do Leanaí go dtí an coiste ábhartha, mar shampla. Táim ag caint freisin faoi thuairiscí ón gCoimisinéir Teanga agus ón Ombudsman agus a leithéid. Ba chóir go dtiocfaidh an tuairisc sin os comhair an choiste seo. Measaim go dtagann tuairisc an Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí - SIPO as Béarla - os comhair an choiste um ethics freisin. Ní gá don choiste ábhartha aon rud a dhéanamh leis. Níl i gceist ach go dtiocfadh sé os a chomhair. Mar sin, bheadh baill an choiste in ann pé cinneadh is mian leo a dhéanamh. Ní bheadh brú curtha orthu. An bhfuil an tAire Stáit ag iarraidh aon rud eile a rá?

Tá próiseas ann anois. Beidh deis ag an gCoiste Gnó na tuairiscí a sheoladh chuig Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Bíonn deiseanna ann an t-am ar fad chun tuairiscí a phlé agus scrúdú a dhéanamh orthu. Mar a dúirt mé, is faoi Bhuan-Orduithe Thithe an Oireachtais a dhéantar cinntí maidir le struchtúr na gcoistí. Níl aon rud eile le rá agam. Tá próiseas ann anois faoina bpléitear tuairiscí an t-am ar fad. Tá sé an-tábhachtach go bpléitear iad. Tuigim an próiseas seo.

Anois caithfidh mé ceist a chur orm féin maidir le cá seasann an leasú. Mar a dúirt mé, táim sásta féachaint air athuair chun déanamh cinnte de nach dtagann sé salach ar Bhuan-Orduithe Thithe an Oireachtais. Dá réir, tarraingím siar é. Tá sé i gceist agam é, nó rud éigin dá shórt, a mholadh arís ar Chéim na Tuarascála.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 22, 23 agus 24 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 22:

I leathanach 9, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 6 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), trí "Is iad an Ghaeilge agus an Béarla teangacha oifigiúla Thithe an Oireachtais, agus beidh" a chur isteach in ionad "Beidh".".

Leis an leasú seo, dhéanfaí cinnte de go mbeadh seasamh níos soiléire ann ó thaobh úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais. Tá foclaíocht chasta ann in Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a chuireann isteach ar chearta teanga Teachtaí agus ar an gcomhionannas idir na teangacha oifigiúla san Oireachtas. Tá sé i gceist foclaíocht atá cosúil leis an bhfoclaíocht atá ann in acht na dteangacha oifigiúla Cheanada a chur isteach sa reachtaíocht seo. Moltar é seo. Luaigh mé leabhar Phádraig Ó Laighin an tseachtain seo caite ach mhol an Teachta O'Dowd é seo freisin ar Chéim an Choiste in 2003 agus d'aontaigh mé leis ag an am. Tá súil agam go n-aontóidh sé liom arís, cé nach bhfuil sé anseo inniu, agus go dtacóidh na Teachtaí eile leis freisin. Mar a dúirt sé ag an am, níl an stádas atá ag an nGaeilge i dTithe an Oireachtais sásúil. Níl sé sin tar éis athrú ó shin. Sa díospóireacht ag an am, dúirt mé go ndearna an t-alt seo rudaí róchasta de rudaí atá simplí go leor agus gur chóir go mbeadh reachtaíocht an Tí soléite agus sothuigthe ag an bpobal.

Nuair a thagann deireadh leis an maolú sealadach ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, beidh stádas oifigiúil ag an nGaeilge agus ag an mBéarla i bParlaimint na hEorpa ach ní bheidh an stádas iomlán sin ann anseo go fóill. In ainneoin go bhfuil sé soiléir faoin mBunreacht gurb iad an dá theanga oifigiúla an Ghaeilge agus an Béarla, is cúis díomá é nach bhfuil cead ag Comhaltaí den Oireachtas a gcuid oibre a dhéanamh go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge más mian leo. Is ceart bunúsach é sin i bparlaimint tír ar bith. Deirtear go bhfuil ceart ag Comhaltaí é sin a dhéanamh, cé nach féidir leo. Munar féidir leo, níl an cead acu. Má chruthaíonn an tslí ina n-oibríonn an áit seo deacrachtaí, baintear an ceart sin de Chomhaltaí. Táimid atá ag iarraidh an ceart sin a bhaint amach ag iarraidh go mbeimid in ann oibriú trí Ghaeilge go huathoibríoch. Ba chóir go mbeadh an dá theanga aitheanta mar theanga oifigiúla Thithe an Oireachtais. Is é sin atá á dhéanamh ag leasú Uimh. 22. In áit "beidh" cearta teanga ag Comhaltaí amach anseo, ba chóir go ndeirtear "tá" an ceart sin acu. Déanfar rud deimhin de seachas rud a bhfuil dabht faoi nó rud a bhfuil seans ann nach mbeidh sé ann.

Le leasú Uimh. 23, táimid ag rá gur chóir go mbeadh na cearta teanga atá ag Comhaltaí ag gach duine eile, is é sin aon bhall den phobal atá os comhair an Oireachtais, chomh maith. Ba chóir go mbeadh na cearta teanga céanna ag aon duine in aon chruinniú de chuid an Oireachtais. Níor chóir go mbeadh Comhaltaí srianta ina Theach féin, mar atá faoi láthair. Tá cúpla rud eile le rá agam faoi seo ach ligfidh mé do Theachtaí eile teacht isteach ar na leasuithe seo, más mian leo.

Aontaím leis an leasú. Táim beagán caillte maidir le leasuithe Uimh. 23 agus 24 ach tá Uimh. 22 an-soiléir dom. Maidir leis an méid atá i gceist, ceapaim go bhfuil gá ráiteas nó abairt láidir a chur isteach. Is é sin an rud atá in easnamh tríd an mBille agus tríd an Acht ó 2003. Níl rud ann ag rá go láidir go bhfuil dhá theanga i gceist. Tá sé sin in easnamh tríd an mBille uilig. Is é sin an rud a léim amach domsa.

Aontaím leis an athrú atá molta ag an Teachta Ó Snodaigh, is é sin “Is iad an Ghaeilge agus an Béarla teangacha oifigiúla Thithe an Oireachtais, agus beidh” a chur isteach sula leanfar ar aghaidh leis an méid atá á rá. Is féidir an cheist a chur cén fáth a bhfuil gá leis sin. Tá gá leis. Is é mo thaithí sa Teach seo ó 2016 ná go bhfuil an Ghaeilge thíos agus an Béarla thuas anseo, gan dabht agus beag beann ar an gcosaint atá sa Bhunreacht.

Níl sé sin le feiceáil nó níl cothromaíocht i gceist. Tá cuid den locht orainn féin, mé féin san áireamh, maidir leis an méid uaireanta a úsáidimid an Ghaeilge ach tá rud eile i gceist. Níl sé ar an leibhéal ó thaobh dhearcadh an chórais de. Aontaím leis an leasú seo agus, arís, ní fheicim an fáth go bhfuil fadhb ann. B’fhéidir nach bhfuil fadhb agam agus fanfaidh mé ar fhreagra an Aire Stáit, mar sin.

Ghlac an Teachta Dara Calleary an Chathaoir.

Glaoim ar an Teachta Ó Dálaigh.

Aontaím leis an leasú seo chomh maith. Ba chóir go mbeadh sé scríofa síos chun béim níos láidre a chur sna focail sin. Ba chóir go mbeadh cearta teanga ag gach duine agus ag gach aon chruinniú san Oireachtas chun an bhéim oiriúnach a chur síos. Ba chóir go mbeadh an leasú seo san Acht.

Maidir le leasú Uimh. 22, de réir an Bhunreachta, is í an Ghaeilge príomhtheanga náisiúnta na tíre seo agus an chéad teanga oifigiúil. Is laghdú stádais a bheadh i gceist leis an bhfoclaíocht atá molta. Mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis. Cinntíonn an reachtaíocht seo, mar atá sé, cearta Chomhaltaí na dTithe agus aon duine a thagann os comhair na dTithe nó na gcoistí a rogha de na teangacha oifigiúla a úsáid. Ní fheicim go gcuireann leasuithe Uimh. 23 nó 24 go ginearálta leis an méid atá sa Bhille cheana féin.

Is fiú a nótáil go dtiocfaidh Tithe an Oireachtais faoi na caighdeáin teanga agus go gcuirfidh siad leis an leibhéal seirbhísí trí Ghaeilge i gcoitinne. Ar an mbonn sin ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.

Tá obair ar bun i dTithe an Oieachtais chun seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil agus a leathnú i gcaitheamh an ama. Mar chuid de Mhí na Gaeilge 2018 d’fhorbair Tithe an Oireachtais straitéis chun a éascú do Theachtaí Dála, do Sheanadóirí agus do chomhaltaí foirne páirt a ghlacadh in úsáid na Gaeilge ar bhealach dearfach. Tá an straitéis sin, atá ceadaithe ag Coimisiún Thithe an Oireachtais, i bhfeidhm i dteannta scéim teanga Sheirbhís Thithe an Oireachtais agus tá sí ag feidhmiú go comhthreomhar leis an scéim sin. Tá os cionn 50 gealltanas sa scéim teanga reatha atá ag na Tithe. Is fiú a nótáil go dtiocfaidh Tithe an Oireachtais faoi scáth na gcaighdeán teanga agus go dtógfaidh siad ar an méid atá i scéim Thithe an Oireachtais. Cuirfidh siad leis an leibhéal seirbhíse trí Ghaeilge i gcoitinne sna Tithe.

Tuigim go bhfuil plean forbartha ag na Tithe chomh maith chun an riaráiste d’Achtanna atá le haistriú a ghlanadh taobh istigh de thréimhse cúig bliana. Is cúis áthais dom gur fhógair Tithe an Oireachtais anuraidh go raibh siad chun ateangairí a fhostú sna Tithe anseo den chéad uair riamh, rud a chuirfidh go mór leis an leibhéal seirbhíse sna Tithe. Tabharfaidh sé sin deis do na haistritheoirí a bhíonn i mbun a gcuid cúram díriú isteach ar an bpleanáil chuimsitheach atá réitithe ag Rannóg an Aistriúcháin chun an riaráiste aistriúcháin a ghlanadh.

Aontaím leis na Teachtaí Dála go bhfuil na cearta teanga an-tábhachtach. Beidh cearta teanga níos láidre tar éis an phróisis seo anseo i dTithe an Oireachtais agus ar fud na tíre freisin. B’fhéidir go mbeidh daoine eile ag iarraidh teacht isteach chun labhairt ar an ábhar seo.

Bhí sé i gceist agam a rá níos luaithe go bhfuil botún sa tslí a foilsíodh an leasú uaim. Níor fhéach mé i gceart air agus níor chonaic mé an botún ach i rith na seachtaine. Is é an botún ná go bhfuil "beidh" scríofa sa leasú, ach ba chóir go mbeadh "tá" ann. Is mar sin a cuireadh isteach é. Tá athrú le déanamh maidir leis an mbotún sin agus is féidir linn é a cheartú ar Chéim na Tuarascála nuair a bheidh mé chun é seo, b’fhéidir, a chur isteach arís.

Tuigim an méid a dúirt an tAire Stáit go bhfuil stádas bunreachtúil ann agus seans ann go mbeadh céim síos nó laghdú á dhéanamh maidir le stádas, dá réir. Ní hé sin a bheadh i gceist agam in aon chor ach a mhalairt. Más fíor sin, tá mise tofa anseo le breis is 18 mbliana agus sa tréimhse sin ní raibh mé riamh in ann mo chuid oibre ina iomláine sa Teach seo a dhéanamh trí Ghaeilge. Ní raibh mé fiú in ann an obair maidir leis an mBille seo a dhéanamh go huile is go hiomlán trí Ghaeilge. Ní féidir leis an Oireachtas mo chuid Gaeilge agus mo cheart í a úsáid a shásamh, in ainneoin an méid atá ráite ag an Aire Stáit go bhfuil stádas bunreachtúil ann. Níl mise ag iarraidh dul go dtí an Ard-Chúirt nó an Chúirt Uachtarach chun brú a chur ar Choimisiún Thithe an Oireachtais - nó, roimhe sin nuair nach raibh an coimisiún ann, ar an Aire Airgeadais nuair a bhí sé go hiomlán i gceannas ar na Tithe - chun go gcuirfeadh siad an t-airgead ar fáil chun go mbeadh mo chearta teanga agus cearta teanga gach uile Theachta eile againn. Tá mise tar éis a bheith réasúnta an t-am ar fad. D’ardaigh mé ceisteanna mar seo ag amanna difriúla thar na blianta agus bhí caint againn nuair a bhíomar ag plé na ceiste seo in 2002 agus 2003. Is é sin an sórt cur chuige atá agam. Táim sásta deis a thabhairt don chóras botún atá acu a leigheas nó a dhéanamh cinnte de go bhfuil an fhadhb leigheasta. Is duine praiticiúil mé agus nílim ag lorg go dtarlóidh gach rud thar oíche ach táim tinn tuirseach anois de bheith ag fanacht ar an gcóras teacht chomh fada liomsa nó le haon duine eile.

Ó toghadh mé, táim ag cloisteáil go mbeidh an reachtaíocht ar fad aistrithe agus ar fáil dúinn. Le linn dúinn leasuithe a chur isteach ar an mBille seo, ní rabhamar in ann ceann amháin acu, ar a laghad, a chur isteach i nGaeilge toisc nach raibh an reachtaíocht ar fáil i nGaeilge, agus is é an leasú sin an ceann maidir leis an nGarda Síochána. Murar féidir liom é sin a dhéanamh, conas is féidir linn brú a chur ar chomhlachtaí Stáit eile, ar na cúirteanna, agus ar gach duine eile cearta a bhronnadh – ní a bhronnadh mar is cearta atá iontu cheana féin - nó a shásamh don ghnáthphobal? Tá ceist mhór anseo. Má tá laghdú i gceist - mar a dúirt mé, féachfaidh mé air sin arís - tarraingeoidh mé siar é. Ní hé sin atá i gceist agam ach is é go mbeadh an córas ar fáil.

Nuair a fhéachtar ar na leasuithe seo, tá Teachtaí, ina measc comhalta amháin den choiste seo, nach bhfuil in ann páirt a ghlacadh i gceart, b’fhéidir, sa díospóireacht seo toisc nach bhfuil an córas aistriúcháin ar fáil dóibh. Tá sé mar sin le tamall. Tuigimid ar fad agus tuigeann sé go háirithe nach bhfuil an córas aistriúcháin ar fáil sa choiste seo ó bunaíodh é toisc Covid-19 agus na srianta atá ann. D’fhéadfadh an Teachta sin nó aon duine cliste dul go dtí na cúirteanna agus caitheamh anuas a dhéanamh orainn nó poiblíocht a chothú toisc nach bhfuil aistriúchán ar fáil dó i mBéarla. Ní hé sin an fáth go bhfuil an rud seo á lorg againn. Den chuid is mó, ní aistriú go Béarla atá i gceist ach is aistriú ó Bhéarla go Gaeilge uaireanta atá ag teastáil uainn ionas go mbeimid in ann gach rud a bheith againn i nGaeilge.

Tugadh gealltanais dom thar na blianta - tá sé seo luaite agam cúpla uair le tamall de bhlianta anuas - go mbeadh na nótaí nó meamraim mhíniúcháin den reachtaíocht ar fáil i nGaeilge. D’iarr mé ar mhórán rudaí mar sin. Ní cóir go mbeadh aon éiginnteacht ann.

Maidir le leasuithe Uimh. 23 agus 24, tá sé i gceist go mbeidh an ceart céanna á leathnú amach ó chruinnithe atá eagraithe ag Tithe an Oireachtais chuig daoine a thagann os comhair Thithe an Oireachtais. Faoi láthair is Comhaltaí atá luaite sa reachtaíocht. Dhéanfadh na leasuithe sin cinnte de go bhfuil an ceart céanna ag dul trasna an dá Theach agus, chomh maith, go mbeadh an stádas agus an ceart céanna ag daoine a thagann os comhair coistí nó na dTithe sin is a bheadh ag Comhaltaí.

Sin atá i gceist. Ní hé go bhfuil mé ag triail rud nua a tharraingt anuas orainn. An fáth gur luaigh mé Ceanada ná mar go bhfuil siadsan tar éis déileáil leis seo. D’fhéach muid air in 2002 agus in 2003 agus d’fhéach an tAire ag an am, an Teachta Ó Cuív, ar conas mar a dhéileáil tíortha eile leis agus ba é Ceanada ceann de na tíortha a bhí i gceist. D’fhéach daoine eile ó shin ar an mBreatain Bheag agus a leithéid. Táimid ar fad ag triail féachaint an féidir linn foghlaim ó conas atá tíortha eile in ann na cearta seo a dhéanamh go huathoibríoch. Mar a dúirt mé níos luaithe, bheadh sé go dona dá mbeadh stádas nó cearta Gaeilge níos fearr i dtithe Pharlaimint na hEorpa ná mar atá ar fáil i dTithe an Oireachtais.

Aontaím leis an Aire Stáit faoin tionchar thar na blianta a chuaigh thart maidir leis an bhfoireann aistriúcháin trasna an bhealaigh i dTeach Chill Dara. Tá sí níos láidre i gcomparáid le 2002. Ar an mbealach céanna leis an Teachta Ó Snodaigh, tháinig mé isteach in 2002 fosta, agus tá an tionchar suntasach le feiceáil. Mar shampla, trasna na Life san ionad comhdhála, tá comharthaí Gaeilge le feiceáil ar urlár na talún agus ar an gcéad, dara, tríú agus cúigiú hurlár. Tá na comharthaí le feiceáil agus ba mhaith liom aitheantas a ghabháil do na daoine atá ag obair i dTithe an Oireachtais as ucht an tsárobair atá déanta acu, an iarracht atá bainte amach thar na blianta agus a bheidh á dhéanamh san am atá romhainn. Tá sé sin le feiceáil. Cinnte táimid ag déanamh ár ndícheall ag obair agus ag iarraidh na rudaí a dhéanamh níos láidre, ach chomh maith leis sin tá sé le feiceáil anois sna comharthaí. Tá tionchar suntasach ag an obair atá bainte amach ag na daoine uilig atá ag obair go dian ar na comharthaí agus atá ag iarraidh don teanga a bheith níos láidre sa Teach agus taobh amuigh de, agus fá choinne an oibre atá á dhéanamh againne faoi láthair.

Tá meascán mearaí orm maidir le céard go díreach atá i gceist leis na trí leasú seo. Tá sé an-deacair breithiúnas a thabhairt ar rud nuair nach bhfuil sé soiléir céard é atáthar ag iarraidh baint amach. Is éard atá sa bhun-Acht faoi láthair ná:

Beidh ceart ag comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon díospóireachtaí nó in aon imeachtaí eile sa Teach sin nó de chuid coiste de cheachtar Teach, comhchoiste den dá Theach nó fochoiste de choiste nó de chomhchoiste den sórt sin.

Clúdaíonn sé sin go bhfuil sé de cheart, istigh san Acht, Gaeilge agus Béarla a úsáid in aon choiste agus i gceachtar Teach den Oireachtas. Sin atá ann. An dara rud a deir sé ná:

Beidh ceart ag duine a bheidh ag láithriú os comhair ceachtar Tí den Oireachtas nó os comhair coiste, comhchoiste nó fochoiste den sórt sin a dúradh ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid.

Clúdaíonn sé sin go bhfuil ceart ag chuile dhuine a bhíonn ag láithriú os comhair coiste nó Tithe an Oireachtais Gaeilge a labhairt. Ansin deir an tAcht:

Déanfar gach tuairisc oifigiúil ar dhíospóireachtaí agus ar imeachtaí eile Thithe an Oireachtais a fhoilsiú i ngach ceann de na teangacha oifigiúla, ach amháin go bhféadfar óráidí daoine (cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn) i gceachtar de na teangacha oifigiúla a fhoilsiú inti sa teanga sin amháin.

Caithfidh gach tuairisc oifigiúil ón Teach a bheith dhátheangach. Tá sé sin leagtha síos sa dlí ach má labhraíonn Teachta i nGaeilge inniu ní aistreofar sin go Béarla sa Tuairisc Oifigiúil agus má labhraíonn sé nó sí i mBéarla ní aistreofar a gcuid focail go Gaeilge i dTuairisc Oifigiúil an Oireachtais. Cuireadh an fhoráil áirid sin ann de bharr go raibh sé cinnte, fiú go bhfuil foráil sa Bhunreacht a deir gur cheart go mbeadh na hAchtanna foilsithe i nGaeilge agus i mBéarla, rud nach bhfuil á dhéanamh ar an gcaoi a bhí i gceist ag an mBunreacht, nach mbeadh sé praiticiúil dá ndéanfar gach óráid a thabharfar i ngach Teach a aistriú go dtí an teanga eile.

Tagaim go hiomlán leis an Aire Stáit. Is Oireachtas Éireann atá anseo faoi Bhunreacht na hÉireann. Mar sin, más í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil, agus má tá an Béarla ina theanga oifigiúil freisin, ní féidir leis an Teach seo cur leis sin nó baint uaidh. Mar Oireachtas Éireann glacaim go bhfuilimid ceangailte go mar sin atá, ach tá foráil sa Bhunreacht go féidir soláthar a dhéanamh d’úsáid aon cheann de na teangacha ach reachtaíocht a thabhairt isteach. Sin an fáth go raibh gá go ndéanfaí cinnte de anseo go praiticiúil. Tá stádas na Gaeilge soiléir mar theanga náisiúnta agus sin an fáth nach dtuigim cén fáth go bhfuil leasú Uimh. 22 molta. Deir sé, “Is iad an Ghaeilge agus an Béarla teangacha oifigiúla Thithe an Oireachtais”. Is iad. An rud atá i gceist ná céard is féidir éileamh ó thaobh an dlí de, ag tógáil an Bunreacht san áireamh. Mar sin, is cineál “to be sure to be sure” jab atá ansin nó athrá rud atá fíor go bunreachtúil. Mar a dúirt mé, is muidne Oireachtas Éireann.

B’fhéidir go bhfuil mé ag léamh leasú Uimh. 23 mícheart. Bhí an Teachta ag caint ar “gach duine” ach deir an tAcht cheana féin go mbeidh an ceart sin ag duine ar bith atá ag láithriú. Nach an ciall chéanna atá leis sin? Má tá duine istigh ag coiste nó ag labhairt leis an Oireachtas, tá sé de cheart dlíthiúil aige nó aici labhairt i nGaeilge.

Maidir le leasú Uimh. 24, ó tharlaigh go bhfuil na coistí ar fad luaite, ní fheicim cén difríocht a dhéanfadh sé.

Tá rudaí gur mhaith liomsa a fheiceáil, b’fhéidir nach sa reachtaíocht ach cinnte leagtha síos sna caighdeáin nó i bplean teanga an Tí seo. Thug mé é seo suas le húdaráis an Tí cheana nuair a bhí an plean Gaeilge á chur le chéile. Ní fhaighim meabhair ar bith ann go mbíonn na scáileáin anseo i mBéarla chuile lá. Feictear domsa gur faillí dochreidte é ón gcoiste atá i mbun an Tí seo nach bhfuil na scáileáin dhátheangach. Téann sé ó mheabhair orm leis an teicneolaíocht ar fad atá ann. Ba bhreá liom dul anonn go dtí cruinnithe na n-aireachtaí agus mar sin de atá san Eoraip i láthair na huaire le fáil amach an mbíonn ar na haistritheoirí a bheith i láthair chun an t-aistriú a dhéanamh. Leis na pictiúir agus leis an bhfuaim, nach bhféadfaidís é a dhéanamh ó áit ar bith? Nach bhféadfadh siad é a dhéanamh ón Mhol Thuaidh agus a bheith ar saoire in éineacht le Santaí? Níl sé féaráilte, go mór mór dóibh siúd nach bhfuil aon Ghaeilge acu, nach bhfuil an coiste seo á aistriú go Béarla. Téann sé ó mheabhair orm nach rabhthas in ann é sin a shocrú. Dá mbeadh príomh-ghnó an Tí seo á dhéanamh i nGaeilge ar feadh seachtainí i ndiaidh a chéile, bí dearfach cinnte go bhfaighfí bealach chun é a aistriú. Tá go leor le déanamh sa Teach seo, rudaí praiticiúla, ciallmhara agus stuama.

Maidir leis an gcomharthaíocht, tá an ceart ag an Teachta go bhfuil an chomharthaíocht san áit a mbíonn an Dáil ag suí anois dátheangach agus thug mé féin suntas dó sin.

Tá sin ann de bharr rialachán a tugadh isteach maidir le comharthaíocht, bunaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, agus is léiriú é sin den rud a bhféadfaí a dhéanamh dá gcuirfí an tAcht i bhfeidhm maidir le rialacháin. Rinneadh na rialacháin maidir le comharthaíocht. Faraor géar nach ndearnadh níos mó rialacháin faoi cheisteanna eile.

Aontaím leis an Teachta Ó Cuív maidir le halt 6. Rachaidh mé timpeall air seo. Tá sé thar a bheith soiléir. Taobh amuigh d'aon alt eile sa bhunreachtaíocht, tá sé soiléir an rud atá leagtha amach, go bhfuil ceacht ann. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív ach tá mise ag tabhairt tacaíochta do leasú Uimh. 22. Nílim cinnte faoi leasuithe Uimh. 23 agus 24 - níl a fhios agam an bhfuil gá leo - ach tacaím le leasú Uimh. 22 agus go gcuirfeadh muid abairt láidir isteach sa Bhille.

Níl sin ag laghdú na cosanta atá leagtha amach sa Bhunreacht in Airteagal 8: "Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í." Tá sé leagtha amach ansin agus ní féidir tógáil ó shin, buíochas le Dia. Leanann Airteagal 8: "Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile." De réir mo thuisceana, an rud atá á dhéanamh ag an Teachta Ó Snodaigh leis an leasú seo ná cur leis sin. Cén fáth go bhfuil gá cur leis sin le habairt láidir? Tá gá cur leis mar tá teipthe go huile is go hiomlán orainn. Tá rudaí dearfacha déanta agus gan dabht, tá obair mhaith déanta ach tá sé beagnach dodhéanta an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha sa Teach seo. Ní ligeann an córas dúinn é a dhéanamh.

Cad atá mícheart le habairt láidir a chur isteach sa Bhille chun cur leis an gcosaint atá sa Bhunreacht? Ní thuigim é sin. B'fhéidir go bhfuil deacrachtaí leis an dá leasú eile agus níl mé cinnte fúthu, ach tá an leasú seo ag rá: "Is iad an Ghaeilge agus an Béarla teangacha oifigiúla Thithe an Oireachtais". Cén fáth go bhfuil aon deacracht leis sin? Níl sé sin ag laghdú an méid atá sa Bhunreacht ach tá sé ag cur leis. Is féidir leis an Rialtas líne a chur isteach ag tabhairt aitheantais don mhéid a mhaítear sa Bhunreacht gurb í an Ghaeilge an príomhtheanga. Tá sé deacair é sin a chreidiúint nuair a shiúlann duine timpeall na háite seo agus nuair a théann duine timpeall na tíre.

Tá deacracht againn mar sin agus aontaím leis an Teachta Ó Cuív. Tá an Bunreacht go hiontach agus tá Airteagal 8 go hiontach ach níor cuireadh i bhfeidhm riamh é i ndáiríre. Maidir leis an gcéad abairt sa leasú, ní chabhraíonn sé a bheith ró-chosantach. Tá obair mhaith déanta ag daoine ar an talamh, mar a luaigh an Teachta McHugh, ach níl an Ghaeilge feiceálach. Tá a fhios againn é sin. Bhí Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile i dteagmháil linn, leis an gCeann Comhairle agus liom féin mar Leas-Cheann Comhairle ó thaobh birt dhearfaigh a dhéanamh maidir leis an nGaeilge de. Bhí mé i dToronto cúpla uair agus-----

Ní raibh mé ach ag labhairt faoin Oireachtas. Ní raibh mé ag labhairt faoi aon rud eile.

Glacaim leis sin. Bhí mé i dToronto agus ní chloistear focal Fraincis ann ach in ainneoin sin, tá gach rud ann dhátheangach. Nuair atá duine i mbialann, tá gach rud dhátheangach, mar shampla. Cén chaoi a mbaineann sé sin leis an díospóireacht seo? Mura bhfuil ceannaireacht i gceist agus muna bhfuil rud leagtha síos go soiléir, ní dhéanfaimid aon rud. Tá sé sin feicthe againn, in ainneoin na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus in ainneoin an Achta seo. Ní tharlaíonn rudaí gan an fhadhb atá ann a aithint agus gan an deighilt atá ann idir lucht na cumhachta agus an chóras a aithint.

Rachaidh mé ar ais arís go dtí mo thaithí ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus chomh deacair a bhí sé gach seachtain a chinntiú go mbeadh an cruinniú uilig trí Ghaeilge. Bhí sé beagnach dodhéanta uaireanta toisc nach raibh Gaeilge ag na hoifigigh. Sin ceist na hearcaíochta agus na gcaighdeán a bhí idir chamáin againn an tseachtain seo caite. Ní fheicim aon deacracht le cur leis an gcosaint atá sa Bhunreacht leis an leasú seo. Sin atá i gceist le leasú Uimh. 22, de réir mo thuisceana, so ní fheicim fadhb ar bith leis sin.

Mar a dúirt mé, dé réir na Bunreachta sa tír seo, is í an Ghaeilge príomhtheanga na tíre agus is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil sa tír. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, b'fhéidir go mbeidh sé ag dul ar ais.

Ní aontaím leis an Teachta Connolly, áfach. Dúirt sí go raibh easpa teachtaireachta láidir sa Bhille. Céard faoin sprioc de 20% d'earcaithe nua roimh 2030? Céard faoin gcoiste comhairliúcháin atá le bunú? Céard faoin bplean naisiúnta atá le foilsiú? Nach ráitis saghas láidre iad sin go bhfuil an Rialtas seo tiomanta chun cúrsaí a athrú? Tugann an sprioc de 20% teachtaireacht an-láidir agus nua do dhaoine óga agus do dhaltaí ar fud na tíre go bhfuil tábhacht eacnamaíoch ag baint leis an nGaeilge. Táimid ag iarraidh go mbeidh an Bille seo níos láidre, mar a dúirt mé, agus níl aon rud eile le rá.

Tuigim roinnt den deacracht mar gheall ar leasuithe Uimh. 23 agus 24. Níl chuile choiste atá faoi stiúir an Oireachtais clúdaithe ach bíonn eagrais nó coistí bunaithe a bhíonn muid gafa leo, mar shampla Fóram Chomhairle na hEorpa um Thodhchaí an Daonlathais nuair a bunaíodh é, the Citizens' Assembly, agus an Coinbhinsiún ar an mBunreacht. Bhí na fóraim sin i leith Tithe an Oireachtais. Ba siadsan a bhunaigh iad. B'fhéidir go bhfuil an foclaíocht amscaí. Mar a dúirt mé faoi cheisteanna eile, tá mise sásta dul siar agus féachaint ar na leasuithe chun déanamh cinnte de.

Tá botún sa mhéid atá foilsithe i leasú Uimh. 22 mar bhí dhá aidhm agam sa leasú. An chéad aidhm a bhí agam ná a leagan síos go cruinn gurb iad "an Ghaeilge agus an Béarla teangacha oifigiúla Thithe an Oireachtais. San áit ina maítear sa leasú "agus beidh", bhí an focal "tá" i gceist ionas go mbeadh sé mar sin "tá ceart ag Comhalta". Ní hé go mbeidh an ceart agam amach anseo chun an ceart sin a fháil. B'fhéidir go mba gá dom dul go dtí an cúirt agus níl sé sin i gceist - má tá sé ann, caithfidh Tithe an Oireachtas, an Ceann Comhairle, Cléireach na Dála agus Cléireach an tSeanaid obair dá réir agus caithfear tuiscint a bheith ann láithreach go bhfuil siad ag loic ar chearta muna bhfuil siad á shásamh.

B'fhéidir go bhfuil an ceart agam go teicniúil mo ghnó a dhéanamh i nGaeilge agus i mBéarla ach muna bhfuil agus má tá constaic ann domsa, níl aon bealach agam ach seasamh siar chun mo ghnó a dhéanamh mar Theachta nó dul chuig an cúirt. Ní mise an sórt duine a théann go dtí an cúirt chun cearta a éileamh de shíor mar bheinn ann an t-am ar fad ó thaobh ceist na Gaeilge de, ní hamháin anseo ach in áiteanna eile.

Tá na leasuithe seo, chomh maith leis na leasuithe atá ag teacht ina dhiaidh, as ord ar bhonn seafóideach ach déanfaimid déileáil leis sin i gceann tamaill. Tá siad ar fad ceangailte mar seo an áit gur chóir go mbeadh muid ag tabhairt sampla don chuid eile den Stát agus don domhan i gcoitinne go bhfuil muidne sásta déanamh cinnte de go bhfuil an caighdeán cearta is airde agus is féidir a bheith ann acu siúd atá ag déanamh na rialacha, na reachtaíochta agus gach rud eile. Caithfimid a léiriú nach bhfuil muid mar eiseamláir ar dhroch-chleachtas atá tar éis tarlú thar na blianta.

Aontaím leis an Teachta McHugh go bhfuil sárobair á déanamh ag daoine áirithe agus bhí i gcónaí.

Tá athruithe ag teacht, cé nach bhfuil siad ag teacht tapa go leor. Rinne muid déileáil le ceist inniúlacht sa Ghaeilge an lá faoi dheireadh. Níl inniúlacht sa Ghaeilge ag an leibhéal cuí ann ag gach uile leibhéal i dTithe an Oireachtais. Nílim ag caitheamh anuas ar an bhfoireann. Ní raibh gá dóibh an leibhéal sin a bheith acu. Ní raibh aon chaighdeán ann. Nílim chun dul ar ais chuig an díospóireacht a bhí againn an lá faoi dheireadh. Má phiocaim suas an fón san áit anseo, is i mBéarla a thiocfaidh an freagra. Má tá comhairle á lorg agam, is i mBéarla gur gá dom í a fháil den chuid is mó muna bhfuil fonn orm fanacht. Níl an comhionannas ann. Níl na cearta céanna agam agus atá ag Béarlóirí sa Teach seo mar ní féidir liom an leibhéal céanna seirbhíse a fháil trí Ghaeilge agus is féidir a fháil trí Bhéarla. Is é sin an bunchoincheap a bhí taobh thiar d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Glacaim leis go bhfuil sé taobh thiar den Bhille seo freisin. Ba chóir go mbeinn féin, nó aon Teachta eile, in ann mo chuid gnó a dhéanamh go huile is go hiomlán i nGaeilge más mian liom.

Níl mé sásta leasú Uimh. 22 a tharraingt siar. Táim sásta féachaint athuair ar leasuithe Uimh. 23 agus 24 chun déanamh cinnte de nach dtagann siad salach ar an méid atá ann in alt 6 den phríomhAcht. Mar a dúirt mé, bunaítear coistí seachtracha in áiteanna eile nach an tOireachtas iad atá ceangailte le coistí agus níl sé soiléir domsa go mbeadh na cearta ceannann céanna agus atáim á lorg i leasú Uimh. 22 ar fáil dóibh siúd a thagann os comhair na gcoistí sin mura luaitear iad go sonrach. Is é sin atá i gceist agam le leasuithe Uimh. 23 agus 24 ach tarraingíodh mé siar iad chun féachaint athuair orthu chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil an fhoclaíocht i gceart, go bhfuil an coincheap atá taobh thiar dóibh i gceart agus nach ndéanann siad aon laghdú ar an stádas ná na cearta atá ann cheana féin. Measaim go mbeadh dul chun cinn i gceist dá nglacfar le leasú Uimh. 22. Mar a dúirt mé, molaim sa leasú go mbainfear an "beidh" amach agus go gcuirfear "tá" ina áit. Sin a bhí i gceist agam nuair a chuir mé an leasú isteach roimh an Nollaig.

Ní bheadh mise sásta le leasú Uimh. 22 ar bhealach ar bith. Lagaíonn sé, ar dhá chúis, stádas na Gaeilge agus stádas an Oireachtais. Maidir le stádas an Oireachtais, ó tharla gurb é an tOireachtas an pharlaimint atá bunaithe faoi Bhunreacht na hÉireann, luíonn sé le nádúr go mbeadh stádas bunreachtúil na teanga mar bhunchuid d'fheidhmiú an Oireachtais. Breathnaíonn sé seo gur ionann an Ghaeilge agus an Béarla seachas gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga, seachas an chéad teanga, agus go nglactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.

Maidir leis an dara ceist a d'ardaigh an Teachta, ceist faoi "beidh" agus "tá", bhreathnaigh mé ar an leagan Béarla. Beidh píosa spraoi againn leis an dréachtóir parlaiminte maidir leis seo. Sa leagan Béarla, deirtear "A member of either House of the Oireachtas has". Úsáidtear an aimsir láithreach. Ná habair cén bealach inar tiontaíodh an t-aistriúchán ach deirtear sa leagan Gaeilge "Beidh ceart ag comhalta". Táim cinnte go bhfuil cúis leis sin ó thaobh an teanga de agus go bhfuil baint aige le teangeolaíocht de shaghas éigin. Fágfaidh mé faoin Aire Stáit a mhíniú cén fáth gur "beidh" atá ann seachas "tá" sé de cheart. Is dóigh liom go mb'fhéidir go bhfuil an "beidh" níos láidre agus níos sonraí ná mar atá an Béarla. Tá sé ag rá ní hamháin go bhfuil ach go mbeidh as seo amach. Breathnaíonn "tá" gur rud é atá ann i láthair na huaire ach b'fhéidir nach mbeidh. Fágfaidh mé sin faoi shaineolaithe teanga agus dlí.

Maidir leis an bprionsabal atá taobh thiar den chuid eile, nílim cinnte go bhfuil coistí éigin a bhunaigh an tOireachtas ann nach bhfuil clúdaithe faoi alt 6(2). Ag an am, ceapadh gur chlúdaigh sé chuile shórt. Tá sé ag caint ar Thithe an Oireachtais agus a gcoistí, a gcomhchoistí agus a bhfochoistí agus ar an gceart atá ag daoine Gaeilge nó Béarla a úsáid os a gcomhair. Bheadh spéis agam a fháil amach ón Teachta Ó Snodaigh go díreach cén cineál coiste eile a bunaíodh sa Teach seo a cheapann sé nach bhfuil clúdaithe sa sainmhíniú sin. B'fhéidir, dá mbeadh sé sin sonraithe, dhéileálfadh an tAire Stáit leis freisin.

Aontaím le rud eile. B'fhéidir go mba cheart smaoineamh ar tuilleadh rudaí a shonrú. Shonraigh muid an ceart labhartha agus na tuairiscí oifigiúla. Ní dheachaigh an Teach deiridh níos faide ná sin ach d'fhéadfaí a shonrú ansin go bhfuil sé de cheart ag Baill den Oireachtas go ndéanfar aistriúchán comhuaineach ar aon ráiteas a dhéanann siad i nGaeilge. Bheadh sé sonrach céard atá i gceist againn a dhéanamh. Dar liom, tá an tionchar a bheadh ag leasuithe Uimh. 22 agus 23 sách débhríoch. B'fhéidir gur féidir gach rud a chuirtear ar na scáileáin a aistriú. Mura bhfuil i gceist na rudaí sin, an ceart go mbeadh aistriúchán ann agus mar sin de, a chur isteach anois, ba cheart rud éigin a dhéanamh fúthu.

Nuair a thagann an comhchoiste ar ais agus an roghchoiste tar éis an Bille a phlé, beidh mé ag moladh dó go mbreathnódh sé ar phlean Gaeilge an Tí agus go ndéanfadh sé moltaí láithreach le leasuithe a dhéanamh ar nósmhaireacht an Tí i dtaobh na Gaeilge. Mar a dúirt mé, nuair a bhí an plean deireanach á réiteach, chas mé le feidhmeannach de chuid Thithe an Oireachtais agus luaigh mé roinnt rudaí, go mórmhór na scáileáin. Sílim go bhfuil pribhléidí áirithe againn anseo ó thaobh na Gaeilge agus, ar ndóigh, ó thaobh seirbhísí idirphearsanta. B'fhéidir nach bhfuil sé chomh láidir sin.

Déanann daoine áirithe an-iarracht, mar shampla, na huiséirí, atá thar cionn. Má thagann scoil lán-Ghaelach isteach, déantar iarracht macánta a dhéanamh cinnte go bhfuil duine le Gaeilge ann le labhairt leis na gasúir. Déanann sé sin an-difir go deo. Tugann sé an-deashampla. Ní bhíonn fadhb ar bith ann le ceisteanna. Cuirim ceisteanna parlaiminte, nó ceisteanna Dála mar a thugtar orthu go coitianta, i nGaeilge agus i mBéarla ar chuile Roinn. Ní bhíonn siad uilig faoin nGaeilge. Cuirim ceisteanna faoi chuile chineál ruda ar chuile Roinn. Go minic, braitheann sé ar cé atá ag tógáil na ceiste. Má thógann duine as an nGaeltacht ceist, cuirim síos i nGaeilge í. Déanaim amhlaidh leis an Roinn Airgeadais, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus mar sin de. Gheofar freagra i nGaeilge. Corruair, faightear freagra i nGaeilge agus i mBéarla. Bhí sé de nós ag an Roinn Oideachais é sin a dhéanamh, rud a chur olc orm. Nuair a chuir mé ceist i mBéarla, bhí olc an tsaoil orm nach fuair mé freagra i nGaeilge freisin. Níl a fhios agam cén fáth go raibh an Roinn ag déanamh an oiread sin cúram díom nuair a chuir mé ceist i nGaeilge ach nach raibh sí ag déanamh leath an oiread cúraim nuair a chuir mé síos ceann i mBéarla.

Ó thaobh na tuairiscí a chuirtear isteach anseo mar gheall ar eiticí, is féidir leaganacha Gaeilge dóibh a fháil ach glacaim gur i mBéarla amháin atá go leor de na foirmeacha eile a thagann amach. Creidim go bhfuil go leor oibre le déanamh.

Dúinne, atá dáiríre faoi úsáid na Gaeilge go laethúil agus nach bhfuil ag iarraidh cur isteach ar reachtaíocht agus í a fhágáil ansin, agus atá ag iarraidh feidhm a bhaint as na rudaí seo, tá rudaí atá go maith agus tá laigí praiticiúla ann. Ba cheart dúinn díriú orthu sin sa Bhille seo nó trí cheist a ardú agus, más gá, Buan-Orduithe na Dála a athrú, le go mbeidh na cearta seo scríofa sna Buan-Orduithe sin.

Gabhaim buíochas leis an Teachta agus iarraim anois ar an Aire Stáit labhairt má tá aon rud breise le rá aige. Níl. An bhfuil an Teachta Ó Snodaigh chun leasú Uimh. 22 a bhrú?

Déanfaidh mé é a aistarraingt ar an gCéim seo.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Céard faoi leasuithe Uimh. 23 agus 24?

Is mar an gcéanna leo siúd freisin.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 23 agus 24.

Tá leasú Uimh. 25 as ord mar gheall ar mhuirear ar ioncam. Tá 60 soicint ag an Teachta Ó Snodaigh chun labhairt.

Is é seo roinnt den stuif a bhí i gceist maidir leis an gcaint dheireanach. Tá leasuithe Uimh. 25, 26 agus 27 ag iarraidh a chinntiú go mbeidh seirbhísí tacaíochta dátheangacha againn i dTithe an Oireachtais. Níl siad ann, in ainneoin an méid atá ráite ag an Teachta Ó Cuív. In alt 7 den Phríomh-Acht, bhí sé i gceist go mbeimid in ann "chomh luath agus is féidir" - agus is í sin an fhadhb - reachtaíocht a fháil sa dá theanga agus é foilsithe ag an am céanna. Is é sin go mbeimid ag fáil reachtaíochta agus a leithéidí eile beagnach a luaithe agus a bhí siad rite. Is é sin an sórt gealltanais a tugadh dúinn. Tuigimid agus luaigh mé cheana go bhfuil riaráistí ann agus a leithéid. Tá siad ann. Táimid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh rudaí ag tarlú go chomhuaineach. Tá sé ait go bhfuil costas i gceist anseo, mar caithfidh sé seo tarlú ar aon chaoi. Níl aon chostas breise i gceist mar beidh sé ag tarlú. Tá sé beagáinín seafóideach go bhfuil na leasuithe a ghabhann leis seo as ord sa tslí ina bhfuil an riail ag déileáil leo, toisc go bhfuil na leasuithe ag luí leis an méid atá sa Phríomh-Acht. Táim ag iarraidh teacht ar an méid a deirtear sa Acht sin:

As soon as may be after the enactment of any Act of the Oireachtas, the text thereof shall be printed and published in each of the official languages simultaneously.

A luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, déanfar an téacs den chéanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.

Tá sé cuibheasach soiléir céard a bhí i gceist, ach níl sé ag tarlú. Tá sé soiléir go mbeadh caiteachas curtha ar leataobh cheana féin. Ní airgead nó costas breise ar an gcóras atá i gceist. Dá réir, beidh mé ag cur an leasaithe arís ar aghaidh ar Chéim na Tuarascála. Tá súil agam go mbeidh an Ceann Comhairle ag tabhairt freagra dúinn roimhe sin ar an méid a chuireamar chuige faoi leasuithe a bheith rialaithe as ord agus a leithéid.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 25.

Tá leasuithe Uimh. 26 agus 27 as ord ar an gcúis chéanna. Tá leasú Uimh. 28 in ainm an Teachta Nic Gabhann as ord.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 26 go 28 go huile.

Tá leasú Uimh. 29 in ainm an Teachta Uí Chonghaile as ord. An bhfuil an Teachta ag iarraidh caint faoi?

Ní féidir glacadh leis seo. Aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh maidir leis na hathruithe eile. Is cur i gcéill amach is amach é go bhfuil an tAire Stáit ag glacadh gur "muirear ar ioncam" atá i gceist anseo. Ná habair liom nach bhfuil tuairim aige faoi seo. Tuigim nach ndearna sé an cinneadh faoi. Rinne Oifig na mBillí an cinneadh. Ná bac leis sin.

Is í croílár na faidhbe anseo ná aistriú na reachtaíochta. Tá Oifig na mBillí ag rá go bhfuil muirear ar ioncam i gceist. Is cur i gcéill amach is amach atá i gceist. Ní féidir glacadh leis seo. Táimid ag rá anseo gurb í an Ghaeilge príomhtheanga na tíre. Tá na Teachtaí ag seasamh suas go láidir. Ní gá tuilleadh láidreachta a chur leis mar tá sé ráite chomh soiléir sin sa Phríomh-Acht. Níl aon ghá leis na leasuithe a phléamar cúpla nóiméad ó shin, mar tá sé chomh láidir sin. Ag an am céanna, beimid ag leanúint ar aghaidh ag cur reachtaíocht tríd an Dáil i mBéarla amháin agus, am éigin sa todhchaí, beidh an leagan Gaeilge ar fáil. An bhfuil an tAire Stáit ag rá liom go bhfuil orm, mar Theachta Dála, glacadh leis sin agus cur suas ag an am céanna leis an spin nó an scéal go bhfuil cothromaíocht i gceist ó thaobh an dá theanga de? Ba mhaith liom freagra an Aire Stáit a fháil ar an gceist seo. Cén tuairim atá aige ina thaobh? Tá sé i bhfabhar na Gaeilge agus ag iarraidh Bille láidir a chur chun cinn. Cad é tuairim an Aire Stáit faoi seo? An bhfuilimid chun leanúint ar aghaidh ag glacadh nach féidir reachtaíocht a bheith againn i nGaeilge ag an am céanna nó chomh sciobtha agus is féidir, cúpla lá nó seachtain, i ndiaidh an leagain Bhéarla? Táimid ag caint faoi na blianta de bheith ag fanacht ar aistriúchán. Íorónta go leor, níl sé seo ag tarlú san Eoraip, de réir mar a thuigim. Tá níos mó reachtaíochta i nGaeilge sa Bhruiséil agus in áiteanna eile ná mar atá anseo. Táim ag tnúth le freagra ón Aire Stáit.

Níl aon bhaint ag an Aire Stáit le hobair Oifig na mBillí.

Tá tuairim aige, áfach.

Níl mé chun deis a thabhairt don Aire Stáit faoina thuairim mar is ceist í d’Oifig na mBillí. Táimid tar éis scríobh chuig an gCeann Comhairle chun na cúiseanna faoi deara na leasuithe a bheith rialaithe as ord a fháil amach. Beidh seans againn a fháil amach faoi na cúiseanna sin nuair a gheobhaimid litir ar ais uaidh.

Glacaim le hord an Leas-Chathaoirligh, mar atá leagtha amach aige, ach tá tuairim ag an Aire Stáit. Is í seo an deis chun Bille láidir a chur tríd an Dáil. Glacaim leis an ord atá déanta ag an Leas-Chathaoirleach ach deirim go bhfuil tuairim ag an Aire Stáit. Ba chóir go mbeadh tuairim aige maidir leis an gcaoi is féidir an Bille seo a láidriú. Tá an méid a bhí uaim a rá ráite agam faoin am seo.

Caithfimid fanacht go dtí go bhfaighimid litir ón gCeann Comhairle ar dtús chun tuairimí an Aire Stáit a fháil.

Níl locht ar bith ó thaobh na nAchtanna nó an Bhunreachta de, nó ar Acht 2003. Deir sé:

A luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, [Caithfear seans a thabhairt tar éis Acht a achtú chun é a cheartú agus é a fhoilsiú.] déanfar an téacs den chéanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.

Tá Billí nó Achtanna, de réir mar a thuigim, á bhfoilsiú i mBéarla i bhfad sula bhfoilsítear i nGaeilge iad. Is sárú iomlán dlí, dubh bán agus riabhach, é sin. Cé chomh soiléir a chaithfidh rud a bheith scríofa? Ciallaíonn “go comhuaineach” ag an am céanna. Níl na hAchtanna á bhfoilsiú ag an am céanna i nGaeilge agus i mBéarla. Nach bhfuil sé soiléir go bhfuil dualgas ann é sin a dhéanamh ach níl sé á dhéanamh? Tá teipthe ar an Teach seo é a dhéanamh? Tá sé thar am againn é a dhéanamh, agus gan níos mó a bheith againn faoi, nó beidh orainn uilig, ní dul ag athrú reachtaíochta isteach san Oireachtas, ach dul go dtí na Ceithre Cúirteanna agus cás a thógáil in aghaidh Seirbhís Thithe an Oireachtais go bhfuil teipthe glan aige an t-alt simplí sin a chur i bhfeidhm.

Maidir leis an méid atá ráite ag an Teachta ansin, tá sé láidir, scríofa agus tá dualgas ar an gcóras anseo é a dhéanamh ach níl sé á dhéanamh. Níor tharla sé. An bhfuil an Teachta ag rá nach mór dúinn dul chuig na cúirteanna? Ar a laghad, ba chóir dúinn ag am éigin sa Chéim seo díospóireacht faoi leith a bheith againn ar an ábhar seo. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív - níl mé ag easaontú leis de réir na tuisceana nó an léimh ar an mBunreacht atá aige. Ag an am céanna, is é seo an léamh ó Oifig na mBillí gur costas nó muirear ar an ioncam é.

Tagann an dá rud salach ar a chéile. Má tá sé ann mar cheart sa reachtaíocht, then ní mór dúinn é a chur i bhfeidhm, ach ag an am céanna, tá costas i gceist. Cludaíonn sé sin an cur i gcéill atá i gceist an t-am uilig nuair atáimid ag caint faoin nGaeilge. Is í sin croílár na faidhbe. Seo reachtaíocht agus seo earnáil eile den chóras ag rá go bhfuil muirear ar ioncam i gceist. Is costas atá i gceist.

Táimid ag déanamh iarrachta é sin a ceangal agus ag fanacht leis an litir ón gCeann Comhairle.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 29.

Tá leasú Uimh. 30 as ord.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 30.

Tá leasú Uimh. 31 bainteach le leasú Uimh. 52 agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 31:

I leathanach 9, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3), trí “déanfaidh” a chur in ionad “féadfaidh”.”.

Tá sé seo an-ait. Bhí na leasuithe díreach roimhe seo as ord toisc go raibh costas i gceist leo. Is ait an rud é sin mar nach bhfuil aon chostas i gceist anseo le leasú Uimh. 31. An rud atá á dhéanamh againn anseo ná ag cur dualgais ar na cúirteanna chun go mbeadh siad ag tabhairt ceart dóibh siúd a bheadh ós a gcomhair agus go mbeadh córas aistriúchán comhuaineach ann. Is athrú é sin ón méid a bhí sa bhunreachtíocht, ina bhfuil sé scríofa:

D'fhonn a chinntiú nach mbeidh aon duine faoi mhíbhuntáiste mar a dúradh, [maidir le riaradh an cheartais] féadfaidh an chúirt a chur faoi deara cibé saoráidí is dóigh léi is cuí a chur ar fáil chun ateangaireacht chomhuaineach nó chomhleanúnach ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile a dhéanamh ar imeachtaí.

Is é atá i gceist agamsa anseo ná athrú a chur i bhfeidhm chun go mbeadh sé níos dearfaí leis an bhfocal “déanfaidh”. Thuigfeadh aon duine ag féachaint ar sin go bhfuil costas i gceist leis.

Ar shlí amháin is cuma sa tsioc liom but is léiriú é sin go ndéantar botúin de shíor. Táimid ag déanamh cinnte go bhfuil ceart i gceist agus seo mar ba chóir. Ba chóir go mbeadh an ceart céanna ann maidir leis na leasuithe atáimid díreach tar éis déileáil leo. Ní chóir go mbeadh nithe ag tarlú ó thaobh an dlí de ann. Táimid ag déanamh cinnte go dtarlóidh siad agus ag iarraidh iad a dhéanamh níos dearfaí. Más gá costas a chaitheamh air, bhuel sin mar is gá nó is fiú an Bunreacht a athrú. Ní fheicim go bhfuil aon pháirtí, aon Teachta nó aon duine ag lorg go mbeadh athrú stádais ar an nGaeilge sa Bhunreacht. B’fhéidir go bhfuil crank éigin amuigh ansin atá ag iarraidh é sin a dhéanamh. Má tá an Ghaeilge mar phríomhtheanga an Stáit, caithfidh an Stát cosaint a thabhairt don Ghaeilge agus í a chur chun cinn. Caithfear a chinntiú i ngach uile gné den saol atá faoi stiúir an Stáit go bhfuil daoine in ann an ceart sin a chleachtadh ina iomláine. Is éard atá i gceist againn anseo ná go mbeadh sé sin fíor maidir leis na cúirteanna.

Tá leasú Uimh. 52 snaidhmthe leis seo agus sin leasú in ainm an Teachta Connolly. Ligfidh mé di labhairt faoi. Is é an rud a deirimid i gcónaí ná nach mbeadh aon bhuntáiste ag Gaeilgeoir toisc gur Gaeilgeoir í nó é, in áit an meon go bhfuilimid ag lorg buntáiste ar Bhéarlóirí. Ní hé sin atá á lorg ná a raibh á lorg ag Gaeilgeoirí riamh, go mbeadh buntáiste againn. Bíonn muid ag lorg a bheith ar chomhleibhéal leo siúd a tógadh le Béarla, nó go bhfuil Béarla acu agus seirbhisí an Stáit á lorg acu. Sa chás seo, is iad seirbhisí na cúirteanna atá á lorg againn. Aon duine a bhíonn ag lorg a leithéid tuigeann sé nó sí go díreach go bhfuil an stádas maidir leis an nGaeilge chomh dona céanna sa chóras dlí is atá sé i ngach chuid eile den chóras.

Tá roinnt daoine eiseamláireacha agus roinnt breithiúna eiseamláireacha ann atá tar éis cosaint a dhéanamh ar an nGaeilge agus a labhraíonn í chomh minic agus is féidir. Tá siad tar éis tacaíocht a thabhairt sa ról atá acu mar oifigeach na cúirteanna chun cinntiú go bhfuil cosaint á déanamh uirthi sa mhéid sin. Tá an rud céanna fúthu siúd atá ina n-abhcóide nó ina ndlíodóirí, nó iad siúd atá ag cuidiú lena leithéid a thraenáil. Tá an stádas i bhfad Éireann níos laige anois i measc an chóras dlí sna hollscoileanna ná mar a bhí 20 nó 30 bliain ó shin. Tá fadhb ann nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag a lán de na dlíodóirí ná ag na n-abhcóidí. Níl an inniúlacht ann sa chóras dlí agus cirt. Bheadh costas i gceist dá mbeithfeá ag déanamh an athrú atá molta againne anseo, ach is cuid den chóras é sin má bhfuiltear ag déanamh cinnte go gcloítear leis an mBunreacht. Sa chás seo, is gá dúinn a chinntiú go bhfuil córas na cúirte comhuaineach.

Ní luíonn sé le réasún go bhfuil an leasú seo in ord agus go bhfuil na cinn eile as ord. Níl ciall ná réasún leis sin. Sin fadhb amháin. B’fhéidir go mbeadh sé níos cabhraí dá mbeadh freagra ón Aire Stáit ar dtús.

Tá leasú Uimh. 52 á tharraingt siar agam. Ceapaim go bhfuil botún ó thaobh an ailt i gceist. Tiocfaidh mé ar ais go dtí leasú Uimh. 52. San áit ina bhfuil mé, ní dhéanann sé mórán céille domsa, so ní féidir liomsa é a mhíniú don choiste. Tarraingeoidh mé siar é faoi láthair. Ba mhaith liom freagra ón Aire Stáit a chloisteáil maidir leis an gcéad leasú.

Baineann leasú Uimh. 31 le “déanfaidh” a chur in ionad “féadfaidh” sa mhéid is go mbaineann sé le córas ateangaireachta a chur ar fáil sna cúirteanna. Chomh fada is atá a fhios agam, tá an córas seo ag feidhmiú mar is cuí faoi láthair ach táim sásta iarraidh ar mo chuid oifigigh labhairt leis an tSéirbhís Cúirte faoin leasú seo agus teacht ar ais ar Chéim na Tuarascála. Ar an mbonn sin, b’fhéidir go mbeidh an Teachta sásta an leasú a tharraingt siar. Mar a dúirt mé, táim sásta féachaint ar an leasú seo.

Maidir le leasú Uimh. 52, is éard atá i gceist anseo ná spriocdháta a leagan síos maidir leis na forálacha a bhaineann le riaradh an cheartais. Tá an leasú seo ag iarraidh go mbeidh tosach feidhme ag an alt seo ar dáta nach bhfuil níos déanaí ná Nollaig 2025. Tháinig an t-alt seo i bhfeidhm go huathoibríoch cheana féin in 2006 agus dá bhrí sin ní bheidh mé ag glacadh leis.

Sílim féin go mb’fhéidir go bhfuil tuiscint agam ar cén fáth nach raibh aon chostas i gceist anseo. Mar a léitear in alt 8(1), "Féadfaidh duine ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon chúirt nó in aon phléadáil in aon chúirt nó in aon doiciméad a eiseofar ó aon chúirt", so tá an ceart ann Gaeilge nó Béarla a úsáid. Deirtear ansin sa dara fo-alt:

Tá dualgas ar gach cúirt, in aon imeachtaí os a comhair, a chinntiú go bhféadfaidh aon duine a bheidh ag láithriú inti nó a bheidh ag tabhairt fianaise os a comhair éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi, agus nach mbeidh an duine, trí éisteacht a fháil amhlaidh, faoi mhíbhuntáiste toisc nach bhfaigheann sé nó sí éisteacht sa teanga oifigiúil eile.

Curtha go simplí, an brí a bhainimse as sin ná, má shocraíonn duine a fhianaise no a fianaise a thabhairt i nGaeilge, tá sé in aghaidh an dlí cheana féin go mbeadh aon mhíbhuntáiste ar dhuine mar gheall ar sin le hais na fianaise a thabhairt i mBéarla. Mar sin, caithfear gach aon rud gur gá a dhéanamh a dhéanamh, gurb amhlaidh a bheas.

Níl á dhéanamh i bhfo-alt 3 ach ag cur in iúl, chun na cearta atá ag duine i bhfo-alt 2 a chomhlíonadh agus más gá sa chás nach bhfuil Gaeilge ag an mbreitheamh agus ag chuile dhuine eile sa chúirt, go gcaithfear aistritheoirí a cheapadh. Is féidir é a dhéanamh, ach abair go raibh cúirt lán-Ghaelach istigh in áit éigin agus Gaeilgeoirí ar fad ann, ní bheadh aon ghá saoráidí a chur ar fáil mar go mbeadh, mar shampla, breitheamh le Gaeilge, aturnae le Gaeilge, finnéithe le Gaeilge agus gardaí le Gaeilge. Níl aon ghá saoráidí a chur ar fáil i gcás mar sin. De réir mar a thuigimse é, tá an ceart ag duine na saoráidí sin a fháil má tá gá leo. B'shin an fáth nach raibh aon chostas ag baint leis.

An bhfuil an Teachta Ó Snodaigh chun leasú Uimh. 31 a bhrú?

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasú Uimh. 32 as ord. Ar mhaith leis an Teachta Ó Snodaigh cúpla focal a rá mar gheall air?

Seo dlí na tíre cheana féin agus táimid á leagan amach go soiléir leis an leasú seo. Níl sa leasú seo ach dlí na tíre a reachtú agus sprioc dhaingean a chur ann. Freisin, tá breithiúna ann le Gaeilge agus níl aon chostas níos airde i gceist chun déanamh cinnte de go mbeadh breithiúna le Gaeilge agus breithiúna a thuigeann cad atá ag tarlú ann sa chás má tá Gaeilge á húsáid. Níl sa leasú seo ach ord a chur ar an tslí a bheadh an córas dlíthiúil ag obair mar atá leagtha síos gur chóir dó tarlú cheana féin. Níl costas breise i gceist agus arís, ní thuigim an cinneadh maidir le leasú Uimh. 32.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 32.

Tá leasuithe Uimh. 33 go 35, go huile, as ord freisin. Ar mhaith leis an Teachta Ó Snodaigh cúpla focal a rá mar gheall orthu?

Tá leasuithe Uimh. 33 agus 34 bainteach le cásanna cúirte agus a leithéid, agus an rud a bhí i gceist agam anseo arís ná iarracht a dhéanamh cinnte de go bhfuil an stádas atá ag an nGaeilge os comhair na cúirteanna agus sa chóras dlíthiúil ina iomlán aitheanta go reachtúil. Tá mé iarraidh déanamh cinnte de chomh maith go ndéantar na hathruithe a dhéantar i dtíortha eile chun déanamh cinnte de go bhfuil an stádas dlíthiúil ceart ann agus go bhfuil na cúirteanna ag tabhairt an t-aitheantas agus an cur chuige cuí do na teangacha oifigiúla sa tír seo.

Níl sé ag tarlú faoi láthair. Tá constaicí ann más Gaeilgeoir duine, agus má tá duine ag iarraidh cás a chosaint nó a thógaint i gcúirteanna na tíre seo, déantar níos deacra é. Tá fadhbanna sa chóras dlí agus cirt cheana féin ó thaobh moille de, i mBéarla nó i nGaeilge, ach tá sé i bhfad Éireann níos measa má tá duine ag iarraidh a chearta nó a cearta a chosaint nó má tá duine ag iarraidh cás a chosaint os comhair na mbreithiúna. Iarraim ar chomhaltaí díriú isteach ar a tharlaíonn i dtíortha eile. Mar shampla, i gceantar Ontario, tá bunreacht ann agus tugann siadsan leagan amach an-soiléir. B'fhéidir gur féidir linn díriú isteach air sin amach anseo agus ba chóir go mbeadh an tAire Stáit ag féachaint, leis an Aire Dlí agus Cirt, dlí a thógáil os ár gcomhair a líonfadh aon phoill atá ann maidir leis an stádas atá ag an nGaeilge sna cúirteanna agus i measc an phobail atá ag triall na cúirteanna a úsáid. Tá súil agam gur féidir leis an Aire Stáit é sin a dhéanamh.

Tagraím do na leasuithe a bhfuil as ord. B'fhéidir go bhfuil na leasuithe atá muidne tar éis cur chun cinn as ord toisc forálacha na Buan-Orduithe nó a leithéid. Déanfaimid déileáil leis sin amach anseo agus b'fhéidir go bhfuil sin i gceart ach ní chuireann sé sin cosc ar an Aire Stáit smaoineamh faoi na leasuithe a táimid tar éis cur chun cinn agus faoi na cuspóirí atá istigh iontu. Is féidir leis féachaint orthu sin. Ní chuireann sé cosc ar an Aire Stáit fiú a rá go n-aontaíonn sé leis na leasuithe, go dtuigeann sé cad atá i gceist leis na leasuithe, go bhféachfaidh sé ar na leasuithe nó go mb'fhéidir go dtairgfidh sé leasú ar Chéim na Tuarascála nó sa Seanad amach anseo. Tá an deis sin ag an Aire Stáit féachaint orthu agus iad a ghlacadh chuige féin, fiú má tá costas agus muirear ar an ioncam i gceist. Ní bheadh sin i gceist dá mbeadh sé tar éis teacht ón Aire Stáit.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 33 go 35, go huile.

Tá leasuithe Uimh. 36 go 38, go huile, as ord.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 36 go 38, go huile.

Cuireadh leasú Uimh. 39 de thaisme sa liosta de leasuithe dícheadaithe a scaipeadh ar na comhaltaí. Tá an leasú in ord.

Fuair mé nóta ag cur in iúl go raibh sé as ord.

Níl baint aige le forálacha an Bhille.

Tá nóta agam ag cur in iúl go bhfuil sé in ord.

Glacfaidh mé le rialú an Leas-Chathaoirligh. Tapóidh mé an deis aon uair a thagann sí.

Lean ar aghaidh. Seo bónas.

Tairgim leasú Uimh. 39:

I leathanach 9, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach:

"Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn 'Acht 1961' Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961.

(b) Leasaítear alt 5 d’Acht 1961 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

'(8) (a) Beidh an cumas ag aon duine cáilithe de réir an ailt seo Bunreacht na hÉireann a léamh agus a thuiscint ina iomláine sa dá theanga oifigiúla sula gceapfar é nó í ina Bhreitheamh nó ina Breitheamh den Chúirt Uachtarach.

(b) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le gach ceapachán a dhéanfar tar éis theacht i ngníomh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.'.".".

An rud atá sa leasú seo na foráil a chuirfidh critéar i bhfeidhm go mbeadh cumas sa Bhéarla agus sa Ghaeilge de dhíth ar aon duine a bheadh le ceapadh ina bhreitheamh nó ina breitheamh don Chúirt Uachtarach. Cén fáth go bhfuil sé sin tábhachtach? Is léir ón méid a dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh go bhfuil frith-Ghaelachas i bhfeidhm i gcúirteanna na hÉireann. Dúirt sí sin i gcaint a thug sí anuraidh agus is féidir teacht air sin. Fuair mé an t-eolas sin ó alt a foilsíodh ar tuairisc.ie ach foilsíodh é i gceann de na hirisí dlíthiúla chomh maith. Dúirt sise go raibh frith-Ghaelachas i bhfeidhm i gcúirteanna na hÉireann agus ligtear dó sin nuair nach bhfuil ceannasaíocht ón mbarr á léiriú, ní hamháin go bhfuil stádas faoi leith ag an nGaeilge ach go bhfuil an Ghaeilge riachtanach chun ról tábhachtach i riar an chirt a chomhlíonadh.

Tá sé i gceist agam leis an leasú seo déanamh cinnte de go bhfuil an tosaíocht nó an ceannaireacht sin ag teacht ó na breithiúna sa Chúirt Uachtarach chomh maith le gach uile áit eile. Mar a mhínigh mé cheana leis na leasuithe eile, tá cinneadh déanta ag an Ard-Chúirt gur chóir go mbeadh cúirt in ann breitheamh le Gaeilge a chur ar fáil, más trí Ghaeilge atá na cúisí nó na páirtithe sa chás ag déanamh feidhmiú, agus bhí na leasuithe eile rialaithe as ord in ainneoin nach raibh muid ach ag déanamh iarracht an méid a tharlaíonn a dhéanamh soiléir i reachtaíocht. Ní chóir go mbeadh aon eisceacht ag baint leis an gCúirt Uachtarach. Sna cúirteanna ísle, bhí muid den tuairim gur chóir go mbeadh an stádas cuí tugtha don Ghaeilge ach táimid ag déanamh cinnte de sa leasú seo go bhfuil sé mar an gcéanna ó thaobh na Cúirte Uachtaracha de. Tá cothrom na Féinne ag teastáil ansin cheana agus sna cúirteanna níos isle ach go háirithe agus iad ag déanamh cinntí faoi fhianaise Ghaeilge agus leaganacha Gaeilge de reachtaíocht atá á phlé.

Caithfear tuiscint ceart a bheith acu ar reachtaíocht mar is sin atá á phlé go minic sa Chúirt Uachtarach. Pléitear tuiscint, míniú nó soiléiriú ar reachtaíocht, is é sin ná Billí atá achtaithe, an méid a ghabhann leo agus cad go díreach atá taobh thiar díobh. Muna bhfuil tuiscint ag duine ar an dá theanga agus muna bhfuil duine inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gceart agus ag an leibhéal is airde, éiríonn sé níos deacra míniú nó tuiscint a fháil ar reachtaíocht.

An chúis is tromchúisí ná gurb iad breithiúna na Cúirteanna Uachtaracha atá freagrach as an léamh agus an tuiscint deiridh a thagann ar Bhunreacht na hÉireann 1937. Ní hamháin gur doiciméad dhátheangach é seo agus go bhfuil tuiscint dhátheangach ag teastáil chun é a léamh go hiomlán, ach tá sé scríofa ann féin - in Airteagal 25.4.6° - go nglacfar leis an míniú Gaeilge má tá easaontas idir an Béarla agus an Ghaeilge. Tá leabhar mór millteanach thuas i m'oifig agam, agus b'fhéidir go bhfuil sé ag an Teachta Ó Cuív, ag tabhairt míniú ar na difríochtaí ar fad atá ann idir an téacs Gaeilge agus an téacs Béarla. Nuair a thosaítear ag féachaint air sin, tuigtear go díreach cé chomh dona is a bheadh cursaí dá mbeadh na breithiúna sa Chúirt Uachtarach ag glacadh leis an tuiscint ón téacs Béarla. Mar atá léirithe ag an Teachta Ó Cuív, tá sé deacair dóibh siúd nach bhfuil inniúil sa Ghaeilge an tuiscint Ghaeilge a fháil go simplí. Nuair atá reachtaíocht dhátheangach, d'fhéadfadh míniú agus coincheap difriúil a bheith i gceist nuair a athraítear focal amháin, ach go háirithe nuair atá imeacht ama i gceist. Ó thaobh imeachta ama de, rud a scríobhadh sna 1950idí-----

Ní bhfuair an tAire Stáit an fógra go raibh an leasú seo in ord. Bogfaimid ar aghaidh go dtí an chéad leasú eile mar sin agus tiocfaimid ar ais go dtí an leasú seo roimh dheireadh an ailt seo.

Níl fadhb agam leis sin.

Beidh seans ag an Aire Stáit teacht ar ais chuig an Teachta.

Níl ach seacht nóiméad nó mar sin fágtha. Glacaim leis go bhfuil comhaltaí eile ag iarraidh teacht isteach air seo. Ní gá dúinn stop a dhéanamh. Is féidir linn leanúint ar aghaidh.

Leanfaimid ar aghaidh go dtí an chéad leasú eile.

An dtiocfaimid ar ais chuige seo?

Tiocfaimid ar ais go dtí leasú Uimh. 39 roimh dheireadh an ailt. Beidh am againn teacht ar ais chuige.

Tá go maith. Is féidir liom focal nó dhó a rá faoi leasú Uimh. 40, a leanas:

I leathanach 9, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Ní ghlacfaidh an Príomh-Bhreitheamh aon duine chun cleachtadh mar abhcóide dlí sna Cúirteanna mura rud é, sula nglacfar an duine sin amhlaidh, gur deimhin leis an bPríomh-Bhreitheamh, de réir cibé fianaise a fhorordóidh an Príomh-Bhreitheamh, go bhfuil eolas inniúil ag an duine sin ar an nGaeilge: an choinníoll i gcónaí nach gcoiscfear ar an bPríomh-Bhreitheamh le haon ní san alt seo aon chomhalta a ghlacadh chun cleachtadh mar abhcóide dlí sna Cúirteanna, is comhalta ag a mbeidh seasamh trí bliana ag aon Bharra eile agus dár thug Cumann Onórach Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath céim mar abhcóide dlí de bhun socrú cómhalartach trínar féidir comhaltaí de Bharra na hÉireann a ghlacadh chun cleachtadh ag an mBarra eile sin.

(8) (a) I dteannta na scrúduithe atá luaite in alt 8 den Solicitors (Ireland) Act, 1898, údaraítear do Dhlí-Chumann na hÉireann agus, ceanglaítear orthu leis seo, céadscrúdú in ábhar na Gaeilge (dá ngairtear céadscrúdú sa Ghaeilge san Acht seo) agus dara scrúdú in ábhar na Gaeilge (dá ngairtear dara scrúdú sa Ghaeilge san Acht seo) a sheoladh uair amháin ar a laghad gach bliain, agus bainfidh na forálacha atá san alt sin 8 le gach scrúdú den sórt sin in ábhar na

Gaeilge ar an modh céanna ar a mbainfidh siad leis na scrúduithe atá luaite san alt sin ach amháin nach ndéanfaidh ach scrúdaitheoirí a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire Oideachais na scrúduithe sin in ábhar na Gaeilge a stiúradh, agus go bhforordófar agus go stiúrfar gach dara scrúdú sa Ghaeilge ar shlí lena náiritheofar go mbeidh eolas inniúil ar an nGaeilge ag daoine a gheobhaidh pas sa scrúdú sin.

(b) D’ainneoin aon ní sa Solicitors (Ireland) Act, 1898, ní bheidh aon duine inchurtha faoi cheangal dintiúirí printíseachta chun seirbhís a thabhairt mar phrintíseach ag aturnae mura bhfuil deimhniú faighte aige nó aici ó Dhlí-Chumann na hÉireann á rá go bhfuil pas faighteaige nó aici i gcéadscrúdú sa Ghaeilge, agus ní ghlacfar aon duine ina aturnae nó ina haturnae mura mbeidh deimhniú faighte aige nó aici ó Dhlí-Chumann na hÉireann á rá go bhfuil pas faighte aige nó aici i ndara scrúdú sa Ghaeilge laistigh de bhliain roimh chríochnú théarma a phrintíseachta nó a printíseachta nó laistigh de bhliain roimh é nó í a ghlacadh amhlaidh.

(9) Aisghairtear fo-ailt (2), (3), (4), (5), (6), (7) agus (8) d’alt 1 agus alt 3 d’Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge), 2008.

(10) Aisghairtear míreanna 40 (2A) (c), (d), (e), (f), (g) agus (h) den Acht Aturnaethe, 1954.

(11) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 31 Nollaig 2025.”.”.

Seo leasú a mhol an Conradh Ceilteach don chomhchoiste roimh an Nollaig. Déanann an leasú seo riachtanas a bhíodh ann cumas i nGaeilge a bheith ag duine le bheith cáilithe mar dhlíodóir nó mar abhcóide i nDlí-Chumann na hÉireann nó in Óstaí an Rí a thabhairt ar ais. Bhí an cáilíocht seo i gceist suas go dtí 2008 so tá sé i gceist sa leasú seo iarracht a dhéanamh an cáilíocht sin a thabhairt ar ais. Fuair an Rialtas a bhí ann ag an am, Rialtas Fhianna Fáil, réidh leis an riachtanas seo in 2008. Fuarthas réidh lena lán riachtanais Ghaeilge eile sa státchóras thar na blianta. Táimid ag fulaingt dá réir ó thaobh na Gaeilge de le roinnt de na riachtanais ó thaobh An Gharda Síochána agus an státchóras i gcoitinne de. Níor admhaigh aon duine ag an am gur meon frith-Ghaelach a bhí i gceist, agus b'fhéidir nach ea, ach ní sin an cheist atá faoi chaibidil inniu. Ceist an lae inniu ná iarracht a dhéanamh cinnte de amach anseo go mbeidh go leor dlíodóirí agus abhcóidí ann a bheidh inniúil ar an nGaeilge agus dá réir, an cáilíocht sin a thógáil ar ais. Caithimid é sin a dhéanamh ionas go mbeimid in ann a chinntiú go mbeimid in ann na forálacha eile agus na leasuithe eile a bhí i gceist agam a thabhairt chun cinn arís amach anseo chun go mbeadh Gaeilgeoirí sásta go mbeidh siad in ann a chearta a chosaint agus cásanna a thógáil sna cúirteanna.

Dúirt an iar-Aire Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí, Dermot Ahern, i bpreasráiteas faoi Acht nua ag an am - the Legal Practitioners (Irish Language) Act 2008, a fuair réidh leis an cáilíocht - an méid seo a leanas: "promotes the better provision of legal service [through] the Irish language... [and] will provide for a level of proficiency in Irish in the legal profession of a significantly higher standard than was being delivered in the past." Tá 13 bliain imithe ó a ritheadh an tAcht sin agus tá mise cinnte de nach bhfuil "a level of proficiency in Irish in the legal profession of a significantly higher standard" ó shin. Tá rud éigin mícheart ansin. Ní mar sin a thit cúrsaí amach, dár ndóigh. Is ait an rud é go raibh an riachtanas Gaeilge a fhoghlaim curtha ar leataoibh. Cuireadh isteach riachtanas rang a thabhairt do dhlíodóirí in oiliúint ionas go mbeadh siad in ann a rá le duine nach raibh dóthain Ghaeilge acu. Sin basically an méid atá ann. Deireann siad: "Sorry, níl go leor Gaeilge agam chun do chás a thógáil nó a chosaint i nGaeilge" agus ansin seoltar an cliant ar aghaidh go dtí dlíodóir nó go dtí abhcóide le Gaeilge. Tá mise den tuairim gur chóir go mbeadh an leasú seo rite.

Tuigim cé as a bhfuil an Teachta ag teacht ach tá scrúdú Gaeilge ann fós d'aturnaetha, go bhfios dom. Táim cinnte go raibh sé ann deich mbliana ó shin ar aon nós. Ní fhéadfaí, fiú i nGaillimh, siúl isteach ag 90% de na haturnaetha agus iarraidh orthu gnó a dhéanamh i gcás simplí trí Ghaeilge nó aon ghnó eile a dhéanamh trí Ghaeilge. De réir mar a thuigim é, níl aon chaighdeán ard ag baint leis an scrúdú atá ann. Is rud bréagach uilig é agus níl Gaeilge feidhmiúil ag na daoine a éiríonn leo sa scrúdú seo agus b'amhlaidh, más buan mo chuimhne, leis na habhcóidí.

Níl mé ag rá go bhfuil an scéal mórán níos fearr inniu. Bhí leithéidí Dáithí Mac Cárthaigh go mór chun tosaigh leis seo. Tosaíodh ag an am oiliúint a chur ar lucht an dlí le go bhféadfaidís an Ghaeilge a úsáid i ndáiríre ar son cliaint, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, áit ar bith sa tír a raibh duine ar bith ag éileamh na seirbhísí sin. Ag an am, bhain sé sin leis an rud a bhí muid ag déanamh, sé sin go raibh cúrsaí faoi leith ann chun daoine a thraenáil le haghaidh dul go dtí an Eoraip agus aistriúchán a dhéanamh ar na cáipéisí dlí thall ansin.

Ba cheart breathnú ar an Acht a thagair an tAire Stáit dó. Ba cheart go mbeadh muid cinnte go mbeadh dóthain aturnaetha agus abhcóidí ar fáil do dhaoine le fíor-Ghaeilge go bhféadfaidís a úsáid sa chúirt ar shon cliaint. Níl sé réalaíoch go mbeadh Gaeilge chomh maith sin ag chuile dhlíodóir. Ba bhreá liom é dá mbeadh sé fíor agus dá bhféadfadh sé tarlú thar oíche ach ní bheadh sé réalaíoch a bheith ag éileamh go mbeadh Gaeilge den chineál sin ag chuile aturnae agus ag chuile abhcóide sa tír. Bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh líon fairsing daoine a bheadh fíor-inniúil ar an nGaeilge ná dá mbeadh chuile dhuine in ann a rá: "tá deifir orm" agus sin an méid. Is mór is fiú go bhfuil an leasú seo thíos. Caithimid an cheist a phlé agus caithimid féachaint cén chaoi a tabharfaidh muid faoin gceist seo.

Tá easnamh ollmhór ann.

Tá aithne agam ar fhear agus bhí sé os comhair na cúirte, ceann de na cúirteanna is airde sa tír. Ní rabhthas in ann teacht ar dhóthain bhreithiúna. Ní hé an Cúirt Uachtarach a bhí i gceist ach ceann beagáinín níos ísle ná sin. Ní raibh an cúirt in ann triúr breithiúna a fháil a bheadh in ann an cás a éisteacht trí Ghaeilge agus is fíor-Ghaeilgeoir an duine seo. Is bocht an scéal é sin. Caithimid díriú ar na ceisteanna seo agus aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh.

Níl mé cinnte, áfach, go mbeadh mórán feidhme leis an rud a bhíodh ann a chur ar ais mar, fad is mo bharúil, ní raibh caighdeán ar bith ag baint leis agus, fad is mo bharúil chomh maith, níl mórán caighdeáin ag baint leis an scrúdú atá ann do na haturnaetha ach oiread. Níl ann ach magadh agus cur i gcéill.

Ós rud é go bhfuil 3 a chlog sroichte againn, caithfidh mé an cruinniú seo a chur ar athló. Beimid fós ar leasú Uimh. 39 nuair a bhuailfimid le chéile ar an 9 Feabhra.

Tugadh tuairisc ar a ndearnadh; an Coiste do shuí arís.
Cuireadh an roghchoiste ar athló ar 3 p.m. go dtí 1 p.m., Dé Máirt, 9 Feabhra 2021.
Top
Share