Skip to main content
Normal View

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Tuesday, 9 Feb 2021

Gnó an Roghchoiste

Leanfaidh an seisiún seo den chruinniú ar aghaidh go dtí 3.05 p.m. agus ag an am sin cuirfear an cruinniú ar athló go dtí 1 a chlog ar an 16 Feabhra. Cuirim fáilte roimh Phríomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit atá freagrach don Ghaeltacht, spóirt agus cosaint, an Teachta Chambers, agus roimh a oifigigh, Aodhán Mac Cormaic agus Micheál Ó Conaire. Is comhalta ex officio den roghchoiste é an tAire Stáit agus, mar sin, cuirfear san áireamh é i gcomhair an chóraim agus an liosta vótála. Níl aon leithscéal faighte agam ó Theachtaí.

Meabhraím do chomhaltaí an gá cloí leis an achar sóisialta le linn an chruinnithe seo. Iarraim ar Theachtaí gan suí in aon suíochán ach amháin iad siúd atá curtha ar fáil dúinn. Mura nglacaimid leis an riail seo, cuirfear isteach ar éifeacht na gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Chomh maith leis sin, bheinn buíoch de gach duine dá mbeadh a ngutháin dochloiste nó múchta.

Tionóladh an cruinniú seo chun athbhreithniú a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Rachaimid ar aghaidh anois chuig an mBille.

Top
Share