Skip to main content
Normal View

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Tuesday, 2 Mar 2021

Gnó an Roghchoiste

Leanfaidh an seisiún seo den chruinniú ar aghaidh go dtí 3 p.m. agus cuirfear an cruinniú ar athló ag an staid sin. Muna bhfuil críoch curtha leis an bplé atá á dhéanamh againn ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 faoin am sin, cuirfear an cruinniú ar athló go dtí an Mháirt, 9 Márta 2021. Cuirim fáilte roimh Phríomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit atá freagrach as an nGaeltacht, as an spórt agus as an gcosaint, an Teachta Chambers, agus roimh a oifigigh, Aodhán Mac Cormaic agus Micheál Ó Conaire. Is comhalta ex officio den roghchoiste é an tAire Stáit agus, mar sin, cuirfear san áireamh é i gcomhair an chóraim agus an liosta vótála. Tá leithscéal faighte agam ón Teachta Ní Chonghaile. Meabhraím do chomhaltaí an gá cloí leis an achar sóisialta agus a ngutháin a mhúchadh nó a chur ar mhód ciúin fad atá an cruinniú ar siúl.

Tionóladh an cruinniú seo chun athbhreithniú a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Sula leanfaimid ar aghaidh leis an mbreithiúnas, déileálfaimid le míreanna comhfhreagrais F108, F110 agus F111, a bhaineann le Céim an Choiste den Bhille. Díríodh na míreanna sin ar an roghchoiste seachas ar an gcomhchoiste. Le hUimh. F108, dar dáta 14 Eanáir 2021, iarrann an tAire Stáit, an Teachta Chambers, orainn Céim an Choiste a thosú ar 22 Eanáir agus é a chríochnú chomh luath agus is féidir. Táimid ag déanamh iarracht é sin a dhéanamh. Is féidir linn an comhfhreagras sin a nótáil. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Is ó rúnaí príobháideach an Chinn Chomhairle Uimh. F110, dar dáta 10 Feabhra 2021. Cuireann sé in iúl dúinn gur chaill sé ár litir dar dáta 26 Eanáir 2021 toisc gur cuireadh chuig an seoladh ríomhphost atá ag Seán Ó Fearghaíl mar Theachta é seachas chuig an seoladh atá aige mar Cheann Comhairle.

Is é sin ba chúis le ceann de na moilleanna a bhí ann leis an bhfreagra a chur ar ais chugainn. Maidir leis seo, seoladh an dá mhír den chomhfhreagras a sheolamar chuig an gCeann Comhairle chuig seanofearghail@oireachtas.ie, mar a dhéanaimid an t-am go léir nuair atáimid ag scríobh chuige. Go bhfios dom, ní raibh fadhb leis sin roimhe seo. Ar a laghad, ó shin táimid tar éis na ríomhphoist seo a chur ar aghaidh chuig an gCeann Comhairle ag an seoladh ríomhphoist eile a tugadh dúinn. An féidir linn an comhfhreagras sin a nótáil? Is féidir.

Tá mír chomhfhreagrais amháin eile ina dhiaidh sin, is é Uimh. F111, dar dáta 22 Feabhra 2021, áit a thugtar freagra don chomhfhreagras a chuireamar chuig an gCeann Comhairle dar dáta 27 Eanáir 2021 agus an ceann eile nuair a d’aithníomar an fhadhb a bhí acu. Is é seo an ceann dar dáta an 10 Feabhra 2021 maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla agus Buan-Orduithe na Dála a bhaineann le dícheadú leasuithe. Tá an litir seo cuibheasach fada. Is é an rud a bhí i gceist leis ná freagraí a fháil ar na rudaí a dúirt na Teachtaí Dála linn maidir le litir a scríobh chuig an gCeann Comhairle faoi na leasuithe a bhí dícheadaithe agus ag iarraidh go bhféachfadh an Ceann Comhairle an athuair ar na leasuithe sin. Is féidir linn déileáil leis an ngnó seo inniu nó ag tús an chéad chruinniú eile. Tá an freagra seo dírithe ar an roghchoiste seachas ar an gcoiste iomlán. Táim faoi stiúir na mball anseo faoin gcinneadh sin agus níl a fhios agam an bhfuil sé léite ag daoine. Tá a fhios agam nach bhfuil sé léite ag an Teachta Calleary.

Níl ach beagán spáis againn inniu chun déileáil leis an mBille agus dá réir b’fhéidir go ndéanfaimid staidéar ar an gcomhfhreagras ag an gcruinniú amárach. Tá sé tábhachtach do na daoine eile freisin agus beidh seans ansin ag gach duine de bhallraíocht an choiste a bheith páirteach sa phlé ar an bhfreagra seo.

B’fhéidir go bhféadfaimis déileáil leis amárach.

An bhfuil tuairim ag aon duine eile?

Aontaím leis sin mar go mbeidh an t-am srianta inniu chun díriú ar an mBille agus beimid ábalta filleadh ar an gceist seo.

Beidh cruinniú againn amárach chun déileáil le mórán ábhar comhfhreagrais eile agus is féidir linn díriú isteach ar an mír chomhfhreagrais seo ansin. Molaim don choiste é a léamh roimh ré. Uaireanta, bíonn comhfhreagras againn agus ní bhíonn gach duine tar éis é a léamh. Tá sé seo tábhachtach ó thaobh na hoibre seo, is é sin sa chaoi nach mbeimid ag teacht siar agus ar ais chuige. An aontaíonn an coiste go ndéileálfaimid leis amárach? Tá sé sin aontaithe, mar sin.

An bhfuil an cruinniú sin ar siúl ar 4 a chlog amárach?

Tá sé ar siúl ar 4 a chlog.

Top
Share