Skip to main content
Normal View

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Tuesday, 9 Mar 2021

Gnó an Roghchoiste

Leanfar an seisiún seo den chruinniú ar feadh dhá uair an chloig. Cuirfear an cruinniú ar athló ag an am sin. Cuirim fáilte roimh Phríomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit atá freagrach as an nGaeltacht, as an spórt agus as an gcosaint, an Teachta Chambers, agus roimh a oifigigh, Aodhán Mac Cormaic agus Micheál Ó Conaire. Is comhalta ex officio den roghchoiste é an tAire Stáit agus, mar sin, cuirfear san áireamh é i gcomhair an chóraim agus an liosta vótála. Tá leithscéal faighte againn ón Teachta O'Dowd.

Ag deireadh an chruinnithe dheireanaigh, bhíomar ag críochnú le leasú Uimh. 97 agus bhí mé tar éis vóta a fhógairt. Sula rachaimid ar aghaidh leis sin, luafaidh mé go bhfuil litir faighte againn ón gCeann Comhairle maidir leis na leasuithe a dícheadaíodh de thairbhe muirir ar ioncam an Stáit agus iad a dícheadaíodh toisc nach raibh siad ag luí le scóip an Bhille. Ina litir chugainn, tharraing an Ceann Comhairle aird ar Bhuan-Ordú 187(2). Deir sé gur féidir leis an Aire Stáit, faoin mBuan-Ordú seo, scóip an Bhille a leathnú. Bhí muid den tuairim go bhfeádfadh an tAire Stáit féachaint ar na leasuithe atá as ord toisc nach bhfuil siad ag luí le scóip an Bhille agus cinneadh a dhéanamh an bhfuil sé sásta scóip an Bhille a leathnú chun iad a thógáil san áireamh. Fágfaidh mé é sin leis an Aire Stáit. Is féidir leis teacht ar ais chugainn inniu nó ag an gcéad chruinniú eile.

Ní bhfuair mé aon litir ón roghchoiste faoina thuairimí. Táimid anseo arís inniu agus tá dhá uair an chloig againn chun leasuithe a phlé. Ba mhaith liom dul ar aghaidh leis na leasuithe atá os ár gcomhair inniu. Beidh deis ag an gCathaoirleach agus a pháirtí a gcuid leasuithe a thabhairt don Cheann Comhairle roimh Chéim na Tuarascála. Níl pobal na Gaeltachta sásta go bhfuil plé ar an mBille seo ag dul ar aghaidh chomh mall sin. Tá siad ag fanacht ar an mBille seo. Tá sé an-tábhachtach go leanfaimid ar aghaidh inniu. Ba mhaith liom na leasuithe a phlé. Mar is eol don Chathaoirleach, táim an-oscailte do phlé ar na leasuithe. Tá sé an-tábhachtach go leanfaimid ar aghaidh.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Ní sin an cheist really. Bhí muid ag iarraidh go bhféachfadh sé ar scóip an Bhille a leathnú. Measaim go bhfuil 20 leasú ann a ndeirtear nach laistigh de scóip an Bhille iad. Tuigim an tAire Stáit agus táim sásta go bhfuil muid tar éis díospóireacht a dhéanamh ar leasuithe atá dícheadaithe. Is bealach é seo inar féidir iad a bheith ceadaithe. Mura ndéanfar é sin, beidh na leasuithe sin as ord arís má chuireann mé féin ná Teachtaí ó pháirtí an Aire Stáit arís iad. Ar a laghad, má fhéachann an tAire Stáit ar an gceist seo roimh Chéim na Tuarascála b'fhéidir go mbeadh siad ceadaithe. Níl siad ceadaithe faoi láthair nó is é sin an treoir ar tugadh dúinn. Is féidir linn plé a dhéanamh orthu ach bheadh sé níos fearr dá mbeadh siad ceadaithe agus dá mbeadh tuairim ag an Aire Stáit orthu. Luaigh an Ceann Comhairle gur faoin Aire Stáit é scóip an Bhille a leasú ach níl baint aige sin leis na leasuithe eile. Glacaimid leis an méid atá ráite ag an gCeann Comhairle, is é sin go bhfuil a lán de na leasuithe as ord toisc mhuirir ar an ioncam. Níl an tarna rogha againn faoi sin ag an staid seo. Níl muid chun é sin a bhrú.

Táim i lámha an Chathaoirligh maidir leis sin. Ní fheadar an mbaineann sé sin leis an gcuid seo den díospóireacht. Bhí díospóireacht againn agus muid ag plé leasú Uimh. 4. Ba leasú ar Theideal Fada an phríomh-Achta é. Agus muid ag plé an leasaithe sin, dúradh linn nach gá leis, cé go leathnódh sé scóip an Bhille. Ní fheadar an bhfuil baint ag an bpíosa díospóireachta sin leis an gceist atá á cur ar an Aire Stáit ag an gCathaoirleach. Bhí díospóireacht againn maidir le scóip an Bhille a leathnú amach cheana féin ar an gcéad lá de phlé ar Chéim an Choiste. Ní fheadar an mbaineann sé sin leis an rud atá á phlé ag an gCathaoirleach inniu.

Is ábhartha é ach ní raibh muid tar éis féachaint ar na leasuithe eile. Cuireadh an leasú isteach sular rinneadh dícheadú ar roinnt leasuithe eile toisc nach raibh siad laistigh de scóip an Bhille. Níl mise ag iarraidh moill a chur air seo in aon chor. Táim sásta suí anseo gach uile lá an tseachtain seo chugainn chun déileáil leis seo. Rinneadh iarratas ar chruinnithe an tseachtain seo chugainn chun cuidiú linn plé ar an mBille seo a chríochnú. Ní bhfuair muid freagra nó cead go dtí seo. Táimid tar éis iarratas ar chead dhá chruinniú a reáchtáil seachtain ón Máirt seo chugainn. Bheadh cruinniú againn ar 12.30 p.m. agus ceann eile ag 6.30 p.m. Bheadh dhá cheann againn ar an lá ar a reáchtáiltear cruinnithe coiste chun cuidiú linn dul trí na leasuithe atá ann agus tríd an mBille féin. Mura bhfuil aon rud eile le rá, leanfaimid ar aghaidh.

Top
Share