Skip to main content
Normal View

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Friday, 16 Apr 2021

Gnó an Roghchoiste

Leanfaidh an seisiún seo den chruinniú ar aghaidh go dtí 2.30 p.m. agus cuirfear ar fionraí é ag an am sin. Tiocfaimid le chéile arís i gcomhair an dara seisiún ag 3.30 p.m. agus leanfaidh an seisiún sin ar aghaidh go dtí 5.30 p.m. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Cuirim fáilte roimh Phríomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit atá freagrach as an nGaeltacht, spórt agus cosaint, an Teachta Chambers, agus a oifigigh, Aodhán Mac Cormaic agus Micheál Ó Conaire. Is comhalta ex officio den roghchoiste é an tAire Stáit agus mar sin cuirfear san áireamh é i gcomhair an chóraim agus an liosta vótála. Gabhaim buíochas leis as a bheith i láthair.

Níl aon leithscéal faighte agam.

Meabhraím do chomhaltaí an gá cloí leis an achar sóisialta 2 m le linn an chruinnithe seo. Iarraim ar Theachtaí gan suí in aon suíochán ach amháin iad siúd atá curtha ar fáil dúinn. Mura gcloímid leis an riail seo cuirfimid isteach ar éifeacht na gcórais craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Chomh maith leis sin, iarraim ar Theachtaí a ngutháin a mhúchadh.

Top
Share