Skip to main content
Normal View

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Wednesday, 7 Jul 2021

Vóta 33 - An Ghaeltacht (Athbhreithnithe)

Ní bhfuair muid leithscéal ach ón Teachta Ó Cathasaigh. Táimid anseo chun ár mbreithniú a dhéanamh ar Tuilleadh Meastacháin Athbhreithnithe le haghaidh seirbhísí poiblí 2021: Vóta 33, Clár C, Gaeltacht — Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán. Leanfaidh an seisiún seo ar aghaidh go dtí 5 p.m. más gá agus ar an am sin cuirfear ar fionraí é.

Cuirim fáilte roimh Phríomh-Aoire an Rialtais agus an Aire Stáit don Ghaeltacht, spórt agus cosaint, an Teachta Chambers, agus a oifigigh: Katherine Licken, Ard-Rúnaí; Aodhán MacCormaic, stiúrthóir na Gaeilge; agus Joe Healy, oifigeach airgeadais. Is comhalta ex officio den roghchoiste é an tAire Stáit agus mar sin cuirfear san áireamh é i gcomhair an chóraim agus an liosta vótála.

Is mian liom meabhrú do bhaill go gcaithfidh siad cloí leis an scaradh sóisialta le linn an chruinnithe agus a chinntiú go bhfuil na gutháin soghluaiste múchta.

Gabhaim buíochas le baill an choiste as an gcuireadh a thug siad dom teacht os a gcomhair inniu chun Meastachán mo Roinne don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a phlé. Níl aon amhras ann ach go raibh dúshlán faoi leith bainteach leis an tréimhse ó thús 2020 mar gheall ar Covid-19. Fearacht gach réimse eile den saol, d’imir an phaindéim tionchar suntasach ar ábaltacht gach eagraíocht Gaeilge agus Gaeltachta a gcion a dhéanamh chun a gcláir oibre trí chéile ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta a choinneáil ag imeacht. Aimsíodh bealaí agus seifteanna nua malartacha chun rudaí a dhéanamh le 15 mhí anuas. Ba é spiorad na meithle a bhí ag croílár an scéil agus is údar misnigh agus sásaimh é gur éirigh le páirtithe leasmhara, le cúnamh mo Roinne agus forais ábhartha eile Stáit, dul i ngleic le móramh mór na ndeacrachtaí a tháinig chun cinn go dtí seo de thoradh Covid-19.

Mar is eol don choiste, léiríonn An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an plean gníomhaíochta don Ghaeilge in éindí léi polasaí an Stáit don Ghaeilge agus do na ceantair Ghaeltachta. Tá úinéireacht tras-Rialtais ag an straitéis agus ag an bplean gníomhaíochta agus, dá réir sin, tá de chúram ar Ranna, ar fhorais agus ar eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta an plean a chur i bhfeidhm. Tá de chúram ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an plean a chomhordú agus a chur i bhfeidhm. Léiríonn an plean gníomhaíochta agus an chéad tuarascáil bhliantúil ar a dhul chun cinn a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2020 na 180 gníomh atá á bhforbairt ag thart ar 60 páirtí leasmhar chun tacú leis an teanga agus leis na ceantair Ghaeltachta. Foilseofar an chéad tuarascáil bhliantúil i gceann cúpla seachtain.

Gan amhras, tá sé dúshlánach feidhmiú le linn na paindéime le bliain anuas, agus chuaigh sé i bhfeidhm ar sholáthar tacaíochtaí i réimse na Gaeilge agus gnóthaí Gaeltachta. Mar sin féin, tá dul chun cinn suntasach déanta. Léireofar sa dara tuarascáil, a fhoilseofar go luath agus a chlúdaíonn an tréimhse ó mhí Iúil 2019 go mí na Nollag 2020, nuair a bheidh sé ceadaithe ag an Rialtas, an dul chun cinn atá déanta sa tréimhse sin, in ainneoin na ndúshlán reatha a chuireann an phaindéim romhainn.

Ba mhaith liom aird a dhíriú ar an leithdháileadh breise Státchiste, arbh fhiú €14.8 milliún, ar an méid a bhí i gcáinaisnéis 2021 d’earnálacha na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá seo chun tacú leis an teanga agus leis na ceantair Ghaeltachta, go mór mór i gcomhthéacs chur i bhfeidhm leanúnach an phróisis phleanála teanga agus an pholasaí maidir le hoideachas Gaeltachta, a bhfuil an Roinn Oideachais i gceannas air. Mar thoradh ar an leithdháileadh breise seo, tá níos mó ná €78 milliún maoiniú san iomlán curtha ar fáil chun tacú leis an nGaeilge trí mo Roinnse amháin i mbliana.

B’iontach an rud é don dá Rialtas agus na páirtithe polaitiúla sa Tuaisceart teacht ar an gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua anuraidh. Faoin gcomhaontú sin, leagtar amach ár dtosaíochtaí roinnte maidir le sláinte, oideachas, bonneagar, leasa an phobail, teanga agus cultúir, agus é mar aidhm teacht i dtír ar na ceisteanna is tábhachtaí do phobal an Tuaiscirt. Is ceist ríthábhachtach í an teanga do phobal an Tuaiscirt agus beidh an Rialtas seo ag déanamh a dhíchill chun an reachtaíocht teanga atá de dhíth ann a bhrú chun cinn i mbliana.

Ó a ceapadh mé mar Aire Stáit don Ghaeltacht, tá gach deis tapaithe agam laistigh de na srianta Covid-19 chun bualadh leis an iliomad eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta fud fad na tíre. Theastaigh uaim cloisteáil uathu faoina bhfuil ar bun agus beartaithe acu ar leas na Gaeilge, ar leas na Gaeltachta agus ar leas an phobail lena mbaineann siad. I measc na nithe is suntasaí a baineadh amach le linn mo chéad bhliana mar Aire Stáit, tá an méid seo a leanas. Rinneadh dul chun cinn suntasach le cur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga mar a bhaineann sé leis na ceantair Ghaeltachta, le bailte seirbhíse agus le líonraí Gaeilge, mar a dhéantar iad a shainiú in Acht na Gaeltachta, 2012. Cuireadh pacáiste maoinithe de bheagnach €1.5 milliún ar fáil do Thuismitheoirí na Gaeltachta chun an Ghaeilge a fhorbairt i measc theaghlaigh óga na Gaeltachta. Cheadaigh an Rialtas maoiniú breise don Ghaeltacht mar chuid den phacáiste spreagtha post i mí Iúil 2020, ina raibh soláthar caipitil €8 milliún breise d'Údarás na Gaeltachta in 2020 chun uasghrádú riachtanach a dhéanamh ar a stoc foirgneamh agus ar a chórais chóireála uisce. Tá Bille teanga nua críochnaithe ar Chéim an Choiste sa Dáil chomh maith, dár ndóigh.

Agus muid ag breathnú chun tosaigh, is gá dúinn ar fad a aithint go bhfuil údar suntasach dóchais ann. Dá dheacra agus dá dhúshlánaí an ré ina bhfuilimid ar fad ag maireachtáil, tá dóchas os ár gcomhair amach ag bun na spéire. Is údar misnigh agus dóchais dom an méid atá bainte amach. Ach an oiread leis an Aire, an Teachta Catherine Martin, táim ag súil go mór le bheith ag leanúint orm ag obair le gach páirtí leasmhar san achar ama atá romhainn chun cur lena bhfuil bainte amach go dáta ar leas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge araon.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Feicim sa faisnéis go bhfuil caiteachas caipitiúil €16 milliún nár caitheadh in 2020. Tá airgead sa bhreis ag an Aire Stáit don bhliain seo chugainn mar sin. Beidh Raidió na Gaeltachta 50 bliain ar an bhfód an bliain seo chugainn. B'fhéidir go dtabharfaidh an tAire Stáit airgead sa bhreis dó chun an ról cultúrtha agus sa nuacht s'aige a dheimhniú. Ansin b'fhéidir go mbeadh Raidió na Gaeltachta in ann daoine eile a thabhairt isteach sa foireann chun freastail ar an sceideal nuacht 24-7 atá aige.

Chomh maith leis sin, má tá níos mó airgead ag an Aire Stáit, d'fhéadfaí scéim labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais nó cúiteamh a thabhairt do na coláistí samhraidh, na hallaí pobail agus na mná tí. D'fhéadfaí scoláireacht a thabhairt do státseirbhísigh chun am a chaitheamh ag foghlaim Gaeilge sa Ghaeltacht dá dtabharfaí an scéim sin ar ais nuair a bheidh Covid thart.

Beimid ag caint faoi na hábhair seo an tseachtain seo chugainn leis an gcoiste eile. Seolfaidh muid nóta chuig an Teachta maidir le ceisteanna Raidió na Gaeltachta agus a leithéid. Subhead difriúil atá ann, seachas Clár C agus an Ghaeltacht.

B'fhéidir go mbeidh an tAire sa choiste an tseachtain seo chugainn.

Beidh deis ag an Teachta é a phlé leis an Aire. Tá freagracht aici ar chúrsaí meáin agus ceisteanna mar sin. Beidh sí sásta é sin a phlé an tseachtain seo chugainn ach táimid anseo chun subhead C a phlé inniu.

Luaigh an Teachta na coláistí samhraidh. Bhí dúshlán mór ann an bliain seo agus an bliain seo caite. Bhí cruinniú agam leis na mná tí, le Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, agus leis na hallaí pobal agus bhí sé sin an-tábhachtach chun an t-ábhar seo a phlé agus chun a chloisteáil faoi na dúshláin. Tá an-áthas orm a fhógairt inniu go bhfuil ciste ar fiú €2.2 milliún bunaithe chun teacht i gcabhair ar na 700 teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na gcoláistí samhraidh. Tá an ciste seo curtha ar fáil de thoradh cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht a bheith curtha ar ceal don dara samhradh as a chéile mar gheall ar Covid-19.

Tar éis an deis a bheith agam éisteacht go cúramach le hionadaíocht lucht lóistín an chórais agus na páirtithe leasmhara eile, is maith a thuigim na dúshláin ar leith atá roimh na pobail Ghaeltachta de bharr nach bhfuil na coláistí Gaeilge in ann feidhmiú don dara bhliain as a chéile de dheasca na paindéime. Os rud é gurb é seo an dara bliain as a chéile arbh éigean do chóras na gcoláistí Gaeilge a chur ar ceal, tá ardú 20% thairis an méid a íocadh le teaghlaigh na scéime faoin gciste a bunaíodh in 2020. De thoradh seo, is ionann ardú 20% agus €5 a chur ar fáil seachas an €4 a cuireadh ar fáil anuraidh. Ardú 20% ar an méid a fuair na mná tí an bhliain seo caite atá ann. Táim sásta é sin a fhógairt inniu agus táimid i dteagmháil le CONCOS agus leis na hallaí pobail chun pacáiste eile a aontú chomh luath agus is féidir.

Sin fógra atá déanta ag an Aire Stáit anois díreach maidir leis na mná tí, an ea? An rud nua é sin? Bhíomar ag fanacht le cinneadh.

Sin cuid den réiteach. Níl aon réiteach fós maidir le CONCOS agus maidir leis na coláistí samhraidh nó na hallaí pobail, an bhfuil? Ba mhaith liom soiléiriú a fháil air sin. B'fhéidir go bhfuil míthuiscint ann ar mo thaoibhse but an bhfuil aon chinneadh déanta fós maidir leis na hallaí pobail nó na coláistí samhraidh?

Táim sásta na ceisteanna sin a fhreagairt. Is fiú dom a lua go raibh, ar a laghad, ocht gcruinniú idir an Roinn agus CONCOS le hocht mí anuas agus plé á dhéanamh againn maidir le Covid-19 agus cúrsaí an tsamhraidh seo. Chuir CONCOS a chuid moltaí faoi bhráid na Roinne agus le mí anuas bhí dhá chruinniú ag feidhmeannaigh na Roinne le hionadaithe ó CONCOS chun na moltaí sin a phlé. Reáchtáladh cruinniú chomh maith le grúpa ionadaíocht na hallaí pobail Ghaeltachta a bhaineann na coláistí samhraidh leas astu. Tá obair idir lámha ag an Roinn i gcomhar le páirtithe leasmhara chun teacht i gcabhair le ciste cobhsaithe do lucht stiúrtha na gcoláistí samhraidh agus na hallaí pobail atá thíos leis mar gheall ar chúrsaí Gaeilge an tsamhraidh a bheith curtha ar ceal.

Tá muinín agam gur féidir teacht ar réiteach sna seachtainí atá romhainn a chinnteoidh go mbeidh teacht aniar ann don earnáil thábhachtach seo ionas go mbeidh sí in ann leanúint ar aghaidh in 2022 agus sna blianta amach romhainn.

Déanfaidh mé mo dhícheall cúpla ceist a chur. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil moill ar an gcinneadh sin. Tá taithí ag an Roinn ón mbliain seo caite so cén fáth an bhfuil siad fós gan eolas? Tá a fhios againn cé chomh tábhachtach is atá na coláistí samhraidh agus na hallaí pobail, so cén fáth nach bhfuil réiteach air seo? Cén fáth go bhfuil sé seo fós á phlé againn i rith an tsamhraidh? Beidh an Dáil críochnaithe an tseachtain seo chugainn. Tá soiléiriú de shaghas éigin tugtha ag an Aire Stáit ach níl mé sásta leis sin.

Maidir leis an gcaiteachas, cén fáth nach bhfuil airgead caite? Tuigim go dtarlaíonn rudaí agus bhí Covid ann ach cad iad na tograí atá thíos? An bhfuil tuilleadh soiléirithe le fáil inniu maidir leis na tograí nach ndeachaigh chun cinn? Níl a fhios agam cén fáth nach ndeachaigh ach tá airgead ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhliain eile. Cén fáth? An é seo an chéad uair a tháinig na Meastacháin os comhair an choiste seo?

Is rud dearfach é sin. Is céim iontach agus céim dhearfach atá ann. Amach anseo, beidh muid in ann na sonraí a phlé chuile bhliain roimh agus tar éis na Meastacháin.

Beidh. Sin an cinneadh nua a ghlac muid nuair a fuair muid seilbh ar an gcoiste.

Fair play don Chathaoirleach. Tá sé sin go maith. Nuair atá airgead ag an Roinn agus comharchumainn agus eagraíochtaí éagsúla ar an talamh ag streachailt, ní thuigim cén fáth nach féidir athrú meoin a bheith ann agus airgead a thabhairt amach laistigh de na rialacha. Tuigim go bhfuil rialacha ann.

Luaigh an Teachta Daly scéim labhairt na Gaeilge. An bhfuil athbhreithniú ar siúl ó thaobh na scéime sin? Baineann an t-ábhar seo leis an Roinn agus leis an nGaeltacht. An raibh athbhreithniú i gceist? Tuigim gur cuireadh deireadh leis an scéim de bharr cúrsaí eacnamaíochta ag an am. Chomh maith leis sin, bhí locht ar an scéim mar go raibh sí dírithe isteach ar ghasúir sé bliana seachas ar na haoiseanna níos óige. Scéim fhiúntach a bhí ann, de réir an méid eolais atá agamsa. B’fhéidir go bhfuil mé mícheart. An bhfuil athbhreithniú ar siúl nó i gceist?

An dtagann TG4 laistigh den chomhrá seo? An féidir liom TG4 a ardú anois?

Ní fheicim ar an liosta é. Seo clár C den Roinn. Tagann TG4 faoin Roinn.

Beidh muid ag déileáil leis an tseachtain seo chugainn mar chuid de chlár eile sa Roinn.

Glacaim leis sin. Tá an aighneacht a chur TG4 isteach léite go sciobtha agam. Is fiú í a léamh. Beidh mise ag dul ar ais agus á léamh. Bréag a bheadh i gceist dá ndéarfainn go raibh sí léite agam ina iomlán, mar níl. Is aighneacht faoi leith an aighneacht seo maidir le Gaeilge, na meáin chumarsáide agus ról na Gaeilge sna meáin chumarsáide amach anseo. Ba mhaith liom tuairim an Aire Stáit a fháil faoi sin. B’fhéidir nach bhfuil sí léite fós aige, mar níl sí léite agam ina iomlán, ach iarraim air teacht ar ais agam.

Luaigh an tAire Stáit go raibh Bille na dTeangacha Oifigiúla críochnaithe. B’fhéidir go bhféadfadh sé soiléiriú a thabhairt dúinn maidir leis sin. Deir a ráiteas tosaigh, “Tá Bille teanga nua críochnaithe ar Chéim an Choiste sa Dáil chomh maith, dár ndóigh.” Ní leor é sin. Rinne an coiste seo a lán oibre ar an mBille sin. Bhí an tAire Stáit mífhoighneach ó thaobh ráta na hoibre sin ach rinneamar ár ndícheall. Anois tá deireadh na Dála ag druidim linn agus níl tásc ná tuairisc ar an mBille. Ag an bpointe seo, níor mhaith liom an Bille a bheith curtha ar an gclár oibre don tseachtain seo chugainn mar ní bheidh a dhóthain ama againn chun é a phlé agus ní féidir glacadh le gilitín. An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit é a chur os comhair na Dála an tseachtain seo chugainn? Níl a fhios agam faoi na Teachtaí eile ach bheinn iomlán míshásta le cinneadh mar sin. Ní chóir é a bhrú os comhair na Dála ag deireadh an tsamhraidh, in ainneoin go bhfuil brú curtha go mion minic agam ar an mBille. Tá gá le díospóireacht cheart ó thaobh an Bhille de. B’fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann soiléiriú a thabhairt dom faoi na rudaí eile a d’ardaigh mé.

Maidir leis an mbuiséad, tarlaíonn sé sin gach bliain ag deireadh na bliana. Bíonn fógraí mall agus rudaí eile níos tapúla. Tarlaíonn sé sin i nach Roinn Stáit. Táimid ag iarraidh gach rud a dhéanamh chun na polasaithe a chur i bhfeidhm agus chun rudaí a thosú, ach mar a dúirt mé, tarlaíonn sé sin gach bliain i ngach Roinn. Bhí mé thíos i gcontae an Teachta agus i gcontaetha eile. Táimid ag iarraidh gach rud a dhéanamh chun na scéimeanna a thosú agus tacaíocht a thabhairt do phobal na Gaeltachta. Tá sé sin an-tábhachtach.

Níl aon athbhreithniú ar siúl ar scéim labhairt na Gaeilge. Bhí an scéim sin bainteach leis na scéimeanna tithíochta sa Roinn. Tá an scéim dúnta agus níl sé i gceist agam í a thabhairt ar ais.

Maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla, mar a dúirt an Teachta, rinneadh plé cuimsitheach agus fiúntach maidir leis an mBille nuair a tógadh é ar Chéim an Choiste sa Dáil. Pléadh os cionn 300 leasú ar Chéim an Choiste agus glacadh le roinnt leasuithe ón Rialtas. Gealladh le linn na díospóireachta sin go ndéanfaí roinnt mhaith de na leasuithe a mhol an Fhreasúra a mheas sa chaoi is go bhféadfainn moltaí ina leith a thabhairt chun cinn ar Chéim na Tuarascála. Mar is eol do na Teachtaí, tá príomh-fhorálacha an Bhille seo mar a leanas: féachfar leis an mBille cuspóir foriomlán a bhaint amach ionas gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí roimh dheireadh 2030 agus gur trí mheán na Gaeilge a oibreoidh gach oifig phoiblí atá suite i limistéar Gaeltachta. Tá sé i gceist coiste reachtúil, an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun líon na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Tá go leor leasuithe nua á dhéanamh againn. Beidh níos mó ná 30 leasú foilsithe agus tá obair ar bun ag oifigigh na Roinne i gcomhar le hoifigigh an Ard-Aighne agus an dréachtóir parlaiminte maidir leis na leasuithe a thabharfar chun cinn ar Chéim na Tuarascála. Foilseofar na leasuithe sin go luath.

Ba mhaith liom Céim na Tuarascála a thosú an tseachtain seo chugainn ach níl a fhios agam an mbeidh Oifig na mBillí réidh. Feicfimid. Níl an freagra sin agam inniu ach ba mhaith liom an Bille seo a thosú arís an tseachtain seo chugainn. Tuigim go bhfuil go leor leasuithe ag an gCathaoirleach arís.

Ar an ábhar sin, dúirt Oifig na mBillí go raibh spriocdháta amárach i gceist má tá an tAire Stáit ag lorg díospóireacht don tseachtain seo chugainn. Tá sé ortsa-----

Níl sé ar sceideal na hoifige don tseachtain seo chugainn ach má tá sé i gceist, cuirfidh siadsan obair isteach.

Níl a fhios agam go mbeidh Oifig na mBillí réidh ach tá mé i dteagmháil leo.

An bhfuil do leasuithe réidh?

Tá mo leasuithe réidh.

Tá mo chinn réidh chomh maith.

Tá siad réidh agus ba mhaith liom an Chéim a thosú. Ba mhaith le gach duine an Bille a thosú arís. Níl a fhios agam an mbeidh Oifig na mBillí réidh ach tá mo leasuithe réidh.

Ó thaobh an Mheastacháin de, as seo amach bheadh sé ciallmhar agus cabhrach dúinn dá mbeadh briseadh síos ann maidir leis an airgead nach bhfuil caite, na tograí atá beartaithe agus ná fáthanna nach bhfuil an t-airgead sin caite. Bheadh sé sin ciallmhar agus cabhrach.

Ó thaobh an Bhille de, níl aon soiléireacht tugtha ag an Aire Stáit beag ná mór. Níl a fhios agam cad atá á rá aige ó thaobh an Bhille de. Níl leasuithe curtha isteach agam. Bheadh sé dochreidte dá mbeadh orm leasuithe a chur isteach roimh amárach.

Níl aon rud faighte agam agus níl aon rud feicthe agam. Thug an tAire Stáit a bhriathar go dtiocfadh sé ar ais agus go mbeadh sé i dteagmháil linne ó thaobh leasuithe ionas nach mbeadh muid ag cur na céadta isteach arís. Ba chóir go mbeadh na leasuithe a bhí ar intinn ag an Rialtas soiléir dúinn chun an rud a tharla roimhe seo le breis is 300 leasú a sheachaint. Tá súil agam nach é amárach an spriocdháta. Beidh mise sa Dáil go dtí meán oíche anocht so bheadh sé sin dodhéanta amach is amach. Chomh maith leis sin, níl a bhriathar á chomhlíonadh ag an Aire Stáit. Dúirt sé go dtiocfadh sé ar ais againn. Tá an Bille thar a bheith tábhachtach. Ní féidir níos mó a rá.

Clúdaíonn clár C cúrsaí pleanála teanga. Cá bhfuil muid anois ó thaobh an chórais sin? Cé mhéad plean teanga atá faofa? An bhfuil siad go léir faofa anois? Cá bhfuil muid? Tá cúpla figiúr anseo ach tá 26 limistéar pleanála teanga ann. Cé mhéad plean atá faofa, cé mhéad atá maoinithe agus cén uair a bheidh an próiseas críochnaithe ó thaobh na bpleananna de? Níl mé ag caint faoin gcur i bhfeidhm ach na pleananna.

Den 26 limistéar pleanála teanga, tá 22 plean faofa. Tá an Roinn ag déanamh anailís ar thrí phlean eile, siad sin, do na hOileáin Árann, Cléire agus Maigh Eo thiar. Tuigim go bhfuil plean teanga don Ghaeltacht Láir i gContae Dhún na nGall á ullmhú. Tá mé muiníneach go mbeidh na pleananna uile do na limistéir phleanála ar fad faofa roimh dheireadh na bliana. Tá pleananna do cheithre bhaile seirbhíse Gaeltachta faofa go dáta: Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, cathair na Gaillimhe agus an Clochán Liath. Tá mo Roinn ag déanamh anailís ar phlean teanga Thrá Lí faoi láthair chomh maith. Tá an próiseas chun pleananna teanga a chur le chéile idir lámha i nDún Garbhán, Cathair Saidhbhín, Béal an Mhuirthead, An Clochán agus cathair Chorcaí. Anuas ar an méid sin, tá an plean teanga do na trí líonra Gaeilge atá aitheanta go dáta faoin bpróiseas ceadaithe. Sin Baile Lochs Riach, Inis agus Cluain Dolcáin. Tá 19 oifigeach pleanála teanga agus ceithre oifigeach cúnta pleanála teanga fostaithe ag cur pleananna i bhfeidhm go dtí seo. Tá ardú curtha ar fáil sa soláthar airgeadais bliain i ndiaidh bliana ó thosaigh an próiseas seacht mbliana ó shin.

Mar a bhaineann sé le cúrsaí maoinithe don bhliain reatha, tá €5 milliún curtha ar fáil don phróiseas seo. Is ionann sin agus ardú €1.3 milliún thar an gciste a bhí ar fáil anuraidh. As an mbuiséad sin, bhí sé ar mo chumas le deireanaí maoiniú €3.4 milliún a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge chun cuidiú leo an próiseas a chur i bhfeidhm sa bhliain reatha. Bainfear leas as an gciste sin chun go mbeidh ceann-eagraíochtaí pleanála teanga in ann coinneáil orthu ag feidhmiú nó ag ullmhú pleananna, ag brath ar an staid reatha áitiúil. Ina theannta sin ar fad, baintear leas as an gciste pleanála chun roinnt bearta a chur ar siúl ar bhonn lárnach, go háirithe i réimse na luath-bhlianta, an teaghlach agus na healaíne teanga-bhunaithe. Sa chomhthéacs sin, is fiú a lua gur cheadaigh mé ciste €1.6 milliún thar trí bliana le go mbeidh an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta in ann cur go céimiúil lena chuid oibre, i gcomhar leis na hoifigigh phleanála teanga agus páirtithe leasmhara eile.

Ar bhonn níos leithne, beidh treoirlínte á eisiúint ag an Roinn Oideachais le gairid chuig scoileanna Gaeltachta atá páirteach i bhfeidhmiú an pholasaí don oideachas Gaeltachta, rud atá faoi stiúir na Roinne sin, le scoileanna Gaeltachta a chur ar an eolas faoi conas a d’fhéadfadh siad cur le forfheidhmiú an próiseas pleanála teanga. Bhí ionchur suntasach ag feidhmeannaigh mo Roinne agus Údarás na Gaeltachta san ábhar sin. Beifear ag súil go gcabhróidh na treoirlínte sin leis na hoifigigh phleanála teanga atá i mbun feidhmiú pleananna teanga chun comhpháirtíocht a chothú le scoileanna áitiúla, agus vice versa, ar mhaithe le bheith in ann rudaí praiticiúla a dhéanamh ar an talamh. Cuirfidh na treoirlínte san áireamh go bhfuil feidhmiú rathúil an próiseas pleanála teanga agus an polasaí don oideachas Gaeltachta fite fuaite le chéile. Níos mó a aithnítear é sin, is bisiúla a bheidh iarrachtaí gach aon duine ar son chuspóir chomónta, sé sin, leas na Gaeilge mar theanga pobal sa Ghaeltacht.

Maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil trí bliana na pleananna teanga atá ceadaithe faoin bpróiseas, ba ghá an t-athbhreithniú sin a chur siar beagán mar gheall ar Covid-19 agus rinne an Roinn Oideachais é seo maidir le scéim aitheantais na scoileanna Gaeltachta. Fógrófar an cinneadh críochnúil go h-an luath.

Tá fáilte roimh an Aire Stáit. Baineann mo chéad cheist leis an gCoimisinéir Teanga. Tá sé ag fáil €887,000 i mbliana. An mbeidh an tAire Stáit ag cuardach ardú don bhliain seo chugainn? Má thagann an reachtaíocht teanga tríd, agus tá mé muiníneach go dtiocfaidh, beidh cúram i bhfad níos mó ar an gCoimisinéir Teanga. An mbeidh breis foirne agus breis airgid á lorg don choimisinéir?

Idir Údarás na Gaeltachta agus an Roinn, cé mhéad atá á chaitheamh ar oideachas tríú leibhéal, nó oideachas ollscoile, trí Ghaeilge? An bhfuil plé ar bun idir an Roinn, an Higher Education Authority, HEA, agus an tAire, an Teachta Harris, maidir le maoiniú ceart a fháil le haghaidh oideachas tríú leibhéal i nGaeilge? Níl mé ag caint ar mhúineadh na Gaeilge ach ar oideachas trí Ghaeilge. Tuigim go bhfuil ionchur ag an dá Roinn san earnáil sin ó thaobh airgid de.

Ó thaobh tacaíochtaí teanga Ghaeltachta, tá sé spéisiúil go bhfuil airgead reatha de €5.6 milliúin ar fáil. Is airgead tacaíochta teanga dhíreach an chuid is mó de sin. Is finscéal é go gcaitear an t-uafás airgid ar an nGaeilge. Ta €2 milliún anseo le haghaidh cúrsaí caipitil. Ó tharla go bhfuil an tAire Stáit freagrach as spórt agus an Ghaeltacht, an raibh aon phlé aige leis féin maidir le dul siar ar an gcóras? Cheana, má bhí daoine sa Ghaeltacht rinne siad plé le Roinn na Gaeltachta faoi airgead do shaoráidí spóirt agus má bhí siad taobh amuigh de, rinne siad plé tríd an sports capital grant. Bhí buntáiste leis sin mar ní raibh ar na cumainn Ghaeltachta dul ó philéar go post ag iarraidh airgid. Bhí a fhios acu cárbh as a bhí an t-airgead ag teacht agus d’ardaigh siad an t-airgead i gcónaí, seachas a bheith sa chrannchur gur ionann é agus an scéim eile.

Maidir le comhoibriú tras-Teorainn, de réir mar a thuigim tá dhá eagraíocht i gceist, Foras na Gaeilge agus an Bord Ultais. Is eagraíocht amháin í an Foras Teanga ach tá dhá chois fúithi. Cé mhéad a íoctar le Foras na Gaeilge agus cé mhéad a íoctar leis an mBord Ultais? An raibh plé ag an Roinn ar chor ar bith leis na húdaráis ó Thuaidh maidir le cur lena sciar féin den airgead le haghaidh Foras na Gaeilge? De réir mar a thuigim, agus más buan mo chuimhne, cuireann an Roinn €3 isteach do chuile €1 a chuireann siadsan isteach. Glacaim leis go mbeidh an tAire Stáit in ann deimhniú a thabhairt don choiste inniu go cuma cé mhéad airgead a chuirtear ar fáil ó Thuaidh don Bhord Ultais ó tharla nach gcaithfidh seisean ach an cheathrú chuid den airgead sin a churtear ar fáil, is é sin, €3 in aghaidh €1. An gcuirfidh an Roinn a sciar féin ar fáil agus an mbeidh sí flaithiúil má tá siadsan sásta an t-airgead a chur ar fáil? Ní bhíonn ach méid an-bheag airgid i gceist, más buan mo chuimhne.

Ó thaobh na gcoláistí Gaeilge, fáiltím roimh an méid d’fhógair an tAire Stáit inniu. Táim cinnte go mbeidh na mná tí sásta leis an ardú. Is faoiseamh dóibh é.

B’fhearr leo go mbeadh na scoláirí acu ach is faoiseamh agus cúnamh é. Ba mhaith liom é sin a chur ar an taifead. Mar a luaigh an Teachta Ní Chonghaile, tá sé deireanach sa bhliain anois. Tá sé thar a bheith tábhachtach anois go bhfógrófar go fíor-luath cén cúiteamh a bheidh le fáil ag na coláistí iad féin mar is gearr go mbeidh siad ag réiteach don bhliain seo chugainn. Tosaíonn earcaíocht na gcoláistí i Meán Fómhair, agus go minic críochnaíonn sé i Meán Fómhair mar bíonn siad lán. Cén cúnamh a bheidh ar fáil do na hallaí pobail?

Maidir leis na scéimeanna feabhsúcháin, tuigim go gcaitheann an Roinn an t-airgead faoi láthair ar shaoráidí pobail, ar chaithimh aimsire, ar choláistí Gaeilge agus ar rudaí mar sin. Ba caillteanas ollmhór don Ghaeltacht a bhí ann nuair a cuireadh deireadh leis na feabhsúcháin eile a bhíodh ar bun. Ba cheart smaoineamh go láidir ar an scéim feabhsúcháin Ghaeltachta a thabhairt ar ais mar a bhí sí.

Maidir leis an gCoimisinéir Teanga, déanfar é sin a phlé mar chuid de na Meastacháin do 2022. Tá a fhios agam go mbeidh éileamh ar oifig an choimisinéara agus déanfaimid gach iarracht freastal air sin. Tá súil agam go mbeidh an Bille nua críochnaithe agus beidh níos mó rudaí á dhéanamh nuair a bheidh an Bille achtaithe an bhliain seo chugainn.

Maidir leis na hollscoileanna, íocadh €1,214,907 i leith oideachais tríú leibhéal le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaillimh. Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoi oibleagáid ag an Rialtas faoi fhorálacha alt 3 d’Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú), 2006 le clár tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a fhorbairt agus a sholáthar. Cuireann an t-acadamh cúrsaí ar fáil ar champas na hollscoile agus i dtrí ionad sa Ghaeltacht, sa Cheathrú Rua, i nGaoth Dobhair agus i gCarna. Ina theannta sin, ritear réimse cúrsaí ag leibhéil éagsúla cáilíochta faoi scáth an acadaimh ar champas na hollscoile féin sa chathair trí mheán na Gaeilge.

Tá soláthar cohórt daoine cáilithe le scileanna Gaeilge le freastal ar riachtanais earcaíochta an Aontais Eorpach á bhaint amach tríd an tionscnamh um ardscileanna Gaeilge. Soláthraíonn an Roinn maoiniú le 12 cúrsa Gaeilge tríú leibhéal speisialta i réimsí mar aistriúcháin, léirmhíniú agus dlí. Bunaíodh an ciste tríú leibhéal thar lear in 2006 chun teagasc na Gaeilge a chur chun cinn in institiúid thríú leibhéal i dtíortha eile. Is iad aidhmeanna an chiste an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach i gcoitinne a spreagadh agus a chothú trasna na hEorpa, sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada agus níos faide i gcéin. Tríd an tionscnamh seo, cruthaítear ardán don Ghaeilge trínar féidir eolas a chur ar fáil ar bhonn idirnáisiúnta.

Íocadh €210,469 ar bhearta spóirt, briste síos mar a leanas: €100,564 do Chomhairle Chonnacht le scéim clár na gcluichí Gaelacha Cúige Chonnacht; €40,084 do Chomhairle na Mumhan i leith scéim na gcluichí Gaeilge i gCúige Mumhan; agus €69,821 do Mhuintearas i leith a chlár aclaíochta. Ceadaíodh €347,469 do chlár na gcluichí Gaelacha sa bhliain 2019 chun an clár a reáchtáil ar feadh trí bliana. Tá an clár seo á reáchtáil ó 1993 i nGaeltacht na Gaillimhe agus tá sé faoi chúram an chomhairle ó 2005. Scileanna peile, iománaíocht agus liathróid láimhe a bhíonn i dteagasc ag na scoileanna. Is é an aidhm atá ann ná an teanga a chothú agus a chur chun cinn, chomh maith le scileanna spóirt a fhorbairt.

Maidir le coláistí samhraidh-----

An dtugann sibh deontais chaipitil spóirt?

Cé mhéad a íoctar orthu sin?

Seolfaidh mé nóta chuig an Teachta leis an eolas sin.

Mar a dúirt mé leis na Teachtaí eile, tá comhoibriú an-tábhachtach idir na coláistí samhraidh, CONCOS agus na hallaí pobail. Bhí go leor cruinnithe ann idir CONCOS agus an Roinn. Bhuail mé le hionadaithe na hallaí pobail freisin agus tá súil agam go mbeidh pacáiste aontaithe ina dtaobh sin chomh luath agus is féidir. Tá grúpa bunaithe idir an Roinn, na coláistí agus na hallaí pobail chun é sin a aontú. Tá an próiseas maidir le na mná tí críochnaithe inniu agus beidh an próiseas seo críochnaithe go luath. Tuigim go bhfuil sé seo an-tábhachtach do gheilleagar agus do phobal na Gaeltachta don bhliain seo agus go dteastaíonn uathu go mbeidh siad ann an bhliain seo chugainn.

Tá sé mhí den bhliain imithe agus mar a dúirt mé, tosaíonn an bhliain do na coláistí Gaeilge i Meán Fómhair, ní ag an Nollaig. An bhfuil an tAire Stáit ag rá go mbeidh sé seo déanta i gceann míosa? Ní chiallaíonn "chomh luath agus is féidir" dada i ndáiríre. An bhfuil sé ag súil go mbeidh cinneadh déanta as seo go ceann míosa?

Tá go leor oibre déanta agus tá CONCOS ag bualadh le grúpa sa Roinn. Bhí ar a laghad ocht gcruinniú idir an Roinn agus CONCOS le hocht mí anuas agus plé á dhéanamh acu maidir le Covid-19. Tá oifigigh mo Roinne ag obair as lámha a chéile ar mhaithe le pacáiste tacaíochta cuí a chur le chéile dóibh. Bhí sraith chruinnithe againn le CONCOS le roinnt míonna agus beidh mé ag brú chun na cainteanna sin a thabhairt chun ceann scríbe. Tá súil agam go mbeidh an próiseas seo críochnaithe go luath agus beidh muid in ann an tacaíocht seo a fhógairt ina dhiaidh sin.

Céard faoi na forais tras-Teorainn?

Tá brón orm, rinne mé dearmad. Cuirtear maoiniú ar fáil don Fhoras Teanga ón Roinn seo agus ón Roinn Pobal ó Thuaidh. Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas, CATT, a cheadaíonn na buiséid do na forais tras-Teorainn uile, an Foras Teanga san áireamh. Fógraíodh i mbuiséad 2021 go mbeidh breis agus €16.3 milliún á chur ar fáil ag an Rialtas do chomhoibriú Thuaidh-Theas, méadú de €1.7 milliún. Cuimsíonn an t-ardú seo maoiniú chun tacú le gealltanais atá tugtha ag an Rialtas faoi New Decade, New Approach, chomh maith le maoiniú breise don Fhoras Teanga, sé sin, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise. De bharr gur in Aibreán a thosaíonn bliain airgeadais an Roinn Pobal ó Thuaidh, tá sé aontaithe ag mo Roinn agus an Roinn Pobal an t-ardú sa bhuiséad don bhliain seo a chur i bhfeidhm ó mhí Aibreáin. Mar a bhaineann sé le maoiniú Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise do 2021, agus an t-ardú ó Aibreán go Nollaig, beidh an Foras Teanga ag feidhmiú ar ollbhuiséad CATT de €19 milliún. Tagann €12.7 milliún den oll-bhuiséad seo ó mo Roinn.

Ar thuig mé ceart tú?

Tá airgead breise ar fáil don Ghníomhaireacht Ultaise.

Cé mhéad a d’íoc an Roinn d’Fhoras na Gaeilge i mbliana agus cé mhéad a d’íoc sí don bhord Ultais?

Cuireann an Roinn maoiniú de €12 milliún, nó 75% den mhaoiniú iomlán, ar fáil. Cuireann an Roinn Pobal ó Thuaidh an 25% eile ar fáil. Is buiséad iomlán an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas i leith Fhoras na Gaeilge in 2021 é sin. Maidir le Gníomhaireacht na hUltaise, cuireann an Roinn os cionn €730,000, nó 25%, ar fáil. Íocann an Roinn Pobal as an 75% eile den mhaoiniú.

Tá €730,000, nó thart air sin, ar fáil don bhord Ultais. Tá €12 milliún curtha ar fáil d'Fhoras na Gaeilge. An bhfuil an comh-mhaoiniú atá ar fáil bunaithe ar an sean-chomhréiteach, is é sin, 3:1? An bhfuil an Rialtas ó Dheas ag cur aon airgead ar fáil ó Thuaidh nach bhfuil comh-mhaoiniú ar fáil dó? De réir mar a thuigim, níl comh-mhaoiniú ar fáil do bhord na leabhar Gaeilge.

Maidir le New Decade, New Approach, tá €1.6 milliún istigh sa bhuiséad. Tá €1.2 milliún ann don chomhairle aireachta freisin agus €400,000 do chur chun cinn na teanga. Tá sé sin aontaithe i New Decade, New Approach.

Baineann mo cheist dheireanach le scéim na bhfeabhsúchán. An bhfuil sé i gceist an scéim sin a thabhairt ar ais?

By Deaid, tá go leor den phobal Gaeltachta nach mbeidh an-áthas orthu é sin a chloisteáil ach coinnigh ort.

Tá orm an cruinniú a fhágáil ach táim á fhágáil agus níl a fhios agam an é amárach an spriocdháta do leasuithe. Ní féidir glacadh leis sin. Táim ag dul ar ais go dtí an Dáil agus níl a fhios agam an spriocdháta ó thaobh leasuithe. Bhí mé den tuiscint go raibh an tAire Stáit chun teacht ar ais chugainn maidir leis na leasuithe atá aige ionas go mbeimid in ann an próiseas a shimpliú agus nach mbeimid ag cur leasuithe nach bhfuil aon ghá leo. Ó thaobh na soiléireachta de, cá bhfuil muid?

Má tá sé ar an sceideal don tseachtain seo chugainn, is é an Aoine an dáta deireanach.

An bhfuil sé-----

Is ceist í sin d'Oifig na mBillí.

Is ceist í don Aire Stáit.

Ba mhaith liom tús a chur leis an mBille an tseachtain seo chugainn.

Caithfidh Oifig na mBillí méid áirithe laethanta a thabhairt dúinn mar fholáireamh. Má deireann Coiste Gnó na Dála amárach go bhfuil an Bille le tógáil an tseachtain seo chugainn, tabharfaidh Oifig na mBillí foláireamh dúinn maidir leis an dáta deireanach. Go bhfios dom, is Dé hAoine a bheidh i gceist.

Tuigim é sin ach tá mise ag dul amach. Is dócha nach bhfuil an Cathaoirleach sásta ach an oiread. Beidh mise ag dul ar ais agus, faoi bhrú, beidh mé ag cur isteach na leasuithe ceannann céanna a chur mé isteach roimhe seo mar níor tháinig an tAire Stáit ar ais chugainn mar a gheall sé ionas go mbeimid in ann obair as lámh a chéile. Táimid ag deireadh an téarma. Ní féidir glacadh leis seo. Ní bealach é seo chun a bheith ag obair linn.

Níl a fhios againn mar nílim cinnte go mbeidh Oifig na mBillí in ann na leasuithe a réiteach an tseachtain seo chugainn. Is ceist d'Oifig na mBillí í.

Gabh mo leithscéal. Tá a fhios agam go bhfuil mé ag cur isteach agus Teachtaí ag fanacht ach ní hí sin an fhadhb. Gheall an tAire Stáit go dtiocfaidh sé ar ais chugainn maidir leis na leasuithe a bhí ar intinn aige a chur ar an mbord ionas go mbeidh muidne in ann cinneadh a dhéanamh gan bacadh lenár leasuithe. Anois, táim ag cur tuilleadh oibre ar Oifig na mBillí mar tá orm na leasuithe ceannann céanna a chur arís. Níl ciall leis. Tá soiléireacht ag teastáil. Ba chóir go mbeidh ciall ceannaithe anois agus é a fhágáil ionas go bhfeicfimid na leasuithe atá ar intinn ag an Aire Stáit. Fuaireamar gealltanais faoi sin.

Ní féidir linn é a réiteach anseo. Tá sé leis an Aire Stáit agus an Coiste Gnó amárach. Ina dhiaidh sin, beidh Oifig na mBillí in ann a rá an bhfuil sí in ann cloí le pé amchlár atá i gceist.

Go raibh maith agat. Gabh mo leithscéal as cur isteach ar an bpróiseas.

Tuigim an frustrachas atá ar an Teachta. Tá an frustrachas céanna orainn ar fad.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus a oifigigh. Tá cúpla ceist agam. Déanaim comhghairdeas leis mar gheall ar an airgead breise a fuair sé le haghaidh na Gaeilge agus na Gaeltachta sa cháinaisnéis dheireanach. Cé mhéad den airgead sin atá ceangailte le tacaíochtaí Covid agus cúrsaí Covid eile agus cé mhéad de atá buan? Cén sórt plean atá ag an Aire Stáit le haghaidh an chéad cháinaisnéis eile? An bhfuil pleananna nua nó cláir nua á bplé leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nó an bhfuil sé róluath é sin a dhéanamh? Tá dochar mór déanta d'eacnamaíocht na tíre, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta. Cuirim fáilte roimh an scéim le haghaidh na mban tí ach tá dochar déanta do chúrsaí turasóireachta freisin. Bhí plé againn an tseachtain seo caite leis an Aire Oideachais faoi na mic léinn nach bhfuil in ann dul go dtí an Ghaeltacht le haghaidh cúrsaí. An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit plean a chur le chéile chun cuidiú leis na Gaeltachtaí teacht amach as Covid? Táim ag caint faoi phlean speisialta chun cuidiú leo ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí cultúrtha agus cúrsaí gnó. Roimh Covid, bhí na moil Gteic ann. Tá níos mó daoine agus fostaithe anois ag obair ón mbaile sna réigiúin. Tá tuiscint ann anois nach raibh ann roimh Covid. Tuigtear go n-oibríonn sé sin do ghnólachtaí agus do na daoine atá ag obair iontu. An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit airgead breise a fháil chun moil Gteic agus ionaid eile cosúil leo a bhunú i gceantair Ghaeltachta eile? Tá suim mhór ag daoine a bheith ag obair sa bhaile agus in remote working. Tá deis ann Gteic eile a fháil do na Gaeltachtaí.

Gabhaim buíochas leis an Teachta Calleary. Níl an t-airgead a d'fhógair mé inniu ceangailte le Covid-19. Bhí sé sa cháinaisnéis an bhliain seo caite. Maidir le Covid-19 agus an Breatimeacht, tá comhlachtaí Gaeltachta ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin a chruthaigh Covid-19 agus an Breatimeacht. Tá réimse tacaíochtaí curtha ar fáil ag an Rialtas chun cuidiú le gnóthaí agus comhlachtaí atá buailte dá bharr. Tá oifigigh mo Roinne ag obair go dlúth le hÚdarás na Gaeltachta chun a chinntiú go bhfuil an réimse tacaíochtaí atá á sholáthar ag an údarás ag teacht le riachtanais a chliantchomhlachtaí. Ag an am seo anuraidh, rinne rannóg mheasúnachta na Roinne, rannóg neamhspleách a oibríonn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus leis an tseirbhís eacnamaíochta agus meastóireachta, measúnú ar thionchar an Bhreatimeachta ar chliantchomhlachtaí an údaráis. Bhí mo Roinn páirteach leis an údarás agus le roinnt comhlachtaí a roghnaíodh chun suirbhé a dhéanamh. Cuireadh torthaí agus moltaí an mheasúnaithe sin san áireamh le linn ullmhúcháin Meastacháin agus buiséid 2021. De thoradh air seo, tá €8.1 milliún breise ar fáil d'Údarás na Gaeltachta i mbliana, agus €31.8 milliún san iomlán. Chun tacú tuilleadh leis an údarás a chuid acmhainní foirne a fhorbairt chun freastal ar riachtanais oibre, cuireadh €2.9 milliún breise i mbuiséad riaracháin an údaráis. Bliain ar bhliain, tá méadú de 45% tagtha ar an maoiniú caipitil atá ar fáil don údarás mar thacú breise do chúrsaí fiontraíochta agus forbartha sa Ghaeltacht, a bhí aníos le dúshlán Covid-19. Tá réimse leathan tacaíochtaí náisiúnta agus earnála curtha ar fáil ag an Rialtas ó thús na paindéime agus mar ullmhú don Bhreatimeacht. Tá rochtain ag Údarás na Gaeltachta ar na scéimeanna agus cistí atá á riar ag Gníomhaireacht Forbartha Tionscail Éireann, Fiontar Éireann agus oifigigh áitiúla fiontraíochta le cinntiú go bhfuil fáil ag gnóthaí Gaeltachta ar na tacaíochtaí céanna atá ar fáil do gach gnó eile.

Sa bhreis ar na tacaíochtaí leantacha ó Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí Gaeltachta sa chomhthéacs seo, leagtar amach raon tacaíochtaí praiticiúla do chomhlachtaí Gaeltachta de réir mar a bhí Brexit ag teacht níos gaire. I measc na dtacaíochtaí sin, bhí mol eolais maidir le tacaíochtaí Breatimeachta, sraith de sheimineáir ghréasáin chun saineolais chuí a sholáthar, feachtas ríomhphoist dhíreacha chuig na cliaintchomhlachtaí ar fad maidir le tacaíochtaí Breatimeachta agus sraith de theachtaireachtaí leantacha le leideanna meabhrúcháin do ghnólachtaí mar chúnamh dóibh. Chun tacaíocht chuí a chur ar fáil do ghnólachtaí, d'eagraigh Údarás na Gaeltachta sraith de sheimineáir ghréasáin le saineolaithe gnó iomráiteacha chun cuidiú le comhdháil ghnólachtaí Gaeltachta le linn na géarchéime. Fuair roinnt comhlachtaí Gaeltachta tacaíocht ó scéim tacaíochta Covid-19 Údarás na Gaeltachta chun cuidiú leo pleanáil airgeadais a chur i bhfeidhm agus an úsáid is fearr a bhaint as margaíocht agus díolacháin ar líne. I gcomhair le Fiontraíocht Éireann, cheadaigh Údarás na Gaeltachta os cionn €2 milliún mar thacaíocht do chomhlachtaí Gaeltachta agus iad i mbun pleanála airgeadais. Ag an am céanna, chuir siad cistíocht fiontraíochta ar fáil. Ceadaíodh cúnamh airgeadais d'os cionn €1 milliún do chomhlachtaí Gaeltachta tríd an scéim trádáil ar líne agus an scéim dearbhán leanúnach agus gnó Covid-19. Cuireadh an maoiniú don dá scéim sin ar fáil ó chístí Údarás na Gaeltachta; an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Cuireann an Breatimeacht agus Covid-19 deiseanna ar fáil d'Údarás na Gaeltachta gníomhaíochtaí nua a mhealladh. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh aon infheistíocht i margaíocht ar a chuid áitreabh tráchtála nó i mbonneagar leathanbhanda-lárnach a bheith tairbheach chun iomaíochas agus poitéinseal tráchtála an údaráis a chinntiú. Tá Gteic, gréasán digiteach na Gaeltachta, ag leathnú ar fud na Gaeltachta. Tá moil nuálacha á bhforbairt ag an údarás chun áiseanna agus spásanna oibre le rochtain Idirlín ar ardluas a chur ar fáil do chianoibrithe atá ag filleadh ar an nGaeltacht. Mar a dúirt an Teachta, bhí mé thuas i nGaoth Dobhair agus thíos i Maigh Eo an tseachtain seo caite. Tá Gteic an-tábhachtach chun an teanga a neartú agus chun fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht. Leis an straitéis nua a d'fhoilsigh Údarás na Gaeltachta mí ó shin, táthar ag iarraidh an fhís seo a chur i bhfeidhm. Beidh Gteic agus spásanna oibre sa Ghaeltacht an-tábhachtach chun go mbeidh deiseanna ag daoine óga agus chun go mbeidh deiseanna ann chun gnóthaí nua a chruthú. Beidh deis ag daoine atá ag obair i mBaile Átha Cliath a bheith ag obair sa Ghaeltacht nó in aon áit eile. Beidh Gteic an-tábhachtach. Tuigim go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag obair chun an straitéis nua a chur i bhfeidhm.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Ar an gcéad dul síos, cuirim fáilte roimh an bhfógra maidir leis an socrú i gcomhair na mban tí. Is rud an-dearfach é sin. Gabhaim buíochas le gach éinne a bhí bainteach leis an toradh sin a thabhairt chun cinn. Tuigim go bhfuil an plé ag leanúint maidir leis na coláistí agus na hallaí pobail. Is maith an rud é más féidir é sin a thabhairt chun cinn go luath. Tuigim go bhfuiltear ag obair air sin.

Tá cúpla ábhar gur mhaith liom a cheistiú ansin. Tá a fhios againn ar fad go raibh na scéimeanna caipitil an-dearfach i gcomhair muintir na Gaeltachta agus chun infreastruchtúr a chur chun cinn idir scéim na mbóithre áise, na deontais tithíochta agus go leor eile. Chuala mé an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit ach tá sé an-tábhachtach go ndéanfar athbhreithniú air sin chun féachaint an bhféadfadh a leithéid a thabhairt chun cinn go háirithe agus na scéimeanna ó na comhairlí contae, the Sustainable Energy Authority of Ireland agus a leithéid plódaithe ar fad. Tá sé tábhachtach go mbeadh rogha ag muintir na Gaeltachta. Mholfainn go ndéanfar athbhreithniú air sin.

Maidir leis na clubanna óige, tuigim ón tuairisc go raibh sprioc i gceist 22 club óige a bheith ann. Shamhlóinn nach raibh aon chlub ag feidhmiú le bliain nó dhó anuas de bharr na paindéime. An bhféadfaidh an tAire Stáit soiléiriú a thabhairt air sin? Tuigim nach mbeadh liosta de na clubanna a bhí ag feidhmiú ar fáil láithreach ach b'fhéidir gur féidir a leithéid a sheoladh ar aghaidh.

Bhí sé go hiontach go raibh na moil dhigiteacha ar fáil. Luaigh an Teachta Calleary níos luaithe gur léiríodh an tslí gur féidir tairbhe a bhaint astu sna réigiúin Ghaeltachta ar fad. Ba é ceann de na rudaí gur tharla ná go raibh ar na moil breis spáis a sholáthar do dhaoine agus an líon daoine a bhí istigh iontu a laghdú i gcomhair an social distancing. Má tá siad le feidhmiú amach anseo mar a d'fheidhmigh siad cheana, beidh breis spáis nó breis mol digiteach riachtanach amach anseo. Feicim go bhfuil sprioc de 34 ann faoi láthair. Caithfear a thógáil san áireamh go mbeidh riachtanais bhreise ann i gcomhair na moil a bhí ann a choimeád ag feidhmiú le spásanna breise agus chun breis mol digiteach a thabhairt chun cinn. Cruthaíodh go bhfuil siad an-tairbheach agus go gcuireann siad go mór le pobal na Gaeltachta. An féidir leis an Aire Stáit a shoiléiriú go bhfuil na nithe sin san áireamh sna figiúirí atá ag an Roinn? Ba chóir go mbeidís.

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Maidir lena chéad cheist, tá plé ar na coláistí agus na hallaí pobail ag leanúint. Tá súil agam go mbeidh an próiseas seo críochnaithe go luath agus go mbeidh tacaíocht ann.

Maidir leis na clubanna óige, mar a dúirt an Teachta, tá dúshláin ann de bharr na paindéime agus na srianta. Cuireadh tús leis an tionscnamh nua go luath i mí Aibreáin na bliana seo caite le sraith shaor in aisce de "Zoomlanna" nó ceardlanna inar cludaíodh réimse spéiseanna éagsúla ó chúrsaí na seachtaine, go dtí an scríbhnóireacht chruthaitheach, amhráin ar líne, ceirdeanna, faisean agus taighde. Ag an am céanna, sheol na hoifigigh phleanála teanga sna Gaeltachtaí feachtas ar na meáin shóisialta a dhírigh ar spás fíorúil a chruthú do na pobail Ghaeltachta éagsúla sa chaoi is gur féidir leo bualadh le chéile ar líne agus a chur in iúl cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeltacht dóibh. Is feachtas leanúnach é sin agus ainmníodh é don ghradam cumarsáide agus meán ag Oireachtas na Samhna. Ó cuireadh tús leis an tionscnamh, tá oifigigh phleanála teanga i ngach ceann de na 18 ceantar Gaeltachta ag obair ar dheiseanna a sholáthar dá gcuid pobal chun a gcuid Gaeilge a úsáid nó a fheabhsú le tionscadail ar nós an caifé cultúir in óstán a bhunaigh an t-oifigeach pleanála teanga i nGaeltacht na Gaillimhe, ranganna Gaeilge ar líne, ciorcail chomhrá, comórtas reatha na Gaeltachta agus maratón na bpáistí. Mar gheall ar Covid-19, ní raibh go leor de na heagraíochtaí agus na clubanna óige eagraíochta a reáchtáil. Bhí go leor rudaí ann. Táim sásta nóta a sheoladh chuig an Teachta faoi na rudaí ar líne.

Maidir leis an mbuiséad atá ann do Gteic, mar a dúirt mé leis an Teachta Calleary agus mar a dúradh sa straitéis nua a foilsíodh cúpla seachtain ó shin, beidh an chuideachta seo an-tábhachtach sa Ghaeltacht maidir leis na deiseanna agus na spásanna oibre a bheith ann.

Bhí airgead breise ann an bhliain seo agus tá súil agam go mbeidh airgead breise ann an bhliain seo chugainn chun an straitéis seo a chur i bhfeidhm agus go mbeidh deiseanna agus spásanna oibre sa Ghaeltacht. Tá sé an-tábhachtach an teachtaireacht a thabhairt do dhaoine óga go mbeidh siad in ann gnóthaí nua a chruthú sa Ghaeltacht agus go mbeidh deiseanna fostaíochta ann freisin. Táimid ag obair leis an údarás chun an straitéis a chur i bhfeidhm agus tá ciste níos fearr an bhliain seo le hais cúpla bliain ó shin, mar shampla.

Tá ceist amháin thapa dheireanach eile agam, a Chathaoirligh, más féidir liom.

Lean ort, a Theachta.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an eolas sin uaidh.

Maidir leis na scéimeanna pleanála teanga féin, tá an-chuid díobh aontaithe faoin tráth seo. An bhfuil gach plean atá aontaithe ag feidhmiú anois ag an tráth seo nó an bhfuil aon phlean atá aontaithe ach nach bhfuil tosaithe agus ag feidhmiú agus buiséad ceangailte leo?

Mar a dúirt mé leis an Teachta Ní Chonghaile, as 26 pleananna teanga tá 22 díobh faofa faoin am seo agus táimid ag obair ar phleananna eile chun iad a thosú. Ta na pleananna nua ag tosú arís agus beidh siad ag feidhmiú ansin. Tá sé tábhachtach go mbeidh siad ag feidhmiú mar sin ann ar feadh na mblianta agus tá an Roinn ag obair le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge chun an próiseas sin a chur i bhfeidhm.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit.

Feicim go bhfuil beagnach €17 milliún ar fáil le haghaidh comhoibriú tras-Teorann. B'fhéidir nach raibh mé ag éisteacht i gceart, ach sílim go ndúirt an tAire Stáit go bhfuil €12 milliún i gcomhair Fhoras na Gaeilge agus €700,000 le haghaidh Ghníomhaireacht na hUltaise. Cad é an plean mar gheall ar an airgead breise ansin?

Táim sásta é sin a rá arís don Teachta. Cuireadh maoiniú ar fáil don Fhoras Teanga ón Roinn Pobal ó Thuaidh. Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, CATT, a cheadaíonn an buiséad do na forais tras-Teorann agus tá an Foras Teanga san áireamh leis sin. Fógraíodh i mbuiséad 2021 go mbeidh breis agus €16.3 milliún á chur ar fáil ag an Rialtas do chomhoibriú Thuaidh-Theas sa bhuiséad. Is méadú táscach é de €1.7 milliún a bhí anseo. Cuimsíonn an t-ardú seo maoiniú chun tacú le gealltanais atá déanta ag an Rialtas faoin gcomhaontú New Decade, New Approach chomh maith le maoiniú breise don Fhoras Teanga, is é sin airgead a fhaigheann Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise. De bharr go dtosaíonn bliain airgeadais na Roinne Pobal ó Thuaidh i mí Aibreáin, tá sé aontaithe ag mo Roinn agus an Roinn Pobal ó Thuaidh an t-ardú a chur i bhfeidhm maidir leis an mbuiséad don Fhoras Teanga don bhliain seo ó mhí Aibreáin, is é sin tús bhliain airgeadais na Roinne Pobal sin. Mar go mbaineann an méid seo le maoiniú Fhoras na Gaeilge agus Ghníomhaireacht na hUltaise do 2021, agus ardú ó Aibreán go Nollaig, beidh an Foras Teanga ag feidhmiú ar ollbhuiséad don CATT de bhuiséad €19 milliún. Tagann €12.7 milliún den ollbhuiséad seo ó mo Roinn agus táim sásta maidir leis an mbriseadh síos sin. Cuireann mo Roinn maoiniú de €12 milliún nó 75% den mhaoiniú ar fáil. Cuireann an Roinn Pobal an 25% eile ar fáil. Is é sin an buiséad iomlán de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas atá ag Foras na Gaeilge in 2021.

Maidir le Gníomhaireacht na hUltaise, cuireann mo Roinn os cionn €730,000 nó 25% ar fáil. Íocann an Roinn Pobal an 75% eile den mhaoiniú iomlán sin. In 2021, chuir mo Roinn fáltas ar fáil freisin do chlár na leabhar Gaeilge le breis agus €1 milliún sa bhliain le cur chun cinn de os cionn €118,000. Cuirtear an maoiniú seo ar fáil faoi scáth Fhoras na Gaeilge.

Ó thaobh an mhéid sin de, nuair a chuirtear na figiúirí ar fad le cheile, ní shroicheann siad €16.3 milliún nó an €19 milliún a luaigh an tAire Stáit. Sroicheann na figiúirí sin €13 milliún nó €14 milliún. Cad iad na tograí eile a bhfuil airgead á chaitheamh orthu ó thaobh tionscadail tras-Teorann?

Maidir leis an gcomhaontú New Decade, New Approach, tá €1.6 milliún sa bhuiséad - €1.2 milliún don chraoltóireacht agus €400,000 maidir le cur chun cinn na teanga ag leibhéal an phobail. Táim sásta na scéimeanna sin a lua, mas mian leis an gCathaoirleach é sin a chloisteáil.

Táim sásta agus táim de tuairim gur chóir go mbeadh níos mó airgead á chaitheamh. Tá sé go maith é a lua go bhfuil an t-airgead seo á chur ar fáil seachas go mbíonn daoine á rá nach bhfuil Foras na Gaeilge ach ag fáil an mhéid seo. Is léir go bhfuilimid ag teacht timpeall anois ar na srianta atá ann ar bhealach áirithe agus ag déileáil le buiséad do chraolachán chomh maith céanna as an mbuiséad céanna is atá ann don Ghaeilge. Fáiltím roimhe.

Tá sé sin ceart go leor.

An bhfuil aon cheist eile ag comhaltaí?

Tá cúpla ceist agam féin. Tháinig laghdú idir an t-airgead ar fad atá ar fáil don Ghaeltacht nuair a bhreathnaítear ar na Meastacháin Athbhreithnithe agus na Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise. Idir an dá bhuiséad don Ghaeltacht, faoi chlár C, tá laghdú beag i gceist. Nuair a fhéachtar ar an rud ceannann céanna ó thaobh chlár B de, tá ardú suntasach ann. Táimid thíos agus shíl mé go mbeimis thuas. Cén fáth go bhfuil difríocht de €600,000 idir an dá bhuiséad maidir leis na Meastacháin Athbhreithnithe agus na Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise?

Cá bhfuil an clár C seo?

Nuair a fhéachtar ar an rud iomlán - na Meastacháin Athbhreithnithe a cuireadh amach tamall ó shin agus na Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise atá againn anois - deir na Meastacháin Athbhreithnithe €79.2 milliún agus sna cinn is déanaí ata againn is €78.6 milliún atá i gceist. Tá laghdú éigin ann ó thaobh pá sa tsuim iomlán. Mura bhfuil freagra ann, cuirfidh mé ceist ar aghaidh chuig an Roinn.

Ceapaim gur airgead riaracháin atá i gceist ansin agus seolfaidh mé nóta chuig an gCathaoirleach maidir leis an gceist seo.

Is é an rud atá á rá agam ná gur tháinig ardú ar chostais riaracháin in áiteanna eile ach tá an Roinn ag déanamh ísliú ar chostais riaracháin ar shlí éigin.

Tá ceist eile agam ach níl a fhios agam an dtagann sé as buiséad na Ranna Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán in aon chor. B'fhéidir go dtagann an maoiniú do na hoifigigh Gaeilge sna comhairlí contae as an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Más fíor sin ní gá dom ceist a chur cén fáth nach bhfuil siad ag an leibhéal ceart.

Ní bhaineann an cheist seo liomsa.

Ceart go leor. Déanfaidh mé iarracht an cheist seo a chur ag an leibhéal ceart. Tá smacht éigin ag oifigigh Gaeilge seachas mar atá ag oifigigh ealaíne sna comhairlí contae. Tá ceisteanna eile agam ach níl na Meastacháin i gceart os mo chomhair; níl siad ach ar an bhfón agam.

Bhí sé seo áisiúil. Is cleachtadh maith é go mbeadh Gaeilgeoirí agus Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag déileáil leis na Meastacháin. Tá súil againn go leanfaidh sé seo mar chuid den chleachtas in aon Rialtas agus in aon Dáil amach anseo. Bhí plé maith againn.

Tagraím don cheist faoi na coláistí samhradh agus chuala mé a dúirt an tAire Stáit. Impím air go mbeadh cinneadh chomh luath agus is féidir agus roimh an Céadaoin seo chugainn más féidir. Bheadh sé go maith dá bhféadfaí muid a chur ar an eolas faoi sin mar beidh Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhradh, CONCOS, os comhair an choiste an tseachtain seo chugainn. Bheadh sé go maith dá mbeadh muid ar fad ag cur fáilte roimh dea-scéal eile, agus tá an tAire Stáit tar éis ceann a thabhairt cheana féin. D'fhéadfaimis déanamh cinnte de go mbeidh na coláistí samhraidh breá folláin ó thaobh airgid de agus go mbeidh siad folláin ó thaobh sláinte de nuair a thagann siad le chéile an bliain seo chugainn.

Fad is nach bhfuil an tAire Stáit ag iarraidh an Bille a chríochnú an tseachtain seo chugainn, tá mise breá sásta pé moill is gá a dhéanamh ionas gur féidir linn aontú ar an mBille is láidre is féidir. Ní aontóidh muid ar gach rud ach sin an próiseas.

Top
Share