Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 27 Apr 1938

Vol. 21 No. 1

Adoption of Draft Standing Orders (Public Business).

Tairgim an rún seo:

Go nglactar leis na Dréacht-Bhuan-Orduithe mar Bhuan-Orduithe Sheanaid Éireann i dtaobh gnótha phuiblí.

I second the motion.

Ba mhaith liom ceist a chur i dtaobh sin. Creidim nach mbeidh sna Buan-Orduithe seo ach Buan-Orduithe Sealadacha. Déanfar athrú orra ó am go ham agus cuirfear coiste ar bun chun na háthruithe seo do chumadh. Ina theanta sin, feicim nach bhfuil na Buan-Orduithe seo ach i mBéarla agus do réir an Bhunreachta is gá cothrom do bheith le fáil ag an nGaedhilg chó maith leis an mBéarla in obair an tSeanaid. Is ceart a dhéanamh soléir nach bhfuilimíd ag glacadh leis na Buan-Orduithe seo ach go sealadach agus go ndéanfar áthruithe orra mar is feileamhnach. Tá sé iontuigthe ón rún seo go gcuirfear coiste ar bun chun na Buan-Orduithe seo d'athrú agus go gcuirfear i gcló iad i nGaedhilg chó maith leis an mBéarla.

Níl ins na hOrduithe seo ach orduithe sealadacha.

Question put and agreed to.
Top
Share