Tairgim:—
Go dtoghtar an Seanadóir Tadhg Ó Donobháin mar Chathaoirleach agus go dteighe sé i gceannas an tSeanaid.
Corcaigheach is ea an Seanadóir agus duine go bhfuil Gaeilge aige chomh maith le Béarla. Tá taithí aige ar ghnóthaí Párlaiminte mar bhí sé tamall fada sa Dáil agus blianta anso mar Leas-Chathaoirleach. Dhein sé an obair go slachtmhar anso. Tá na tréithre aige atá ag teastáil ó Chathaoirleach. Bhí sé foidhneach, múinte, cúirtéiseach agus dob fhéidir leis bheith láidir daingean nuair ba ghá. Ina dhiaidh sin, is dóigh liom gur éirigh leis gach Seanadóir do shásamh. Má toghtar anois é, is deimhin go dtabharfaidh sé cothrom na Féinne do gach éinne. Mar sin, is dóigh liom gurbh é ár leas an Seanadóir Tadhg Ó Donobháin do thogha mar Chathaoirleach.
I move:—
That Senator T.J. O'Donovan be elected Cathaoirleach of the Seanad and do now take the Chair.
Senator T.J. O'Donovan is a West Cork man, a farmer, a representative of the most important section of our community, and an Irish speaker with a voice and a clarity which commends itself in both languages. He has long experience of Parliamentary affairs from his membership of the Dáil and from his period here in the last House as Leas-Chathaoirleach. He has the qualities and the qualifications and the experience necessary for the Chair. He has shown in the Chair patience, impartiality and, as well, on occasion, the strength without which a chairman cannot transact efficiently his business. As Leas-Chathaoirleach, he satisfied Senators with his behaviour and with his impartiality in the Chair and it is entirely in the interests of the House and for the better transaction of the business of the House that I suggest his name to the Seanad now.