Ba cheart go dtiubharfaí fógra dhúinn dá réir sin agus ansin, daoine, a d'fhágfadh an scéal i leataoibh go dtiocfadh an tAire go dtí an tSeanad, ní dhéanfaidis an dearmad sin, ach d'fhéachfaidís chuige go bhfaighdis an oráid sa Dáil agus go scrúdóidis é. Tamall ó shoin chuir mé ceist ar an tSeanadóir Ó hAodha faoin mBille a chur siar go dtí am éigin tar éis na Nollag. Níl sin indéanta, dar leis. An fath go mba mhaith liom go bpléifí scéal seo an ghairm-oideachais i gceart sa tSeanad ná, idir dhá Thigh an Oireachtais, gur mó an spéis a bhíonn ag an Seanad in imeachtaí oideachais agus gur thairbhí an léirmheas a tabharfaí anseo air agus gur mhó, dá réir sin, an chabhair a tabharfaí don Aire agus gur mhó an chabhair a tabharfaí do lucht treoruithe na Roinne Oideachais i geoitinne, agus don mhuintir atá i bhfeighil Brainse an Ghairm-Oideachais go háirithe.
Ná ceapadh an tAire go bhfuilim ag fáil aon locht air nach ndearnadh sé óráid fhada. Do léigh mé an oráid a thug sé sa Dáil agus do léigh mé an díospóireacht go cúramach. Admhaim go bhfuil spéis faoi leith agam i mbrainse seo an oideachais go háirithe. Ní hé amháin go bhfuil spéis agam ann ach tá eolas agus tá cleachtadh agam ar an gcóras seo le blianta. Ina dhiaidh sin, meireach a dhéanaí atá an Bhille ag teacht ós ár gcóir, is ioma ceist ba mhaith liom a phlé, is ioma ceist, b'fhéidir, go mba mhaith liom a chur ar an Aire. Thairis sin, ní féidir liom ach rogha a dhéanamh ar roinnt pointí agus tagairt a dhéanamh do cheisteanna áirithe go measaim go mba cheart dúinn gan faillí a dhéanamh orthu.
Maidir leis an mBille, tá fhios againn ar fad an fáth go bhfuil sé os ár gcomhair. Le fada an lá, tá na coistí oideachais ag casaoid nach raibh dóthain ioncaim acu le haghaidh na hoibre a bhí idir lámha acu, gan tracht ar dóthain airgid le haghaidh na hoibre a bhí beartaithe acu agus a mheasadar go mba cheart a thosnú gan mhoill. Mheabhroigh an tAire féin don Dáil an t-athrú atá tagtha ar luach an airgid. Idir an dá chuis sin—leathnú ar an obair agus laghdú i mbrí nó fiúchas an airgid féin—bhí sé riachtanach go dtabharfaí an Bhille seo isteach.
Tá fhios againn nach bhfuil cruinniú de choistí gairm-oideachais ar fúd na tíre, go bhfuil daoine ag teacht ag éileamh breis agus breis eile seirbhísí. Bhí tamall ann go raibh daoine in aimhreas ar bhfiú airgead a chaitheamh ar an gcóras seo. Bhí daoine in aimhreas i dtaobh ar chóras tairbheach é. Tá an lá sin caite. Ní hé go bhfuil daoine in aimhreas anois air. Tá daoine tagtha ar an tuairim nach bhfuil dóthain á dhéanamh ag na coistí ná ag an Roinn leis an gcóras a leathnú.
Rud eile, is dóigh liom, nach féidir coistí níba thuisceanaí d'fháil in aon ghné de shaol na tíre ná na coistí atá i bhfeighil an ghairm-oideachais. Rud eile, tríd is tríd, ní féidir daoine níos cúramaí d'fháil ná iad maidir le caitheamh an airgid, maidir leis an spéis atá acu i gcúrsaí oideachais féin.
Ní leor an chóiríocht mar atá sé faoi láthair, le freastal ar an éileamh atá ar an oideachas. Tá a lán de na scoltacha plúchta cheana. Tá roinnt díobh agus tá liosta daoine ag fanacht le áit d'fháil iontu. Tá cuid de na scoltacha agus tá slí iontú, níl aon aimhreas faoi sin. Is docha gur mar sin a bheas an scéal i gcónaí.
Tá a lán daoine fós nach bhfuil ag fáil oideachais ar bith tár éis dóibh an bhunscoil d'fhágháil. Ní hionann sin is a rá go bhfuilimid níos measa ná tíortha eile. Tríd is tríd, táimid níos fearr ná tíortha eile, go háirithe má cuimhnítear gur freastal deontach nó "voluntary attendance" a dhéanas na daoine taobh amuigh de na bunscoileanna. Tá chuile dhuine ar an dtuairim gur trua gan tuilleadh daoine a bheith ag teacht go dtí na scoileanna gairm-bheatha nó go dtí cursaí leanúná. Nílímid ar fad ar aon intinn go mba cheart iallach a chur orthu. Na daoine atá i gcoinne freastail éigeantaigh, deireann siad go bhfeadfaimis a mhúineadh do thuismitheoirí na buntáistí atá ag baint leis na scoileanna seo agus na páistí a mhealladh uathu féin.
Ní féidir dúinn freastal ar ghairm-oideachas tríd an meán airgeadais atá ann faoi láthair. Tá na coistí sásta an ráta d'ardú nuair a iarrtar orthu, beagnach i ngach áit. Is mór an bhaint atá ag an gcóras seo le saol geilleagair saol tionscail, saol cultúra agus saol náisiúnta, agus ba cheart go gcuirfí iallach ar an bpobal i gcoitinne níos mó d'ioc. Do ghéill na comhairlí contae dhúinn go dtí seo, ach an ngéillfidh siad má iarraimid a thuilleadh? Tá na rátaí á n-ardú i gcónaí. Ní miste do dhaoine a bhaineann an bhuntáiste íoc as an tseirbhís, agus má theastaíonn seirbhís speisialta ó dhaoine ba cheart go gcuirfí orthu íoc as; ach is obair í seo a théann chun sochair do na daoine go léir, idir óg agus sean, i ngach ghé de shaol na tíre. Ar an abhar sin, caithfímid cuimhneamh as seo amach níos mó den ualach airgeadais atá riachtanach le haghaidh an chórais seo, d'aistriú chun an Stáit-Chiste, chun go mbeadh níos mó cabhrach le fáil ón Rialtas. Ní hionann sin is a rá go bhfuilim ag casaoid gur beag-is-fiú an méid atá ar fáil anois. Caithfimíd tuilleadh airgid a sholáthar agus ní bheidh cothram na féinne ann má bhíonn ar na coistí an t-ualach ar fad d'iompar.
Is minic anseo gur mheabhraígh mé do na h-Airí, go mór mór don Aire Talmhaíochta agus don Aire Tionscail agus Tráchtála, gur fuar acu a lán dá bhfuil idir láimh acu, mura gcuirtear cuid mhaith leis an gcóras gairm-oideachais. Ní bheidh aon toradh ar na scéimeanna atá beartaithe againn mura mbí na scéimeanna sin ag dul ar aghaidh céim ar chéim le cúrsaí gairm-oideachais—nó, droim ar ais, mura gcuireann tú ar chumas an chórais gháirm-bheatha freastal níos fearr a dhéanamh ar na scéimeanna atá beartaithe le forbairt tionscail agus tráchtála na tíre.
Is mór an sásamh dom, tar éis 20 bliain ag plé le coistí oideachais gairmbheatha, nuair a thuigim an mhuinín atá as ag na haicimí sin go léir, agus an comhoibriú idir na coistí, na príomhoifigí, na cumainn, na múinteoirí gairm-oideachais, cigirí na Roinne agus oifigigh na Roinne. Nuair a bhí scéim na Comhairle Oideachais á phlé anseo, dúirt mé go mbfhearr liom an scéal mar a bhí ná a leithéid sin de Chomhairle a bheith ann. Bhí eolas agus cleachtadh agam ar an gcomhoibriú a bhí idir na haicmí sin agus an toradh breá a bhí ar an saothar. Ba "headline" é sin, ní hamháin do bhrainsí oideachais eile ach dá lán aicimí agus dá lán gluaisceachtaí sa tír.
Ní féidir liom a rá go bhfuil an scéal mar gheall ar an riar múinteóirí gairm-oideachais sásúil. Admhóidh an tAire féin, is dócha, nach féidir dúinn bheith sásta leis an scéal mar atá. Ceart go leór, cuid de na múinteoirí, saghsanna áirithe múinteoirí, bíonn a ndóthain díobh le fáil tríd agus tríd. Is ceist í an bhfuil siad oilte amach is amach ar an mbealach ba mhaith linn iad a bheith oilte le haghaidh na hoibre. An ollscoil, déanann sé cuid mhaith le múinteoirí áirithe a chur ar fáil, ach fiú tar éis na hoibre móire tabhachtaí a déantar sna hollscoileanna agus fiú tar éis a gcuid tréineala le linn dóibh árd-teastas oideachais a bhaint amach, is ar éigin atá na daoine óga seo as an ollscoil ullamh i gceart don obair mhór atá le déanamh acu in ár gcuid scoltacha agus ár gcuid ranganna. Ina dhiaidh sin—agus cuimhnigh nach bhfuil na seirbhisí tréineala chomh maith agus ba mhaith liomsa go háirithe iad a bheith—ní féidir liom ach a rá go gcuireann sé ionadh orm a fheabhas agus a chrothaíonn an chuid is mó de na múinteoirí sin.
Maidir le múinteoirí eile saghsanna eile múinteóirí, níl an scéal baol ar a bheith chomh sásúil, d'ainneoin go bhfuil lochtaí ar oiliúint múinteóirí den chéad aicme a luaigh mé. Tugaim faoi deara ag an gCoiste a bhfuil baint agamsa leis le fad de bhlianta an deacracht a bhíonns orainn go minic múinteóirí d'fháil, agus ní hamháin go mbíonn deacracht orainn go minic múinteóirí d'fháil, ach an chaoi a gcuirtear ár gcuid oíbre bun-os-cionn go miníc de thoradh múinteóirí a bheith ag imeacht leó go dtí postaí nó ceantracha níos feiliúnaí dóibh, dar leo féin. Cuimhním, mar shampla, ar mhúinteóirí líníochta nó múinteóirí ealaíon—"art teachers"— agus ar an chaoi céanna, múinteóiri tís, múinteoirí obair láimhe nó múinteoirí siúinéireachta. Bíonn sé deacair go minic dóthain daoine d'fháil. Tá daoine ann agus deireann siad nach miste an scéal a bheith mar sin. Tá daoine ar an saol agus is dóigh leo más é X an t-éileamh gur leor go mbé X an riar. Níl sé sin ceart. Ba cheart, is dóigh liom, ní hamháin sa mhúinteoireacht, ach i ngach gné den saol, go mbeadh sórt "reserve" oibrithe ann, agus ba mhaith liom go ndeanfaí iarracht ar níos mó de na múinteoirí, múinteoirí de na saghasanna éagsúla atá luaite agam, a chur á n-oiliúint.
Ó thaobh na gaeilge dhe, ar ámharaí an tsaol, i gContae na Gaillimhe, ní bhíonn mórán deacrachta againn. Ní leor don ghairm-oideachas na múinteoirí a bheith oilte i mBéarla. Ní leor é le haghaidh brainse ar bith den oideachas agus ní leor é go háirithe don oideachas gairme beatha. Nuair smaoinítear ar chontae mar Chontae na Gaillimhe, ta Galltacht ann agus tá fíor-Ghaeltacht mhór láidir ann, buíochas le Dia, agus nuair a bhíonn muid ag toghadh múinteora caithimid féachaint chuige go mbeidh an múinteoir a gheobhas muid in ann dul isteach sa Ghalltacht nó sa Ghaeltacht, do réir mar fheileann sé don choiste. Dá bhrí sin, ní fhéadfaimís bheith ró-churamach maidir le taobh na gaeilge dhe in oiliúint na múinteoirí de gach saghas le haghaidh oideachais gairme beatha.
Tá daoine ar an dtuairim, más múinteoirí ealaíon, más múinteoirí siúinéireachta atá i gceist, ansin nach dteastáionn an ghaeilge. Tá daoine ar an dtuairim, más múinteóirí obair mhiotal atá i gceist, nach dteastaíonn an Ghaeilge nó ar a laghad nach bhfeileann an ghaeilge le haghaidh ábhair theicniúla mar iad. Níl sé sin fíor. Teastáionn an t-eolas i gcontae áirithe mar Thír Chonaill, mar Chontae Mhuigheo, mar Chontae na Gaillimhe, Contae Chiarraighe agus Contae Chorcaighe. Teastaíonn an t-eolas ar an ngaeilge sna contaethe seo agus teastaíonn é bheith ar chumas na múinteoirí a gcuid oibre a dhéanamh go cruinn agus go beacht trí mheán na gaeilge.
Maidir leis an teicniúlacht dhe, tá sé le feiceáil againn i gContae na Gaillimhe ar na múinteoirí atá againn go bhfuil siad ábalta a gcuid oibre a dhéanamh chomh cruinn, chomh beacht, agus atá duine ar bith in Éirinn i ndon é a dhéanamh i mBéarla. Cuimhním ar tuairisc a léigh me timpeall le seachtain nó deich lá ó shoin mar gheall ar scéim duaiseanna a bunaíodh anseo i mBaile Atha Cliath ag muintir Booth, scéim cuid mhaith duaiseanna a bhronnadh ar lucht na gairm-scoltacha sa roinn miotail nó ar theagasc miotail agus chuir sé rímhéad orm nuair a chonaic mé an liosta gur buachaill as Conamara a fuair an chéad áit. Creidim, pé ar bith teagasc a fuair an fear óg sin, go bhfuair sé i nGaeilge é.
Maidir le scéal seo na scoltacha—ni mian liom faid ró-mhór a bhaint as, ach is scéal práinneach é—tá beagnach gach coiste sa tír, is dóigh liom, taobh amuigh de na bailte ag iarraidh brú ar aghaidh le breis scoltacha a thógáil agus ní thaithníonn liom a fhaid is atá coscán ar imeachtaí na gcoistí maidir leis an taobh sin dá gcuid oibre.
Ní theastaíonn uaim cur sios ar gach contae ach ba mhaith liom mo chontae féin a thógáil mar shampla, mar beidh an coiste sin ina shampla chomh maith agus is féidir a fháil sa tír. Tá an coiste sin í gcónaí ag iarraidh na scéimeanna ata acu a leathnú. Ní uathu féin amhain é— cé go dteastaíonn uathu é a dhéanamh uathu féin—ach tá fórsaí taobh amuigh ag cur iachall orthu na seirbhísí a leathnú nó féachaint le hiad a leathnú más féidir. Ní bhíonn aon chruinniú ann nach léitear litreacha agus go rí-mhinic bíonn toscairí í mo thigh fhéin ag féachaint an bhféadfadh siad ranganna siúinéireachta, ranganna tís, ranganna seo nó ranganna siúd a fháil nó ag féachaint an féidir scoil a fháil.
Rud eile, ba dhoiligh coiste a fháil is fearr a thuigeas an mortghabháil atá orthu nó ba dhoiligh coiste a fháil is mó a bhfuil fonn orthu géilleadh do na hiarratais a thagas isteach chucu ná coiste na Gaillimhe. Mura bhfuil an obair i bhfad níos leithne ní ar an gcoiste atá an milleán agus go mor mhór ní ar an bpríomh-oifigeach atá an milleán. Tá moladh ag dul do na príomh-oifigigh frí chéile mar sheirbhísigh poiblí, mar sharánaigh agus mar Éireannaigh. Scoth na tíre iad. Sílim go dtig linn a rá i gContae na Gaillimhe go bhfuil duine de na daoine is fearr dá bhfuil orthu againn agus d'aontódh na príomh-oifigigh go léir leis an tuairim sin. Níl muid i ndon freastal ar an obair mar is cóir agus an fáth atá leis sin na luachála atá againn sa Chontae. Ní leor an méid airgid a gheibheas muid de thoradh na rátaí móide an deontas atá le fáil dá réir sin ón Roinn Oideachais le go mbeadh muid i ndon an obair is mian linn a dhéanamh. Tá scéimeanna oibrithe amach againn agus tá eolas maith ag muintir na Roinne orthu. Ar a laghad teastaíonn ocht scol nua uainn i nGaillimh gan trácht ar ranganna taobh amuigh de scoltacha.
Notice taken that 12 members were not present; House counted, and 12 members being present,