Mar léiríos an gearrtheideal is Bille é seo a bhfuil sé de chuspóir ginerálta aige cumhacht a thabhairt don Rialtas éifeacht dlí a thabhairt ó am go ham do choinbhinsiúin chonsalachta le tíortha eile. Baineann coinbhinsiúin chonsalachta le cearta, príbhléidí agus saoirsí oifigeach consalachta na bpáirtithe sna coinbhinsiún i dtíortha a chéile. Níl ach an t-aon Choinbhinsiún consalachta déanta againn go fóill—an ceann leis na Stáit Aontaithe, a síníodh an lú Bealtaine, 1950. Is é an gar-chuspóir atá leis an mBille cumhacht a thabhairt don Rialtas a chomhairlíú don Uachtarán an Coínbhínsíún sin a dhaíngniú. Tá sé daingnithe cheana féin ag Uachtarán na Stát Aontaithe. Is é ár gcleachtadh é i gcónaí deimhin a dhéanamh de go dtugann dlí intíre na hÉireann cumhacht dúinn ár n-oblagáidí eadarnáisiúnta a chomhlíonadh sara ngabhaimid na hoblagáidí sin orainn féin. Sin an fáth gur tugadh an Bille isteach sarar féidir an Coinbhinsiún a dhaingniú.
Ós cuid de dhlí na hÉireann an dlí eadarnáisiúnta, do réir Airteagail 29 den Bhunreacht, measfaí, b'fhéidir, nár ghá Bille mar é seo de bhrí go n-aithneofaí saoirsí agus pribhléidí oifigeach consalachta ar aon nós. Ní foláir, ámhthach, a thuiscint nach ionann oifigigh chonsalachta agus oifigigh taidhleoireachta agus go raibh difríocht tábhachtach riamh idir an dá dhream faoin dlí agus faoin ngnás eadarnáisiúnta. Ionadaí do stát ceannasach, a creidiúnaíodh chun stáit cheannasaigh eile, is ea toscaire taidhleoireachta, is cuma é a bheith ina ionadaí do rí nó d'impire nó do phoblacht. Le fada riamh tugtaí urraim ar leith don toscaire nó don ambasadóir, sa cháil sin dó, agus is é do-sháraitheacht a phearsan is bonn do na saoirsí agus na pribhléidí eile go léir atá aige. Tá na saoirsí agus na pribhléidí sin bunaithe go maith sa dlí eadarnáisiúnta. Is é an príomhcheann acu eis-tíriúlacht na hambasáide nó na léagáideachta ina gcónaíonn an t-ambasadóir nó an t-aire. Do réir teoiríce an dlí meastar gur geall le cuid dá chríocha dúchais teach cónaithe an toscaire agus nach mbaineann dlithe an stáit seo againne leis.
Luas an méid sin d'fhonn é a dhéanamh soiléir nach ngabhann aon cháilíocht acu sin leis an oifigeach consalachta. Níl an t-oifigeach consalachta ina ionadaí creidiúnaithe ó rialtas ceannasach chun rialtais cheannassaigh eile. Is chuige a ceaptar é chun náisiúnaigh a stáit féin a chosaint in áit áirithe agus is chun údarás áitiúla na háite áirithe sin a creídiúnaítear é. Bíonn coimisiún ceapacháin aige, ar ndóigh, agus is gnáthach, nuair a bhíonn rialtas na tíre a bhfuil sé lena fheidhmeanna a chomhlíonadh ann tar éis glacadh lena cheapadh, go dtugtar exequatur dó, ach ní thugann sin eis-tíriúlacht dó. Níl consal saor ón dlínse áitiúil. Tá a bheag nó a mhór d'aimhreas sa dlí eadarnáisiúnta i dtaobh na saoirsí is cóir a bheith ag consal de bhuaidh a oifige. De ghnáth meastar consal a bheith ina dteideal seo a leanas:—
1. Saoirse phearsanta i gcás gníomhartha a dhéanas sé i gcomhlíonadh a dhualgais oifigiúil, ar choinníoll go mbaineann na gníomhartha sin le feidhmeanna oifigigh chonsalachta do réir an dlí eadarnáisiúnta; agus
2. Saoirse do chairteanna na consalachta.
Mar is léir ón ngearr-thuairisc seo ar fheidhmeanna oifigeach consalachta, teastaíonn an Bille seo chun aon aimhris a bheadh ag baint leis an scéal a réiteach, chomh fada is tá an tír seo i gceist.
Déanann an Coinbhinsiún Consalachta leis na Stáit Aontaithe foráil i dtaobh pribhléidí agus saoirsí a thabhairt d'oifigigh chonsalachta Mheiriceánacha sa tír seo. Is gá, dá bhrí sin, go ndéanfaí soiléir sa Bhille gur féidir na pribhléidí sin a thabhairt dóibh. Is é prionsabal an Bhille ina leith sin de go dtabharfadh an dá Stát an chomaoin chéanna dá chéile. Ní tabharfar pribhléidí agus saoirsí faoin Acht d'oifigigh chonsalachta aon tíre mura deimhin leis an Rialtas go bhfaighidh oifigigh chonsalachta na hÉireann a gcothrom sa tír sin.