Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 24 Feb 1954

Vol. 43 No. 5

Bás Seanadóra.

Ní foláir nó ba thrua le Seanadóirí a chloisteáil i rith an tSosa go raibh an Seanadóir Séamas Mac Giollaruaidh tar éis bháis. Go ndéana Dia trócaire ar a anam.

Ba duine an Seanadóir Mac Giollaruaidh a thug grá dhá thír as a óige. Ghlac sé páirt sa ghluaiseacht náisiúnta trí ghabháil le Sinn Féin nuaír nach raibh an eagraíocht sin ach ina tús; bhí céim Aidiúnaigh Chathláin aige in Arm na Poblachta ina dhiaidh sin. Throid sé i gcatha uíle an Cheathrú Rannáin Iartharaigh ina Cheantar le linn Cogaidh na Saoirse. Gearradh príosúntacht air níos mó ná uair amháin mar gheall ar a ghníomhartha.

Toghadh ina chomhalta de Chomhairle Chontae Mhuigheo é i 1927 agus bhí sé ina chomhalta dhi sin agus de chomhluchta áitiúla eile i gContae Mhuigheo go dtí go bhfuair sé bás.

Toghadh chun Dáil Éireann é i 1943 mar ionadaí do Mhuigheo Thuaidh ar son Fianna Fáil agus hatoghadh ina dhiaidh sin é go dtí 1951. Toghadh chun an tSeanaid é i 1951 ar an Rolla Talmhaíochta.

Chaith an Seanadóir Mac Giollaruaidh dúthracth lena dhualgais phoiblí agus rinne sé freastal go dtí an deireadh, d ainneoin drochshláinte, ar an Seanad agus ar na comhairlí áitiúla a raibh baint agie leo. Is mór a aireos comhaltaí uile an tSeanaid uathu é. Duine lách múinte a bhí ann agus bhí gean ag Teachtaí agus ag Seanadóirí i gcoitinne air.

Cuirfead, le bhur gcead, bhur gcomhbhrón leo agus bhur meas air féin in iúl do bhaintreach an tSeanadóra Mhic Giollaruaidh agus dá ghaolta. Beannacht Dá lena anam.

Senators rose in their places.

Top
Share