Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Tuesday, 16 Mar 1954

Vol. 43 No. 8

Bás Seanadóra.

Is cúis bhróin le Seanadóirí, dála chách, an Seanadóir Séamas Ó Loingsigh d'fháil bháis ó bhí an cruinniú deireannach againn. Ba fada baint ag an Seanadóir Ó Loingsigh le saol poiblí na tíre. Bhí sé ina chomhalta de Dháil Eireann ó 1932 go 1948 ach amháin ar feadh scathamh gearr idir 1937 agus 1938. Toghadh ina Sheanadóir é, in olltoghchán 1951, ar an Rolla Chultúra agus Oideachais.

Is deimhin liom go bhfuil na Seanadóirí páirteach liom sa chomhbhrón le baintreach agus le clann an tSeanadóra ó Loingsigh. Go ndéana Dia trócaire ar a anam.

Senators rose in their places.

Top
Share