Ba mhaith liom, ar dtúis, cuntas garid a thabhairt ar stair na dtionscal tuatha atá i gceist faoin mBille seo, le cabhrú le Seanadóirí tuiscint soiléir fháil ar chuspóirí an Bhille. Síad na tionscail tuaithe atá i gceist ná tionscal an bhréidín, an tionscal cniotála agus bróidnéireachta agus tionscal na mbréagán. Bé Bord na gCeantar gCúng a bhunaigh na tionscail seo, ach amháin tionscal na mbréagán den chéad uair mar chuid de na hiarrachtaí a bhí á dhéanamh acu chun saol geilleagrach na gceantar gcúng a fheabhsú. Chuir an bord rómpu tionscail bhaile nó tionscail teaglaigh a chur chun chinn trí dheontais agus iasachtaí a thabhairt agus teagascóirí a chur ar fáil.
D'éirigh go réasúnta maith leis na tionscail seo, go háirithe i rith an chéad chogaidh mhóir, i gcás an bhréidín. De dheasca na ndeacrachtaí a tháinig ann tar éis na bacanna agus na coscanna a bhí i bhfeidhm ar an tionscal thall i Sasana i rith an chogaidh a bheith scaoilte, tháinig meath orthu timpeall na bliana 1920. Cuireadh deireadh le Bord na gCeantar gCúng sa bhliain 1923, agus socraíodh go roinnfí na dualgais a bhí á gcoimhlíonadh acu ar Ranna éagsúla. Faoí Ordú a rinne an Rialtais i mí Dheireadh Fómhair, 1956, do haistríodh na tionscail tuatha go léir ón Roinn Tailte go dtí Roinn na Gaeltachta.
Nuair a cuireadh Coimisiún na Gaeltachta ar bun sa bhliain 1925, rinne siad socrú maidir leis na tionscail tuatha agus mhol siad go mba chóir Lár-Ionad Margaíochta a chur ar bun chun cúrsaí díolacháin d'fheabhsú. Mholadar freisin go mba chóir tabhairt faoi aithbheochaint tionscail an bhréidín. Ag éirigh as na moltaí sin, do cuireadh Lár-Ionad Margaíochta ar bun i mBaile Átha Cliath agus tugadh an t-ainm "Gaeltarra Éireann" air. Níl ins an ainm sin, ar ndóigh, ach ainm trádála agus is faoi'n ainm sin a díoltar anois na hearraí uilig a déantar ins na tionscail tuatha.
Tá borradh mór taréis teacht ar na tionscail tuatha ón uair a bunaíodh iad. Do cuireadh tionscail nua ar fad— tionscail na mbréagán—ar bun sa bhliain 1938 agus rinneadh forbairt mhór ar na tionscail eile, go háirithe tionscal an bhréidín. Tugaim anseo cuntas gairid ar gach tionscal ar leith ón uair a cuireadh an Lár-Ionad Margaíochta ar bun.
Sa bhliain 1929, bhí an tionscal seo i riocht chomh holc sin go raibh líon na bhfíodóiri ag dul i laghad go tapaidh ó bhliain go bliain. Ní raibh eagraíocht ar bith ann chun bunabhar nó cumraí a chur ar fáil nó chun an bréidín a dhíol. Shocruigh Seirbhísi na Gaeltachta ar mhuileann sníomhacháin a bhunú i gCill Chártha agus eagraíocht margaíochta a chur ar bun. Cuireadh ranganna ar bun chun tuilleadh fíodóirí d'oiliúint agus cuireadh cumraí nua ar fáil. Mar thoradh ar obair na mblianta ó shoin i leith tá moharcha curtha ar fáil anois i gCill Chártha inar féidir gach gné den obair a dhéanamh idir sciúráil, meascadh, cárdáil, sníomhachán, fisiú agus críochnú, agus ina mbíonn breis agus céad oibrí fostaithe ó cheann ceann na bliana.
Chomh maith leis na hoibrithe seo, bíonn timpeall céad go leith fíodóir— agus an chuid is mó dhíobh ag obair ina dtithe féin—ag obair go rialta chun freastail ar ordaithe. Tá diolacháin bréidín méadaithe ó £18,075 sa bhliain 1935-36 go dtí £276,810 sa bhliain 1956-57. Díoltar 50 per cent. den bhréidín seo thar lear.
Tá 26 ionad cniotála agus dhá ionad bróidnéireachta faoi chúram Ghaeltarra Éireann faoí láthair agus cuirtear obair ar fáil do 300 oibrí lánaimsireach agus 700 oibrí páirtaimsireach a oibríonn in a dtithe féin. Cé nach ndeacha an tionscal maisín cniotála—munab ionann is an tionscal láimh-chniotáil—ar aghaidh chomh tréan le tionscal an bhréidín, tá earraí maisín-chniotála de luach timpeall £100,000 á ndíol go rialta le roinnt blianta anuas. Maidir leis na tionscail lámh-chniotála agus bróidnéireacht bhí díolacháin de luach £46,500 ann sa bhliain airgeadais 1956/57.
TIONSCAL NA MBRÉAGÁN.
Cuireadh an tionscal seo ar bun ag Cuan Éilí, Co. Mhuigheo, so bhliain 1938. Do hosclaíodh monarcha eile ag Croilí sa bhliain 1940 agus sa bhliain 1949, hosclaíodh monarcha eile sa Spidéal chun páirteanna bábóg a dhéanamh. Chomh maith le bréagáin, déantar málaí siopadóireachta ins an tionscal seo. Sé luach na n-earraí a díoltar sa bhliain ná timpeall £70,000. Tá tuairim 130 oibrí fostaithe sa tionscal seo.
Is léir mar sin go bhfuil athrú mór tagtha ar chúrsaí na dtionscal ón uair a bunaíodh iad mar thionscail teaghlaigh ag Bord na gCeantar gCúng. Chomh maith leis an obair sa mbaile, tá obair ar siúl i monarchanna agus in ionaid anseo agus ansiúd ar fuaid na Gaeltachta. Tá an cur-amach méadaithe go maith agus tá na tionscail anois ag braith cuid mhaith ar mhargaidh thar lear chun obair a choinneál leis na hoibrithe, go mór-mhór i dtionscal an bhréidín.
Ag féachaint don bhfás mór atá taréis teacht ar na tionscail le roinnt blian anuas agus don bhfíor go gcaithfidh siad bheith i ndon seasamh i gcoinne coimhlinte, go mór-mhór ins na tíortha thar lear, socraíodh go mba chóir a mheas ar cheart eagraíocht tráchtála a chur ar bun chun na tionscail a stiúradh agus gan iad a fhágáil ag obair go díreach faoi Roinn Stáit. Taréis dul isteach san scéal go mion is go cúramach, táim sásta nach bhfuil módh oibre na Stát-Sheirbhíse oiriúnach chun gnó tionsclaíochta den tsaghas seo d'oibriú go héifeachtúil.
Ní chuig obair den tsaghas seo a ceapadh módh oibre agus rialacha na Stát-Sheirbhíse. Ionas go mb'fhéidir na tionscail a fhorbairt níos fearr fós, tá sé fíor-riachtanach im thuairimse eagraíocht tráchtála i bhfoirm Boird, mar a léirítear sa Bhille, a chur ar bun agus na tionscail a chur faoina chúram.
Ní dóigh liom gur gá dhom dul isteach ró-mhion i bhforálacha an Bhille féin mar is dóigh liom go bhfuil siad ion-tuigthe ionntu féin. Tá an soláthar ins an mBille seo ar aon dul go ginearálta leis an soláthar a rinneadh i mBillí a ritheadh cheana féin i leith Boird Reachtúla. Go hathchomair, tá beartaithe bord ar a dtabharfar Gaeltarra Éireann a chur ar bun agus na tionscail tuatha a chur faoina gcúram. Tá sainmhíniú tugtha sa Bhille ar chomhachtaí agus dualgaisí an bhoird. Ina thaobh seo ní miste liom a rá anseo gur ghlac mé sa Dáil le leasú ar Alt 4 a chur fo-alt a dó nua ann, faoin a leagtar síos gurab é dualgas an bhoird cabhrú le caomhaint agus leathnú na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra sa Ghaeltacht. Tá sé leagtha síos chomh maith an dóigh ina gceapfar baill an bhoird agus na coinníollacha a bhaineas leis na ceapacháin. Aistreofar sócmhainní agus dliteanais na dtionscal tuaithe chuig an mbord nua. Cuirfear airgead ar fáil don bhord faoí Alt 25 mar dheontas chun gná-chostais d'íoc agus faoi Alt 26 cuirfear airleacain inaisíoctha ar fáil le haghaidh caiteachas caipitil an bhoird. Fé mar is gnáthach, cuirfear mar dhualgas ar an mbord cúntais a choinneál ar a n-ioncam agus ar a gcaitheachas, agus na cuntais a chur faoí bhráid an Aire.
Beidh ar an mbord, freisin, tuarascáil a thabhairt ar a gcuid imtheachtaí gach bliain.
Tá soláthar san mBille—altanna tríocha haon agus triocha dó (31 agus 32) go bhfuighidh an Dáil agus an Seanad Cóipeanna de na cuntais agus de na tuarascála a chuirfidh an bord ar fáil agus coinneofar Seanadóirí ar an eolas san dóigh sin ar conus mar atá obair an bhoird ag dul ar aghaidh.
Ceist ana-dheacair ar fad é cúrsaí geilleagrach na Gaeltachta fheabhsú. Fiú leis na buntáistí atá curtha ar fáil faoi reachtaíocht eile maidir le tionscail a bhunú nó a leathnú sna duthaigh is fuide siar sa tír, is leasc le tionsclóirí dhul isteach in áiteachaí iargcúlta. Caithfimíd, mar sin, aire faoi leith a thabhairt do na tionscail atá againn cheana sa Ghaeltacht, agus iad a chur chun cinn agus a leathnú chomh maith agus is féidir. Faoi'n mBille, beidh deis ag an mbord freisin tionscal nua a chur ar bun, a bheas oiriúnach don Ghaeltacht agus do mhuintir na Gaeltachta.
Táim lán-tsásta go rachaidh forálacha an mBhille seo chun sochair go maith don Ghaeltacht agus molaim é don Teach seo dá réir.