Tá an Bille seo á thabhairt isteach chun Achtanna na dTithe (Gaeltacht) a leasú agus a leathnú agus go háirithe na deontais éagsúla atá ar fáil faoi na hAchtanna sin a mhéadú.
Ón am a ritheadh an chéad Acht sa bhliain 1929 tá obair mhór déanta chun an caighdeán tithíochta sa Ghaeltacht a fheabhsú. Tógadh os cionn 6,000 tithe nua agus feabhsaíodh suas le 6,000 eile. Ina theannta sin cuireadh soláthar uisce isteach i mbeagnach 1,500 tithe; saoráidí séarachais i 1,400 tithe agus seomraí folcaidh i 1,000 eile nó mar sin. Bhain suas le 200 duine feidhm as na deontais chun seomraí speisialta le haghaidh cuairteoirí a chur lena dtithe. Le cúig bliana anuas tá ceithre bhrú agus ocht sealla déag tógtha agus tá sé cinn déag de sheallaí saoire á dtógáil faoi láthair.
Sílim gur féidir a rá go bhfuil caighdeán tithíochta na Gaeltachta chun tosaigh anois ar an gcaighdeán sna ceantracha tuatha eile. Suas le dhá mhilliún punt atá íoctha faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) go dtí seo: ar ndóigh ní raibh sa deontas tógála faoi Acht na bliana 1929 ach £80 i gcomórtas le £550 faoin mBille nua.
Ar fud na Gaeltachta i láthair na huaire meastar go bhfuil os cionn dhá mhíle tithe nua ag teastáil in ionad droch-thithe. Tá feabhsú ag teastáil i dtuairim 3,500 cásanna eile agus bheadh tuairim 100 tithe ag dul i léig in aghaidh na bliana. Ina theannta sin tá uisce, séarachas agus seomra folcaidh ag teastáil i mórchuid cásanna.
Is mithid, mar sin, na deontais éagsúla atá ar fáil faoi na hAchtanna a mhéadú chun go bhféadfaidh muintir na Gaeltachta leanúint ar aghaidh leis an obair atá riachtanach. Tabharfar faoi deara go bhfuiltear ar intinn na deontais mhéadaithe a luaitear sa Bhille a íoc amhail ó thosach Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, sé sin, an dáta céanna le haghaidh deontais ardaithe tithíochta, na Roinne Rialtais Áitiúil.
I dteannta caighdeán maith cónaithe a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta féin, ní foláir go mbeidh ar chumas na ndaoine freastal ar an líon cuairteoirí a bhíonn, agus a bheidh feasta, ag teacht chun na Gaeltachta ag foghlaim na Gaeilge. Chuige sin tá ar intinn agam feabhas a chur ar Scéim na Seallaí Saoire a tugadh isteach don chéad uair nuair a ritheadh Acht na dTithe (Gaeltacht), 1959. Bhí dhá chuspóir romhainn nuair a cuireadh tús leis an scéim sin, mar atá, saoráidí oiriúnacha cónaithe a chur ar fáil do chuairteoirí samhraidh ar mhian leo tréimhse saoire a chaitheamh sa Ghaeltacht agus deis ioncaim a sholáthar do na daoine sa Ghaeltacht a dhéanfadh freastal ar na cuairteoirí sin. Is trua liom nár eirigh leis an scéim go dtí seo chomh maith agus a bhíomar ag súil leis ag an am sin. Is cosúil gur mheas na daoine go raibh an deontas le haghaidh sealla saoire ro-bheag agus, ar an ábhar sin, tá i gceist é a mhéadú de 50 faoin gcéad sa Bhille seo. Tá súil agam go meallfaidh sé sin tuilleadh daoine sa Ghaeltacht chun seallaí saoire a thógáil.
Tá méadú an-mhór tagtha le roint bhlian anuas ar líon na bhfoghlaimeoirí Gaeilge sa Ghaeltacht, go háirithe daltaí scoile a théann ann faoi scéim eile atá á riaradh ag mo Roinnse. Tá gá anois le tuilleadh saoráidí cónaithe a chur ar fáil do na cuairteoirí seo. Chuige sin tá foráil nua á chur isteach sna hAchtanna chun a chur ar chumas dream daoine roint seallaí saoire a thógáil le chéile: beidh na deontais le fáil ag coistí ceadaithe —laistigh nó lasmuigh den Ghaeltacht —ach, ar ndóigh, beidh orthu na seallaí a thógáil sa Ghaeltacht.
Tá socrú á dhéanamh sa Bhille freisin chun a chur ar chumas mo Roinne-se an dara deontas tógála nó feabhsúcháin a dhiúltú i gcás duine a fuair deontas den tsórt sin cheana i leith tí cónaithe eile, má fheictear gur ceart é sin a dhéanamh.
Sin iad príomh-aidhmeanna agus príomhfhorálacha an Bhille seo. Cuirim faoi bhráid an Tí é lena bhreithniú agus molaim go nglacfar leis.