Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 7 Jun 1967

Vol. 63 No. 5

Order of Business.

It is proposed to take Nos. 1, 2 and 7. No. 7 will be taken after the tea adjournment. We desire to get the agreement of the House to finish No. 7 today.

I think that is agreed on this side of the House.

A Chathaoirligh, ba mhaith liom ceist a chur faoi Riar na hOibre. Sí ceist í: an bhfuil ar do chumas a chinntiú go ndéanfar tuairisciú cruinn oifigiúil ar óráid ar bith a thabharfar as Gaeilge ar aon chuid den clár oibre atá leagtha amach dúinn inniu nó do lá ar bith eile ach an oiread? Muran féidir leat é sin a chinntiú dúinn, caithfear a thúirt i gceist an ceart bunreachtúil atá ag Seanadóirí anso labhairt as Gaeilge má thógraíonn siad agus mar chomhthoradh ar sin an ceart atá aige a bhfuil le rá aige a chur ar thuairisc go h-oifigiúil.

Sé a thug orm an cheist seo a chur rud a thárla dhom anso an lá deireananach a raibh an Seanad ina shuí, an deichiú lá de Bhealtaine. Labhair mé as Gaeilge an lá sin ar thairiscint a bhí os comhair an Tí ag baint le Scéim Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí agus nuair a bhí deireadh ráite agam cuireadh in iúl dom nach raibh focal dá raibh ráite agam san Tuairisc Oifigiúil mar nach raibh aon áis daonna nó meicniúil ar fáil chun an tuairisciú sin a dhéanamh.

hIarradh orm ansin scríbhinn a dhéanamh dem chuid cainte le go gcuirfí sa Tuairisc Oifigiúil í ach cé go raibh an-drogall orm é sin a dhéanamh, thoiligh mé sa deireadh é a dhéanamh ar mhaithe leis an bhfoireann eagarthóireachta agus sí an scríbhinn sin a cuireadh sa Tuairisc Oifigiúil.

Anois, ní h-í seo an chéad uair agam a leithéidí seo a tharlú dhom agus leathchuma mar seo a chur orm de bhárr Gaeilge a úsáid sa Seanad ach d'fhonn an réitigh agus, freisin, le súil nach ngortófaí éinne níor thóg mé aon raic faoi go dtí seo. Ní i ngeall ar aon rud atá ag cur as dom go pearsanta atá mé ag casaoid ach go bhfeictear dom gur masladh ar an nGaeilge é an íde seo a chur uirthí i Seanad Éireann agus is gráin liom freisin an modh cam seo le brú ar dhaoine Béarla a labhairt sa Teach seo nuair is í an Ghaeilge is rogha leo.

Sé atá mé ag iarraidh fháil amach anois—an miste leatsa, a Chathaoirligh, a rá gan dul faoi nó thairis an leanfar don leatrom seo ar lucht labhartha na Gaeilge nó an bhfuil ar do chumas deimhne ar a mhalairt a thúirt dúinn?

Tá mé buíoch den Seanadóir as ucht a chur in iúl dom go raibh ar intinn aige an t-ábhar seo a tharraingt suas. Is oth liom go mór an rud atá tuitithe amach agus féachfaidh mé chuige nach dtarlóidh sé arís más féidir in Éirinn é.

On the Order of Business, I wonder indeed if the same assurance can be given in relation to the reports in English of the proceedings of this House? I have had in the last couple of debates which we have had here the difficulty of reading through all the transcripts for the purpose of seeing that some sense was put into the transcript as taken down. I know, a Chathaoirligh, the matter will be brought to the Committee of Procedure and Privileges tomorrow. I quite agree with Senator Ó Conalláin that it is highly desirable that proper provision should be made for the accurate reporting of the debates in Irish and in English.

Mar adúirt an Seanadóir cuirfear an cheist seo os comhair an Choiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí agus tabharfar breith amárach.

Top
Share