Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 14 Nov 1973

Vol. 76 No. 1

Private Business. - An Bille Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge), 1973: An Dara Céim agus na Céimeanna Deiridh. Place-names (Irish Forms) Bill, 1973: Second and Subsequent Stages.

Tairgeadh: "Go léifear an Bille an Dara hUair anois."
Question proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Is é cuspóir an Bhille a shocrú go mbeidh feasta ag foirmeacha Gaeilge logainmneacha na hÉireann an seasamh céanna sa dlí atá anois ag na foirmeacha Béarla atá in úsáid go hoifigiúil. Dá n-úsáidfí anois logainm Gaeilge i reacht nó in aon cháipéis dlí, ní bheadh aon chinnteacht ann caidé an réim thíre a bheadh i gceist, mar d'fhéadfadh go mbeadh leaganacha eile Gaeilge in úsáid don réim chéanna nó an t-ainm céanna do réimeanna eile. Ní cosúil gur ghá d'aon chúirt na logainmneacha Gaeilge a aithint.

Mar réiteach ar an deacracht sin, bhéarfaidh an Bille seo cumhacht don Aire Airgeadais, tar éis dó comhairle a fháil ón Choimisiún Logainmneacha, ordú nó orduithe a dhéanamh ag sonrú foirmeacha Gaeilge na logainm lena n-úsáid chun críocha dlí.

Cheapadh an Coimisiún Logainmneacha trí bhrántas an Aire Airgeadais dár dháta 24 Deireadh Fómhair, 1946, chun logainmneacha na hÉireann a scrúdú agus chun liostaí de na logainmneacha sin ina bhfoirm Ghaeilge a ullmhú le foilsiú agus le húsáid go hoifigiúil. Sa bhliain 1955 socraíodh gur i gcumas comhairlitheach, faoi Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis, a d'oibreodh an Coimisiún feasta, agus sa bhliain 1957 cheapadh foireann taighde logainmneacha sa tSuirbhéireacht Ordanáis. Ón am sin i leith, tugann an Coimisiún comhairle faoi logainmneacha Gaeilge na tíre, an chomhairle sin bunaithe ar an taighde a rinne an fhoireann logainmneacha. Tá comhairle tugtha cheana féin ag an gCoimisiún faoi ainmneacha Gaeilge na bpostbhailte ar fad—clúdaíonn na postbhailte gach cathair, baile mór agus sráidbhaile sa tír.

Tugann alt 2 cumhacht don Aire ordú logainmneacha a dhéanamh ag sonrú na bhfoirmeacha dlíthiúla Gaeilge de logainmneacha. Beidh cumhacht aige ordú den sórt sin a leasú nó a chúlghairm, ach ní meastar go mbeidh gá leis an gcumhacht sin ach go fíorannamh. Leagfar gach ordú faoi bhráid Tithe an Oireachtais agus beidh cumhacht acu sin iad a chur ar neamhní taobh istigh de thréimhse áirithe.

Tugann alt 3 seasamh i ndoiciméid dlíthiúla do na foirmeacha Gaeilge a bheas ordaithe ag an Aire.

Ní dhéanann an Bille aon athrú ar sheasamh ná ar úsáid na logainmneacha Béarla. I gcás logainmneacha Gaeilge a bhfuil feidhm dlí acu faoi achtachán eile, ní bhainfeadh an Bille seo an fheidhm sin díobh.

Mar fhocal scoir ba mhaith liom anois chomgháirdeas a dhéanamh le foireann an Choimisiúin Logainmneacha as ucht an oiread sin oibre atá déanta acu i rith na mblianta. Táimse an-bhuíoch dóibh go léir thar cheann an tsaothair inmholta a rinneadar agus na deá-chomhairle a thugadar don Aire sna cúrsaí a bhaineann leis an mBille seo. Cúnamh mór don Aire a bheidh sa chomhairle sin agus, ar ndóigh, ins na tuairimí eagsúla a nochtfar ins an Teach seo chun cuspóir agus spiorad an Bhille seo a chur ar aghaidh.

Molaim an Bille seo don Seanad. Tá súil agam gur coitianta a úsáidfear foirmeacha Gaeilge logainmneacha dá bharr agus tá súil agam go mbainfidh údaráis phoiblí, na boird Stáit agus na húdaráis áitiúla ina measc, úsáid as na foirmeacha dlíthiúla a leagfar síos nuair a achtófar an Bille.

Is mian liom fáilte a chur roimh an mBille seo. Is beag atá ann ach seasamh, aithint agus feidhm dlí a thúirt do na logainmneacha Gaeilge chomh maith leis na logainmneacha Béarla. Is mór an trua gur deineadh aithriú ar na logainmneacha riamh agus gur cuireadh leagan Béarla orthu, mar bhí binneas agus cruinneas Gaeilge ins na sean logainmneacha chomh maith le stair. Léiríodh iontu freisin cultúr na tíre. Tá súl agam go ndéanfaidh muintir na hÉireann an rud atá molta anseo ag an Aire, sé sin, go mbainfear úsáid as na logainmneacha Gaeilge sin i bhfad níos minicí ná mar atá á dhéanamh.

Ba mhaith liomsa chomh maith fáiltiú roimh an mBille seo. Mar adúirt an Seanadóir Uí Eachthéirn, is mór an trua gur deárnadh athraithe ar na hainmneacha Gaeilge a bhí ar áiteanna ar fud na tíre. Feictear dom féin gur deárnadh scrios ina lán cásanna ar na hainmneacha áite seo atá i nGaeilge, míniú faoi leith ag cuid mhór dóibh. Tugadh ainmneacha ar áiteanna mar gheall ar thréithe faoi leith a bhí ag na háiteanna sin agus nuair a rinneadh an t-aistriú go Béarla ar an logainm ní deárnadh ariamh an míniú bunúsach a bhí leis an chéad lá a léiriú nó an chúis gur tugadh an t-ainm sin air.

Maidir leis an mBille, ba mhaith liom a rá go bhfuil feidhm dlíthiúil dhá túirt do leaganacha Gaeilge. Bheadh meascán uafásach ann dá mbeadh na hainmneacha Gaeilge ar fad dhá n-úsáid ar pháipéirí dlíthiúla toisc go bhfuil an oireadh sin áiteanna go bhfuil an t-ainm céanna orthu ar fud na tíre, ainmneacha an-choitianta cosúil le Ceathrú Mór, Ceathrú Beag agus ainmneacha dá leithéid, agus caithfidh go bhfuil scór dóibh seo ar fud na tíre.

Chomh maith leis sin, ba mhaith liom moladh beag amháin a thabhairt nuair atá logainmneacha Gaeilge dhá n-aistriú. An bhfuil aon rud mí-cheart leis seo, go n-aistreofaí é de réir na fuaime, sé sin, phonetic translation mar adéarfá, agus sa gcaoi sin tuigim nach mbeadh míniú ar bith leis an bhfocal Béarla ach ar a laghad bheadh an fhuaim cheart ag an mBéarla agus cuir i gcás ní bheadh muid ag cailliúnt an dá rud, an fhuaim agus an miniú, agus ina lán áiteanna b'fhearr an "phonetic translation" seo ná focal nua, focal stráinséartha as a nua a cheapadh mar níl ciall ná réasún le cuid mhór de na h-aistriúcháin seo? Mar fhocal scoir, ba mhaith liom arís fáilte a chur roimh an mBille agus ba mhaith liom achainí a dhéanamh go mba chóir logainmneacha go bhfuil ciall agus réasún agus creidiúnt leo, go mbeadh siad dhá n-úsáid againn chomh minic agus is féidir.

Ba mhaith liomsa, fosta, fáilte a chuir roimh an mBille. Aontaím go mór leis an Rúnaí Parlaiminte agus le gach rud adúirt sé mar gheall air. Tá a fhios agam go bhfuil spéis faoi leith aige san ábhar seo agus sa Ghaeilge chomh maith. Aontaím fosta leis an méid adúirt na Seanadóirí eile. Sílim gur céim sa treo ceart í.

Nuair a tógfar isteach an modh méadrach sa tír seo beidh orainn comharthaí bóthair nua a chur suas mórthimpeall na tíre.

Ar an ábhar sin, beidh seans againn an litriú ceart agus an foirm cheart de na logainmneacha a chur orthú. Níl sé de cheart ag comhairle chontae nó ag dream ar bith eile dá ainm éagsúla a chur ar an gcomhartha bóthair céanna. I mo dháilcheantar tá áiteanna mar Loch Gamhna ann agus sé an rud céanna i mBéarla agus i nGaeilge é. lán áiteanna mar sin ar fud na tíre. Cuireann sé isteach go mór ar na turasóirí agus daoine nach iad dhá fhoirm den ainm céanna a fheiscint. Sílim nach bhfuil tír ar bith ann agus dhá fhoirm á n-úsáid acu ar na comharthaí.

Feictear domsa go léiríonn na comharthaí bóthair ár náisiúntacht. Tugann cuairteoirí an-áird orthu. Is minic a chonnaic mé iad ag tógáil griangraf dá chéile os comhair comhartha bóthair chun a chruthú dá gcáirde sa bhaile go raibh siad i nÉirinn. Táimíd bróidiúil as ár gcuid logainmneacha. Mar náisiún, ní cheart dúinn na sean-ainmneacha Gaeilge a ligint i léig. Níor dhein tín ar bith san Eoraip é sin riamh. Sa bhFrainc, sa Ghearmáin nó i dtíortha eile, ní aistrítear ainmneacha áiteanna chun cuidiú leis na cuairteoirí agus ní fheicim gur ceart dúinn é a dhéanamh anseo.

Is Bille an-mhaith é seo. Tugann sé feidhm dlí do na foirmeacha Gaeilge. Mar fhocal scoir, ba mhaith liom é seo a rá. Níor aontaigh mé riamh le haistriúchán a dhéanamh ar ainmneacha áiteanna nuair is deacair aistriúchán ar bith a dhéanamh orthu, cuir i gcás, Virginia im dháilcheantair féin. Ní dheanfainn aistriú ar bith ar ainm mar sin. Tá stair ag baint leis an ainm sin.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí uilig a bhí páirteach sa díospóireacht. Is féidir leo bheith cinnte nach ndéanfar amach anseo dearmad ar a bhfuil ráite acu. Ba mhaith liom tagairt ghearr a dhéanamh do chuid de na tuairimí a nochtadh le linn na díospóireachta. Dúirt an Seanadóir Bean Cáit Uí Eachthéirn gur tréigeadh na logainmneacha Gaeilge le céad go leith bliain anuas. D'aontóinn go h-iomlán léi. Sé fírinne an scéil inniu nach bhfuil feidhm dlí ag baint le foirmeacha Gaeilge fiú amháin sna ceantracha atá suite i lár cheantair Gaeltachta—cuir i gcás an Spidéal, An Cheathrú Rua nó áit ar bith eile, cé acu theas nó thuaidh í. Níl feidhm dlí ag baint leis "An Spidéal" nó leis "An Ceathrú Rua". Níl aithint ag dul ach do na foirmeacha Béarla nach bhfuil iontu ach truailliú ar an fhíor-fhoirm Ghaelach a bhí ann fadó.

Bhí áthas orm a leithéid sin a chloisteáil ón Seanadóir Uí Eachtéirn. Is minic a cheap mé féin an rud céanna agus go raibh an smaoineamh céanna agam. Is mithid dúinn anois athrú a dhéanamh ar an scéal, ach má dheinimid amhlaidh níor mhiste dhúinn smaointí an Seanadóir Dolan a choinneáil in ár n-aigne. Cheap mé go raibh an smaoineamh a bhí aige an-chiallmhar ar fad.

Is amaideach an rud é bheith ag iarraidh cur i gcéill nó cur ina luí ar stróinséirí nó fiú amháin ar lucht na dúiche féin gur ceantar fíor-Ghaelach é, cuir i gcás Virginia. Nuair a rinne sé tagairt do Virginia bhí an t-ainm sin síos agam sul ar labhair sé. An túisce a sheas sé scríobh mé síos Virginia. "Eacha an Iubhair" an Ghaeilge oifigiúil atá ar an mbaile sin ach, mar sin féin, is cur-i-gcéill é bheith ag iarraidh cur ina luí ar dhaoine gurab é sin an focal ceart ar an gceantar, go mór mhór má bhaineann stair leis, bíodh an stair olc nó maith ó thaobh náisiúntachta dhe, ach is fearr é mar sin féin agus ní féidir an stair a chealú. Má bhaineann stair faoi leith le ceantar ar bith, ba chóir an t-ainm—agus pé ainm Gaeilge nó ainm Béarla a bheadh i gceist—a fhágáil leis an áit sin agus gan bheith ag cur-i-gcéill faoi.

Ar an dá phointe sin ba mhaith liom aontú go hiomlán leis an mbeirt Sheanadóir on bhFreasúra a labhair agus ba mhór an t-áthas dom é an méid a chuala mé uathu. Aontaím chomh maith leis an Seanadóir O'Toole faoin méid adúirt sé faoin meascán uafásach logainmneacha, mar adúirt sé, atá le feiceáil mórán chuile áit sa tír seo. Cháin mé an meascán seo agus an ráiméis seo an tseachtain seo caite nó an tseachtain roimhe sin sa Dáil.

Tá, dar liom féin, tábhacht anmhór ar fad leis na comharthaí bóthair cé go mb'fhéidir gur beag an fhadhb dúinn í i gcomparáid le, cuir i gcás, fadhb an leictreachais nó fadhb stailc na ndochtúirí, nó fadhb ar bith eile. Is beag an rud é acht imeoidh, le cúnamh Dé, stailc na ndochtúirí agus imeoidh an t-easpa leictreachais, ach ina dhiaidh sin go léir beidh muid cráite le droch-Ghaeilge agus le comharthaí lochtacha agus iad ina gcúis náire dúinn atá ag iarraidh a chur ina luí ar dhaltaí scoile agus eile go mba chóir dóibh meas a bheith acu ar an nGaeilge.

Dúirt an Seanadóir Dolan gur fuinneog an náisúin an comhartha bóthair. Thagair sé do chuairteoirí nó do stróinséirí a thagann go dtí an tír seo agus a ligeann do dhaoine eile pictiúirí, griangraf a dhéanamh dóibh agus iad ina seasamh roimh comhartha bóthair amach. Bhuel, más fuinneog an náisiúin an comhartha bóthair, nach náireach an rud é go dtugann an stróinséir nó an cuairteoir Gaeilge abhaile agus seans nach bhuil ar an gcomhartha bóthair sin acht truaiflisc agus raiméis agus slapaireacht, agus sin an rud is mó a chuireann olc ormsa. Tá cineál amhrais orm go bhfuil tuairim ag údaráis an Stáit, pé acu Ranna Stáit i mBaile Átha Cliath nó údaráis áitiúla, nó údaráis de chineál ar bith eile, uair ar bith go mbíonn Gaeilge ag teastáil go n-déanfaidh slapaireacht de chineál ar bith an gnó. "Any old slobber will do," sin é an smaoineamh atá ina gceann siúd.

Tá sin cinnte agus tá mé féin bréan de agus tá mé cinnte go bhfuil an Seanadóir O'Toole bréan de nuair a thagair sé don mheascán uafásach sin, agus tá mé cinnte go bhfuil an Seanadóir Dolan agus an Seanadóir Uí Eachthéirn bréan de chomh maith. Is mithid agus is ró-mhithid dúinn é sin a athrú agus deireadh a chur leis má tá muid dáiríre faoi mheas a mhúscailt imeasc an phobal faoi athbheochaint na Gaeilge nó fiú amháin faoin Ghaeilge a choinneáil beo sna limistéirí beaga ina bhfuil sí beo fós.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Seanad thar cheann an Aire. Ní bheinn féin anseo ach go raibh gnó tábhachtach ag brú ar an Aire. Ní bhaineann an Bille seo liomsa beag nó mór ach tá mé buíoch dena Seanadóirí a bhí páirteach sa díospóireacht agus tá mé cinnte nach rachaidh na tuairimí a nocht siad amú orainn.

Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
D'aontaídh na Céimeanna eile a thógaint inniu.
Agreed to take remaining Stages today.
Chuireadh an Bille tré Chéim an Choiste, thuairscíodh é gan leasú, ghlachadh leis chun an bhreithniú deireadh a thabhairt air agus ritheadh é.
Bill put through Committee, reported without amendment, received for final consideration and passed.
Top
Share