Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 5 Dec 1979

Vol. 93 No. 5

Private Business. - Industrial Research and Standards (Amendment) Bill, 1979: Committee and Final Stages.

Section 1 agreed to.
SECTION 2.
Question proposed: "That section 2 stand part of the Bill."

Ba mhaith liom ceist amháin a chur ar an Aire. Tugaim faoi deara go bhfuil na focail "without any guarantee by the Minister for the due repayment of sums borrowed" i bhfo-alt (2) don alt seo, ach gur fágadh ar lár iad i bhfo-alt (1). Ar mhiste don Aire a mhíniú cén bhrí atá leis an difríocht sin? Sin an chéad cheist. An dara ceist, an bhfuil mórán difríochta anois idir an ráta úis a ghearrtar nuair a théann an Rialtas i mbannaí go n-aisíocfar an iasacht, agus an ráta úis a bhaineann le iasacht nach bhfuil aon tacaíocht ón Rialtas taobh thiar di?

An freagra don dara cheist, ni bheinn cinnte, ach tuigim nach bhfuil aon difríocht idir an ráta úis a ghearrfaí orthu ó rachaidís i bhfiaca agus an Stát taobh thiar dóibh agus an ráta úis a ghearrfaí orthu gan an Stát taobh thiar dóibh. Na focail "without State guarantees for the repayment of sums borrowed", sin rud a raibh roinnt mhaith díospóireachta faoi sa Dáil, agus níl aon rud ann i ndáiríre. An fáth is mó a bhí leis an mBille seo ar dtús ná go dtabharfaí cead don IIRS airgead a fháil ar iasacht ó bhainc leis an treallamh atá ag teastáil uathu le deileáil go ginearálta i dtionsclaíocht a cheannach. Ní raibh ar a gcumas go dtí seo airgead a fháil ar iasacht. Bhí an cumas sin ag CTT agus ag an IDA agus ag eagraíochtaí eile Stáit nach iad, agus le déanaí anuas bhí sé tagtha go dtí an pointe gur ghá don IIRS iasachtaí airgid nó overdrafts a bheith acu ag deireadh na bliana mar gheall ar nach raibh a gcuid custaiméirí ag íoc chomh luath agus ba cheart dóibh. Shocraímar mar sin, i gcomhairle leis an IIRS, go gcaithfí an seans a thabhairt dóibh iasacht a fháil ó bhainc chun cuidiú leo treallamh den sórt seo a cheannach. I gcás treallaimh go hiondúil, an saghas a bheadh i gceist acu á cheannach agus nach raibh ar a gcumas fhéin íoc as, seo an t-aon bhealach amháin a bhféadfaidís airgead a fháil ar iasacht ó bhainc, mar bheadh ar an treallamh fhéin ais-íoc a dhéanamh, más é sin an chaoi cheart chun é sin a rá.

Nuair a deirimid "without State guarantee" níl sé i gceist go níodh an tAire ná an tAire Airgeadais nó an tAire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh a gcuid lámh den airgead a d'fhéadfaidís a fháil ar iasacht. Is féidir, ag aon am, leis an Aire Airgeadais nó an Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh an guarantee sin a thabhairt, ach seans a thabhairt don Institute a bheith neamhspleách ar guarantee a fháil ón Aire. Níl mé róchinnte faoin ráta úis, ach tuigim nach bhfuil aon difríocht idir an dá shaghas.

Mura bhfuil difríocht ann anois idir an ráta úis a ghearrtar nuair a bhíonn barántas Rialtais ann agus nuair nach mbíonn, níl a thuilleadh suime agam sa cheist, ach bíodh an difríocht sin ann agus sin an fáth ar chuir mé an cheist. Níl mé i gcoinne an chumhachta seo a thabhairt don IIRS, ar ndóigh, ach má cheiltear an barántas orthu ins an dara chás, agus tuigim an fáth atá le sin, bhí mé in amhras faoi cén bhail a bhí orthu nuair a bhí siad ag lorg iasachta ón mbanc. I gcás iasachta ón mbanc go h-áirithe, bhíodh sé i gceist fadó go bhfaigheadh siad ar ús níos ísle iad nuair a bhíodh tacaíocht Rialtais taobh thiar dóibh.

Níl mé cinnte an bhfuil aon difríocht idir an dá chás.

Question put and agreed to.
Section 3 agreed to.
Title agreed to.
Bill reported without amendment, received for final consideration and passed.
Top
Share