Tá orm a chur in iúl don Teach go bhfuarthas litir dar dáta 22 Eanáir 1980 ó Rúnaí, Roinn an Taoisigh maidir le sannadh na Roinne Fuinnimh do Sheoirse Ó Colla agus sannadh na Roinne Iompair do Ailbhe Mac Raghnaill.
Leagfar amach an litir ar an ngnáthmhodh i gCín Lae an Tí. De dhroim an chraolta seo, clófar í freisin i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.
I have to inform the House that a letter dated 22nd January 1980 has been received from the Secretary, Department of the Taoiseach, in relation to the assignment of the Department of Energy to George Colley and the assignment of the Department of Transport to Albert Reynolds.
The letter will be set out in the usual manner in the Journal of the House. Consequent on this announcement, it will also be printed in the Official Report of the Debates.
Uimhir Thagartha
Ref. No.
S.21098
Roinn an Taoisigh
Department of the Taoiseach
Baile Atha Cliath, 2.
Dublin, 2.
22 Eanáir, 1980.
Cléireach an tSeanaid
Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Taoiseach inné, i bhfeidhmiú na gcumhacht a thugtar dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis
(1) sannadh na Roinne Fuinnimh do
Mhícheál Ó Cinnéide
(Michael O'Kennedy)
a fhorcheannadh agus an Roinn Fuinnimh a shannadh do
Sheoirse Ó Colla
(George Colley),
comhalta den Rialtas
le héifeacht ón 22ú lá d'Eanáir, 1980; agus
(2) sannadh na Roinne Iompair do
Sheoirse Ó Colla
(George Colley)
a fhorcheannadh agus an Roinn Iompair a shannadh do
Ailbhe Mac Raghnaill
(Albert Reynolds),
comhalta den Rialtas,
le héifeacht ón 25u lá d'Eanáir, 1980.
D. Ó Súilleabháin,
Rúnaí.