Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 17 Dec 1980

Vol. 95 No. 6

Resignation and Appoinment of Ministers

An Cathaoirleach: Tá orm a chur in iúl don Teach go bhfuarthas litreacha dar dáta 16 Nollaig 1980 ó Rúnaí an Rialtais maidir le

I have to inform the house that letters dated 16th December 1980 have been received from the Secretary to the Government in relation to

(1) Mícheál Ó Cinnéide a éirí as oifig mar chomhalta den Rialtas;

(1) the resignation of Michael O'Kennedy as a member of the Government;

(2) Tomás Ó Nualláin a cheapadh mar chomhalta den Rialtas; agus

(2) the appointment of Tom Nolan as a member of the Government; and

(3) Ranna Stáit a shannadh.

(3) the assignment of Departments.

Leagfar amach na litreacha ar an ngnáthmhodh i gCín Lae an Tí. De dhroim an chraolta seo, clófar iad freisin i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.

The letters will be set out in the usual manner in the Journal of the House. Consequent on this announcement, they will also be printed in the Official Report of the Debates.

Roinn an Taoisigh

Department of the Taoiseach

Baile Átha Cliath 2

Dublin 2

Uimhir Thagartha

Ref. No. S.21098B

16 Nollaig, 1980.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an tUachtarán, ag gníomhú dó ar chomhairle an Taoisigh, tar éis glacadh inniu, de bhun Airteagail 28.9.3º den Bhunreacht, le

Mícheál Ó Cinnéide

(Michael O'Kennedy)

d'éirí as oifig mar chomhalta den Rialtas le héifeacht ó 3.30 p.m. ar an 16 Nollaig, 1980.

Dermot Nally

Rúnaí an Rialtais.

Roinn an Taoisigh

Department of the Taoiseach

Baile Átha Cliath 2

Dublin 2

Uimhir Thagartha

Ref. No. S.21098B

16 Nollaig, 1980.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit

(1) go bhfuil an tUachtarán, ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis

Tomás Ó Nualláin

(Tom Nolan),

comhalta de Dháil Éireann, a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, mar chomhalta den Rialtas; agus

(2) go bhfuil an Taoiseach, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, inniu tar éis

(a) sannadh na Roinne Saothair do

Eoghan Mac Gearailt

(Gene Fitzgerald)

a fhorcheannadh agus an Roinn Airgeadais a shannadh dó agus

(b) an Roinn Saothair a shannadh do

Thomás Ó Nualláin

(Tom Nolan),

comhalta den Rialtas.

Dermot Nally

Rúnaí an Rialtais.

Top
Share