Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Thursday, 16 Jul 1981

Vol. 95 No. 23

Appointment of Taoiseach, Members of Government, Etc.

Tá orm a chur in iúl don Teach go bhfuarthas litreacha dar dáta 30 Meitheamh agus 10 Iúil, 1981 ó Runaí an Rialtais maidir le

(a) Gearóid Mac Gearailt a cheapadh mar Thaoiseach;

(b) comhaltaí den Rialtas a cheapadh;

(c) ainmniú an Tánaiste;

(d) sannadh na Ranna Stáit; agus

(e) Airí Stáit a cheapadh.

Clófar na litreacha i gCinn Lae an Tí agus i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.

I have to inform the House that letters dated 30th June and 10th July have been received from the Secretary to the Government regarding

(a) the appointment of Garret FitzGerald as Taoiseach;

(b) the appointment of members of the Government;

(c) the nomination as Tánaiste;

(d) the allocation of Government Departments; and

(e) the appointment of Ministers of State.

The letters will be printed in the Journal of the House and in the Official Report of the Debates.

Uimhir ThagarthaRef. No.S.22083

ROINN AN TAOISIGHDepartment of the TaoiseachBAILE ÁTHA CLIATH, 2.Dublin, 2.30 Meitheamh, 1981.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil

(1) an tUachtarán, ar ainmniú Dháil Eireann, tar éis Gearóid Mac Gearailt a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.1º den Bhunreacht, mar Thaoiseach;

(2) an tUachtarán, ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, mar chomhaltaí den Rialtas agus bheith, i dteannta an Taoisigh, mar Rialtas:—

Micheál Ó Laoire,

Peadar de Barra,

Séamus Ó Táithligh,

Tomás Mac Giolla Phádraig,

Eibhlín Uí Dheasmhumhnaigh,

John Bruton,

Liam Ó Caomhánach,

Pádraig Ó Cuana,

Seán Ó Ceallaigh,

Seán Ó Beoláin,

Pádraig Ó Tuathail,

Séamus Mistéal

agus

Alan Dukes;

(3) an Taoiseach tar éis Micheál Ó Laoire a ainmiú inniu, de bhun Airteagal 28.6.1º den Bhunreacht, chun bheith ina Thánaiste; agus

(4) an Taoiseach, i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dó le halt 4 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis na Ranna Stáit seo a leanas a shannadh inniu do na comhaltaí faoi seach den Rialtas a luaitear a n-ainmneacha os coinne ainmneacha na Ranna:—

An Roinn Fuinnimh

Micheál Ó Laoire,

An Roinn Comhshaoil

Peadar de Barra,

An Roinn Cosanta

Séamus Ó Táithligh,

An Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta

Tomás Mac Giolla Phádraig,

An Roinn Sláinte agus an Roinn Leasa Shóisialaigh

Eibhlín Uí

Dheasmhumhnaigh,

An Roinn Airgeadais

Jhon Bruton

An Roinn Saothair agus Roinn na Seirbhíse Poiblí

Liam Ó Caomhánach

An Roinn Iompair agus an Roinn Poist agus Telegrafa

Pádraig Ó Cuana,

An Roinn Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha

Seán Ó Ceallaigh,

An Roinn Oideachais

Seán Ó Beoláin,

Roinn na Gaeltachta

Pádraig Ó Tuathail,

An Roinn Dlí agus Cirt

Séamus Mistéal

agus

An Roinn Talmhaíochta

Alan Dukes.

DERMOTNALLY,

Rúnaí an Rialtais.

Uimhir Thagartha

ROINN AN TAOISIGH

Ref. No.

Department of the Taoiseach

S.22084

BAILE ÁTHA CLIATH, 2.

Dublin, 2.

30 Meitheamh, 1981.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas, ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), (Uimh. 2), 1977, arna leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980, tar éis gach duine faoi leith acu seo a leanas a cheapadh inniu chun oifig an Aire Stáit a luaitear os coinne a n-ainmneacha:—

Gearóid Ó Stráinse, T.D.

(Gerald L'Estrange, T.D.),

Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh agus ag an Roinn Cosanta (agus freagracht specisialta air mar Phríomh-Aoire Rialtais),

Mícheál Ó Beaglaoi, T.D.

(Michael Begley, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta (agus freagracht speisialta air maidir le Turasóireacht),

Seosamh Mac Fheorais, T.D.

(Joseph Bermingham, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais (agus freagracht speisialta air maidir le hOifig na nOibreacha Poiblí),

Éamonn Ó Coileáin, T.D.

(Edward Collins, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Fuinnimh (agus freagracht speisialta air i ndáile le Taiscéaladh Ola agus Mianraí),

Domnaill Ó Criod, T.D.

(Donal Creed, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Sláinte (agus freagracht speisialta air maidir le Sláinte),

Micheál Ó Dorchaidhe, T. D.

(Michael J. D'Arcy, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta (agus freagracht speisialta air maidir le Táirgíocht agus Margaíocht),

Barra Deasún, T.D.

(Barry Desmond, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais (agus freagracht speisialta air maidir le Pleanáil Eacnamaíoch),

Máire Ní Fhlaithbheartaigh, T.D.

(Mary Flaherty, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Leasa Shóisialaigh (agus freagracht speisialta uirthi maidir le Bochtaine agus an Teaghlach),

Micheál Ó Céithin, T.D.

(Michael Keating, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Oideachais (agus freagracht speisialta air maidir leis an Óige agus Spórt),

Tadhg Ó Nialláin, T.D.

(Ted Nealon, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíocht (agus freagracht speisialta air maidir le Limistéir Thearcfhorbartha),

Fearghas Ó Briain, T.D.

(Fergus O'Brien, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Comhshaoil (agus freagracht speisialta air maidir le Tithíocht),

Séamus Ó Caoimh, T.D.

(Jim O'Keeffe, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha (agus freagracht speisialta air maidir le Forbairt Thar Lear)

agus

Risteard Mac an Earraigh, T.D.

(Dick Spring, T.D.),

Aire Stáit ag an Roinn Dlí agus Cirt (agus freagracht speisialta air maidir le hAthchóiriú an Dlí).

Uimhir Thagartha Ref. No.S.22084

ROINN AN TAOISIGHDepartment of the TaoiseachBAILE ÁTHA CLIATH, 2.Dublin 210 Iúil, 1981.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas inniu, ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, arna leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980, tar éis

Pádraig Ó hAirt, T.D.

(Patrick D. Harte, T.D.),

a cheapadh chun oifig Aire Stáit ag an Roinn Poist agus Telegrafa (agus freagracht speisialta air maidir le teileachumarsáidí).

DERMOT NALLY,

Rúnaí an Railtais.

Top
Share