Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Tuesday, 13 Jul 1982

Vol. 98 No. 9

Comhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta: Tairiscint.

Tairgím:

Go ndearbhaíonn Seanad Éireann, mar gur léir dó gur gá leanacht le tacaíocht a thabhairt do na Gaeltachtaí agus lena bhforbairt agus gur cás leis an phoiblíocht le gairid faoi oibriú Údarás na Gaeltachta, go bhfuil sé caothúil go ndéanfadh an Comhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta scrúdú ar ghnóthaí Údarás na Gaeltachta mar ábhar práinne agus go ndéanfadh sé moltaí chun feabhas a chur ar fheidhmiú Údarás na Gaeltachta.

Ó ceapadh mar Aire na Gaeltachta mé i mí Márta seo caite is é an rud is mó a bhí ag cur as dom ná an tslí inar fágadh Údarás na Gaeltachta ar an gcaolchuid ó thaobh airgeadais i gcaoi nach bhféadfaí leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach a bhí ar lámha ar mhaithe leis an nGaeltacht: bhí an soláthar caipitil a rinne an t-iar-Rialtas i mbliana thart ar 27% níos lú ná mar a bhí ar fáil don Údarás anuraidh. Tá áthas orm a fhógairt anois, áfach, gur éirigh liomsa socruithe a dhéanamh go gcuirfear níos mó airgid ná riamh ar fáil don Údarás i mbliana. Ghlac an Dáil le Meastachán Forlíontach Dé hAoine seo caite agus is iad na suimeanna méadaithe ná

£

Caiteachas reatha — deontas-i- gcabhair

1,390,000

Caiteachas caipitil — deontas-i- gcabhair

7,656,000

— airleacan

8,750,000

An tIomlán

17,796,000

Sílim gur leor na figiúirí sin chun an mhuinín atá agam féin agus ag an Rialtas seo as an Údarás a léiriú.

Ó thús na bliana seo ní amháin go raibh an tÚdarás i gcruachás airgeadais ach bhí an-drochphoiblíocht á tabhairt dó — rud atá tar éis dochar mór a dhéanamh dá chuid iarrachtaí chun tionscail a mhealladh isteach agus leas na Gaeltachta a chur chun cinn. Bhí an feachtas chomh géar agus chomh leanúnach sin gur rith sé liomsa gur d'aonghnó a eagraíodh é. Is mithid an t-aer a ghlanadh agus aon bhlas den drochamhras a ruaigeadh: is é sin an cúlra don tairiscint atá faoi bhráid an tSeanaid inniu.

Is amhlaidh a rith an Dáil rún an tseachtain seo caite á rá gur cás léi an phoiblíocht le gairid faoi oibriú an Údaráis agus á dhearbhú go bhfuil sé caothúil go ndéanfadh an Comhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta scrúdú ar ghnóthaí an Údaráis. Is mar ábhar práinne a bheadh an scrúdú le déanamh agus, Ó tharla go mbeidh Seanadóirí chomh maith le Teachtaí Dála ar an gComhchoiste, táim ag iarraidh ar an Seanad aontú a luaithe is féidir lena bhfuil beartaithe.

Ar ndóigh, tá cumhacht ag an gComhchoiste cheana féin scrúdú a dhéanamh "ar ghnéithe trádála agus/nó tráchtála na dTuarascálacha agus na gCuntas agus torthaí oibríochta i gcoitinne" an Údaráis ach, faoin tairiscint atá á phlé againn anois, tá cumhacht níos leithne i gceist sa mhéid gur gnóthaí an Údaráis atá le scrúdú. Tá gá leis an leathnú sin ós iad cúrsaí forbartha tionscail is mó a bhíonn ar siúl ag an Údarás féin cé go mbíonn trádáil ar siúl ag fochomhlachtaí dá chuid.

Ní miste a lua go bhfuil tuarascáil agus cuntais an Údaráis don bhliain seo caite ag na clódóirí agus go mbeidh siad ar fáil don Chomhchoiste gan mhoill: tá na cinn don bhliain 1980 — an chéad bhliain ina raibh an tÚdarás ag feidhmiú mar chomharba Ghaeltarra Éireann — foilsithe cheana. Feicfear ó na cuntais agus ón tuarascáil agus na táblaí a bhíonn ag gabháil leo go bhfoilsítear mórchuid mioneolais agus nach mbíonn aon ní á cheilt: is féidir teacht ar na híocaíochtaí a rinneadh le gach uile thionscal agus, i gcás na bhfothionscal agus na gcomhthionscal ina mbíonn scaireanna ag an Údarás, sonraítear na cinn ina mbíonn infheistíochtaí díscríofa.

Ní maith le duine ar bith againn go mbeadh infheistíochtaí le díscríobh ach ní foláir dúinn aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhíonn le sárú ag an Údarás chun tionscail a bhunú agus a chur chun cinn i gceantair iargúlta agus ar na buillí tubaisteacha a bualadh ar chuid de na tionscail sin le géarchéim an fhuinnimh a mhéadaigh na costais agus leis an gcúlú eacnamaíochta ar fud an domhain a laghdaigh na margaí.

Fiú amháin mura mbeadh drochbhuillí mar sin i gceist, áfach, ní mór dúinn bheith sásta glacadh leis go dteipfidh ar thionscal anois agus arís. Is amhlaidh nach mbeidh forbairt tionsclaíochta saor ón bhfiontar nó ón bpriacal go deo mar ní féidir bheith lánchinnte roimh ré go n-éireoidh go maith le tionscal áirithe. Ach ba chóir gach dícheall a dhéanamh chun tionscail mhaithe a roghnú agus a chinntiú go mbeidh caighdeán chomh hard agus is féidir ag baint leis an scrúdú agus an anailís a dhéanfar ar thograí sula gceadófar iad: is é sin atá ar siúl agam féin ó ceapadh mar Aire mé agus cuirfidh mé fáilte roimh aon chúnamh a bheidh le fáil ón gComhchoiste.

Ní bhíonn aon eagraíocht, dá éifeachtaí í, nach féidir feabhas a chur uirthi. Is maith an rud é mar sin go mbeidh deis ag an gComhchoiste ní amháin cuntais agus tuarascálacha an Údaráis a scrúdú ach na modhanna oibre a bhreithniú freisin agus ceisteanna a chur agus mínithe a lorg ó na feidhmeannaigh. Dá dtiocfaí ar aon fhianaise gur tharla caimiléireacht de chineál ar bith i ngnóthaí faoi scáth an Údaráis ba chóir féachaint chuige láithreach go gcuirfear an dlí i bhfeidhm sa ghnáthshlí. Ach is é príomhghnó an Chomhchoiste díriú ar bhealaí chun feabhas a chur ar fheidhmiú an Údaráis faoi mar a luaitear sa tairiscint. Beimid ag súil le moltaí fiúntacha chun na críche sin. Tá lánmhuinín agamsa as an gComhchoiste agus tá dóchas agam go n-éireoidh le Teachtaí agus Seanadóirí iad féin agus an pobal a shásamh i gcaoi go gcuirfear deireadh le ráflaí agus cúlchaint mar a bhí á scaipeadh agus go bhféadfaidh an tÚdarás luí isteach ar a chuid oibre arís le dúthracht agus le fuinneamh. Molaim don Seanad aontú lena bhfuil ar intinn ag an Dáil i dtreo go bhféadfar na horduithe cuí a dhéanamh roimh dheireadh na seachtaine seo.

I do not intend to speak at any great length on this motion. I would like to indicate on behalf of this side of the House that we would like to see the Joint Committee on State-Sponsored Bodies address itself to the problem of the Údarás as early as possible. The motion refers to this as a matter of urgency. It is important that the public who have read of various allegations and rumours about the operations of Údarás na Gaeltachta should have on their behalf an examination carried out as early and as thoroughly as possible and with the greatest degree of efficiency. Consequently, we on this side of the House do not wish to delay the matter any further and we would like to note our agreement with the motion.

B'fhéidir nár mhiste i dtosach báire féachaint ar an rún féin agus ar a bhfuil luaite sa rún:

Go ndearbhaíonn Seanad Éireann, mar gur léir dó gur gá leanacht le tacaíocht a thabhairt do na Gaeltachtaí agus lena bhforbaírt agus gur cás leis an phoiblíocht le gairid faoi oibriú Údarás na Gaeltachta, go bhfuil sé caothúil go ndéanfadh an Comhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta scrúdú ar ghnóthaí Údarás na Gaeltachta mar ábhar práinne agus go ndéanfadh sé moltaí chun feabhas a chur ar fheidhmiú Udarás na Gaeltachta.

I dtosach báire sé an bunús a bhí le bunú Udarás na Gaeltachta ná córas a bhunú a rachadh chun tairbhe do mhuintir na Gaeltachta. Tá a lán de mhuintir na Gaeltachta ar chaolchuid. Níl an talamh ar a mhaireann siad ró-mhaith. Níl aon chosúlacht idir a gcuid talún siúd agus talamh na bhfeirmeoirí agus na ndaoine eile a bhfuil talamh acu amach ar Mhachaire Mhéith na Mumhan agus ar fud Éireann uile, agus ba cheart gach aon rud a dhéanamh, chun cabhrú le muintir na Gaeltachta chun go bhféadfaidís slí bheatha a bhaint amach ina n-áit dhúchais féin mar is í an Ghaeltacht, gan aon dabht, tobar na Gaeilge. Muna mbeadh na Gaeltachtaí bheimís gan Ghaeilge agus is í an Ghaeilge féin, gan aon dabht ar domhan, an tseod is luachmhara dá bhfuil againn, an chuid is uaisle agus is áille dár n-oidhreacht náisiúnta. Bhíomar ag plé Bille le déanaí anseo, Bille na h-Oidhreachta Náisiúnta agus bhíomar ag tagairt do na nithe a bhaineann leis an oidhreacht sin, ach is an ghné is tábhachtaí dár n-oidhreacht ilghnéiteach sin ná an teanga bheo féin agus bunaíodh Údarás na Gaeltachta chun teacht i gcabhair ar mhuintir na Gaeltachta chun an áilleacht sin a choimeád beo. Is fearr rud beo i gcónaí ná rud nach bhfuil beo.

Le déanaí pé rud a bhí cearr fuarthas locht ar an eagraíocht sin. Bhí ráflaí scannalacha ag gabháil timpeall agus ba chúis náire agus ceann faoi do gach Éireannach a leithéid a bheith ar siúl. Níl fhios agam cad ba chúis leis na ráflaí nó an raibh aon fhírinne in aon chor iontu, agus táim ansásta anois toisc go bhfuil sé i gceist comhchoiste a bhunú chun teacht ar an bhfírinne. Dúirt Aire na Gaeltachta rud an-mhaith ina ráiteas. Ar leathnach 3 dúirt sé:

Ní bhíonn aon eagraíocht, dá éifeachtaí í, nach féidir feabhas a chur uirthi.

Is fíor é sin. Má chuaigh rud éigin amú san Údarás, dá luaithe a chuirfear ina cheart é, sea is fearr. De thoradh iniúchadh an Comhchoiste seo, le cúnamh Dé, tiocfaidh feabhas ar fhéidhmiú an Údaráis agus le cúnamh Dé amach anseo beidh ard-áthas orainn dá bharr seo go léir. Níor dhún Dia bearna riamh nár oscail sé ceann eile agus b'fhéidir amach anseo gur chun tairbhe na Gaeilge agus chun tairbhe mhuintir na Gaeltachta an rud seo do thitim amach.

Cuirim fáilte roimh an dtairiscint seo agus dar ndóigh cuirim fáilte roimh an Aire — is é seo an chéad seans a fuair mé chun é sin a dhéanamh. Bhíos comh tógtha sin le tábhacht an chomhchoiste seo agus tábhacht na Gaeltachta agus tábhacht na Gaeilge féin gur dheineas dearmad air go dtí anois. Gura fada buan é mar Aire na Gaeltachta. Tá fhios agam go bhfuil an-suim aige sa Ghaeilge agus i bhforbairt na Gaeilge agus tá fhios agam go ndéanfaidh sé gach dícheall chun cabhraithe le muintir na Gaeltachta, rud atá tuillte go maith acu.

Deirim arís é, siad muintir na Gaeltachta na daoine is uaisle dá bhfuil againn agus is í an Ghaeltacht féin tobar na Gaeilge.

Ba mhaith liom fáilte ó chroí a chur roimh an Aire d'ár dTeach agus tá súil agam go mbeidh sé ag teacht inár measc ar feadh na blianta. Tá fhios agam go maith go bhfuil an-spéis ag Aire na Gaeltachta i rudaí a bhaineann le Gaeilge. An bhfeiceann Seanadóirí ansan an t-airgead fuair sé i gcóir Udaras na Gaeltachta? Is a lán airgead £7 milliúin, geall le £8 milliún. Is furasta a fheiceáil go bhfuil meas ag an Aire ar gach rud a bhaineann le Gaeilge agus go mór mhór leis an Ghaeltacht. Mar a dúirt an Seanadóir Cranitch, an áit is tábhachtaí mar gheall ar an Ghaeilge ná na Gaeltachtaí féin. Muna bhfuil na Gaeltachtaí beo ní bheidh ár dteanga beo agus muna mbíonn ár dteanga beo ní bheidh ar dtír beo. Tá a fhios agam ní amháin go bhfuil meas ag an Aire ar an tionscal atáimid ag iarraidh a thógaint isteach sna Gaeltachtaí ach go bhfuil meas aige ar ár dteanga.

Mar a dúirt sé féin gach uair a bhí mé riamh ag caint leis, "is cuma liom mar gheall ar thionscal; ba mhaith liom tionscal a bheith ansan ach ma dhéanann tionscal díobháil don teanga b'fearr liom gan an tionscal a bheith ansan". An tslí ina bhfuil an tAire ag obair measaim go mbeidh sé ag cur tionscal isteach sna Gaeltachtaí i dtreo go mbeidh an teanga ar fheabhas as seo amach. Tá áthas orm go bhfuil an comhchoiste seo á chur ar siúl mar níor thaitin liom an tslí in ar cuireadh amach na ráflaí seo mar gheall ar Údarás na Gaeltachta. A lán des na daoine a bhí ag cur amach na ráflaí seo, ní raibh spéis acu sa Ghaeilge ná sa Ghaeltacht agus ba chuma leo an raibh an Ghaeilge beo ná marbh. Níor dhein sé morán difríochta dóibh. Ní dóigh liom go bhféadfaí an focal camaistíl a úsáid sa Teach seo; b'fhéidir go gcuirfí amach taobh amuigh den doras mé dá n-usáidfinn focal mar sin, ach ba olc an tslí in ar gcuireadh amach na ráflaí. Is cuimhin liom blianta ó shin nuair a cuireadh ar siúl an IDA, ní raibh sé ró-fhada ar siúl nuair a bhí na ráflaí díreach céanna ag a lán daoine, daoine leis an intinn céanna, á gcur amach acu. Anois i 1982 tá a fhios ag gach duine againn an obair a rinne an IDA agus an obair atá déanta acu leis na blianta anuas. Tá a fhios agamsa ó mo chroí nuair a bheidh an comhchoiste seo críochnaithe leis an bhfiosrú go rachaidh an tÚdarás ar siúl agus go mbeidh sé chomh tábhachtach do bheatha mhuintir na Galetachta is atá an IDA i mbeatha na daoine san Ghalltacht.

Ní as an Ghaeltacht mé féin ach as an Ghalltacht ach, tá spéis agam sa Ghaeltacht. Tá Gaeltacht bheag atá ag éirí níos mó in aice liom sa bhaile agus feicim an obair atá á dhéanamh ag na daoine san sa chomharchumann i Rath Cairn go mórmhór. Fiche bliain ó shin bhí Rath Cairn beagnach imithe, beagnach marbh. Tháinig sprid nua sna daoine timpeall na háite san. Cuireadh tionscail bheaga isteach. Cuireadh níos mó airgid isteach sna feirmeacha. Anois tá Gaeltacht Rath Cairn i gContae na Mí in a Ghaeltacht atá chomh beo is atá Gaeltacht in aon áit san iarthar. Bhí an tAire síos linn timpeall dhá mhí ó shin agus thug sé deontas dúinn thíos ansan agus tá sé tar éis an-mhaitheas a dhéanamh san áit sin. Nuair a bheidh an comhchoiste seo críochnaithe leis an fiosrúchán agus nuair a bheidh an t-aer glanta tá mé cinnte go rachaidh an tUdarás ar aghaidh agus go mbeidh sé níos fearr gach bliain i ndiaidh a chéile.

Tá mé fíor-bhuíoch do na Seanadóirí a bhí sásta páirt a ghlacadh ins an díospóireacht maidir le bunú an comhchoiste seo. Credim go gceapaimid go léir go bhfuil an rud seo an phráinneach agus táimid lán sásta tacaíocht agus tosaíocht a thabhairt don chomchoiste maidir le cúrsaí Údarás na Gaeltachta a scrúdú. Nuair a bheidh an scrúdú sin críochnaithe againn is dócha go mbeidh moltaí éifeachtacha acu á gcur os mo chomhair agus geallaim don Seanad agus do chuile dhuine a bhfuil suim aige i bhfeabhas na nGaeltachtaí agus maithe na teanga go mbeidh mé lán sásta mionscrudú a dhéanamh ar na moltaí sin agus aon chumhacht is gá a thabhairt ionas go mbeimid in ann tograí fiúntacha a chur ar fáil agus fostaíocht fad-téarmach agus seasmhach a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta a thabharfaidh caighdeán maireachtála dóibh a bheidh ar aon leibhéal leis an chaighdeán maireachtála atá ag formhór na ndaoine sa tír seo. Beidh na comhaltaí á ainmniú againn go luath maidir leis an comhchoiste agus mar is eol dos na Seanadóirí go léir maidir le toghadh cathaoirleach an chomhchoiste, is le muintir an Fhreasúra de ghnáth a bhíonn ainmniú an cathaoirligh den chomhchoiste agus tá súil agam go mbeidh siad ag déanamh é sin go luath. Táim fíor-bhuíoch den Uasal Cranitch as ucht na ndea-ghuithe a bhí le rá aige maidir le mo aireacht féin agus tá eolas an domhain aige maidir leis na deacrachtaí faoi leith atá ag dul le forbairt na Gaeltachta agus go mór mhór na deacrachtaí tíreolaíochta atá i gceist agus freisin deacrachtaí dlí atá ann le 20 bliain anuas. Aiteacha iargúlta iad agus tá easpa seirbhisí bunúsacha sna háiteacha sin. Sin iad na fadhbanna atá sna háiteacha ina bhfuil an Ghaeilge go beo agus go bríomhar. Caithfidh an tÚdarás luí isteach ar an obair ag an am seo ionas go mbeidh an daonra sna Gaeltachtaí sásta fanacht sna Gaeltachtaí. Sin an deacracht atá ann. Tá laghdú uasfásach tagaithe ar an fostaíocht atá ann dos na daoine sna Gaeltachtaí le tamaillín anuas. Tá faitíos orm go mbeidh an daonra ag laghdú freisin. Tá sé mar sin i gcuid des na Gaeltachtaí timpeall na tíre agus caithfimid stop a chur leis an rud sin. Sin é an fáth go bhfuilimid ag déanamh mion-scrúdú agus athbreithniú ar chuile rud atá faoi chúram an Údaráis, ionas go mbeimid in ann feabhas a chur ar an scéal. Creidim féin gur féidir linn é sin a dhéanamh ach amháin an droch-phoiblíocht, an chulchaint agus na ráflaí a chur taobh thiar dínn.

Níl rud níos tábhachtaí ná an teanga. Tá sé sin ráite ag an Seanadóir Cranitch, agus aontaím go mór leis. Tá sé mar phríomh-aidhm, mar is eol don Seanad, ag Údarás na Gaeltachta de réir Achta 1979 go mbeidh cothú agus caomhnú na teanga mar phríomh-aidhm ag an Údarás. Tá socruithe nua déanta agam agus treoirlínte tugtha agam le déanaí don Údarás ionas go mbeidh siad sásta cloí go dlúth leis an phríomh-aidhm sin agus plean a leagan síos i dtreo go mbeidh dul chun cinn déanta ag an Údarás maidir le cúrsaí pleanála na teanga taobh istigh de limistéir na Gaeltachtaí. Mar is eol don Seanadóir Conway, tá deacrachtaí ann agus aontaíonn sé go gcaithfimid forbairt eacnamaíochta a chur ar fáil do na Gaeltachtaí agus comhoibriú a dhéanamh leis an Údarás Forbartha Tionscail. Tá sé mar phríomh-chuspóir ag an Udarás i gcónaí forbairt eacnamaíochta na gceantar Gaeltachta a chur chun chinn trí bhunú tionscal nua. Tá mé lán sásta ó chainteanna agus agallaimh a bhí agam le déanaí le príomh fheidhmeannnaigh an Údaráis Forbartha Tionscail go bhfuil siad sásta an comhoibriú sin a chur an fáil don Údarás, agus tiocfaidh feabhas ar an scéal, i mo thuairim féin, amach anseo.

Mar is eol don Seanad, is iad na ceantair Ghaeltachta na ceantair is deacra sa tír ó thaobh forbairt tionsclaíochta de. Tuigeann muintir an IDA an scéal sin agus tuigeann lucht tionsclaíocha é chomh maith. Caithfimid iarracht faoi leith a dhéanamh chun forbairt nua agus fostaíocht nua a chur ar fáil sna limistéir sin. I mo thuairim féin is gá structúr eagraíochta a chruthú a chuireann ceangal foirmeálta ar an Údarás Forbartha Tionscal faoi tograí a mhealladh go dtí na ceanntair Ghaeltachta.

Caithfidh mé arís a chur in úil do na Seanadóirí chomh buíoch is atá mé as ucht an chomhoibrithe atá ag teacht ón Seanad maidir le rith na tairscine seo. Beimid ag súil go ndéanfaidh siad scrúdú chomh héifeachtach agus chomh tapaidh agus is féidir ionas go mbeimid in ann dul chun cinn a dhéanamh agus deireadh a chur leis ar chúlchaint atá scaipthe ar fud na tíre seo le tamaillín anuas.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Top
Share