Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Thursday, 15 Jul 1982

Vol. 98 No. 11

Comhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta: Tairiscint.

Tairgim:

(i) Go dtugann Seanad Éireann, mar gur léir dó gur gá leanacht le tacaíocht a thabhairt do na Gaeltachtaí agus lena bhforbairt agus gur cás leis an phoiblíocht le gairid faoi oibriú Údarás na Gaeltachta, treoir leis seo don Chomhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta scrúdú a dhéanamh ar ghnóthaí Údarás na Gaeltachta mar ábhar práinne agus moltaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmiú Údarás na Gaeltachta.

(ii) Leasaítear leis seo mír (8) den Ordú ó Sheanad Éireann, an 1 Iúil, 1982, i ndáil leis an gComhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta trí na focail "faoin Ordú seo" a scriosadh.

I welcome the fact that we are setting up this committee as a matter of urgency with a specific purpose, to investigate Údarás na Gaeltachta. In view of the recent controversy, I wonder if the wording is strong enough —"...make recommendations for the better functioning of Údarás na Gaeltachta". The setting up of this committee to deal with the problem of Údarás was agreed but I wonder if in spite of their restricted terms of reference further action will be taken if necessary. Does the Leader of the House envisage that the terms of reference are strong enough in view of the widespread controversy about Údarás na Gaeltachta?

We want to make sure the proper machinery is set up to look at all the accusations that have been made against this body. I support Údarás, all they stand for and all they have tried to do, but unfortunately so many things happened outside their terms of reference that worried us that I am extremely concerned that the terms of reference of this committee will be too restricted and that they would not have the power to make other recommendations. For instance, if they found something that would necessitate referring the matter to the fraud squad would they have the power to do so? I want confirmation that that is included in the terms of reference.

Cuirim fáilte roimh an rún seo. Is cúis imní, is dócha, na ráflaí agus na himeachtaí a tharla cúpla mí anuas in Údarás na Gaeltachta. Ní fheicim cad tá ag déanamh buartha don tSeanadóir Ferris mar tá na tearmaí tagartha atá scríofa síos anseo scóipiúil go leor. Má aimsíonn an comhcoiste nithe áirithe go measann siad dá mbarr gur cóir moltaí neamhghnáthacha a dhéanamh don Rialtas, níl aon rud ag cur isteach orthu faoi mar a léim na téarmaí tagartha anseo. Measaim go bhfuil an fhoclaíocht anseo sásúil go leor.

Aontaím leis an Seanadóir Murphy sa mhéid atá ráite aige. Tá na téarmaí tagartha, gan dabht, leathan a dhóthain chun éinne a shásamh. Má fhéachann tú ar na focail atá ansin, "treoir leis seo don Chomhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta scrúdú a dhéanamh ar ghnóthaí Údarás na Gaeltachta mar ábhar práinne". Gan dabht, tá práinn leo agus tá dithneas ag teastáil láithreach agus in a theannta sin, moltaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmiú Údaráis na Gaeltachta. Sílim go bhfuil an cheist an-phráinneach mar is scannalach ar fad na ráflaí a bhí ag gabháil timpeall le tamall anuas; do scannródh sé thú. Is cúis náire agus ceann faoi do gach éinne bheith ag éisteacht leis na ráflaí sin. Chomh luath a chuirfear an comhchoiste seo ag obair is é is fearr, mar má tá rud níos tábhachtaí ná an tÚdarás féin, is é, todhchaí na Gaeilge agus todhchaí mhuintir na Gaeltachta. Is í an Ghaeltacht tobar na Gaeilge agus dá luaithe a rachas an comhchoiste seo i mbun gnótha isea is fearr.

In relation to Senator Murphy's and Senator Ferris' observations, the terms of reference are very wide. This motion is deceptive in a sense, because it is so short it might give the impression that it was not very wide in its reference. Its very shortness means it is extremely wide because it enables the joint committee to examine the affairs without any restriction, certainly in the context of the recent publicity. It also enables the joint committee to make recommendations, again without any restriction. The fact that it is so short means that it has virtually no restriction on what the joint committee can do. The terms are as wide as is necessary.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Top
Share